Ba mhaith liom are dtús mó bhuíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí a thóg páirt sa díospóireacht agus a chuir fáilte romham ag teacht isteach anseo don chéad uair dom. Nílim ag dul ag iarraidh freagra a thabhairt ar na ceisteanna ar fad, a tugadh isteach, ach déanfaidh mé oiread agus is féidir liom. Aontaím leis an Seanadóir O'Brien nuair a deir sé go bhfuil gá le cuid mhaith a dhéanamh san nGaeltacht go fóill. Fhad is a bhaineann sé le mo Roinn féin, sé sin, Roinn na Gaeltachta, i láthair na huaire níl de chead againn i dtaobh an chuid is mó des na rudaí a luaigh sé ach deontais forlíontacha a thabhairt. Déanfaimid sin go flaithiúil i ngach cás a dtig linn é a dhéanamh.
Dúirt an Seanadóir go raibh cosc curtha ar an imirce. Ba mhaith liom bheith cinnte go bhfuil. Ní aontaím ar fad go bhfuil deireadh leis an imirce. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith daoine ag dul go Sasana i láthair na huaire ag iarraidh postanna a fháil agus nach bhfuil sé ceart a rá go bhfuil deireadh leis an imirce. Ba mhaith linn a ligint orainn go bhfuil ach, faíríor, níl. Sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt an Bhille seo isteach, caoí go mbeimíd in ann a rá go mbeidh oiread airgid agus is gá leo ag Gaeltarra Éireann le caitheamh ar phostanna le muintir na Gaeltachta a choinneáil san nGaeltacht. Nuair a bhímid ag caint ar an nGaeltacht ní ag caint ar phíosa tíre atáimid, ach ag caint ar daoine atáimid. Mura mbíonn na daoine san nGaeltacht, ní bheidh an Ghaeltacht ann. Mura bhfuil na daoine ann ní bheidh ann an cultúr, an teanga ná na rudaí eile a luaigh na Seanadóirí ar fad a labhair, atá chomh tábhachtach agus go gcaithfimid a chosaint agus a chaomhnú.
Maidir leis an IDA, tá duine ó bhord an IDA ar bhord Ghaeltarra agus dá bhrí sin tá teanghabháil idir an obair atá ar siúl ag Gaeltarra agus an IDA. Ag an am céanna caithfimid bheith practiciúil i gcúrsaí mar seo agus is dócha gur fíor a rá go bhfuil coimhlint idir Gaeltarra agus an IDA maidir le postanna a chur ar fáil. Cé go bhfuil comhoibriú, san am céanna, sé an obair chéanna atá ar siúl ag an dá Bhord, ag iarraidh obair a chur ar fáil do mhuintir na nÉireann, agus is dócha go mbíonn amannaí ann in a mbíonn coimhlint eatartha, fiú amháin leis an IDA féin. Bíonn muintir an iarthair, na daoine a bhíonn ag obair thar ceann an IDA ag comhlint le muintir an oirthir ag iarraidh postannaí a tharraingt ina dtreo féin. Cé go bhfuil ceangal idir Gaeltarra agus an IDA, caithfimíd a rá go bhfuil coimhlint ann chomh maith.
Maidir le oiliúint do mhuintir na Gaeltachta, tuigeadh go raibh gá le sin nuair a bunaíodh an scoil agus na cúrsaí le hAnCO i nGaoth Dobhair, rud a bhfuil an-tharraingt air agus atá an-bhuntáisteach do mhuintir na Gaeltachta. Tagann an rud sin isteach san méid a bhí á rá ag an Seanadóir de Brún, sé sin, an deacracht atá ag Gaeltarra nuair atá siad ag cur postanna ar fáil. Go minic, bíonn daoine sna monarchana sin nach mbíonn an Ghaeilge ar a ndeis acu, agus bíonn an dáinséar ann gur Béarla a bhíonn á labhairt sna monarchana sin. Ní féidir an milleán a chur ar Ghaeltarra i gcúrsaí mar sin. Tá siad ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil agus ag an am céanna tá siad, b'fhéidir, i ngan fhios dóibh féin, ag chur isteach ar chúrsaí na teangan. Sílim gurb é an leigheas is fearr ar sin go mbeadh oiliúint le fáil ag muintir na Gaeltachta i gcaoi go mbeidh siad in ann bainistíocht a ghlacadh le treoir a thabhairt dos na monarchana sin agus féachaint chuige gur Gaeilge amháin a bheidh á labhairt sna monarchana a bheidh bunaithe ag Gaeltarra. Is fíor go bhfuil daoine ag filleadh ar ais go dtí an Ghaeltacht agus is breá é sin a fheiceáil, go bhfuil siad sásta teacht ar ais agus cur futha san nGaeltacht. Táimidne i Roinn na Gaeltachta arís ag déanamh ár ndícheall cuidiú leis na daoine sin. Le gairid, d'árdaímear na deontais le haghaidh tithíochta agus beimíd go luath ag ardú deontas chun feabhas a chur ar thithe. Táimid ag iarraidh cuidiú leis na daoine seo cur futha ina dtír féin, rud a theastaíonn ó chuile dhuine, is cuma cé hé féin.
Luaigh an Seanadóir Murphy an sprioc faoi lán-fhostaíocht. Mar a dúirt mé ar dtús, bhí deacrachtaí ann ach táimid ag iarraidh na deacrachtaí sin a shárú. Sin é an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair. Ach b'fhéidir gur ceart cuimhniú go bhfuil lánfhostaíocht i gcuid des na Gaeltachtaí, cuirim i gcás, i d'Tír Chonaill. Táimid ag déanamh ár ndícheall leis an sprioc sin a bhaint amach dosna Gaeltachtaí ar fad.
Mar a dúirt an Seanadóir Cranitch, caithfimíd an Ghaeilge a choinneáil slán, a chothú agus a chaomhnú, agus be cheart duinn uilig bheith bródúil aisti. Go deimhin, is breá an rud go raibh an díospóireacht againn a bhí anseo inniu. Gach duine a labhair, is san nGaeilge a labhair sé. Tugann sé sin misneach mór dom féin mar Aire na Gaeltachta. Cé gur leis an nGaeltacht is mó a bhainim, tá dualgas orm chomh maith i dtaobh cúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur i nGaeilge ar fad a bhí an díospóireacht inniu.
Thug an Seanadóir Mulcahy ardmholadh do Ghaeltarra agus, go deimhin, tá an tard-mholadh seo tuillte acu, mar níl sé furast tionscail a thabhairt isteach dos na háiteanna iargúlta. Bíonn ceisteanna faoi bóithre, faoi uisce, chumhacht aibhléise agus a leithéidí sin. Cé go bhfuil na deontais atá á dtabhairt do thionscail san nGaeltacht níos fearr ná na deontais atá le fáil in áiteanna ar bith eile, ag an am céanna tá cuid mhaith deacrachtaí le sárú acu. Níor mhaith liomsa go sílfeadh duine ar bith go raibh mise dá gcáineadh ar bhealach ar bith. A mhalairt atá i gceist go deimhin.
Maidir leis an Údarás, níl mise ag dul ag déanamh peil dó, á bhualadh thart ó áit go háit. Tá sé geallta go mbeidh an Bille faoin Udarás tugtha isteach taobh istigh de bhliain agus tá sé ar intinn againn seasamh le sin.
Luadh Radio na Gaeltachta. Ceann de na gníomhartha is fearr a rinneadh riamh maidir leis na Gaeltachtai na Radio na Gaeltachta a bhunú. Ó bunaíodh an Radio tá có-shnaidhmiú idir na Gaeltachtaí ar fad. Tuigeann siad a chéile nios fearr. Tá siad ag plé le chéile nios mó agus tá chomhoibriú i bhfad nios fearr idir na Gaeltachtaí ó cuireadh an radio ar bun. Ar ndóigh tá an taobh eile den scéal. Tá saibhreas ceoil agus amhráin agus na teangan féin le cloisteáil ag an chuid sin de mhuintir na hÉireann atá in ann an stáisiún a fháil. Sin buntáiste mór eile, agus go deimhin duine ar bith nach mbíonn sé de nós aige éisteacht leis an radio, molfainn go mór dó teacht isteach ar an nós sin agus beidh go leor buntáistí le fáil aige dhá bharr.
Maidir le teilifís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, níor mhaith liom a rá an bhfuil nó nach bhfuil RTE in ann an tseirbhís a chur ar fáil, ach nuair a thagann an dara staisiún isteach beimid ag súil go mbeimid in ann níos mo cláracha i nGaeilge agus an cultúr ar fad a chur ós comhair na ndaoine. Cé nach mbaineann an rud deiridh a dúirt an Seanadóir Mulcahy go díreach leis an mBille—baineann sé go neamh-díreach leis—sílim go gcaithfimid uilig aontú leis faoin mholadh a rinne sé i dtaobh earraí Éireannacha a cheannach, ní amháin anois um Nollaig ach i gcónaí. Is mór an cuidiú don lucht oibre go ndíreoimid ár n-aghaidhthe ar earraí Éireannacha a cheannach fhad agus is féidir linn é. Molaim go mór an rud a dúirt sé faoi sin. Tá poibliocht ag teastáil le h-aire na ndaoine a dhiriú ar chomh tábhachtach agus atá sé go gceannóimid earraí Éireannacha.
Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí. Tá súil agam go mbeimid in ann an Bille ar fad a chur tríd an Seanad inniu.
Cuireadh agus aontíodh an cheist.