An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1971: an Dara Céim agus na Céimeanna Deiridh. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1971: Second Stage and Subsequent Stages.

Cuireadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair".
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time".

Is le cúrsaí Ghaeltarra Éireann a bhaineann an Bille seo agus ba mhaith liom, i dtosach báire, tagairt a dhéanamh don dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas ó tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra chun tionscail a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is féidir le Gaeltarra scaireanna a ghlacadh i gcomhlachtaí agus deontais tionscail a thabhairt do na comhlachtaí más gá: tá sé cinn déag de na comhthionscail sin bunaithe cheana nó le bunú go luath. Tig le Gaeltarra chomh maith deontais, nach dtéann thar £10,000 go dtí seo, a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur ar aghaidh gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun: tá breis agus céad de na miondeontais sin ceadaithe. Na tionscail, idir mhór agus bheag, atá i gceist meastar, ach iad a bheith faoi lánseol, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreise lánaimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Ní gan dua a rinneadh an méid sin agus is é mo thuairimse go bhfuil ardmholadh tuillte ag Gaeltarra dá bharr. Ar ndóigh, tá a fhios againn nach leor a bhfuil déanta go fóill: is é atá uainn ná lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá plean á ullmhú ag Gaeltarra chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Ní féidir dul chun cinn mar atá luaite agam a dhéanamh gan cúnamh mór airgid ón Stát. Tá dhá bhealach ina dtugtar an cúnamh sin do Ghaeltarra—deontais trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain agus airleacain as an bPríomh-Chiste. Baineann uasteorainn reachtúil leis na hairleacain— £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus £2 mhilliún sa bhliain 1965. Tá an £2 mhilliún sin caite mar seo a leanas:—

£900,000 ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin,

£760,000 ar mhonarchana lena gcur ar cíos, agus

£340,000 ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile chun comhthionscail a reachtáil.

Ó tharla go bhfuil an uasteorainn sroichte, is mithid í a ardú arís agus sin é príomhchuspóir an Bhille seo. Tá foráil in alt 4 chun an uasteorainn do na hairleacain a íoctar le Gaeltarra a ardú ó £2 mhilliún go dtí £6 mhilliún. Nuair a bheidh an £4 mhilliún breise caite a gceann tamaill de bhlianta, cuirfear an scéal faoi bhráid an Oireachtais arís. I dteannta uasteorainn na n-airleacan a ardú, tá roinnt leasuithe eile á ndéanamh sa Bhille seo. Luaigh mé cheana go bhfuil cumhacht ag Gaeltarra deontais a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn— gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun. Uasteorainn £2,000 a cuireadh leis na deontais sin sa bhliain 1965 agus ardaíodh í go dtí £10,000 sa bhliain 1968. Anois, le halt 2 (a) den Bhille, tá an uasteorainn á chur ar ceal ionas go mbeidh Gaeltarra in ann tionscail bheaga a bhreithniú faoi mar a dhéanann an tÚdarás Forbartha Tionscail agus deontais níos mó ná £10,000 a thabhairt i gcásanna cuí. Ar ndóigh, ní thabharfadh Gaeltarra agus an tÚdarás Forbartha Tionscail deontais san aon chás amháin agus tá sé sin á dheimhniú le halt 2 (b).

Tá foráil thábhachtach eile in alt 5 den Bhille a chuirfidh ar chumas údaráis áitiúil dhá thrian de na rátaí a mhaitheamh go ceann deich mbliana ar áitribh thionscail is ábhar cúnaimh ó Ghaeltarra — faoi mar atá i bhfeidhm d'áitribh a sholáthraítear i limistéir ainmnithe le cúnamh ón Údarás Forbartha Tionscail. Baineann an fhoráil seo le háitribh a tógadh, a méadaíodh nó a feabhsaíodh ón uair a tugadh na cumhachtaí breise do Ghaeltarra sa bhliain 1965. Bhí faoiseamh ó rátaí le fáil cheana go ceann tréimhse nach faide ná seacht mbliana, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1970, ach tá na hAchtanna sin ag dul in éag.

Le cúig bliana anuas níor ceapadh aon chomhalta de Bhord Gaeltarra ina stiúrthóir bainistí: is amhlaidh a fágadh faoin mBord bainisteoir ginearálta a fhostú agus leanfar den nós imeachta sin. Dá réir sin tá na tagairtí do stiúrthóir bainistí á mbaint amach as an Acht bunaidh le halt 3 den Bhille.

Sin iad príomhfhorálacha an Bhille: níl fágtha ach mínithe in alt 1 agus gearrtheideal agus comhlua in alt 6. D'fhonn go bhféadfar leanúint de na hiarrachtaí fiúntacha atá ar siúl ag Gaeltarra ar mhaithe leis an nGaeltacht, tá mé ag iarraidh ar an Seanad glacadh leis an mBille seo inniu.

Ar an gcéad dul síos cuirim fáilte roimh an Rúnaí Parlaiminte. Beagnach bliain ó shin bhí diospóireacht againn sa tSeanaid —diospóireacht iomlán, leathan, sasúil ar thuarascáil bhliantuil Ghaeltarra Éireann. An uair sin dúirt lucht an pháirtí seo nach rabhamar mí-shásta le Gaeltarra Éireann ach nach rabhamar lán-tsásta leo ach oiread. Idir an dá linn ní féidir a fháil amach cé acu tá athrú tagtha ar scéal Ghaeltarra nó nach bhfuil. Ní féidir fós a dhéanamh amach i gceart an bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal.

Na tuairimí a nochtaíomar an uair úd tá siad fós againn agus ní mórán an tairbhe dúinn é dul siar ar a ndúramar an tráth úd. Dá bhrí sin níl mórán le rá againn anois. Amach anseo is dócha beidh díospóireacht arís againn ar chúrsaí Ghaeltarra Éireann. Uime sin, níl uainn anois ach mion-thagairt a dhéanamh d'altanna áirithe sa Bhille féin.

Ba mhaith an rud é an uasteorainn a ardú arís. Táimíd lán tsásta leis sin, go háirithe le halt 2 (a) den Bhille maidir le cabhair a thabhairt do no miontionscadail. Sár obair ar fad atá á déanamh ag Gaeltarra i dtaobh na scéime seo agus is maith an rud ar fad í a chur chun cinn.

Maidir le halt 3 den Bhille, dúirt an Rúnaí Parlaiminte nár ceapadh éinne ina stiúrtheór bainistí le cúig bhliain anuas, agus, mar sin, tá sé ar intinn aige an post sin a scriosadh as an dlí ar fad. An bhfuil sé riachtanach é sin a dhéanamh? An ndéanfaidh sé aon dochar na tagairtí atá san Principal Act a fhágaint ann? B'fhéidir i gceann tamaill de bhlianta go mbeidh duine ar an mbord a bheidh an-oiriúnach mar stiúrtheór bainistí. Ón méid a chualamar inniú, níl mé cinnte gur ceart na tagairtí sin a scriosadh.

Is maith iad na forálacha atá in alt 5 den Bhille a bhaineann le maitheamh rataí.

Níl gach rud atá a dhéanamh ag Gaeltarra Éireann sásúil ach an obair atá idir lámha acu is tábhachtach an obair í. Táimid go léir ar aon intinn faoi sin. Rinne Gaeltarra Éireann dul chun cinn le cúig bhliain anuas, faoi mar adúirt an Rúnaí Parlaiminte, agus tá súil againn go ndeanfaidh siad níos fearr i gceann cúig bhliain eile.

Is mian liom cuidiú leis an bhfáilte do chuir an Seanadóir Dooge roimh an Rúnaí Parlaiminte. Tá a fhios againn go bhfuil sé ina shochair do chúis na Gaeilge agus do fhorbairt na Gaeltachta. So mhéid sin tá sé i gcomhluadar maith leis an Aire Airgeadais, Seoirse Ó Colla, agus tá súil againn go n-éireoidh leis an mbeirt acu an cuspóir atá acu agus an cuspóir atá ag Gaeltarra Éireann a chur i gcrích: is é sin lán-fhostaíocht a chur ar bun do mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeltacht féin taobh istigh den deich mbliain atá romhainn.

Mara dúirt an Seanadóir Dooge leis, do dheineamar cúrsaí Ghaeltarra Éireann cíoradh go maith taobh istigh deich bhliain ó shin, agus ní dóigh liom gur gá dul isteach ins na rudaí go léir mar dheineamar an tuarascáil go léir a cíoradh. Ní dóigh liom go rabhamar go léir mí- shásta, mara dúirt an Seanadóir. Bhí mé féin sásta go maith leis an méid a bhí á dhéanamh acu.

Mí-shásta, leathshásta.

Ar aon nós, tá obair mhaith déanta ag Gaeltarra Éireann agus is mian liom tréaslú leo a bhfuil déanta acu. Is ró-mhór ar fad an méid cáineadh atá ar siúl sa tír seo, agus ba ceart dúinn, anois is arís, daoine do mholadh as ucht an méid a dheineann siad. Nílim chun dul isteach ins na h-altanna go léir, ach chonaic mé anseo in áit éigin go bhfuil Gaeltarra Éireann ag dul isteach go dtí Baile an Sceilg agus cuirim fáilte roimh an tionscal sin. Is maith liom i gcónaí tionscail a bheith bunaithe ar bunábhair na háite. Mar sin, is mór an trua nach bhfuil níos mó tionscail bunaithe ar an talmhaíocht.

Rud eile a cuireann as dom nach bhfuil gluaiseacht na comharchumann ag dul ar aghaidh chomh maith agus ba mhaith liom sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam conas is féidir a chur chuige. An ndéanfaidh siad cúis roinnt timirí a chur timpeall? Ach tá a fhios againn nach bhfuil ag éirí go ró-mhaith ag na gcomharchumainn sa Ghalltacht féin. Is dian an obair a bheidh roimh na timirí má thugann siad faoi. Is dóigh liom go bhféadfaimís níos mó a dhéanamh leis na déantúisí cois teallaigh a mhuscailt agus a chur ar bun ins na Gaeltachtaí eile. Tá a fhios agam go bhfuil ag éirí go maith leo thuas i dTír Chonaill, ach is dócha nach bhfuil an tradisiún sin i gCiarraí ná ins na Gaeltachtaí eile. B'fhéidir gur mhaith an rud dul i gcomhar le Bantracht na Tuaithe sa mhéid sin, agus roinnt de thionscail teallaigh a bhunú cosúil le Co-operative Handcrafts i Strokestown.

Ba mhaith an rud é ceanntair mar sin a bhunú ins na Gaeltachtaí go léir. D'fhéadfadh na mná, agus b'fhéidir na leanaí, rudaí a dhéanamh sa gheimhreadh. Bhéadh cabhair le fáil ó Country Markets san obair sin. Leis sin is mian liom arís Gaeltarra Éireann a mholadh agus tréaslú leo a bhfuil déanta acu, agus rath Dé a ghuí ar an obair atá roimh an Rúnaí Parlaiminte, roimh Gaeltarra Éireann agus roimh an Aire Airgeadais.

Ar dtús, is mithid dúinn fáilte a chur roimh an Rúnaí Parlaiminte. Is féidir linn freisin fáilte a chur roimh an mBille seo. Aontaím leis an Rúnaí Parlaiminte gur ceart an uasteorainn a árdú ó £2,000,000 go dtí £6,000,000. Ba mhaith liom go mbéadh sé á iarraidh suim níos mó uainn agus go mbéadh seift níos leithne aige ná an ceann atá ós ár gcomhair faoi láthair. Ach dúirt an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil an scéal á phlé aige agus go mbeidh sé in ann teacht anseo arís le seift eile chun i bhfad níos mó a dhéanamh le h-aghaidh lan-fhostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí.

I have pleasure in welcoming the Bill. We can all agree on increasing the upper limit from £2 million to £6 million. However, we would wish for something much more imaginative. We would look for something which would blaze a trail, not alone merely for the Gaeltacht but for industrial relations generally. Unfortunately, I do not think industrial relations in the Gaeltacht are any better than they are in the rest of the country. We should regard the Gaeltacht as being a region of special responsibility and also a relatively small region so that we would regard it as a laboratory in which to work out real industrial relations and real copartnership between capital and workers—in this case between the State and the workers.

The initiative taken in the last Bill to enable Gaeltarra Éireann, a semi-State body, to enter into partnerships with industrialists on certain occasions is a useful initiative but I do not think it goes far enough. I should like to see the role of Gaeltarra Éireann and of many of those companies as a type of holding action temporarily injecting capital on behalf of the State but awaiting the opportunity to pass that responsibility and the corresponding share in the business on to the workers in the business. By and large, in small industries we cannot have just the pattern of the large industry of, on the one hand, the management, and on the other, the workers.

Surely the Gaeltacht is an ideal setting to work out what we should like to see developed, community factories where the workers concerned would acquire probably the majority of the shares, in fact could acquire all the shares in the company. They would feel then that it was their company and if things became difficult they would have the same remedy as the small farmer has when difficulties arise —to work longer hours but still to keep up his output. If we can pioneer something like that first in the Gaeltacht and then extend it to the rest of the country we will have gone a good distance towards creating some type of a community spirit in a community factory—something that seems to be lacking in our present efforts.

I should like to see the setting up of industries and so on where the important thing is know-how: the capital should be secondary. The State should be able to step in and have a certain holding initially, with the workers in the factory being given opportunities to acquire shares by working longer hours. By and large, the worker's pay packet does not provide the opportunity to set aside any sizeable sums for acquiring shares. On the other hand, if shares can be acquired by working an additional four, six, eight or even ten hours a week, then most workers with an interest in getting the factory going would be eager to work the additional time and acquire the shares.

There should be some means also in the case of a worker who retired whereby the shares could be bought back by the company and, therefore, made available to be acquired by the new workers. What we want is a continuing participation by the workers in the industry. It is in that way that we will get a sense of local pride and get away from being tied to the clock, because the clock is the ruination of endeavour in any industry. Unfortunately, it is part of the bigger industries but it has no place in the development of the scale of industries that we would like to see developed in the Gaeltacht.

The number of jobs mentioned, 1,500 —and that is only when the full development as envisaged here has taken place—is disappointingly small. Admittedly, for the amount involved it is working out at something like £4,000 per worker or per job created, and I suppose that is reasonably good by modern standards. But that seems to suggest that £6 million is too low and that Gaeltarra Éireann should be expanding at a much more rapid pace than it is.

We should be able to pioneer in those areas a better attitude to buying Irish because many of us, probably all of us, in the country are gravely disturbed by all the closures that we see, the short-time, et cetera, because Irish industry is at a difficult stage. We are looking for the cause of that. The cause is obvious in every supermarket one goes to when one sees how well camouflaged is the origin of the various articles on the shelves. In most cases the attractive positions are given to the foreign goods and there is no effort at all made to confront the housewife with a choice between buying an Irish-made article and buying something foreign. I made several inquiries lately and 90 to 95 per cent of the time the housewife is totally unaware of the origin of the article she is buying. That is what is hitting our industry and hitting it very hard.

I suggest that in relation to this small community scheme we are launching here, or rather continuing, there should be scope in those areas for identifying in the minds of the people concerned the connection between "buy Irish" and "keep that job at home". It is as simple as that, but we have failed and failed deplorably. The Minister may be able to get through to a group that we do not seem to have touched yet in the Buy Irish Campaign, namely, the schoolchildren. The message must be put to them: if you want to have a prospect of getting a job in your own country or your own locality then you must see that your parents, relatives and everybody else you can influence buy Irish. It must be brought home to them that the more of the foreign products they buy, the more money they spend on them, the more certain they are of pushing themselves and every other child in the locality out of the country.

If we enter the Common Market it will be illegal for a Government to take part in any such campaign. This is against the spirit of the Community but if the schoolchildren of this country can be mobilised to realise that their whole future depends on the people of their locality and everybody else buying Irish, then I think we will have created a force that will succeed even though the tariff barriers may have completely disappeared.

In any case we need fresh thinking on both of those items I have outlined. I suggest that that fresh thinking can be made the responsibilty at this, the laboratory stage, if you wish, of the Department of the Gaeltacht. They have an ideal setting for the carrying out of this work. They have their own semi-State company to do it and the also have a receptive tax audience, the taxpayers of the country, who will not hesitate to put funds at the disposal of Gaeltarra Éireann. I would suggest to the Minister that when this new scheme is unfurled and the Bill comes before the House he should consider giving additional roles to Gaeltarra Éireann. The Government might well see what can be done at this pioneering stage.

Níl a thuille le rá agam anois ach fáilte a cur roimh an mBille. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó ná an £6 milliún ann agus beidh mé ag fanacht leis an Bhille atá geallta dhúinn i gcóir ár scéim mór. Tá an scéim atá ós ár gcóir ró-shuarach chun an obair mór atá le déanamh ag Gaeltarra a chur i gcríoch.

Sé an chéad dualgas atá orm ná fáilte a chur roimh an Rúnaí Parlaiminte. Le cúnamh Dé, déanfaidh sé cion fir ar son na Gaeltachta agus ar son na teanga. Insan óráid a thug sé, is chúis mhisnigh dúinn an abairt seo:

Na tionscail, idir mhór agus bheag, atá i gceist meastar, ach iad a bheith faoi lánseól, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreis lánaimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteóir Gaeilge ina gceantair dhúchais.

Tá daoine ann agus déarfaidh siad gur líon an-bheag é sin, 1,500. Ach is mór an sólás do mhuintir na Gaeltachta an líon sin. Tá daonra na Gaeltachta anteirc cheana féin agus sílim gur líon an-shásúil é sin go fóill. Mar sin féin ba cheart é bheith mar chuspóir ag Roinn na Gaeltachta i gcónaí, an líon sin a mhéadú ionas nach mbeidh fostaíocht in easnamh ar na daoine óga atá ag éirí suas agus a bheidh in a gcónaí sa Ghaeltacht san am atá le teacht.

Deir an Rúnaí Parlaiminte freisin— deimhníonn sé é, mar bhí sé ráite cheanna féin—is é atá uainn ná lánfhostaíocht ins na seachtóidí dos na cainteóirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá plean á ullmhú ag Gaeltarra Éireann chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá súil agam go dhéanfaidh an Roinn a seacht ndícheall plean a leagadh amach a bheidh sásúil agus a bheidh lán oiriúnach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Sa Ghalltacht bímíd ag cur síos ar chúrsaí Gaeilge, ar chúrsaí athbheóchana, ar chultúr, ar leathnú na teanga, ar chúrsaí náisiúntachta agus mar sin de. Ach de gnáth ins na Gaeltachtaí féin is beag uair a chloisfeá caint den tsórt sin, ach cá bhfaghaidh siad job, cá bhfaighfaidh siad an t-airgead chun iad féin a chothú agus chun go bhfaighfaidh siad caighdeán maireachtála a mbraithre san Ghalltacht a bhaint amach. Is é sin a bhíonn ag déanamh buartha dóibh. Gach aon uair a théim go dtí na Gaeltachtaí, ó thuaidh nó ó dheas, sé an port céanna é. Bhéadh i bhfad níos mó daoine in a gcónaí sna Gaeltachtaí dá mbéadh obair le fáil acu ann. Tá sé sin fíorthábhachtach. Is dóigh liom go bhfuil sé sin tuigthe ag oifigigh Roinn na Gaeltachta agus tá súil agam go ndéanfaidh siad beart dá réir.

Caithfear an Ghaeltacht a chaomhnú gan dabht. Sílim féin go leathnóidh an Ghaeilge amach as na cathracha, ach mar sin féin bímíd ar dtaobh leis an nGaeltacht gach bliain chun neart agus fuinneamh a chur in ár gcuid cainte. An duine nach dtéann go dtí an Ghaeltacht go rialta is baolach go n-éiríonn a chuid cainte lag. Éiríonn sé beagáinín tanaí ó thaobh fuaimeanna agus blas. Acht fhad is a bheidh na Gaeltachtaí ann, beidh siad mar a déarfá, mar thobar agus foinse ó thaobh fóghraíochta agus rith na cainte, ó thaobh seanachaíochta agus nithe den tsort san, nithe atá chomh tábhachtach sin maidir le saol teangan. B'fhéidir go bhfuil san Teach seo cheana féin daoine nach dtuigeann cad iad na gnóthaí a bhíonn ar siúl ag Roinn na Gaeltachta. Léirítear gach rud san leabhrán beag seo atá eisithe ag Roinn na Gaeltachta. Sé an teideal atá air ná Roinn na Gaeltachta: Leabhrán Eolais. Ba ceart do gach éinne sa Teach seo, agus gach éinne go bhfuil suim aige sa Ghaeilge, an leabhrán beag sin a fháil agus a léamh go cúramach. Deir sé ar leathnach a seacht:

Is é is feidhm do Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha, sóisialach agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn; cabhrú le caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar gnáthurlabhra; agus, a mhéad is gá nó is cuí, dul i gcomhairle agus comhairle a ghlacadh le ranna eile Stáit i dtaobh seirbhísí a riarann na Ranna sin agus a bhaineann le leas cultúrtha, sóisialach nó eacnamaíoch na Gaeltachta nó a bhaineann leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheóchan...

Ach go háirithe ó táimíd ag cur síos ar cúrsaí eacnamaíochta:

Is é aidhm atá le beartas an Rialtais don Ghaeltacht gníomhaíochtaí oiriúnacha a spreagadh agus a fhairsingiú agus cúrsaí sóisialacha a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag na daoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus arb í an Ghaeilge a ngnáthúrlabhra, chun fostaíocht shochrach a fháil agus caighdeán réasúnta maireachtála a bheith acu.

Is minic a bhímíd ag éisteacht le gearán ó dhaoine in Éirinn agus thar lear i dtaobh cearta sibhialtachta— cearta sibhialtachta an Tuaiscirt, cearta sibhialtachta na mac léinn anseo agus ansiúd ar fud na hEorpa, agus le déanaí chualamar an port: cearta sibhialtachta na Gaeltachta. Fiú amháin oíche Dé Sathairn seo caite nuair a bhí craobh díospóireachta, Craobh na hÉireann, á reachtáil ag Gael-Linn i gCathair Chorcaí bhí scata léirseoirí lasmuigh den halla agus suntaisí ar iompar acu, cuid acu i ngar do bheith maslach. Ba é an Taoiseach féin a bhí sa chathaoir istigh agus 'bé an port a bhí ag a lán de na léirseoirí ná cearta siabhialta na Gaeltachta. Ón gcuma a bhí ar chuid acu—daoine óga—déarfainn gur beag eolas a bhí ag a lán acu ar an nGaeltacht ná ar aon rud a bhain leis an nGaeltacht. Go háirithe, ní déarfainn go raibh aon eolas acu mar gheall ar an obair atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ar son na Gaeltachta agus ar son na ndaoine atá ann.

Trua ar fad nach bhfuil na daoine sin ins an Tigh seo inniú. Dá mbeadh, bfhéidir go dtuigfidís cén obair atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ar son na ndaoine go mbíonn na léirseorí ag caint mar gheall orthu. B'fhéidir gur easpa fógraíochta ó Roinn na Gaeltachta faoi ndeara é, agus tá súil agam go mbreacfaidh an Rúnaí Parlaiminte nóta ina leabhar mar gheall air anois. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó bolscaireachta á dhéanamh maidir le hobair Roinn na Gaeltachta agus ba cheart go dtuigfeadh pobal na hÉireann dá bhárr san go bhfuil beart fónta á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta. Má bhíonn gearán ag éinne a bhíonn páirteach sa léirseoreachtaí faoi bhrat cearta sibhialta na Gaeltachta, ba cheart dó gearán a dhéanamh go díreach le Roinn na Gaeltachta agus sílim go n-éisteófar leis.

Aon chabhair a bhíonn ag teastáil ó Roinn na Gaeltachta chun feabhas do chur ar chaighdeán maireachtála ins an Ghaeltacht táim lán chinnte go bfhaighaidh siad tacaíocht, ní hamháin ón dtaobh seo den dTigh ach ón dtaobh eile den Tigh chomh maith.

Deineadh tagairt ó chianaibh do chaidreamh tionscailíochta. Dúirt duine éigin go raibh eagla air nach raibh caidreamh tionsclaíochta nó industrial relations chomh sásúil san ins an nGaeltacht. Gan dabht do thárla rud nó dhó i rith na bliana seo caithe agus níor cheart go dtarlódh siad, ach féacaigí ar an scéal mar seo. Tá a lán de mhuintir na Gaeltachta a chaith tamall ag obair ins na cathracha mhóra ní amháin anseo i nÉirinn ach thar lear sa Bhreatain ach go háirithe, agus pé droch nósanna a bhíonn le foghluim ins na háiteanna sin ó thaobh tionsclaíochta agus caidreamh tionsclaíochta d'fhogliónn siad iad. Mar threabh nó mar aicme, táimíd go hiontach maith chun aithris a dhéanamh ar dhaoine eile, go háirithe maidir le gearáin, stailceanna agus nithe den tsórt san. Má thárla aon rud i rith na bliana seo caite ó thaobh stailceanna, ní dócha go dtógfar ar na daoine sin é agus oiread san stailceanna ar siúl sa chuid eile den tír. San iomlán, sílím go bhfuil an fhostaíocht sásúil agus go bhfuil an caighdeán ó thaobh caidreamh tionsclaíochta sásúil leis.

Mar a dubhras cheana, má tá aon locht le fáil ar an mBille seo isé seo: gur go mhó an sásamh a thabarfadh sé dúinn thuille airgid a votáil do Roinn na Gaeltachta dá mbéimís cinnte dhe go mbeadh a thuille daoine fós thar 1,500 fostaithe gan mhoill. Arís deirim é. Aon uair a thagann Roinn na Gaeltachta anseo ag lorg airgid chun a gcuspóirí a chur i gcrích beidh fáilte is fiche rompu. Guím gach rath ar an Rúnaí Parlaiminte san obair atá roimhe agus isé ár gcuspóir go léir, is dóigh liom, an Ghaeltacht a leathnú agus feabhas do chur ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Gaeltachta agus ina theannta san féachaint chuige go leathnófar úsáid na Gaeilge ón Ghaeltacht amach agus ós na cathracha amach chun go mbeidh gach éinne sa tír seo in ann a shaol a chaitheamh tré Gaeilge agus le Gaeilge.

Cuirim fáilte freisin roimh an mBille seo. Is mór an trua nach raibh a leithéid ann 20 nó 30 bliain ó shin. Dá mbeadh, b'fhéidir nach mbeadh an Ghaeltacht chomh beag is atá sí anois. Bhí tairiscint againn anseo beagnach bliain ó shin agus bhí díospóireacht fiúntach againn ar an ábhar seo ag an am sin. Fé mar adúirt an Seanadóir Ó Dúbhthaigh agus na Seanadóirí eile, tá a lán le déanamh fós sa Ghaeltacht maidir leis an obair seo. Obair mhaith agus obair fiúntach é. Rachaidh sé chun tairbhe don Ghaeilge, mar is dóigh liom go dtabharfaidh sé misneach do mhuintir na Gaeltachta thar mar a bhí le fáil acu go dtí seo. Maidir leis na rudaí a dhéantar sa Ghaeltacht agus rudaí a dhéantar in Éirinn, níl siad ar fad go holc agus ba cheart dúinn go léir na rudaí sin a mholadh.

There is just one question I should like to ask the Parliamentary Secretary. In his introductory speech he mentioned the year 1967 and I take it that he meant 1957. It is a small point but I wondered whether the script was wrong. That is the only point I would make. I certainly support the Bill.

Tá mé buíoch de na Seanadóirí a labhair ar an mBille seo inniu agus táim thar a bheith buíoch díobh mar gheall ar an bhfáilte a chuir siad romham ar mo chéad chuairt ar an Seanad. Táim buíoch freisin mar gheall ar an bhfáilte a chuir Seanadóirí roimh an mBille. Is mór agam an spéis atá ag an Seanad i gcúrsaí na Gaeltachta, i ngnóthaí Ghaeltarra Éireann agus i ngníomhachtaí Roinn na Gaeltachta.

Rinne mé nóta de na tuairimí a nocht na Seanadóirí a labhair ar an mBille. Caithfidh mé a rá go ndearna mé dearmad maidir le dátaí. Dúirt mé "1967"; ba cheart dom "1957" a rá, agus thagair an Seanadóir Mac Domhnaill dó sin.

Tá rud nó dhó ba mhaith liom a rá faoi chúrsaí Ghaeltarra. Do luaigh mé 16 de chomhthionscail atá bunaithe nó á mbunú i gcomhar le daoine eile. Is i nDún na nGall atá an dá cheann is mó. Tá seacht gcinn acu i nGaillimh, ceithre cinn i gCiarraí agus dhá cheann i gCorcaigh. I gcás na miondeontas—is iad sin deontais a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn gan dul i bpáirtíocht le daoine ina mbun, tá na deontais —breis agus céad díobh—ag dul go dtí gach ceantar ar fud na gcontaetha Gaeltachta.

Is eol dúinn go léir na deacrachtaí atá le gnóthaí tionscail a bhunú nó a chur ar aghaidh in aon cheantar tuaithe agus go háirithe i gceantair scáinte mar atá againn i reigiún na Gaeltachta. Táimid mar sin faoi chomaoin ag Gaeltarra mar gheall ar a bhfuil déanta acu le blianta beaga anuas, agus is féidir liom a dhearbhú don Seanad go leanfar go dícheallach leis an obair, go mbraithimse féin agus go mbraitheann Gaeltarra go bhfuil ag éirí leis na hiarrachtaí agus go bhfuil mórdhóchas againn gur gearr nach mbeidh easpa fostaíochta ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Is é an cuspóir atá ag an mBille luathú leis an lá sin agus iarraim ar an Seanad glacadh leis an mBille inniu.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh an Bille trí Choiste, tuairiscíodh é gan leasú, glacadh leis chun an breithniú deiridh a dhéanamh air agus ritheadh é.
Bill put through Committee, reported without amendment, received for final consideration and passed.