Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Dec 1964

Vol. 58 No. 2

Private Business. - Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1964 ( Certified Money Bill ): Second and Subsequent Stages.

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá an Bille seo á thabhairt isteach chun Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a leasú agus a leathnú agus go háirithe na deontais éagsúla atá ar fáil faoi na hAchtanna sin a mhéadú.

Ón am a ritheadh an chéad Acht sa bhliain 1929 tá obair mhór déanta chun an caighdeán tithíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú. Tógadh os cionn 6,000 tithe nua agus feabhsaíodh suas le 6,000 eile. Ina theannta sin cuireadh soláthar uisce isteach i mbeagnach 1,500 tithe; saoráidí séarachais i 1,400 tithe agus seomraí folcaidh i 1,000 eile nó mar sin. Bhain suas le 200 duine feidhm as na deontais chun seomraí speisialta le haghaidh cuairteoirí a chur lena dtithe. Le cúig bliana anuas tá ceithre bhrú agus ocht sealla déag tógtha agus tá sé cinn déag de sheallaí saoire á dtógáil faoi láthair.

Sílim gur féidir a rá go bhfuil caighdeán tithíochta na Gaeltachta chun tosaigh anois ar an gcaighdeán sna ceantracha tuatha eile. Suas le dhá mhilliún punt atá íoctha faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) go dtí seo: ar ndóigh ní raibh sa deontas tógála faoi Acht na bliana 1929 ach £80 i gcomórtas le £550 faoin mBille nua.

Ar fud na Gaeltachta i láthair na huaire meastar go bhfuil os cionn dhá mhíle tithe nua ag teastáil in ionad droch-thithe. Tá feabhsú ag teastáil i dtuairim 3,500 cásanna eile agus bheadh tuairim 100 tithe ag dul i léig in aghaidh na bliana. Ina theannta sin tá uisce, séarachas agus seomra folcaidh ag teastáil i mórchuid cásanna.

Is mithid, mar sin, na deontais éagsúla atá ar fáil faoi na hAchtanna a mhéadú chun go bhféadfaidh muintir na Gaeltachta leanúint ar aghaidh leis an obair atá riachtanach. Tabharfar faoi deara go bhfuiltear ar intinn na deontais mhéadaithe a luaitear sa Bhille a íoc amhail ó thosach Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, sé sin, an dáta céanna le haghaidh deontais ardaithe tithíochta, na Roinne Rialtais Áitiúil.

I dteannta caighdeán maith cónaithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta féin, ní foláir go mbeidh ar chumas na ndaoine freastal ar an líon cuairteoirí a bhíonn, agus a bheidh feasta, ag teacht chun na Gaeltachta ag foghlaim na Gaeilge. Chuige sin tá ar intinn agam feabhas a chur ar Scéim na Seallaí Saoire a tugadh isteach don chéad uair nuair a ritheadh Acht na dTithe (Gaeltacht), 1959. Bhí dhá chuspóir romhainn nuair a cuireadh tús leis an scéim sin, mar atá, saoráidí oiriúnacha cónaithe a chur ar fáil do chuairteoirí samhraidh ar mhian leo tréimhse saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht agus deis ioncaim a sholáthar do na daoine sa Ghaeltacht a dhéanfadh freastal ar na cuairteoirí sin. Is trua liom nár eirigh leis an scéim go dtí seo chomh maith agus a bhíomar ag súil leis ag an am sin. Is cosúil gur mheas na daoine go raibh an deontas le haghaidh sealla saoire ro-bheag agus, ar an ábhar sin, tá i gceist é a mhéadú de 50 faoin gcéad sa Bhille seo. Tá súil agam go meallfaidh sé sin tuilleadh daoine sa Ghaeltacht chun seallaí saoire a thógáil.

Tá méadú an-mhór tagtha le roint bhlian anuas ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe daltaí scoile a théann ann faoi scéim eile atá á riaradh ag mo Roinnse. Tá gá anois le tuilleadh saoráidí cónaithe a chur ar fáil do na cuairteoirí seo. Chuige sin tá foráil nua á chur isteach sna hAchtanna chun a chur ar chumas dream daoine roint seallaí saoire a thógáil le chéile: beidh na deontais le fáil ag coistí ceadaithe —laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht —ach, ar ndóigh, beidh orthu na seallaí a thógáil sa Ghaeltacht.

Tá socrú á dhéanamh sa Bhille freisin chun a chur ar chumas mo Roinne-se an dara deontas tógála nó feabhsúcháin a dhiúltú i gcás duine a fuair deontas den tsórt sin cheana i leith tí cónaithe eile, má fheictear gur ceart é sin a dhéanamh.

Sin iad príomh-aidhmeanna agus príomhfhorálacha an Bhille seo. Cuirim faoi bhráid an Tí é lena bhreithniú agus molaim go nglacfar leis.

Táimid sásta leis an mBille seo. Is trua nach bhfuil níos mó le fáil ann ach, ar ndóigh, tá an Rialtas ag déanamh a ndíchill. Caithaidh an obair seo dul ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir. Sin é mo ghuí.

Ba mhaith liom, leis, fáiltiú roimh an mBille seo os é an cuspóir atá aige airgead a thabhairt do mhuintear na Gaeltachta chun tithe cónaithe do thógaint nó d'fheabhsú. Fé mar adúirt an tAire tá a lán le déanamh fós sa Ghaeltacht maidir leis an obair seo. Obair mhaith agus obair fhónta sea í agus rachaidh sí chun leas na Gaeilge sa deireadh thiar thall mar is dóigh liom go dtabharfaidh sé misneach do mhuintir na Gaeltachta thar mar a bhí le fáil acu go dtí seo. Ansin féadfaidh na daoine óga fanúint sa bhaile agus rachaidh sé sin chun tairbhe na Gaeltachta freisin.

Is maith liom a chloisint ón Aire go bhfuil líon na gcuairteoirí chun na Gaeltachta ag dul i méid ó bhliain go chéile. Sin é an fáth gur ceart iarracht eile a dhéanamh chun aigne na ndaoine do dhíriú i leith fanúint sa tír agus go bhfuil scéim chun seallaí saoire nó tithe samhraidh a cur ar bun. Is ait an scéal é nach bhfuiltear ag baint níos mó feidhm as an scéim seo mar scéim mhaith is eadh í. Ní ceal airgid is cúis le nach bhfuil sí ag dul ar aghaidh. Tá an t-airgead ar fáil agus beidh níos mó airgid ar fáil nuair a rithfear an Bille seo. Tá breis airgid le fáil maidir le cúrsaí séarachais, uisce agus seomraí folchaidh. Tá scéim Tithe na Gaeltachta chun tosaigh anois. Tá súil agam go leanfar leis an dea-obair seo agus go mbeidh toradh fónta uirthe.

Question put and agreed to.
Agreed to take remaining Stages today.
Bill put through Committee, reported without recommendation, received for final consideration and ordered to be returned to the Dáil.

Gabhaim buíochas leis an dTeach as ucht an Bille seo a thabhairt dom.

Barr
Roinn