An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1977 ( Bille Airgid Deimhnithe ) : An Dara Céim agus na Céimeanna Eile. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1977 [ Certified Money Bill ] : Second and Subsequent Stages.

Tairgíodh an Cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair."
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Is Bille é seo chun an uasteorainn do na hairleacain a eisítear as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann a dhúbailt ó £25 mhilliún go dtí £50 milliún. Teorainn £½ mhilliún a leagadh síos san Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957—an tAcht faoinar bunaíodh Gaeltarra Éireann mar bhord reachtúil. Ardaíodh an teorainn sin go dtí £2 mhilliún sa bhliain 1965 nuair a tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra chun an tionsclaíocht a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Ar na cumhachtaí breise sin áirítear airgead a chaitheamh ar scaireanna i gcuideachtaí agus ar dheontais do thionscail. Is chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht a thugann Gaeltarra deontais agus íoctar iad le cuideachtaí ina mbíonn scaireanna ag Gaeltarra agus le daoine eile gan dul i bpáirtíocht leo. Is faoi na cumhachtaí a tugadh sa bhliain 1965 is mó atá Gaeltarra ag gníomhú ó shin i leith.

Cúpla bliain ó shin san Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975, a socraíodh uasteorainn £25 mhilliún do na hairleacain agus, de bhrí nach fada go sroichfear an teorainn sin, ní foláir í a ardú arís. Tá fonn ormsa foráil a chur isteach don mhéadú is mó dá ndearnadh riamh agus dá réir sin tá £25 mhilliún eile á chur leis an uasteorainn sa Bhille seo. I dtús na bliana seo socraíodh go mbeadh airleacain £4.8 mhilliún ar fáil do Ghaeltarra don bhliain ach táimse tar éis an soláthar sin a mhéadú go dtí £7 milliún agus tá £6.4 mhilliún de eisithe go dtí seo.

Is ar mhonarchana le cur ar cíos do thionscail agus ar scaireanna i gcuideachtaí is mó a chaitear na hairleacain —nó caipiteal neamhvótáilte mar a tugtar orthu. Is mian liomsa féachaint chuige go mbeidh ar chumas Ghaeltarra leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach sin.

Ar ndóigh, ní ionann uasteorainn reachtúil a ardú agus airgead a íoc amach: is amhlaidh a eiseofar airleacain de réir mar a bheidh caiteachas caipitil den saghas atá luaite agam le glanadh ag Gaeltarra. Ní miste a rá nach mbaineann an Bille le caipiteal vótáilte Ghaeltarra, is é sin, an caiteachas caipitil sna deontais a thugann Gaeltarra do thionscail: cuirtear an t-airgead chuige sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain.

Tá eolas faoi chaiteachas uile Ghaeltarra go dtí deireadh na bliana seo caite le fáil i dTuarascáil agus Cuntais Ghaeltarra don bhliain 1976 atá leagtha faoi bhráid an tSeanaid.

Is d'fhonn fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta a théann Gaeltarra faoi chaiteachas caipitil— idir airleachain agus dheontais. Léirítear sa tuarascáil a luaigh mé go raibh 3,502 dhuine ag obair go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1976, sna tionscail uile a fuair cuidiú ó Ghaeltarra.

Cé nach beag an dul chun cinn atá déanta ó tugadh na cumhachtaí breise do Ghaeltarra sa bhliain 1965, ní miste a lua gur leagadh síos sprioc sa bhliain 1971: is é sin, lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom gur tháinig méadú tapaidh go leor ar an bhfostaíocht go dtí seo chun an sprioc sin a bhaint amach taobh istigh de chúpla bliain eile. Tuigim, ar ndóigh, go raibh deacrachtaí ann le roinnt blianta anuas ach beidh mé ag súil le plean chun an lánfhostaíocht sa Ghaeltacht a bhaint amach a luaithe is féidir sna hochtóidí.

Beidh Údarás na Gaeltachta le bunú an bhliain seo chugainn agus beidh deis againn an scéal ar fad a phlé go luath nuair a bheidh Bille chun na críche sin os comhair an tSeanaid. Idir an dá linn táim cinnte nach miste bheith ag brath ar Ghaeltarra brú ar aghaidh go tréan leis an obair, agus is mar chabhair chuige sin atáim ag iarraidh ar an Seanad glacadh leis an mBille gairid seo.

Is cúis sásaimh dúinn go bhfuil Aire don Ghaeltacht ceaptha ag an Taoiseach agus go bhfuil cúram na Gaeltachta ar Aire Rialtais faoi mar a bhí le linn an Chomhrialtais, agus guím rath ar obair an Aire nua. Tá fhios agam go dtuigeann sé na fadhbanna agus na deachrachtaí atá ag baint le hobair na Gaeltachta agus le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ina gcónaí sna háiteanna sin. Tá fhios agam freisin go bhfuil moladh tuillte ag an iar-Aire, Tomás Ó Domhnaill, mar gheall ar an obair mhór a dhein seisean le linn dó a bheith ina Aire, agus cúis áthais dúinn uile gur mhúscail sé misneach nua i muintir na Gaeltachta mar gheall ar an obair a dhein sé don chuid sin den tír.

Nílimid sásta leis an laghdú mór a tháinig ar líon daoine na Gaeltachta ó bhunaíodh an Stát seo. Laghdú anmhór a tharla ansin agus ba chúis imní é sin do gach Rialtas a bhí i réim annseo. Tuigimid go méadaíonn suíomh na Gaeltachta ar na deacrachtaí a bhaineann lena caomhnú mar tá fhios againn go bhfuil fonn mór ar daoine sna háiteanna go dtugtar áiteanna iargúlta orthu gluaiseacht os na háiteanna sin go dtí na cathracha móra nó go dtí na soillse geala, agus tá sé sin ag titim amach in a lán áit ar fud an domhain. Chuir sé sin isteach go mór ar an bheartaíocht d'fhorbairt na Gaeltachta.

Is eol dúinn go bhfuil sí sin ag titim amach san mBreatain Mhór, go bhfuil na daoine ag gluaiseacht ó Thuaisceart Shasana go Londain agus na limistéir ina thimpeall agus go bhfuil daoine ag gluaiseacht ó Ardáin na hAlbain go dtí na cathracha móra; fiú amháin i dtíortha go raibh plean faoi leith ag na Rialtais cosc a chur le gluaiseacht na ndaoine mar sin, theip air.

Theip ar an scéim a bhí ag Rialtas na hAstráile cosc a chur le gluaiseacht na ndaoine go dtí na cathracha móra, mar theastaigh ó Rialtas na hAstráile feabhas a chur ar an fheirmeoireacht agus gan a dhóthain daoine a bheith ann chun an obair a chur chun críche, ní raibh seans go n-éireodh leis. Ghoill rud mar sin go mór ar gach Rialtas sa tír seo i ngach iarracht a deineadh an Ghaeltacht a chaomhnú.

Tá fhios againn nach bhfuil imirce ó Éirinn go dtí an Bhreatain agus go dtí na Stáit Aontaithe ann anois, ach mar sin féin is eol dúinn go bhfuil an fonn céanna ar daoine gluaiseacht ó na háiteanna go dtugtar áiteanna iargúlta orthu go dtí na cathracha, agus ba mhaith liom go n-éireodh leis an Aire seo an staid a fheabhsú chomh mór sin san Ghaeltacht go dtiocfadh deireadh leis an ngluaiseacht sin chomh lua agus is féidir.

Admhaím go bhfuil sé sin mar chuspóir ag an Aire agus tá súil agam go n-éireoidh leis. Ní maith an rud é an iomad daoine a bheith ag tréigint na tuaithe ach is olc linn ar fad é nuair a bhíonn an iomad daoine ag tréigint na Gaeltachta, mar tá sé de chuspóir againn, faoi mar a bhí ag gach páirtí sa tír seo ó bhunaíodh an Stát, an Ghaeilge a chaomhnú agus labhairt na Gaeilge a spreagadh, agus gan foinnse láidir Gaeilge a bheith ann sa Ghaeltacht ní féidir an obair sin a dhéanamh.

Chuige sin ní mór dúinn obair do mhuintir na Gaeltachta a chur ar fáil. Muna mbíonn obair le fáil ag na daoine sin ní fhanfaidh siad sa Ghaeltacht; rachaidh siad soir go Baile Átha Cliath nó go háit éigean eile ar an gcósta thoir—na háiteanna go bhfuil tarraingt acu dos na daoine óga faoi láthair. Dá bhrí sin ba mhaith an rud é an méid oibre is féidir a chur ar fáil sa nGhaeltacht. Tá fhios agam gurb é sin an chuspóir atá ag an Aire nuair a thugann sé isteach an Bille seo dúinn inniu. Sílim go mba mhaith an rud comhoibriú láidir, éifeachtach a bheith ann idir an IDA agus Gaeltarra Éireann—an dá dream ag obair go héifeachtach lé chéile chun an tionsclaíocht a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Tá taithí agus eolas ag gach dream acu agus is fearr a rachaidh an obair chun cinn nuair a bheidh an dá dream ag obair go héifeachtach le chéile, agus tá súil agam go spreagfidh an tAire an comhoibriú sin.

Sílim freisin go mba mhaith an rud ceird-oiliúint a thabhairt dos na daoine óga i ngach áit san nGaeltacht i dtreo is go mbeidh seans ag na daoine sin obair éifeachtach a dhéanamh sna monarchana. Tá gá faoi leith leis an obair atá á dhéanamh ag AnCO ar fud na Gaeltachta. Tá mé den bharúil freisin gur féidir cás láidir a dhéanamh airgead faoi leith a fháil ón chiste réigiúnach chun cabhrú le forbairt na Gaeltachta. Tá súil agam freisin go ndéanfaidh an tAire gach rud is féidir leis a dhéanamh chun uisce, leictreachas agus bóithre a chur ar fáil i ngach áit den Ghaeltacht. Is é cuspóir an Bhille ná an uasteorainn a dhúbailt ó chúig mhilliún is fiche go caoga milliún punt do na h-airleacain as an bPríomh Chiste chuig Gaeltarra Éireann. Aontaímid leis sin agus tá súil againn go rachaidh an Bille seo chun tairbhe don Ghaeilge.

Sula labhróidh mé ar an mBille féin, ba mhaith liom fáilte a chur roimh Aire na Gaeltachta ar an chéad ócáid dó sa Teach seo, is dóigh liom. Guím gach rath ar a shaothar. Is cúis áthais dom freisin go bhfuil an tAire ina Aire Gaeltachta faoi láthair mar gur duine de lucht na Gaeltachta féin é, duine a thuigeann an Ghaeltacht, ní hé amháin an Ghaeltacht ó thaobh limistéir tíre de ach muintir na Gaeltachta, a saol, a gcultúr agus a nósmhaireacht. Mar sin, is breá go bhfuil duine dá short againn i bhfeighil Aireacht na Gaeltachta faoi láthair.

Mar adúirt an Seanadóir O'Brien, is é aidhm an Bhille seo méadú airgid a chur ar fáil le cabhrú le tionsclaíocht san nGaeltacht go ginearálta. Nuair a smaoinítear ar £50 milliún déarfadh duine leis féin, is dócha, gur anmhór an tsuim airgead é, ach nuair a chuimhnítear, ar an láimh eile, gur ó 1957 anall a thainig an t-athrú sin, ní mór atá ann nuair a chuirtear boillsciú agus dí-luacháil airgid san áireamh. Ach mar sin féin, feabhas is ea é agus fáiltimid roimh an méid airgid seo.

Ní dóigh liom go mbeidh aon aighneas faoin mBille seo nó faoin a chuspóirí, sé sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar an nGaeltacht go ginearálta. Aontaíonn gach duine le tábhacht na Gaeltachta i saol mhuintir na hÉireann. Is ins an nGaeltacht atá foinnse an dúchais go ginearálta. Is ann a labhartar an teanga mar ghnáth theanga beo ár muintire. Is ann is mó a chleachtaítear nósmhaireacht agus dúchas na tíre. Dá bhrí sin, aon chabhair a lorgaítear le feabhas agus forbairt a dhéanamh ar shaol na ndaoine ansin is dóigh liom gur dualgas don Stát é a chur ar fáil a dhéanamh.

Ar nós gach áit eile sa tír ní mhaireann daoine, dar ndóigh, ar chultúr amháin. Tá nithe eile a chaitear a chur san áireamh i saol an duine. Tá fostaíocht, tithíocht, agus áiseanna de chuile short eile ag teastáil ón duine lena shaol a dhéanamh tairbheach agus pleisiúrach. Tá sé seo de dhith go mór ar mhuintir na Gaeltachta. Dá bhrí sin, aon airgead a chuirtear ar fáil chucu, is mithid é sin a dhéanamh.

Thagair an Seanadóir O'Brien don méad daoine a bhí ag tréigint na Gaeltachta. Is fíor le blianta maithe siar go raibh daoine ag tréigint na Gaeltachta, ach ma bhí, bhí siad ag tréigint na tuaithe i gceanntreacha eile freisin. Is mór an tuar dóchais domsa ar aon nós—agus is duine mé a bhfuil eolas maith agam ar an nGaeltacht agus ar an saol mar a chleachtaítear é ansin, mar is san nGaeltacht a rugadh mé féin— go bhfuil daoine anois ag filleadh ar an nGaeltacht agus go bhfuil siad ag teacht abhaile ón iasacht agus ag tógáil tithe san nGaeltacht lena gclann a thógáil san nGaeltacht, mar gur fearr leo é sin a dhéanamh ná a gclann a thógáil thar lear. Duine ar bith a théann chun na Gaeltachta feicfidh sé go bhfuil go leor tithe nua á dtógáil san nGaeltacht ag daoine a bhí thar lear agus a tháinig abhaile le cónaí a dhéanamh san áit ina rugadh iad. Is mór an tógáil croí domsa é sin.

Is é aidhm chaite an airgid seo monarchana, tionsclaíocht agus fostaíocht a chur ar siúl do lucht na Gaeltachta, agus sin mar is cóir. Ach ní leor monarchana amháin a chur ar bun agus ní leor fostaíocht amháin a chur ar fáil. Is dóigh liomsa gur ceart —agus tá mé dá mheabhrú seo don Aire agus don Teach—nuair a bunaítear monorchana agus tionscail in áiteanna éagsúla san nGaeltacht go gcuirfí feidhmeannaí i mbun na monarchana sin agus i mbun na seirbhisí sin a bhfuil an teanga go líofa agus go maith acu, agus atá ina theannta sin ina ndaoine a gcreideann ins an gcuspóir atá romhainn, sé sin, an teanga agus an cúltúr dúchais a chaomhnú agus a leathnú. Tá sé sin an-thábhachtach ar fad mar go minic —agus is eol dúinn ar fad é seo— tá áiteanna san nGaeltacht in a bhfuil monarchana ar bun agus faraoir géar, ní hé dúchas na ndaoine ná cuspóir na Gaeilge a chuireann na feidhmeannaí sin chun cinn. Is dóigh liom gur rud é sin gur ceart féachaint chuige chomh fada agus is féidir. Is eol dom go bhfuil teora daonna agus teora smachta áithrid nach féidir dul thairis, ach chomh fada agus is féidir sílim gur ceart féachaint chuige sin nuair a bhítear ag ceapadh feidhmeannaí agus daoine eile le dul i mbun seirbhísí.

Tá sé ráite ag an Seanadóir freisin nach leor monarchana amháin. Tá cúrsaí uisce go dona in áiteanna den Ghaeltacht. Níl aon uisce reatha ag dul isteach ina dtithe fós agus is rud é sin a chaithfear a leigheas freisin. Tá tairbhe eile le teacht don Stát ón nGaeltacht, nach gcuirtear san áireamh go minic, sé sin, tá tarraingt mhór ag an nGaeltacht ar thurasóirí as gach áit ar domhan. Teastaíonn uathu an nósmhaireacht shaoil Ghaelach mar a chleachtaítear é a fheiceáil ina bheatha. Téann siad go dtí na háiteanna seo. Rachadh siad níos líonmhaire go dtí na háiteanna sin dá mbeadh na háiseanna céanna le fáil acu atá le fáil i gceanntracha eile sa tír, agus is dóigh liom nach miste féachaint chuige sin freisin. Tá cúrsaí leictreachais agus go mór-mhór, ina theannta sin arís freisin, tá cúrsaí bóithre. Tá na bóithre sa chuid mhaith de na ceanntracha Gaeltachta míshásúil. Níl siad sách maith do na ceanntracha sin mar gur ar na ceanntracha sin is mó a bhíonn turasóirí ag tabhairt a n-aghaidhthe. Bíonn go leor tráchta orthu agus, dá bhrí sin, ní miste na bóithre a leathnú agus a fheabhsú agus iad a dhéanamh níos sláinne do lucht taistil.

Tá go leor rudaí eile a d'fhéadfainn a rá ar an mBille seo ach ní maith liom an Teach a choinneáil ró-fhada; beimid ag caint ar na nithe seo arís. Fáiltím roimh an mBille agus tá súil agam go gcuirfidh sé feabhas ar an nGaeltacht agus go dtabharfaidh sé solás agus cúnamh do mhuintir na Gaeltachta.

Nílim ach chun focal nó dhó a rá ar an ócáid seo toisc go bhfuil an Seanad chomh bruidiúil le gnó inniu agus amárach, agus toisc, chomh maith, go bhfuil geallta dúinn go mbeidh an Bille um Udarás na Gaeltachta a bhunú os ar gcomhair gan aon mhoill agus beidh deis againn ansin, fé mar a deireann an tAire, na cúrsaí seo a phlé go mion. Ba mhaith liom, mar sin féin, fáilte a chuir roimh an mBille ghairid airgeadais anseo, mar Sheanadóir neamhspleách, mar ní mhairfidh an Ghaeltacht gan bun daingean eacnamaíochta agus tá leas na Gaeltachta fite fuaite le leas na teangan agus le leas an cultúir Ghaeilge. Tugaim faoi ndeara go ndeireann an tAire ina ráiteas go raibh an dóchas ann uair amháin go mbeadh lánfhostaíocht sna seachtóidí dona cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na seachtóidí beagnach gafa tharraing um an dtaca seo, ach fós féach tá geallúint eile san áit chéanna. Tá na hochtóidí anois ag teacht agus tá súil ag an Aire go mbeidh lán-fhostaíocht san nGaeltacht á bhaint amach chomh luath agus is féidir sna hochtóidí. Tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige mar nuair a thagann na nóchaidí ní bheidh aon Ghaeltacht fágtha mar tá fianaise anois ann go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge san nGaltacht níos mó b'fhéidir ná an méid atá fágtha san nGaeltacht. Mar sin béimid ag faire ar an Aire faoi mar a bheimid ag faire ar na hAirí go léir eile ach idir an dá linn cuirim fáilte roimhe, tréaslaím a cheapachán nua leis, agus guím gach rath ar an obair atá idir lámha aige.

Ar an gcéad dul síos, fáiltím roimh Aire na Gaeltachta. Bhí an-áthas orm nuair a chuala mé gur fostaíodh mar Aire na Gaeltachta é. Is fear fiúntach é; is maith ann é agus le cúnamh Dé déanfaidh sé beartas mór ar son na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge.

Fáiltím roimh an mBille. Is beag an méid airgid é £50 milliún nuair a chuimhnímid ar an carn mor airgid a luaitear sa Bhille Leithreasa a bheidh os ár gcomhair amárach. Is ar éigean is féidir liom é a léamh amach— £1,827,930,226. San mBille seo deir sé i dtosach báire gur Bille é chun an uasteorainn dos na hairleacain a eisítear as an bPríomh Chiste chuig Gaeltarra Éireann a dhúbhailt ó £25 mhilliún go dtí £50 milliún. Tá géarghá leis an mbreis airgid sin mar, mar adeirtear san sean-fhocal, ní bheathaíonn na briathra na bráithre agus ní bheathóidh caint dhá fheabhas muintir na Gaeltachta, mar caithfidh siad sin maireachtáil faoi mar a chaithfidh gach éinne eile maireachtáil. Bíonn bia, deoch agus fothain ag teastáil uathu san leis agus faoi mar is eol don chuid is mó den Teach seo, is bocht an talamh ar a mbíonn siad ag saothrú agus ag obair ó cheann ceann na bliana. Bíonn siad ag sracadh chun maireachtála le talamh bocht agus leis an iascaireacht, ach buíochas le Dia tá tionscail eile ag teacht chun cinn go mór le blianta anuas, sé sin tionscail na turasóireachta, agus muna mbeadh an tionscal sin san nGaeltacht ní fheadar cá mbeimís; b'fhéidir go mbeimís gan Ghaeltacht ar bith.

Tá súil agam go mbeidh an-chomhoibriú idir Gaeltarra Éireann agus an IDA. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an comhoibriú sin ann. Tá cliú agus cáil ar mhuintir na Gaeltachta leis na blianta a fheabhas a oibríonn siad. Tá an-éileamh orthu aon áit a dtéann siad ag obair.

Tá dearcadh eile leis maidir le muintir na Gaeltachta agus an Ghaeltacht in a iomlán. Tá an-chuid daoine agus suim mhór acu sna hiarsmaí a tháinig anuas chugainn os na cianta, iarsmaí atá le feiscint sna hiarsmalanna; cuirtear síos ar chaomhnú na Georgian houses agus nithe den tsort sin agus is maith an rud é sin. Is maith go ndéantar cúram mór sna rudaí sin, ach tá rudaí i bhfad níos luachmhaire agus níos tábhachtaí againn san nGaeltacht. Tá an teanga. Is rud beo í an teanga agus is í an teanga an tsnaidhm is mó, is éifeachtaí agus is áille dá bhfuil againn leis na cianta ceoigh le Ré na gCeilteach, an ré a tharla idir Ré na nGréigeach agus Ré na Romhánach i lár na hEorpa. Téann sé siar i bhfad agus is mór an ní é sin. Is beag náisiún eile go mbeadh a leithéid le rá acu. Im' thuairim féin do b'fhiú an teanga a aibheochaint muna mbeadh againn ach na hamhráin agus an ceol atá le fáil sna hamhráin sin.

Molaim an Bille seo. Molaim an duine a cheap é agus, mar adeirim, tá an dá dhearcadh ann i gcónaí, maireachtáil mhuintir na Gaeltachta agus cothú agus caomhnú an dúchais, agus is san nGaeltacht atá an fíordhúchas.

Fáiltím roimh an mBille seo agus fáiltím roimh an Aire, ach thar gach rud, fáiltím le haon rud a thagann ó Ghaeltarra Éireann go mór-mhór nuair a bhaineann sé le postanna a ghiniúint agus a chur ar fáil sa tír agus go háirithe san Ghaeltacht. Ba mhaith liom an áis a thógáil anois chun é sin a rá go láidir agus ós árd. Ceapaim go bhfuil a lán airgid ag teastáil chun an job iontach mór atá le déanamh ag Gaeltarra a thabhairt chun críche, agus chun an sprioc atá curtha síos ag an Aire a shroicint, sé sin lánfhostaíocht ins na hochtóidí.

B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach éinne sa tír na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag Gaeltarra. Tá siad ag iarraidh tionsclaíocht a bhunú i reigiúin nach bhfuil taithí ag na daoine ar chúrsaí tionsclaíochta iontu agus, ina theannta sin, tá siad ag iarraidh feidhmeannaí a mhealladh go dtí áiteanna san nGaeltacht nach bhfuil iontu na háiseanna a bhíonn ag teastáil go minic ón mheán-fheidhmeannach in aon eagras. Taobh istigh de dheich mbliana nó mar sin ceapaim go bhfuil job iontach déanta acu. Tá siad taréis an fostaíocht a mhéadú thar 50 faoin gcéad nó mar sin taobh istigh de chúig nó sé de bhlianta. Chun é sin a dhéanamh do shocraigh Gaeltarra ar straitéis a bhaineann le gluaiseacht "entrepre-neurachta"—b'fhéidir go bhféadfainn an focal sin a úsáid—a chur ar fáil. Chuaigh siad amach agus chuaigh siad sa seans ar ghnó a chur ar bun. Sin é an rud a bhaineann go deimhin le cúrsaí gnó, seans a thógáil, risk-taking ventures. Ceapaim féin nach dtuigeann an pobal go bhfuil job cómh h-iontach sin á dhéanamh ag Gaeltarra. Le déanaí mhol an tOllamh Timoney ón Ollscoil i mBaile Átha Cliath iad mar cheann desna heagrais Stáit a bhí ag tógáil seans ar theicneolaíocht a mhéadú agus a chur ar fáil i dtionscail bheaga.

Nuair a dheineann tú rud mar sin, bíonn deacrachtaí ann sa chás go mbíonn laige i gcomhlachtaí éagsúla. Tógann siad i bhfad níos mó ama ná mar a cheapann an gná-dhuine chun forbairt a chur ar fáil agus, mar gheall ar sin, bíonn daoine ag cáineadh Gaeltarra. Ba mhaith liom a rá anseo anois go mba cheart stop a chur leis an cáineadh sin agus cabhair a thabhairt dóibh. Tá an Bille seo ag tabhairt cabhrach, mar tá sé ag cur an teorainn suas i dtreo is go mbeidh i bhfad níos mó airgead ar fáil ag Gaeltarra.

Ba mhaith liom, b'fhéidir ceist a chur ar an Aire, an bhfuil sé ar chor ar bith ag féachaint ar an mbac atá air dul ar aghaidh gan chead d'fháil ón Aire Airgeadais i gcomhair gach deóntas mór a bhí le cur ar aghaidh aige? B'fhearr liom dá mbeadh sé saor suas go dtí, abraimís leath mhilliún púnt nó mar sin. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ag baint le sin ach b'fhéidir go mba mhaith leis focal a rá mar gheall air.

Ba mhaith liom freisin cúpla focal a rá mar gheall ar an teanga. Tá sé clúdaithe cheana féin ag cúpla Seanadóirí ach, ós rud é go raibh baint agam cúpla bliain ó shin leis an chuid sin den obair mar Chathaoirleach ar Chomhairle na Gaeilge, tuigim na deacrachtaí agus tuigim na constaicí a chuirtear ós cómhair na teanga ó thaobh forbartha de. Ag an am sin, chonaiceamar san gcomhairle go raibh forbairt agus teanga go dlúthcheangailte lena chéile agus do shocraímear ar thuarascáil faoi leith ar a dtugtar Gníomh don Ghaeltacht a chur ar fáil. Bhí an tuarascáil sin curtha ar fáil ag deireadh na tréimhse d'iar-Rialtas Fhianna Fáil agus taobh istigh de na blianta atá curtha tharraing ag an Rialtas eile, níl faic déanta mar gheall ar seo.

Tá an tAire taréis a rá ins an óráid a chuir sé amach, go raibh sé chun Údarás na Gaeltachta a bhunú sa bhliain nua. Tá súil agam go ndéanfar é sin go tapaidh mar tá an iomad éiginnteacht ag baint leis an rud seo agus ós rud é go mbaineann an Ghaeltacht le bun-sprioc an náisiúin is é sin fostaíocht, tá sé tábhachtach nach mbéadh aon éiginnteacht ann ó thaobh Údarás na Gaeltachta de.

Ba mhaith liom, freisin, cur síos beagáinín ar chúrsaí cultúrtha. Rud a rinneamar nuair a bhí Fianna Fáil in oifig cuireadh Radio na Gaeltachta ar bun. Tá fhios againn go léir go raibh Radio na Gaeltachta in ann a lán de na Gaeltachtaí atá scaipthe ar fud iarthar na tíre a thabhairt le chéile le saghas aontacht a thabhairt don Ghaeltacht. Ba mhaith liomsa anois go mb'fhéidir go bhféadfadh an tAire bheith ag súil le córas teilifíse a chur ar fáil don Ghaeltacht, i dtreo, ní amháin go mbéadh na daoine sna Gaeltachtaí in ann bheith ag éisteacht le na chéile, ach bheith ag féachaint ar a chéile, agus go mbeadh forbairt agus méadú ar an aontas sin atá ag teastáil chun an Ghaeltacht a chothú agus a chaomhnú. Tá fhios agam, mar iartheicneoir in RTE, go bhfuil antreallamh ann chun an saghas rud sin a shocrú. "It would be possible to provide a television service for the Gaeltacht within the present technical system that exists there."

Ní maith liom am an tSeanaid a thógáil suas ag cur síos ar seo, ach os rud é go bhfuilimíd ag teacht suas go dtí an Nollaig agus go bhfuilimíd ag caint mar gheall ar thionsclaíocht ins an nGaeltacht—mar bainfear úsáid as an airgead seo i gcomhair cursaí tionsclaíochta san nGaeltacht—ba mhaith liom an áis seo a thógáil chun cur síos beagáinín ar an ngá atá ann chun earraí Éireannacha a thabhairt ar aghaidh, chun go mbeadh na daoine sna siopaí ag ceannach earraí Gaelacha, gó mór mhór agus an Nollaig ag teacht. "There will be £400 million to £500 million worth of goods bought in this country between now and Christmas.

Any attempt that the Irish consumer can make to shift even 10p in the £ in the consuming pattern will mean 10,000 jobs over a year's period." Ba mhaith liom, os rud é go bhfuilimid ag caint mar gheall ar chursaí Gaeilge agus an saghas sprid a bhaineann le tionslaíocht ins an nGaeltacht, go bhféadfaí an sprid céanna a chothú i mBaile Átha Cliath agus i ngach aon áit eile sa tír. Slí amháin chun é sin a dhéanamh is ea sna nósanna ceannaíochta a bhíonn ar siúl ag mná na hÉireann taobh istigh den am seo.

Cloisim go mbeidh suas le céad míle bileoga mar gheall ar "Christmas presents and jobs", ag dul amach taobh istigh den tseachtain seo go dtí na monarchana éagsúla sna bileoga airgeadais a bheidh ag dul go dtí na h-oibritheoirí. Deirtear san mbileog, "Create jobs in Irish industry, help increase everybody's standard of living, reduce the balance of payments, thereby strengthening the Irish economy, contribute to a possible reduction in personal and indirect taxation". Táimíd ag importáil gach bliain "£15 million wines, beers and spirits, £11 million leathers and furs, £42 million men's and ladies' outer garments, £19 million in footwear, £38 million in household goods like TV and radio receivers, refrigerators and washing machines, £10 million in toys and games, and £21 million in plastic articles. That amounts to £400 million."

Is dóigh liom nach bhfuil mé ag dul as órd é sin a chur ós comhair an Tí nuair a táimíd ag cur síos ar tionsclaíocht san nGaeltacht, is é sin earraí atá tógtha, ginithe agus curtha le chéile ins an tír seo. Ba mhaith liom go dtógfadh an tAire na cúpla focal seo a dúirt mé chun a chroí agus go ndéarfadh sé le Gaeltarra Éireann, go néirí leis an obair. Fáiltím leis an mBille.

Ba mhaith liom are dtús mó bhuíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí a thóg páirt sa díospóireacht agus a chuir fáilte romham ag teacht isteach anseo don chéad uair dom. Nílim ag dul ag iarraidh freagra a thabhairt ar na ceisteanna ar fad, a tugadh isteach, ach déanfaidh mé oiread agus is féidir liom. Aontaím leis an Seanadóir O'Brien nuair a deir sé go bhfuil gá le cuid mhaith a dhéanamh san nGaeltacht go fóill. Fhad is a bhaineann sé le mo Roinn féin, sé sin, Roinn na Gaeltachta, i láthair na huaire níl de chead againn i dtaobh an chuid is mó des na rudaí a luaigh sé ach deontais forlíontacha a thabhairt. Déanfaimid sin go flaithiúil i ngach cás a dtig linn é a dhéanamh.

Dúirt an Seanadóir go raibh cosc curtha ar an imirce. Ba mhaith liom bheith cinnte go bhfuil. Ní aontaím ar fad go bhfuil deireadh leis an imirce. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith daoine ag dul go Sasana i láthair na huaire ag iarraidh postanna a fháil agus nach bhfuil sé ceart a rá go bhfuil deireadh leis an imirce. Ba mhaith linn a ligint orainn go bhfuil ach, faíríor, níl. Sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt an Bhille seo isteach, caoí go mbeimíd in ann a rá go mbeidh oiread airgid agus is gá leo ag Gaeltarra Éireann le caitheamh ar phostanna le muintir na Gaeltachta a choinneáil san nGaeltacht. Nuair a bhímid ag caint ar an nGaeltacht ní ag caint ar phíosa tíre atáimid, ach ag caint ar daoine atáimid. Mura mbíonn na daoine san nGaeltacht, ní bheidh an Ghaeltacht ann. Mura bhfuil na daoine ann ní bheidh ann an cultúr, an teanga ná na rudaí eile a luaigh na Seanadóirí ar fad a labhair, atá chomh tábhachtach agus go gcaithfimid a chosaint agus a chaomhnú.

Maidir leis an IDA, tá duine ó bhord an IDA ar bhord Ghaeltarra agus dá bhrí sin tá teanghabháil idir an obair atá ar siúl ag Gaeltarra agus an IDA. Ag an am céanna caithfimid bheith practiciúil i gcúrsaí mar seo agus is dócha gur fíor a rá go bhfuil coimhlint idir Gaeltarra agus an IDA maidir le postanna a chur ar fáil. Cé go bhfuil comhoibriú, san am céanna, sé an obair chéanna atá ar siúl ag an dá Bhord, ag iarraidh obair a chur ar fáil do mhuintir na nÉireann, agus is dócha go mbíonn amannaí ann in a mbíonn coimhlint eatartha, fiú amháin leis an IDA féin. Bíonn muintir an iarthair, na daoine a bhíonn ag obair thar ceann an IDA ag comhlint le muintir an oirthir ag iarraidh postannaí a tharraingt ina dtreo féin. Cé go bhfuil ceangal idir Gaeltarra agus an IDA, caithfimíd a rá go bhfuil coimhlint ann chomh maith.

Maidir le oiliúint do mhuintir na Gaeltachta, tuigeadh go raibh gá le sin nuair a bunaíodh an scoil agus na cúrsaí le hAnCO i nGaoth Dobhair, rud a bhfuil an-tharraingt air agus atá an-bhuntáisteach do mhuintir na Gaeltachta. Tagann an rud sin isteach san méid a bhí á rá ag an Seanadóir de Brún, sé sin, an deacracht atá ag Gaeltarra nuair atá siad ag cur postanna ar fáil. Go minic, bíonn daoine sna monarchana sin nach mbíonn an Ghaeilge ar a ndeis acu, agus bíonn an dáinséar ann gur Béarla a bhíonn á labhairt sna monarchana sin. Ní féidir an milleán a chur ar Ghaeltarra i gcúrsaí mar sin. Tá siad ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil agus ag an am céanna tá siad, b'fhéidir, i ngan fhios dóibh féin, ag chur isteach ar chúrsaí na teangan. Sílim gurb é an leigheas is fearr ar sin go mbeadh oiliúint le fáil ag muintir na Gaeltachta i gcaoi go mbeidh siad in ann bainistíocht a ghlacadh le treoir a thabhairt dos na monarchana sin agus féachaint chuige gur Gaeilge amháin a bheidh á labhairt sna monarchana a bheidh bunaithe ag Gaeltarra. Is fíor go bhfuil daoine ag filleadh ar ais go dtí an Ghaeltacht agus is breá é sin a fheiceáil, go bhfuil siad sásta teacht ar ais agus cur futha san nGaeltacht. Táimidne i Roinn na Gaeltachta arís ag déanamh ár ndícheall cuidiú leis na daoine sin. Le gairid, d'árdaímear na deontais le haghaidh tithíochta agus beimíd go luath ag ardú deontas chun feabhas a chur ar thithe. Táimid ag iarraidh cuidiú leis na daoine seo cur futha ina dtír féin, rud a theastaíonn ó chuile dhuine, is cuma cé hé féin.

Luaigh an Seanadóir Murphy an sprioc faoi lán-fhostaíocht. Mar a dúirt mé ar dtús, bhí deacrachtaí ann ach táimid ag iarraidh na deacrachtaí sin a shárú. Sin é an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair. Ach b'fhéidir gur ceart cuimhniú go bhfuil lánfhostaíocht i gcuid des na Gaeltachtaí, cuirim i gcás, i d'Tír Chonaill. Táimid ag déanamh ár ndícheall leis an sprioc sin a bhaint amach dosna Gaeltachtaí ar fad.

Mar a dúirt an Seanadóir Cranitch, caithfimíd an Ghaeilge a choinneáil slán, a chothú agus a chaomhnú, agus be cheart duinn uilig bheith bródúil aisti. Go deimhin, is breá an rud go raibh an díospóireacht againn a bhí anseo inniu. Gach duine a labhair, is san nGaeilge a labhair sé. Tugann sé sin misneach mór dom féin mar Aire na Gaeltachta. Cé gur leis an nGaeltacht is mó a bhainim, tá dualgas orm chomh maith i dtaobh cúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur i nGaeilge ar fad a bhí an díospóireacht inniu.

Thug an Seanadóir Mulcahy ardmholadh do Ghaeltarra agus, go deimhin, tá an tard-mholadh seo tuillte acu, mar níl sé furast tionscail a thabhairt isteach dos na háiteanna iargúlta. Bíonn ceisteanna faoi bóithre, faoi uisce, chumhacht aibhléise agus a leithéidí sin. Cé go bhfuil na deontais atá á dtabhairt do thionscail san nGaeltacht níos fearr ná na deontais atá le fáil in áiteanna ar bith eile, ag an am céanna tá cuid mhaith deacrachtaí le sárú acu. Níor mhaith liomsa go sílfeadh duine ar bith go raibh mise dá gcáineadh ar bhealach ar bith. A mhalairt atá i gceist go deimhin.

Maidir leis an Údarás, níl mise ag dul ag déanamh peil dó, á bhualadh thart ó áit go háit. Tá sé geallta go mbeidh an Bille faoin Udarás tugtha isteach taobh istigh de bhliain agus tá sé ar intinn againn seasamh le sin.

Luadh Radio na Gaeltachta. Ceann de na gníomhartha is fearr a rinneadh riamh maidir leis na Gaeltachtai na Radio na Gaeltachta a bhunú. Ó bunaíodh an Radio tá có-shnaidhmiú idir na Gaeltachtaí ar fad. Tuigeann siad a chéile nios fearr. Tá siad ag plé le chéile nios mó agus tá chomhoibriú i bhfad nios fearr idir na Gaeltachtaí ó cuireadh an radio ar bun. Ar ndóigh tá an taobh eile den scéal. Tá saibhreas ceoil agus amhráin agus na teangan féin le cloisteáil ag an chuid sin de mhuintir na hÉireann atá in ann an stáisiún a fháil. Sin buntáiste mór eile, agus go deimhin duine ar bith nach mbíonn sé de nós aige éisteacht leis an radio, molfainn go mór dó teacht isteach ar an nós sin agus beidh go leor buntáistí le fáil aige dhá bharr.

Maidir le teilifís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, níor mhaith liom a rá an bhfuil nó nach bhfuil RTE in ann an tseirbhís a chur ar fáil, ach nuair a thagann an dara staisiún isteach beimid ag súil go mbeimid in ann níos mo cláracha i nGaeilge agus an cultúr ar fad a chur ós comhair na ndaoine. Cé nach mbaineann an rud deiridh a dúirt an Seanadóir Mulcahy go díreach leis an mBille—baineann sé go neamh-díreach leis—sílim go gcaithfimid uilig aontú leis faoin mholadh a rinne sé i dtaobh earraí Éireannacha a cheannach, ní amháin anois um Nollaig ach i gcónaí. Is mór an cuidiú don lucht oibre go ndíreoimid ár n-aghaidhthe ar earraí Éireannacha a cheannach fhad agus is féidir linn é. Molaim go mór an rud a dúirt sé faoi sin. Tá poibliocht ag teastáil le h-aire na ndaoine a dhiriú ar chomh tábhachtach agus atá sé go gceannóimid earraí Éireannacha.

Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí. Tá súil agam go mbeimid in ann an Bille ar fad a chur tríd an Seanad inniu.

Cuireadh agus aontíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh an Bille tríd an gCoiste. Tuairiscíodh an Bille gan mholadh. Glacadh an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air, agus ordaíodh an Bille a chur ar ais chun na Dála.
Bill put through Committee, reported without recommendation, received for final consideration and ordered to be returned to the Dáil.