Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Jul 1969

Vol. 66 No. 15

Nomination and Appointment of the Taoiseach and Members of the Government and Appointment of Parliamentary Secretary.

Sula gcromfar ar Orduithe an Lae, tá orm na nithe seo a leanas a chraoladh:—

Fuair mé litir dar dáta an 2 Iúil, ó Rúnaí Roinn an Taoisigh agus litir dar dáta 3 Iúil ó Rúnaí an Rialtais ag cur ainmniú agus ceapadh an Taoisigh agus comhaltaí an Rialtais agus ceapadh Rúnaí Parlaiminte in iúl dom.

Tá treoracha tugtha agam cóipeanna de na literacha a leagan amach in extenso ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

Before entering on the Orders of the Day, I have to make an announcement as follows:—

I have received a letter dated 2nd July, from the Secretary to the Department of the Taoiseach and a letter dated 3rd July from the Secretary to the Government informing me of the nomination and appointment of the Taoiseach and members of the Government and of the appointment of a Parliamentary Secretary.

I have given directions to have copies of the letters referred to set out in extenso in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of the Debates.

S. 18368.

2 Iúil 1969.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Seán Ó Loinsigh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airtegal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina gcomhaltaí den Riatlas agus chun bheith, i dteannta an Taoisigh, ina Rialtas:—

Erskine Childers,

Niall Bléine,

Caoimhghín Ó Beoláin,

Micheál Ó Móráin,

Pádraig Ó hIrighile,

Cathal Ó hEochaidh,

Brian Ó Luineacháin,

Seosamh Ó Braonáin,

Seoirse Ó Colla,

Seán Ó Flannagáin,

Pádraig Ó Fachtna,

Séamus Mac Giobúin

agus

Pádraig Ó Leathlobhair;

(3) an Taoiseach tar éis Erskine Childers a ainmniú inniu, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os cionne ainmneacha na Ranna:—

An Roinn Sláinte

Erskine Childers,

An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh

Niall Bléine,

An Roinn Rialtais Áitiúil agus An Roinn Leasa Shóisialaigh

Caoimhghín Ó Beoláin,

An Roinn Dlí agus Cirt

Micheál Ó Móráin,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Pádraig Ó hIrighile,

An Roinn Airgeadais

Cathal Ó hEochaidh,

An Roinn Iompair agus Cumhachta

Brian Ó Luineacháin,

An Roinn Saothair

Seosamh Ó Braonáin.

An Roinn Tionscail agus Tráchtála agus Roinn na Gaeltachta

Seoirse Ó Colla,

An Roinn Tailte

Seán Ó Flannagáin,

An Roinn Oideachais

Pádraig Ó Fachtna,

An Roinn Cosanta

Séamus Mac Giobúin

agus

An Roinn Poist agus Telegrafa

Pádraig Ó Leathlobhair.

(Sínithe) N.S. Ó NUALLÁIN,

Rúnaí an Rialtais.

S. 18369.

3 Iúil, 1969.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh, tar éis

Pádraig Ó Braonáin, T.D.

(Paudge Brennan, T.D.),

a cheapadh inniu chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil.

(Sínithe) N.S. Ó NUALLÁIN,

Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn