Tuarascáil Bhliantúil Ghaeltarra Éireann: Tairiscint.

Tairgim:

Go dtugann Seanad Éireann dá aire Tuarascáil Bhliantúil Ghaeltarra Éireann don bhliain 1969.

Mar is eol don Seanad, bunaíodh Gaeltarra Éireann de bhrí an Achta um Thionscail na Gaeltachta, 1957. Sí an éifeacht a bhí ag an Acht úd ná na tionscail tuaithe a bhí á stiúradh roimhe sin ag Roinn na Gaeltachta do chur faoi chúram cuideachtan Stáit faoi leith, agus ina theannta sin do cuireadh an dualgas ar Ghaeltarra Éireann tionsclú na gceantracha Gaeltachta do chur chun chinn. Is ar Ghaeltarra Éireann a bhí tionscal agus fostaíocht sa Ghaeltacht ag brath as sin amach.

Níorbh é sin an t-aon dualgas amháin, áfach, a cuireadh ar an gcuideachta nua. San alt chéanna den Acht, i bhfó-alt a 2, fógraítear freisin gurb "é dualgas an Bhoird cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht"; de réir mar adeir an tAcht, tá an dá dhualgas sin cothrom lena chéile ó thaobh tábhachta de. Bronnann fó-alt a 3 ar an mBord "na cumhachta go léir is gá chun na gcríoch a sonraítear i bhfó-alt a 1 agus a 2 den alt" sin. Is ionann sin agus a rá go bhfuil ní amháin an dualgas reachtúil ach an chumhacht reachtúil ag Gaeltarra Éireann gníomhú chomh h-éifeachtúil agus is féidir chun an Ghaeilge a choinneáil beo ins na h-áiteacha ina bhfuil sí fós mar ghnáth-theanga na ndaoine.

Is furasta Act Parlaiminte do rith, ach níl sé chomh h-éasca sin cuspóirí an Achta a chur i gcrích; agus tá sé sách soiléir faoi seo nach bhfuil slánú na Gaeltachta ar chumas Ghaeltarra Éireann amháin. Admhaím go bhfuil feabhas mór tagtha ar áiteacha áirithe ó thaobh fostaíochta de, agus tá moladh mór ag dul do Ghaeltarra Éireann dá bharr. Dá ainneoin sin, ó 1957 i leith tá meath millteach tagtha ar a lán ceantracha atá in ainm a bheith ina gceantracha Ghaeltachta, ní maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch —sé sin maidir le dualgas amháin den dá dhualgas a cuireadh ar Gaeltarra Éireann—ach maidir le beatha na teanga agus beatha an chultúir a ghabhas léi. Níor thárla sin de dheasca na h-imirce amháin, ach toisc go bhfuil daoine ag éirí as a gclanna a thógáil le Gaeilge agus nach bhfuil cuid acu féin sásta a thuilleadh Gaeilge a labhairt. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an rud céanna ag tarlachtaint ins na ceantracha sin agus a thárla ar fud na hÉireann uile le dhá nó trí céad bliain anuas.

Ní ag cáineadh Ghaeltarra Éireann atá mé, agus níor mhaith liom locht a fháil ar an méid oibre fiúntaí atá á déanamh aige—bheadh an scéal seacht n-uair níos measa murach é—ach creidim, ar an gcéad dul síos, nách leor na cumhachta atá ag an gcuideachta chun a cuid cuspóirí reachtúla a bhaint amach, agus nach leor a bhfuil á dhéanamh ag eagraíochtaí eile Stáit chun cabhrú léi.

Tá cupla rudaí ar mhaith liom tagairt faoi leith a dhéanamh dóibh mar go bhfuil siad ag cur as go mór don obair. Tá mé cinnte gurab eol don Aire iad, agus tá a fhios agam go maith go bhfuil sé féin ar an bheagán atá buartha go fírinneach maidir le staid na Gaeltachta; ach mar sin féin, ní haon dochar é béim a leagan ar an ghéar-chás ina bhfuil sí mar gur orainne anseo san Oireachtas atá slánú na Gaeltachta ag brath. Tá sé ceart go leor a rá, mar adeir mórán, go gcaithfidh muintir na Gaeltachta seasamh ar a mbonnaí féin agus teacht ar réiteach a gcuid deachrachtaí as a stuaim fhéin; ach ní móide go n-éireoidh leo é sin a dhéanamh mura bhfaighe siad an chabhair ón Stát atá riachtanach.

Gach éinne a rinne pé ar bith machnamh nó staidéar ar ghéar-chás na Gaeltachta, tá siad uile ar aon intinn gurab é an rud is mó is cúis le meath na Gaeltachta ná easpa muiníne. Ach conas d'fhéadfadh muinín astu féin a bheith ag muintir na Gaeltachta nuair a thugann siad faoi deara a laghad meas atá ag muintir coitianta na tíre orthu agus ar an saol Gaelach atá acu? Fiú amháin i gcathair na Gaillimhe—atá in ainm bheith ina "phríomh-chathair" don Ghaeltacht—is beag meas atá ag na daoine ar mhuintir Chonamara nach bhfuil sách "cultúrtha" dóibh. Chuala mé fhéin freastalaí i nGaillimh, duine as an Iodáil, ar éigin a bhí oiread agus trí abairtí Béarla ar eolas aige, agus é ag magadh faoi freastalaí eile maidir le é bheith as Conamara. Dá laghad am a bhí caite ag an Iodáileach i nGaillimh, bhí an méid seo ar eolas aige, gur áit iargúlta neamh-chultúrtha í Conamara agus gur díol magaidh muintir na háite sin i measc muintir bhaile mhór na Gaillimhe.

Sin é an rud is mó a ghoilleas ar muintir na Gaeltachta, cibé Conamara nó Ciarraí nó Tír Chonaill nó Iorras Mhaigheo atá i gceist, agus a mhilleas an spiorad agus an misneach iontu, agus sin an rud is mó atá ina bhac agus ina chonstaic sa mbealach ag Gaeltarra Éireann. Ní bheadh na carraigreacha ná an easpa talún ná an easpa tradisiúin tionsclaíochta ina gconstaic do-sháraithe, ach ní féidir an teanga ná an saol Gaelach a shábháil mura gcuirimid deireadh leis an droch-mheas agus leis an fonóid atá ag goilliúint ar an dream go bhfuilimid ag síor-phraetseáil futhu mar dhea gurab iad is tobar don chultúr Éireannach. Go bhfóiridh Dia ar ár gcultúr má ligimid dá thobar bheith ina dhíol magaidh agus ina ábhar tarcaisne ag an saol amuigh.

Ní hé an Stát is lú is ciontach leis an scéal a bheith mar atá; agus ar an gcéad dul síos ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt rudaí a bhaineann le hobair Ghaeltarra Éireann. Nílim ag fáil locht ar bith ar dhuine ar bith, mar is féidir liom a shamhlú a dheacra atá sé dualgaisí na cuideachtan a chomhlíonadh, ach mar sin féin ba cheart na rudaí sin a bheith ar eolas ag an bpobal i gcoitinn.

Sé an gearán is minicí a chloisim faoi Ghaeltarra Éireann agus faoi na monarchana a bhfuil baint aige leo, go bhfuil bainisteoirí fostaithe iontu nach bhfuil Gaeilge acu, sin nó má tá an Ghaeilge féin acu, nach bhfuil siad sásta í labhairt thar an lom-riachtanas, nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu sa bhaile, agus nach bhfuil cuid acu sásta fiú amháin cónaí san áit, ach go nglanann siad leo go Gaillimh nó go dtí baile mór eile an túisce a bhíonn obair an lae thart. Cén sort sompla é seo dosna hoibrithe atá á stiúradh acu?

Admhaím go bhfuil fadhb mhór sa méid seo; tá bainisteoirí de cháilíochtaí speisialta de dhíth ar Ghaeltarra Éireann. Níl a leithéid le fáil i gceantar Gaeltachta, mar sin níl an dara rogha ag an gcuideachta ach iad a lorg lasmuigh. Ina theannta sin, ní féidir a bheith ag súil, i gcás bainisteora a tógadh le Béarla, go n-iompóidh sé ar an Ghaeilge ar fad agus go n-iompóidh a chlann in éineacht leis—sin go díreach an dearcadh mí-réalaíoch a rinne an oiread sin dochair do chúis na teanga ar fud na tíre le caoga bliana anuas. Thairis sin, bheadh sé do-dhéanta agus mí-cheart saghas smacht cultúrtha a choinneáil ar na bainisteorí sin ionas go gcuirfí iachall orthu fanacht laistiar de Ghaillimh agus gan ach an Ghaeilge a labhairt ina dteaghlaigh féin.

Ar an taobh eile dhe, nach é an réiteach is fearr ar an gceist seo iarraidh ar Ghaeltarra Éireann dhul ag lorg fear agus bean óga fiúntacha istigh sa Ghaeltacht féin agus iad a chur á dtraenáil i gcúrsaí teicniúla agus i gcúrsaí bainistíochta agus i gcúrsaí tionscail? Cad faoi go bhfuil AnCO ann-an Chomhairle Oiliúna, ar tháirseach Chonamara? Cad faoi go bhfuil IMI, Institiúd Bainistíochta na hÉireann, ann? Nach bhféadfadh an dá eagraíocht sin, atá ag fáil tacaíochta ón Stát, nó ceachtar acu, cúrsaí faoi leith do chur ar bun, ionas gur ar a mhuintir féin a bhéas an Ghaeltacht ag brath feasta maidir le bainistíocht tionscail agus ar dhaoine a bheadh sásta fanacht sa bhaile agus a gclanna a thógáil le Gaeilge mar a tógadh iad féin, rud nach gcuirfeadh aon stró orthu? Tá ceist seo na bainistíochta ar na fadhbanna is mó a loiteas muinín agus misneach na n-oibrithe—de réir mar a chloisim—agus ba mhór againn é dá bhféadfadh an tAire a rálinn conas mar atá sé fhéin ag súil leis an fhadhb seo a réiteach.

Tá ceist eile ann atá gar go leor do cheist na bainistíochta. Is í ceist na hurlabhra teicniúla í. Deirtear liom go bhfuil gá le caighdeánú iomlán na dtéarmaí teicneolaíochta, mar go mbíonn focla éagsúla ar an rud céanna á n-úsáid go minic, rud is cúis le go n-iompaíonn na bainisteoirí agus na hoibrithe ar an Bhéarla ceal tuisceana a chéile. Deirtear liom go bhfuil dhá nó trí foclóirí á n-úsáid in áiteacha éagsúla in áit an t-aon fhoclóir teicniúil amháin a bheith ann. B'fhéidir go bhfeadfadh an tAire féachaint isteach sa cheist seo chomh maith. Ní fheadar arbh fhearr an scéal a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin a rinne oiread sin sár-oibre leis na blianta; ní dóigh liom gur ualach mór breise dóibh é teacht i gcabhair ar Ghaeltarra Éireann, más fíor an méid atá á chloisint agam faoin cheist.

Tá a fhios agam nach obair lae amháin í glún bainisteoirí a thraenáil, agus go dtí go mbeidh córas traenála do dhaoine as an Gaeltacht ag AnCO nó ag IMI nó ag pé dream ar bith eile, b'fhéidir gur chóir do Ghaeltarra Éireann foireann a sheoladh sall go Sasana nó fiú go dtí na Stáit Aontaithe ag lorg daoine as an Ghaeltacht atá i mbun postannaí bainistíochta thall, féachaint an bhféadfaí iad a mhealladh anall. Tá a fhios agam gur annamh a thiocfaí ar a leithéid, agus gur annamhí fós an duine a bheadh toilteanach filleadh go hÉirinn, ach ba cheart iarracht a dhéanamh chuige. Go dtí go bhfeiceann muintir na Gaeltachta daoine dá muintir féin agus postannaí móra acu sa bhaile, ní bheidh réiteach ar an bhfadhb seo. Séard a chiallaíonn bainisteoirí ón taobh amuigh a thabhairt isteach sa Ghaeltacht ná an ceantar a dí-Ghaelú in ionad a mhalairt.

Dubhairt mé i dtosach báire go mbronnann an tAcht an "chumhacht" ar Gaeltarra Éireann pé rud is gá a dhéanamh chun cuspóirí an Achta a chur i gcrích. Ach tá rudaí ag cur isteach ar na cuspóirí sin go bhfuil a réiteach thar a chumas ag Gaeltarra Éireann, agus ba mhaith liom achar beag a chatheamh ar cur síos orthu.

Ar an gcéad dul síos, ní faoi chúram Ghaeltarra Éireann atá an córas pleanála agus an rialtas áitiúil ins na ceantracha in a bhfuil an chuideachta ag gníomhú, agus de réir mar a chloisim, bíonn muintir na comharsanachta an-mhí-shásta leis an slí ina rialaítear contaethe áirithe ó thaobh pleanála agus ó thaobh seirbhísí éagsúla a sholáthar. Níl an scéal mar an gcéanna i ngach áit. Ní mar an gcéanna a ghníomhaíonn gach uile Chomhairle Chontae, ach, in áiteacha, lochtaíonn na daoine an Chomhairle Chontae toisc gan aird a thabhairt ar na daoine atá ina gcónaí ann lena mbeo, agus toisc gan cúram ar bith a bheith orthu ach an chuairteoireacht agus cuairteoirí iasachta a mhealladh isteach.

Is ar an ábhar sin adeirtear go bhfuil cosc glan ar aon tithe do thógáil taobh na farraige d'aon bhóthar i gContae na Gaillimhe agus i gContae Chiarraí, agus go bhfuil a lán bóithre i gConamara gan deisiú ná cóiriú seachas an bóthar mór cois fharraige. Fós, is ar éigin má tá seirbhísí eile mar séarachas le fáil ag an té nach bhfuil a theach suite i gceann des na sráid-bhailte; ach is dócha gur mar sin atá an scéal in a lán áiteacha nach Gaeltacht iad ar fud na tire. Na bóithre a bheith chomh dona san is mó is cúis ghearáin: tá páipéar beag anseo agam adeir maidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil "bóithríní portaigh in oirthear na Gaillimhe níos fearr ná na bóithre idir an Tulach agus an Cheathrú Rua nó idir Scríb agus Carna", agus nár chaith an Chomhairle céanna ach ocht míle púnt ar bóithre Gaeltachta anuraidh.

Sé an toradh atá ar an bpolasaí pleanála ná praghas an-ard ar fad á éileamh ar thalamh go bhfuil cead pleanála ag gabháil léi, praghas atá do-íoctha don ghnáth-duine ar mhaith leis teach dá chuid fhéin a thógáil: chuala mé go mbíonn míle púnt ar an acra á iarraidh, sin é míle púnt sula leagann tú cloch ar aon chloch eile. Ní raibh Gaeltarra Éireann féin, in ainneoin a bhfuil de "chumhacht" aige, in ann dul thar an gcosc pleanála sin. De réir mar a insíodh dom, dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ceadú dhó aon tithe a thógáil ins na Forbacha taobh leis an gceann-cheathrún nua. Mar gheall ar sin tá cailíní ó Chonamara, atá ag obair ins na Forbacha do Ghaeltarra Éireann, ag cur fúthu i lóistín istigh i mbaile mhór na Gaillimhe. Ní neartú na Gaeltachta, ach a mhalairt, is toradh leis an scéal a bheith amhlaidh.

Níl mé ag moladh go mba cheart ligint do mhuirtir na Gaeltachta áilleacht na háite a mhilleadh tréna rogha foirgneamh a thógáil pé ar bith áit is mian leo. Mar sin fhéin is é is déigh le muintir na háite, pé fíor é nó a mhalairt, go bhfuil siad fágtha ar leataobh ag an gcóras rialtais áitiúil, nach cás don Chomhairle Chontae ná do dhream rialtais ar bith eile ach an chuairteoireacht, agus gurab é is mó a chiallaíonn Conamara nó Uíbh Eachach do lucht rialtais ná láthair spoirt is saoire do dhaoine saibhre ón taobh amuigh. Ar an ábhar sin tá an tuairim ag fás i measc na ndaoine anois gur chóir údarás áitiúil faoi leith don Ghaeltacht a chur ar bun.

Tá a fhios agam go ndearna an tAire tagairt don cheist seo tamall beag ó shin nuair a dubhairt sé go rabh sé ag dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil féachaint céard d'fhéadfaí a dhéanamh chun féin-rialtas áitiúil a sholáthar don Ghaeltacht. Tá an Ghaeltacht ag dul i laige in aghaidh an lae, agus bhí an tAire sách macánta chun é sin a admháil, murab ionann agus a lán eile; agus má feictear dó gur ceart údarás áitiúil ar leith do bhunú, d'fhonn rudaí a dhéanamh atá thar chumas Ghaeltarra Éireann, agus nach bhfuil na heagraíochtaí eile Stáit toilteanach a dhéanamh—ainneoin a bhfuil molta ag an bPáipéar Bán mór chlú úd a eisíodh cúpla bliain ó shoin—ba cheart dó brú ar aghaidh leis an gcóras nua gan mhoill ar bith. Gheobhfaidh sé gach cabhair agus tacaíocht ó Fhine Gael is féidir linn a thabhairt dó.

Tá rud amháin eile ar mhaith liom a lua nach bhfuil leigheas le fáil air ó Ghaeltarra Éireann. Is rud é atá ar siúl leis na blianta fada, i bhfad sar ar bunaíodh Gaeltarra Éireann; rud a rinne an Geinearál Risteard Ó Maolchatha gearán faoi go minic agus é ina cheannaire ar Fhine Gael: sin é, go mbíonn feidhmeannaigh Stáit ar nós Gardaí Síochána, cigirí agus oifigigh de gach chineál atá ar fíor-bheagán Gaeilge, sin nó gan Gaeilge ar bith, á gcur isteach i gceantar Gaeltachta sa chaoi is gur fusa dóibh agus do mhuintir na háite pé gnó oifigiúil atá i gceist a dhéanamh tré Bhéarla. Is féidir le Seanadóirí shamhlú dóibh fhéin cé mar a mhothóidís dá mbeidís fhéin ina gcónaí sa gCeathrú Rua nó i nGaoth Dobhair, agus oifigigh Stáit á gcur chucu gan Gaeilge ar bith—agus sin indiaidh an uile praetseála agus an uile chur-i-gcéill ó lucht polaitíochta i ngeall ar "Tobar ár gcultúr" do bheith sa nGaeltacht, mar adubhairt mé cheana.

Nárbh é seo an cruthú a b'fhearr a d'fhéadfaí a fháil go raibh an Stát féin ag magadh faoin teanga agus á maslú: nach raibh tairbhe ar bith le baint as bheith dílis don teanga, an túisce post maith do bheith bainte amach agat; agus go raibh na postannaí móra maithe ag lucht an Bhéarla i gcónaí díreach mar a bhí riamh in aimsir na Sasanach? An bhfuil aon chosúlacht ann go n-éireoidh le Gaeltarra Éireann a dhualgas reachtúil a chomhlíonadh maidir le caomhnú na teanga, fad atá an bac seo á chur ina bhealach ag an Stát féin-gan trácht ar a bhfuil fós gan déanamh chor ar bith ag an Stát, cuir i gcás seirbhís lán-Ghaelach radio do chur ar bun, agus cuid mhaith rudaí eile.

Mar sin, tá súil agam go bhféachfaidh an tAire chuige, sa mhéid is féidir leis, nach ngníomhóidh aon feidhmeannach Stáit nó feidhmeannach údaráis áitiúil i gceantar Gaeltachta seachas duine a bhéas ábalta agus toilteanach a chuid gnó a dhéanamh tré Ghaeilge. Chomh fada siar le 1925, bhunaigh rialtas Chumann na nGaedheal Coimisiún na Gaeltachta. Do mhol an Coimisiún úd, cúig bhliain is dachad ó shin, obair an rialtais sa nGaeltacht a dhéanamh tré Ghaeilge amháin; agus rinne an Coimisiún tagairt don tábhacht a bhaineann le cur in iúl dona daoine go raibh meas fírinneach ag an Rialtas ar an Ghaeilge.

Is gruama an caitheamh aimsire é moltaí an tsean-Choimisiúin úd do léamh agus iad a chur i gcomparáid leis an méid atá déanta agus an méid ar rinneadh faillí ann. Sé an rud atá tábhachtach thar gach rud eile ná dearcadh na ndaoine. Chuaigh an Ghaeilge ar gcúl ar feadh na gcéadta bliain faoi réim Shasana mar gur cheap na daoine nárbh é a leas chlof le teanga a sinsear ach a mhalairt. Is oth liom a rá nach bhfeicim aon athrú mór ar an scéal ó bhain muid an tsaoirse amach. Ach is náireach an rúd é go mbíonn an Stát seo againne ag gníomhu, ar bhealaí áirithe, díreach chomh tréan in aghaidh na Gaeilge agus ag déanamh dochair di, agus a ghníomhaigh na Sasanaigh ariamh. Easpa dúthrachta ar an taobh amháin, agus polasaí mí-réasúnta agus neamh-réalaíoch ar an taobh eile atá ciontach leis sin; ach mar adubhairt mé ar dtús, tá an tAire ar an bheagán daoine nach bhféadfaí easpa dúthrachta a chur ina leith. Más féidir leis féachaint chuige na fadhbanna agus na constaic teicniúla, soisialta agus riaracháin atá ag cur isteach ar obair Ghaeltarra Éireann a chealú, ní muidne i bhFine Gael a bheas ar gcúl ag cabhrú leis chomh tréan agus is féidir linn.

Tá áthas orm cuidiú leis an dtairiscint. Tá roinnt cúiseanna ann le trácht a dhéanamh ar an dtuarascáil seo. Sa chéad áit, tá sé beagnach cúig bhliain anois ó méadaíodh cumhachtaí agus réim Ghaeltarra Éireann agus tá sé in am breithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó shin. Sa dara áit, ní bhíonn fonn ar mhuintir na hÉireann féachaint cruinn díreach san aghaidh ar dheacrachtaí agus iad a réiteach sula mbíonn sé ró-dhéanach. Tá sampla de sin le feiceáil againn san aigne atá acu i dtaobh na Gaeltachta. Sa tríú áit, tá gá, chítear dom, le breis éagsúlachta agus breis so-lúbthachta a bheith sna bealaí a bhíonn ag Gaeltarra Éireann ag gabháil do na ceisteanna atá le réiteach aige.

Nuair a ritheadh Acht Tionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965, ba ionann é agus tús a chur le ré nua do Ghaeltarra Éireann. Ní raibh sé feasta d'oibleagáid ar an mbord airgead a aisíoc a bhí faighte acu faoi choinníoll a aisíoctha.

Maitheadh gach ús a bhain leis an am a bhí caite agus níor ghá ús a íoc feasta go dtí cibé am a dhéanfadh an tAire ordú chuige sin. Tugadh cumhacht don bhord dul i gcomhpháirtíocht le daoine eile, airgead a chur i gcuideachtaí, agus suimeanna airgid suas go dtí £2,000 a thabhairt le haghaidh mion-tionscail. Chomh maith leis na hathruithe dlíthiúla sin, rinneadh athruithe ar chúrsaí bainistíochta agus riaracháin. Beartas nua ab ea é sin go léir agus bhí dóchas ann go ndéanfaí gníomh nua dá thoradh.

Nuair a bhí an Bille leasúcháin os comhair an tSeanaid i mí Iúil 1965, luaigh mé mar thuairim nach raibh tuillte ag Gaeltarra Éireann ón Teach ach leath-mholadh. Ón méid atá cloiste, níor tháinig a lán den dóchas ard a bhí ann i gcrích agus dhealródh sé nach bhfuil de mholadh tuillte anois ach rud éigin is lú ná trí cheathrú.

Is deacair a rá, ó na cúntais atá sa tuarascáil, cén toradh a tháinig de bharr cúrsaí bainistíochta agus forbartha. Is fíor gur tháinig laghdú ar na caillteanais trádála. Dubhradh gurb é polasaí an bhoird saothar bunúsach eacnamaíochta a chur chun cinn, agus dar ndóigh, ní mar a chéile é sin agus bheith ag roinnt déirce.

Dubhairt mé sa Tigh seo ar roinnt ócáidí go raibh sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir chostais shóisialta agus costais eacnamaíochta. Bíonn an t-idirdhealú sin á cheilt againn agus mar gheall air sin déanaimid rudaí, nó glacaimid le rudaí a dhéanann daoine eile, nach dtugann an toradh is fearr ón taobh eacnamaíochta ná fós ón taobh sóisialta. Ní hionann sin agus locht d'fhail ar airgead a thabhairt le haghaidh tionscail na Gaeltachta, ar mhaithe le críocha sóisialta agus náisiúnta, ach is éigin é a dhéanamh i slí nach mbeidh ceilt ná cosaint ar mhíéifeachtúlacht bhainistíochta.

Ceist phráinneach, ceist a chaithfear réiteach go rí-luath, is ea ceist na Gaeltachta. Tá seachtó míle duine scaipthe ar fud fiche limistéar, tuairim, feadh an chósta thiar, ag maireachtáil ar mhilliún acra den talamh is boichte in Éirinn. Is iadsan an t-aon fhoinse amháin óna bhféadfaidh athbheochan na Gaeilge teacht. Acht dá mba rud é nach raibh athbheochan na Gaeilge ina chuspóir náisiúnta ar chor ar bith, bheadh sé fós ina chuspóir tábhachtach sóisialta leas mhuintir na Gaeltachta a chur chun cinn. Ceist í sin atá chomh tábhachtach le ceist an lucht siúil, ceist na seandaoine, nó ceist an lucht meabhair-ghalar. Tá na daoine sa chuid eile den tír tar éis druidiúint soir, le himeacht na mblianta, go dtí na tailte saibhre agus tá éirithe go maith leo sna cathracha i gcomórtas leosan a tógadh i gcultúr traidisiúnta na tíre. Ón Ghaeltacht is treise an imirce agus ní haon mhaith bheith ag feitheamh le réiteach mall réidh ar an gceist seo.

Ní cóir do Ghaeltarra Éireann a bheith sásta le dul ar aghaidh mall réidh agus é sin a bheith mar bhonn le feabhsúchán san am atá le teacht.

Níl an t-am ann chuige sin. Dul ar aghaidh mall réidh, is ionann é sin agus teip. San am i láthair nuair atá airgead gann, ní mór do Ghaeltarra Éireann leas iomlán a bhaint as a chumhacht chun airgead a chur ar fáil do dhaoine. Ní mór do Ghaeltarra Éireann a chinntú go mbeidh tionscail ar fud na Gaeltachta a bheidh díreach oiriúnach do na limistéir Ghaeltachta ina mbeidh siad. Má bhíonn an tionscal ró-bheag b'fhéidir nach n-éireoidh leis agus ansin ní airgead amháin a bheidh caillte. Má bhíonn an tionscal ró-mhór beidh lucht oibre ag tarraingt air ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht agus ní bheidh sé sin de réir an dualgais atá curtha ar an mbord ag alt A (2) d'Acht 1957.

Is cosúil gur tharla uaireanta san am atá caite go bhfuair daoine nár chainteoirí Gaeilge obair i dtionscail Ghaeltachta.

I mír 343 de Thurascail Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge, a foilsíodh i 1963, moladh obair Bhord na gCeantar gCúng agus dúradh gur éirigh chomh maith sin leis mar go raibh saorchead oibre aige. I bPáipéar Bán an Rialtais a foilsíodh i 1965, mír 103, ní rabhthas sásta, amach agus amach, leis an moladh ar obair Bhord na gCeantar gCúng i gcomparáid leis an obair atá ar siúl faoi láthair. B'fhéidir nár mhiste féachaint arís ar an dearcadh sin anois.

Bhí cuspóir cinnte agus saorchead oibre sa tír seo ag Bord na gCeantar gCúng mar a bhí i dtíortha eile ag dreamanna ar aon dul leis, an Tennessee Valley Authority mar shampla, agus b'fhéidir nach bhfuil aon bhealach eile leis an Ghaeltacht a shábháil in am ach é sin. Ní hé sin le rá nach bhfuil dul chun cinn déanta le cúig bhliain anuas ag Gaeltarra Éireann. Níltear ró-chinnte an bhfuil a dhóthain dul chun cinn déanta aige, áfach. Ní hé go dteastaíonn ó aon duine sa tír seo nach n-éireodh leis, ach san am céanna, má bhíonn daoine ag glacadh ró-réidh leis an scéal, b'fhéidir go mbeadh sé sin chomh dona céanna agus bheith ina aghaidh.

I 1916 dúbhairt Séamus Ó Conghaile: "Buíochas le Dia go bhfaca mé an lá seo". Tugann an chaint a chualamar ón dtaobh eile den Teach um thráthnóna an-mhisneach domsa agus do gach Gaeilgeoir eile sa Teach agus ar fud na tíre. Is léir go bhfuil ar a laghad beirt Sheanadóir—an Seanadóir Ó Ceallaigh agus an Seanadóir Ó Dubhaigh—lán díograsach i dtaobh leathnú na Gaeilge, sábháilt na Gaeltachta, caomhnú ár dteanga dúchais agus ár gcultúir dúchais.

Thug sé an mhisneach dom agus, gan dabht, do gach aon Gaeilgeoir eile, agus mé ag teacht go Baile Átha Cliath inné ar an dtraen an fógra seo a fheiceáil ar an Irish Times. Léifidh mé anois é mar fhreagróidh sé go hiomlán ceann amháin des na pointe a luadh. Is fógra é ó Ghaeltarra Éireann féin:

Gaeltarra Cúltaca Forbartha Na Gaeltachta. Sé dualgas Ghaeltarra an Ghaeltacht a fhorbairt ar gach bealach is féidir chun go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann slí bheatha sásúil a bhaint amach sa bhaile.

Fáiltíonn Gaeltarra roimh gach moladh agus gach smaoineamh a chuirfidh leis an iarracht seo agus tá áthas orainn a bheith páirteach in Óstán Dhoire Fionáin. Ach ní le óstáin amháin atáimid ag plé ach le raon leathan gníomhachtaí. Tá tionscail á rith againn féin, bréidín, bréagáin, cniotáil agus gloine snáithíneach.

Tá tionsclóirí eile á mealladh againn chun na Gaeltachta agus is féidir linn dul i gcómhpháirtíocht leo chun an bealach a éascú dóibh agus lena chinntiú gur trí Ghaeilge a dhéanfar gnó na tionscal nua.

Ansin tá scéim na miondeontas, scéim atá ceaptha chun cúnamh a thabhairt ach go háirithe do mhuintir na Gaeltachta féin. Cuirfear fáilte roimh scéim ar bith a bhfuil an chosúlacht air go n-éireodh leis agus a chuirfeadh le forbairt na Gaeltachta. Mar sí forbairt na Gaeltachta an gnó atá againn. Bhfuil aon smaoineamh forbartha agatsa? Má tá ba mhaith linn scéala a chloisteáil uait.

Theaspáin sin domsa go soiléir go bhfuil Gaeltarra i bhfostódh san cheist phráinneach ar thagair an bheirt Sheanadóir dí agus sílim go dtuigeann Bord Ghaeltarra Éireann go soiléir cad tá rompu agus cad tá le déanamh. Tuigeann siad, gan dabht, na deacrachtaí atá sa scéal.

Bunaíodh Gaeltarra Éireann 13 bliain ó shin ach bhí fadhb mhór ann ar feadh i bhfad. Bhí cosc orthu maidir le caiteachas. Ní raibh aon traidisiún tionsclaíochta in Éireann uilig gan trácht ar an Ghaeltacht. B'éigin saineolaithe, bainisteoirí, ceardaithe d'fháil. B'éigin daoine a fháil a raibh fios a ghnótha acu, agus máistreacht acu ar an Ghaeilge. Conas ab fhéidir an dá thrá a fhreastal? Tá a fhios agam go maith go bhfuil an scéal seo ag déanamh tinnis le fada do Ghaeltarra Éireann. Munar éirigh leo an cheist sin a réiteach i ngach cás ní orthu atá an locht. Táim cinnte go ndearnadar a ndícheall. I gcuid de na monarchain atá bunaithe acu tá an scéal thar barr. Ní amháin go bhfuil an saineolas acu ach tá daoine acu a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Fuair mé cuireadh chun oscailt mhonarchan i nGaoth Dobhair an tseachtain seo caite. An bainisteoir nua atá ansin is saineolaí é den chéad scoth. Tá an Ghaeilge ar a thoil aige. Tógadh le Gaeilge é. Is maith an comhartha é ar mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill gur thoilig Bond Worth Holdings Limited monarcha chomh mór sin a thógáil i nGaoth Dobhair, monarcha a chosain breis agus £¾ milliún—£880,000. Cheana féin tá suas le 150 daoine ag obair ann agus sar i bhfad, le cúnamh Dé, beidh suas le 200 ag obair ann agus fir bheidh san gcuid is mó acu. Is iontach an rud gur éirigh le Gaeltarra an dá thrá a fhreastal ansin. Fuaireadar saineolaithe, bainisteoirí, mion-bhainisteoirí agus Gaeilgeoirí san am gcéanna. Theaspáin sé gur féidir le Gaeltarra nuair a gheibheann siad an deis freastal ar an dá thrá. Muna féidir leo freastal ar an dá thrá i gcónaí ní orthu atá an locht. Táim cinnte go bhfuil Gaeltarra ag déanamh a ndíchill chun na ceisteanna sin a réiteach.

Tá sé chomh maith dúinn tagairt a dhéanamh don tuarascáil. Admhaítear ar leathanach eile den tuarascáil— chífimid ar ball é—nár éirigh chomh maith leo ins gach roinn is ba mhaith leo. I roinn an bhréidín níor éirigh go ró-mhaith leo. Ar leathanach a 8 tá tagairt do GT Carpets Limited, Gaeltearmann Teoranta, County Cork Textiles Limited. Ansan tá tagairt do Ambler of Donegal Limited. Sin gnólucht ar éirigh go han-mhaith leo agus tá isteach is amach le 200 daoine fostaithe sa mhonarcha sin.

I nGaeltacht Ghaoth Dobhair sar i bhfad fostófar 400 éigin daoine. Is iontach an dul chun cinn é sin. B'fhéidir go bhfuil an tréith sin iontu i nDún na nGall ach airím go bhfuil an-tréith iontu maidir le cúrsaí tionscalíochta i nDún na nGall agus i nGaoth Dobhair ach go háirithe.

Ansin tá Ostáin na hÉireann Teoranta, Connemarble Limited. Is tionscal é sin a hosclaíodh tamaillín beag tar éis fhoilsiú an leabhráin seo. Is dóigh liom gur oscail an tAire Tionscal agus Tráchtála é agus san óráid a thug sé an lá sin dhein sé tagairt dóibh. Is dóigh go ndéanfaidh sé tagairt dóibh arís ag deireadh na díospóireachta seo. San tuarascáil freisin tá tagairt do Westsea Limited. Chífear go méadófar an fhostaíocht go dtí go mbeidh 33 fear agus 50 cailín nuair a bheidh an tionscal faoi lánseol. Is maith an rud é sin. Ní fhéadfadh éinne locht ar bith d'fháil ar an dtuarascáil sin.

Tá tagairt don Rannóg Bhréidín ar leathanach a 14. Níor éirigh leis an Rannóg Bhréidín dul chun cinn mar a bhí ann sa bhliain roimhe sin a choinneáil ar siúl cé gur méadaíodh ar díolacháin thar lear. Is mar sin a thárlaíonn i gcúrsaí gnó i gcónaí, thíos seal agus thuas seal, agus níl aon leigheas air. Bhí bréagáin chun tosaigh arís, cniotáil agus snáithín gloine.

Ansin ar leathanach a 15 léirítear go raibh 795 fhostaí lánaimseartha ag Gaeltarra san áit nach raibh ach 755, sé sin, 40 sa bhreis. Maidir le fostaíocht pháirtaimseartha bhí 990 fostaí ag Gaeltarra in ionad 823, sin 67 sa bhreis. Sin dul chun cinn. Muna bhfuil an dul chun cinn chomh maith agus ba mhaith linne é a bheith ní tógtha ar Ghaeltarra é.

Teastaíonn uaim tagairt a dhéanamh anois do ghearán—agus is mó uair a chuala mé féin an gearán—go bhfostaítear bainisteoirí agus daoine nach iad agus go n-imíonn siad as an áit, nach gcónaíonn siad san áit agus go gclaíonn siad le Béarla, go dtógann siad a gclann le Béarla. Is mó uair a chuala mé sin cheana. Rinne duine de na Seanadóirí tagairt dó leis. Sin nós atá ag a lán daoine, obair a dhéanamh in áit amháin agus cur fúthu in áit eile. Ní raibh cuid mhaith de na saineolaithe sin a thagann isteach ins na monarchaín i dtaithí maireachtáil faoin dtuaith.

Chuireadh litir ó oifigeach eolais Ghaeltarra Éireann i gcló in Inniu an tseachtain seo caite. Thug sé le fios go soiléir nach bhfuil aon athrú tagtha ar pholasaí Ghaeltarra maidir le fostaíocht a thabhairt do Gheilgeoiri cáilithe agus do chainteoirí ó dhúchais más féidir é. Thárlaíonn sé, áfach, go bhfuil sé thar a bheith deacair daoine cáiliúla a fháil a bhfuil Gaeilge go maith acu. Tá seo chomh fíor i gcás na bhfolúntais méan-bhainistíochta agus atá sé i gcás na bpostanna móra. Taispeánann sin go soiléir meoin Ghaeltarra maidir le Gaelgeoirí a fhostú.

Tá an-chuid bacanna sa scéal ó thaobh leathnú na Gaeilge de. Ní déarfaidh mé athbheochan na Gaeilge. Tá an réim sin thart, buíochas le Dia. Tá daoine ag saothrú na Gaeilge agus cultúr na Gaeilge fiú amháin san amharchlann chomh díograsach le héinne sa nGaeltacht.

Aontaím le gach rud adúirt an Seanadóir Ó Ceallaigh maidir leis na céimeanna is gá a thógaint. Ba cheart dúinn rud ar bith ar domhan a dhéanamh chun an Ghaeltacht a shábháil. Má imíonn an Ghaeltacht imíonn an teanga. Is í an Ghaeltacht foinse na hathbheochan, foinse ár gcultúr. Maidir le Béarla, labhrann 50 milliún daoine i Sasana é. Fad a mhairfidh an scéal amhlaidh mairfidh an Béarla.

Cad mar gheall ar an nGaeilge? Má imíonn an Ghaeltacht beidh sé i bhfad níos deacaire an Ghaeilge a leathnú. Is cuma cén díogras a bhíonn ionainn. Má imíonn an Ghaeltacht beidh aon dul chun cinn an-mhall. Sílim go bhfuil a chion féin á dhéanamh ag Gaeltarra.

Tá ceisteanna eile ann ach ní bhaineann siad ar fad le Gaeltarra, cuir i gcás breis comhaltaí i gcúrsaí riaracháin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil an cheist seo á cíoradh ag an Aire agus gan dabht beidh rud éigin le rá aige mar gheall uirthi ar ball. Tá sé go maith chun tosaí leis na smaointí sin.

Rud eile a bheidh i gceist ag an Aire gan dabht mar tá suim aige ann agus labhair mé féin agus roinnt Gaeilgeoirí eile mar gheall air agus sé sin stáisiún radio faoi leith do mhuintir na Gaeltachta. Is lánmhithid é sin a dhéanamh. Is cuma cén costas a bheidh air, is ceart é a dhéanamh. Pé rud a dhéanfaimíd don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta ní bheidh leath an mhéid is ceart a dhéanamh déanta againn.

Ba mhaith liom, leis, fáiltiú roimh an dtairiscint seo. Níl cónaí ormsa sa Ghaeltacht ach creidim go bhfuil Gaeltarra Éireann ag comhoibrú go maith le muintear na Gaeltachta ar son na Gaeltachta.

Fé mar adúbhairt an Seanadóir Ó Ceallaigh agus an Seanadóir Ó Dubhthaigh, tá a lán le déanamh fós sa Ghaeltacht maidir leis an obair seo. Obair mhaith agus obair fhónta sea í agus rachaidh sí chun leas na Gaeilge sa deireadh thiar thall mar is dóigh liom go dtabharfaidh sé misneach do mhuintir na Gaeltachta thar mar a bhí le fáil acu go dtí seo. Maidir le rudaí a déantar sa Ghaeltacht agus rudaí a dhéantar i nÉirinn—níl siad ar fad go holc. Is dócha nach bhfuil le fáil aon troscán atá níos fearr ná troscán Crannóg a dhéantar san Uaimh ag Gael Linn. Agus tá a lán rudaí fónta á ndéanamh in Éirinn. Ba cheart deis a thabhairt do Chontae Laoise bheith páirteach san scéim céanna ina bhfuil contaethe iarthar na hÉireann páirteach agus caoi a bheith againn na deontaisí árda tionscail a fháil. Ba cheart na deontaisí arda sin a chur ar fháil anseo i gContae Laoise, go mór mhór in áiteanna iargúlta chun tionscail éigin a bhunú. Chuirfeadh sin, dar liom, stop leis an ngluaiseacht chun na bailte móra. Ceapaim féin gur riachtanach é seo a dhéanamh go tapaidh.

Ar an gcéad dul síos, is mian liom trácht ar imeachtaí na comhluchta. I leith an tréimhse ar a bhfuil mé ag cur síos, is dóigh liom go bhfuil moladh ag dul do Ghaeltarra Éireann. Tugadh cumhachtaí breise don chomhlucht sin roinnt bliain ó shin. Tá sé soiléir go bhfuil iarracht á déanamh acu. Is dóigh liom gur fearr an iarracht ná aon rud eile. Léirigh an Seanadóir Cranitch cuid de na cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil cabhair tugtha do na comhluchtaí is fearr in áiteanna sna Gaeltachtaí mar níl tuarastal ann don dhuine atá ag tógaint a chlann féin ina theanga féin agus ina chultúr féin. D'ainmnigh sé G. T. Carpets agus Connemarble agus cuid de na óstlanna. Is í an deacracht a bhaineann leis na ceantair sin—agus tá deacracht ag an Aire agus ag an Roinn—daoine a mhealladh chun tionscail a bhunú in áit ar bith sa tír gan trácht ar dhaoine a fháil a bhfuil tréithe bainistíochta acu chun dul i mbun tionscal sa Ghaeltacht. Mhol an Seanadóir Ó Ceallaigh don Chomhairle Oiliúna daoine ón nGaeltacht a oiliúint agus iad a thraenáil anseo nó thar lear. Ba ghá tionscail a bhunú ar dtús. Dúbhairt sé leis daoine a raibh traenáil agus taithí acu a fháil. Mhol sé don Aire taighde a dhéanamh ar an gceist sin. Ba mhaith leis daoine a aimsiú a bhfuil traenáil agus taithí acu agus a bheadh sásta ionnú sa Ghaeltacht. Rinneadh taighde ins na h-oilscoileanna i Sasana ach ní raibh toradh ró-mhaith air. B'fhéidir go bhféadfadh Foras Forbartha teacht ar roinnt daoine a bheadh sásta teacht ar ais ar thuarastal réasúnta chun dul i mbun tionscal sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir ón méid adubhairt an Seanadóir Cranitch go bhfuiltear ag féachaint chuige go n-éireoidh leis na tionscail. Muna bhfuil Gaeilge ag na daoine sin, cá bhfuil tú?

Thagair cuid de na Seanadóirí do na constaic i dtaobh lucht bainistíochta nach mbaineann úsáid as an nGaeilge. Tuigim crua-chás Ghaeltarra Éireann. Níl oiread tionchair ag Gaeltarra Éireann agus atá ag bainisteoir óstlainne, mar shampla. Tuigeann sé go bhfuil Gaeilge ag na daoine ach tugann sé droch-shompla nuair nach n-úsáideann sé í. Ní ceist í seo a réiteofar go héasca. Is féidir iarraidh ar an oifigeach atá ag teacht isteach an Ghaeilge a úsáid. Ní dóigh liom féin gur féidir inneall-ghunna a chur chun a cheann.

Sin díreach an rud atá á dhéanamh ar an phobal i gcoitinne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar adeir an Seanadóir, ní féidir an spiorad náisiúnta a chur in áit nach bhfuil sé ann. Sin deacracht a thuigim go soiléir agus, mar adéarfa, tá sórt trua agam do Ghaeltarra Éireann dá bharr. Creidim go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall in ainneoin sin. Sé an rud is mó atá ag teastáil ón nGaeltacht ná dóchas, mar adeir an Seanadóir Ó Ceallaigh.

Business suspended at 6 p.m. and resumed at 7.15 p.m.

Rinneadh tagairt don ghá a bhí le dóchas sa Ghaeltacht. Mar adubhairt mé cheana ní hiad an déirc agus an dóchas atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta ach gnáthshlí bheatha ina dteanga féin sa Ghaeltacht. Fágann na daoine óga an Ghaeltacht toisc go bhfuil difríocht chomh mór sin idir an droch-shaol atá sna Gaeltachtaí agus an gnáth-shaol sa chuid eile den tír. Ní dóigh liom gur maith an rud é bheith ag plé i gcónaí leis an nGaeilge sna Gaeltachtaí. Is dóigh liom gur fearr tabhairt faoin gceist faoi mar atá á dhéanamh ag an Aire agus ag Gaeltarra Éireann trí shlí bheatha a chothú sa Ghaeltacht. Taobh amuigh de chúrsaí eacnamaíochta agus de phrionsabail eacnamaíochta, is féidir dóchas a mhúscailt agus a mhéadú ach tionscail a bhunú in aon bhaile beag amhain—tionscal nó miontionscal a bheadh seans aige. Ní dóigh liom gur ciallmhar an rud é bheith ag iarraidh aon rud a bhunú i mbaile ar bith muna bhfuil seans aige bheith buan.

Is mar seo a breathnaímse ar an scéal. Is daoine iad lucht Ghaeltarra Éireann a bhfuil tuiscint acu ar chúrsaí eacnamaíochta agus ní theastaíonn uathu dul ar aghaidh le hiarracht muna bhfuil seans ann go n-éireoidh léi mar is fearr féachaint le h-aon ghníomh amháin a bheith buan ná tabhairt faoi rud ró-thapaidh agus go dteipfeadh air.

Ní féidir le Rialtas nó le Gaeltarra Éireann spiorad a chruthú sna ceantair seo ach is féidir é a chothú má tá sé imeasc na ndaoine féin agus má tugtar seans dóibh. Is é an cuspóir ba mhaith liomsa cur i gcrích i dtaobh na Gaeltachta—is cuma cé an Ghaeltacht-tionscal a bheith i ngach baile fiú amháin má cheapann lucht eacnamaíochta nach fiú é a dhéanamh. Is dóigh liom féin gur fiú é mar mhaithe le spiorad na ndaoine sna ceantair sin.

Ní fheadar an bhféadfaí comhlacht a bhunú d'fhéadfadh earraí a dhíol thar lear. B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an scéal toisc gurab í an Ghaeltacht atá ann agus toisc nach bhfuil sé éasca i gcás tionscail ar bith teastalaí a chur thar lear. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire smaoineamh ar comhlacht faoi leith a bhunú chun carraí a dhíol thar lear.

D'fhéadfaí, leis, an rud mór a dhéanamh agus príomh-chathair a bhunú i gceantair de na Gaeltachta, i dTír Chonaill, cuir i gcás. Níl a fhios agam conas d'fhéadfaí é a dhéanamh ach sílim gur gníomh dóchais a bheadh ann. Ní ar an nGaeilge amháin is ceart dúinn bheith ag smaoineamh ach ar an spiorad agus ar an sean-chultúr atá beo fós ins na ceantair sin.

Dúirt an Seanadóir Ó Ceallaigh nach raibh muinín ag muintir na tíre as na Gaeltachtaí, go raibh droch-mheas ag cuid den phobal ar an nGaeilge. B'fhéidir é ach ní dóigh liom go bhfuil an scéal chomh holc agus a cheapann sé. Tugaimse faoi ndeara go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal.

Tagríodh freisin do chúrsaí pleanála agus moladh údaráis faoi leith a cheapadh. Is maith an smaoineamh é seo. Tuigim go bhfuil cumhachtaí á dtabhairt do Ghaeltarra Éireann agus do Roinn na Gaeltachta ó thaobh phleanála sna cheantair atá faoi na gcúram. Molaim é sin.

Rinne an Seanadóir Ó Ceallaigh tagairt chomh maith don mhéid adúirt Rísteard Ua Maolcatha tráth mar gheall ar oifigigh i gceantair Ghaeltachta bheith ag tabhairt droch-shompla. Níor thug mé féin mórán de seo faoí ndeara ach más eol don Seanadóir a leithéid a bheith ann, ar mhiste leis an scéal a innsint dom—ba mhaith liomsa scéala d'fháil ina thaobh. Chuala mé go raibh an scéal amhlaidh na blianta ó shin ach ceapaim go bhfuil deireadh leis anois nach mór.

Dúbhairt an Seanadóir Ó Dubhaigh go raibh gá le dea-shompla. Shíl sé go raibh muintir na hÉireann chun deiridh i gcónaí ach ní thagaim leis. Tá spiorad agus misneach againn ach níl ag teastáil ach iad a threorú i gceart. Is í forbairt eacnamaíochta atá i gceist againn. Ní mór dúinn an fhorbairt sin a leathnú chun dóchas agus misneach a mhúscailt sa náisiún. Beidh tionchar ag an leathnú forbairte sin ar an dteanga agus ar ár gcultúr.

Do thug mé faoi ndeara go raibh leagan scríofa dá n-óráideacha ag Seanadóirí. Is suimiúil an rud é agus tuigimse é. I mí Dheireadh Fómhair dúbhairt mé go raibh gléas aistriúcháin de dhíth orainn sa tSeanaid, go raibh cead ag Seanadóir a rogha teanga a labhairt, ach gur léir go raibh daoine ann, go háirithe tuairisceoirí, nár thuig an Ghaeilge. Rinneadh tagairt do dheashompla ach is deacair dea-shompla a thabhairt. Faoi mar adúbhairt mé i Mí Dheireadh Fómhair seo caite má labhrann tú ar feadh leathuair an chloig i nGaeilge agus ansin ar feadh leathuair an chloig i nGaeilge ní bheidh tú ach ag déanamh ceap-mhagadh den teanga. Ach a bheith sásta an dá theanga a úsáid d'fhéadfadh duine ar bith ar mhian leis é an Ghaeilge a labhairt aon uair is rogha leis. Brathann sé ar dhóchas agus ar mhisneach an duine. Ar an gcuma sin bhainfeadh Airí, Seanadóirí agus Teachtaí Dála úsáid as an dteanga. Faoi mar adúbhairt mé cheana in áit eile bíonn ar dhuine a ghabhann le cúrsaí polaitíochta caidreamh a dhéanamh le daoine. Ní mór dó daoine a thuiscint. Muna dtuigtear é tá sé i sáinn. Tá súil agam má bhíonn seans ar bith ann gníomh den saghas sin a dhéanamh go mbeidh cabhair na Seanadóirí ar an dtaobh eile againn.

Is maith an rud é go dtig le Seanadóirí an Ghaeilge a labhairt agus go bhfuil siad sásta í a úsáid. Ba mhaith an rud é freisin dá dtiocfadh le 30 eile Seanadóirí an Ghaeilge a úsáid agus go mbeadh aistriúchán le fáil do na Seanadóirí nach bhfuil dóthain Gaeilge acu. Is iontach go bhfuil an dea-shompla á thabhairt ag Seanadóiri agus Teachtaí Dála. Músclóidh an dea-shompla sin dóchas an náisiúin.

Bhí beirt Sheanadóir ag cur síos ar chúrsaí Gaeilge, polasaí an Rialtais agus mar sin de. Nílim chun é sin a dhéanamh. Tá mé chun claoi leis an dtairiscint. Ar aon nós, do bhain mé an-shásamh ar fad as tuarascáil bhliantúil Ghaeltarra Éireann. Tugann sí freagra dóibh siúd a bhíonn i gcónaí ag cáineadh an Rialtais agus Ghaeltarra Éireann féin. Mar sin, is mian liom tréaslú le Bord Ghaeltarra Éireann as ucht na fostaíochta nua atá curtha ar fáil acu. Tá mé cinnte nach fada go sroisfidh siad ceann scríbe agus 5,000 post nua a sholáthar ag féachaint don dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo.

De réir na tuarascála tá an bhearna chaillteanais á dúnadh. Tríocha ocht faoin gcéad atá ann i mbliana agus is mór léim í sin in aon bhliain amháin. Tá mé cinnte go ndónfaidh siad an bhearna iomlán faoi 1972. Táimid bréan ar fad de dhaoine bheith aag clamhsán faoin nGaeltachta agus faoi mhuintir na Gaeltachta agus á rá nach bhfuil muinín acu astu féin agus a leithéid. Le roinnt bhlianta anuas chruthaigh siad gur féidir leo lámh a chur le gach saghas ceirde ní amháin sna monarchaa ach ina dtithe féin. Mar sin tá lucht na Galltachta an-mhórálach astu.

Cloistear a lán mar gheall ar an nGaeilge. Ach is é an príomhchuspór obair sheasmhach a chur ar fáaail do mhuintir na Gaeltachta. Ní foláair tionsclórí aaa mhealladh go dtí an Ghaeltacht chun monarcha a bhunú sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam cad é an réiteach atá ar scéal sin. Tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal amach anseo.

Anois chun súil-fhéachaint a chaitheamh anseo agus ansuid. Is maith an scéal é go gceadaítear anois do Ghaeltarra Éireann dul i gcomhairle le gnóluchtaí iasachta agus le dream ar bith atá ag obair ar son na Gaeltachta. Tá toradh le feiceáil ar an saothar sin cheanaa féin sna tionscail a cuireadh ar bun go dtí seo—trí cheann acu. Ar leathanach eile chím go bhfuil cinn nua i gceist. Mar sin, tá toradh le feiceáil cheana féin ar an scéim sin. Bítear ag clamhsán faoi bhainisteoirí agus faoi oifigigh nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach tá sé soiléir anois go bhfuil scéimeanna ann chun freastal ar Gheilgeoir ar bith a bhfuil mianach bainisteora nó minach oifigigh nó minach oifigigh fheidhmiúcháin ann. Is deacair go leor daoine den saghas sin a fháil sa Ghalltacht gan trácht ar an nGaeltacht áit a bhfuil i bhfad níos lua daoine ná mar atá sa Ghalltacht.

Ar leathanach a 10 tá cur síos ar na miontionscail. Cuirim an-fháilte ar fad roimh an scéim sin. Tá 21 miontionscail ar siúl anois agus cuireadh 15 ar bun sa tréimhse a bhfuil cur síos orthu sa tuarascáil seo. Cabhraíonn na miontionscail go mór leis an duine a bhfuil ábhar tionscail ina cheann aige agus nach bhfuil aon airgead aige. Rud eile, bíonn an bun-ábhar ar fáil de ghná san áit féin. Tá sin le feiscint i gcás 15 a chuireadh ar bun. Is maith an rud é go mbeidh na daoine ag obair ina gceantair féin. Do mholfainn do Ghaeltarra Éireann níos mó spreagadh a thabhairt do dhreamanna chun tionscail a bhunú.

Maidir le hóstán na Sceilge is maith an rud é go bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach i bhforbairt den saghas sin. Deirtear go bhfuil siad ag cur isteach ar imeachtaí an ghnáth-dhuine ach ní dóigh liom é. Tá daoine ann nach raghadh chuig teach ósta agus tá daoine eile ann nach raghadh chuig teach aíochta. Mar sin, is mór an cúnamh don Ghaeltacht na hóstáin seo a chur ar bun. Níl eolas ar bith agam faoi cheann ar bith acu ach faoin gceann seo i Sceilg. Ba mhaith liom an lucht stiúrtha a mholadh.

Cuireadh an cabaret Gaelach ar bun freisin. Rud an-mhaith is ea é. Is fearr gan cabaret ar bith a bheith ann muna mbíonn sé lán-Ghaelach. In áiteanna ní cabaret fíor-Ghaelach é. Molaim na caithimh aimsire a bhíonn ar siúl sna hóstáin. Bíonn ard-chaighdeán acu. D'fhéadfaí leathuair gach tráthnóna ar a laghad a thabhairt suas don teanga mar mhaith e leis an stróinséirí chun na Gaeltachta. Dá raghaidís abhaile le cúpla focal Gaeilge nó cúpla sean-fhocal bheadh dul chun cinn déanta.

Cuirfí fáilte roimhe sin nó roimh leathuair staire. Is cuimhin liom dul isteach i dtithe sa Sceilg agus bhí Gaeilge ag gach duine ach ní raibh fáinne á chaitheamh acu. Ba cheart dóibh an fáinne a chaitheamh chun a chur in iúl do gach daoine go bhfuil Gaeilge acu. Níl a fhios agam an bhfuiltear chomh Gaelach in áiteacha eile agus atá siad san áit seo. Ba cheart do Ghaeltarra Éireann féachaint chuige gan mactíre ar bith a cheadú i measc na gcaora. Tuigim go bhfuil cuid acu anseo agus ansúd.

Cé gur tháinig méadú ar theacht isteach an bhréidín, is ait an rud é gur tháinig laghdú air arís. Níl a fhios agam conas a thárla sé. An bhfuil ré galánta ag teacht chugainn arís agus go bhfuilimid ag sodar i ndiaidh na n-earraí iasachta agus nach bhfuil an lucht oibre ag comhéad súil ar an bhfaisean? Ba cheart athrú de réir mar athríonn nósanna agus an faisean. B'fhéidir gur ceart dóibh na dathanna nó na patrúin a athrú. Aon rud atá ina stad gheobhaidh sé bás.

Tá 792 daoine lánaimsire agus 990 páirtaimsire ag obair san rannóg seo. Mná is mó atá sna daoine páirtaimsire. Bhí ionadh orm tabhairt faoi deara go bhfuil an chniotáil ag dul ar aghaidh mar atá. Ba cheart do lucht cniotála súil a choimhéad ar an bhfaisean chomh maith.

Tá na bréagáin ag dul ar aghaidh go breá. Tá na bábóga go h-álainn. Tá siad ion-churtha le haon rud ó thíorta iasachta. Is féidir dul chun cinn a dhéanamh leo.

Is dóigh liom go bhfuil obair fhiúntach á déanamh ag Gaeltarra Éireann. B'fhéidir go mbeidh an tAire ábalta ceangal éigean a bhunú idir na Gaeltachtaí. Níl aon cheangal eatarthu. Ní tairbhe ar bith dúinn labhairt san Oireachtas. Cad é an buntáiste atá ag Gaeltacht amháin seachas Gaeltacht eile? Bhí an ceart ag na Seanadóirí a mhol gur ceart comhairlí contae a bhunú iontu. Is dóigh liom go ndéanfadh sé maitheas. Dob fhiú cuimhneamh ar an scéal sin.

Fiche bliain ó shin dúbhairt mé nach bhfuil aon droch-Ghaeilge ann agus gur fearr aon tsaghas Gaeilge ná an Béarla is binne agus is blasta.

Tar éis a bhfuil ráite b'fhéidir gur ceart dom fanúint im thost. Tá a lán a bhí le rá agam ráite cheana féin. Na deacrachtaí a bhaineann leis an nGaeltacht baineann siad leis an iarthar ar fad, leis an talamh bocht, agus leis an imirce. Go minic is iad na daoine atá i gcoinne na Gaeilge a bhíonn ag smaoineamh ar an méid airgid a chaithtear sa Ghaeltacht. Deir siad gur ceart an t-airgead sin a chaitheamh in áiteanna mar Contae Liatroma agus Contae Roscomáin. Ba mhaith linn go léir go gcaithfí airgead sna h-áiteanna sin. Mar sin féin, mar dhuine ó Chontae Liatroma admhaím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeltacht. Tá difríochtaí idir na Gaeltachtaí éagsúla. Feicim difríocht idir an Gaoth Dobhair agus Conamara agus idir dearcadh na ndaoine ansin. Feicim nach iad na Gaeltachtaí na háiteanna is lua dóchas san iarthar. Um Cháisc chaith me laethanta saoire in Iorras, Contae Mhuigheó. Do bheadh níos mó dóchas agam as an ndúthaigh thart faoi Bhéal an Mhuirthid ná ceantar eile mar Bhaile Chathail. Feicim go bhfuil na daoine ag brath ar an dtalamh amháin in áiteanna. Tá an talmhaíocht, an iascaireacht agus an turasóireacht á saothrú thart ar Iorras, agus geibheann siad cabhair éigean ó Roinn na Gaeltachta agus ó Ghaeltarra Éireann. Tá bord bunaithe acu. Tá obair fhónta á déanamh.

Tá ceist imirce sa Ghaeltacht agus tionchar aici ar an Ghaeilge agus ar thuiscint na Gaeilge. Is mór an chailliúnt don tír é. Fadó d'imíodh daoine as mo cheantar féin go Sasana agus go Meiriceá. Tá siad ag imeacht leo go Baile Átha Cliath anois. Tá daoine eile ag imeacht leo ón nGaoth Dobhair go h-Alban agus daoine eíle go Boston. Fuair a lán acu postanna sa Státseirbhís. Ní orthusan atá mé ag trácht. Tá na daoine sin ceart go leor. Tá an-chuid acu ag dul go Baile Átha Cliath agus go Camden Town. Dá dtagaidis go háit éigean timpeall na gcathracha seo b'fhéidir go bhféadfaí an seod luachmhar seo a shábháil. Níl a fhios agam conas é dhéanamh. Ceapaim féin gur mhór an tairbhe don tír é a dhéanamh.

Rinneadh tagairt don mhagadh agus don fhonóid a bhí dhá ndéanamh faoi mhuintir Chonamara i nGaillimh. Is sean-scéal é sin. Sin rud a thárlaíonn do chuile dhuine a thagann go Baile Átha Cliath uaireanta. Tar éis tamaill, tuigeann muintir na cathrach, i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath, go bhfuil muintir na tuaithe ag magadh futhu féin. Ní thabharfainn an oiread sin aird air.

Bhí tagairt don Gharda Síochána agus d'oifigigh eile a théann go dtí na Gaeltachtaí gan Gaeilge acu. Is fíor sin ach is iad na daoine a bhfuil Gaeilge acu a n-éiríonn leo sna scrúdúcháin. Imíonn siad go dtí an Ghaeltacht ach ansin ní labhrann siad focal Gaeilge. Ní hiad na daoine gan Gaeilge ach na daoine a bhfuil Gaeilge acu nach bhfuil sásta í labhairt. Ceart go leor, tá siad sásta scrúdú a sheasamh ach ansin níl siad sásta an teanga a labhairt.

Brathann a lán ar mheon na ndaoine agus nuair nach bhfuil daoine sásta an Ghaeilge a labhairt is deacair cur ina luí orthu é a dhéanamh. Ná bíodh trócaire ar bith ag an Aire seo nó ag aon Aire eile do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, a théann go dtí an Ghaeltacht ach nach bhfuil sásta an Ghaeilge a labhairt. Is iad rudaí den saghas sin a mhilleann an Ghaeilge i súile mhuintir na Gaeltachta agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tagraíodh do phleanáil. Chomh fada agus is cuimhin líom, nuair a bhí an tAire ag labhairt sa Dáil ar a Mheastachán dúbhairt sé gur faoi Roinn na Gaeltachta a bhí an phleanáil seo sa Ghaeltacht agus nach raibh na dlithe céanna i bhfeidhm sa Ghaeltacht agus a bhí in áiteacha eile ar fud na tíre. Dob iad an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta na príomh-aidhmeanna a bhí ag Roinn na Gaeltachta.

Ar chaoi ar bith, tá áthas orm go gcuirfear fógraí Gaeilge suas sa Ghaeltacht agus go gcuirfear deireadh leis an nós seafóideach úd fógraí Béarla a chur suas. Is breá liom gur cuireadh deireadh leis an droch-nós sin.

Dúradh go gcuidíonn Telefís Éireann leis an mBéarla a thabhairt isteach sa Ghaeltacht. Arís, tá sé deacair cosc a chur leis. Ar ndóigh, tá an ceart céanna ag muintir na Gaeltachta cláracha Thelefís Éireann a fheiceáil atá ag chuile dhuine sa tír. Ach is argóint í chun stáisiún Gaeilge a bhunú do mhuintir na Gaeltachta——

Ní maith liom cur isteach ar an Seanadóir ach baineann an díospóireacht seo le Gaeltearra Éireann agus an leas is féidir leo a dhéanamh ar son mhuintir na Gaeltachta.

Tuigim sin ach chuaigh Seanadoirí eile thar raon na díospóireachta. Rinne an chéad Sheanadóir tagairt do na gnéithe a bhain le bunú Ghaeltarra Éireann, postanna a chun ar fháil sa Ghaeltacht agus do leasú na Gaeltachta.

Is fíor don Seanadóir.

Ceapaim go bhfuil obair fhónta dhá déanamh ag Gaeltarra Éireann. Ach ní bheimid sásta go deo i dtaobh an dul chun sinn atá dhá dhéanamh. Ní ceart dúinn a bheith sásta agus an méid oibre atá le déanamh fós ar mhaithe leis an nGaeltacht. Má gheibheann an Ghaeltacht bás beidh sé sár-dheacair an Ghaeilge a athbheochan. Gan Gaeilge, ní hí seo an tír is mian linn a bheith ann. Ba mhaith liom dá gcuirfeadh an tAire iomlán a nirt taobh thiar den obair seo ar son na Gaeltachta.

Sula labhróidh mé go ginearálta ba chóir dom déileáil chomh maith agus is féidir liom le cuid de na rudaí a dúradh. Ní thig linn bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Is léir, áfach, go dtuigeann na Seanadóirí na deacrachtaí atá le sárú againn.

Luadh go mba chóir i bhfad níos mó ceangail a bheith idir na Gaeltachtaí. Aontaím go hiomlán leis an tuairim sin. I láthair na huaire taobh amuigh den chomórtas peile a bhíonn ar siúl idir na Gaeltachtaí ní eol dom mórán caidrimh a bheith eatarthu. Is tábhachtach an rud é an comórtas peile seo ach, ar ndóigh, is gá i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh.

Is é an aidhm a chaithfidh a bheith againn pobal ann féin a dhéanamh de mhuintir an réigiúin Ghaeltachta. Chuige Sin, caithfidh caidreamh i bhfad níos dlúithe a bheith idir na ceantair éagsúla sa réigiún Gaeltachta. Tá a fhios agam gur gráin le roinnt daoine sna ceantair a bhfuil trácht orthu anseo an focal "Gaeltacht". Is gráin leo é mar le blianta fada anuas tá drochbhlas éigin ag baint leis an bhfocal ina n-aigne. I láthair na huaire táimid ag pleanáil agus ag forbairt ar bhonn réigiúnach in an-chuid bealaí. Cuir i gcás, tá an tÚdarás Forbartha Tionscail chun oifigigh réigiúnacha a cheapadh don tír uile. Is é an réiteach is fearr ar an scéal glacadh leis na ceantair Ghaeltachta mar réigiún breise ann féin ina bhfuil fadhbanna eacnamaíochta agus siceolaíochta nach bhfuil sna réigiúin eile.

Níl aon amhras ná go gcuideodh raidio Gaeltachta leis an dlúthchaidreamh a thabhairt i gcrích go luath. Labhair an Taoiseach cheana mar gheall ar an scéal seo. Fiú inniu féin bhí comhchainteanna ar siúl d'fhonn an raidio Gaeltachta seo a chur chun cinn. Raidio a d'fhreastalódh ar na ceantair Ghaeltachta uile—nó an chuid is mó is féidir díobh—ab fhearr liomsa. Ní bheinn i bhfábhar raidio do cheantar amháin Gaeltachta mar nach dtabharfadh sé sin an dlúthchaidreamh atá ag teastáil i gcrích. Mura mbíonn againn ach raidio atá dírithe ar an aon cheantar amháin den réigiún ní chomhlíonfar an aidhm sin. Tig liom a gheallúint go mbeidh raidio Gaeltachta ann chomh luath agus is féidir linn é a chur ar bun. Tá eolas teicniúil faighte againn. Is é an t-aon rud amháin atá á choimeád siar ná socruithe teicniúla agus riaracháin. Níl aon cheist go mbeadh argóint ó thaobh polasaí ann.

Tagraíodh freisin do na bóithre sa Ghaeltacht. Is fíor go bhfuil drochbhóithre sa Ghaeltacht—agus drochbhóithre in áiteanna eile freisin. Ach tá mórchuid airgid á chaitheamh ag Roinn na Gaeltachta ar na bóithre i gConamara agus in áiteanna eile sa Ghaeltacht.

Rinneadh tagairt freisin do na comharchumainn. Tugann Roinn na Gaeltachta cabhair nach beag dóibh.

Maidir le ceist phleanála sa Ghaeltacht is fíor gur gheall an tAire Rialtais Áitiúil socruithe a dhéanamh chun coinníollacha speisialta a chur i bhfeidhm. Chuige sin tá Bille aige i láthair na huaire os comhair na Dála ina bhfuil forálacha faoina bhféachfar chuige go gcuirfear riachtanais speisialta na Gaeltachta agus na Gaeilge san áireamh.

Maidir leis na miontionscail, b'fhéidir go mba chóir dom a chur in iúl go bhfuil deontais ceadaithe ag Gaeltarra Éireann i leith níos mó ná 80 miontionscal ar fud na Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Ó Ceallaigh go raibh feabhas mór le feiscint in áiteanna áirithe agus go mbeadh an scéal seacht n-uaire níos measa murach Gaeltarra Éireann. Tá an ceart ar fad aige. Ní ionann sin agus a rá go bhfuil an Seanadóir Ó Ceallaigh nó mé féin sásta leis an méid atá déanta.

Rinne Seanadóir tagairt do na figiúirí i dtuarascáil Ghaeltarra Éireann. Le sé mhí anuas d'oscail mé go hoifigiúil trí mhonarcha—Westsea Ltd. i Ros a' Mhíl, Connemarble Limited in aice leis an Spidéal agus GT Carpets Ltd. i nGaoth Dobhair agus, ar ndóigh, tá roinnt mhaith tairiscintí á gcíoradh agus á meas againn i láthair na huaire.

Dúirt an Seanadóir Ó Dubhaigh nach raibh mórán dul chun cinn déanta le 5 bliana anuas. Rinneadh athruithe ar an dlí maidir le Gaeltarra Éireann ar dtús agus thóg sé tamall eagar a chur ar Ghaeltarra féin. Anois agus le cúpla bliain anuas is léir go bhfuil sáriarracht á déanamh ag Gaeltarra. Tá feabhas ag teacht air agus "momentum" taobh thiar de. Tá an scéal amhlaidh ní amháin sa réigiún Gaeltachta ach sa tír uile.

Maidir le polasaí tionsclaíochta a chur i bhfeidhm bíonn gach tosú lag. Ní foláir glacadh le tionscail nach mbíonn ró-mhór, b'fhéidir, ach nuair a fhaightear greim ceart ar chúrsaí is ansin a thosaíonn an "momentum". Feicfidh Seanadóirí ón tuarascáil go bhfuil an fuinneamh sin ann anois. Tá gach dóchas ann go mbeidh lánfhostaíocht ar fáil sa réigiún Gaeltachta sna seachtóidí.

Maidir leis sin b'fhéidir gur chóir dom rud eile a lua. Na cásanna, idir chomhthionscail agus mhiontionscail, ina bhfuil cúnamh airgid ceadaithe ag Gaeltarra le blianta beaga anuas meastar go gcuirfidh siad—nuair a bheidh siad faoi lánseol—saothrú lánaimsire ar fáil do bhreis agus míle cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Agus, ar ndóigh, tá a lán tograí eile á mbreithniú. Le blianta beaga anuas, freisin, tá an t-airgead bliantúil do Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann araon méadaithe faoi cheathair ag an Rialtas d'fhonn forbairt an réigiúin Ghaeltachta a chur ar aghaidh. I mbliana rachaidh an t-airgead sin thar £2½ mhilliún—ar a n-áirítear £1 milliún caipitil do Ghaeltarra le haghaidh na tionsclaíochta ionas go méadófar na deiseanna a bheidh ag Gaeilgeoirí cun fostaíocht shochrach a fháil.

B'fhéidir gur chóir dom a rá chomh maith go bhfuil iarrachtaí speisialta ándéanamh ag Gaeltarra agus agam féin go pearsanta d'fhonn comhlachtaí príobháideacha Éireannacha agus comhlachtaí Stáit a mhealladh le tionscail a bhunú sa réigiún Gaeltachta. I láthair na huaire níl mórán toradh le feiscint air sin—ta roinnt bheag—ach ceapaim go mbeidh toradh maith air amach anseo. Tá seans go mbeidh, ar a laghad, comhlacht Stáit amháin, agus b'fhéidir níos mó, a bheidh ag bunú monarchana, nach mbeidh ro-mhór b'fhéidir i dtosach, in áiteanna éagsúla le cuidiú le forbhairt sa saghas oibre atá ar siúl acu i láthair na huaire. Ní obair a aistriú ó cheantar amháin go ceantar eile a bheadh i gceist ach obair bhreise a chur ar siúl agus tá gach dóchas agam go mbeidh, ar a laghad, cuid de na monarchana sin suite sa réigiún Gaeltachta.

Ceist eile a luadh ná ceist na bhfeidhmeannach Stáit nach labhraíonn Gaeilge agus iad ag obair sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil an scéal anseo chomh holc agus a bhí cheana ach mar sin féin fuair mise roinnt gearán faoi. Ní raibh mé ró-shásta leis an méid a dúradh liom. Ní raibh mé ró-chinnte go raibh sé go léir fíor ach caithfidh go raibh roinnt de fíor. Dá bharr sin shocraigh mé le Roinn na Gaeltachta go ndéanfaí iarracht chomhordaithe le tabhairt faoi seo i gcomhairle leis na Ranna Stáit agus leis na comhlachtaí Stáit, féachaint an raibh daoine fostaithe acu sa Ghaeltacht nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh sásta Gaeilge a labhairt agus an bhféadfaidís iad siúd a aistriú go háiteanna eile sa Ghalltacht agus daoine le Gaeilge a bhí fostaithe acu a chur isteach in a n-áit. B'fhéidir ar an gcéad fhéachaint go gceapfaí go mbeadh sé sin simplí.

Geallaimse don Teach go bhfuil sé an-chasta ar fad a leithéid a chur i bhfeidhm ach tá na hiarrachtaí á ndéanamh chuige sin. Táimid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil cúrsaí chomh holc agus a bhí ach ní ionann sin agus a rá go bhfuilim sásta leis an scéal mar atá sé. Nílim.

Is dócha gur chóir dom a rá freisin go bhfuil roinnt áiteanna sa réigiún Gaeltachta—níl mó rán díobh ann ach tá roinnt ann—nach mbíonn mórán nó go leor Gaeilge ag an sagart, áiteanna ina mbíonn an tAifreann á rá as Béarla nó Aifreann á rá as Gaeilge ach an tseanmóin á tabhairt as Béarla. Ní dóigh liomsa go bhfuil sé sin sásúil ar chor ar bith. Leis an taithí atá agam ar an scéal measaim nach gceapann na hEaspaig go bhfuil an scéal sin róshásúil ach oiread. Mothaím go bhfuil dea-thoil na nEaspog againn i gcúrsaí mar seo agus má chuirtear an t-eolas ar fáil dóibh i gcásanna mar atá luaite agam, tá mé dóchasach go ndéanfar an scéal a leigheas; ach, ar ndóigh, caithfear an scéal a chur in iúl don Easpag ar eagla nach mbeadh an t-eolas aige. B'fhéidir go gceapann sé go bhfuil go leor Gaeilge ag an sagart nuair atá sé á chur go dtí ceantar Gaeltachta agus gur ina dhiaidh sin a fhaightear amach nach mar sin a bhí. Tá cásanna den saghas sin ann agus ceapaim gur cóir an t-eolas a chur ar fáil do na hEaspaig nuair a tharlaíonn a leithéid agus a iarraidh orthu socruithe eile a dhéanamh.

Tá roinnt pointí ann a luaigh an Seanadóir Ó Ceallaigh ina chuid cainte agus ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dóibh. Dúirt sé go raibh easpa muiníne sa Ghaeltacht. Is dócha go bhfuil an fhírinne aige ansin ar bhealach. Tá easpa muiníne ann ar bhealaí áirithe ach bhí an ceart ag an Seanadóir Brugha gur féidir dul amú a bheith orainn faoi seo toisc nach bhfuil an méid sin easpa muiníne in áiteanna. Séard atá ag teastáil ná córas lena chur ar chumas na ndaoine a gcuid muiníne a chur i ngíomh agus a chothú agus is chuige sin ba mhaith liom dá bhféadfaimis bealach éigin a aimsiú le go mbeadh féin-rialú áitiúil ann—is é sin údarás áitiúil a bheadh tofa go daonlathach ag muintir an réigiúin Ghaeltachta—agus go mbeadh na cumhachtaí acu atá ag na comhairlí contae chomh fada agus is féidir a leithéid a thabhairt dóibh go praiticiúil. Tá roinnt dul chun cinn déanta againn leis an smaoineamh sin. Tá an-chuid deacrachtaí dlí ag baint leis taobh amuigh de dheacrachtaí eile. Táimid ag iarraidh iad siúd a réiteach i láthair na huaire agus, mar adúirt mé, tá roinnt dul chun cinn déanta.

Tá mé go láidir den tuairim gur chóir ar aon nós triail a bhaint as an saghas seo córais chun deis a thabhairt do mhuintir an réigiúin Ghaeltachta a gcuid muiníne astu féin a chothú. Tá muintir an réigiúin sin faoin am seo sa riocht go bhfuil déistean orthu roimh phleananna agus gach saghas cainte atá ag teacht chucu ón taobh amuigh, go háirithe ó Bhaile Átha Cliath. Seans uaireanta go bhfuil an ceart ag na daoine i mBaile Átha Cliath ach ní dóigh liom gurb é sin an pointe atá i gceist. Is é an pointe atá i gceist ná gur pobal iontu féin iad muintir an réigiún Ghaeltachta agus nach féidir le daoine ón taobh amuigh a gcuid fadhbanna go léir a thuiscint i gceart agus ar aon nós, fiú má thuigeann siad i gceart iad, gur gá ó thaobh an daonlathais de go mbeadh socrú na faidhbe seo ag muintir an réigiúin féin—fiú má théann siad amú. Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh an fhreagracht orthu agus an chumhacht acu le an-chuid a dhéanamh chun an saol atá acú a fheabhsú. Mura bhfuil siad siúd sásta é sin a dhéanamh agus an córas acu, is beag dóchas a bheadh agam don Ghaeltacht. Creidim féin go mbeidís sásta é sin a dhéanamh.

Anois, labhair an Seanadóir Ó Ceallaigh faoi bhainisteoirí Ghaeltarra Éireann a bheith fostaithe sa Ghaeltacht agus gan Gaeilge acu, nó dúirt sé má tá an Ghaeilge féin acu nach bhfuil siad sásta í a labhairt thar an lomriachtanas. Ní dúirt an Seanadóir Ó Ceallaigh gur dhuine den saghas sin gach bainisteoir i nGaeltarra agus níor mhaith liom go gceapfadh aon duine gurb amhlaidh atá, mar ní mar sin atá. Tá roinnt mhaith de na bainisteoirí a bhfuil an Ghaeilge anlíofa acu agus í á labhairt acu i gcónaí ach is fíor go bhfuil roinnt bainisteoirí fostaithe ag Gaeltarra nach bhfuil go leor Gaeilge acu lena gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé sin fíor agus nílim sásta an scéal a bheith amhlaidh.

Ba chóir dom a rá i dtosach go mbíonn sé deacair an duine ceart a fháil do chuid de na postanna seo ach, nuair a bhíonn tú ag brath ar an duine ceart a fháil agus Gaeilge líofa a bheith aige, bíonn sé do-dhéanta ar fad uaireanta. Sin an chúis atá leis an scéal mar atá. Bíodh an scéal amhlaidh, ní ionann é sin agus a rá gur chóir dúinn bheith sásta leis an scéal a bheith mar sin. I mo thuairimse tá réiteach agam ar an bhfadhb seo nó réiteach a rachaidh cuid den bhealach agus is é seo an rud atá i gceist agam.

Nuair a chuala mise faoi na rudaí seo an tráth a tugadh dualgas dom bheith freagrach as Gaeltarra Éireann cheistigh mé an scéal seo agus míníodh dom cad iad na deacrachtaí a bhí ann agus míníodh dom cad a bhí ar siúl chun iad a leigheas. Bhí bainisteoirí ag freastal ar chúrsaí Gaeilge san oíche agus ag déanamh an-iarracht ar theacht isteach ar an nGaeilge ach, de réir dealraimh, is é a tharla ná gur tháinig fir isteach agus bhí roinnt mhaith oibre ag fanacht dóibh. Cuireadh isteach iad ar an obair ar an bpointe agus dúradh leo go gcaithfidís an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith. Dúirt mise le Gaeltarra, agus tá glactha acu leis, nach n-oibreodh socrú den asaghas sin. Tá socraithe acu anois, maidir le haon bhainisteoir a fhostófar agus gan go leor Gaeilge aige, gurb é an chéad ní a dhéanfaidh sé sula ndéanfaidh sé aon saghas oibre eile ná dianchursa Gaeilge, a mhairfidh de ghnáth sé sheachtain nó mar sin, i rith an lae ar chostas Ghaeltarra. Is cuid dá ndualgais go ndéanfaidh siad na dianchúrsaí sin más gá.

Chomh maith leis sin tá socruithe speisialta á ndéanamh anois i gcás daoine atá fostaithe cheana féin agus atá sáite san obair ach nach bhfuil go leor Gaeilge acu. Is mó fós na deacrachtaí i gcás na ndaoine siúd. Níl Gaeltarra sásta leis an scéal agus cinnte níl mise sásta leis, agus tá a fhios acu nach bhfuilim sásta. Tá sé i gceist agam cuíosach luath bheith thiar ag searmanas a bheidh ar siúl ag Gaeltarra agus tá súil agam go mbuailfidh mé leis an gcuid is mó de na bainisteoirí. Cé go bhfuil a fhios agam go dtuigeann an bord an scéal agus go ndearna siad gach iarracht leis an bpolasaí atá againn a chur in iúl do na bainisteoirí, tá sé i gceist agam iarracht phearsanta a dhéanamh lena chur in iúl do na bainisteoirí cad é an polasaí atá againn faoi seo, is é sin go gcaithfidh Gaeltarra Éireann bheith cumasach i gcúrsaí gnó ach, chomh maith leis sin, nach bhfuil aon chúis go mbeadh Gaeltarra ann mura mbeidís ag cuidiú leis an nGaeilge, agus nach bhfuil iomaíocht dáiríre idir an dá fheidhm sin ach go gcaithfear glacadh leis go bhfuil siad araon chomh tábhachtach lena chéile.

Ar ndóigh, tá traenáil á tabhairt do dhaoine i gcúrsaí teicniúla ag Gaeltarra Éireann agus cuid acu curtha thar lear ar chúrsaí den saghas sin ach, ó thaobh bainsteoirí go háirithe, ní dóigh liom gur fiú bheith ag brath ar dhaoine a thraenáil agus ansin iad a chur isteach mar bhainisteoirí. Caithfidh siad roinnt taithí a bheith acu i gcúrsaí gnó is dóigh liom má tá siad le bheith úsáideach, cabhrach agus cumasach agus iad ag obair do Ghaeltarra Éireann.

Anois, ba mhaith liom a rá chomh maith go gceapaim gur chóir go nglacfaimis leis go bhfuil dhá cheist éagsúla ann nuair atáimid ag trácht ar fhadhbanna na Gaeltachta ar thaobh amháin agus ar athbheochan na Gaeilge ar an taobh eile. Is fíor go bhfuil dlúthbhaint eatarthu ach mar sin féin is ceisteanna éagsúla iad agus is gá cur chuige ar bhealaí éagsúla má táimid leis na fadhbanna sin a réiteach. I láthair na huaire anseo nílim ach ag caint faoin nGaeltacht agus obair Ghaeltarra Éireann sa réigiún Gaeltachta ach tuigimís gur rudaí éagsúla agus difriúla ar fad atá i gceist anseo. Is é an tuairim atá agam, faoi mar a dúirt mé cheana, ná go bhfuil gach seans ann go mbeidh lán-fhostaíocht againn sa réigiún Gaeltachta sna seachtóidí. Ní ionann sin agus a rá go mbeidh an réigiún Gaeltachta slán sábháilte. Chomh maith leis sin is dóigh liom gur cóir dom a rá go gceapaim go bhfuil an baol ann, fiú leis an dul chun cinn atá déanta cheana agus a fheicimid á dhéanamh sna blianta atá romhainn, go gcaillfear an Ghaeltacht.

Ná cuirimis aon dallamullóg orainn féin faoi sin. Is féidir an Ghaeltacht a chailliúint lenár linne: fad is beo dúinne is féidir é sin a thitim amach. Déanfaimid gach iarracht a chinntiú nach dtarlóidh sé sin ach tuigimis ar deireadh gurb é toil mhuintir na Gaeltachta a shocróidh é sin—ní hé toil mhuintir na hÉireann ná toil an Rialtais ach toil mhuintir an réigiúin Ghaeltachta. Dá bhrí sin is é atá le déanamh againn ná, chomh fada agus is féidir linn, córas a chur ar fáil agus caighdeán maireachtála a sholáthar a thabharfaidh ar mhuintir an réigiúin sin an rogha a dhéanamh an gcloífidh siad le Gaeilge nó nach gcloífidh. Mar a deirim, cé go bhfuil deacrachtaí ann, ceapaim gur féidir linn réiteach na ceiste ó thaobh na fostaíochta a fheiceáil ach tá i bhfad níos mó ná sin ann. Caithfear meon na ndaoine ansin a chothú mar phobal iontu féin agus caithfidh dlúthcheangal a bheith idir mhuintir na gceantar éagsúil sa réigiún ar fad. Caithfidh siad bheith sa riocht ina mbeidh córas agus caighdeán maireachtála acu mar atá ag gach aon duine san fhichiú haois, caithfidh siad bheith sa riocht gur féidir leo bheith bródúil as bheith ina nGaeilgeoirí agus nach gcaillfidh siad postanna mar gheall ar an mbród sin. I láthair na huaire cosnaíonn an bród sin airgead ar chuid mhór acu.

Tugtar deontais speisialta chun an fhíor-Ghaeltacht a chothú agus a fhorbairt. Le blianta fada bhí amhras orm maidir le cuid de na deontais Ghaeltachta. Deirtear gur tugadh iad in áiteanna nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge á labhairt iontu. Tá sé ráite agam go poiblí agus go príobháideach, le Gaeltarra Éireann agus le Roinn na Gaeltachta, gur chun an fhíor-Ghaeltacht, agus an fíor-Ghaeltacht amháin, a chothú atá an t-airgead sin ann. Tá deacrachtaí ag baint leis sin. Ach caithfimid, chomh fada agus is féidir, a chur ina luí ar gach aon duine gur san fhior-Ghaeltacht atá na deontais le caitheamh.

Is é mo thuairim gur féidir an Ghaeltacht a shábháil agus a fhorbairt. Ní beag an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas. Is féidir a lán deacrachtaí a shárú anois agus fadhbanna na fostaíochta a réiteach. Tá fadhbanna eile, áfach, agus tá siad níos deacra a réiteach. Tá meon agus toil mhuintir na Gaeltachta an-tábhachtach. Ba chóir deis a thabhairt do na daoine sin na tuairimí atá acu a léiriú.

Tá difríocht idir an pobal sa Ghaeltacht agus an pobal sa Ghalltacht, bíodh go bhfuil cosúlacht eatarthu chomh maith. Is dóigh liom go gcaithfimid glacadh leis sin. Tá dhá theanga oifigiúla sa tír anois ach sílim nach miste smaoineamh ar a shocrú nach mbeadh ach teanga oifigiúil amháin sa réigiún Gaeltachta. Bheadh saghas teorann le haithint ansin ann agus is fearr a d'fhéadfaimis an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú ionas go mbeadh sí ag brú amach ar an nGalltacht. Tar éis dom bheith ag éisteacht lena ndúradh anseo anocht caithfidh mé a rá go bhfuil dóchas agam gur féidir é sin a dhéanamh trí chomhoibriú idir na páirtithe polaitíochta. Ní ceist pholaitíochta idir na páirtithe ceist na Gaeltachta.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanad agus leis an Aire mar gheall ar an slí inar ghlach siad leis an dtairiscint. Gabhaim leithscéal leis an Seanadóir Brugha as ucht cur isteach air. Bhí díospóireacht bhéasach síochánta againn go dtí sin, agus is truagh liom gur mise a bhris an tsíocháin. Ní raibh sé de cheart agam é sin a dhéanamh. Tá mé buíoch de as ucht adubhairt sé.

Labhair sé i dtaobh G.T. Carpets agus tionscail nua a bhunú i Tír Chonaill, agus dubhairt sé go raibh an bainisteóir oiriúnach agus go raibh Gaeilge an-mhaith aige. Tá aithne agam ar an bhfear sin; ach is eisceacht é, ní thiocfá an dara uair ar a leithéid. Ní mar an gcéanna an cás i ngach monarcha eile. Tá cuid de na bainisteoirí go maith; níl locht le fáil orthu mar dhaoine ach níl an Ghaeilge acu. Ar an ábhar sin, tá siad ag cur isteach ar an nGaeltacht. Is é sin an rud is tábhachtaí ó thaobh mhuintir na Gaeltachta de.

Má fheiceann siad na daoine eile úd le postanna móra goilleann sé orthu. D'aontaigh mé leis an cuid is mó de na rudaí adubhairt na Seanadóirí. Tá a lán déanta ag Gaeltarra Éireann. Do chuir mé an bhéim ar dtús ar alt a 4 d'Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957. De réir an ailt sin is é an chéad dualgas atá ann an Ghaeilge a leathnú mar ghná-urlabhra sa Ghaeltacht. Ach tá an dara dualgas ann. Mar adubhairt an tAire féin, ní bheadh Gaeltarra Éireann ann cor ar bith murach an dara dualgas sin. Mara mbeadh an dara dualgas sin, ní bheadh aon chúis ann Gaeltarra Éireann a bhunú, agus má tá Gaeltarra Éireann ag déanamh faillí sa dara dualgas sin —pé acu tá Gaeltarra Éireann ciontach ann nó a mhalairt— caithfimid é sin a aithint go soiléir agus go macánta. Ní foláir dom a admháil go raibh an tAire amhlaidh sin. Bhí sé macánta agus oscailte go leor.

Bhí an Seanadóir McDonald i bhfábhair Gaeltacht a bheith in áit éigin i gContae Laoise. Ní mise a bheadh ina choinne sin. Más féidir leis an Seanadóir muintir Mhóinteach Mílic nó Bhéal Atha an Róine féin a mhealladh chuig an Ghaeilge, ba cheart na deontaisí agus uile a thabhairt dóibh.

Mhol an Seanadóir Brugha rud éigin i dtaobh príomh-chathair a bhunú sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam an eol dó é, ach tá an moladh seo i bpolasaí Fhine Gaeil. Dhá bhliain ó shin, rith Ard-Fheis Fhine Gaeil rún go mba cheart "focus cathartha" a chur ar bun i ngach ceantar Ghaeltachta. Níl dul as cathair a thabhairt don Ghaeltacht, mar gur sibhialtacht chathartha an tsibhialtacht atá againn agus aithníonn muintir na Gaeltachta é sin. Ní hamadáin iad: is féidir leo é sin a aithint chomh maith agus is féidir linne é a aithint. Chun meon, agus misneach a choinneáil beo iontu, níl dul as, dar liomsa cathair de shaghas éigin a thabhairt dóibh. Tá tús déanta cheana féin san gCeathrú Rua i gConamara. Ní dóigh liom gur leor sin. Ní dóigh liom go bhfuilimid sásta leis an méid atá déanta sa slí sin.

Do thagair an Seanadóir Uí Eachthéirn d'Óstán na Sceilge. Ní heol dom faic faoin óstán sin. Tá eolas maith agam ar an gceantar ach ní fhaca mé an t-óstán go fóill. Do chuala mise agus b'fhéidir nach fíor é, nach Gaeilgeoirí iad na freastalaithe atá ag obair san óstán sin, nó cuid mhaith acu, ainneoin an méid adubhairt an Seanadóir. Dubhairt sí go raibh Gaeilge mhaith acu agus gur labhair siad í. B'fhéidir go raibh Gaeilge á labhairt an lá a thug sí cuairt ar an áit ach faoi mar chuala mise is beag Gaeilge atá le cloisint ann.

Dubhairt an tAire—agus bhí áthas mór orm é a chloisteáil—go bhfuiltear chun radio lán-Ghaeilge a chur ar bun don Ghaeltacht. Fáilteoidh muintir na Gaeltachta roimhe. Tabharfaidh na nuachtáin poibhlíocht don scéal sin ar maidin.

Fógraíodh an nuacht sin cheana féin.

An uair dheireanach, ní dubhrathas ach go rabhthas "ag machnamh ar an scéal". Go dtí seo, ní raibh eolas cruinn ann go raibh sé socruithe. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire faoin réiteach seo. Déanfaidh sé difríocht mhór do mhuintir na Gaeltachta.

Maidir le scéal na sagart, pé smacht atá ag Gaeltarra Éireann ar an Gharda Síochána agus uile, níl a fhios agam faoin cléir. "Uisce faoi thalamh" a mholfainn don Aire agus é ag oibriú ar na hEaspaig chun sagairt a bhfuil Gaeilge mhaith acu a chur chuig an Ghaeltacht. Bhí a fhios agam féin go raibh sagairt ar fíor-bheagán Ghaeilge sa Ghaeltacht, agus má bhí Gaeilge féin acu nach raibh sé ar a gcumas fiú amháin faoistin a dhéanamh trí Ghaeilge. Níor tógadh sa Ghaeltacht iad. Ní ceart sin. Tá mé cinnte go bhfuil an deacracht chéanna ag baint leis an scéal seo agus atá ag baint le scéal na mbainisteoirí, ach mar sin féin, ba cheart don Aire iarracht a dhéanamh leis an scéal a réiteach.

Thaitn liom an méid adubhairt an Seanadóir Mac Giolla Gunna faoi easpa muiníne agus a leithéid. Rinne sé tagairt do Iorras i gContae Mhuigheo. Tá eolas maith agam ar an áit. Aontaím leis an méid adubhairt sé faoin talmhaíocht sa cheantar sin. Chomh fada agus is féidir liomsa a fheiceáil, tá sí go maith ann, níos fearr ná mar atá sé in áiteanna eile sa chontae. Ach ba mhaith liom fiafraí de cé mhéid Gaeilge a chuala sé agus é in Iorras. An dá uair a bhí mise ann ní raibh ach na seandaoine sásta Gaeilge a labhairt liom: ní raibh na daoine óga sásta í labhairt liom cor ar bith. Ní Gaeltacht an ceantar sin. Cé go n-áirítear mar Ghaeltacht ar an leárscáil é ní féidir——

Níor thug mise Gaeltacht ar an leath Dáil-Cheantar sin.

Is fíor duit. Mar sin fhéin, dubhairt an Seanadóir go raibh dóchas aige faoin saol atá rompu sa cheantar sin, ach is ar éigean is féidir Gaeltacht a thabhairt air. Is trua liom é sin a rá.

Rinne an Seanadóir céanna tagairt do na fógraí ag bóthair agus dubhairt go raibh áthas air go rabhthas chun na comharthaí bóthair go léir sa Ghaeltacht a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní maith liom dul ar fán nó ar stré ón ábhar atá romhainn, ach má tá an Rialtas, nó an Roinn Rialtais Áitiúil, chun é sin a dhéanamh, ba mhaith liom go bhféachfaí chuige Gaeilge mhaith a bheith le léamh ar na comharthaí bóthhair ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre. Is scannal iad na comharthaí bóthair atá le feiceáil i ngach aird den tír. Le cúpla mí anuas tá comharthaí bóthair á gcur suas taobh amuigh den phríomh-chathair. Cuireann siad in iúl dúinn go bhfuilimid ag druidiúint i leith "Átha" Cliath ach cá bhfuil "Átha" Cliath? Is botún é. Dá ndéanfadh duine botún den saghas sin ar scoil do bhuailfí é. Ba mhaith liom dá ndéanfaí cúram den obair seo agus nach ligfí don Aire Rialtais Áitiúil ná d'údarás áitiúil ar bith an chomharsanacht a thruailliú le ráiméis, mar ráiméis is ea é. Tá sé ceart go leor comharthaí bóthair as Gaeilge a bheith ann ach níl Gaeilge ag furmhór na ndaoíne. Caithfimid íoc as, ach diúltaím glan bheith ag íoc as comharthaí bóthair nach bhfuil an Ghaeilge orthu cruinn, beacht agus ceart. Cén fá go mbeadh orainn íoc as ráiméis? Caithfidh mé a admháil nach mbaineann an gnó go díreach le Gaeltarra Éireann agus táim buíoch den Chathaoirleach nár rialaigh sé as ord mé.

Is beag achrann a bheadh idir mé féin agus an tAire maidir leis an méid adubhairt sé. Tá mé buíoch de i ngeail ar chomh hoscailte agus chomh macánta a bhí sé i ngach rud adubhairt sé.

Tá moladh amháin le déanamh agam agus deinim é go síochánta gan aon tairbhe polaitíochta bheith á lorg agam. Rinne an tAire tagairt don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Samhlaítear domsa go minic nach bhfuil sa dhá cheist sin ach peil imeasc lucht polaitíochta. Ocht mbliain ó shin léirigh Fine Gael go raibh sé mí-cheart agus mí-réasúnta an Ghaeilge bheith éigeantach sna scoileanna, éigeantach sa státseirbhís agus mar sin de. Dob éigin d'Fhianna Fáil cur inár n-aghaidh.

Agus vice versa.

B'fhéidir é. Molaim go síochánta don Aire a chur ina luí ar an Rialtas coiste iol-pháirtíoch a chur ar bun i ngeall ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, faoi mar a bunaíodh trí bhliain ó shin i dtaobh an Bhunreachta. Bhí an tAire féin ina chathaoirleach ar an gcoiste sin agus cé nár aontaigh mé lena lán dar mhol an coiste sin, rinne an coiste sár-obair —obair nár ghá a dhéanamh an tarna babhta. Ar an gcoiste sin bhí 12 Teachtaí Dála agus Seanadóirí. D'oibríodar go síochánta le chéile agus rinne siad obair mhaith faoi mar adeirim.

Má táimid ag machnamh nó ag smaoineamh ar an mBunreacht a athrú ar dhóigh nach mbeadh achrannach bheadh an chuid is mó den obair déanta cheana féin ag an gcoiste sin. Is í an teanga is mó a bhíonn thíos leis nuair is peil imeasc lucht polaitíochta í. Is don teanga is mó a déantar dochar. Ligim Dream an Lucht Oibre as an scéal ar fad mar is deacair a fháil amach cad é an polasaí atá acu i leith na Gaeilge. Ach ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire machnamh ar an rud a mhol mé—coiste a bhunú chun ceist na teanga a thógaint as cúrsaí polaitíochta ar fad agus chun a chur ar ár gcumas socruithe i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanamh—socruithe a d'fheilfeadh don teanga agus a chinnteodh nach bhfaigheadh an teanga bás.

Gabhaim buíochas arís leis an Seanad agus leis an Aire.

An mian leis an Seanadóir an tairiscint a tharraingt siar?

Más é mian an Tí é ach ní díospóireacht achrannach a bhí ann.

Glacadh leis an tairiscint.

The Seanad adjourned at 9 p.m. until 3 p.m. on Wednesday, 6th May, 1970.