Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Jul 1975

Vol. 82 No. 7

An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975 (Bille Airgid Deimhnithe): An Dara Céim agus na Céimeanna Eile. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1975 (Certified Money Bill): Second and Subsequent Stages.

Tairgíodh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair".
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time".

Is é cuspóir an Bhille seo ná uasteorainn na n-airleacan ón bPríomh-Chiste do Ghaeltarra Éireann a ardú ó £10 milliún go £25 mhilliún. Uasteorainn £500,000 a bhí ann ar dtús faoin gcéad Acht um Thionscail na Gaeltachta a ritheadh sa bhliain 1957 agus tá sí á hardú don cheathrú huair anois. Cuireadh go dtí £2 mhilliún í sa bhliain 1965, go dtí £6 mhilliún sa bhliain 1971 agus go dtí £10 milliún anuraidh. Ós gearr go mbeidh an £4 mhilliún a údaraíodh anuraidh íoctha amach is mithid socrú a dhéanamh ionas go bhféadfar tuilleadh fós a eisiúint. Mar sin, tá £15 mhilliún bhreise á chur leis an uasteorainn faoin mBille seo. Caithfear thart ar £2 mhilliún de sin i mbliana—anuas ar £2,855,000 faoin tseanteorainn, is é sin, beagnach £5 mhilliún san iomlán i 1975.

Caiteachas caipitil ar fad atá i gceist sna hairleácain a eisítear díreach chuig Gaeltarra as an bPríomh-Chiste. I láthair na huaire caitear beagnach dhá thrian den chaipiteal sin ar mhonarchana lena gcur ar cíos do thionscail nua; caitear beagnach trian eile ar scaireanna i gcomhthionscail nua a nglacann Gaeltarra páirt iontu; agus is ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin is mó a chaitear an fuílleach.

Ar ndóigh, bíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais a íocann Gaeltarra le tionscail ach is trí Vóta bliantúil Roinn na Gaeltachta a chuirtear an t-airgead sin ar fáil. Meastar go gcaithfear £2,300,000 ar na deontais sin i mbliana, is é sin, go sroichfidh an caiteachas caipitil ón dá fhoinse £7,232,000 i 1975—méadú anmhór ar an gcaiteachas in aon bhliain roimhe seo.

Os rud é go mbeidh mé ag tagairt go minic do thionscail de dhá shaghas a dtugann Gaeltarra cúnamh dóibh, b'fhéidir nach fearr rud a dhéanfainn ag an bpointe seo ná an difríocht eatarthu a shoiléiriú.

Tugaim "comhthionscal" ar thionscal ina mbíonn Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar le chéile agus scaireanna ag Gaeltarra ann. De ghnáth tugann Gaeltarra deontas chomh maith do thionscal mar sin agus uaireanta ligeann Gaeltarra monarcha ar cíos don tionscal.

Tugaim "miontionscal" ar gach tionscal eile a dtugann Gaeltarra cúnamh dó. Deontas a bhíonn i gceist de ghnáth agus is annamh a rachadh sé thar £40,000 ach uaireanta ligeann Gaeltarra monarcha ar cíos don tionscal chomh maith. Ní bhíonn aon scaireanna ag Gaeltarra i "miontionscal" agus ní bhaineann an t-airgead faoin mBille seo le tionscal mar sin ach amháin nuair a chuirtear monarcha ar fáil dó.

Is le deich mbliana anuas a thosaigh Gaeltarra ag cabhrú le tionscail den dá shaghas sin ach tá cuid de na tionscail a bhí ann roimhe sin á reachtáil fós ag Gaeltarra féin—bréidín agus cniotáil—agus thosaigh Gaeltarra féin ar innealtóireacht phlaisteach roinnt blianta ó shin. Is cúis áthais dom gur tháinig laghdú mór ar na caillteanais ar thionscail Ghaeltarra féin anuraidh.

Is comharta an Bille seo ar an tslí ina bhfuil Gaeltarra ag brostú le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht, in ainneoin na ndeacrachtaí iomadúla atá ar fud an domhain le tamall anuas mar gheall ar an gcúlú i gcúrsaí eacnamaíochta. Is oth liom nach bhfuil tuarascáil Ghaeltarra don bhliain 1974 ar fáil do Sheanadóirí go fóill ach, mar chabhair don Seanad, tig liom a rá go mbeidh eolas mar seo a leanas sa tuarascáil sin.

Bhí 2,617 nduine ag obair go lánaimseartha i ndeireadh na bliana seo caite sna tionscail a bhfuil baint ag Gaeltarra leo—agus comhthionscail, miontionscail agus tionscail Ghaeltarra féin san áireamh. Is ionann é sin agus méadú 40 faoin gcéad ar an bhfostaíocht laistigh de dhá bhliain. Ach na tionscail sin uile a bheith faoi lánseol bheadh fostaíocht lánaimseartha do 5,298 duine iontu. Ceadaíodh 11 chomhthionscal nua i rith 1974 agus bhí Gaeltarra chun £498,000 a infheistiú ina gcuid scaireanna agus deontais £1,890,700 a thabhairt dóibh. Bhí páirt ag Gaeltarra i 46 chomhthionscal ar fad i ndeireadh 1974. Ceadaíodh deontais dar luach £761,200 i rith 1974 do 82 mhiontionscal nua agus do roinnt miontionscal a bhí ann roimhe sin, rud a thug líon iomlán na miontionscal a raibh deontais ceadaithe dóibh go dtí 268.

Tháinig méadú timpeall 80 faoin gcéad laistigh de dhá bhliain ar líon na dtionscal, idir chomhthionscail agus mhiontionscail, a raibh cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra dóibh.

Chomh maith leis sin thug mé roinnt mhaith eolais faoi chúrsaí Ghaeltarra mar fhreagraí ar cheisteanna sa Dáil ó thús na míosa seo caite. Ar an 12 Meitheamh, mar shampla, thug mé sonraí a bhain leis an tréimhse ó thús Aibreáin, 1973, go deireadh Bealtaine, 1975, agus a léirigh gur ceadaíodh 28 gcomhthionscal nua—seacht gcinn i gCo. Dhún na nGall, dhá cheann i gCo. Mhaigh Eo, deich gcinn i gCo. na Gaillimhe, sé cinn i gCo. Chiarraí, ceann amháin i gCo. Chorcaí agus dhá cheann i gCo. na Mí. Ceadaíodh cúnamh breise do 21 chomhthionscal eile—cúig cinn i nDún na nGall, ceann amháin i Muigh Eo, seacht gcinn i nGaillimh, cúig cinn i gCiarraí agus trí cinn i gCorcaigh. Ceadaíodh deontais do 135 mhionthionscal—47 i nDún na nGall, 14 i Maigh Eo, 61 i nGaillimh, deich i gCiarraí agus trí i gCorcaigh.

Ar na príomh-chomhthionscail nua ar ceadaíodh iad agus ar cuireadh tús leis an obair iontu sa tréimhse sin tá earraí teileafónaíochta i nGaoth Dobhair, forbairt talún in Iorras, feistis solais i mBéal an Mhuirthead, ríomhaireacht sna Forbacha, gairneoireacht i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach, pailéid adhmaid i Múscraí agus innealtóireacht éadrom i Ráth Caírn.

Arís, ar an 8 Iúil, chuir mé eolas ar fáil i dtaobh 21 togra nua a bhfuil na socruithe dóibh ag teacht chun deachríche agus a bhfuiltear ag súil le 1,000 post iontu. Beidh na tionscnaimh sin scaipthe go maith ar fud na Gaeltachta : sna Dúnaibh, i nGaoth Dobhair—dhá cheann; i mBaille na Finne, are Ard an Rátha, ar an gCarraig agus i gCill Charthaigh i gContae Dhún na nGall; i mBun an Churraigh agus i gCoill an tSíáin i gContae Mhaigh Eo; i gCarna, i gCill Chiaráin, i dTír na Fhia, ar an gCeathrú Rua—dhá cheann—i Ros an Mhíl agus i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe; i mBaile an Fheirtéaraigh agus i mBaile an Sceilg i gContae Chiarraí; i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí; sa Rinn i gContae Phort Láirge; agus i mBaile Gib i gContae na Mí.

Sílim gur léir go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh le forbairt na tionsclaíchta sa Ghaeltacht agus gur mó fós a bheadh déanta mura mbeadh an ghéarchéim eacnamaíochta atá ag cur isteach ar chúrsaí tionscail ar fud an domhain. Tá ardmholadh tuillte ag Gaeltarra dá bharr sin. Is é mo thuairimse nach bhfuil a sárú mar eagraíocht le fáil ín áit ar bith. Tréaslaím le comhaltaí an bhoird, leis an lucht bainistíochta agus leis an bhfoireann uile as ucht a ndúthracht a chaitheamh le fonn agus le fuinneamh chun leas na Gaeltachta a chur ar aghaidh. Chun na fadhbanna iomadúla le bliain anuas a shárú bhí gá le hiarracht thréan leanúnach agus le comhoibriú ó gach dream agus tá moladh ag dul freisin do phobal na Gaeltachta agus d'fhoireann mo Roinne féin.

Leis na deacrachtaí go léir na laethanta seo ní féidir bheith ag súil go n-éireodh le gach uile thionscal a bhunaítear sa Ghaeltacht. Níorbh fholáir tionscail áirithe a atheagrú nó tionscail nua a thabhairt isteach ina n-ionad agus tá muinín agam as a bhfuil déanta. Nuair a thiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta beidh bonn maith tionsclaíochta ar fud na Gaeltachta chun tairbhe níos fearr fós a bhaint as na deiseanna nua.

Tá bonn daingean á leagan cheana féin ag Gaeltarra do ghnó na cuartaíochta sna hóstáin ina bhfuil scaireanna acu. Le bliain anus tá tús curtha—don chéad uair riamh—le socrú trína gcuirtear eolas ar fáil do ghrúpa de na hóstáin sin i dteannta a chéile. As an ngrúpmhargaíocht sin táthar ag súil go dtiocfaidh an méadú mór a bhfuil anriachtanas leis ar na custaiméirí do leapacha na n-óstán.

Ó thaobh tionsclaíochta agus cuartaíochta araon is cuid thábhachtach dár mbeartas na haersheirbhísí sa Ghaeltacht a fhorbairt. Tá scaireanna ag Gaeltarra in Aer Árann agus tá dul ar aghaidh an-mhaith á dhéanamh ag an gcomhlacht.

Tá leas na gcomhluadar Gaeltachta ar cheann de na gnéithe is suntasaí agus is tábhachtaí de bheartas an Rialtais don Ghaeltacht. Is chuige sin a chuir Gaeltarra tús le Comórtas Forbartha Pobal. Is mór an chúis sásaimh an fhreagairt bhreá atá faighte ó na pobail áitiúla agus tá ós cionn 50 comhluadar páirteach so Chomórtas. Chomh maith leis na duaiseanna fiúntacha ó Ghaeltarra tuigim go bhfuil suas le £40,000 tagtha isteach mar bhronntanais ó chomhlachtaí móra tionscail, tráchtála agus baincéireachta agus ó ceardchumainn. Molaim iad go léir.

Is é mo thuairimse go bhfuil tábhacht ar leith leis na tionscail bheaga a bhíonn á reachtáil ag pobal na Gaeltachta féin agus tá áthas orm a rá go bhfuil ag éirí ga han-mhaith lena bhformhór. Dáiríre is sna miontionscail amháin a d'fhás an fhostaíocht i rith na bliana 1974. Sa dá bhliain 1973 agus 1974 méadaíodh líon na dtograí ar cheadaigh Gaeltarra cúnamh dóibh gan páirt a ghlacadh iontu ó 146 go 268 agus líon na ndaoine a bhí ag obair go lánaimseartha iontu ó 730 go 1,074; agus bhíothas ag súil le 2,246 phost iontu ach iad a bheith faoi lánseol. Ní aon ionadh mar sin gur thug mé treoir do Ghaeltarra aire speisialta a thabhairt do thionscail bheaga den saghas sin agus muintir na Gaeltachta a spreagadh chun iad a bhunú agus a leathnú as a stuaim féin nó trí chomharchumainn. Is tionscail dá leithéid is fearr a oireann do na ceantair Ghaeltachta.

Tá leathnú na comharaíochta chun tosaigh i gcónaí i mbeartas an Rialtais don Ghaeltacht agus tá cabhair nach beag le fáil ag comharchumainn ó mo Roinnse. Is iontach mar atá sprid na comharaíochta ag fás le tamall anuas sa chaoi go bhfuil breis agus 20 comharchumann ag gabháil do ghnóthaí éagsúla ar fud na Gaeltachta anois. Táim féin lánchinnte nach bhfuil bealach níos fearr ná comharchumann éifeachtach chun leas aon cheantair a chur ar aghaidh. Tá Gaeltarra i bpáirtíocht le comharchumainn éagsúla i gcúrsaí gairneoireachta, talmhaíochta, cuartaíochta agus próiseála éisc agus tá súil agam go mbeidh ar chumas Ghaeltarra cabhrú tuilleadh lena lán comharchumann eile. Mar shamplaí de thionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus comharchumainn luaim míntíriú talún i gceantar Iorrais agus plandlanna i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach. I láthair na huaire tá Gaeltarra ag obair ar phlean chun comhlacht margaíochta a bhunú a mbeadh na plandlanna i gCiarraí páirteach ann. Bhí sé de phribhléid agam féin Plandaí Chorca Dhuibhne a oscailt go hoifigiúil coicís is an Domhnach seo caite.

Le cúpla bliain anuas tá Gaeltarra ag díriú go speisialta ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta— iascaireacht, talmhaíocht, gairneoireacht, etc. Tá an fharraige féin ar an acmhainn is mó atá ag an nGaeltacht agus, chomh maith le páirt a ghlacadh i dtionscail phróiseála éisc, tá Gaeltarra ag dul ar aghaidh anois le tionscnamh fíorthábhachtach muireolaíochta—saothrú nó "feirmeoireacht" oisrí le tacaíocht ón tSaotharlann Taighde Éisc Sliogáin de chuid Choláiste Ollscoile na Gaillimhe.

Ní féidir smaoineamh ar acmhainní na farraige na laethanta seo gan ola agus gás a lua. Tá Gaeltarra ag faire go géar ar a bhfuil ar siúl amach ó chósta na Gaeltachta le súil go bhféadfaí seirbhísí a bheadh ag teastáil a chur ar fáil i gcentair Ghaeltachta agus leas na gceantar sin a chosaint ag an am céanna. Tá staidéar ar sheirbhísí den saghas sin déanta ag foireann Ghaeltarra san Ioruaidh agus tá a leithéid le déanamh in Albain. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas féin páirt a ghlacadh sa chuairt staidéir ar Albain.

B'fhéidir gur leor a bhfuil ráite agam mar léargas ar an saothar mór atá ar siúl ag Gaeltarra agus ar an dul ar aghaidh fiúntach atá á dhéanamh ar fud na Gaeltachta. Dá thoradh sin go léir, tá mórdhóchas agam go mbainfear amach an sprioc atá romhainn, is é sin, lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta.

D'fhógair mé cheana go mbeidh Údarás na Gaeltachta le cur in ionad Ghaeltarra agus tá an réamhullmhúchán don Bhille i dtaobh an Údaráis chun cinn go maith. Nuair a bheidh an Bille ceadaithe ag an Rialtas tabharfaidh mé os comhair an Oireachtais é agus beidh deis eile againn chun cúrsaí na Gaeltachta a phlé. Idir dhá linn, áfach, ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir go bhfuilimid ag brú ar aghaidh go tréan le forbairt na Gaeltachta.

Tá airgead mór le caitheamh ar an nGaeltach agus tá an Rialtas sásta é a chur ar fáil ach, chun go bhféadfar cuid de a eisiúint, tá gá leis an mBille seo. Dá réir sin molaim an Bille Airgid seo don Seanad.

Táimid sa bhFreasúra sásta glacadh leis an mBille seo. Cuirimid an spéis in aon rud a théann chun sochar do mhuintir na Gaeltachta agus chabhríonn leo slí bheatha níos fearr agus níos sásúil a bhaint amach. Tuigtear dúinn go léir go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeltacht mar is chloch an náisiúntachais í. Thuig na státairí is fearr a bhí againn ariamh ins an tír seo, go mór mhór an iar-Uachtarán, Eamon de Valera, an tábhacht iontach a bhí leis an nGaeilge agus le gach a bhain leis. Bhí an smaoineamh agus an tuairim céanna ag an tUasal Ristéard Ó Maolchatha nuair a bhí sé beo, agus daoine mar sin. Is annamh gur chailleadar deis ar bith acu i scribhinní nó in oráidí poiblí é sin a chur in iúl go soiléar ionas go rachfadh sé ina lúi go daingean docht ar na daoine agus ar na daoine a bhí ag teacht ina ndiaidh.

Ba chóir fosta go dtuigfeadh sinne an rud céanna. Measaim gur chóir go mbeadh an smaoineamh sin ag na daoine in Oireachtas Éireann, is cuma cioca taobh den Tigh ar a shúionn siad nó cad é an pairtí politíochta lena mbaineann siad. Ba chóir dúinn go léir a bheith aontaithe nach mbeidh an chuid is fearr den náisiúntachas agus den sean tsaol agus na sean nósanna caillte againn.

Tá fhios againn go bhfuil stair ar leith ag baint leis an nGaeltacht agus go mór mhór le Iarthar na tíre, mar sin í an áit in Éirinn ina bhfuil an talamh is measa agus ina bhfuil na feirmeacha beaga le fáil fosta. Sin iad na daoine a ruaigeadh an chuid is mó dá muintir as an talamh maith fadó nuair a bhí cogaí ar siúl. Cuireadh anall cois fairrge ansin iad agus d'fhan siad ansin agus do choinnigh siad beo na nósanna, an cheoil agus an teanga cé gur minic a tugadh a lán breabanna agus deiseanna dóibh dul le Béarla agus leis na daoine a bhí á bhrú síos sa talamh iad. Sheasadar an fód go dílis ins na blianta sin agus anois nuair ata ár Rialtas féin againn, is ceart moladh a thabhairt dóibh.

Tuigim nach féidir daoine do choinneáil ag maireachtáil beo in áiteanna mar sin mura mbíonn tionscail ann agus fostaíocht le fáil acu. Leis na blianta anuas d'imigh na mílte daoine ón nGaeltacht thall go dtí Boston agus New York, go dtí Birmingham, London agus áiteanna mar sin de bhrí nach raibh obair le fáil acu ina dtír féin. Is fíor go raibh an rud céanna ag titim amach in áiteanna ins an tír nach Gaeltachtaí ar chor ar bith iad, ach áiteanna in a bhfuil an tradisiún acu agus an ceol acu cé nach bhfuil an teanga acu. Bhí spéis ar leith ag gach Rialtas ins na daoine go raibh an teanga acu. Tháinig athrú mór ar fad í ndearcadh muintir na hÉireann tuairim na bliana 1957 nó bfhéidir roimh an cogadh, ach go háirithe ins na blianta sin nuair a rinneadh iarracht ar thionscail do scaipeadh amach ar fud na tíre. Nuair a mhol an tUasal Lemass, go ndéanfaidh Dia trocaire air, monarchain do chur ar bun in áiteanna eile lasmuigh dena cathracha móra, go mór mhór ag an Sionann agus san Ghaeltacht agus áiteanna mar sin. Thug sé sin spéis agus dóchas nua do na daoine a bhí ina gcónaí ins na háiteanna sin. Chabhraigh siad go mór leis an iascaireacht fosta. Sílim gur seo áit ina bhféadfadh an tAire agus daoine mar é cuidiú níos fearr le muintir na Gaeltachta, gach caoi agus deis a úsáid chun níos mó de mhuintir na Gaeltachta a chur amach ag iascaireacht, féachaint chuige go mbeadh na báid is fearr acu, mar i láthair na huaire tuigimid go bhfuil gléasanna nua-aimseartha ag a lán de na daoine a thagann in aice lénar gcósta chun scadáin agus bradáin a mharú agus bionn áis mhór acu ar mhuintir na Gaeltachta agus na báid gan bheith ró mhaith acu. Sílim gur cheart deontaisí maithe a thabhairt do dhaoine a bhéadh sásta dul amach agus obair mar sin a dhéanamh. Mar is eol díobh, thuas ins ar na Cealla Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill, tá monarchan nó dhó ag úsáid na héisc seo chun daoine do chur ag obair istigh ar an mórthír.

Lasmuigh de gach a rinneadh leis na blianta anuas, tuigtear dúinn go bhfuil a lán de na daoine a bhíodh ina gcónaí ar na hoileáin mór-thimpeall na tíre ag fágáil na noileán sin agus go bhfuil cuid de na hoileáin gan duine ar bith, na scoileanna dúnta agus na daoine imithe. Tuigimid nach bhféadfaimís iarradh ar daoine fanúint ansin muna mbíonn siad sásta fanúint ann ach na daoine atá ag fanúint ansin, is cóir i gcónaí dúinn a bheith flaithiúil leo agus cuidiú leo.

Is mór an dul chun cinn a rinneadh do mhuintir na Gaeltachta nuair a tugadh seans dóibh Radio na Gaeltachta a bheith acu féin. Do thug se sin sórt misnigh dóibh agus theaspáin sé dóibh go raibh ceart le fáil acu. Ón uair a thosaíodh é go dtí anois tá sé ag dul chun cinn go maith. Ba cheart séirbhís mar sin a chur ar siúl fosta ní hamháin ar an radio ach ar an teilifís agus ba chóir go mbeadh teilifís i nGaeilge againn do na daoine sin. Is íontach an módh múinteoireachta an teilifís agus cuideóidh sé go mór, ní hamháin le muintir na Gaeltachta ach leis na daoine atá ina gcónaí ins na breac-Ghaeltachtaí thart orthu agus leis na daoine go léir ar fud na tíre. Ba chóir dúinn é a thuisiunt agus gan dearmad a dhéanamh air go bhfuil an Ghaeilge dhá mhúineadh ins na scoileanna ins an tír seo le 50 bliain anuas. Ar an ábhar sin——

Tá an Seanadóir ag taisteal beagáinín leathan ón mBille atá os ár gcomhair anois.

Theastaigh uaim trácht ar na hiarrachtaí a bhí dhá dhéanamh ag Gaeltarra Éireann níos mó tionscail agus fostaíocht a chur ar siúl do na daoine san Ghaeltacht. Bhíos ag claonadh beagáinín sa treo sin, ach aontáim leat má deireann tú go bhfuil mé ag dul thar teorann——

Ná bí ag triall ró fhada an tslí sin.

Déanfaidh mé mo dhícheall claonadh idir na claí, mar a deireann tú féin, maidir leis an mBille seo. Ar aon chaoi an príomh-aidhm a bhí leis ná níos mó airgid a sholáthair do Ghaeltarra Éireann chun na rudaí seo do dhéanamh. Measaim féin nuair a tugtar Bille mar seo isteach i slí eigin tugann na páipéir an claonadh mícheart dóibh. Cheapfadh duine ó a bheith a léamh an ruda go raibh £25 milliún lé fáil do mhuintir na Gaeltachta i rith na bliana seo. Sin an teideal a bhí ar an bpáipéar, agus ní dóigh liom féin, agus ní deireann an Bille seo, go bhfuil sé sin ceart. Deireann an Bille go mbeadh £25 milliún le fáil uair éigin ins an aimsir fháistineach, ach an rud a bhéas ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta agus a rachadh chun sochar dóibh agus a chuideódh leo agus an rud a thuigfeadh muintir na hÉireann níos fearr, déarfainn, dá mbeimís ábalta a rá díreach go bhfuil an t-airgead seo le fáil agus cé mhéid airgid atá le fáil i n-aghaidh na bliana. An mbeidh muintir na Gaeltachta cinnte go mbeidh an t-airgead ansin? An mbeidh Gaeltarra Éireann cinnte go mbeidh an t-airgead ansin chun na rudaí seo a dhéanamh? Tuigim féin gur rudaí tábhachta iad agus gur cheart iad a dhéanamh.

Rinne an tAire tagairt do na tionscail bheaga agus aontaim leis san méid sin. Tá an Ghaeltacht scaipithe ó Phortláirge suas go dtí Tír Chonaill agus is ceart a bheith cinnte go mbeadh a lán tionscail bheaga ann, mar ní fhéadfaí iad go léir do thabhairt le chéile i dtionscal amháin. Rud eile, nuair a theipeann ar tionscal beag ní bhíonn sé chomh holc agus dhá dteipeadh ar thionscal anmhór ar fad. Tá a fhios agam go bhfuil obair mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann ó bunaíodh iad i 1957 nó 1958, agus is ceart a rá go ndearna Mícheál Ó Móráin agus an Teachta Ó Fachtna roimh an Aire seo obair íontach ar fad, fosta. Nílim ag iarraidh baint den méid atá déanta ag an Aire, ach tá mé, ag cur anseo, mar adéarfá, stair na ndaoine.

Maidir leis na tionscail beaga, ba cheart iarracht a dhéanamh chun tionscail atá bunaithe ar bun-ábhar atá le fáil ins an nGaeltacht a chuir ar bun. Tá siad sin an-tábhachtach ar fad. Bínn a lán bun-ábhair, mar is eol díobh, sa Ghaeltacht i láthair na huaire, mar atá marmar, carraigeacha, sliogáin agus rudaí mar sin, agus tá mé cinnte go mbeadh margadh le fáil ar rudaí mar sin ní hé amháin ins an tír seo ach i ngach áit ar fud an domhain ina bhfuil 30 milliún Gaeil ina gcónaí, agus dá gceannóidís ceann amháin acu sin, fiú amháin i n-aghaidh na bliana, déanfadh sé an-mhaitheas ar fad chun cuidiú le cúrsaí airgid sna Gaeltachtaí.

Sílim go mbíonn deachrachtaí ann maidir le cuid des na hearraí a déantar ansin a chur ar díol go mór mhór thar lear, agus do ndeineann duine éigin— an fear láir, mar adéarfá—an chuid is mó den airgid as na rudaí sin. Mar adúradh liom uair éigin—an duine adúirt liom é fadó bhí sé ina Chathaoirleach ar an Teach seo, an tUasal Liam Ó Buachalla—go ndéana Dia grásta air—go bhfaca sé ticéad earraí ar díol ins na siopaí amuigh i Canada agus bhí sé £84 an t-am sin, agus tig le duine ar bith iad a cheannach i gConamara, i dTír Chonaill, i gCiarraí nó áiteanna mar sin ar £4 nó £5.

Ar an ábhar sin, tuigtear domsa go bhfuil deacrachtaí ansin maidir leis na hearraí seo a chur ar díol, go bhfuil duine éigin istigh, mar adéarfá, agus go bhfuil sé ag déanamh an tairgead is mó as na rudaí sin. Ba chóir don Aire agus do Ghaeltarra Éireann iarracht a dhéanamh na rudaí a dheineann siad a chur lom díreach amach chun na dtíortha sin iad féin agus súil ghéar a bheith acu cé dhein an chuid is mó den airgead as na rudaí sin.

Tá a lán rudaí go dtig leo a dhéanamh sa Ghaeltacht cois teallaigh lena lámha féin agus tá meas mór ag a lán daoine ar rudaí mar sin i láthair na huaire—bréagáin agus cártaí Nollag agus a lán rudaí eile. Tá a fhios ag an Aire féin an liosta mór fada gur dtig le duine a chur le chéile a bheadh oiriúnach do pharóiste ar bith nó do baile fearainn ar bith fiú amháin sa Ghaeltacht gan trácht ar an gcontae ar fad.

Léigh mé le déanaí faoi rud éigin a bhí dhá dhéanamh acu thíos i gCiarraí maidir leis na hoisrí: go raibh cleas nó caoi nua acu chun iad ullmhú níos tapúla, mar adéarfá, nó b'fhéidir an bia ceart a thabhairt dóibh. Níl a fhios agam cén tslí ina ndéanfaidh siad é ach sílim go dtógann sé trí, cúig nó sé blianta ó beirtear oisreach go mbíonn sé réidh le n-ithe, ach go bhfuil siad abálta é sin a dhéanamh anois i mbliain amháin nó dhá bhliain. Tháinig duine éigin isteach ón tSeapáin atá ag obair le duine éigin eile.

Sin tosnú go dtig linn a leanúint agus é a scaipeadh ar fud na nGaeltachtaí eile. Tá a lán saibhreas sa bhfarraige. Sin an difríocht mhór atá idir mhuintir na Gaeltachta agus na daoine bochta atá ina gcónaí im Dháilcheantar féin agus áiteanna mar sin ina bhfuil an talamh bocht ach nach bhfuil an fharraige ann chun na héisc a bhaint as, ní hé amháin na héisc ach feamainn agus sliogáin agus rudaí mar sin. Tig linn a lán a dhéanamh mar gheall air sin. Measaim féin gur chóir go mbeadh Gaeltarra Éireann agus an Rialtas ag cur an-spéis ar fad sna cuanta breátha atá ar an taobh sin den tír. Tá a lán de na cuanta sin nach dtig leis na báid teacht isteach iontu. Chosnódh sé a lán airgid ach tá mé cinnte go dtabharfadh sé a lán oibre do na daoine sna áit sin chun caladhphort agus cuanta breátha a dhéanamh ansin. Tuigimid go léir anois go bhfuil na cuanta atá ar an dtaobh sin den tír ana domhain ar fad agus go bhfuil siad an-oiriúnach don sórt tráchtáil farraige a bhíonn ar siúl i láthair na huaire.

Le déanaí chuala mé mar gheall ar daoine i gContae Mhuigh Eo: tháinig taincéar mór isteach i mBaile Átha Cliath i n-áit éigin agus bhí orthu é sin a chur trasna ó Bhaile Átha Cliath go Béal an Áth agus bhí orthu dul ar na bóthair leis. Bhí se an-dheacair ar fad, mar bhí sreanga sa bhealach agus droichidí agus mar sin. Bheadh sé i bhfad níos furasta dá mbeadh cuan breá acu ansin agus iad a bheith toilteanach agus a bheith ábalta dul mórthimpeall an chósta agus teacht isteach ansin in aice na háite. Ní dóigh liom go bhfuil go leor úsáid dhá dhéanamh as na cuanta sin. Is mór an trua sin mar do réir mar a théann na blianta ar aghaidh tá mé cinnte go mbeidh cuanta mar Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh agus iad sin plódaithe le tráchtáil agus le báid ag teacht isteach agus ag dul amach. Sílim gur fiú go ndéanfadh an tAire smaoitiú ar sin fosta san obair atá dhá dhéanamh aige.

Tá sórt tuairim agam mar gheall ar lión na ndaoine sna Gaeltachtaí ar fad dá bhféadfainn na figiúirí d'fáil mar gheall ar an méid daoine atá ag obair iontu agus na daoine nach bhfuil obair ar bith acu. Tá mé cinnte nach bhfuil an imirce chomh mór anois ón nGaeltacht agus a bhí fadó. Tá mé cinnte fosta go bhfuil daoine, b'fhéidir, ag filleadh ó Shasana agus áiteanna mar sin agus gur mhaith leo dul ag maireachtáil arís sa Ghaeltacht. Tá sé deacair go leor ar na daoine atá ansin obair d'fháil, ach súil fosta do choinneál ar na daoine go mbeadh fonn orthu teacht abhaile agus na blianta deireadh dá saol do chaitheamh san tír seo.

Feicim féin in aice le cathair na Gaillimhe go bhfuil a lán daoine ag dul amach ansin agus ag tógáil tithe breátha ar na carraigeacha. Níl a fhios agam cárbh as na daoine sin, ach tá fás mór ag teacht ann. Bhí mé i dTír Chonaill ar feadh trí lá uair amháin agus na tithe a bhí ansin bhíodar go hálainn ar fad. Ba chóir dúinn a bheith bródúil as chomh glan agus atá muintir na Gaeltachta maidir leis an bia a thugann siad do na cuarteoirí a théann ann agus maidir leis na tithe. Measaim féin nach dtéann go leor de na cuairteoirí a thagann go dtí an tír seo chun na Gaeltachta mar cuireann, i mo bharúil féin, na Gearmánaigh agus muintir na Frainnce an-spéis ar fad san gcuid sin den tír. A lán daoine a thagann isteach go hÉirinn ó Mheiriceá agus ó Shasana go Baile Átha Cliath nó áitheanna mar sin is beag a chloiseann siad ach amháin an Béarla agus is maith dul go dtí áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge dhá labhairt ann go fóill. Chuideodh sé go mór le muintir na Gaeltachta agus le muintir na hÉireann dá bhféadfaimís sórt scéim a chur ar siúl ionas go bhféadfaimís malairt a dhéanamh idir mic léinn na Gaeltachta agus daoine amuigh sa bhFrainnc nó sa Ghearmáin, daoine go mbeadh fonn orthu an Ghaeilge d'fhoghlaim agus daoine anseo go mbeadh fonn orthu an Fhraincis nó an Ghearmáinis d'foghlaim. Sin an sórt caoi a bhí acu in Éirinn fadó, na sean-thaoisigh san tír seo a chuir a mic léinn thar lear. Tá fhios againn go raibh Spáinnis agus Gréigis agus Gearmáinis ag ár ndaoine féin san slí sin.

Ar an ábhair sin, ba chóir do na daoine níos mó úsáid a bhaint as an teanga, go mór mhór leis na cuairteoirí a thagann anseo. Caithfidh dúinn a theaspáint go bhfuil tithe deasa sa Ghaeltacht, go bhfuil muintir na hÉireann ansin, go bhfuil dearcadh maith acu maidir leis an saol ar fad, nach daoine brónach iad ach go bhfuil ceol agus amhráin acu agus d'anneoin go bhfuil an talamh go fíor-bhocht, go bhfuil na daoine measartha saibhir, go bhfuil siad anamhóralach. Sin nós ana-mhaith ar fad atá ag muintir na Gaeltachta.

Na scóláiri, go mór mhór na daoine thar lear, ba chóir dóibh seans a bheith acu dul go dtí na háiteanna sin agus tuigtear dúinn féin gur chuidigh muintir na Gaeltachta go mór mhór le scríobhnóireacht an domhain. Ba chóir seans a bheith ag ár mhic-léinn freastal ar na holscoileanna thar lear chun feabh a chur orthu féin. Ba chóir dúinn gan dearmad a dhéanamh ar an méid scríbhneoireachta atá déanta ag muintir na Gaeltachta.

Chím leis na blianta go mbíonn éigsí ar siúl anois agus arís ar fud na Gaeltachta agus is ceart agus is cóir go gcuideodh Gaeltarra Éireann leo chun na rúdaí sin a chur ar siúl. Ba ghá le Gaeltarra Éireann eolas cruinn a bheith acu mar gheall ar na tionscail a thagann isteach. Tuigim go ndéanfaidh siad sár-iarracht ar fiosrúcháin ceart a dhéanamh ar na daoine a thagann, agus measaim go bhfuil ag éirí go geal leo. Sé a aidhm ba chóir a bheith againn ná caighdeán maireachtála a chur ar fáil le gach duine chun iad a choimead san Ghaeltacht agus iad a bheith sásta ní amháin na tionscail a chuir ann, ní amháin iarracht ar mhonarchain a bhunú agus tithe a chuir suas fiú amháin muna dtagann na monarchain, ach iarracht a bheith ann fosta ar hallaí ceart a bheith acu agus áiteanna eile in ar féidir leo an tam nach mbíonn siad ag obair a caitheamh ar imirt cartaí, nó peil, nó rinncí a bheith acu, céilí agus mar sin, a bheith acu chun teacht le céile agus comhluadar a bheith acu. Muna mbíonn sé sin ann ní fhanfaidh na daoine óga sna háiteanna sin, agus gan na daoine óga ní fiú dúinn bheith ag caint agus ní fiú do Ghaeltarra Éireann bheith ag trácht nó ag cur síos ar céard a dheinidís, agus ní fiú don Aire a rá, nó iarracht a dhéanamh ar airgead a mhealladh ón Aire Airgeadais chun cuidiú leis an Ghaeltacht, mar tuigeann siad san Ghaeltacht agus in áiteanna eile muna mbíonn na daoine ann níl aon maitheas bheith ag caint ar cuidiú, níl aon maitheas le tithe nó tionscail. Caithfear na daoine do choimeád ann; cathfear postanna a chur ar fáil dóibh; caithfear na scileanna a bheith acu agus caithfear na deiseanna a bheith acu, agus, rud atá in aon roinn eile in Éirinn, caitfidh siad bheith mórálach asta féin.

Tá muintir na Gaeltachta cosúil le daoine ar bith eile. Ach tá siad níos fearr ná an cuid is mó againn, agus an buntáiste is mó atá acu go bhfuil an Gaeilge ón cliabhán acu. Tá fhios againn go bhfuil Gaeilge agus Béarla ag mórán de no daoine ansin agus go mbíonn sin ag teastáil.

Rud amháin nach aontaíonn mise leis—agus b'fhéidir go n-aontaíonn a lán daoine liom—ní raibh mé ró-shásta nuair a scaoileadh leis an Gaeilge a bheith éigeanteach chun dul isteach san státseirbhís agus i bpostanna eile. Bhí slí ag muintir na Gaeltachta postanna a fháil ar fud na tíre. Mar gheall ar an dualgas sin a bheith ar an Rialtas bhí a lán daoine san Ghaeltacht bhí sásta dul isteach don mhúinteoreacht, dul isteach san státseirbhís agus áiteanna mar sin. Nuair a bhí sé sin ar siúl bhí sort buntáistí acu agus níl sé sin ann anois.

Rud eile, táimid 50 bliain ag gabháil le Gaeilge san tír agus aon duine atá faoi 50 bliain ba cheart dó roinnt Gaeilge a bheith aige, pé rud a deireann sé. Dá mbeadh an méid sin Fraincis nó Gearmáinis ag aon duine againn bheidhmid ana-bródúil ar fad as.

Caithfidh mé a admháil ón liosta mór seo a léigh an tAire amach go bhfuil a lán déanta aige. Maith go leor. Ceapann a lán daoine go bhfuil an tAire ag déanamh an iomarca nó go bhfuil sé ag obair ró-dhian maidir le muintir na Gaeltachta agus go bhfuil an iomarca tionscail ag dul ann. De réir na tuarascáil sna páipéirí, mar adúirt mé cheana, cheapfadh daoine go bhfuil níos mó á dhéanamh ná mar atá dá dhéanamh i gcríocha eile sa tír. Nuair a chím figiúr mar £25 milliúin ceapaim go raibh baint ag sin do bhlian amháin, ach ní mar sin atá sé. San am céanna, caithfidh mé a rá gur fear óg an tAire agus ní thagann sé ón Ghaeltacht, cosúil liom féin. Tá anáthas orm go bhfuil an spéis sin aige san Ghaeltacht, agus má éiríonn leis an oiread a dhéanamh agus a rinne Mícheál Ó Móráin agus an Teachta Ó Fachtna chun cuidiú le muintir na Gaeltachta, sin mar is fearr dúinn-ne agus sin mar is fearr do mhuintir na hÉireann é. Níl an Ghaeilge ag aon pháirtí amháin: tá sé ag Fine Gael chomh mhaith linne. Tá sean-aithne agam ar Fhine Gael agus an Lucht Oibre agus tá an Ghaeilge acu.

An fá gur labhair mise ar an mBille seo ná go bhfuilim as an nGalltacht, níl an Ghaeilge againn in ár gcontae. Tá talamh bocht agus mar sin againn, ach tá an-spéis ar fad ag muintir na hÉireann, go mór mhór na daoine atá ina gcónaí san Galltacht i muintir na Gaeltachta agus cuirfeadh sé áthas croí ar gach duine againn dá mbeadh muintir na Gaeltachta ag déanamh go maith, nach mbeadh orthu dul thar lear, go mbeadh obair le fáil acu ina dtír féin. Ba mhaith linn a fheiceál ní amháin iad a bheith ag dul chun cinn ach an Ghaeltacht a fheiscint ag leathnú amach ionnas go mbeadh an aos óg bródúil as an áit ina rugadh iad, go mbeidh siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus go mbeadh dearcadh maith acu ar fostaíocht ina dtír féin. Le comhoibriu, beimid abálta na fadhbanna atá againn go léir a leigheas, sé sin gan an tobar náisiúnta a leigint folamh len ár linn. Molaim an tAire as ucht an Bhille a thug sé chugainn. Aon tslí ina thig liomsa cuidiú leis nó le Gaeltarra Éireann chun rudaí níos fearr a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta, déanfaidh mé é.

Ba mhaith liomsa freisin fáiltiú roimh an mBille seo agus tréaslú leis an Aire a bhfuil déanta aige mar Aire na Gaeltachta le dhá bhliain go leith anuas. Ní féidir gan aontú go bhfuil sprid nua le feiceáil agus le mothú i measc muintir na Gaeltachtaí. Níl agat ach dul ina measc agus feicfidh tú go bhfuil an spiorad seo, mar adúirt mé, le feiceáil, le cloisint agus, go deimhin, le mothú. Nuair a smaoiníonn tú air, ní h-ionadh ar bith é, má fheiceann tú siar ar na nithe atá ag titim amach agus na nithe atá déanta sa Ghaeltacht le dhá bhliain go leith anuas.

Anois, mar adúirt an Seanadóir Dolan, ní daoine éagsúla iad muintir na Gaeltachta. Tá siad cosúil le chuile duine eile agus ní theastódh uatha go bhféachfaí orthu mar daoine iontu fhéin. Níl ag teastáil uatha ach go dtabharfaí dóibh an deis céanna is atá á fháil ag chuile shaoránach eile taobh istigh de theorainn na tíre seo. Sin a bhfuil uatha, gan cur leis, gan baint uaidh. Sé an dearmad a rinneadh sna blianta atá thart ná gur féachadh ar mhuintir na Gaeltachta mar daoine ar leith, daoine nach raibh cosúil le muintir na hÉireann trí chéile; agus, ar ndóigh, níl sé sin fíor.

Anois, tá a lán mioneolas in óráid an Aire, tá a lán figiúirí tugtha ansin agus ní rachaidh mise isteach go mion san taobh sin den scéal. Ach ba mhaith liom tagairt gearr a dhéanamh do phointe amháin gur thagair an Seanadóir Dolan dó—sé sin an teanga. Dúirt sé nár aontaigh sé le polasaí an Rialtais i leith na teangan nuair a bhain siad an t-éigeantacht as an dteanga. Feicim an Leas-Chathaoirleach ag caint ansin agus tá sí le rá liomsa go bhfuil mé ag dul thar teorainn. Ach tiocfaidh mé ar ais arís, a Leas-Chathaoirleach, agus innseoidh mé duit an fáth go bhfuilim ag tabhairt an teanga isteach annseo.

Má fhéachann tú ar na figiúirí atá ar fáil ó bhaineadh an t-éigeantacht as ceist na teangan, sna colaistí Gaeilge sa Ghaeltacht le dhá bliain anuas tá méadú do 50 faoin gcéad ar líon na bpaistí atá ag freastal ar na gcoláistí sin. Ag feachaint ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre inniu, cheapfá go dtiocfadh laghdú ar an uimhir sin i mbliana ach tá chuile chosúlacht ann go sárófar an méid a bhí sa bhliain 1974.

Anois, féachaimis ar thaobh eile den scéal sin. I mbliana íocfar leathmhilliún púnt le mná tí sa Ghaeltacht a thugann isteach micléinn atá ag foghlaim na Gaeilge so Ghaeltacht. Mar sin, tá taobh eacnamaíocht leis an teanga agus leis na coláistí Gaeilge agus le foghlaim na teanga. Tá rud amháin gur féidir a rá faoin leath-mhilliún púnt seo a íocfar i mbliana. Déanfar é a scaipeadh. Beidh chuile dhuine nach mór sa cheanntair ina bhfuil coláiste Gaeilge ag fáil roinnt éigin den airgead sin. Gheobhfaidh na mná tí é mar íocaíocht ar lóistín, agus gheobhaidh siopadóirí sciar de. Mar sin, gheobhaidh chuile dhuine seans a lámha a chur ar chuid éigin den airgead sin, agus is suim mhór airgid í.

Maidir le forbairt na gceantar Gaeltachta, tá figiúrí ann a chruthaíonn nach ndearna an imirce an damáiste don Ghaeltacht mar cheantar agus i ngeall air sin don Ghaeilge mar theanga. Cur i gcás, idir na blianta 1965 agus 1971 deirtear linn gur fhág míle duine in aghaidh na bliana an Ghaeltacht, sin míle Gaeilgeoir, go raibh orthu imeacht thar lear le fostaíocht a fháil agus, ar ndóigh, bhí imirce ar siúl freisin ó cheantair eile. Ach anois tá áthas orm a rá—agus go bródúil freisin—go bhfuil maolú ag teacht ar an imirce, agus mar adeir an tAire, tá chuile chosúlacht ann go mb'fhéidir go mbeadh lán-fhostaíocht sa Ghaeltacht ins na seachtaidí—sé sin, laistigh de chúig bhliain eile.

Chaith mise cuid mhór ama sa Ghaeltacht mar mhacléinn agus chaith mé cuid maith ama sa Ghaeltacht á gcothú. Is cuimhin liom i lár Chonamara i dtús na seascadaí ins an scoil ina raibh mé ag teagasc rinneadh taighde ar líon iar-scoláirí na scoile sin idir 19 agus 29 bliana—sé sin aos ion-phósta. Rinneadh taighde ar líon na n-daoine sin a bhí fós sa cheantar, ag cur futha sa cheantar agus fritheadh amach go raibh 91 faoin gcéad de na buachaillí imithe, agus chomh fada agus is cuimhin liom, 84 faoin gcéad de na cailiní imithe glan as an gceantar. Chomh fada agus is eol dom, bhí suas le 75 faoin gcéad díobh á d'imigh thar lear ar fad, i mBoston nó Holyoke, i Learpholl, i Londain agus in áiteanna mar sin.

Ní féidir le ceantar ar bith leanúint ar aghaidh agus ó thaobh na h-eacnamaíochta dhe, nó ó thaobh na teanga dhe, agus an leibhéal sin imirce ann san am gcéanna. Cé tá ag imeacht ach na daoine atá in aois ion-phósta agus an lucht oibre, na daoine óga, agus ní féidir aon toradh a bheith ar imirce den leibhéal sin ach bás cheantair, bás chultúra agus bás teangan. Tá an tAire ag labhairt thar cheann an Rialtais. Is maith liom a rá go bhfuil sé mar pholasaí acu nach féidir daoine a choinneáil in áit gan obair a chur ar fáil dóibh. Is é seo an dearcadh atá taobh thiar de sin ná seo. Muna bhfuil daoine ann ní bheidh Gaeltacht ann. Muna mbeidh Gaeltacht ann ní beidh teanga ann.

Aontaím leis an méid adúirt an Seanadóir Dolan ansin. Dúirt sé é ar bhealach i bhfad níos fileata ná sin, nach féidir le clocha labhairt agus dá bhféadhfadh leachracha liath Chon na Mara Gaeilge a labhairt ní bhéadh baol ar bith do chás na Gaeilge. Ach mar a dúirt sé ní féidir le clocha labhairt. Sin polasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta agus, go deimhin, i leith ceantair go raibh dífhostaíocht ar leibhéal ard ann agus mar gheall air sin go raibh imirce ar leibhéal do bhí ar aon chéim.

Rinneadh tagairt anseo don farraige i ráiteas an Aire. Deir sé go bhfuil anthábhacht ag baint leis an bhfarraige. Is fiú a rá go díreach céard adúirt sé:

Tá an fharraige féin ar an achmhainn is mó atá ag an nGaeltacht agus, chomh maith le páirt a ghlacadh i dtionscail phróiseála éisc, tá Gaeltarra ag dul ar aghaidh anois le tionscnamh fíorthábhachtach muireolaíochta—saothrú nó "feirmeoireacht" oisrí le tacaíocht ón tSaotharlann Taighde Éisc Sliogáin de chuid Choláiste Ollscoile na Gaillimhe.

Sé mo thuairim fhéin nár tugadh ins an am a chuaigh thart an tacaíocht do mhuintir na Gaeltachta agus, go deimhin, do mhuintir na tíre atá ina gcónaí ar an gcósta an acmhainn sin a fhorbairt mar is chóir. Caithfidh go bhfuil rud éigin mí-cheart nuair a bhreathnáionn tú air go bhfuil tráiléirí ó thíortha san Európ nach bhfuil órlach amháin de chósta acu ag teacht na mílte míle go dtí cósta na hÉireann agus ag baint slí bheatha amach ag iascaireacht. Bhuail an smaoineamh mise go minic faoin tuairim atá acu dúinne mar Éireannaigh. Caithfear go gceapann siad go bhfuil muid in ár n-amadáin chearta leis na blianta anuas gan uas-tairbhe a bhaint as acmhainn an tsaibris sin, an fharraige.

Is maith liom a fheicéail i mbliana go bhfuil, idir riaracháin agus airgead caipitealach, suas le £2,100,000 sa bhreis á chaitheamh ar Bord Iascaigh Mhara agus go bhfuil méadú air sin anois san cháinfhaisnéis deireadh. Ach níl mé sásta, agus tá mé cinnte nach bhfuil an tAire sásta, go bhfuil an tairbhe iomlán á bhaint as acmhainn na farraige sa Ghaeltacht nó go deimhin, in a lán áiteanna ar chósta na hÉireann taobh amuigh den Ghaeltacht, mar tá an iascaireacht traidisiúnta ina lán ceantair Ghaeltachta. Rinneadh tagairt do na Cealla Beaga agus chósta Dhún na nGall ar fad, cósta Mhaigheo, cósta na Gaillimhe agus cósta Chiarraí. Tá an-traidisiún iascaireachta ins na háiteanna sin ar fad agus is breá liom a fheiceáil go bhfuil Coláiste Ollscoil na Gaillimhe, coláiste atá suite ar imeall na Gaeltachta, ag glacadh páirt anois chun tairbhe níos fearr a bhaint as an fharraige agus go minic cloisim cáineadh á dhéanamh ar Choláiste hOllscoil na Gaillimhe go háirithe i ngeall ar a laghad atá déanta acu mar choláiste ollscoil ghaolach suite ar imeall na Gaeltachta. Ba mhaith liom mar iarmhacléinn an choláiste sin a rá nach n-aontaím leis an gcáineadh sin, mar go bhfuil a lán, lán déanta ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil agus ag daoine príobháideacha mar mhicléinn agus ollaimh san ollscoil sin ar son na Gaeltachta mar cheantar agus ar son na Gaeilge mar theanga.

Ba mhaith liom aontú leis an Seanadóir san mhéid sin.

Ní hé scoil nó institiúid a cháineann ach go hiondúil daoine a dhéanann an cáineadh. Ní bhíonn tuairim dá laghad acu céard atá déanta nó céard nach bhfuil déanta. Déantar an cáineadh go minic ar son na cáinte amháin agus sin sin. Go deimhin ní inniu nó inné a tharla sé, ach tá roinn faoi leith i gcoláiste na hollscoile agus aon duine a théann siar go Cill Chiaráin nó siar go Carna feicidh sé toradh na hoibre atá á deánamh sa roinn sin i muireolaíocht. Ní ceart ainmneacha daoine taobh amuigh den Teach a lua sa Teach seo, ach tá fear amháin, agus ní luafaidh mé a ainm, i mbun roinn mhuireolaíocht Choláiste na hOllscoile i nGaillimh—tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an cuid is mó de na Seanadoírí cé atá i gceist agam— go bhfuil ár mbuíochas ag dul dó as a bhfuil déanta aige. Anois tá toradh a chuid oibre ag teacht i gcrích agus le feiceáil. Tá súil agam go n-éireoidh leis féin agus leis an fhoireann atá ag obair leis.

Tá ceist eile ar mhaith liom cúpla nóiméad a chaitheamh dhá phlé, agus seo pointe an-tábhachtach. Tá an Ghaeltacht againn mar cheantar ina labhartar an Ghaeilge ach ar imeall an cheantair sin tá ceantar na Galltachta, ceantar go bhfuil na fadhbanna ceanann céanna ag baint leo ó thaobh na heacnamaíochta dhe, ó thaobh na himirce dhe, ó thaobh gnéithe shóisalta dhe—na fadhbanna ceanann céanna coitianta ag an dá cheantar.

Tá daoine ann adeir go gcaithfear an scaradh sin a choinneáil, nach féidir leat cultúr na Gaeltachta a thruailliú le daoine nó ceantair eile a ligint isteach leis na nGaeltacht. B'fhéidir go raibh ciall éigin—ní dóigh liom fhéin go raibh, ach tá daoine ann a ghlacann go raibh ciall éigin leis scór go leith bliain ó shin nó leath-chéad bliain ó shoin. Tá an lá ann anois nach féidir leat a thuilleadh—agus go deimhin ní bheadh sé ceart—claí na muice duibhe a chur thart ar an nGaeltacht agus iad a fhágáil taobh istigh ann agus muidne taobh amuigh ag breathnú isteach. Seo é quaint peasantry, mar adéarfá. Is mór an trua go bhfuil daoine sa tír seo a cheapann sin.

Chomh fada agus a bhaineann liomsa—tá cónaí orm anois sa Ghalltacht; bhí cónaí orm sa Ghaeltacht—níl aon difríocht idir na daoine. Ins na ceantair go bhfuil mé ag trácht orthu ar imeall na Gaeltachta níl aon difríocht dá laghad eatarthu ach amháin go labhartar Gaeilge ar thaobh amháin, bíodh sé ina chnocán nó ina chnoc, agus labhartar Béarla ar an dtaobh eile. Mar atá fhios againne tá Béarla ag an dream atá istigh agus tá Gaeilge ag an dream atá amuigh agus mar sin tá an-chuid talamh coitianta idir an dá dhream.

Tá sé cinnte, agus tá sé seo cruthaithe, go bhfuil daoine ina gcónaí sa Ghallacht atá go síor ag caitheamh anuas ar mhuintir na Gaeltachta agus ar an Ghaeilge agus tá sé seo fite fuaite i stair na tíre seo i ngeall air gur ceanglaíodh bochtanas agus an Ghaeltacht le chéile. Chuir Cromaill muintir na tíre seo go Connacht agus bhain cuid mhór acu an Ghaeltacht amach, an Ghaeltacht mar atá fhios againn inniu uirthi agus tá daoine sa tír seo fós—tá áthas orm a rá go bhfuil siad a laghdú do réir a chéile i n-aghaidh na bliana—ag iarraidh breathnú anuas, mar adéarfá, ar dhaoine a labhrann an Ghaeilge. Níl a fhios agam cén fáth. B'fhéidir gurab é an ceangal seo le bochtanas agus cruatan agus imirce agus gach mí-ádh dá bhféadfá smaoiniú air, go raibh sé ceangailte go docht leis an Ghaeilge agus leis an nGaeltacht. B'fhéidir gurab é an fáth atá leis i gcuid mhór cásanna an t-éigeantacht agus an duarchas a tharraing sé ar chuid de na daoine nuair a bhí siad ag freastal na scoile. Bhí orthu Gaeilge fhoghlaim toisc go raibh Gaeilge éigeantach sna scrúdaithe. Mar mhúinteoir—agus tá múinteoirí ag éisteacht liom—ní dóigh go ndearnadh taighde go leoir i múinadh na teanga ins an am a chuaigh thart. Go deimhin go dtí le deich mbliana anuas níor dearnadh an taighde go mba cheart go ndéanfaí i múineadh na teangan agus sin é an fáth go bhfuil dul amú ar chuid de na daoine agus go bhfuil siad i gcoinne na Gaeilge mar theanga agus i ngeall air sin go bhfuil siad ag breathnú anuas ar na daoine a labhrann an teanga sin.

Ach anois leis na coláistí Gaeilge agus le forbairt na Gaeltachta mar cheantar tá sé sa bhfáisiún a bheith bródúil as an Ghaeilge. Ceann de na maíomh a bhíonn ag gasúr scoile sa gcathair seo faoi láthair ná a bheith in ann a rá nuair a théann sé ar ais chun an scoile i Meán Fómhair go raibh sé i gCill Chiaráin nó i gCois Fharraige nó i nGaoth Dobhair nó sa Rinn nó i gCorca Dhuibhne i rith an tsamhraidh. Cloisimíd sin agus is íontach an rud é sin. Ceapaim féin taobh amuigh den cheist eacnamaíochta go leanfaidh sé sin ar aghaidh agus go dtíochfadh leathnú ar an tuairim sin imeasc aos óg na tíre. Tá bá aos óg na tíre seo don Ghaeilge faoi láthair. B'fhéidir go bhfuil dul amú orm ach ceapaim féin gurab é an fáth atá leis ná go bhfuil an t-éigeantacht bainte as an Ghaeilge agus nach bhfuil an brú chéanna ar aos óg na tíre an teanga a labhairt. 'Sé atá againn anois ná Gaeilge gan dua.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don Aire agus don réigiún ina bhfuil sé freagarthach, sé sin an Ghaeltacht. Tá an-chuid cainte faoi láthair ó chuaigh muid isteach i gComhphobal na hEorpa ar réigiúnachas agus tá chuile mac máthair sa mBruiséal ag caitheamh a chuid ama ag iarraidh muid a chur isteach sa réigiún seo nó sa réigiún siúd. Go deimhin, tá réigiún faoi leith againn sa tír seo le haghaidh bord sláinte; tá réigiún faoi leith againn le haghaidh turasóireacht agus cuartaíocht; tá réigiún faoi leith againn don IDA. Mar adúirt mé, tá réigiún amháin i n-iarthar na tíre seo. Tá an Ghaeltacht mar chuid den réigiún seo agus, mar adúirt mé agus deirim arís é, tá na fadhbanna ceanann céanna ar fúd an réigiún sin ó Chorcaí siar agus suas go Dún na nGall. Tá na fadhbanna céanna sóisialta, eacnamaíocht agus cultúra ag baint leis an réigiún sin ar fad agus ba mhaith liomsa a fheiceál, dá mbéadh an Rialtas sásta é dhéanamh, polasaí a chinneadh i leith an réigiúin sin gan idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus na ceantair imeallach.

De réir mar thuigim polasaí an Rialtais breathnaíonn siad-san, agus an tAire leo, ar fadhb na Gaeltachta mar fhadhb eacnamaíochta, agus más féidir leat an fhadhb eacnamaíochta a shárú, tá leat. Anois, má deir tú sin, céard tá mi-cheart leis an rud ceannan céanna a rá faoi na ceanntair atá ar imeall na Gaeltachta?

Ba mhaith liomsa an tAire atá le mo thaobh anseo a fheiceál i mbun Boird Forbartha an Iarthair agus freagracht aige as forbairt eacnamaíocht an cheantair sin go léir, údarás forbartha faoin a lámh aige agus á stiúriú aige agus an t-airgead atá á chaitheamh faoi láthair ag Roinn eile sa Rialtas, dá bhféadfaí an t-airgead sin ar fad a chur le chéile agus a thabhairt do bhoird fhorbarta den tsaghas seo atá á rá agam, go bhféadfaí a lán a dhéanamh agus i bhfad níos mó ná mar atá á dheanamh don Iarthair go ginearálta.

Mar adeirim, tá an fadhb ann sa Ghaeltacht agus ar imeall na Gaeltachta agus níl sé fíor—measaim fhéin go bhfuil sé go seafóideach— a bheith ag iarraidh a rá go ndéanfaimíd an rud seo don Ghaeltacht ach i ngheall ar an líne amadach atá tarraignte síos anseo, ní féidir é a dhéanamh anseo, cé go bhfuil fadhbanna ceannan céanna annseo is atá ansúd. Tá sé sin seafóideach, dar liom fhéin, agus dá bhféadfaí cúladh siar ó cheist seo an chultúra agus ceist na teangan—ní dearmad a dhéanamh ar an gcultúr nó ar an teanga ach cúladh siar uaidh—agus a rá: "Féach, dá bhfeadfaí iarthar na tíre a fhorbairt mar aonad, mar atá an Gaeltacht á fhorbairt faoi láthair, tá sé i bhfad níos fearr agus sé an seans atá ann—agus sé mo thuairim go dtarlóidh sé seo—go scapfaí cultúr na Gaeltachta agus na teanga amach ón nGaeltacht. Sin é an tuairim atá agam féin agus ceapaim go bhfuil a lán daoine ar an tuairim céanna.

Ba mhaith liom traoslú leis an Aire agus lena Roinn as ucht an méid atá déanta acu ar son na Gaeltachta agus guím rath Dé ar a gcuid oibre.

Sé cuspóir an Bille seo ná an airleacan ón bpríomhchiste do Ghaeltarra Éireann a ardú ó £10 milliún go £25 milliún. Ardaiodh an teorann ó £6 milliún go £10 milliún anuraidh agus tá cuid mhór den airgead breise sin caite cheanna féin. Os rud é go bhfuil beartaithe ag an Aire £5 milliún a chaitheamh i mbliana, is léir go bhfuil gá le hardú san teorainn. Ardú an-mhor í atá ag teastáil ón Aire agus is léir go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh go mear le scéimeanna chun forbartha na Gaeltachta a chur chun críche go tapaidh. Tá fhios againn gurb é aidhm an Aire lan-fhostaíocht a sholáthar do phobal na Gaeltachta. Tá fhios againn freisin gur mór an job atá tógtha idir lámha aige. Tá súil againn go n-éireóidh go geall leis. Marach an tsuim atá aige san obair agus a ghéire agus a thuigeann sé muintir na Gaeltachta agus a bhfadhbanna ní bhéadh seans ar bith go n-éireóidh leis. Mar adúras cheana, tá job mhór idir lamha aige agus tuigimid é nuair a fheicimíd ar figiúiri a bhaineann leis an scéal.

Idir 1926 agus 1971 tháinig laghdú de 18 faoin gcéad ar líon daoine na Gaeltachta, laghdú de 11 faoin gcéad i nGaeltacht Chorcaí, 20 faoin gcéad beagnach i nGaeltacht Dún na nGall, 13 faoin gcéad i nGaeltacht na Gaillimhe agus 17 faoin gcéad i nGaeltacht Chiarraí. Níos measa ná sin an laghdú sa líon daoine a tharla i nGaeltacht Mhaigheo ná i nGaeltacht ar bith eile, mar laghdú 26 faoin gcéad a tharla ansin. Ocht déag faoin gcéad an laghdú a tharla i nGaeltacht Phortlairge.

Is fíor gur aistríodh daoine ó na Gaeltachtaí éagsúla go dtí Gaeltacht na Mí sa treimhse sin ach mar sin féin is soiléir go raibh meath tagtha ar an nGaeltacht agus go raibh na daoine á tréigint. Má dhéanaimid comparáid idir líon daoine na Gaeltachta agus líon daoine na gcontaethe ina bhfuil na Gaeltachtaí chimíd é sin go soiléir. I nGaeltacht na Gaillimhe tharla laghdú de 13 faoin gcéad ach ar líon daoine an chontae ar fad is beag athrú a tharla sa tréimhse idir 1956 agus 1971. I nGaeltacht Ciarraí tharla laghdú 17 faoin gcéad ar líon daoine san Ghaeltacht ach sa chontae ar fad sa tréimhse sin níor tharla ach laghdú trí faoin gcéad. I gContae Maigheo, mar adúras, tharla laghdú de 26 faoin gcéad ar líon daoine na Gaeltachta ach sa chontae ar fad tharla laghdú de sé faoin gcéad. Is léir ó na figiúrí sin go raibh na daoine ag tréigint na Gaeltachta go mear agus go raibh teip ar na scéimeanna a bhí ann ag an am sin chun cosc a chur leis an tréigint sin.

Tá fhios againn freisin so raibh sé de chuspóir ag gach Rialtas dá raibh ann ó bunaíodh an Stáit an Ghaeilge a chaomhnú agus toisc gurb í an Ghaeltacht fuinse na Gaeilge connachas ón gcéad lá go raibh gá ann chun na cainteoirí dúchais a mhealladh chun chur fútha in a nGaeltachta féin agus cabhair a thabhairt dóibh chuige sin. Baineadh triall as scéimeanna éagsúla chun é sin a chur i gcrích, ach níor éirigh lena lán de. Tá a fhios againn chomh maith go raibh deacrachtaí ag baint leis an scéal mar ní in Éirinn amháin atá fonn ar dhaoine dul go dtí na cathracha móra agus an tuath a thréigint. Tá an rud céanna ag titim amach i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá daoine ag tréigint tuaisceart na hAlban agus ag déanamh ar na cathracha. Tá a fhios againn leis go bhfuil daoine ag tréigint tuaisceart Shasana agus ag déanamh ar Londain agus ar na Home Counties mar a tugtar orthu.

Tá a fhios againn go bhfuil daoinc ag tréigint lár na Stáit Aontaithe agus ag déanamh ar na cathracha ar an gcósta thiar agus ar an gcósta thoir. Níl Rialtas na hAstráile sásta leis an dul ar aghaidh atá déanta acu chun daoine a mhealladh go lár na hAstráile. Tá an rud sin ag titim amach go forleathan ar fud an domhain agus ní aon fonadh gur thit sé amach anseo in Éirinn leis. Cúis bhróin dúinn go raibh sé ag titim amach go háirithe sna ceantair ina labhartar an Ghaeilge toisc go bhfuil sé de chúspóir againn an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga ní amháin sna Gaeltachtaí ach í a leathnú ón gcósta thiar ar fud na tíre ar fad más féidir. An fhad a bhí líon mhuintir na nGaeltachtaí agus líon na gcainteoirí dúchais ag dul i laghad ní raibh aon duine sásta leis an dul ar aghaidh a bhí déanta agus bhí gach cosúlacht ann gur ag dul in olcas a bhí sé.

Is léir ón méid sin go bhfuil obair an-mhór tógtha idir lámha ag Aire na Gaeltachta agus is mór an chúis shástachta dhúinn uile é sin agus do gach duine go bhfuil suim aige sa Ghaeilge agus sna Gaeltachtaí go bhfuil ag éirí leis go dtí seo chomh maith is atá. Deirtear go raibh laghdú ag teacht ar líon daoine in áiteanna íargúlta eile seachas an Ghaeltacht ach má scrúdaimid na figiúirí chímid gur tháinig laghdú de 15 faoin gcéad ar líon na ndaoine i Contae Liathdroma, an chontae is mó do bhfuail an imirce air, agus níl sin chomh hard leis an 18 faoin gcéad de laghdú a tháinig ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht.

Dá bhrí sin, is léir go raibh gá mór ann chun cose a chur leis an imirce sin nó mara gcuirfí cosc léi go mbeadh deireadh leis an Ghaeltacht. Sin é an fáth go bhfuil an tAire ag iarraidh i láthair na huaire agus le dhá bhliain go leith anuas cosc a chur léi agus deis mhaith a thabhairt do na daoine a slí bheatha a bhaint amach ina gceantair féin. Tá a fhios againn go léir go bhfuil ag éirí leis go dtí seo.

Tá meas ag muintir na Gaeltachta ar an Aire agus ar an obair atá á déanamh aige agus tá muinín acu as. Tuigeann siad go gcaitheann sé a lán dá chuid ama ag obair ina measc, ag caint leo, á gcomhairliú agus ag éisteacht lena gcuid fadhbanna. Toisc go gcaitheann sé an méid sin ama ina measc agus toisc go dtuigeann sé na smaointí atá acu agus na fadhbanna atá ag goilliúint orthu, sin é an fáth go bhfuil dul ar aghaidh ann agus sin é an fáth go bhfuil meas mór ar an Aire ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre.

Cúiseanna eile go bhfuil ag éirí leis comh maith agus atá, bhí breis is 2,617 daoine ag obair go lán aimsearach i ndeireadh na bliana seo caite sna tionscail a bhfuil baint ag Gaeltarra Éireann leo. Rud eile a chabhraigh go mór leis ná na comhtionscail a bhunú sa Ghaeltacht. Is rud tábhachtach é a léamh anseo gur ins na miontionscail atá an dul ar aghaidh is mó á dhéanamh go dtí seo. Tá moladh mór tuillte ag an Aire faoin dearcadh a bhí aige ar an gceist seo agus faoin stiúiriú agus faoin gcomhairle a thug sé go mhuintir na Gaeltachta dul isteach ins na comhthionscail seo. Tá súil agam go bhfuil an tAire sásta leis an dul ar aghaidh atá déanta aige agus ag na daoine atá ag cabhrú leis go dtí seo. Tá súil agam go leanfaidh sé leis an saghas sin oibre chun na daoine a spreagadh sa dóigh sin.

Rud ionmholta ar fad é an obair atá déanta chun na daoine a mhealladh chun obair le chéile—comhoibriú idir na daoine—agus is léir go bhfuil an tAire sásta leis an dul ar aghaidh atá déanta aige san obair seo freisin. Tá gach cosúlacht ann gur ag dul i bhfeabhas a bheidh sé as seo amach. Tháinig méadú timpeall 80 faoin gcéad i dhá bhliain i líon na dtionscal, idir comhthionscail agus miontionscail, a raibh cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra Éireann dóibh. Éinne a dhéanann smaoineamh ar bith ar an bhfigiúir sin, 80 faoin gcéad i dhá bhliain, caithfidh sé a admháil gur dul chun cinn ionmholta agus an-mhór é. Deirimse go bhfuil moladh mór tuillte ag gach duine go raibh baint aige leis an dul ar aghaidh sin. Dul ar aghaidh íontach é taobh istigh de dhá bhliain. Má leanfar leis an obair seo is léir go mbeidh feabhas mór ar scéal na Gaeltachta sar i bhfad.

Ba mhaith liom freisin an tAire a mholadh mar gheall ar an phlean atá aige le tionscail a scaipeadh ó áit go háit sa Ghaeltacht. Thugas figiúiri tamall ó shin ag díriú bhúr n-aire ar an laghdú atá tagaithe ar na Gaeltachtaí éagsúla. Is léir go dtuigeann an tAire é sin mar tá scéimeanna leagtha amach aige anseo do gach ceann de na Gaeltachtaí. Ní ceart a rá go bhfuil sé ag díriú a chuid oibre go léir ar chuid amháin den Ghaeltacht. Tá sé ag déanamh a dhíchill chun freastal ar na Gaeltachtaí ar fad—Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht Mhaigheo, Gaeltacht na Gaillimhe, Gaeltacht Chiarraí agus Gaeltacht Chorcaigh, fiú amhain Gaeltacht na Mí.

Molaim é sin go mór mar tháinig íonadh orm ar maidin nuair a chonaic mé go raibh líon daoine Ghaeltacht na Mí a dul i laghad freisin. Cheapas roimhe sin nach raibh laghdú tagtha air ach bhí. Is laghdú beag é is fíor ach, mar sin féin, bhí laghdú tagtha air agus tá súil agam go n-éireoidh leis an Aire cabhrú go fiúntach le Gaeltacht na Mí mar caitheadh a lán airgid san am atá caite chun í a bhunú. Ba mhór an trua é a ligint i bhfaillí anois.

Aontaím leis an Seanadóir O'Toole sa mhéid adúirt sé faoin bhfarraige mar ábhar saibhris don Ghaeltacht agus is ionmholta an comhoibriú atá ar siúl i láthair na huaire idir Gaeltarra Éireann agus Ollscoil na Gaillimhe. Táim cinnte go rachaidh sé sin chun tairbhe na tíre agus go dtiocfaidh mórán feabhais as an gcomhoibriú sin. Is maith an rud é a fheiscint.

Tá rud eile ann atá ionmholta ar fad. Tá leas mhuintir na Gaeltachta ar cheann de na rudaí is suantasaí agus is tábhachtaí de bheartas an Rialtais don Ghaeltacht. Is chuige sin a chuir Gaeltarra tús le comórtas forbartha pobail. Is beag rud in óráid an Aire atá chomh h-ionmholta leis an rud sin. Sílim gur obair an-mhór agus an-tábhachtach é comórtas dá leithéid sin a chur ar bun agus na daoine a ghríosadh agus a mhealladh chun a dtairbhe féin a thabhairt chun críche. Is tábhachtach an dul ar aghaidh é sin. Tugann an tAire aire speisialta do na tionscail bheaga agus deir sé go bhfuil an-áthas air a rá go bhfuil ag éirí go han-mhaith le furmhór na dtionscal beaga sin a bunaíodh sa Ghaeltacht. Tuigim gur ciallmhar an rud é tús a chur leis an obair sin. De réir mar rachas na blianta thart agus de réir mar bhéas sé le feiscint go soiléir an obair mhaith a rinneadh san dóigh sin beidh seans ann leathnú amach ón Ghaeltacht go dtí imeall na Gaeltachta de réir mar adúirt an Seanadóir O'Toole tamall ó shin. B'fhéidir beidh seans ann go mbeidh an Ghaeltacht ina sampla don chuid eile den tír agus, má éiríonn leis, seans maith go n-éireoidh go geall leis, freisin, ar imeall na Gaeltachta.

Mhol an tAire na daoine i nGaeltarra Éireann agus in-áiteanna eile sa Ghaeltacht atá ag cabhrú leis. Is maith an rud é go dtuigeann an tAire go bhfuil sé tábhachtach daoine maithe a bheith ag cabhrú leis san obair atá idir lámha aige agus an méid atá ar intinn aige. Tá an tAire sásta leis an gcomhoibriú atá ar fáil aige ó na comrádaithe san obair seo agus níl aon amhras ná go bhfuil na daoine sin sásta leis an gcabhair atá le fáil acu sin ón Aire. Ag obair as lámha a chéile na daoine sin is mar sin a rachaidh an obair chun tairbhe go mear agus go luath.

Tá mé sásta go mór leis an méid oibre atá déanta cheana féin ag an Aire agus chomh fada agus is eol dom ó na daoine a bhuailim leo ón Ghaeltacht tá siadsan sásta leis. Admhaítear go bhfuil a chroí ag an Aire san obair, mar adéarfá, agus tá siad sásta go bhfuil athrú mór taghta ar shaol na Gaeltachta ó tháinig sé i réim. Mar sin gúim rath Dé ar an obair atá idir lámha aige agus tá súil agam go mbeidh toradh fónta ar an gcaiteachas sin atá sé ag iarraidh ar an Seanad a reachtú dó inniu.

Táimid sásta cuidiú leis an mBille seo. Bíonn fáilte roimh Bhille den sort seo i gcónaí. Is féidir linn a rá uilig, is dóigh liom, go mbeimíd ag súil go mbeidh an tAire, nó Aire éigin eile, ar ais réasúnta tapaidh le Bille eile den sort seo ag iarraidh a thuilleadh airgid. Bíonn gach taobh den Teach sásta i gconaí airgead a chur ar fáil do na Gaeltachtaí.

Níl aon dabht ná go bhfuil cuid mhaith dul chun cinn déanta ag Gaeltarra Éireann agus tionscail go ginearálta ins na Gaeltachtaí le cúpla bliain anuas ach ar an am gcéanna, agus gan bheith ag cur isteach ar chor ar bith ar an méid atá déanta ag an Aire, is dócha gur féidir linn a rá go bhfuil go leor le déanamh go fóill. Mar shampla, bhí an Seanadóir O'Toole á rá linn—agus an ceart aige—go raibh tuairim agus 1,000 duine ag imeacht gach bliain suas go 1971 as na Gaeltachtaí chun obair a fháil i gcathracha i nÉirinn agus thar lear. Dúirt sé ina dhiaidh sin gur shíl sé go raibh deireadh leis sin. Ba mhaith liom go raibh ach ní dhéarfainn go bhfuil an t-eolas ag an Seanadóir nó ag aon duine agus ní dócha go mbeidh sé ar fáil go dtí go mbíonn comhaireamh oifigiúil ar siúl arís an bhliain seo chugainn.

Is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil laghdú beagáinín ar an imirce ach tá sí ann go fóill. De réir mar a thuigim ón méid adúirt an tAire, le cúpla bliain anuas, sé sin le rá, i 1973 agus i 1974 bhí méadú de thuairim is 700 ar líon na n-oibrithe sna tionscail sna Gaeltachtaí. Níl leigheas ar an scéal go fóill. Tá feabhas air ach tá go leor le déanamh go fóill. Tá a fhios agam, ar ndóigh, go n-abrann an tAire —agus tá mé cinnte go bhfuil an ceart aige—ach na tionscail uile a bheith faoi lán seol go mbeidh fostaíocht lánaimsire do thuairim is 5,000 duine iontu. B'fheidir go bhfuil sé sin ceart ach i láthair na huaire is féidir a rá nach bhfuil go leor déanta chun deireadh a chur leis an imirce go fóill ach, mar sin féin, tá dul chun cinn ann.

Le roinnt bhlianta anuas, ar ndóigh, bhí athrú polasaí ag Gaeltarra Éireann. Na laethanta seo téann siad i gcomhair le comhlachtaí eile chun tionscail a bhunú, chun obair a chur ar fáil agus déarfainn gur mar gheall ar an athrú polasaí sin a thagann cuid mhaith den dul chun cinn atá déanta ach, ar ndóigh, tá dainséar ann leis.

Tá súil againn go mbíonn an tAire agus Gaeltarra Éireann ag féachaint chuige go mbeidh ceist na teangan sábháilte sna tionscail nua a bhiónns bunaithe. Tá a fhios agam gur faoi mhuintir na Gaeltachta féin a bhionn na mion-tionscail agus níl aon dainséar ann ach na tionsclóirí a thagann ó áiteacha eile, na tionscail a bhunaítear sna Gaeltachtaí, tá súil agam gur i nGaeilge amháin a bhíonns an obair ar súil. Aon duine a théann chuig an Ghaeltacht tá a fhios aige i gcónaí go mbíonn an deachracht ann go mbíonn na daoine le Gaeilge ag obair le daoine gan Gaeilge. Tríd is tríd, le daoine a bhíonns i mbun rudaí sna sean laethanta, ar aon nós, is i mBearla a bhíodh siad ag obair. Tá súil agam mar sin leis an athrú polasai seo go mbíonn Gaeltarra Éireann cúramach faoi sin, na tionscail nua a bhíonns bunaithe gur tré Ghaeilge a reachtálfar iad.

Maidir le ceist na Gaeilge sna Gaeltachtaí sí an phríomhaidhm atá againn ar fad an teanga a leathnú. Ní féidir le h-aon duine a rá go bhfuil an cheist sin sásúil i láthair na huaire.

Le roinnt míosa anuas mhí dréacht anna an-shuimiúla in Inniu faoin cheist seo. Bhiothas ag tabhairt eolais faoi na Gaeltachtaí uilig maidir le páistí a bhí ag fáil an deontas £10 agus idir 1966 and 1971 bhí laghdú mór i ngach Gaeltacht faoi líon na bpáistí a bhí ag fáil an deontais, sé sin lé rá, a bhí tógtha tré Ghaeilge. In áiteacha d'fheadfaí a rá go raibh méadú ar líon na bpáistí ar rollaí na scoil, ach cuid mhaith acu bhí sé soiléair go raibh teaghalaigh tar éis tiontó ó Ghaeilge go Béarla. Tá cuid mhaith áiteacha sna Gaeltachtaí agus tá sé sin ar súil. Ní leór go gcuirfeadh muid obair ar fáil sna Gaeltachtaí do mhuintir na Gaeltachta ach caithfimid a bheith cúramach chomh fada agus is féidir linn go bhfanann an Ghaeilge sna háiteacha sin. Ar ndóigh, mar adeireann an tAire beidh Bille níos mó ná seo ag teacht faoi Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire. Cad é fáth na moille faoin mBille seo? Is dóigh liom go bhfuil sé beagnach bliain anois ó dúirt sé i dtús ama sa Teach seo go mbeadh an Bille seo ar fáil ach níl sé ar fáil go fóill agus ní thuigim cén fáth go mbeadh an méid sin moille air. B'fhéidir go mbeadh sé in ann a rá linn cén t-am a bheadh muid in ann a bheith ag súil leis.

Moill eile atá ann ná an tuarascáil féin de Gaeltarra Éireann. Thugadar leithscéal dúinn faoi gan í a bheith ar fáil ach caithfimid a rá gurb é seo an 22 Iúil, beagnach seacht mí ó thuas na bliana ach ní fheicim cén fáth nach bhfuil an tuarascáil ar fáil roimhe seo. Tá sé soiléir go bhfuil an t-eolas ar fad ag an Aire atá sa tuarascáil agus cuid mhaith de thug sé dúinn é sa mhéid atá ráite aige ach ní thuigim cén fáth go mbeadh an méid sin moille ar thuarascáil réasúnta simplí den sórt seo. Ach tríd is tríd, is féidir linn a rá go fíor go bhfuilimid réasúnta sásta leis an méid atá ar siúl sna Gaeltachtaí agus is féidir linn a rá leis an Aire to bhfuilimid lántsásta go bhfuil sé ag déanamh a dhícheall agus is féidir linn a bheith ag súil go n-éireoidh leis fiú amháin níos fearr sna blianta atá romhainn ná mar a d'eirigh leis cheana féin.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Mar dhuine go bhfuil cónaí air cóngaracht don Ghaeltacht, aon uair a iarrann Gaeltarra Éireann tuilleadh airgid bíonn áthas orm. Ceapaim go bhfuil obair mhaith á déanamh ag Gaeltarra agus tá áthas orm go háirithe faoin fháilte a chuir beagnach gach cainteoir roimh an mBille seo. Chomh maith leis sin, traoslaím leis an Aire an méid atá déanta aige sna Gaeltachtaí éagsúla. Dúirt mé cheana, agus deirim arís é anois, go bhfuil an ceart aige an bhéim a chur ar chúrsaí eacnamaíochta, sé sin, nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir fadhbanna sóisialta na Gaeltachta agus cúrsaí eacnamaíochta. I dtuarascáil na Gaeltachta i 1926 tá tagairt déanta don dlú-bhaint atá idir cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí saoirse. Tuigeann chuile dhuine a bhfuil eolas ar bith aige ó thaobh na h-imirce dhe gur de bhárr cúrsaí eacnamaíochta den chuid is mó dhe a thárla an caighdeán mór daonnach atá sroiste ag an Stáit seo. Agus, mar sin, is ceart an bhéim a chur ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar pholasaí a bhfuil gné eacnamaíochta le feiscint iontu. Caithfímid, nuair atáimíd ag caint faoin Ghaeltacht agus faoi mhuintir na Gaeltachta, a bheith dáiríre. Maidir le muintir na Gaeltachta, mar shampla, i Sasana is é an "experience" atá acu ón bpolasaí i leith na Gaeltachta agus i leith na Gaeilge go gceapann siad gurab é rud a bhí sa Gaeilge féin teanga an bhochtanais, teanga an uaiginis, teanga an fhulaing. B'shin é an toradh a bhí ar labhairt na Gaeilge san am atá caite.

Ba cheart ag an am seo ceist a chur orainn féin. An féidir linn muinín a bheith againn as fiontraíocht phríobháideach nuair atáimid ag caint faoi leas mhuintir na Gaeltachta? An taithí atá ag an muintir sin is í atá againn féin. Tá sé soiléir gur chaill muid cuid mhaith de shaibhreas daonnach ár dtíre faoi fhiontríocht phríobháideach. Sé sin, bhí muid ag braith ar an process féin a bhí ag "suckáil" na daoine as na limistéirí Gaeltachta. Ní raibh a lán céille ag baint leis. Cén fáth go rachadh tionscail bunaithe ar phrionsabal bunúsach tuilleadh brabaigh a thuilleamh, cén fáth go rachadh tionscal mar sin nó eagras mar sin go dtí áiteacha mar na limistéirí Gaeltachta? Tuigim anois go bhfuil ag éirí cuíosach maith leis an IDA ach níl ag eirí leo fiú amháin tionscail a bhrú isteach ins na limistéir fhorbartha. Ní féidir glacadh le prionsabal na fiontraíochta príobh. áidí chun freastal ar fhadhbanna móra sóisíalta na Gaeltachta. Mar sin, tá sé an-thábhachtach ar fad céard tá ag tarlú anois a thuiscint. Séard atá ós ár gcómhair ná Bille chun uasteora airlearcain d'eagras Stáit a árdú. Sin é an fáth go bhfuil fáilte agam féin roimh an mBille. Ba cheart dualgas a bheith orainn féin anois rud a dhéanamh sna h-áiteanna in ar theip ar an fhiontraíocht phríobháideach fiontraíocht Stáit a chur ar bun.

Nuair a bhí an tAire ag caint níos luaithe chuir sé béim ar neithe éagsúla. Dúirt sé gur cúis áthais dó féin go raibh ardú mór ar líon na ndaoine atá i bhfostaíocht ins na heagrais bheaga ins na Gaeltachtaí. Aontaím leis. Tá sé sin suimiúil d'aon duine tuiscionach atá ag déanamh scrúdú anois ar an tionsclaíocht i gcoitinne agus ar na fadhbanna bunúsacha a bhaineann le bunadh na tionsclaíochta féin. Tá na comhlachtaí is na heagrais tionsclaíochta is mó sa domhan ag titim as a chéile. Anois tá saineolaithe i gcúrsaí eacnamaíochta agus geilleagair ag cur ceisteanna: an ndearnadh botún glacadh leis an dtionsclaíocht ar an gcéad dul síos? Ní timpist é go bhfuil ag eirí chomh maith sin leis na tionscail bheaga mar séard atá ag tharú sna tionscail bheaga go dtuigeann na daoine atá ag obair iontú cad tá ar siúl. Tuigeann siad na bunproiséiseanna atá ag tarlú.

Ní raibh sin le fáil ins na hoibreacha móra. Ní ghlacfaidh mé féin leis mar bhun-phointe nach aon mhaith an tionscalaíocht ar an sean stíl a mhealladh go dtí na limistéir Ghaeltachta, mar go bhfuil na hoibrithe féin ag baint sásaimh as a gcuid oibre. Chomh maith le sin, níor éirigh leis an chuid is mó de na comhlachtaí torthaí fiúntacha ar an léibhéal sóisialach a bhaint amach. Mar sin, tá seans íontach againn ins na limistéir Ghaeltachta. Ní gá tionsclaíocht ar stíl nua, tionsclaíocht de shaghas airithe, a chur ar bun.

Cuid den sort seatóide atá ag baint le sean-mheon an rachmais gur féidir leat idirdhealú a dhéanamh idir tionsclaíocht agus talmhaíocht agus córais na seirbhíse. Nuair a fhéachann tú ar stáit tionsclaíochta ar leibhéal na hEorpa fiú amháin, chítear gur imigh na daoine ó na feirmeacha go dtí na monarchana. Tháinig athrú mór ar shaol na ndaoine sin. Scríobh Thomas Hardy faoi rud a thárla ag deireadh na 19ú aoise san Bhreatain fiú amháin. Ina chuid focal fhéin: "...in exactly the same way as if water was forced to flow uphill, the people were drawn from their villages to the factories, leaving behind social decay and creating new industrial misery". Sin iad focail Hardy. siad san na torthaí a bhí againn ón sean-tionsclaíocht. Dúirt an tAire gur leag sé béim ar an tábhacht a bhí ag baint le tionscail a bhunú ar achmain nádúrtha nó ar mhaoin aiceanta na Gaeltachta.

Nuair a bhíonn daoine ag caint faoi cad a thárla do na monarchana éagsúla sa Ghaeltacht, go minic leagtar béim ar an méid atá dúnta. Ceapaim féin go mbeadh aon tionsclaíocht a bheadh bunaithe ar achmainn nádúrtha bunaithe ar bunús níos siúrálta ná aon tsaghas eile tionsclaíochta. Tá súil agam go bfuil siad ndáiríre—agus ceapaim go bhfuil ón ráiteas is déanaí a chuireadh amach ag Cathal Mac Gabhann, bainisteoir ginearálta Ghaeltarra Éireann—i dtaobh béim a chur ar mhaoin aiceanta na nGaeltachtaí. Tá áthas orm féin faoi sin, mar tá an ceart aige.

Arís, is féidir linn a bheith siniciúil faoin méid atá á dhéanamh ag an Aire, an Teachta Tomás Ó Domhnaill. Ceapaim féin go bhfuil níos mó déanta aige ná ag aon duine roimhe sa phost agus tá áthas orm sin a rá go poiblí arís. Ceapaim ó thaobh Ghaeltarra, go mba cheart dóibh claoi go dlú leis an gcuspóir sin, na tionscail a bhunú ar acmhainn nádúrtha. Is cuimhin liom go maith an sort saibhris atá i gceist. Mar shampla, dhein an tAire mion-tagairt do thionscal na hiascaireachta. Nach aisteach an rud é nach bhfuil a fhios againn cé mhéid saibhris atá sa bhfairrge againn. Ón am nuair a bhí an bád lán de dhaoine óga, cailiní agus buachaillí os na limistéirí Ghaeltachta ag imirt ar bháid na himirce, níor deineadh iarracht ar bith tionscal na bádóireachta nó na hiascaireachta a fhorbairt i gceart. Céard a bhí i gceist ansin? Neithe seafóideacha ar dhéantús rud ar bith nach raibh maitheas dá laghad ag baint leis. Is cuma "hoola hoop" nó "fishing boat": tá an bheirt acu ag chur jobanna ar fáil.

Níor thuig na daoine cúrsaí déantúsaíochta; níor thuig siad céard a bhí i gceist, agus cailleadh 60 faoin gcéad de dhaoine de 19, 20 agus 24 bliana d'aois agus an t-am go léir, saibhreas na gcathracha ag bagairt ar na daoine seo gan báid, gan eolaíocht, gan tionsclaíocht bunaithe ar acmhainn nádúrtha. Bhí sé mar seo le gach duine acu nuair a bhí siad ag fáil bháis sna tíortha thar lear. Ní raibh sé mar pholasaí ag Rialtas ar bith, toisc nach raibh an spiorad ag Rialtas ar bith, na hacmhainn sin a fhorbairt ar son leas an phobail.

Séard a bhí ag tarlú ag an am gcéanna, bhí fiontraíocht phríobháideach ag baint brabaigh as an saibhreas mór daonnach sin a bhí ag obair i monarchana Shasana agus Mheiriceá. Anois, tá sé in am dúinn glacadh leis go bhfuil deireadh leis an sean-chóras sin, go bhfuil sé teaspáinte go soiléir do lucht eacnamaíochta go bhfuil deireadh leis an sean-chóras sin. Caithfimíd níos mó airgid a thabhairt do na heagrais Stáit ionas go mbeidh sé ar a gcumas dul i mbun forbartha ar leas na Gaeltachta. Ó tá me ag caint ar an chúig mhilliún déag a mbeidh ar fáil do Ghaeltarra, ba mhaith liom go mbeadh sé mar chuspóir acu dul i mbun seirbhísí a chur ar fáil in áiteanna ina bhfuil tionsclaíocht beartaithe. Go minic, ní de bhárr deacrachtaí a bhaineas leis an tionscal féin a theipeann ar thionscal, nó a theipeann ar lucht Ghaeltarra tionscal a mhealladh, ach de bhrí nach bhfuil seirbhísí bunúsacha ar fáil.

Tá sé mar constaic mhór ag eagras mar Ghaeltarra Éireann bheith ag obair faoi chuspóirí an pholasaí réigiúnaigh. Toisc nach bhfuil polasaí réigiúnaigh ceaptha, léirithe, foilsithe agus glachta againn, tá deacrachtaí ar leith os comhair an Aire agus an IDA. Ní féidir glacadh leis an sean-bhréag sin, gur féidir leat clár tionsclaíochta a chur le chéile agus a chruinniú le chéile agus a rá go bhfuil polasaí réigiúnach agat. Níl. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimís cumhacht arais do mhuintir na Gaeltachta chun níos mó baint a bheith acu leis na bunrudaí a bhaineann lena saol.

Tá sé tábhachtach chomh maith ní amháin sin a dhéanamh ar leibhéal polaitíochta ach ó thaobh na n-eagras nua atá ar fáil, go mbeadh dlú-bhaint idir iad san atá sé mar dhualgas orthu polasaí a cheapadh agus iad sin i mbun é a chómhlíonadh. Caithfidh tú na daoine sin a chur le chéile in eagras cumhachtach amháin. Tá sé deacair don Aire tionsclaíocht mar iad seo a chur ar bun nó a mhealladh d'uireasa polasaí réigiúnach. I gcomparáid le sin, tuigim go pearsanta bréag mhór an Chomhmhargaidh i leith na gcúrsaí sin. Cheap a lán daoine, go ndéana Dia trócaire ar a gcéill, go mbeidh polasaí réigiúnach ann ach dul isteach sa Chomhmhargadh agus go mbeadh Coimisinéir chun cúrsaí na tíre seo a chur i dtreo.

Ag caint dúinn ar chuspóirí Ghaeltarra agus chuspóir an Aire agus iad i mbun an chaitheachais nua seo, caithfimid bheith ag smaoineamh ar an fhorbairt atá tréis teacht ar an mbunfheallsúnacht i leith na tionsclaíochta. Chomh mhaith leis sin, caithfimid an tionsclaíocht nua a bhunú ar bhóthar i bhfad níos siúráilte ná mar a rinneamar go dtí seo.

Tá rud amháin nach bhfuil tagairt ar bith déanta dó go dtí seo, agus is í seo ceist na timpeallachta. Iarraim seo mar achainí speisialta ar an Aire. Tá sé glactha go bhfuil sean-tionsclaíocht ag titim as a chéile faoi láthair, fiú amháin nuair atá siad ag déanamh iarracht ar í a choinneáll beo, go bhfuil cúram ar leith ar thionsclaíocht sa timpeallacht. Mar shompla, tá dlithe leathana agus píonóis mhóra ag baint lena mbriseadh glactha anois sa tSeapáin, fiú amháin. Aon tionscal a chuirfear ar bun sa Ghaeltacht ba cheart go mbeadh duine amháin i mbun taighde faoin tionchur a bheadh ag an tionscal ar an iascaireacht. Na Gaeltachtaí sa tír seo, baineann siad go mór leis an fhairrge agus le daoine nach Marxists iad a ghlacann go bhfuil an sean-chóras beagnach imithe, ní amháin go bhfuil an sean-tionsclaíocht imithe ach an bhun-fheallsúnacht a bhain leis an tionsclaíocht ceanna. Tá daoine ag cur na bhun-cheisteanna sin.

Go dtí seo cheap chuile dhuine a bhí ag caint faoi thionsclaíocht gurab é rud a bhí i gceist ná an duine i gcoinne na timpeallachta, gurab é sin a bhí i gceist maidir le caidreamh tionscail, an duine i gcoinne chuile dhuine eile. Sin é an sort "Frontier Mentality" a bhí acu. Anois tuigeann chuile dhuine nach raibh mar toradh ar an bhfeallsúnacht sin ach an bharbaracht, an imirce, an "aggression", na fadhbanna móra atá le réiteach againn anois. Mar sin, ceapann chuid mhaith daoine nach bhfuil ag eirí le hAire na Gaeltachta chomh maith agus ba cheart, agus is cuimhin liom ó na díospóireachtaí sa Teach eile go ndúirt duine go bhfuil an léibhéal fostaíochta imithe síos i bparóistí faoi leith. Tá an cúng aigeantacht ag baint leis na deoine seo a ghlac leis an imirce mar bhun-phrionsabal ó thaobh cúrsaí sóisialta dhe. Ní ar jobanna atáimíd ag caint; táimid ag caint ar rud nua ar fad, agus chuile cheann de na bheartanna, fiú amháin na cinn atá luaite agam féin ó thaobh ceisteanna timpeallachta, i dtaobh an seans nua atá againn, dáiríre is buntáistí atá iontu. Táimid ag cur tús le saol nua ar fad. Is seans íontach é, mar shampla, tosnú anois ar sórt comhluadair a bhúnú agus a chothabháil ins na limistéir Ghaeltachta, seans íontach chun saol nua ar fad a chur ar fáil le húirlisí eacnamaíochta a úsáid i gcaoi eile ar fad nár baineadh úsáid astu go dtí seo.

Ar leathanach a 7 deineann an tAire tagairt don chabhair atá Gaeltarra ag fáil ó Choláiste na hOilscoile i nGaillimh agus an tionsclaíocht atá bunaithe ar thaighde, go háirithe ar thaighde an Ollamh Ó Céidigh agus iad sin atá ag obair leis. Go dtí seo bhí an dearcadh glactha gan aon duine ag cur ceist faoi sa tír seo gur leis an córas rachmais, gur le fiontraíocht phriobháideach, teicneolaíocht, torthaí an taighde, aon obair a bhain leis an aigne. An t-am go léir bhí muid ag féachaint ar an bhfairrge gan tada a bhaint as; na báid nár tógadh, na báid eile lán de dhaoine óga. Bhí na ollscoileanna ann. Bhí ollúna ann, léachtóirí, daltaí agus léachtóirí ón meán-aicme, beagáinín "eccentric". "Harmless at best, certainly never dangerously useful" a thug duine eile orthu. Bhíodar ag cur ceisteanna orthu féin, ceisteanna a bhain den chuid is mó dhe lena "career" féin. Anois tá athrú mór tagtha ar lucht teagaisc na n-ollscoileanna. Níl siad ag glacadh leis an bhfiontraíocht phríobháideach mar ghná-mháistir. Aigne an sclábhaí: "Bí i do thost. Bí cúramach, féach chuige go ndéanfaidh tú an obair go maith agus beidh cúpla punt ag teacht chugat ach tá sé tábhachtach fanacht i do thost. Tá sé tábhachtach gan teacht amach go hoscailte i chuile rud ar eagla go gcuirfeá tú féin agus d'iolscoil i gcontúirt." Níl sé imithe go forleathan fós. Tá sé ag imeacht, mar adúirt mé, go háirithe imeasc na ndaoine óga. Tá cúram speisialta orthu anois.

Sin é an fáth go gcuireann sé áthas orm agus cuireann sé áthas ar an Aire, mar atá ráite aige, go bhfuil na daoine óga seo, na saineolaithe ag obair d'eagrais Stáit, mar tá sé ráite go minic dá gcuirfí deireadh leis an bhfiontaíocht phríobháideach ní bheadh aon duine in ann smaoineamh fiú amháin. Go minic bím ag éisteacht leis na hóráidithe ón taobh dheis, na daoine coiméadtha a bhfuil an "monument" den imirce, an tír bhriste seo, le taispeáint acu. Ní bheadh siad in ann cniotáil, fiú amháin, dá mbeadh "socialists" i gcumhacht.

Anois fiú amháin ins na hollscoileanna tuigeann na daoine óga sin, na saineolaithe sin, go bhfuil toradh i bhfad níos fearr, i bhfad níos luachmhaire le fáil ar obair don chomhluadar i gcoitinne, obair do na daoine óga atá le teacht, cúl a thabhairt don gearr-tréimse ó thobh pleanála dhe. Glactar leis go bhfuil dualgas mór ar na daoine go bhfuil an t-eolas acu faoin dtimpeallacht, faoi chúrsaí sóisialta agus faoi chúrsaí eacnamaíochta.

Tá an t-athrú sin tábhachtach. Tá mé ag caint an t-am go léir faoi athruithe atá le feiscint go soiléir. Dúirt mé go mbeadh sé mar bhuntáiste ag Gaeltarra dá mbeadh cumhachtaí i bhfad níos leithne acu ag dul i mbun seirbhíse dhóibh. Séard atá i gceist agam ansin ní hé amháin seirbhísí ar an léibhéal fisiciúil ach ar an léibhéal oideachais chomh maith. Ba cheart go mbeadh Gaeltarra in ann i bhfad níos mó airgid a thúirt d'institúidí ar nós Coláiste na Ollscoil na Gaillimhe atá ag obair ar fhadhbanna an réigiúin.

Ní ceart go mbeadh díomlá ar an Aire féin nuair a deir sé san óráid a thug sé an tráthnóna seo go bhfuil cailliúintí á ndéanamh ag Gaeltarra Éireann ach go bhfuil siad níos lú ná na cailliúintí a thárla an bhliain seo caite. Céard tá i gceist san téarma sin "cailliúint"—cailliúint ó thaboh airgid nó cailliúint ó thaobh cuspóirí eacnamaíochta? Ach tá deireadh leis an sean-chuntasaíocht sin chomh maith. Aon duine a léann an stair cífidh sé go raibh farrsbarr rachmais ann aon am a bhí timpist mhór ón taobh sóisialta dhe; amanna a bhí daoine ag fáil bháis leis an ocras, bhí daoine ag déanamh "fortunes" ag cur leis an rachmas pearsanta a bhí acu. San domhan mór anois ní haon íontas é go bhfuil daoine ag fáil bháis leis an ocras nach bhfuil bun-riachtanaisí an bheatha acu.

Nuair atámuid ag déanamh scrúdú ar obair Ghaeltarra ba cheart cuntasaíocht a glacann le prionsabail sóisialta a bheith ar intinn againn. Ba cheart don Aire sar a dtéann sé as a gcumhacht—agus tá súil agam go mbeidh seans maith aige níos mó a dhéanamh—smaoineamh cé mhéid daoine ar cuireadh ar a gcumas fanacht ina n-áit dhúchais, cé mhéid tuismitheoirí a bhfuil a gclann leo i n-áit iad a bheith imithe, cé mhéid daoine gur féidir leo caitheamh aimsire bheith acu ina dtimpeallacht féin, cé mhéid daoine anois a thuigeann saibhreas agus áilneacht na farraige féin? Ba cheart dó smaoineamh chomh maith céard iad na hathruithe atá tar éis teacht ar na scoileanna agus na cláracha. An féidir a rá gur cuireadh ar chumas na bpáistí a dtimpeallacht a thuiscint níos fearr? Sin iad na ceisteanna ba cheart d'aon duine a thuiscint i 1975. Is maith an sampla sin. Bheadh díomá orm féin aon uair a thiocfadh Aire na Gaeltachta isteach anseo agus adéarfadh: "Tá an méid seo jobanna curtha ar fáil againn an bhliain seo agus tá comhlachtaí idirnáisiúnta ar an liosta seo thíos curtha ar fáil." Sin an chaoi chun titim mar Aire na Gaeltachta. Tá an cheart aige anois an béim a chur ar na heagrais bheaga, mar a thugann sé orthu, na mion-tionscail.

Tá rud amháin eile ba cheart dom tagairt a dhéanamh dó sul a chríochnóidh mé, sé sin, an comharaíocht i gcoitinne atá déanta ag an Aire. Má léann tú litríocht na tíre seo faoin gcomharaíocht is iontach an dearcadh atá ann faoi. Má tá aon chúspóir comharaíochta ag titim as a chéile tá gach duine bodhar leis. Ach má tá ag éiri leis tá gach duine amhrasach faoi. Séard an sórt dearcadh tuisceanach a bhí againn ar an gcóras eacnamaíochta go dtí seo nach raibh aon díobháil ag baint leis an gcomharaíocht faid a bhí sé ag imeacht ar cúl, ach nuair a bhí ag éirí leis ba bhagairt arís í don bhfiontraíocht phríobháideach. Ansan bhí sé in am an t-eagras comharíochta a athrú go eagras fiontraíocht phríobháideach nó deireadh a chur leis.

Business suspended at 5.30 p.m. and resumed at 7.15 p.m.

Bhí mé ag caint ar an n-dlu-bhaint atá idir an taghde, an dearcadh nua atá ag lucht na n-ollscoileanna, agus an polasaí forbartha a léirigh an tAire. Chomh maith leis sin, nuair a bhí mé ag tosnú leis an Aire as an méid atá déanta aige. Mar adúirt mé cheana, aontaím leis san mbéim atá leagtha aige ar thionscail na hiascaireachta agus an tábhacht atá ag baint leis. Ní amháin tionscail na hiascaireachta, ach mar a luaigh mé i dtosach, mhuir acmhainní go ginearálta.

Ar leathanach 7 dá óráid deineann an tAire tagairt d'acmhainní nádúrtha na Gaeltachta. In alt a 2, luann sé iascaireacht, talmhaíocht, gairneoireacht. Ag an bpointe sin luann sé an fhairrge féin. Dúirt sé go bhfuil Gaeltarra ag dul ar aghaidh anois le tionscnamh fíor-thábhachtach muireolaíochta nó "feirmeoireacht" oisrí le tacaíocht ón tSaotharlann Taighde Éisc Sliogáin de chuid Coláiste Ollscoil na Gaillimhe. In áit eile dá óráid déanann sé tagairt go háirithe do thionscail atá bunaithe ar íle agus gás.

Maidir le tionscal na hiascaireachta féin, ba mhaith liom ceist bheag a chur air faoin fhorbairt atá bearthaithe ag Gaeltarra. Cén chaoi in a fheileann an sórt forbartha sin do choinníollacha cúngacha an "common fisheries policy". Chun tagairt a dhéanamh go díreach d'infheistíocht Ghaeltarra san taobh seo de thionscal na hiascaireachta, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire faoi choinníollacha an chonradh sin, Common Fisheries Policy a síneadh ar an 13 Nollaig, 1971. Cuireadh béim ar dhá phointe ar leith: an chéad cheann deacracht a bhain le teora de 12 mhíle a bhaineann le hiascairí eachtracha; an tarna pointe ná an dualgas a bhí ar bhaill an Chomhmhargaidh athbhreithniú a dhéanamh ar líon na n-iasc, sé sin, an "review clause" mar ar thagradh dó ag an am. Cé ar a bhfuil an dualgas an dara coinníoll sin a chomhlíonadh faoi láthair? Mar a fheicimse féin é, ní féidir bheith ag caint faoi fhorbairt thionscal na hiascaireachta, agus glacaim go bhfuil an tAire thar aon duine eile dáiríre faoin méid atá ráite aige, gan tagairt do na deachrachtaí ar leith atá baint leis sin. Tá a lán mí-thuisceana faoi láthair i dtionscal na hiascaireachta faoi théarmaí an common fisheries policy.

Tá méadú sa Bhille ar uasteora na n-airleacan do Ghaeltarra ó £10 milliún go £25 milliún. Maidir leis an £15 milliún atá i gceist is féidir ceist a chur ort féin: Cén caoi is fearr é a chaitheamh má bhíonn tú ag caint faoi fhorbairt thionscal na hiascaireachta? Cuireann sé díomá orm ag an bpointe seo, mar shampla, nach bhfuil aon duine in iarthar na hÉireann i mbun bád móra nua-áimsire a thógáil. Ba mhaith an rud é, b'fhéidir, an cuid is mó den airleacan a infheistiú i dtionscal mór amháin mar sin. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire mar gheall ar an dtionscal úd "feirméoireacht na fairrge" ar dhein sé tagairt dó. Rinne sé tagairt go háirithe don tionscal nua atá bunaithe i gCarna. Cé hiad a bheidh san bhfeirmeoireacht nua seo?

Molaim an tAire, agus tá an ceart aige, maidir le gluaiseacht na comharaíochta. Níl slí níos fearr chun tionsclaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht ná tré ghluaiseacht na comharaíochta. Luaigh an tAire ar leathanacha 6 dá óráid:

Tá Gaeltarra i bpáirtíocht le comharchumainn éagsúla i gcúrsaí gairneoireachta, talmhaíochta, cuartaíochta agus próiseála éisc agus tá súil agam go mbeidh ar chumas Ghaeltarra cabhrú tuilleadh lena lán comharchumann eile.

Níl sé soiléir an mbeidh an tionsclaíocht nua-aimsire seo bunaithe ar thaighde na h-ollscoile. Is fiú don Aire é seo a dhéanamh soiléir.

Luaigh mé roimhe seo na deacrachtaí a bhaineann le tionsclaíocht mar tuigeadh í go dtí seo. Go háirithe, bhí mé ag tagairt do cheist thruailliú na timpeallachta, sé sin, "pollution". Dúirt mé nach mbeadh sé riachtanach droch-ghnéithe na tionsclaíochta atá sa chuid eile den tír a thúirt go dtí limistéir na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, cén fáth nach féidir anois, toisc go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta sa riocht ina bhfuil siad, tionscail ar an bhun-phrionsabal "recycling" a bhunú sa Ghaeltacht, sé sin, an radio neamh-fhorbartha a úsáid chun freastal ar fhadhbanna nuacruthuithe an taobh fhorbartha den tír? Cén fáth nach féidir é sin a dhéanamh?

Is féidir féachaint ar chuile cheann de na mí-bhuntáistí a chuireadh i leith na limistéir iargúlta go dtí seo mar bhuntáistí dáiríre. Seo buntáiste eile, seans eile chun rud éigin a dhéanamh.

Nuair a bhí mé ag caint ar shaibhreas na farraige, luaigh mé na deacrachtaí móra a baineann le tionsclaíocht eachtrach. Le déanaí scríobh geilleagraí ón Nigér faoi cheist fhorbairt a thíre féin agus dúirt sé beagnach an rud céanna. Rinne sé tagairt do "economic leakages" nuair atá tú ag brath ar fhoinsí eachtracha. Ar an gcéad dul síos forbairt a bhíonn ag brath ar fhoinsí eachtracha glacann sé le prionsabal na dian-rachmasaíochta, "capital intensiveness". Má ghlacann tú leis an mbun-phrionsabal de dhian-shaothar san tionsclaíocht, sé sin, "labour intensive industry", tá tú i bhfad níos siúiráilta. An cuid is mó de na céimeanna proíseála sa déantús, tá siad in aigne na ndaoine féin. Tuigeann siad cad tá ar siúl agus is féidir freastal i bhfad níos mó ar do mhargadh féin mar tá cumas agus srian ar do mhargadh agat mar tá tú i bhfad níos saoire ná mar a bhí tú sa chéad chás.

Ceapaim go bhfuil ré na gcomhlachtaí idirnáisiunta, agus an sórt "dependency" a bhí ag baint leo, an sórt dearcadh a bhí againn orthu chun ceisteanna forbartha a réiteach dúinn thart.

Is dócha go bhfuil an Seanadóir ag leathnú na díospóireachta anois agus á leathnú sa treo seo an dara h-uair.

Tá brón orm. Táim búioch den Chathaoirleach mar gheall ar an treoir sin. Bhí an tAire ag caint faoi aidhmeanna infheistíocht Ghaeltarra Éireann mar eagrais Stáit. Is aisteach an rud é, nuair a dhéantar comparáid, go bhfuil cosúlacht idir an méid atá á dhéanamh ag an Aire agus moltaí Choimisiún na Gaeltachta in 1926. Ba mhaith liom tagairt díreach a dhéanamh do thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, 1926, leathanaigh 60 go 68 Déantar tagairt do chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht. Tá liosta mór de mholtaí a bhaineas le tionscail na hiascaireachta: "that a fishery technical school be established in Downings Bay, County Donegal, in Galway city and Dingle". Leanann sé ar aghaidh faoi "horticulture" and chuile rud. Is aisteach an caoi inar déineadh dearmad idir 1926 go dtí inniu ar an bpolasaí ab oiriúnaí don Ghaeltacht. Is trua é. Bhí an Coimisiún sin aneolasach ar fad. Bhí an ceart acu. Is náireach an rud é go bhfuilimíd anois, 40 bliain ina dhiaidh obair an Choimisiúin, ag féachaint chun tosnú a dhéanamh ar an obair chéanna. Táimid ag túirt isteach beagnach na moltaí céanna a thug an Coimisiún sin dúinn in 1926. Scríobhadh agus cuireadh an tuarascáil i gcló i 1926. Bé costas na tuarascála, leis na léirscáileanna agus costas taistil bhall an Choimisiúin £584. Tá ár dtuarascáil anois ag éirí níos costaisí agus tá líon mhuintir na Gaeltachta ag dul síos: "Reports expanding, population going down." Bhí an rud céanna ag tárlú i dtionscal na hiascaireachta.

Tá súil agam go n-eireóidh go geal leis an Aire maidir leis an airgead nua. Tá sé de cheart aige bheith chomh sásta le Gaeltarra is atá sé.

Tá Gaeltarra ag tógaint scaireanna i gcomhlachtaí eile. Cén fáth nach féidir leis an IDA an rud céanna a dhéanamh? Ceapaim go mbeadh cosaint i bhfad níos mó ag na h-oibrithe. Nílimíd ag brath mar a bhíomar ar na comhlachtaí seo den chéim chéanna. Ní ceart, ceapaim, cáineacha a bhailiú ón phobal agus deontaisí a thúirt do na comhlachtaí sin gan an cosaint a bheith agat am ar bith scaranna a thógaint in aon cheann de na comhlachtaí sin. Tá an chosaint sin ag teastáil óna hoibrithe na laetha seo agus tá súil agam go mbeidh sar i bhfad ar leibhéal náisiúnta national enterprise board a thógfaidh scaranna in aon mhonarcha atá ag bagairt an doras a dhúnadh ar jobanna oibrithe ar bith sa tír seo.

Ceapaim go bhfuil níos mó dóchais in obair Gaeltarra, eagras Stáit, agus na h-eagraisí Stáit eile ná mar atá i bhfiontraíocht phríobháideach ar bith sna limistéir iargúlta. Cuireadh duine an ceist air féin: nach bhfuil teideal an t-sóisialachais ag baint leis an rud seo go léir? Tá tú ag tarraingt an chaint an t-am go léir ar choinníollacha fhiontraíochta príobháidí a ghearradh agus a leathnú ar an méid atá á dhéanamh ag an Stát agus tá an ceart ag aon duine a cheapann sin. Ní ghabhaim leithscéal ar bith le h-aon duine faoi sin. Má tá seo ag tárlú faoi láthair, tá sé ag tárlú toisc go gcaitheanna muid brath ar an sóisialachas amháin i n-áiteacha mar na Gaeltachtaí. Cén fáth nach gclaíonn daoine briste, daoine buailte, clainn bhriste le sóisialachas? Mar nár léiríodh an sóisialachas dóibh riamh. Anois tá sé soiléir gur féidir linn filleadh ar an bhfiontraíocht phríobháideach, córas rachmais, "fourth degree capitalist" agus filleadh ar an meath sóisialta féin agus ar an imirce.

Is féidir linn obair Ghaeltarra a leathnú agus an féidir aon chás speisialta a dhéanamh. Bhí an ceart ag an Seanadóir Yeats faoi sin. Tá brón orm má táim ag cur béime ró-mhór, b'fhéidir, ar thoscaí eacnamaíochta ach is toscaí eacnamaíochta atá mar "base" leis na fadhbanna móra sóisialta, ceapaim, go háirithe an imirce.

Caithfidh tú coimeád i gcuimhne an t-am go léir go bhfuilimíd ag caint faoi chomhluadar le tréithe áirithe: sé sin, labhrann siad an Ghaeilge mar theanga dhúchais. Táimíd ag athrú ár gcúrsa anois. Táimíd ag díriú ar chuspóirí níos daonnachtúla ar fad. Beidh sé mar bhuntáiste mór gné eile den chultúr a bheith agat, go mbéitheá in ann do theanga féin a labhairt. Nílim á ráa go bhfuilim ag déanamh "equation" idir an teanga agus cultúr go ginearálta. Níl mé. Nuair atá an Rialtas ag féachaint ar obair Ghaeltarra agus nuair atá siad ag déanamh athbhreithniú ar an tábhacht atá ag baint leo sin atá ag labhairt na teanga, tá súil agam go bhféachfaidh siad ar "intangible aspects" an chomhluadair sna cathracha móra mar tá anchomparáid idir comhluadar nádúrtha na Gaeltachta agus comhluadar nádúrtha i lár na gcathracha móra, Siúd is go bhfuil gá anois ag Gaeltarra Éireann le níos mó airgid, b'fhéidir go bhfuil gá le h-eagras nua chun beocht a thúirt do lár na gcathracha arís.

Cuirim fáilte mór roimh an mBille seo agus tá súil agam go n-eirodh go geal leis an obair le rogha an Aire ina bhfuil sé ag caitheamh an airgid breise seo.

Tá mé chomh fáda sin ag fanacht chun cúpla focal a rá go bhfuil mearbhall orm, agus ón méid atá cloiste agam i dtaobh sóisialachas agus private enterprise tá mearbhall níos mó orm. Ar aon nós, is mian liom fáilte a chur roimh an mBille nó roimh aon Bhille a chabhródh le muintir na Gaeltachta. Cé go ndeireann an tAire go bhfuil £25 milliún á lorg aige do Ghaeltarra Éireann sa Bhille seo, tá brón orm nach bhfuil ach £2 mhilliún le caitheamh sa Ghaeltacht as an méid seo i mbliana. Ní fiú tráithnín an méid seo agus ceapaimse féin nach bhfuil ann acht "sop in ionad na scuaibe", mar tá luach airgid íslithe chomh mór sin nach fiú mórán é; ach ní dóigh liom gur ar an Aire atá an locht ach ar an bhfear go bhfuil an sparán aige.

Caithfidh an tAire admháil nach bhfuil sé ach ag tógaint ar an mbonn daingean a leag Fianna Fáil sna blianta atá thart, agus ní dóigh liom go bhfuil an tAire ró-mhacánta i gcuid de na figiúirí a chuir sé rómhainn. Léigh mé i n-áit éigin go ndúirt sé i nGaillimh go bhfuil deich monarcain le tógaint nó tógtha ann le dhá bhliain. Sé an t-eolas atá agamsa go raibh seacht gcinn de na monarcan sin tosnaithe ag Fianna Fáil agus nach bhfuil baint ag an Aire ach le trí cinn acu. Ní dóigh liom go bhfuil sé ró-mhacánta leis nuair a chuireann sé na tithe ósta san áireamh mar do bhí na tithe ósta sin ann le fada. B'fhéidir gur thug sé cúnamh éigin ach ní ceart na tithe ósta sin a chómhaireamh mar mhonarcain.

Deireann sé go bhfuil monarca textile le tógáil i dTír Chonaill. Is éacht mór é sin nuair a chímíd go bhfuil na monarcain textile ins gach áit i gcrúchás. Tá súil agam nach dteipfidh ar an tionscail textile sin i dTír Chonaill.

Rud a chuireann brón orm gur deineadh an Bille seo a dícheannadh sa Dáil mar tá i bhfad níos mó daoine ansin ón nGaeltacht ná mar atá anseo agus d'fhéadfaidís níos mó tuairimí a chur os comhar an Aire agus b'fhéidir cabhrú leis fadhbanna na Gaeltachta a leigheas.

Rud eile atá ana-thábhachtach. Tá súil agam gur féidir leis an Aire cuid den airgead seo a chaitheamh ar bóithre agus ar uisce agus ar an "infrastructure" mar a déaraimíd sa Bhéarla, go mbeidh cead ag Gaeltarra Éireann an t-airgead seo a caitheamh ar rudaí mar sin, mar is dóigh liom nach féidir linn lucht monarchan a mhealladh chuig an Ghaeltacht go dtí go mbeidh an "infrastructure" sin sa Ghaeltacht. Ní féidir iad a mhealladh chuig an Ghalltacht fiú muna mbíonn an "infrastructure" ann agus tá sé sin le feiscint againn i gCiarraí, sa Ghalltacht i gCiarraí seachas an Ghaeltacht.

Ba mhaith liom go n-innseoidh an tAire caithin a bheidh Údarás na Gaeltachta againn. Is dóigh liom nuair a bhéas Údarás na Gaeltachta againn go mbeidh i bhfad níos mó airgid ag teastáil uatha agus beidh muid go léir ana-shásta an t-airgead sin a thabhairt dhó nuair a bhéas an tÚdarás bunaithe aige. Tá brón orm, leis, nár deineadh aon iarracht comhairlí contae dhá chuid féin a chur ar bun sa Ghaeltacht mar a mhol an Teachta Ó Maoildhia, mar is iad muintir na Gaeltachta is fearr a thuigeann fadhbanna na Gaeltachta. Tá sé maith go leor dúinne, muintir na Gallachta go bhfuil meas againn ar mhuintir na Gaeltachta agus a thuigeann tábhacht na Gaeilge bheith ag caint anseo, ach gan a bheith tógtha sa Ghaeltacht ní féidir na fadhbanna a thuiscint go ró mhaith. Sin é an fáth go bhfuil ana-bhrón orm nár cuireadh a comhairlí contae dá gcuid féin ar bun sna Gaeltachtaí. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire rud éigin chun sin a leigheas.

I gcúrsaí oideachais, b'fhéidir go bhféadfadh an tAire cuid den airgead a chaitheamh ar téicsleabhranna do mhuintir na Gaeltachta agus go deimhin do mhuintir na Galltachta leis, mar tá siad ag teastáil uatha agus b'fhéidir go bhféadfadh sé monarchan nó rud éigin a chur ar bun i gceantar na Gaeltachta chun na téicsleabhranna sin a chur ar fáil. Rud eile atá in easnamh, is dóigh liom, ar mhuintir na Gaeltachta ná traenáil tré Ghaeilge. Tá sé maith go leor AnCO a bheith ann ach tá AnCO suite i dTrá Lí nó áiteanna mar sin, agus níl daoine iontu a tógadh leis an Ghaeilge chun na scoláirí d'oiliúint. Is dóigh liom gur cheart brainse d'AnCO a bheith i ngach Gaeltacht, Gaeltacht Chiarraí, Gaeltacht Chonamara agus Gaeltacht Thír Chonaill agus ins gach ceantar Gaeltachta.

Dhein an tAire tagairt do na tionscail beaga agus chomh tábhachtacht is atá siad. Ceapaim féin go bhfuil an ceart aige agus go bhfuil ana thábhachtacht ar fad ag baint leis na tionscail teallaigh sa Ghaeltacht. Níor deineadh, i mo thuairimse, aon iarracht sásúil chun tionscail teallaigh a chur ar bun. Do bhí an cniotáil ann ó thuas aimsire. Níor deineadh aon iarracht sásúil ariamh chun tionscal teallaigh nua a chur isteach sa Ghaeltacht. Ba chóir don Aire dul i gcomhairle le Bantracht na Tuaithe agus dul i gcomhar leo chomh maith má tá comharchumann nó aon rud ag teastáil uainn mar sin. Níl ach an cniotáil mar bhun obair lámha san Ghaeltacht ach tá céardanna lámha eile go bhféadfaí a chur ar siúl ansin— fiodóireacht, criadóireacht agus rudaí mar sin. Tá sampla tábhachtach curtha os ár gcomhar ag muintir Sliabh Bháin i Roscomáin. Is dóigh liom go bhféadfadh an foireann nó an dream sin i Sliabh Bháin ana-chabhar ar fad a thabhairt don Aire agus is dóigh liom gur féidir leis an Grianáin a lán cabhrach a thabhairt don Aire ma theastaíonn uaidh tionscail teallaigh a chur ar bun.

Is dóigh liom gur fearr tosnú leis na rudaí beaga sin i dtithe muintir na Gaeltachta ná ins na monarchain móra. Ní féidir monarchain móra a chur ar bun gan muintir na Galltachta a thabhairt isteach. Ba chóir don Aire dul i gcomhairle agus i gcomhar le Bantracht na Tuatha agus le muintir Sliabh Bháin. Beidh cabhar an-mhór le fáil ó na daoine sin chun comharchumann lámh oibre nó tionscail teallaigh a chur ar bun.

Tá ana-bhrón orainn go léir nach bhfuil tuarascáil Gaeltarra Éireann os ár gcómhar mar is cuimhin liom trí nó ceithre bliain ó shoin go raibh an tuarascáil againn agus go raibh rud éigin againn mar bun leis an díospóireacht sa tSeanad.

Dhein duine éigin ansin tagairt d'ardú deontaisí do mná-tí na Gaeltachta. Is dóigh liom gurb éigin don Aire é sin a dhéanamh. Ní raibh dul as aige mar thit luach an airgid chomh mór sin nach bhféadfadh sé gan na deontaisí sin do mhná na Gaeltachta a ardú. Chun a bheith macánta, ní cuireadh aon fheabhas ar shaol maireachtála mná na Gaeltachta nó teallaigh na Gaeltachta leis an ardú sin.

Dhein duine éigin eile tagairt don foinse tionscailíochta is mó timpeall na hÉireann agus go mór mhór na Gaeltachtaí, sé sin an fharraige agus is dóigh liom gur deineadh faillí mór maidir leis. Cé go bhfuil roinnt déanta leis an saibhreas sin a chaomhnú níl ach tosnú déanta. Is féidir i bhfad níos mó a bhaint as an fharraige. Tá saibhreas feamainne againn agus níl a dhéanamh léi ach í a chur mar leasú ar na prátaí, nó úsáid bheag eile a bhaint aisti. Níl aon teorann leis an méid ábhar sláinte atá sa bhfeamainn. B'fhéidir ins na blianta atá romhainn go gcaithfimid an fharraige a bhaint fé mar a dheinimid an féar a bhaint i láthair na huaire, na prótéin agus an cuid is fearr a bhaint as an fharraige.

Tá an rud céanna le rá faoin éisc. Nílimíd ach ag tosnú ar an iascaireacht sa tír seo. Dá bhféadfaimís an chuid is mó den airgead atá anseo ag an Aire a chur isteach san iascaireacht agus i saibhreas na farraige, is dóigh liomsa go mbeadh i bhfad níos mó le baint as an airgead sin ná é a chur ins na tionscail mhóra atá i gceist againn.

Dhein an Seanadóir Yeats tagairt don Ghaeilge. Tá súil agam nach gcuirfidh na monarchana atá le cur ar bun isteach ar an nGaeilge; go ndéanfaidh na daoine atá ins na monarchana a ndícheall chun an Ghaeilge a leathnú imeasc na n-oibritheoirí a bheidh ag obair ins na monarchana sin in ionad muintir na Galltachta a chur i gceannas ar mhuintir na Gaeltachta. Ba cheart go dtuigfeadh muintir na Gaeltachta ins na monarchana móra sin go bhfuil seod níos luachmhara acu ná mar atá ag duine eile sa tír seo. Tá an seod is gile sa tír acu, sé sin, an teanga a choimeád ár sinsir dúinn.

Is mó duine a dhein gearán liom faoi na gcomharthaí bóithre sa Ghaeltacht. Nuair a théimid ar an MórRoinn, go dtí an Fhrainc nó go dtí an Spáinn, ní dheineann muintir na Spáinne nó muintir na Fraince ainmneacha na mbailte nó ainmneacha na gcomharthaí bóithre a athrú mar mhaithe le muintir na hÉireann nó mar mhaithe le muintir na Galltachta nó mar mhaithe le muintir Shasana. Bíonn meas acu ar a dteanga féin agus bíonn siad mórálach as.

Sé an rud is mó atá le rá agam ná go dtí go mbeidh an "infrastructure" againn sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht, ní féidir daoine a mhealladh chun monarchana a chur ar bun. Tá súil agam go gcaithfidh an tAire an cuid is mó den airgead seo nó aon airgid eile atá le fáil ón gciste réigiúnach ar an "infrastructure". Chomh luath agus a bheidh sé sin ann is féidir daoine a mhealladh chun monarchana a chur ar bun sa Ghaeltacht.

Mar focal scoir, tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag déanamh a dhíchill, tá a fhios agam go bhfuil an spárán lom, ach chomharlóinn dó aire a thabhairt agus a dhícheall a dhéanamh chun tionscail teallaigh a chur ar bun, mar ansin ní bheadh muintir na Galltachta ag brú isteach ar mhuintir na Gaeltachta. Chun an fhírinne a rá, cuid des na daoine atá ag dul isteach ansin níl siad chomh macánta agus chomh ndáiríre agus a cheapaimid. Mar sin, is mian liom an tAire a mholadh agus guím go n-éireoidh leis, mar is dóigh liom go bhfuil an croí san áit cheart aige más féidir leis an t-airgead a fháil.

I wish to welcome this Bill. I trust that nobody will take offence if I make my contribution through the medium of English. I believe the main thing is to be interested and concerned and to express one's opinion in the best way possible.

So much gloom prevails everywhere nowadays that the Minister's statement is like a breath of fresh air. With so much economic depression and unemployment it is wonderful to know that our industries in the Gaeltacht are employing more and more people. I wholeheartedly congratulate Gaeltarra Éireann on their wonderful achievements. I also congratulate the Minister on the numbers employed in these industries. The figure of 2,617 is quite a formidable one. When all these industries are in full production that figure will increase to over 5,000. That represents an increase of 40 per cent in the numbers employed in Gaeltarra projects.

The Minister said he hoped to have full employment in the Gaeltacht area during the 1970s. That would be a fantastic achievement. These areas always suffered the most from emigration. By their very geographical location and the fact that the land was poor the people there did not get the same opportunities as people in more fertile regions.

It would be excellent to see abolished the system that pertained in years gone by whereby the Gaeltacht areas were maintained by the giving of handouts and of artificial benefit, and to have these areas completely self-sufficient with full employment for all and everyone on an equal status with the other citizens of the State.

I live quite near to the smallest Gaeltacht area in the country, Ring, County Waterford. I can see that a much healthier outlook exists there among the people. By-elections have their disadvantages, especially when you lose one but the advantage is that you get around the country and see the other areas. I was stationed in the Carna area in the Galway Gaeltacht last March during the by-election. Some superficial type in headquarters assumed that because I was a school teacher I would be quite fluent at Irish and I was despatched to Connemara. I am afraid he was sadly mistaken. I learned quite a lot, even some Irish, and I saw at first hand how the people there were faring. I was pleasantly surprised that things are going so well. The people seemed very contented and happy that something was being done for them. They seemed quite happy to stay at home. They have no wish whatsoever to emigrate. This could be largely attributed to the enlightened approach by the Minister and Gaeltarra Éireann.

The Minister made special reference to fishing as having a very large influence on the livelihood of the Gaeltacht people and Gaeltacht industries. The majority of our Gaeltacht regions are also coastal regions. Fishing is a very large source of employment.

I regard every fishing harbour as a small industry and maybe some of them not quite so small. I would like to see the Minister doing everything possible to develop these harbours, by dredging and improving the facilities. That is the one outstanding way in which he could help the residents of the Gaeltacht and also boost the economy of the country. If there is one sphere in which we have been negligent it is in the development and utilisation of our fisheries.

While it would be lovely to have a separate Department of Fisheries it would certainly be a better combination and useful combination to have Fisheries tied in with the Department of the Gaeltacht rather than be the lame duck element of the Department of Agriculture and Fisheries at the moment. I see fantastic opportunities. An organisation such as Gaeltarra Éireann with the finance at their disposal could do a great deal for the fishing industry. We hear a clamour from certain sections of the public when there is talk of exporting raw materials, various ores such as lead, zinc and so on, without having them refined in this country; but we have been doing precisely the same thing over the years as regards our fisheries. For instance, annually we export several million pounds worth of herring. These would be worth tens of millions of pounds if they were processed before they left this country. What we need is a substantial State body or semi-State body to bring out the best and to develop these types of industries to the fullest. I see Gaeltarra Éireann as being an ideal type of business set-up to do this work. As the Minister stated, they are one of the finest organisations. It is nice to know that even in these difficult economic times the losses have been substantially reduced in recent years. That is an outstanding achievement.

I should like to thank the Minister again for providing the opportunity for this debate and for giving us such excellant news. Long may his good work continue on behalf of the people of the Gaeltacht.

I should like to begin by complimenting the Minister on this Bill, indeed by complimenting him on his term of office so far as Minister for the Gaeltacht, because in a way I think his personal sincerity and his charisma and his sincere dedication to his job has impressed us all. It has particulary impressed the people of the Gaeltacht. The warmth and sincerity of their reception of him whenever he goes there is sufficient evidence of that commitment. The Bill itself is clearly an act of faith and trust in Gaeltarra Éireann incidentally and very properly but particularly in our belief as a people that so many of our values are enshrined in the Irish language and the way of life which produced the Irish language which in a sense was produced by it and is still inherent in it.

It has been one of the great tragedies and a tragedy we all have felt in this generation and the last, that the best meaning efforts of central government have continued to dwindle. The loss of the language has been for Ireland a deep psychic wound from which we shall never perhaps recover. It is vitally important that that area of our country, that remains Irish speaking should be given every possible opportunity to save itself. I put most of my stress on that. I agree totally with the speech of Senator Deasy but there was just one phrase there which struck me as revealing a kind of error in our thinking about the Gaeltacht. He said how the people in the Gaeltacht were pleased that something was being done for them. In a sense, our failure with regard to the people of the Gaeltacht has been that we have failed to give them the means of doing something for themselves.

We have one of the most centralised Governments in Europe, if not the most centralised. It seems to me that while what the Minister proposes is in every respect admirable, some of these resources might be better deployed if there were a greater devolution of power and a greater movement towards decentralisation of government. In other words, if the means were given to the local communities to work according to their own instinct and their own desires with regard to developing their own ability and culture. This concept is radical. It has been constantly bandied about, indeed sometimes irresponsibly bandied about, but the more I think about it the more I am conscious of it. We should have more decentralisation of government in Ireland anyway, not decentralisation in the sense of sending a Government Department to this or that town in the west where there would be a lot of discontented and sullen civil servants who would have to take their brief cases down there for the week and come home at the weekend.

The real devolution means giving the forces of power to the people. One would not perhaps think of the need for this so much if one did not think of the vital importance of the Gaeltacht and the Gaeltacht areas. This was borne in upon me when I was there some years ago. I have been down there since but some years ago there was a great bruahaha in the west because a group of people in Iar Chonnacht had begun to black out the English on the signposts throughout the entire Gaeltacht so that anybody who travelled in these perilous regions would have to know Irish or was in grave danger of losing his way. It was explained to me by some of the people who did it that that is what they meant; they meant, if you come over here they expect you to speak Irish. Up there in Dublin you are talking all the time about the importance of the Irish language. Still you come here and you cannot speak Irish. you speak English: you erode, in fact, the very thing which you are supposed to be sponsoring.

Now, of course, this blackening of the signpost is seen as an act of subversion, irresponsibility and anarchy, in a sense it was, if one is totally dedicated to the rule of law right down to its last comma, semicolon, full stop. I still see it as a sign of life, that effort on the part of the people in the west, negative and destructive as it was. It showed the desire to lead themselves, to assert their own identity and to assert, above all, the paramount importance of the language which they spoke and the language which we in so many different ways pay homage to, homage sometimes sincere, sometimes insincere.

The Minister can be absolved of all insincerity in this matter because his work for the Gaeltacht since he has taken this portfolio has been really marvellous and inspiring and has been seen as such in these areas. Therefore, I would like to propose seriously to the Minister that with regard to such enactments which might follow from this very admirable enactment, he and his Department should think more and more perhaps of devolving actual power to the people of the Gaeltacht, so that they themselves might have a larger hand in working out their own future.

Several manifestations of this come to mind, and as it is not a discussion on regional government I certainly will not dwell on it. The fact is that since I came to the Seanad I have had a number of letters from people in the west of Ireland and they said to me:

Dear Senator Martin,

The school bus calls at a certain house. It picks up child A from house A and child B from house B. One of them is taken to one school and the other is taken to the other, but child A would really like to go to school B, but the Department will not allow this to happen. The parents want that to happen, the child wants it to happen. Can you do anything for me?

I do not want to make an issue of that particular point but I think there is something grotesquely wrong when somebody in Sligo writes to me in Dublin to decide whether a child should go to school A or school B within his own area and his own community. The answers they have got from the Department, in so far as they have got answers at all, have been rather unsatisfactory but it seems to me that is an example of central Government at its worst.

Obviously where the children should go in that area should be decided in that area. It should be decided according to the demands and the needs of the community and of the people who understand the community. It should not be decided by men in the civil service drawing lines on a map. That is the only point I am making. I am using that as an illustration of the importance of looking at the Gaeltacht in a more radical way, that being that we have tried everything since the founding of the State, and honestly tried everything, in order to keep the Gaeltacht alive and make it expand.

The one thing we have not tried is giving them the power to do it themselves. In other words the creating and the sponsoring of structures there on the ground where the negative energy that went into blacking out those signs along the roads would be converted into positive energy in the creating of local industries, structures and so forth. That point having been made, I will not return to it.

It seems to me that the disease of our times, not just in Europe, but in America and in most countries which claim western civilisation as their way of life, is alienation, the feeling of the individual man being powerless because the Government and the action are elsewhere. Life is elsewhere and is not here in his native town of Ballyhaunis, Ballymote, or Ballinamore or wherever it may be. It is in the city. The action and the power are there. More of that power should be devolved. I am suggesting this to the Minister for the Gaeltacht because it is particularly true of the Gaeltacht. I would like to influence the Minister because I think he might be able to influence other people.

With regard to the situation in the west—I do not want to turn this into a homiletic exercise—the helping of hotels, the setting up of roads, the care for the fishing industry, these kind of decisions are perhaps best made locally. One of the big mistakes we have made about hotels throughout the country, not just the Gaeltacht, is that we have created enormous luxurious hotels which now in a time of economic recession are being run down, being run on skeleton staffs, are getting us a bad name, and have given us ideas above our station internationally. We would have been much better to have developed the farm houses, the guest houses, the small family affairs, a thing we could do very well. That is a line in the Gaeltacht that has to be thought about very carefully, what ecologically speaking is the kind of structure, both industrial and touristwise that is required.

Within this area comes of course the important question of fishing which Senator Deasy so fittingly drew attention to. There are enormous pressures coming on the Minister for the Gaeltacht Department with regard to fishing. For instance, in the name of conservation there has been a recent very fashionable, sustained attack on the whole area of drift netting of salmon. Draft netting of salmon has been let go scot free. I am not sure that enough attention has been given to the fact that drift netting has been a traditional way of life in the west of Ireland, along the coast, for a long time. Many a small farmer in these areas has depended for his supplementary income on drift netting. It happens far out at sea. It is not nearly as dangerous to the salmon as the netting in the mouth of the rivers. By and large its effect on the salmon population is marginal rather than central, yet it has a very bad name. I suggest to the Minister again to be very careful because in the name of conservationists and so forth an enormous amount of pressure is coming to bear on him to regard drift netting as a dirty activity, as a disreputable entity, when in fact it has been a secondary source of income and by no means a disreputable one for great numbers of people living in the west.

When we think of the culture that we are concerned in, and if there is a Bill coming forward called An Bille um Thionscail na Gaeltachta, Leasú we are thinking about the Irish language, about all the things that the Irish language enshrines for us. In our times, if we think what has that literature produced, some of the names that immediately spring to mind are the names of Ó Gríofa, Peg Sayers, Ó Suilleabháin, Pádraig Ó Conaire, Mairtín Ó Cadhain. What are their stories about? They are about tilling the earth and fishing the sea. These have been the immemorial activities which have been celebrated in the literature of the Gaeltacht. There may be some fashionable schools of thought which would deprecate some of the methods by which they went about gathering their harvest from the sea. I am not too sure that those are the pressures that should always be yielded to. At least they should not be yielded to without a precise scrutiny of the way of life which was sponsored by the sea in the west.

I think the Senator should realise that it was the abuse of drift netting which was referred to in the House rather than the general activity of salmon.

Is the Senator referring to references made to it today?

To the Senator's comments. If one speaks of the necessity of precision, it is necessary to be precise in the distinction between preservation of the species and the preservation of the language.

Could I ask whether the Senator is in fact referring to remarks made in the Seanad today? I was at a funeral in Ballymote today, so I was not here. Any observations I am making are not being made in reference to anything that was said here today. It would clear my mind if I were to know that Senator Higgins was referring to something that was said here today?

Not today, but the recent sittings of the Seanad where the subject of salmon conservation came up, last Tuesday.

I am not referring to them either.

That makes me very happy.

Perhaps I lacked precision in talking about references that were made to drift netting but there is no lack of precision about what I would like to say. I want to ask the Minister to be extremely careful not to yield to the kind of fashionable rhetoric not based on fact, which has over the past year-and-a-half emanated from many sources against this very traditional form of fishing, which is drift net fishing off the west coast. There is no lack of precision there. It is a request to the Minister. This traditional way of life, in whatever form it takes place is very basic and central to the activities of the Gaeltacht. It is a vital part of the culture and it requires considerable delicacy, precision, restraint and imagination to arrive at the proper blend of conservation and development that should apply in that particular field.

May I return again to my opening note, that is to welcome the Bill as an act of faith and as an act of trust in the Gaeltacht and to compliment the Minister on having in these hard times extorted from the bitter black heart of the Exchequer enough money to keep the importance of this whole issue, this cultural issue, this ecological issue, this whole very essential concern in our life, to keep this alive and to keep moving forward in a very positive way.

I would like to make a very brief contribution also on the Bill, if I may. First of all, I want to warmly congratulate the Minister, with the other Senators who have spoken. His speech introducing this Bill is indicative of his interest and enthusiasm he has shown for this job since he was appointed Minister for the Gaeltacht. We have from time to time received speeches from various Ministers but the House will agree that few Ministers have shown the tremendous enthusiasm and the dedicated interest in his job that the present Minister for the Gaeltacht has continued to show since he was appointed. However, enthusiasm of its own is not sufficient to effectively tackle the job that the Minister has on his hands at present. His speech indicates that he has approached his task in a businesslike way. Much as we sympathise with the ideal of preserving and, if possible, extending the Gaeltacht all of us are sensible enough to appreciate the fact that this cannot be done by sympathy alone. The Minister has shown that the way to tackle this job, and to tackle it effectively, is to establish viable industries in the Gaeltacht areas, to encourage people to stay in the Gaeltacht, not to subsidise them to stay there, but to want to live there, to marry and to bring their children up to continue the tradition of the Gaeltacht.

The Minister has rightly placed the emphasis on small industries, on the development of natural resources and the setting up of co-operative societies. These are the type of developments that are endemic to the Gaeltacht and will last and continue to prosper when larger undertakings that might be quite unsuitable to the west of Ireland will have perished or failed for one reason or another.

If the Gaeltacht is to be saved it will be saved with the financial help largely of the Gaeltacht. It is certain that if we are to achieve what I think all of us want to it must be achieved in a climate of practical sympathy by the people who largely live outside the Gaeltacht areas. This Bill, increasing by 50 times the sum originally voted in 1957, is indicative of the practical proposals which the present Minister is putting forward. It is also indicative of the practical approach by the Minister and his Department and indeed by Gaeltarra Éireann to the task of encouraging and making it worth while for the people of the Gaeltacht to live and prosper in their own areas.

I would like to see the type of industry set up that would produce something that would be peculiarly traditional to the Gaeltacht areas. There is a tremendous market outside our country for the type of goods, tweeds, products of small industries, that would find a ready market all over the world, things that would be associated with Ireland and particularly with the Gaeltacht. There is not much use in setting up the type of factory that can be set up in any part of the country to produce what I might call humdrum goods. The goods produced in a Gaeltacht factory should, if at all possible, produce the particular types of goods that will find a market that will be distinctively of the Gaeltacht and will find a market for them outside this country.

I would also like to suggest to the Minister that encouragement to hotels in the west of Ireland, in the Gaeltacht, should be to encourage the type of hotels that are distinctively Irish and distinctively Gaeltacht, where visitors, even those who cannot speak a word of Irish still would feel at home in the Gaeltacht areas in small homely family hotels giving, wherever possible again, traditional Irish meals. I have often heard people say how hard it is to get a meal of bacon, cabbage and potatoes today. I suppose we are becoming much more sophisticated than we used to be years ago, but still a lot of people, including myself, often yearn for a humble pig's head, cabbage and potatoes. These traditional Irish meals would be appreciated far more than we think by visitors coming to our shores. It is amazing the number of people who say: "Where can I get a traditional meal?" or "What is an Irish meal?" This is something that perhaps could be encouraged through the Minister's Department.

I agree with Senator Martin who said we have been building in recent years too many grandiose a la American type hotels with plenty of platinum, very little sympathy, comfort or welcome for the visitor. I hope—a point also touched on by other speakers—that the Minister will push ahead with the decentralisation of his Department. I know that the plans have been made to establish it in Furbo. I hope these will be climaxed at the earliest possible date. It would be a fitting climax to a very successful Ministry if the Minister could ensure that his Department was in fact sited in Furbo, in the Gaeltacht areas, within the next year or so.

Finally, I would like to suggest that in addition to encouraging Irish speakers, naturally Irish families, and the tradition of the Gaeltacht, when we talk about the Gaeltacht and we talk about preserving what after all is the fountain of the language and the fountain of our Irish tradition, we should not forget other things too. I would like to see every encouragement given to Irish writers, Irish musicians, Irish dancers, anything that would encourage all things Irish should be encouraged and should come within the ambit of this Bill. I am sure that the Minister is fully alive to these. All I want to do, in conclusion, is to compliment him again and his Department. Gaeltarra Éireann has been severely criticised, let me say not without reason, down the years. There were times when it seemed to be a tottering and ineffective institution. Obviously the Minister has put new fire and purpose into it, and his recent organisation of Gaeltarra and establishment of the new board is a step in the right direction. In a Ministry like this one requires, above all, two elements. One is enthusiasm and drive, which is certainly supplied by the Minister, the other is cash. In welcoming this Bill and supporting it we are playing an important part in providing the second necessary constituent.

I welcome an opportunity of saying exactly what I think about this whole thing, and I welcome any endeavour that is made to the helping of the Gaeltacht as we know it.

I noticed here that the Minister has made some grants as low as £40,000 to some industries. A sum of £40,000 in our day to any industry is a very humble one if I may say so. A sum of £40,000 would not make a very great impression in any part of the country today. I hope it does exactly as the Minister hopes it will. I was not impressed by Senator Russell there when he spoke about hotels, the fostering of Irish industry and the use of Irish materials, which would include wearing apparel.

I regret to say that far too often in the last 15 years I have noticed Ministers and Parliamentary Secretaries wearing suits that were not of Irish material. I could not be regarded as a beer shark but I buy, sell and drink alcoholic beverages of one description or another. Far too often I have been in the company of people who prefer to call for a scotch——

Acting Chairman

Perhaps the Senator would keep to the Bill.

With all due respects to the Chair, this is something that should be heard. It has reference to what we are discussing today. Far too often I find people who should know better and who wear an emblem of distinction—something I regret I never had or never will have—buying nonIrish goods. I compliment the Minister on his endeavours to foster the Gaeltacht and the Irish language. We find lip service paid to these things. I wish to emphasise that I have heard, far too often, people making wonderful statements and preaching the doctrine of the people who went before us who tried to make an Irish Ireland and so on and I have also heard them in their true form. I appreciate the Minister's endeavours to do what he can and I wish him the best of luck in doing so.

On numerous occasions I have found people calling for scotch whiskey instead of drinking even Bushmills, which is Irish. In their wisdom or otherwise the Government of the day advanced the price of brandy. The people never got fond of brandy until it got expensive.

Acting Chairman

What goes on in the Gaeltacht is not relevant to this Bill.

I agree with the Chair. There is no point in the Bill if what I am saying is not emphasised or if it is not implemented. What is the point of having a Bill fostering Irish industry if this does not come into it? There are no meaningful words in the Minister's statement if what I am saying is not true, if it is not emphasised and if the public do not realise what I am saying is correct. We have clothes imported from Czechoslovakia and ladies' shoes with six-inch heels imported from Italy. They do not wear them because they are great shoes—the medical profession say they are the most appalling thing that could be worn—but because they are made in Italy. Some Irish manufacturers copy their styles all right. It is not possible to do the two things. You cannot ride two horses in the one race and win with both of them. I say good luck to the Minister and his endeavours.

Ar dtús ba mhaith liom mo fíorbhuíochas a ghabháil libh go léir as ucht an díospóireacht ana-bhreá a bhí againn anseo um thráthnóna. Is soiléir ón ndióspóireacht seo go bhfuil fonn ar na Seanadóirí go léir leas na Gaeltachta a chur chun cinn agus a chur chun cinn ar na bealaí is éifeachtaí.

Do thosnaigh an Seanadóir Ó Doláin. Is cuimhin liom é sa Dáil ins na seascadaí—Gaeilgeoir an-mhaith is ea é—agus do thug sé ráiteas anshuimiúl anseo. Do rinne sé tagairt do a lán rudaí tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeltacht. Thosnaigh sé leis an iascaireacht. Gach Seanadóir a bhí ag labhairt anseo um tráthnóna, rinne sé tagairt don iascaireacht. I mo ráiteas féin rinne mé tagairt do forbairt acmhainní nadúrtha sa Ghaeltacht agus dúirt mé gurb í an fharraige an acmhainn is fearr agus is tábhachtaí atá againn, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar chósta iarthair na hÉireann.

Tá áthas orm a chur in iúl don Seanad go bhfuil Gaeltarra Éireann ar feadh tamaill anois ag tabhairt aire speisíalta do forbairt acmhainní ón bhfarraige. Tá cúpla tionscail phróiséala éisc bunaithe againne. Tá tosnú déanta ar "feirmeoireacht" oisrí agus rinne an Seanadóir Micheál Ó hUigínn tagairt don forbairt sin. Ba mhaith liomsa, mar Aire, glacadh leis an deis seo chun mo mholadh a thabhairt go poiblí don Rannóg Muireolaíochta i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, agus go háirithe, mo mholadh agus mo bhuíochas a ghabháil leis an tOllamh Ó Céidigh sa Rannóg sin. Is forbairt an-thábhachtach é feirmeoireacht éisc. Táimid ag tosnú le oisrí ach tá taighde, sé sin "research", ar siúl faoi láthair ar éisc de gach saghas eile, shellfish, agus rudaí mar sin. Sé mo thuairimse go bhfuil scóip an-mhaith ann an forbairt sin a chur chun cinn.

Chuir an Seanadóir Higgins ceist ormsa cé bheidh páirteach sna tionscail sin. Mar a dúras ag an preas agallamh a bhí againn cúpla mí ó shoin ag fógairt an tionscail seo, beidh Gaeltarra Éireann páirteach ann ach déanfaidh Gaeltarra Éireann agus déanfaidh mé féin gach iarracht chun go mbeidh muintir na Gaeltachta féin lán-pháirteach ins an fhorbairt sin. B'fhéidir gur tré chomharchumann an tslí is fearr agus táimid ag tosnú le trialacha i 20 áiteanna ar chósta an Iarthair ó Dhún na nGall go Corcaigh. Tá gá le trialacha a dhéanamh ar dtús. Is "ball game" nua é maidir leis an tionscail iascaireachta. Caithimíd dul chun cinn a dhéanamh ó chéim go céim go mall agus eolas a fháil ó gach céim. Tá staidéar déanta agamsa ar feadh dhá bhliain anois, staidéar leathan maidir leis an feirmeoireacht éisc agus is é mo thuairimse —agus tá sé sin ráite agam go minic go poiblí—nach bhfuil fhios agamsa aon fhorbairt níos tábhachtaí ins an nGaeltacht ná an fhorbairt feirmeoireacht éisc, agus tá súil agam go n-eireoidh go han-mhaith le Gaeltarra Éireann agus le muintir na Gaeltachta. Tá an fhorbairt seo tosnaithe ag Gaeltarra Éireann le cabhair ó Ollscoil na Gaillimhe, ach tá sé bunaithe agus tosnaithe agus beidh sé ag dul chun cinn, agus beidh aidhm amháin againn, sé sin, go mbeidh an fhorbairt seo ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.

Rinne an Seanadóir Dolan tagairt do mhuintir na n-oileán. Dúirt sé go raibh na daoine ag fágáil na n-oileán. Inné bhí sé de onóir agus de phribhléid agamsa cuairt a thabhairt ar Oileán Árainn Mhór i gContae Dún na nGall. Bhí lá mór ann. Thaithnigh an lá go híontach liom mar chuaigh mé ann chun oscailt oifigiúil a dhéanamh ar scéim nua uisce agus cuireadh soláthar uisce ar fáil do gach teach ins an hoileán sin, 250 tithe, ach chomh maith leis sin thug sé áthas agus gliondar croí dhom nuair a chonaic mé monarcha nua bunaithe ins an oileán beag sin agus 20 cailíní ag obair ann go lánaimsearach faoi láthair, agus beidh fostaíocht ar fáil do tímpeall is 60 daoine óga in Oileán Árainn Mhór nuair a bheidh an monarcha sin faoi lán-tseol faoi dheireadh na bliana seo.

Bhí mé ag plé na ceiste seo maidir leis na daoine atá ag fágáil na n-oileán leis an sagart paróiste ann, agus bhí áthas ormsa a chloisint go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine ins na h-oileáin sin. Tá a fhios agam go bhfuil laghdú in Oileán Tóraí, in Oileán Inis Bó Finne thart ar chósta Dhún na nGall. Tá muidne ag iarraidh aire speisialta a thabhairt do mhuintir na n-oileán. Tá fadhbanna ar leith acu. Tá siad amach ón mórthír. Níl ach báid bheaga oscailte acu chun an turas a dhéanamh ón oileán go dtí an mhórthir. Anois tá aerstráice agus aerseirbhís idir Ghaillimh agus Inis Mór agus Inis Meáin, agus tá an aerpháirc beagnach réidh in Inis Thiar. Cabhraíonn aerseirbhísí go mór chun leas mhuintir na n-oileán a chur chun cinn. Is féidir tionscleoirí a mhealladh isteach chun tionscail a bhunú sna h-oileáin nuair a bhíonn cúrsaí iompair agus cumarsáide sásúil. Bhí an t-ádh linn chomh maith agus bhí an-áthas ormsa coicís ó shoin cuairt a thabhairt ar oileán Inis Mór Árainn agus an monarcha is nua-aimsearaí sa tír seo a oscailt go hoifigiúil ann, Seoda Astra, ag déanamh seoda. Tá tímpeall 30 daoine óga fostaithe ann faoi láthair agus nuair a bheidh an tionscal sin ar Inis Mór Árainn faoi lántseol beidh fostaíocht ar fáil do seachtó nó ochtó daoine óga. Sin dhá oileán, oileán Árainn Mhór, Dún na nGall, agus, Oileán Inis Mór.

Chomh maith leis sin, tá an leictreachas dhá chur isteach anois i ngach teach in oileán Inis Mór agus an t-uisce chomh maith. Is fuirist a rá. "Caithimíd fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán," ach tá sé an-deacair tionscal a bhunú amuigh sna hoileáin bheaga sin ach tá árd mholadh tuillte ag Gaeltarra as ucht gur éirigh leo i rith na bliana seo caite tionscail an-mhaith a bhunú i dhá oileán. Ní bheidh mise sásta go dtí go mbeidh fostaíocht agus caighdeán maith maireachtála ar fáil do mhuintir na n-oileán Ghaeltachta ó Oileán Toraí go Oileán Cléire thart ar Chontae Chorcaí. Tá sin tuillte acu. Na háiseanna nua-aimseartha atá ar fáil do mhuintir na hÉireann sa mórthír ba chóir go mbeadh siad sin ar fáil do mhuintir na n-oileán chomh maith.

Tá iarracht dhá dhéanamh againn chun leas mhuintir na n-oileán a chur chun cinn. Rinne an Seanadóir Dolan agus na Seanadóirí eile tagairt don tábhacht a bhaineann le tionscail bheaga. I mo ráiteas thug mé cúntas ar an dul chun cinn atá dhá dhéanamh chun tionscail bheaga a bhunú. Níl aon dabht agamsa anois ach gurab iad na tionscail bheaga atá bunaithe ag muintir na Gaeltachta féin—daoine a bhfuil scileanna ar leith acu—is oiriúnaí do na ceantair Gaeltachta. Tá Gaeltarra Éireann agus mo Roinn féin agus mé féin mar Aire ag tabhairt tús áite do leathnú agus bunú tionscail mar sin. Tá méadú an-mhór ar fad, buíochas mór le Dia, ar líon na tionscail bheaga atá bunaithe i rith na bliana seo caite agus is sna tionscail bheaga a tháinig an méadú fostaíochta atá tagaithe sa Ghaeltacht.

Tar éis sin, tá suim ar leith agamsa i gcomharchumainn, i gluaiseacht na comharaíochta. Tá fonn mór ormsa go mbeadh comharchumann láidir i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. Faoi láthair tá timpeall 26 comharchumainn gníomhach ar fud na Gaeltachta. Tá cuid acu an-mhaith agus cuid acu lag, ach tá obair faoi lámha ag gach ceann acu. Tá comhar-chumann an-mhaith ar fad i gceantar Chorca Dhuibhne, sé sin, Comharchumann. Chorca Dhuibhne. Tá obair iontach faoi lámha acu chun leas muintir na háite a chur chun cinn. Bhí sé de onóir agam coicís ó shoin cuairt a thabhairt ann chun tionscail gairneoireachta a oscailt go hoifigiúil. Tá dhá acra faoi ghloine. Tá Gaeltarra Éireann co-páirteach le Comharchumann Chorca Dhuibhne.

Más mian linn lán-fhostaíocht a bhaint amach sna seachtóidí, caithimid gach iarracht a dhéanamh chun tionsclóirí a mhealladh chuig an Ghaeltacht. Ach ar an gcéad dul síos caithimid cabhrú le muintir na Gaeltachta féin chun tionscail a bhunú, agus ar an dara céim cabhrú le comharchumainn nó eagrais áitiúla chun tionscail agus forbairt a dhéanamh chomh maith. Tar éis sin tá fonn mór ormsa go mbunófaí comhlachtaí Éireannacha, comhlachtaí a bhfuil tionscail acu anseo i mBaile Átha Cliath nó b'fhéidir i Luimneach, Portláirge, Aerphort na Sionainne nó aon áit eile, tionscail bheaga nó branch plant ins an Ghaeltacht. Tá an-áthas ormsa go bhfuil cúpla comhlachtaí mar sin tar éis dul go dtí an Ghaeltacht agus tionscail a bhunú ann.

Tharla sé sin ag ceantar Béal an Mhuirthead agus ceantar Iorrais. Tá dhá thionscal nua ann anois, ceann amháin is ea brainse de chomhlacht mhór i gCaisleán an Bharraigh, Travenol Laboratories. Tá timpeall 50 nó 60 daoine fostaithe acu anois i mBéal an Mhuirthead mar tá branch plant ann. Chomh maith leis sin tá comhlachtaí Éireannacha eile tar éis plant a bhunú i mBéal an Mhuirthead. Tá mise ag iarraidh tionsclóirí Éireannaigh sa bhaile agus thar lear a mhealladh ar ais go dtí an Gaeltacht agus tionscal a bhunú ann. Bhí mé trí lá sa Bhreatain cúpla seachtain ó shin. Bhí coinnithe agam i Manchester, Birmingham agus i Londain le tionsclóirí agus lucht gnó a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht agus go bhfuil monarcha acu nó gnó de shaghas éigin acu sa Bhreatain anois. Bhí an turas sin ana-shuimiúl ar fad agus bhí ana-áthas ormsa go raibh suim i leith ag na daoine sin sa Ghaeltacht. Bhuail mé le fear i Manchester a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Mhuigheo. Tá gnó an-mhór aige sa Bhreatain. D'éirigh go han-mhaith leis ar feadh 20 bliain ó d'imigh sé ó Mhuigheo go dtí an Bhreatain. Is fear an-mhór é ó thaobh gnó agus tionslaíocht. Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath coicís ó shin. Tháinig sé chun cainte liom agus chuir sé in iúl dom go raibh sé beartaithe aige teacht ar ais go Ghaeltacht Mhuigheo agus tionscal a bhunú ann. Is mar sin is féidir linne na tionscail atá oiriúnach don Ghaeltacht a bhunú ann, ar an chéad dul síos do mhuintir na Gaeltachta.

Dhein an Seanadóir Uí Eachthéirn tagairt do Bhantracht na Tuatha agus do obair lámha. Tá an-áthas ormsa a chur in iúl dí go bhfuil teangmháil pearsanta an-mhaith agam le Bantracht na Tuatha ar feadh na blianta sul ar tháinig mé isteach mar Teachta Dála. Bhí teangmháil agam le Bantracht na Tuatha nuair a bhí mé ag obair le Muintir na Tíre agus le Macra na Feirme. Bhí an-áthas orm le déanaí ball de Bhantracht na Tuatha a cheapadh mar stiúrthóir ar Bhord na Gaeilge. Tá suim ar leith agam in obair lámha nó ceard oibre agus tá coiste bunaithe againne sa Ghaeltacht.

Chomh fada agus is eol dom, tá an t-Athair Séamus MacDyer mar chathaoirleach ar an choiste sin agus tá an coiste sin ar feadh sé mhí nó mar sin ag déanamh staidéar faoi leith ar thionscail ceard oibre, sé sin, craftwork no obair láimhe, a chur chun cinn. Tá ceard-oibritheoirí ag obair ar fud na Gaeltachta agus tá scéim faoi leith ag Gaeltarra Éireann chun cabhrú le daoine mar sin a bhfuil scileanna acu nó a bhfuil ceard éigin acu chun tionscal a bhunú. Aontáim go háirithe leis an Seanadóir Russell as ucht an méid a dúirt sé maidir le tionscail ag déanamh earraí a bheadh oiriúnach don Ghaeltacht nó identified léi. Tá gearghá leis sin go háirithe ins an ceard oibre. Rinne an Seanadóir Dolan tagairt chomh maith don rud céanna. Dúirt sé go bfhéadfaí earraí a dhéanamh cois teallaigh. Sin é príomh aidhm Bantracht na Tuatha agus tá an-obair déanta acu, agus molaim iad as ucht na hoibre sin.

Rinne cúpla Seanadóirí tagairt don tionscal turasóireachta—the tourist industry—agus do na hóstáin sa Ghaeltacht. Beidh mise macánta ag an bpointe seo: tá sé nó seacht óstáin Ghaeltachta ina bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach iontu, agus ba mhaith liom a rá nach bhfuil fonn ar bith ormsa óstáin amháin eile den saghas sin a bhunú sa Ghaeltacht. Do dhiúltaigh mé iarratais ó chúpla daoine le déanaí agus dúirt mé leo gurb é mo thuairimse nach bhfuil óstáin den tsaghas sin oiriúnach do na ceantair Gaeltachta ar chor ar bith. Tá gá le áiseanna áitiúla, family-type guest houses, agus rudaí mar sin, nó chalets agus self-catering accommodation. Sin é an saghas cóiríocht atá oiriúnach don lá at inniu ann. Agus an cuid is mó de na cuirteoirí atá ag teacht go dtí an tír seo, ní amháin go dtí an Ghaeltacht ach go dtí an tír in aon áit, is cóiríocht den tsaghas sin atá ag teastáil uathu. Tá mise, mar Aire na Gaeltachta, mo Roinnse agus Gaeltarra Éireann, sásta anois go mba chóir dúinne cabhair faoi leith a thabhairt do daoine ar mhian leo tithe no chalets no cóiríocht den saghas sin a chur ar fáil do chuairteoirí.

Rinne an Seanadóir O'Toole tagairt don réigiúnachas, mar a thug sé air. Thug sé ráiteas go maith faoi cheist forbairt an iarthair, ní hamháin sa Ghaeltacht ach an iarthair go hiomlán agus go mba chóir go mbeadh eagras faoi leith ann chun forbairt an iarthair go hiomlán a chur chun cinn. Ní féidir liomsa mar Aire na Gaeltachta freagra a thabhairt ar an cheist sin ach tá cás an-mhaith déanta aige agus is féidir liom a rá chomh maith go bhfuil an Rialtais ag féachaint ar an fhadhb sin faoi láthair agus ar feadh tamaill. Aontáim go bhfuil na deacrachtaí céanna sna contaethe Gaeltachta ag na daoine atá taobh amuigh dena limistéir Gaeltachta agus atá taobh istigh maidir le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialacha. Aréir ar 11 a chlog bhí mé in Ard Reatha i gContae Dhún na nGall agus do chaith mé uair go leith ag plé na ceiste céanna le coiste forbartha Ard Reatha, Contae Dhún na nGall. Tá fadhb ann. Tá coiste an-mhaith ann, ach tá Baile Ard Reatha taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá an chuid eile den pharóiste taobh istigh den Ghaeltacht. Bhí an coiste paróiste ag iarraidh scéim forbartha a leagan amach don pharóiste go léir. Bhí ormsa a rá leo: "Tá pleananna agaibh don bhaile seo; tá sé taobh amuigh den Ghaeltacht agus ní féidir liom cabhrú libh." Tá siad ag dul i gcomhairle le Bord Fáilte agus leis an IDA chun cabhair a fháil. I mBangor Iorras i Contae Mhuigheo, tá an fhadhb céanna. Tá an baile taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá an chuid eile den paróiste taobh istigh dí. San lá atá inniu ann ní féidir linn plan sásiúl forbartha a leagann amach do chuid de pharóiste nó píosa paróiste nó bits and pieces d'aon áit. Bhí an fhadhb céanna againne i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Bhí leath den pharóiste sin mar Ghaeltacht oifigiúil ar feadh i bhfad. Bhí an chuid eile, an sean pharóiste, taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug mé cuairt ann dhá bhliain ó shin agus do bhuail mé le muintir na háite. Tar éis lá a chaitheamh ann bhí mé sásta go raibh cás an-mhaith ann chun an paróiste go léir a tharaingt isteach sa Ghaeltacht. Thug mé moltaí don Rialtas agus rinne an Rialtas an t-ordú. Cad a thárla?

Bhí muintir an pharóiste go léir mar an gcéanna. Tá comhar-chumann nua tosnaithe ann anois. Tá ionad phobail nua oscailte. Tá ionad phobail nua eile ar an dtaobh eile den pharóiste á thógáil faoi láthair, agus tá monarchan nua tógtha againn ann. Is iontach sprid na ndaoine sa pharóiste sin a fheiscint. Niór thainig siad chugam-sa ag lorg gach rud ó mo lámha. Dúirt siad: "Is mian linn ionad pobail a thógáil, a Aire. An féidir leatsa cabhrú linn? Táimid sásta ár lámha a chur in ár bpócaí féin agus airgead a chaitheamh". Sin é an saghas sprid. Tá fadhb an-mhór, agus baineann na samplaí seo go léir leis na bpointí a rinne an Seanadóir O'Toole. an Seanadóir Higgins agus Seanadóirí eile faoi fhorbairt réigiúnach. Tá an Rialtas ag féachaint ar an scéal faoí láthair. Dúirt an Seanadóir Higgins nach bhfuil polasaí réigiúnach ag an Rialtas. Tá an Rialtas ag féachaint go géar ar an scéal agus tuigimíd na fadhbanna atá ann agus go deimhin tuigim féin mar Aire na Gaeltachta ón eolas atá faighte agam ar feadh dhá bhliain go leith anois go bhfuil géarghá le polasaí réigiúnach, go háirithe do pholasaí forleathan d'Iarthar na hÉireann.

Dúirt an Seanadóir Dolan chomh maith go mba chóir hallaí maithe a bheith ar fud na Gaeltachta. D'féadfadh gur ionaid phobail a bhí i gceist ag an Seanadóir. Tá scéim ag mo Roinnse chun ionaid phobail a thógáil agus tá trí nó ceithre cinn tógtha le déanaí. Tá ionaid phobail an-dheas ag Gaeltacht Ráth Cairn taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus ceann eile oscailte i nGaeltacht na Mí i mBaile Gib. Tá ionad phobail an-dheas ag Gaeltacht na Fanaide. Bhíos ann ar a 3 a chlog ar maidin ag dúnadh na féile bhliantúla. Tá ionad phobail an-deas ann agus tá cabhair agus cúnamh le fáil ó mo Roinnse chun áiseanna mar sin a chur ar fáil.

Níl aon pharóiste faoin dtuaith— agus tá an chuid is mó de na paróistí Gaeltachta faoin dtuaith—nach bhfuil géarghá le ionaid phobail ann. Muna mbíonn áiseanna mar sin le fáil cad a thárlaíonn? Téann muinntir na háite, na daoine óga, go dtí Leitir Ceanainn agus go Luimneach nó Corcaigh nó Tráighlí nó áit eile, agus is é mo thuairimse mar Aire go bhfuil géarghá le ionaid phobail i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta, agus tá mé ag iarraidh daoine áitiúla agus na heagrais áitiúla ann a mhealladh chun tabhairt faoin obair sin.

Thug an Seanadóir O'Brien a lán staitisticí a chruthaíonn go bhfuil an scéal go dona agus bhí sé go dona ar feadh i bhfad le 50 bliain. Tá laghdú gach bliain beagnach ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht. Lua sé titim 1,000 i n-aghaidh na bliana i líon daoine sa Ghaeltacht. Níl ach 60,000 daoine anois sna ceantair Gaeltachta, agus má leanann an scéal mar sin, i gceann 60 bliain ní bheidh éinne sa Ghaeltacht, agus níl aon mhaitheas i dtaighde maidir leis an teanga nó an cultúr má ligimid an titim sin leanúint. Sin í an fhírinne agus sin mar a fheicimse é. B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach ní féidir liomsa aon rud eile a rá.

Mar a fheicmse é sé mar Aire na Gaeltachta sé an príomh dualgas atá agam ná stop a chur leis an titim sin. an taoide imirce a chasadh agus ní féidir linne é sin a dhéanamh ach le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Níl aon mhaitheas a bheith ag caint faoin teanga; gan obair ní fhanfaidh na daoine óga in aon cheantar; muna mbíonn daoine ann ní bheidh an Ghaeltacht ann, agus gan Ghaeltacht ní bheidh teanga ná cultúr againn. Caithimíd tosnú leis an bhfostaíocht, fostaíocht de gach saghas, agus go háirithe forbairt agus fostaíocht a bheidh bunaithe ar na h-acmhainní nádúrta, an fhairrge, an talamh, gairneoireachta, saibhreas mianraí, agus gach rud mar sin. Caithimíd na h-acmhainní go léir a úsáid agus a fhorbairt.

Rinne mé tagairt don obair atá faoi lámha maidir leis an iascaireacht, an monarcha nua próiseáil éisc atá i nAlt an Chorráin, sé sin, Burtonport. Tá job íontach déanta ann maidir leis an gcé. Tá dhá tionscail próiseála éisc ann faoi láthair agus ceann de na comhlachtaí atá i nAlt an Chorráin tá sé beartaithe acu tionscal nua iascaireachta a bhunú san cheantar sin, ceanntar na Rossaine, an chéad tionscal stán-phacála éisc, sé sin, a fish canning plant. Mar a thuigimse an scéal, níl aon tionscal nó monarcha den tsaghas sin sa tír seo. Beidh tie-up idir an comhlacht beag sin i Burtonport agus comhlacht mór thar lear agus Gaeltarra Éireann. Cosnóidh an monarcha sin £600,000 ach is fiú é mar beidh fostaíocht ar fáil. Beidh na h-ábhair nádúrtha den cheantar sin dhá phróiseáil ann. Ní dhearna aon Seanadóir mórán tagairt do na hacmhainn nádúrtha eile atá sa Ghaeltacht, sé sin, an talamh. Tá obair an-tábhachtach ar siúl faoi láthair, go háirithe i gceantar Iorrais i gContae Mhuigh Eó, maidir le forbairt talún. Tá comhlacht bunaithe ann ar feadh bliana aois ina bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach le Comharchumann Iorrais chun talamh a fheabhsú agus a fhorbairt agus chun cabhrú le feirmeoirí na háite. Chomh maith leis sin tá dul chun cinn an-mhaith déanta i dtaobh feirmeoireacht caorigh, sé sin, sheep farming. Tá sin an-tábhachtach ins na ceantair Ghaeltachta. Tá an chéad aonad reamharaithe uan sa tír seo bunaithe i gceantar Acaill le dhá bhliain anuas. Tá ceann eile anois i gceantar Dúithche Sheoigeach i Mám i gConamara agus ceann an-mhór ar fad i Lios Póil i gceantar Chorca Dhuibhne. Sin é an saghas forbartha agus fostaíocht atá oiriúnach don Ghaeltacht, an saghas forbartha agus an saghas fostaíochta a chuirfidh an fhostaíocht is oiriúnaí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Rinne Seanadóir éigin tagairt don chomórtas forbartha pobail, a community development competition. As a matter of courtesy to Senator Martin, whose contribution I greatly appreciate, I feel I might appropriately comment on some of the points he made under the heading of the "comórtas forbartha pobail". This is an inter-parish, inter-community, development competition. It was initiated a year ago by Gaeltarra Éireann with a view to encouraging Gaeltacht communities in the different parishes to do precisely what the Senator has been advocating a while ago; to encourage them to do things for themselves, to generate local enthusiasm, local initiative, local enterprise. A very attractive competition has been designed, and very substantial prize money has been put up by Gaeltarra Éireann. As an experiment Gaeltarra invited the leading business, commercial and banking companies in this country to contribute to the prize money. As I said in my speech, I am very pleased indeed. The response has been most satisfactory. Over £40,000 has been subscribed by these people, and I am very pleased to say that the Irish Transport and General Workers' Union are involved. The first results of this competition will be announced in October.

What we are trying to do is to encourage local communities to cooperate and to do what the late Canon Hayes preached 40 years ago. The parish communities come together and it is wonderful—Senator Martin, I am sure, will be very pleased when I tell him this—how manifest it is now throughout the Gaeltacht. I have been fascinated, and day after day I am greatly surprised at what a local community, given the right leadership, inspired with the right ideal, can achieve for the benefit of their own people and their own area. I am very confident that the Comórtas Forbartha Pobail will help in a very big way to promote greater interest in community development and particularly that it will encourage local communities to do what Comhar-chumann Chorca Dhuibhne have done in Kerry and what Fr. McDyer and many others like him are doing in different parts of the Gaeltacht.

Thug an Seanadóir Yeats ráiteas gairid. Bhí sé an-mhaith. Chuir sé cúpla ceisteanna go háirithe faoi Údaras na Gaeltachta. Is mar seo atá an scéal. Sé Údarás na Gaeltachta údarás nua. Níl aon údarás mar sin ní hé amháin sa tír seo ach in aon áit sa Mhór Roinn—sé sin, údarás nó eagrais ina mbeidh muintir na Gaeltachta lán-pháirteach ann. Bhí fonn mór ormsa go mbeadh an túdarás nua bunaithe ar an tslí is fearr is féidir linn é a bhunú. Do dheineamar staidéar fada agus tá cúpla tuarascáil ar fáil, go háirithe an tuarascál Gníomh don Ghaeltacht. Ó ceapadh mar Aire mé chaith mé a lán ama ag plé na ceiste sin le muintir na Gaeltachta agus mar adúras faoin lán-fostaíocht sa Ghaeltacht agus forbairt na n-oileán, is furist é sin a rá, is fuirist é a phlé ach ní fuirist é a chur i bhfeidhm.

Ar feadh i bhfad tá a lán daoine ag caint agus ag scríobh faoi Údarás na Gaeltachta. Fuair mé na céadta tuairimí, na céadta moltaí agus cuid mhaith tuarascála faoin Údarás nua, ach tá difríocht mór idir an scéal atá sna tuarascála agus sna leabhra agus ins na litreacha chuig na páipéirí agus na tuairimí atá ag muintir na Gaeltachta i Tír Chonaill, Contae Mhuigheo, Corca Dhuibhne agus sna hoileáin. Nuair a bhí mise i gContae Dhún na nGall thug mé cuairt ar deich bparóistí.

Chaith mé cheithre uair i nGaeltacht lár Tír Chonaill. Ní dúirt duine amháin focal liomsa faoi Údarás na Gaeltachta; na fadhbanna a bhí dhá phlé acu liom ná fostaíocht, fadhbanna oideachais, fadhbanna forbartha agus rudaí mar sin, agus cé go bhfuil moill ann, níl aon deifir ar mhuintir na Gaeltachta faoin údarás seo. Tá siad sásta fanacht go dtí go mbeimíd go léir sásta go bhfuil eagras ceart againne. Níl aon mhaitheas bheith ag cur Bille isteach tríd an Oireachtas anseo muna mbíonn muintir na Gaeltachta, ó Dún na nGall go Corcaí, sásta leis an mBille sin. Beidh argóint, beidh trioblóid ach níl aon mhaitheas ann. Beidh polaitíocht ag teacht isteach ann agus mharódh rudaí mar sin an dul chun cinn agus an sprid atá ann anois.

Tá cuid mhaith obair déanta againn air. Bhí Bille réidh agamsa sé mhí ó shoin. Ní raibh mé sásta leis. Bhí an dara dréacht réidh agam. Ní raibh mé sásta leis. Tá an tríú dréacht réidh anois le cur ós comhair an Rialtais. Táim réasúnta sásta leis ach tá sé ar intinn agam dul i gcomhairle arís le muintir na Gaeltachta. Beidh an túdarás ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus tá fonn mór ormsa gach iarracht a dhéanamh chun go mbeidh muintir na Gaeltachta sásta leis an údarás nua.

Tá na ceantracha Gaeltachta scaipithe ar imeall na tíre agus ins na hoileáin chomh maith. Caithimíd a bheith an-chúramach ar fad. Is fuirist blueprint a leagan amach agus é a fhoilsiú agus tuarascáil a fhoilsiú anseo, ach beidh an túdarás sin sásúil do mhuintir na Gaeltachta. Ach mar sin féin, aontaím go bhfuil géarghá le Údarás na Gaeltachta. Caithimid cumhachtaí níos leithne ar fad a thabhairt don eagras sin. Chomh maith leis sin, caithfidh muintir na Gaeltachta a bheith páirteach san eagras sin. Sin iad an dá choinníol: lán-chumhacht agus lán-páirtíocht ag muintir na Gaeltachta san eagras sin.

Chuaigh mise i gcomhairle le eagraisí ar fud na Gaeltachta, leis na mílte daoine ar fud na Gaeltachta, agus tá tuairimí éagsúla acu. Níl siad go léir aontaithe maidir leis an saghas údaráis nó an saghas eagrais a bheadh ann, ach ceapaim anois go bhfuil an freagra agam agus táim cinnte agus dóchas agam go mbeidh mé ag cur an Bille don údarás nua ós comhair na Dála ta éis sos an tsamhraidh.

Dhein an Seanadóir Yeats agus an Seanadóir Uí Eachthéirn tagairt don mhoill atá ar tuarascáil Gaeltarra Éireann. Ní féidir liomsa freagra sásúil a thabhairt don cheist sin ach is ag an bpointe seo ar gach bliain atá cuid mhaith de na tuarascáil bliantiúla ag teacht amach óna comhlachtaí Stáit. Tá deacrachtaí ag baint le heagraisí cosúil le Gaeltarra Éireann ina bhfuil scaireanna acu ina lán comhlachtaí eile. Caithfidh siad annual report a fháil ó gach subsidiary company agus rudaí mar sin. Aontaím nach bhfuil an scéal sásúil agus beidh mé i gcomhairle le Gaeltarra maidir leis an fhadhb seo agus iarrfaidh mé orthu iarracht níos fearr a dhéanamh as seo amach chun an tuarascál bliantiúil a chur ar fáil ag am réasúnta.

Dúirt an Seanadóir Yeats go raibh athrú polasaí ag Gaeltarra Éireann le roinnt blianta. Rinne sé tagairt go háirithe do chomhthionscail agus dúirt sé go raibh dainséar ann maidir leis an teanga. Nílim ró-chinnte cad a bhí i gceist aige nó ar intinn aige. B'fhéidir gurab é atá i gceist aige go mbeidh daoine ag teacht isteach ag obair sna comhthionscail sin ón nGalltacht, nó b'fhéidir daoine ó thíortha eile, agus go bhfuil dainséar ann. Aontaím go bhfuil fadhb ann. Aontaím go bhfuil fadhb sna chomhthionscail agus sna tionscail mhóra, agus dhá bhliain ó shin chuir mo Roinnse scéim nua scoláireachtaí ar fáil sna choláistí réigiúnacha chun cúrsa staidéar gnó a dhéanamh. Tá an scéim céanna ag Gaeltarra Éireann.

Tugaimid scoláireachtaí do dhaoine óga ar mhian leo cúrsa staidéir gnó a dhéanamh sna coláistí réigiúnach más mian leo fanacht sa Ghaeltacht agus obair mar bainisteoir nó ar fhoireann bainistíochta tionscail Gaeltachta a fháil. Tá an cúrsa críochnaithe ag an gcéad dream agus táimíd ansásta leo. Caithimíd a bheith an-chúramach maidir leis an teanga sna tionscail mhóra, aontaím, agus caithimíd na háiseanna oideachais a chur ar fáil do daoine óga sa Ghaeltacht ar mhian leo obair a fháil mar bainisteoirí agus mar sin. Ó thaobh an oideachais de, cé nach mbaineann cúrsaí oideachais leis an mBille seo, mar sin féin baineann sé go hindíreach agus rinne cúpla Seanadóirí tagairt do chursaí oideachais.

Níl an scéal sásúil ar chor ar bith sa Ghaeltacht maidir le cúrsaí oideachais, go háirithe maidir le cúrsaí oideachais dara leibhéal nó meánoideachais, nó iar-bunoideachas mar a tugtar air, agus táimíd ag iarraidh an fhadhb seo a réiteach. I rith na bliana seo caite tá an tAire Oideachais tar éis cúrsaí árd-oideachais a cheadú i gceantar Cor na Móna i gConamara; le déanaí i gcheantar Indreabhán agus mí ó shin in oileán Inis Mór Árainn. Tuigimíd go bhfuil fadhbanna ann agus go bhfuil daoine ag imeacht ós na bunscoileanna sa Ghaeltacht go dtí na meánscoileanna agus na ceard scoileanna sa Ghalltacht. Tuigeann an tAire Oideachais an scéal agus tá fonn mór air cabhrú chun na fadhbanna sin a réiteach.

Rinne an Seanadóir Higgins tagairt do a lán rudaí. Tá freagraí tugtha agam do chuid dóibh. Bhí suim ar leith aige sa tionscail iascaireachta. Aontaím go hiomlán nach bhfuil an scéal sásúil. Níl mise sásta leis an méid atá déanta againne. Aithním go bhfuil scóp mór ann fós chun acmhainní nádúrtha na farraige a chur chun cinn. Tá imní mór ormsa faoi rudaí adúirt Seanadóir amháin agus caithfidh mé é fhreagairt go poiblí. Is oth liom a rá, agus bhí imní mór ormsa faoí, nach dtuigim cén fáth gur rinne an Seanadóir ráiteas mar sin. Dúirt sí nach raibh mé macánta. Chuir sí mí-mhacántas im' leith mar Aire. Dúirt sí gur lua mé seacht dtionscail mar thionscail, seacht dtionscail a bhí ann sul ar tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm. Níor lua sí na tionscail sin. Níl a fhios agamsa cá bhfuil siad ach is féidir liomsa a rá go bhfuil gach tionscail atá luaite ins an ráiteas seo ann, ach is cuimhin liom duine éigin i ndíospóireacht eile ag déanamh tagairt do chúpla tionscail i gConamara. B'fhéidir gurab iad na tionscail sin atá i gceist ag an Seanadóir. Ní féidir liomsa freagra sásúil a thabhairt mar níl fhios agamsa cad iad na seacht dtionscail a lua an Seanadóir.

Ní cóir tagairt a dhéanamh do díospóireacht do bhí ar siúl i n-áit eile.

Chuir sí mímhacántacht i mo leith agus ní maith liom é sin agus ní raibh aon chúis leis sin. Maidir leis na tionscail i gConamara, b'fhéidir gurab iad siúd na tionscail a bhí i gceist. Bhí tionscail ann nuair a tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm ach nuair a ceapadh mise mar Aire bhí tionscal mór bunaithe san gCeathrú Rua ar chostas na céadta mí punt ag déanamh obair plaisteacha. Tionscal Gearmánach a bhí ann, leis an trealamh is nua-aimseartha sa tír, na n-innealra plaisteacha is nua-aimseartha. Thosnaigh an obair san monarchan sin i lár 1972. Nuair a tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm agus nuair a ceapadh mise mar Aire cad a fuair mé? Cé go raibh foirgneamh an-mhaith ann agus innealra nua-ainmseartha, theip ar an gcomhlacht sin ceann amháin de na hearraí a seachadadh a dhíol. Tosnaíodh ar mhonarcha agus tionscail agus ní raibh margadh ar bith ann.

Bhí ormsa rescue operation a dhéanamh san tionscal sin agus an tionscal atá a feidhmiú san monarchan sin anois ní hé sin an tionscal a bhí ann sul ar tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm. Is tionscal eile atá ann agus bhí ormsa rescue operation a dhéanamh go lua i 1973 nuair nach raibh deacrachtaí idirnáisiúnta eacnamaíochta ar bith ann. Bhí ormsa an tionscal bréagáin a ath-eagrú agus a ath-struchtúrú chomh maith agus comhlacht nua a bhunú mar thionscal nua é.

B'fhéidir gur Aer Árann a bhí i gceist ag an Seanadóir. Bhí an comhlacht beag príobháideach darb ainm Aer Árann ann ag an am sin, comhlacht príobháideach. Bhí eitleán amháin acu agus seirbhís aer go oileán amháin. Tar éis sé mí nó mar sin, tar éis staidéar cruinn a dhéanamh air, bhí mise sásta go raibh sé an-thábhachtach ar fad seirbhísí aer a leathnú ar fud na Gaeltachta. Thug mé treoir do Ghaeltarra Éireann féachaint chuige agus tar éis tamaill d'éirigh leo comhlacht nua a bhunú ina bhfuil an sean chomhalacht páirteach, Aer Árann. Tá comhlacht mór eile ann agus tá Gaeltarra Éireann páirteach ann. Is comhlacht agus tionscail nua é sin. Tá trí eitleáin ag an gcomhlacht anois. Tá aerseirbhísí go hInis Mór agus beidh ceann go hInis Meáin agus go hInis Thiar, sa bhFómhair, le cúnamh Dé. Beidh aerseirbhís go Baile na Sceilg in Uibh Ráthach i gContae Chiarraí tar éis coicíse agus beimid ag tosnú go luath ar aerstráic i Contae Dún na nGall.

Más mian leis an Seanadóir nó aon Seanadóir eile eolas a fháil i dtaobh aon tionscail atá luaite agam anseo san tuarascáil seo tabharfaidh mé an t-eolas sin i litir nó go pearsanta dóibh, ach ní maith an rud a bheith a rá nach bhfuilim macánta.

Chuala mé chaint anseo faoin Ciste Réigiúnach an CEE nó an EEC, go háirithe maidir leis an iascaireacht. Lua an Seanadóir Higgins ceist nach mbaineann liomsa mar Aire na Gaeltachta ach go hindireach, ceist a bheadh oiriúnach don Aire Talmhaíochta agus don Rúnaí Parlaiminte. Ó thaobh an iascaireacht de, ba mhaith liomsa a rá arís agus a dheimhniú go bhfuil Gaeltarra Éireann agus Roinn na Gaeltachta agus mé féin mar Aire ag déanamh gach dícheall chun na hacmhainní nádúrtha na farraige a fhorbairt chomh tapaidh agus is féidir

Other Senators referred to the fact that the vast majority of the Gaeltacht areas or parishes are coastal ones or they are peripheral maritime regions, to put it in this modern European terminology. Senator Deasy made an interesting point that he regarded every fishing port, even the smallest, as a small local industry. That is very valid. I would say that it has the foundations not merely of a small local industry but of a very important local industry provided it is properly developed and properly expanded. I know he was referring in particular to Gaeltacht na Rinne and I am aware of his desire that the fishing industry in Helvick would be expanded. I understand that my Department and Gaeltarra Éireann, together with people from the Department of Fisheries and BIM, have been looking at the possibilities for further fishery development in Gaeltacht na Rinne.

Senator Russell made some very interesting observations, particularly in relation to the type of industry most suited to the Gaeltacht. This point was raised by, among others, Senator Aherne who referred to Bantracht na Tuatha and the development of craft industry or hand work as it is called. I agree entirely with the Senator that there is tremendous scope for the introduction of products which are distinctively Gaeltacht, tweeds and Irish knitwear and craft work in general. Following a suggestion which I made to Gaeltarra Éireann a year ago, they have set up a special committee to examine the possibilities of expanding craft industry throughout the Gaeltacht. I am very pleased to say in relation to the tweed and knitwear factories owned by Gaeltarra Éireann that there has been a tremendous improvement in the design and the quality of the garments being produced and they are finding a growing market for them.

As I said in my opening speech, it was very satisfying to find that at the end of 1974, a year which was probably the most difficult in memory for the textile industry throughout the world, Gaeltarra Éireann not merely succeeded in improving the design and quality of their products but they were able to bring a very substantial annual loss to a very manageable figure.

Senator Russell referred to the type of hotels—Senator Brennan also made reference to it—that are appropriate to the Gaeltacht. I have referred to it already but as courtesy to the two Senators concerned I should like briefly to deal with it again. I am satisfied beyond all doubt that there is no further scope for the establishment of the luxury type hotels in the Gaeltacht. Many of them are badly designed. They stick out like sore thumbs in the the most beautiful Gaeltacht regions. You have this skyscraper type structure. I have no desire for it and I do not believe there is a demand for that type of accommodation. Indeed, I might say also I am not too happy with the performance of some of the hotels which we have in the Gaeltacht. We did, as I said in my opening speech, endeavour to improve the situation this year by setting up a marketing organisation.

The demand now is for self-catering accommodation. This is the demand on the home tourist market, what is called the ethnic tourist market, by our own people abroad and indeed in the general tourist business. We are looking at this very carefully. I am personally very keen—perhaps I am biased here—on the thatched cottage scheme initiated by the Rent-a-Cottage Company at Shannon. These schemes are very nicely designed, are very attractive to tourists and there is a great demand for them. In the past few months Gaeltarra Éireann have been in consultation with the Rent-a-Cottage Company with a view to designing and promoting this type of scheme for the Gaeltacht areas. The scheme of thatched cottages or this type of accommodation would be very appropriate and suitable to any Gaeltacht region, whether on the islands or the mainland. We are looking at this very carefully.

Reference has been made also to the summer colleges. These are not directly related to the Bill, but indirectly they are related to the economy of the Gaeltacht. They are a very important source of revenue to the housewives in the Gaeltacht. As one Senator mentioned, there has been a substantial increase in the number of young people going to the Gaeltacht. Last year it was 30 per cent over 1973 and I think it was 20 per cent in 1973 over 1972. It was forecast some months ago that there would be a drop of 30 to 40 per cent this year. In Donegal this weekend I found the colleges full and in some areas there is an increase of as much as 100 per cent in the attendance at colleges this year as compared with last year. In others there is a drop.

Last year I thought we had reached the limit in numbers from the point of view of accommodation available. I have no desire, nor indeed did we make any special effort, to increase last year's record numbers this year. The latest information I have indicates that the numbers attending summer colleges this year will be somewhat the same as last year. That is a very satisfactory situation.

Rinne an Seanadóir Martin tagairt do busanna scoile, that children are being brought to schools which are not schools of their choice but which they are compelled to attend because of the fact that transport is available. This is a question for my distinguished colleague, the Minister for Education. I recognise that the Senator made an interesting point, but I cannot, unfortunately, comment on it. I am sure the Minister for Education is aware of it and is desirous to help.

Dhein mé mo dicheall freagraí a thabhairt do gach Seanadóir ón eolas atá agam. Muna bhfuil na Seanadórí sásta, beidh áthas orm níos mó eolas a chur ar fáil i gceann cúpla lá nó mar sin. Thaithnigh an díospóireacht go breá liom. Chuir sé áthas orm freisin gur labhair cúpla Seanadóirí nach raibh Gaeilge acu. I was saying I welcomed the contributions from those Senators who did not feel able to contribute in Irish. I welcomed this very sincerely because I feel strongly that we must not look on the Gaeltacht, the problems of Gaeltacht development and the problems of the survival of our language and of our cultural heritage as matters which are exclusively the concern of those who are fortunate enough to be fluent Irish speakers. I am perhaps more concerned about the 85 per cent of our population who like myself received the benefit of primary, secondary and university education and who, when we left school or college, forgot about speaking our language. I have spent two-and-a-half years trying to find out why this was so. I hope all Senators will avail themselves of the opportunity of coming to the Gaeltacht agus a laethanta saoire a chaitheamh ann.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
D'aontaíodh na Céimeanna eile a thógaíl inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh an Bille trí Coiste, tuairiscíodh é gan moladh, glacadh leis chun an breithniú deiridh a dhéanamh air agus d'ordaíodh go gcuirfear ar ais don Dáil é.
Bill put through Committee, reported without recommendation, received for final consideration and ordered to be returned to the Dáil.
Barr
Roinn