Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Jul 1968

Vol. 65 No. 14

An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1968: An Dara Céim. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1968: Second Stage.

Tairgeadh an cheist : "Go léifear an Bille an Dara hUair anois".
Question proposed : "That the Bill be now read a Second Time".

Is chun cumhachtaí Ghaeltarra Éireann a leathnú atá an Bille seo os comhair an tSeanaid anois. Trí bhliana ó shin a tugadh na cumhachtaí atá i gceist do Ghaeltarra—cumhacht chun páirt a ghlacadh i dtionscail i gcomhar le daoine eile agus cumhacht chun deontais a thabhairt do dhaoine gan dul i bpáirtíocht leo.

Faoi mar atá na hAchtanna i láthair na huaire tá uasteorainn £2,000 leis na deontais a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Ní miste a lua gur ceadaíodh luach £50,000 de na deontais sin go dtí 31 Márta, 1968, agus go bhfuiltear ag súil le fostaíocht do níos mó ná 100 duine breise dá dhroim sin. De thoradh na taithí atá againn ar riaradh na ndeontas sin táimid sásta anois gur ceart an uasteorainn a ardú go £5,000 agus tá leasú dá réir sin sa Bhille. Ina theannta sin, más é ár mbarúil ar ball gur cóir deontais níos airde fós a thabhairt, beidh cumhacht agamsa faoin mBille, le toiliú an Aire Airgeadais, uasteorainn nua a údarú gan dul thar £10,000.

Maidir leis an leasú eile atá beartaithe, feicfear go mbaineann sé leis na hionaid ina bhfuil tionscail faoi chúram Ghaeltarra lasmuigh den Ghaeltacht— is iad sin Ard an Rátha agus An Bhroclais i gContae Dhún na nGall agus Cloch na Rón i gContae na Gaillimhe. Faoi láthair níl ar chumas Ghaeltarra dul i bpáirtíocht le daoine eile sna hionaid sin cionn is gur leis an nGaeltacht amháin a bhaineann an chumhacht chun tionscail a reachtáil i gcomhar le daoine eile. Meastar anois, áfach, gur cóir go leathnófaí an chumhacht sin go dtí na hionaid atá luaite agam—mar a bhfuil foirgnimh agus foireann ag Gaeltarra—agus tá leathnú dá réir sin sa Bhille. Ní miste a rá go bhfuil feidhm éifeachtach á baint as an gcumhacht sin sa Ghaeltacht cheana féin agus nach fada go mbeidh suas le 100 fear agus 80 cailín ag obair i gceithre cinn de chomhthionscail.

Is é mo bharúil gur maith is fiú cumhachtaí Ghaeltarra a leathnú mar atá beartaithe agus go bhfuil tuiscint ag na Seanadóirí do na cuspóirí atá i gceist agus go bhfuil bá acu leo. Iarraim ar an Seanad glacadh leis an Dara Céim den Bhille.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Is ceart dúinn na cumhachtaí breise seo a thabhairt chun a chur ar chumas Ghaeltarra Éireann a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Is réasúnta an tairiscint í, dar liomsa, an teorainn nua £5,000 i leith deontaisí do Ghaeltarra Éireann agus tá sé réasúnta freisin cumhacht a thabhairt don Aire an teorainn nua seo a árdú go £10,000 le toiliú an Aire Airgeadais.

Maidir le cumhacht a thabhairt do Ghaeltarra Éireann páirt a ghlacadh le daoine eile i reachtáil tionscal lasmuigh den Ghaeltacht, is dóigh liom go bhfuil teorainn curtha sa Bhille leis an gcumhacht seo. Ní bhaineann an chumhacht seo ach le "tionscail tuaithe atá in ionaid lasmuigh den Ghaeltacht".

Nach ceart dúinn, a Chathaoirleach, cumhacht a thabhairt do Ghaeltarra Éireann páirt a ghlacadh freisin le comhlacht onnmhairíochta comhoibritheacha, mar shompla—chun comhoibriú le comhlachtaí eile—comhlachtaí príobháideacha, chun a chuid onnmhairithe a leathnú? Cúpla bliain ó shin do bhí orm mar chathaoirleach chomhairle oiriúnú tionscail cniotála agus osánacht, an cheist seo do phlé le muintir Ghaeltarra Éireann agus is é mo chuimhne go raibh siad i gcruachás sa scéal seo toisc nach raibh cumhacht acu comhoibriú sa slí seo le comhlachtaí príobháideacha. Ba mhaith liom dá ndéanfadh an tAire an cheist seo a phlé.

Muna bhfuil dul amú ormsa sílim gurbh é seo an chéad uair don Aire teacht anso mar Aire na Gaeltachta agus, dá bhrí sin, ba mhaith liom fáilte a chur roimhe anso agus rath Dé a ghuí ar an obair atá idir lámhaibh aige i Roinn na Gaeltachta.

Maidir leis an mBille seo, is annamh a thagann Bille mar seo ós comhair an tSeanaid. Is dóigh liomsa gur mór an trua é sin. Is Bille é seo a bhaineann le fostaíocht mhuintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta féin. Is dóigh liom gur maith an Bille é agus gur rinne Gaeltarra Éireann sár-obair leis na cumhachtaí a tugadh dóibh trí bhliana ó shin. Tá mé cinnte go leanfar ar aghaidh leis an obair atá idir lámhaibh acu. Ba mhaith liom a fheiceáil freisin go leanfaidis leis an slí inar ghlacadar áit daoine eile i reachtáil tionscal sa Ghaeltacht. Tá mé cinnte go ndéanfaidh an Bille seo maitheas do thionscail na Gaeltachta go mór mhór toisc go bhfuil géar-ghá le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus aon Bhille go bhfuil mar aidhm aige obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ba chóir dúinn gach cabhair agus cúnamh a thabhairt dó. Molaim an Bille.

Is mian liomsa freisin fáilte a chur roimh an mBille agus fáilte a chur roimh an Aire chomh maith. Níl a fhios agam an féidir an t-airgead seo a úsáid chun miontionscadail a chur ar bun agus an féidir an t-airgead a úsáid i gcóir oiliúint agus tréineál daoine?

Ba mhaith liomsa fáilte a chur roimh an mBille agus freisin fáilte a chur roimh an Aire nua mar a rinne Seanadóirí eile. Is í a chéad chuairt ar an dTeach seo mar Aire is dóigh liom.

Tá moladh mór ag dul dó as a bhfuil déanta aige cheana féin ar son na Gaeltachta agus tá an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta faoi chomaoin mhór aige go dtí seo. Ar ndóigh ní mór le duine ar bith againn do mhuintir na Gaeltachta pé cabhair is acmhuinn dúinn a thabhairt dóibh ach amháin cúram a dhéanamh de i gcónaí gur mar mhuintir na Gaeltachta atá an chabhair speisialta seo á tabhairt, is é sin, mar phobal a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu. Nuair atá tacaíocht mar seo á dáileamh orthu agus fostaíocht á cur ar fáil ba chóir i gcónaí cúram a dhéanamh de nach ndéanfar aon díobháil do leathnú na Gaeilge ná nach gcuirfear aon chaolú uirthi.

Is maith liom go bhfuil an scéim seo á leathnú chun cabhair a thabhairt do áiteacha nach n-áirítear mar chuid den Ghaeltacht iad de réir ráiteas an Aire. Ba chóir go bhféadfaí tríd an leathnú sin an Ghaeilge a thabhairt ar ais sna trí cheantar seo nach bhfuil i bhfad ón bhFíor-Ghaeltacht. Le leathnú ar obair Ghaeltarra Éireann ar fud na tíre d'fhéadfaí bheith ag súil le leathnú dá réir ar an nGaeilge.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teach as ucht an fháilte a cuireadh roimh an mBille seo agus as ucht an chomhgháirdis a rinneadh liom féin. Ba mhaith liom a rá go bhfuil na cumhachtaí a luaigh an Seanadóir FitzGerald agus an Seanadóir Bean Uí Eachthéirn ag Gaeltarra Éireann laistigh den Ghaeltacht.

Is é an fáth go bhfuilimíd ag iarraidh cumhacht áirithe a leathnú go dtí Árd an Rátha agus An Bhroclais i gContae Dhún na nGall agus Cloch na Rón i gContae na Gaillimhe ná go bhfuil foirgnimh agus foireann ag Gaeltarra Éireann sna háiteanna sin agus go bhfuil tionscail ar siúl ansin cheana féin ach cionn is nach bhfuil na háiteanna taobh istigh de limistéir na Gaeltachta faoi mar atá na limistéir sin leagtha amach, ní bhaineann an chumhacht atá i gceist—a tugadh isteach i 1965—leo agus níl ar chumas Ghaeltarra Éireann dul i gcomhar le tionsclaithe eile sna háiteanna sin. Anois, má ghlacann an Seanad leis an mBille seo, bainfidh an chumacht sin ní amháin leis an nGaeltacht ach leis na hionaid seo lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Labhair an Seanadóir Ó Conalláin faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus le muintir na Gaeltachta ó thaobh deontais a chur ar fáil. Tuigimíd é sin agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil an leasú eile againn chun an chumhacht atá ag Gaeltarra Éireann a leathnú ionas go mbeidh ar a gcumas deontais fhiúntacha a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn ag an am céanna.

Arís ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teach as ucht an dóigh inar ghlac siad leis an mBille.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
D'aontaíodh na Céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Barr
Roinn