Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Friday, 30 Mar 1973

Vol. 74 No. 6

Appointment of Taoiseach and Members of Government.

Sula gcromfar ar Orduithe an Lae, tá orm na nithe seo a leanas a chraoladh:

Fuair mé litir dar dáta an 15 Márta, 1973, ó Rúnaí Roinn an Taoisigh agus litir dar dáta an 14 Márta, 1973 ó Rúnaí an Rialtais ag cur ainmniú agus ceapadh an Taoisigh agus comhaltaí an Rialtais agus ceapadh Rúnaithe Parlaiminte in iúl dom.

Tá treoracha tugtha agam cóipeanna de na litreacha a leagan amach in extenso ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

Before entering on the Orders of the Day, I have to make an announcement as follows:

I have received a letter dated 15th March, 1973 from the Secretary to the Department of the Taoiseach and a letter dated 14th March, 1973, from the Secretary to the Government informing me of the nomination and appointment of the Taoiseach and members of the Government and of the appointment of Parliamentary Secretaries.

I have given directions to have copies of the letters referred to set out in extenso in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of the Debates.

15 Márta, 1973

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Liam Mac Cosgair a cheapadh inné, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inné, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus chun bheith, i dteannta an Taoisigh, ina Rialtas:—

Brendán Mac Fheórais, Pádraig S. Ó Donnagáin, Séamus Ó Táithligh, Risteárd Ó Riain, Marcus Mac Giolla Fhionntáin, Micheál Ó Laoire, Tomás Ó Domhnaill, Tomás Mac Giolla Phádraig, Gearóid Mac Gearailt, Conchubhar Crús Ó Briain, Peadar de Barra, Saorbhreathach Céitinn, Risteard de Búrca agus Pádraig Ó Cuana

(3) an Taoiseach tar éis Brendán Mac Fheórais a ainmniú inné, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inné do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—

An Roinn Sláinte agus An Roinn Leasa Shóisia- laigh

Brendán Mac Fheórais,

An Roinn Cosanta

Pádraig S. Ó Donnagáin,

An Roinn Rialtais Áitiúil

Séamus Ó Táithligh,

An Roinn Airgeadais

Risteárd Ó Riain,

An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh

Marcus Mac Giolla Fhionntáin,

An Roinn Saothair

Micheál Ó Laoire,

Roinn na Gaeltachta

Tomás Ó Domhnaill,

An Roinn Tailte

Tomás Mac Giolla Phádraig,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Gearóid Mac Gearailt,

An Roinn Poist agus Telegrafa

Conchubhar Crús Ó Briain,

An Roinn Iompair agus Cumhachta

Peadar de Barra,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Saorbhreathach Céitinn,

An Roinn Oideachais

Risteard de Búrca,

agus

An Roinn Dlí agus Cirt

Pádraig Ó Cuana

D. Ó Súilleabháin, Rúnaí an Rialtais

14 Márta, 1973.

Cléireach an tSeanaid.

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 7 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, arna oiriúnú de dhroim an Bunreacht a achtú, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu chun oifig an Rúnaí Parlaiminte a luaitear os coinne a ainm:

Seán Ó Ceallaigh, T.D. (John Kelly, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta,

Mícheál Pádraig Ó Murchadha, T.D.(Michael Pat Murphy, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaí- ochta agus Iascaigh,

Risteard de Barra, T.D.(Richard Barry, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Aire Sláinte,

hAnnraoi Ó Cionaith, T.D.(Henry Kenny, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais,

Proinsias Mac Bhloscaidh, T.D.(Frank Cluskey, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Aire Leasa Shóisialaigh,

Mícheál Ó Beaglaoi, T.D.(Michael Begley, T.D.),

Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil

agus

John Bruton, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais.

(John Bruton, T.D.),

San am céanna, de bhun alt 7 (7) den Acht thuasluaite arna oiriúnú, tugadh toiliú an Rialtais le tairiscint an Aire Airgeadais go ndéanfadh sé na dualgais a bhaineann le riaradh Oifig na nOibreacha Poiblí a shannadh do Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais.

D.Ó Súilleabháin,

Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn