Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Oct 1977

Vol. 87 No. 1

Death of Member. - Appointment of Taoiseach, Members of Government, etc.

An Cathaoirleach

I also have to inform the House that letters were received on 6th and 8th July last from the Secretary to the Department of the Taoiseach regarding (a) the appointment of the Taoiseach and the Members of the Government. the nomination as Tánaiste and the allocation of Government Departments to members of the Government; (b) the appointment of Parliamentary Secretaries; (c) the assignment to the Minister without portfolio of the title of Minister for Economic Planning and Development; and (d) the allocation to the Parliamentary Secretary to the Minister for Finance of the duties connected with the administration of the Office of Public Works.

These letters will be set out in the usual manner in the Journal of the House and, consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of Debates.

Following are the letters:—

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.20143

Baile Átha Cliath, 2.

Dublin, 2.

6 Iúil, 1977

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Seán Ó Loinsigh a cheapadh inné, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inné, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—

Seoirse Ó Colla

Cathal Ó hEochaidh

Brian Ó Luineacháin

Pádraig Ó Fachtna

Séamus Mac Giobúin

Deasún Ó Máille

Roibeárd Ó Maoildhia

Gearóid Ó Coileáin

Mícheál Ó Cinnéide

Salbhastar Bairéad

Eoghan Mac Gearailt

Donncha Ó Gallchobhair

Seán P. Mac Uilliam

agus

Máirtín Ó Donnchadha;

(3) an Taoiseach tar éis Seoirse Ó Colla a ainmniú inné, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inné do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os cionne ainmneacha na Ranna:—

An Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí

Seoirse Ó Colla,

An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh

Cathal Ó hEochaidh,

An Roinn Iascaigh

Brian Ó Luineacháin,

An Roinn Iompair agus Cumhachta agus an Roinn Poist agus Telegrafa

Pádraig Ó Fachtna,

An Roinn Talmhaíochta

Séamus Mac Giobúin,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Deasún Ó Máille,

An Roinn Cosanta

Roibeárd Ó Maoildhia,

An Roinn Dlí agus Cirt

Gearóid Ó Coileáin,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Mícheál Ó Cinnéide,

An Roinn Rialtais Áitiúil

Salbhastar Bairéad,

An Roinn Saothair

Eoghan Mac Gearailt,

Roinn na Gaeltachta

Donncha Ó Gallchobhair,

agus

An Roinn Oideachais

Seán P. Mac Uilliam.

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí.

Uimhir Thagartha

Roinn An Taoisigh

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.18369

Baile Átha Cliath, 2

Dublin, 2.

6 Iúil, 1977

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 7 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, arna oiriúnú de dhroim an Bunreacht a achtú, tar éis gach dúine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inné chun oifig an Rúnaí Parlaiminte a luaitear os coinne a ainm,

Pádraig Ó Leathlobhair, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta,

(Patrick Joseph Lalor, T.D.),

Dáithí Mac Aindriú, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Gnóthaí Eachtracha,

(David Andrews, T.D.),

Séamus Ó Tonnaí, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais,

(Jim Tunney, T.D.),

Tomás Mac Giolla Phádraig, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Iompair agus Cumhachta agus an Aire Poist agus Telegrafa,

(Tom Fitzpatrick, T.D.),

Piaras de Uidheas, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais,

(Pearse Wyse, T.D.),

Tomás Ó hEodhusa, T.D.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta

(Thomas Hussey, T.D.),

agus

Máire Uic Eochagáin Uí Chuinn, T.D.

Rúnaí Parlaíminte an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(Maire Geoghegan-Quinn, T.D.),

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

Roinn an Taoisigh

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.20143

Baile Átha Cliath 2,

Dublin, 2.

8 Iúil, 1977

Cléireach an tSeanaid,

I am to inform you that, at a meeting held today, the Government assigned to Dr. Martin O'Donoghue, Minister without portfolio, the title Minister for Economic Planning and Development.

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

Roinn An Taoisigh

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.20144

Baile Átha Cliath 2

Dublin, 2.

8 Iúil, 1977

Cléireach an tSeanaid,

Tá orm a chur in iúl duit, gur tugadh toiliú an Rialtais inniu, de bhun alt 7 (7) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, arna oiriúnú de dhroim an Bunreacht a achtú le tairscint an Aire Airgeadais go ndéanfadh sé na dualgais a bhaineann le riaradh Oifig na nOibreacha Poiblí a shannadh do Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais, Piaras de Uidheas, T.D.

D. Ó Suilleabháin,

Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn