Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Dec 1964

Vol. 58 No. 2

Bás Seanadóra: Rún Comhbhróin.

Is mór an t-ábhar bróin liom é go bhfuil orm a lua gur cailleadh an Seanadóir Pádraig Ó Siochfhradha, nó An Seabhac, mar a thugtaí air ó cheann ceann na hÉireann. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá anam uasal.

Duine lách, cairdiúil, mórchroíoch ab ea é—duine a thuill clú agus cáil lena linn. Thuill sé é sin go mór mór as ucht a dhílseacht do chúis teanga agus saoithiúlacht na tíre. Chaith sé a shaol ar fad ag plé leis an nGaeilge agus chuir sé a dhúthracht uile san obair sin. Is mór an chailliúint do ghluaiseacht na Gaeilge a bhás mar fear é a rinne togha saothair agus obair den chéad-scoith ar a son. Fágfaidh a bhás a lucht aitheantais go léir faoi néal an bhróin.

Tháinig An Seabhac in ár measc ar dtús i 1946 nuair a d'ainmnigh an Taoiseach é chun an folúntas a líonadh a tharla de dheasca an Seanadóir Pádraic Ó Máille d'fháil bháis. D'ainmnigh an Taoiseach é arís i 1951, 1957 agus 1961 agus bhíodh sé i láthair go rialta ar chruinnithe an tSeanaid anuas go dtí tamall gairid roimh a bhás. Le linn a thréimhse sa tSeanaid ghlac sé páirt go minic sna díospóireachtaí, go háirithe iontu sin a bhain le cúrsaí oideachais agus teanga. Ba phrionsabal daingean dá chuid gan labhairt leis an Seanad ach i nGaeilge amháin.

Ó bhí sé ina fhear óg bhí baint mhór ag an Seabhac leis an ngluaiseacht náisiúnta, mar Óglach agus mar chomhalta de Chonradh na Gaeilge. Chuaigh sé in Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i 1913 agus bhí sé ar na fir ab aitheantúla sa ghluaiseacht mar eagraí ina chontae dúchais féin, Ciarraí. Ina dhiaidh sin ceapadh ina cheannfort é ar an gCúigiú Cathlán, Briogáid Iarthar Chiarraí, agus mar gheall ar a shaothar gearradh téarmaí éagsúla príosúin air. Is de bharr a chuid saothar ar son na teanga, áfach, a mhairfidh a chuimhne —saothar a rinne sé le dícheall agus lándúthracht ar feadh a ré saoil. Ní raibh sé ach beagán thar scór bliain nuair a thosaigh sé mar mhúinteoir taistil agus mar thimire do Chonradh na Gaeilge. De thoradh an mhórshaothair a rinne sé san fheidhmeannas sin, cheap an Chéad Dáil é i 1920, mar thimire faoin Aireacht Oideachais. Bhí sé ina eagarthóir ina dhiaidh sin ar na foilseacháin a chuir an Gúm amach agus ba é an chéad rúnaí é ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Bhí baint mhór aige le hathbheochan an Oireachtais agus ba é Uachtarán an Oireachtais é ó 1938 go dtí 1945. I gcúrsaí scríbhneoireachta tá árdchéim aige i litríocht na nua-Ghaeilge agus ní móide go sárófar choíche ina gcáilíocht féin cuid de na scéalta grinn a chum sé.

Cuirfidh mé ár gcomhbhrón croí agus ár n-árdmheas in iúl thar bhur gceann uile agus thar mo cheann féin do ghaolta an tSeanadóra Pádraig Ó Siochfhradha.

Senators rose in their places.

Barr
Roinn