Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Jun 1974

Vol. 78 No. 6

An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974 (Bille Airgid Deimhnithe): An Dara Céim. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1974 (Certified Money Bill): Second Stage.

Tairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille den Dara hUair."
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Is Bille é seo chun an uasteorainn do na hairleacain a eisítear as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann a ardú ó £6 mhilliún go £10 mhilliún. Uasteorainn £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus ardaíodh í go dtí £2 mhilliún sa bhliain 1965 agus go dtí £6 mhilliún sa bhliain 1971. Is mithid í a ardú arís anois toisc go bhfuil an £6 mhilliún íoctha le Gaeltarra cheana féin.

I ngarbhfhigiúirí, is mar seo a leanas a roinntear an £6 mhilliún a caitheadh go dtí seo:

£1½ mhilliún ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin, £3 mhilliún ar mhonarchana lena gcur ar cíos do thionscail nua, agus £1½ mhilliún ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile chun comhthionscail nua a bhunú agus a reachtáil.

Le tamall anuas is ar na monarchana nua agus ar na scaireanna is mó atá na hairleacain á gcaitheamh. Ní foláir a chur ar chumas Ghaeltarra leanúint ar aghaidh leis an obair sin.

Ar ndóigh, ní ionann uasteorainn reachtúil a ardú agus airgead a íoc amach: is amhlaidh a eiseofar airleacain, as an £4 mhilliún breise a bheidh ar fáil faoin mBille seo, de réir mar a bheidh caiteachas caipitil den saghas atá luaite agam le glanadh ag Gaeltarra. Ní miste a lua go mbíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais tionscail atá á dtabhairt ag Gaeltarra ó 1965 i leith: is amhlaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain.

Is d'fhonn fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta a théann Gaeltarra faoi chaiteachas caipitil— idir airleacain agus dheontais: is é mo thuairim féin gurb é an lánfhostaíocht sna seachtóidí an cuspóir is tábhachtaí dá bhfuil againn. Ní beag a bhfuil déanta sa treo sin mar tá thart ar 2,500 duine ag obair faoi scáth Ghaeltarra—timpeall 500 sna tionscail atá ag Gaeltarra féin agus 2,000 i dtionscail ar chabhraigh Gaeltarra leo—idir chomhthionscail agus mhiontionscail. Ach na tograí uile a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh a bheith faoi lánseol, beidh suas le 2,000 duine eile fós ag obair iontu. Is ábhar misnigh agus tuar dóchais na figiúirí atá luaite agam—suas le 4,500 post ar fad, 2,500 líonta agus 2,000 le líonadh. Agus, ar ndóigh, is saothar leanúnach atá ar siúl ag Gaeltarra agus bíonn cúnamh á cheadú do thograí breise go rialta.

Tig liom a rá go bhfuilimid ag iarraidh teacht ar bhealaí níos éifeachtaí fós chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn. Dá chomhartha sin d'fhógair mé cúpla mí ó shin go bhfuil ar intinn againn Údarás na Gaeltachta a chur in ionad Ghaeltarra Éireann agus na cumhachtaí feidhmiucháin is leithne is féidir a thabhairt don chomhlacht nua ar mhaithe le forbairt uileghabhálach na Gaeltachta. Sílim go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeidh guth láidir ag pobal na Gaeltachta san Údarás nua agus, chun féachaint chuige sin, is é atá beartaithe againn ná go mbunófar trí Bhord Chúigíocha d'ionadaithe phobal na Gaeltachta agus go n-ainmneoidh gach ceann de na boird sin duine lena cheapadh ar Bhord an Údaráis. Chun na socruithe sin go léir a dhéanamh tá Bille eile á ullmhú agus beidh deis ag an Seanad é a phlé.

Beidh fórálacha airgeadais sa Bhille eile sin chomh maith ach, idir an dá linn, iarraim ar an Seanad glacadh leis an mBille gearr seo chun go bhféadfar brú ar aghaidh leis an dea-obair.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom fáiltiú roimh an Aire nua chun na Gaeltachta. Ní fheadair an bhfuil an ceart agam gurab é seo an chéad uair aige sa tSeanad. Mheasas go dtí go dtáinig sé isteach annseo anocht gurab é an chéad Aire lán-aimsire don Ghaeltacht agus bhíos chun é mholadh mar gheall ar sin, acht tuigtear dom anois nárbh é, go raibh duine eile nó b'fhéidir beirt roimhe sin, ach creidim féin gurab é an tAire Gaeltachta is fearr dá raibh fós againn, agus ba mhaith liom ar mo shon féin agus ar son na Seanadóirí ar an dtaobh seo den Teach rath agus beannacht a ghuí ar a chuid oibre.

Ba chóir ó thosach go mbeadh Aire faoi leith, Aire lán-aimsearach, i bhfeighil na Gaeltachta agus i bhfeighil na Gaolainne. De ghnáth is faoi chúram an Aire Airgeadais nó faoi chúram an Aire Tailte a bhí an Rúnaí Parlaiminte a bhí i bhfeighil na Gaeltachta ag obair, agus ní raibh sin ceart ná cóir. Ní raibh sé ceart ná cóir don Ghaeltacht ná don Ghaolainn ná don Rúnaí Parlaiminte, mar ó thosach an Stáit cuireadh an luí ar an nGaolainn mar theangan agus ar an nGaeltacht mar áit go mba chóir é a chur chun cinn ní hé amháin ó thaobh na teangan ach ó thaobh eacnamaíochta, agus is áthas liom gurab é an Rialtas seo a cheap Aire spesialta, Aire lán-aimseartha, don Ghaeltacht amháin.

An chéad Pháirtí a bhí i gcomhacht sa tír seo, Cumann na nGaedheal, b'shin é an páirtí fé ndear Gaolainn éigeanntach do bheith i bhfeidhm sa tír seo. Is cuimhin linn, agus mura chuimhin linn é do léamar é, chomh diograiseach agus chomh dúthrachtach agus a bhí Earnán de Blaghad, Risteárd Ó Maolchatha agus Airí agus Teachtaí eile den pháirtí sin, chomh mór is a bhíodar i bhfábhar na Gaolainne agus ba cheart ag an uair sin Aire spesialta a bheith don Ghaeltacht amháin. B'fhéidir nár dhein Fianna Fáil a gcion cóir don Ghaolainn sa mhéid nár cheapadar ná raibh i gcomhnuí nuair a bhí Fianna Fáil i réim Aire lán-aimsearach don Ghaeltacht. Mar dhuine agus mar ábhar Aire atá aige, ba mhaith liom an Teachta O'Donnell a mholadh agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis mar gheall ar an méid atá déanta aige go fóill don Ghaolainn agus don Ghaeltacht. Tá sé lán dáiríre i dtaobh na Gaolainne agus i dtaobh na Gaeltachta. Ó thainig sé in oifig tá sé ag saothrú go dúrachtach agus go diograiseach don teanga agus don Ghaeltacht. Ó tháinig sé in oifig tá an tír go léir ag siúl aige. Chuaigh se ag caint agus ag obair ar son na Gaeltachta agus bhain sé gach feidhm as na nuachtáin, as an telefís agus as na mean cumarsáide eile chun an cuspóir agus an aidhm atá aige do chur chun chinn. Tá gach dícheall déanta aige chun tábhacht na Gaeltachta agus tábhacht na teanga a chur ós comhair an phobail agus tá meas ag an bpobal air dá réir agus muinín acu as chomh maith. Ni hé amháin go bhfuil an obair á dhéanamh aige ach, feictear do gach éinne go bhfuil an obair á dhéanamh aige. Sin rud an-thábhachtach i gcúrsai poilitíochta agus go mór mhór i measc muintir na Gaeltachta, daoine a bhfuil drochamhras acu ar phoiliteoiri agus b'féidir nach tóghta orthu é sin.

Sé priomh-aidhm agus priomhchuspóir an Aire agus na Roinne ná an Ghaolainn mar theanga a chur chun chinn, agus is trua liom nach bhfuil aon ní ráite ag an Aire mar gheall ar an teangain ins an páipéar seo. Tuigim go mbaineann sé le cúrsaí poilitíochta ach ar a shon sin níl aon díobháil dá lua an tAire an teanga chomh maith leis na cúrsaí sin, an t-anam chomh maith leis an bia agus an beatha, rud nár dúradh; ach b'fheidir go ndéarfaí ar ball é. Sé cuspóir an Rialtais, tá súil agam, faoi mar a bhí sé mar chuspóir ag ár Rialtas nuair a bhíomar i gcumhacht, an teanga do shábháil agus d'aibheochaint agus do chur á labhairt ar fud na tíre ar ball. Is mithid don Aire agus don Rialtas a bpolasaí faoin teanga féin a fhoilsiú agus a nochtadh agus do chur ós comhair an phobail chun é do mheas agus é do mheá. Níl sin déanta ag an Aire ná ag an Rialtas fós. Mar gheall ar sin, is eagal liom go bhfuil muintir na hÉireann—tá siad in amhras agus tá siad in ainbhfios mar gheall ar an éigean agus mar gheall ar an bpolasaí i leith na teanga féin. Níl fhios ag einne, níl fhios agamsa— b'fheidir go bhfuil fhios ag an Aire —cad tá ar aigne ag an Rialtas a dhéanamh mar gheall ar an teanga agus mar gheall ar na rudaí a gabhann leis an teanga—mar shompla, an cultúr.

Caithfidh mé cur isteach ar an Seanadóir. Níl aon chuid den airgead faoi bhun an mBille seo ag dul d'aibheochaint na teanga agus mar sin tá an Seanadóir beagnach as an slí.

Tá mé ag cáineadh an Aire mar gheall ar sin, nach bhfuil aon rud ráite aige mar gheall air. Ba chóir go mbeadh sé sin mar bhunchuspóir an Aire agus an Rialtais. Is chun an teanga a shabháil atá an t-airgead seo á chur ar fáil ag an Roinn agus ag an Rialtas. Más mar sin atá, baineann a bhfuil á rá agam leis an diospóireacht seo.

B'fhearr liom nach leanfadh an Seanadóir leis seo. Baineann an Bille seo le leasaithe ar thionscail sa Ghaeltacht. Sin é an t-aon rud amháin atá os ár gcomhair anois.

Staonfaidh mé mar sin. B'fhéidir go mbeidh ráiteas ar ball ón Rialtas nó ón Aire. Mar adúirt mé, tá mearbhall orainn go léir, ar muintir na hÉireann, mar gheall ar cad tá ar aigne acu a dhéanamh leis an dteanga agus leis an gcultúr, cioca cultúr ba mhaith leo—cultúr an Aire Poist agus Telegrafa nó cultúr an Aire atá anseo anois. Is deacair an dá thráigh do fhreastal.

Maidir leis an mBille féin, tá diomá orm a laghad airgid atá á chur ar fáil, a laghad an mhéadú ó £6 mhilliún go dtí a £10 mhilliún, nuair a chuirtear luach airgid inniu san áireamh. Tá a fhios agam go mba mhaith leis an Aire a dhá oiread eile do sholáthair. Ón méid atá ráite aige agus ón méid atá geallta aige do mhuintir na Gaeltachta, má tá seans ar bith go bhféadfadh sé a leas sin do thabhairt chun críche nó a shárú, teastaíonn a dhá oiread airgid uaidh chuige sin.

Rud amháin a chur as go mór sna Gaeltachtaí ná an rud a dhein an tAire Oideachais. Mar is eol díobh, níl an Ghaolainn éigeantach anois i scrúdaithe áirithe. Mar gheall ar sin níl an oiread sin daoine ag freastal ar na coláistí sna Gaeltachtaí. Tá a fhios sin agam go maith. Thugadar sin an-chuid oibre do mhuintir na Gaeltachta sa samhradh. Thugadar an-chuid airgid isteach sna Gaeltachtaí gach samhradh. Cé go raibh an scéal olc anuraidh, beidh sé níos measa i mbliana agus níos measa fós an bhliain seo chugainn. Sa deireadh is ar éigin a bheidh éinne sa tír ag dul go dtí an Ghaeltacht chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá bearna mór le líonadh ag an Aire anseo. Ní dóigh liom gur leor an suim atá á lorg aige sa Bhille seo.

Nuair a bhí éileamh ar lóistíní ag na scolairí sna Gaeltachtaí theastaigh ó mhuintir na Gaeltachtaí tithe nua a thógáil agus bhí deontaisí le fáil chuige sin. Bhí deontaisí le fáil freisin chun leithreas a chur isteach agus uisce reatha a chur isteach sna tithe. Ní bheidh an t-éileamh céanna ar na deontaisí sin as seo amach toisc nach bhfuil an Ghaolainn éigeantach sna scrúdaithe.

Sa chaint a thug sé uaidh dhein an tAire tagairt d'obair a chur ar fáil san Ghaeltacht. Do lua sé go bhfuil sé ar intinn aige 4,500 post a chur ar fháil sa Ghaeltacht. Deir sé anseo go bhfuil 2,500 líonta cheana féin agus go mbeidh 2,000 eile le líonadh. Is ionadh liom é sin a chloisint. Má tá sé fíor, is áthas liom é a chloisint. Má leanann an tAire leis na scéimeanna sin chun breis oibre a chur ar fháil do mhuintir na Gaeltachta, cabhróid sé chun na bearnaí a lua mé do líonadh.

Le déanaí bhí an tAire thíos i Rinn agus i nGaeltacht, nó iar-Ghaeltacht is dócha ba chóir dom a thabhairt air, in aice le Eochaill, áit ina bhfuil conaí orm féin. Dúirt sé go leathnóidh sé na Gaeltachtaí sin, go ndéanfadh sé ordu chun áiteanna in aice le Rinn agus Baile Mhic Códa a ainmniú mar Ghaeltachtaí. Dúirt sé go leathnóidh sé na Gaeltachtaí atá ann sa tslí sin go dtí go mbéadh aonad amháin eacnamaíochta agus cultúra ann. Ba mhaith liom an tAire a mholadh mar gheall ar an céim sin. Ba chóir leanúint leis an obair sin.

Ba cheart go mbeadh cúnamh airgid faoi leith don iascaireacht san Ghaeltacht. Sé sin an t-aon tionscal amháin a bhíodh ins an Gaeltacht fadó. Déarfainn go bhfuil seans ag an Aire anois an tionscal sin do chur chun chinn arís. D'fhéadfadh sé báid línte agus margaí a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, in áiteanna go bhfuil an tionscal sin anois ann agus go raibh an tionscal sin ann fiche nó leath chéad blian ó shin.

Ba mhaith liom freisin dá mbeadh Radio na Gaeltachta ar fad faoi chúram Aire na Gaeltachta. I láthair na huaire tuigtear gurb iad muintir Chonamara amháin atá i bhfeighil Radio na Gaeltachta. Ní fheadar conas a thárla san. Ba mhaith liom dá mbeadh muintir na Gaeltachtaí i gCiarraí, i gCorcaigh i bPort Láirge agus in áiteanna eile in ann bheith páirteach i Radio na Gaeltachta.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom arís an tAire a mholadh agus gach ádh do ghuí air ina chuid oibre. Gheobhaidh sé gach cúnamh uainne annseo.

Ba mhaith liomsa i dtosach fáiltiú roimh Aire na Gaeltachta go dtí an Seanad don chéad uair. Tá an-fháilte roimhe. Ba mhaith liom comh maith traoslú leis an Seanadóir Brosnan as ucht an oráid is ionraice agus an oráid is fírinne a chuala me le fada an lá ón dtaobh thall den Teach. D'admhaigh sé, agus an fhirinne glan aige, go raibh na Gaeltachtaí tabhachtach go leor le go mbeadh Aire de chuid féin acu agus d'admhaigh sé comh maith gurb é an Rialtas seo agus an Comh-Rialtas deireadh ins na Caogaidí a chuir Aireacht faoi leith don Ghaeltacht ar bun.

Ba mhaith liom tagairt do cúpla pointe a éirionn as ráiteas an Aire. Failtím roimh an nuacht go bhfuil £4 mhilliún breise le caitheamh ag an Aire. Ach tá mé cinnte nach bhfuil sé sásta leis an méid sin. Níl Aire ar bith sásta leis an méid airgid atá le fáil aige. Ach mar sin féin, caithfear a admháil go bhfuil ardú 66% ann.

Tá tuairimí ag a lán daoine, go mór mhór na daoine san dtaobh seo den tír, gur áit i bhfad í an Ghaeltacht, go bhfuil daoine faoi leith ina gcónaí ann, agus go bhfuil fadhbanna faoi leith ag baint leí. Tá an tuairim sin ceart chomh fada is a theann sé, ach tá a lán, lán eile ag baint leí. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an nGaeltacht, ar dtús ó thaobh na teangan dhe. Is í an t-aon áit amhain faoi láthair ina bhfuil an teanga á labhairt. Mar adúirt an tSeanadóir Brosnan, tá an teanga an-thabhachtach. Tá cultúr na ndaoine fite fuaite leis an dteanga agus módhanna cainte.

Tá fadhbanna faoi leith, fadhbanna geografíochta, fadhbanna tionsclaíochta, fadhbanna eacnamaíochta ag baint leis an nGaeltacht freisin. Níl cuid mhór de thalamh na Gaeltachta sásúil, ó thaobh talmhaíochta dhe go deimhin. Is deacair maireachtáil a bhaint amach tré fheilimeoireachta. Tá fadhbhanna cumarsaide ann freisin. Is ceantar an scaipithe í. Dá bhrí sin, is deacair aon ní fónta a dhéanamh innti mar aonad eachnamíochta.

Sé an aidhm atá ag Aire na Gaeltachta faoi láthair ná cuid de na deacrachtaí sin a sharú. Caithfear a admháil, mar adúirt an tSeanadóir Brosnan, go bhfuil an-obair déanta aige. Tá mé cinnte go leanfaidh sé leis an obair seo chomh fada agus is féidir leis chun leas na Gaeilge agus leas muintir na Gaeltachta. Deirtear má éiríonn linn tionscail a bhunú sa Ghaeltacht go laghdaíonn sé sin staid an teangan, mar nuair a árdaitear an caighdeán maireachtála na ndaoine tosnaíonn siad ag taisteal taobh amuigh den Ghaeltacht agus tar éis tamaill éiríonn an teanga lag. Níl mé ag rá nach bhfuil sé sin fíor. B'fhéidir go bhfuil cuid bheag den fhírinne ann; ach níl se fíor amach is amach. Ach tá poinnte eile go gcaithfear breithniú air. Ní maireann teanga ar bith gan daoine. Chun daoine a choinneáil in áit ar bith caithfear fostaíocht a chur ar fáil dóibh san áit sin. Caithfear an seans a ghlacfadh go rachfadh an teanga i léigh. Níl ann ach seans; agus tá cuile seans ann nach racfadh sé i léigh má éiríonn leat muintir na Gaeltachta a choinneáil sa Ghaeltacht chun a maireachtáil féin a bhaint amach. Sin í an aidhm atá ag Aire na Gaeltachta comh fada agus is eol domsa í.

Ní thuigim an teoiric atá ag an Seanadóir Brosnan faoi na Coláistí Ghaeilge. Bhí sé ag caint faoi Ghaeilge éigeantach. Deir sé go raibh polasaí ag na daoine sa bhFreasúra nuair a bhí siad i gcumhacht an Gaeilge a athbheochaint agus í a thabhairt ar ais mar teanga labhartha san cuid is mó den tír. Ansin dhein sé tagairt don saothrú agus don airgead atá á chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ag na Coláistí Ghaeilge. Ach cad mar gheall ar na páistí bochta a chuireadh chuig an Gaeltacht i rith an tsamhraidh chun Gaeilge éigeantach a fhoghlaim? An mbeidh grá don Gaeilge acu nuair a fhágann siad an Gaeltacht? Chun an grá sin a neartú chuirtear chuig an Gaeltacht iad an chéad lá. Má éiríonn linn éigean a bhaint as an Gaeilge, sin é an chéad chéim ar an mbóthar chun an Ghaeilge a athbheocaint. Theip ar an bpolasaí sin. Níl le déanamh againn anois ach polasaí nua a thriail. B'fhéidir go dteipfeadh air. Ach seans go n-éireodh sé níos fearr ná an éigean. Ar aon nós, is féidir triail a bhaint as.

Ceann de na fadhbanna sa Ghaeltacht le fada an lá an imirce. Faoi láthair déarfainn go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt taobh amuigh den tír seo mar atá á labhairt inti. Tá mé cinnte go bhfuil an oiread Gaeilge á labhairt i Shasana agus sa Mheiriceá faoi láthair ag muintir na Gaeltachta go raibh orthu dul ann chun slí bheatha a bhaint amach. Tá an oiread Gaeilge á labhairt sna háiteanna seo is atá á labhairt i nDún Chaoin, Ros Muc agus i nGaoth Dóbhair i láthair na huaire. Tá an tAire ag déanamh iarracht deireadh a chur leis an imirce seo comh fada agus ar thig leis. Tá ag éirí go maith leis. Tá 2,500 daoine fostaithe ag Gaeltarra faoi láthair agus tá plean ag an Aire go mbeidh 2,000 breise á fhostú acu amach anseo.

Ceann de na rudaí is mó atá déanta ag Aire na Gaeltachta ó tháinig sé i gcumhacht ná bunú Údaráis na Gaeltachta. Tá cáin déanta ar an bplean seo ag daoine áirithe sa Ghaeltacht, agus go deimhin daoine áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Ceapann na daoine sin go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh tromlach an údaráis bunaithe sa Ghaeltacht. De réir plean an Aire don údarás seo beidh triúr de mhuintir na Gaeltachta, daoine a bhéas togtha ag coistí cúige, ar an údarás— duine ó Chúige Uladh, duine ó Chúige Connacht agus duine ó Chúige Mumhan. Beidh seisear le h-ainmniú aige féin. Anois nuair a bhéas an t-údarás bunaithe beidh sé ag comhoibhrú leis na daoine agus leis na heagraíochtaí eile atá faoi láthair sa Ghaeltacht—an comhairle contae, Conradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí tionsclaíochta atá ag obair ann faoi láthair. Sé an deacracht is mó a bhaineann leis na heagraíochtaí seo faoi láthair ná go bhfuil chuile eagraíocht ar dul ina threo féin, nach bhfuil mórán comh-oibriú eatarthu. Seo í an aidhm a bheidh ag an údarás seo: na heagraíochtaí seo a thabhairt le chéile chun réiteach a fháil ar deacharachtaí tré comhoibriú idir na heagraíochtaí uile.

Nuair a bhéas an t-údarás seo ag obair beidh muintir na Gaeltachta an dream is pribhléidí sa tír seo—an t-aon dream amháin go mbeidh ceangal díreach idir iad féin agus an Rialtas. Nuair a bhéas deacracht ar bith ag muintir na Gaeltachta níl le déanamh acu ach a rá leis an údarás go mba ceart é seo nó é siúd a dhéanamh agus tá an tAire ansin chun éisteacht leis an údarás agus an pointe a chur os comhair an Rialtais. Sin rud nach mbeidh ag aon dream eile sa tír seo. Tá i bhfad níos mó ar intinn ag an Aire ná mar atá sa ráiteas seo a thug sé inniu. Mar adúirt sé féin, níl ann ach ráiteas gearr a bhaineann le caitheachas airgid don tionsclaíocht.

Rinne an tSeanadóir Brosnan tagairt do pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge sa tír seo. Níos mó na mí ó shin thug an tAire ráiteas uaidh sa Dáil ar seasamh an Rialtais i leith na Gaeilge. Níl aon amhras ormsa nó ar éinne a lé an óráid seo go bhfuil cúl tugtha ag an Aire nó an Rialtas don Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ró-thábhachtach, ró-shaibhir. Ní gá go mbeadh eagla ar éinne go dtabharfar cúl don Gaeilge comh fada agus atá an Comh-Rialtas i gcumhacht. Sin é an méid a thuigim-se as an óráid a thug an Aire sa Dáil roinnt seachtaine ó shin.

Dúirt an tAire go raibh sé ar intinn aige an Ghaeltacht a leathnú agus ceantair atá ar imeall na Gaeltachta faoi láthair a thabhairt isteach faoi bhráid Aire na Gaeltachta. Seo rud nua, agus ceapaim féin gur tuairim ciallmhar é. Ní féidir leat teorann daingean a leagain síos comh fada agus a bhaineann sé le ceantair Gaeltachta. Ní an teanga an t-aon bunús amháín gur féidir leat caint faoi nuair atá tú ag caint faoin Ghaeltacht. Tá ceantair ar imeall na Gaeltachta go bhfuil na fadhbanna céanna acu. Tá an talamh céanna acu. Tá an bochtanas céanna ann. Tá an imirce ann. Sé an t-aon difríocht amháin, b'fhéidir, ná go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ar thaobh amháin den teorann ná mar atá ar an dtaobh eile. Mar adúirt mé cheana, tá na Gaeltachataí ró-bheag mar aonaid eacnamaíochta. Sé an t-aon réiteach amháin ná na Gaeltachtaí a leathnú agus na ceantair ar imeall na nGaeltachtaí a thógáil isteach chun na haonaid eacnamaíochta a leathnú.

Tá daoine ann nach n-aontódh le sin. Is daoine iad seo a thuigeann mar Ghaeltacht áit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt. Níl aon slat thomhais ag na daoine sin ach an teanga. Ceapaim féin gur fiú na ceantair Gaeltachta a leathnú agus ceantair eile ar imeall na Gaeltachta a thógáil isteach ionas go mbeifí ag súil go leathnófaí an Ghaeilge. Is rud nua é seo. Tá mé cinnte go bhfaighidh an tAire gach cabhair gur féidir leis a fháil óna heagraíochtaí go bhfuil suim acu sa scéal seo.

Traoslaím leis an Aire as ucht an méid ama atá caite aige sa Ghaeltacht. Tá i bhfad níos mó ama á chaitheamh aige sna Gaeltachtaí agus tá i bhfad níos mó ama caite aige ins na Gaeltachtaí le blian go leith anuas ná mar chaith Aire ar bith eile. Agus tá sé seo le feiceáil. Tá meoin muintir na Gaeltachta go mór le bliain anuas. Tuigeann siad anois go bhfuil Aire acu a chuireann suim ina gcuid fadhbanna agus atá ag déanamh iarracht chun réiteach na fadhbanna sin a fháil.

Rud amháin maidir leis an Aire faoi láthair. Níl sé ag tabhairt ordaithe go mba cheart seo agus siúd a dhéanamh. Tá sé ag taistil na Gaeltachtaí ag bailiú tuairimí. Níl sé ag iarraidh brú orthu. Tá sé ag tabhairt muintir na Gaeltachta leis. Tá sé ag tabhairt na heagraíochtaí atá ag obair sa Ghaeltacht leis freisin.

Ní raibh muintir na Gaeltachta sásta leir an seirbhís a bhí le fáil acu nuair a bhí an Gaeltacht faoi bhráid na Rúnaithe Parlaiminte. Cheap siad nár thuig na daoine seo na fadhbanna a bhí acu. Ní féidir leo é sin a rá faoin Aire seo. Tá sé imithe ar fud na Gaeltachta chuile sheachtain ag caint leis na ndaoine agus ag fáil amach a gcuid tuairimí. Níl sé ag brú réiteach ar bith ar na daoine seo. Chuala mé scéal le déanaí. Deirtear má leanann Aire na Gaeltachta leis an dea-obair seo, beidh ar an Rialtas sar i bhfad Aire na Gaeltachta a cheapadh.

Tá cosúlacht éigin idir mé féin agus an tAire. Bhí an beirt againn sa Dáil le céile fadó. Ní dóigh liom gur rugadh nó gur tugadh ceachtar againn sa Ghaeltacht, ach mar sin féin táimíd ag iarraidh spéis a chur ann. Aontaím le gach rud adúirt na Seanadóirí mar gheall ar an dea-obair atá á dhéanamh ag an Aire. Tá áthas orainn an an dtaobh seo den Teach go bhfuil an scéal mar sin. Measaim gurab í an Aireacht atá aige an ceann is deacra agus is tábhachtaí. Sé an obair atá idir lámha aige ná sabháil coirp agus anamna na tíre, mar adéarfá. Tá súil agam go n-éiróidh leis.

Nuair a bhrú na Sasanaigh isteach ins an tír seo cuireadh muintir na tíre seo siar go dtí an talamh bocht ar imeallbhord na hÉireann. Táimíd buíoch do na daoine ann a choinnigh beo an Ghaeilge agus cultúr na nGael. Ar an ábhar sin tá athas orm go bhfuil an tAire ag tabhairt breis airgid chun chuidiú le muintir na Gaeltachta—ó £6 mhilliún go dtí £10 mhilliún. Ní dhéarfainn gur leor é sin. Déarfainn gur suim beag í i gcomparáid leis an méid a caitear ins an tír ar fad. Nuair atá anam na tíre i gceist, is tábhachtach an rud é go mbeadh a dhóthain airgid ag an Aire chun chuidiú le muintir na Gaeltachta.

An chéad rud atá ag teastáil uatha ná obair ina bparóiste féin. Bhí na fadhbanna céanna againn i mo chontae féin. Bhí an talamh bocht. Ní raibh iascaireacht nó tacaíocht eile againn. Ní raibh an teanga againn, ach bhí na hamhráin agus an cultúr againn.

Do dhein gach Rialtas ó bhunú an Stáit iarracht chun an Ghaeilge a shábháil. Má theipeann ar sin, beidh deireadh leis an náisiún seo. D'éirigh le daoine sa Mhór-roinn agus ina lán áiteanna eile a dteangacha féin a shábháil. Ba mhór an náire dúinne má theipeann orainn ár dteanga féin a shábháil.

Ní féidir le daoine ón nGaeltacht dul go dtí na hollscoileanna mar ní bhíonn cuid acu—nílim ag trácht ar an ollscoil i nGaillimh anois—sásta na hábhair a dhéanamh tré Gaeilge. Ní bhíonn na téacsleabhair ar fáil. Ní cuirtear na múinteoirí ar fáil.

Ba chóir go mbeadh cuid den airgead breise seo á úsáid chun chabhrú leis na nuachtáin atá á fhoilsiú sa Ghaeltacht. Tá muintir na Gaeltachta bródúil as a nuachtáin féin a bheith acu.

Ní dóigh liom go gcloistear Radio na Gaeltachta ar fud na tíre. Ba mhaith liomsa dá mbeadh an tAire in ann Radio na Gaeltachta a leathnú amach ar fud na tíre. Tá caint anois mar gheall ar na cláracha BBC a thabhairt isteach sa chuid is mó den tír seo. Bheadh sé i bhfad níos fearr cláracha Radio na Gaeltachta agus Telefís Éireann a leathnú amach ar fud na tíre.

Is fíor gur dhein gach Rialtas sa tír seo iarracht chun an Ghaeilge a athbheochaint. Bhí aithne agam féin ar Risteard Ua Maolchatha. Thóg mé síos go Cabhán é uair amháin nuair a bhi feis ar siúl ann. Bhí áthas ar na daoine ann é a bheith i láthair. Bhí baint ag Pádraig Ó Fachtna agus Miceál Ó Cinnéide leis na ndaoine sa Ghaeltacht freisin. Níl sé ceart a rá nach ndearna na daoine sín a ndícheall ar mhaithe na Gaeltachta. Ach bhí obair deacair acu. Sa bhliain 1958 ní raibh morán fostaíochta ar fáil sa tír seo, ní hamháin sna Gaeltachtaí ach ar fud na tíre ar fad. Ach tá feabhas tagtha ar an scéal anois agus tá níos mó fostaíochta ar fáil.

Maidir leis na deontais a tugtar do mhonarchain sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar na hábhair a deintear ann. Ba chóir ainmneacha na monarcan a bheith scríofa suas i nGaeilge. Sílim go ndearna muintir na Gaeltachta an rud ceart nuair a scriosadar amach an Béarla ar na comharthaí bóthair. Ba cheart don Aire féachaint chuige go mbeadh na comharthaí bóthair i nGaeilge.

Tá i bhfad níos mó Gaeilge ag muintir na tíre seo anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Ba cheart do RTE níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge. Níor aontaigh mé féin leis an socrú an triail béil a chur ar ceal. Sílim go bhfuil labhairt na Gaeilge an-thabhachtach ar fad, ní hamháin ins na scoileanna agus na hollscoileanna ach do na daoine féin. Nuair a théann daoine go dtí an Gearmaín nó an Fhrainc agus nuair nach mbíonn siad in ann a dteanga féin a labhairt bíonn brón orthu. Ba chóir go mbéadh seans ag muintir na hÉireann an Ghaeilge a fhoghlaim go mór mhór na daoine atá ag obair sa Ghaeltacht—gardaí, múinteoirí, státsheirbhísí agus eile. Níl sé níos deacra an Ghaeilge a fhoghlaim ná teanga ar bith eile. Sílim gur mhór an drochshampla é duine ar bith a admháil gur theip air sa scrúdú Gaeilge sna hollscoileanna. Is léir óna figiúirí a tugadh ón Roinn mar gheall ar na daoine a theip ortha sna scrúdaithe Gaeilge gur theip orthu sna hábhair eile comh maith.

Caithfidh mé tagairt a dhéanamh do na daoine ar a dtugtar an LFM. B'fhéidir go bhfuil siad ag neartú cúis na Gaeilge ach, im thuairimse, cúis náire do dhuine baint ar bith a bheith aige leo. Níl ann ach iarracht an teanga a bhrú faoi chos agus a rá nach bhfuil sa tír seo ach Sasanaigh. Ní mar sin atá sé.

Cé nach bhfuil pingin rua den suim breise seo ag dul go dtí Condae Cabháin nó na háiteanna mór thimpeall, táimid sásta glachadh leis an mBille. Tuigimid go bhfuil sé tábhtachtach do mhuintir na hÉireann uile.

Ba chóir go mbéadh dlú-bhaint ag an Aire le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is dóigh liom nach bhfuil sé fuirist don Aire dul ó Thír Chonaill go dtí Ciarraí agus go dtí na hoileáin. Ach dá mbeadh sé in ann bheith i láthair ar na fleanna agus na feiseanna, bhéadh fáilte is fiche roimhe ag na daoine atá i mbun na himeachtaí sin, pé polaitíochta atá acu.

Tá a fhios agam go bhfuil an tionsclaíocht agus an Ghaeilge fite fuaite tré na chéile. Muna mbíonn na daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht, ní bheidh an Ghaeilge ann. Má imíonn siad ón nGaeltacht beidh an Ghaeilge acu ceart go leor—tá mé cinnte de sin —ach gach teallach a théann amach as an nGaeltacht ní dóigh liom go gcabhraíonn sé leis an tír.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na Coláistí Gaelacha atá ag obair sna Gaeltachtaí. Tá beagán eolais agam mar gheall ortha. Sílim go ndearna siad san am atá imithe thart sár-obair do mhuintir na hÉireann. Ins an Samhradh d'imigh a lán daoine go dtí na coláistí seo agus d'éirigh leo biseach agus feabhas a chur ar an nGaeilge a bhí acu. Ina theannta sin chuir siad aithne ar na daoine a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht. Do thuig siad na fadhbanna a bhí acu. D'foghlaim siad na rincí agus na hamhráin. Sa tslí sin do chuidigh an chuairt sin a thugadar ar an nGaeltacht go maith leo. Chomh maith leis sin chuidigh sé le muintir na tíre agus le muintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom go leanfadh na scéimeanna sin i bhfeidhm agus go bhféadfadh, b'fhéidir, iad a leathnú, ionas go mbeimid in ann níos mó daoine a chur ann ó bhliain go bliain. B'fhéidir go mbeadh an tAire sásta an deontas beag a bhíonn le fáil acu a árdú beagán, mar ní dóigh liom go bhfuil athrú ar na figiúirí sin le trí nó cheithre bliana anuas. Tá eolas orainn go léir go bhfuil an méid is féidir a cheannach le £1 an is i bhfad níos lú ná mar a bhí.

Tá súil agam nach bhfuil an ceart agam, ach tá sórt tuairim agam go bhfuil troid an-deacair ar fad ag an Aire b'fhéidir ina Rialtas féin chun a obair féin a chur chun tosaigh. Deirim gur éirigh go rí-mhaith leis. Tá a fhios agam go bhfuil daoine—ní hé amháin san Rialtas ach b'fhéidir i ngach Rialtas agus i ngach áit sa tír— nach bhfuil an muinín nó nach bhfuil an meas acu ar an nGaeilge gur chóir dóibh a bheith acu. Ar an ábhar sin bíonn obair an-deacair ar fad le déanamh ag Aire ar bith nó ag Rúnaí Párlaiminte go mbíonn baint aige le muintir na Gaeltachta.

Nuair a théann na daoine chun na Gaeltachta, chun na coláistí agus mar sin de ní hé amháin go mba cheart an Ghaeilge a bheith dhá labhairt ins na tithe ina bhfuil siad ar lóistín agus ins na siopaí, agus in oifig an phoist agus áiteanna mar sin, ach sílim gur rud an-thábhachtach ar fad na paidreacha. Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo ag an gcléir fosta, is cuma ar Caitlicigh, Protastúnaigh nó Preispitéiráinaigh iad. Sílim gur cóir go gcuideodh na sagairt leis an Aire agus le muintir na Gaeltachta chun a bheith cinnte go mbeidh an tAifreann i nGaeilge agus go mbeidh na paidreacha i nGaeilge fosta. Ba chóir go mbeadh—agus sílim go bhfuil —na paidreacha i nGaeilge ag gach sagart sa tír seo agus ag gach ministéir. Bhíodar san ollscoil agus tá céim ollscoile acu. Níl a leithéid agam, ach mar sin féin measaim gur cóir go mbeadh na paidreacha acu. Ba chóir go dtabharfaidis an dea-shampla don aos óg nuair a théann siad thall don Ghaeltacht.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do mo chúige féin, Cúige Uladh. Uair éigin nuair a bhéas an tAire ag dul ag cuartaíocht ar fud na tíre agus é ag dul chun na nGaeltachtaí, go mór mhór Gaeltacht Thír Chonaill, Rann na Feirste agus áiteanna mar sin, b'fhéidir go mbeidh sé in ann cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste. Cuidíonn Comhaltas Uladh linne chun airgead a thabhairt do dhaoine dul go dtí na Gaeltachta. Ba mhaith an rud é dá mbeadh an tAire in ann aithne a chur orthu. Bhí an-aithne ag Pádraig Ó Fachtna orthu mar do chaith sé a lán ama sa Ghaeltacht Thír Chonaill. Tá mé cinnte go bhfuil an tAire atá againn anseo chun an rud céanna a dhéanamh. Téann a lán daoine ní hé amháin ó Bhéal Feirste ach óna bailtí móra eile sna Sé Contae chun na Gaeltachta gach Samhradh. Do chuireadh sé íonadh ort an méid acu go bhfuil an Ghaeilge go híontach maith ar fad acu. Níl mé á rá go bhféadfadh sinne, b'fhéidir, deontaisí nó aon rud mar sin a thabhairt dóibh ach ba cheart dúinn fáilte agus fiche a chur rompa agus aon áit ina dtéann siad ar fud na Gaeltachta ba chóir go mbeadh—tá mé cinnte go mbíonn ar aon chaoi—fáilte ag muintir na Gaeltachta rompa. Tá mé á labhairt mar seo chun go mbeadh fhios ag an Aire nach hé amháin go bhfuil an Ghaeilge beo sna Sé Contae is Fiche ach go bhfuil an Ghaeilge i gCúige Uladh fosta agus go bhfuil an-mheas ag na daoine ansin ní hé amháin ar an nGaeilge ach ar na hamhráin, ar an gcaint agus ar gach rud a bhaineann leis. Cuireann siad an-spéis ar fad ann.

Níl fhios agam an bhféadfadh an tAire rud ar bith a dhéanamh leis na nuachtáin. Is cuma an é Scéala Éireann nó an Irish Independent nó aon cheann acu, tá siad go léir ciontach sa mhéid seo nach dtugann siad dóthain spáis don Ghaeilge. Caithfidh mé admháil go bhfuil níos mó spás san Irish Times don Ghaeilge ná mar atá i bpáipéar ar bith des na páipéirí laethúla atá ag dul mór thimpeall na tíre anseo. Molaim an Irish Times mar gheall air sin. Pé páipéar a chuireann rudaí i gcló i nGaeilge tá siad ag cuidiú leis an obair atá á dhéanamh ag an Aire agus tá siad ag cuidiú leis an troid atá idir lámha againn chun an Ghaeilge a shábháil. Ní bheadh sé ró-dheacair dóibh an dáta agus cúpla rudaí mar sin a chur ar bharr an pháipéir mar thosnú. Fiú amháin na páipéirí atá amuigh ins na contaethe faoin dtuaith tig leo sin cuidiú leis an Aire san dea obair atá ar siúl aige.

Seo obair dúinn go léir agus ní ceart go bhfágfaí rud mar seo don Aire, do Phádraig ó Fachtna nó Mícheál Ó Ceit nó d'aon duine eile mar sin. Tá fadhbanna deacra le réiteach acu—talamh bocht ins na ceantair ina bhfuil siad, margadh a fháil don iasc, an tionsclaíocht a chur ar aghaidh. Ba chóir dúinn cuidiú leo na rudaí a dheineann siad ins na Gaeltachtaí cuidiú leo. Fiú amháin an tAire Gnóthaí Eachtracha, ba chóir go mbeadh focal ina chluais ag Aire na Gaeltachta ionas nuair a bheadh sé thar lear go mbeadh sé ag iarraidh margaí d'fháil do na rudaí a déantar ins an nGaeltacht. Tá fhios againn féin go bhfuil na rudaí a déantar ansin chomh maith le earraí ar bith a déantar in aon áit. Dúirt an Seanadóir Ó Buachalla, go ndéanfaidh Dia trócaire air, a bhí ina Chathaoirleach sa Teach seo uair amháin, go bhfaca sé ceann de na hearraí sin a rinneadh in Árainn thall i gCeanada. Ceannaíodh in Árainn é ar £4 agus bhí siad ag fáil £96 i gCeanada. Níl a fhios agam cé fuair an difríocht ach ní dóigh liom gur muintir na Gaeltachta a fuair é cor ar bith.

Ba chóir go mbeadh sinne nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht— daoine nach raibh sa Ghaeltacht riamh—sásta a lán de na rudaí atá déanta in ár dtír féin, más rud é go bhfuil siad comh maith leis na rudaí a thagann isteach, a cheannach. Cuireann sé díomá orm nuair a fheicim daoine fiú amháin ag dul isteach ins na títhe ól agus iad ag iarraidh ól gan cheist mar gheall ar "Paddy" nó biotála mar sin. Sé Scotch nó rud eile mar sin a thagann isteach a bheidh acu.

Ní hé sin an tslí chun cabhrú leis an Aire nó ní hé sin an tslí chun chuidiú le muintir na hÉireann nó le muintir na Gaeltachta. Más Gael sinne cor ar bith, ba chóir go mbeimis sásta cuidiú leis na rudaí a dhéantar in ár dtír féin.

Bhí mé i gContae Corcaigh cúpla uair agus do chuir siad ionadh orm agus áthas chroí orm chomh dílis agus a bhí muintir Corcaigh maidir le gach rud i rinneadh in gContae Corcaigh. D'óladar stout le Murphy, d'óladar "Paddy", agus pé rud ar bith a rinneadh i gCorcaigh agus rud ar bith a rinneadh in Éirinn, ceapann siad nach bhfuil rud níos fearr san domhain. Sin an sprid ba cheart a bheith againne agus sin an tslí is fearr, im thuairimse, go mbeimíd in ann cuidiú leis an Aire óg seo chun cúis na Gaeltachta a chur chun cinn níos fearr.

Ba mhaith liomsa cuidiú leis an Seanadóir a bhí ag labhairt romham san moladh a thug sé don Aire mar gheall ar an obair mhór atá déanta aige, ó ceapadh ina Aire é, ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá an moladh sin tuillte aige. Tá fhios againne go bhfuil suim mhór ag an Aire ina chuid oibre agus tá gach cosúlacht ann, ón obair atá déanta aige san am gearr atá sé i mbun na Roinne, go leanfaí leis an obair.

Ba mhaith liom freisin cuidiú leis an fáilte atá tugtha don mBille seo ag na Seanadóirí a chuaigh romham. Is cúis sásaimh dúinn uile go bhfuil molta sa mBille seo an méid airgid a bheidh le fáil ag Gaeltarra Éireann a ardú ó £6 mhilliún go £10 mhilliún— ardú 66 faoin gcéad. Is léir gurb é an cuspóir atá ann ná níos mó fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht nó in aon ceann do na háiteanna go dtugtar "áiteanna iargúlta" ortha. Tá fhios againn uile go bhfuil dúil mór ag an aos óg sna cathracha móra nó na soillse geala ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain ar fad beagnach. Tá na mílte daoine ag tréigint tuaisceart an Bhreatain Mhóir agus ag déanamh ar Londain agus áiteanna eile i ndeisceart na tíre. Ins na Stáit Aontaithe tá na mílte ag déanamh ar an cósta thiar agus an cósta thoir. Sin tarraingt atá ag na cathracha ar an aos óg agus bhí an tarraingt sin ar aos óg na Gaeltachta le fada. Thréig siad an Ghaeltacht toisc gur theastaigh uatha na soillse geala a fheiceál, mar adéarfá. Comh maith leis sin, thréig siad an Ghaeltacht toisc easba oibre ann agus toisc go raibh an caighdeán beatha sa Ghaeltacht i bhfad níos ísle sa chuid sin den tír ná mar a bhí in áiteanna eile.

Más féidir aon rud a dhéanamh chun níos mó oibre a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus an caighdeán beatha a ardú go mhuintir na Gaeltachta, is cosúil go gcuirfear stop le tréigint na Gaeltachta. Má cuirtear stop le tréigint na Gaeltachta is amhlaidh go mbeidh níos mó de na cainteoirí dúthais ina gcónaí ann agus go labharfar níos mó den Ghaeilge atá acu ó dúchas.

Leis na blianta atá imithe thart ó bunaíodh an Stát seo, chuaidh an Ghaeltacht go mór i laghad cé go ndearna a lán iarrachtaí chun muintir na Gaeltachta a choimeád ann. Theip ar na hiarrachtaí sin go léir. Nílim ag cur lochta ar na daoine, ar na hAirí nó ar na Rialtaisí a bhí ann roimhe seo agus a dhein a ndíchill chun deireadh a chur le thréigint na Gaeltachta. Rinne siad a ndíchill ach theip ar na scéimeanna a chuir siad ag obair chun na daoine a mhealladh chun fanúint sa Ghaeltacht.

Ní mór dúinn adhmáil anois nár éirigh leis na scéimeanna sin, agus má tá cosúlacht ar bith ann go bhfuil ag éirigh le déanaí leis na scéimeanna chun na daoine a choinneáil sa Ghaeltacht, sea is fearr. Má tá an cosúlacht sin ann ba chóir dúinn leanúint leis an saghas sin oibre chun na daoine a choimeád ag obair sa Ghaeltacht.

Ó óraid an Aire, is léir go bhfuil an cosúlacht sin ann agus go bhfuil ag éirigh leis. Má tá, is cúis sásamh dúinn uile é. Ní fuirist an obair í daoine a mhealladh ón Ghalltacht go dtí an Gaeltacht chun monarcha a chur ar bun ann. B'fhearr leo bheith cóngarach do Bhaile Átha Cliath nó lár na tíre. Ní fuirist ach an oiread ceardaithe nó daoine atá oilte ar obair faoi leith a mhealladh chun na Gaeltachta. Ba chóir, comh fada agus is féidir linn é a dhéanamh, an oiliúnt is fearr in a leithéid sin de cheardaíochta agus in obair don tsaghas sin a thabhairt do aos óg na Gaeltachta.

Aon rud is féidir linn a dhéanamh chun caighdeán na hoibre a fheabhsú, sea is fearr. Má éiríonn linn an oiliúnt is fearr a thabhairt do na daoine sin, tá seans ann go mbeidh meas ag muintir an domhain nó muintir an gComh-Mhargaidh ar na hearraí a déanfar sa Ghaeltacht. Mar sin ba cheart é a bheith mar chuspóir againn na hearraí is fearr a dhéanamh, earraí go mbeidh cáilíocht ortha toisc a bhfeabhas—toisc go bhfuil ceardaithe maithe agus daoine mar sin i mbun na hoibre. Má éiríonn linn obair mar sin a dhéanamh, táim cinnte go n-éireoidh go geal linn.

Sílim go bhfuil moladh mór tuillte ag an Aire mar gheall ar an bplean seo atá aige údarás a bhunú agus guth láidir, mar a deir sé, a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin san údarás sin. Tá seans go n-éireoidh leis na daoine seo ná daoine ó Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile nach bhfuil suim acu sa Ghaeltacht. Táim cinnte go bhfuil níos mó ná cosúlacht ann go n-éireoidh leis an t-údarás nua agus go mbeidh feabhas tagaithe ar scéal na Gaeltachta sar i bhfad. Sin é an fá go bhfuilim chomh áthasach is atáim failtiú roimh an mBille seo anocht.

Mar na Seanadoírí eile, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire san ócáid seo an céad uair a tháinig sé chuagainn sa Seanad. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom cuidiú leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí, go mór mhór ag an Seanadóir Brosnan, faoin obair maith atá idir lámha ag an Aire. Tá sé ag déanamh obair ana-mhaith don Ghaeltacht ó tháinig sé i bhfeidhm. Is féidir linn chomh maith fáilte a chur roimh an mBille seo. An sórt Bille é a gheibheann fáilte i gcónaí anseo nó sa Dáil. Bíonn muid i gcónaí lán-tsásta airgead bhreis a sholáthair ar aon cúis den tsórt seo.

Tá sé sásúil go maith gur féidir leis an Aire teacht anseo agus a rá linn go bhfuil an £4 mhilliún de bhreis a tugadh do Ghaeltarra Éireann trí bhliain ó shin ídithe ar fad agus go bhfuil níos mó ag teastáil, agus tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad sula mbeidh ar an Aire teacht ar ais anseo chun a thuilleadh airgead a fháil don chúis chéanna. Is dócha go nglacfadh an tAire leis go mbrathann cuid mhaith den dul chun cinn atá á theaspáint sa mBille ar an méid a dhein an ath-Rialtas Fianna Fáileach fhad is bhí siad i gcumhacht. Na tionscail chuireadh ar bun le blian anuas, tháinig an smaoineamh agus an bunú dóibh fhad is bhí Fianna Fáil i bhfeidhm. Tá a fhios agam go n-aontóidh an tAire go bhfuil cuid mhaith den dul chun cinn i láthair na huaire ag brath ar an ullmhúcháin a rinneadh sul ar tháinig sé in oifig.

Ach is cuma cé dhéanann an obair. Is dóigh go bhfuilimid ar gach taobh den Teach ar aon intinn faoi cad is cóir don Ghaeltacht. Táimíd sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus is cuma linn cé dhein nó cé dhéanfas é.

Is íontach, is dóigh liom, an feabhas atá tagtha le dhá bhliain anuas ar na Gaeltachtaí ar fud na tíre. An duine a bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht nó go bhfuil eolas maith aige ar an Ghaeltacht, feicfidh sé ó bhliain go bliain an dul chun cinn atá ar siúl. Tá i bhfad níos mó oibre ar fáil sa Ghaeltacht ná mar a bhí riamh cheana. Tá an tAire tar éis a rá linn gur chuireadh breis agus 2,500 daoine ag obair agus ar ball go mbeidh 2,000 sa bhreis—4,500 ar fad. Is mór an méid é sin. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann a rá linn cén uair a bheidh an 4,500 ag obair. Má leanann seo, go luath sa Ghaeltacht beidh lánfhostaíocht ann—gur ar éigin a bheidh daoine fágtha gan postanna. B'fhéidir gur féidir linn bheith ag súil leis an lá a bheidh daoine ag teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht ó Shasana agus áiteanna eile agus obair le fáil ann acu.

Chomh maith leis an obair, leis an feabhsú tionscail atá le feiceáil sna Gaeltachtaí, mar is eol dúinn go léir tá an tithíocht ann i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé riamh cheana. Tríd is tríd, tá saol maith ag na daoine. Tá na scoileanna agus an scolaíocht go ginearálta imithe chun cinn go mór. Go háirithe, an chuartaíocht a bhaineann leis na páistí atá ag foghlaim Gaeilge, is cuidiú mór é sin do mhuintir na Gaeltachta. Ach tá an caighdeán beatha go ginearálta i bhfad níos fearr sna Gaeltachtaí ná mar a bhí, agus tá sé ag dul chun cinn ó bhliain go bliain.

Ní gá aon rud a rá faoi thábhacht na Gaeltachta i gcúrsaí na tíre. Má imíonn an Ghaeltacht, ar ndóigh, imíonn an Ghaeilge agus dá mbeadh an Ghaeltacht imithe ní bheadh againn ach teanga mharbh. Táimid i gcónaí ag smaoineadh air sin.

Ní leor, mar sin, obair a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, caighdeán beatha níos fearr a chur ar fáil dos na Gaeltachtaí chun an Gaeilge a choinneáil iontu. Ar ndóigh tá deacracht nua don Ghaeltacht sa mhéid go mbíonn an Béarla i gcónaí ag brú isteach ann.

An deacracht atá sa Ghaeltacht go mbaineann an saibhreas le Béarla agus an bochtanas le Gaeilge. Chíonn muintir na Gaeltachta daoine saibhre ag teacht isteach ina gcarranaí agus iad ar fad ag caint Béarla. Chíonn siad go minic, agus is trua é, na statsheirbhísí fhéin—na cigirí a thagann chun féachaint ar na tithe, na bóithre agus uile—agus an Béarla á labhairt acu. Na siopadóirí móra go minic, is Béarla a bhíonn acu; na siopadóirí beaga is Gaeilge a bhíonn acu. Na múinteoirí féin, go minic, is Béarla a labhrann siad. Na múinteoirí, cainteoirí dúchais, a bhíonn ag múineadh sna scoileannaí i lár na Gaeltachta, ag múineadh tré Ghaeilge ar ndóigh, fiú amháin sna scoileanna féin nuair a bhíonn siad ag labhairt leo féin, is Béarla a bhíonn ar siúl acu. Ró-mhinic ar fad, is Béarla a labhrann na sagairt. Fiú amháin na gardaí, b'fhéidir go mbíonn Gaeilge acu agus go labhrann siad í, ach is Béarla a bhíonn ag an sáirsint. Agus na daoine a thagann ón chomhairle chontae, is tré Bhéarla de gnáth a dhéanann siad a gcuid gnó. Na páipéirí, an teilifís, gach rud, i gcónaí bíonn siad ag brú isteach Béarla ar na Gaeltachtaí. Tá ag éirí go híontach le Radio na Gaeltachta agus is trua nach féidir linn an rud céanna a dhéanamh le telefís—clár beag telefíse a chur ar fáil sna Gaeltachtaí.

Caithfidh an tAire agus muid uilig iarracht a dhéanamh a thaispeáint do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil saol maith acu na laetheanta seo, go bhfuil saol comh maith acu is atá ag gach aon duine in aon áit eile faoin dtuaith agus gur bhfiú dóibh Gaeilge a labhairt. Is féidir leis an Aire féin cuidiú ar bhealach amháin a chinntiú gur i nGaeilge a bhéas obair na monarchain nua seo ar siúl. Na bainisteóirí monarchain féin, ar ndóigh go minic is Béarlóirí iad. Tá a fhios agam gur deacair bainisteoir a fháil—ceist tréanála é sin. Caithfear muintir na Gaeltachta a threanáil ionas go mbeidh said in ann bainistíocht a dhéanamh. Má bhíonn bainisteoir monarcain i lár na Gaeltachta agus é ag labhairt Béarla ní hamháin go gcuireann sé daoine eile ag labhairt Béarla ach níos measa, cuireann sé sin ina luí arís ar muintir na háite: má tá aon rud maith, aon rud saibhir, is i mBéarla a bhíonn sé.

Ba mhaith liom a rá comh maith le daoine eile gur maith an scéim atá ag an Aire, an t-údarás nua a bhunú. Is dóigh bheadh sé an-thábhachtach do na Gaeltachtaí dá mbeadh comhairle don tsórt seo ionas go mbeadh siad in ann aire a thabhairt. Cuideodh sé sin leis an Ghaeltacht go ginearálta agus leis an Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Molaim an Aire ar son an obair atá idir lámha aige agus ar son an Bhille seo.

Níl móran le rá agamsa agus caithfidh mé labhairt as Béarla in ionad Gaeilge toisc nach bhfuil mo dhóthain líofacht agam sa Ghaeilge.

Please excuse my lack of fluency but I feel I can express myself better in the English language than in the Irish language. In welcoming this Bill, I wish to reiterate the words which were first expressed by Senator Brosnan this evening in which he lauded the Minister for the Gaeltacht. Seldom if ever has there been such a dynamic personality in that position. The people of the Gaeltacht appreciate him greatly. They feel that somebody cares for them at last. His whistle-stop tours, if they may be called such, in the past year have instilled a great mood of confidence into the inhabitants of the Gaeltacht areas. He has been in every Gaeltacht area on at least two occasions and he has visited other Gaelic speaking areas such as those in the outer islands of Scotland. His enthusiasm and energy are to be lauded.

This Bill deals with the provision of more money for Gaeltarra Éireann or, as it will be called in future, Údarás na Gaeltachta, which means local bodies set up comprising interested people developing their own areas in the manner they think best. In other words, each area will develop its potential in the most suitable manner. This may be a fore-runner to what could be achieved in other underdeveloped areas of the country. That it should be done in the Gaeltacht reflects to the credit of the Minister. It could be classified as a pilot scheme. I look forward with great interest to see how it develops.

For too long the Gaeltacht areas have been considered by the vast majority of the people as something akin to the Indian reservations in the United States of America. Hand-outs have been given as a sop to keep the native Irish speakers happy. Happily, this stage in the life of our nation is now coming to an end. A really practical effort has been made by Gaeltarra Éireann to give the people what they want, which is the right to work and live in their native areas as equals with the other citizens of the State. Nobody can desire anything more than the right to live at the same standard and to earn the same money as the other inhabitants of the State.

Gaeltarra Éireann have been very successful in doing this. There have, of course, been many failures, but there also have been failures in other aspects of industry in Ireland. We should reach the stage quite soon where we can stop giving grants to people to speak Irish in these areas just to retain them there. We should reach the stage where people will be self-sufficient and proud of their skill and acumen in their jobs. It is a little degrading that the Gaeltacht should be kept alive by means of financial hand-outs. Let us hope we can reach the stage where people will live by their own initiative and hard work.

I agree with Senator Yeats about the undesirability of recent happenings in the Gaeltacht. Well-educated people and those reasonably proficient in the Irish language and who have lived adjacent to Gaeltacht areas now deliberately build new houses in these areas merely to gain the fringe benefits available in terms of grants. This is not a welcome development. Their interest in the Irish language is of very secondary importance. The Minister might take a closer look at this aspect. All these types of benefit are aimed at helping the Irish language to survive and should not be used as short-cuts for getting houses at a cheaper rate.

An Leas-Chathaoirleach

It is now just past 10 o'clock which is the hour the House customary rises.

I will not be very long.

An Leas-Chathaoirleach

Is it agreed we adjourn the House until tomorrow morning? It is a matter for the House to decide. Shall we let Senator Deasy conclude?

Senators

Agreed.

I was speaking about the undesirable development of the undesirable drift to the Gaeltacht. We want Gaeltacht areas from which there is no emigration, no population movement if possible. We want to give the people who live in these areas the right to stay there and to earn their living. This is what this increased amount of money is expected to ensure: to build more factories and provide more jobs.

I presume that the contents of this Bill relate to the fíor-Ghaeltacht only. I feel that there should be a sliding scale and that increased grants should be given to certain other Gaeltacht areas. At the moment there is a fair division between the fíor-Ghaeltacht and the completely non-Gaeltacht areas. There are very generous grants for fíor-Ghaeltachta. Might it not be a good idea if there was a sort of inbetween grant for interested industrial concerns who wish to set up in the breac-Gaeltachta, many of which are on the borders of the existing fíor-Ghaeltachta? I will conclude by once again complimenting the Minister. Deputy O'Donnell. His initiative and his interest is really appreciated in these areas which up to now have not been properly developed or been properly looked after.

Debate adjourned.
The Seanad adjourned at 10.5 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 6th June, 1974.
Barr
Roinn