Is le cúrsaí Ghaeltarra Éireann a bhaineann an Bille seo agus ba mhaith liom, i dtosach báire, tagairt a dhéanamh don dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas ó tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra chun tionscail a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is féidir le Gaeltarra scaireanna a ghlacadh i gcomhlachtaí agus deontais tionscail a thabhairt do na comhlachtaí más gá: tá sé cinn déag de na comhthionscail sin bunaithe cheana nó le bunú go luath. Tig le Gaeltarra chomh maith deontais, nach dtéann thar £10,000 go dtí seo, a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur ar aghaidh gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun: tá breis agus céad de na miondeontais sin ceadaithe. Na tionscail, idir mhór agus bheag, atá i gceist meastar, ach iad a bheith faoi lánseol, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreise lánaimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Ní gan dua a rinneadh an méid sin agus is é mo thuairimse go bhfuil ardmholadh tuillte ag Gaeltarra dá bharr. Ar ndóigh, tá a fhios againn nach leor a bhfuil déanta go fóill: is é atá uainn ná lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá plean á ullmhú ag Gaeltarra chun an cuspóir sin a bhaint amach.
Ní féidir dul chun cinn mar atá luaite agam a dhéanamh gan cúnamh mór airgid ón Stát. Tá dhá bhealach ina dtugtar an cúnamh sin do Ghaeltarra—deontais trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain agus airleacain as an bPríomh-Chiste. Baineann uasteorainn reachtúil leis na hairleacain— £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus £2 mhilliún sa bhliain 1965. Tá an £2 mhilliún sin caite mar seo a leanas:—
£900,000 ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin,
£760,000 ar mhonarchana lena gcur ar cíos, agus
£340,000 ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile chun comhthionscail a reachtáil.
Ó tharla go bhfuil an uasteorainn sroichte, is mithid í a ardú arís agus sin é príomhchuspóir an Bhille seo. Tá foráil in alt 4 chun an uasteorainn do na hairleacain a íoctar le Gaeltarra a ardú ó £2 mhilliún go dtí £6 mhilliún. Nuair a bheidh an £4 mhilliún breise caite a gceann tamaill de bhlianta, cuirfear an scéal faoi bhráid an Oireachtais arís. I dteannta uasteorainn na n-airleacan a ardú, tá roinnt leasuithe eile á ndéanamh sa Bhille seo. Luaigh mé cheana go bhfuil cumhacht ag Gaeltarra deontais a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn— gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun. Uasteorainn £2,000 a cuireadh leis na deontais sin sa bhliain 1965 agus ardaíodh í go dtí £10,000 sa bhliain 1968. Anois, le halt 2 (a) den Bhille, tá an uasteorainn á chur ar ceal ionas go mbeidh Gaeltarra in ann tionscail bheaga a bhreithniú faoi mar a dhéanann an tÚdarás Forbartha Tionscail agus deontais níos mó ná £10,000 a thabhairt i gcásanna cuí. Ar ndóigh, ní thabharfadh Gaeltarra agus an tÚdarás Forbartha Tionscail deontais san aon chás amháin agus tá sé sin á dheimhniú le halt 2 (b).
Tá foráil thábhachtach eile in alt 5 den Bhille a chuirfidh ar chumas údaráis áitiúil dhá thrian de na rátaí a mhaitheamh go ceann deich mbliana ar áitribh thionscail is ábhar cúnaimh ó Ghaeltarra — faoi mar atá i bhfeidhm d'áitribh a sholáthraítear i limistéir ainmnithe le cúnamh ón Údarás Forbartha Tionscail. Baineann an fhoráil seo le háitribh a tógadh, a méadaíodh nó a feabhsaíodh ón uair a tugadh na cumhachtaí breise do Ghaeltarra sa bhliain 1965. Bhí faoiseamh ó rátaí le fáil cheana go ceann tréimhse nach faide ná seacht mbliana, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1970, ach tá na hAchtanna sin ag dul in éag.
Le cúig bliana anuas níor ceapadh aon chomhalta de Bhord Gaeltarra ina stiúrthóir bainistí: is amhlaidh a fágadh faoin mBord bainisteoir ginearálta a fhostú agus leanfar den nós imeachta sin. Dá réir sin tá na tagairtí do stiúrthóir bainistí á mbaint amach as an Acht bunaidh le halt 3 den Bhille.
Sin iad príomhfhorálacha an Bhille: níl fágtha ach mínithe in alt 1 agus gearrtheideal agus comhlua in alt 6. D'fhonn go bhféadfar leanúint de na hiarrachtaí fiúntacha atá ar siúl ag Gaeltarra ar mhaithe leis an nGaeltacht, tá mé ag iarraidh ar an Seanad glacadh leis an mBille seo inniu.