Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Jan 1973

Vol. 74 No. 2

Resignation of Member of Government and Assignment of Departments.

Fuarthas scéala ó Rúnaí Roinn an Taoisigh maidir le (a) Pádraig Ó hIrighile éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas, (b) an Roinn Gnóthaí Eachtracha a shannadh do Bhrian Ó Luineacháin agus (c) sannadh na Roinne Iompair agus Cumhachta do Bhrian Ó Luineacháin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do Mhícheál Ó Cinnéide.

Tá treoracha tugtha agam na litreacha dar thagair mé a leagan amach sa ghnáthshlí i gCín Lae Imeachtaí an tSeanad. De bharr an fhógra seo cuirfear i gcló iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

Communications have been received from the Secretary, Department of the Taoiseach in relation to (a) the resignation of Patrick J. Hillery as a member of the Government, (b) the assignment of the Department of Foreign Affairs to Brian Lenihan and (c) the termination of the assignment of the Department of Transport and Power to Brian Lenihan and the assignment of that Department to Michael O'Kennedy.

I have given directions to have the letters referred to set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement they will also be printed in the Official Report of debates.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

S. 18368 B

3 Eanáir, 1973.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu de bhun Airteagail 28.9.3º den Bhunreacht le

Pádraig Ó hIrighile

(Patrick J. Hillery)

d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ón 3 Eanáir, 1973.

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

S. 18368 B

3 Eanáir, 1973.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis

(a) an Roinn Gnóthaí Eachtracha a shannadh do Bhrian Ó Luineacháin, comhalta den Rialtas; agus

(b) sannadh na Roinne Iompair agus Cumhachta do Bhrian Ó Luineacháin a fhorcheannadh agus an Roinn Iompair agus Cumhachta a shannadh do Mhícheál Ó Cinnéide, comhalta den Rialtas.

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí.

Barr
Roinn