Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Jul 1959

Vol. 51 No. 4

Announcements by Cathaoirleach.

Sula dtosófar ar Orduithe an Lae, tá orm a chur in iúl don Teach:—

(1) go bhfuair mé an litir seo a leanas ó Rúnaí an Rialtais:—

S.16176.

Cathaoirleach an tSeanaid,

Tá orm a chur in iúl duit gur éirigh an Taoiseach, Éamon de Valéra, as oifig inniu trína chur sin in iúl don Uachtarán de bhun Airteagail 28.9.1º den Bhunreacht.

Before entering on the Orders of the Day, I have to inform the House that:—

I have received the following letter from the Secretary to the Government:—

I am to inform you that the Taoiseach, Éamon de Valéra, has this day resigned from office by placing his resignation in the hands of the President pursuant to Article 28.9.1º of the Constitution.

(Sínithe) M. Ó Muimhneacháin,

Rúnaí.

(2) Go bhfuair mé an fógra seo a leanas ón gCeann Cóimhrimh Toghcháin Uachtaráin:—

A Dhuine Uasail,

Tá sé d'onóir agam a chur in iúl duit gur dhearbhaíos inniu,

Éamon de Valéra, Carraig Dhubh,

Contae Átha Cliath,

do bheith tofa ina Uachtarán ar Éirinn.

I have received the following notice from the Presidential Returning Officer:—

A Dhuine Uasail,

I have the honour to inform you that I have this day declared

Éamon de Valéra, Carraig Dhubh,

Contae Átha Cliath,

to have been elected President of Ireland.

Mise, le meas,

(Signed) Mícheál Ó Laoidhléis,

An Ceann Cóimhrimh Toghcháin

Uachtaráin.

19ú Meitheamh, 1959.

(3) Go bhfuarthas litreacha freisin, dár dáta an 24 Meitheamh, ó Rúnaí an Rialtais i dtaobh ainmniú agus ceapadh an Taoisigh agus Comhaltaí an Rialtais agus ceapadh na Rúnaithe Parlaiminte.

Tá treorú tugtha agam cóipeanna de na litreacha sin a fhoilsiú ina n-iomláine sa ghnáthshlí i gCinn Lae an tSeanaid. De thoradh an fhógra seo clóbhuailfear iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

Letters, dated 24th June, have also been received from the Secretary to the Government regarding the nomination and appointment of the Taoiseach and Members of the Government and of the appointment of Parliamentary Secretaries.

I have given directions to have copies of the letters referred to set out in extenso in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of the Debates.

Following are the letters, dated 24 Meitheamh, 1959, from the Department of the Taoiseach:—

S.16619

Cléireach an tSeanaid.

(1) Tá orm a chur in iúl dúit go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Seán F. Lemass a cheapadh inné, de bhun Airteagail 13. 1.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thaoiseach;

(2) An tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontadh Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagail 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus chun bheith, i dteannta an Taoisigh, ina Rialtas:—

Seán Mac an tSaoi,

Séamas Ó Riain,

Proinsias Mac Aogáin,

Oscar Mac Tréinfhir,

Pádraig Mac Gabhann,

Erskine Childers,

Seán Ó Loinsigh,

Niall Bléine,

Caoimhghin Ó Beoláin,

Micheál Ó Móráin,

Micheál Hilliard

and

Pádraig Ó hIrighile;

(3) an Taoiseach tar éis Seán Mac an tSaoi d'ainmniú, de bhun Airteagail 28. 6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na comhachta a bheirtear do le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Rann:—

An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh

Seán Mac an tSaoi,

An Roinn Airgeadais

Séamas Ó Riain,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Proinsias Mac Aogáin,

An Roinn Dlí agus Cirt

Oscar Mac Tréinfhir,

An Roinn Talmhaíochta

Pádraig Mac Gabhann,

An Roinn Tailte

Erskine Childers,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Seán Ó Loinsigh,

An Roinn Rialtais Áitiúil

Niall Bléine,

An Roinn Cosanta

Caoimhghin Ó Beoláin,

Roinn na Gaeltachta

Micheál Ó Móráin,

An Roinn Poist agus Telegrafa

Micheál Hilliard

agus

An Roinn Oideachais

Pádraig Ó hIrighile.

(Sínithe) M. Ó Muimhneacháin.

Rúnaí.

S.16621.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmiú an Taoisigh, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu chun oifig an Rúnaí Parlaiminte a luaitear os coinne a ainm:—

Donnchadh Ó Briain, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta;

Micheál Seosamh Ó Cinnéide, T.D.

(Michael Joseph Kennedy, T.D.)

Rúnaí Parlaiminte an Aire Leasa Shóisialaigh;

agus

Gearóid Mac Pharthaláin, T.D.

(Gerald Bartley, T.D.)

Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais.

(Sínithe) M. Ó Muimhneacháin.

Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn