Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Jun 1978

Vol. 89 No. 6

An Bille um Bord na Gaeilge, 1978: An Dara Céim. Bord na Gaeilge Bill, 1978: Second Stage.

Tairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Is chun Bord na Gaeilge a chur ar bhonn reachtúil atá an Bille seo á mholadh agam agus is é is feidhm don Bhord an Ghaeilge a chur chun cinn agus, go háirithe, a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a leathadh i measc an phobail.

Is iad Comhairle na Gaeilge, a ceapadh sa bhliain 1969, a mhol sa tuarascáil Feidhmiú Polasaí Teanga, a foilsíodh sé bliana ó shin, go ndéanfaí “feidhm ghinearálta na hathbheochana i gcoitinne a shannadh do bhord reachtúil” agus tá buíochas ag dul dóibh i ngeall air sin agus ar na moltaí fiúntacha eile a tháinig uathu.

Le breis agus trí bliana anuas tá an Bord ag feidhmiú ar bhonn ad hoc agus ní beag an t-ullmhúchán atá déanta don obair mhór atá le cur i gcrích: tá ár mbuíochas ag dul do na comhaltaí dá bharr son. Tá focal molta ar leith ag dul don Seanadóir T.K. Whitaker, céad chathaoirleach an Bhoird, a bhí ina chomhalta de Chomhairle na Gaeilge roimhe sin agus a stiúraigh obair an Bhoird go críonna stuama go dtí gur éirigh sé as nuair a foilsíodh an Bille seo. Ar ndóigh, tá Seanadóir eile, Noel Ó Maolchatha, a bhfuil dúthracht caite aige ní amháin mar chomhalta de Bhord na Gaeilge ach mar chathaoirleach ar Chomhairle na Gaeilge roimhe sin. Chomh maith leosan tá an Seanadóir Ruairí Brugha a bhí ina chomhalta de Chomhairle na Gaeilge. Is léir mar sin go bhfuil daoine sa Seanad a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí na Gaeilge agus beidh mé ag súil le comhairle ó na Seanadóirí uile a bhfuil spéis acu sna cúrsaí sin.

Obair ghríosaithe agus spreagtha is mó atá, agus a bheidh, ar siúl ag an mBord chun tuilleadh Gaeilge a chur á labhairt ag an bpobal. Is beag duine sa tír seo anois nár fhoghlaim Gaeilge uair éigin ach, ó tharla nach mbíonn cleachtadh ag a bhformhór ar í a úsáid, cailleann siad a ngreim uirthi i gcaoi gur leasc leo í a labhairt. Chun iad sin a mhealiadh ní foláir deiseanna taitneamhacha a chur ar fáil dóibh chun feidhm a bhaint as an teanga agus, de reir a chéile, tiocfaidh feabhas ar a gcumas labhartha i gcaoi nach fada go mbeidh líofacht acu. Faoi mar a luadh sa Pháipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge sa bhliain 1965, caithfear an bhá atá go fairsing ag an bpobal leis an teanga, ach nach ndéantar beart dá réir go minic, a shaothrú ar dhóigh go mbeidh siad fonnmhar chun iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh le go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide.

D'fhonn aon mhíthuiscint a sheachaint, sílim nach miste a rá nach ionann an Ghaeilge a leathadh agus an Béarla a ruaigeadh. Tá teanga idirnáisiúnta ag teastáil uainn agus tarlaíonn go bhfuil an Béarla againn. Ba mhaith an rud é dá mbeadh teangacha eile de chuid na hEorpa ag a lán againn freisin. Ach ní bhaineann sé sin ón áit is dual don Ghaeilge—teanga dhúchais na tíre seo le cúpla míle bliain agus gnáththeanga fhormhór mór ár sinsear anuas go dtí an céad seo caite.

Is tuar dóchais dúinne, ar mór againn ár n-oidhreacht dúchais, an dea-thoil don Ghaeilge atá chomh forleathan sin i measc phobal na hÉireann. Ach teacht ar bhealaí chun leas a bhaint as an dea-thoil sin i ngníomhartha praiticiúla ní fada go mbeidh rith an ráis an linn. Tá a fhios againn, ar ndóigh, nach bhfuil aon bhealach éasca ann chun an taoide a chasadh. Is léir, áfach, go mbeidh géarghá le comhordú agus comhoibriú san obair a bheidh ar siúl ag Bord na Gaeilge. Ní foláir do na dreamanna atá ag saothrú ar mhaithe leis an nGaeilge tarraingt le chéile in aon mhóriarracht amháin chun an teanga a chur chun cinn. Tá dualgas orainn uile ár neart a chur le chéile agus baineann sé sin leis an Rialtas, le Ranna agus comhlachtaí Stáit, le húdaráis oideachais, le húdaráis áitiúla, le heagrais náisiúnta agus leis na meáin chumarsáide chomh maith leis na heagrais dheonacha Ghaeilge. Tig le Teachtaí agus Seanadóirí go háirithe spreagadh agus dea-shampla a thabhairt.

Is mian liom ar an ócáid seo an moladh atá tuillte acu a thabhairt do na heagrais éagsúla atá ag caitheamh a ndúthrachta leis na blianta chun leasa don Ghaeilge. Beidh deis acu féin agus ag an mBord comhoibriú le chéile feasta d'fhonn gur fearr fós an toradh a bheidh ar a n-iarrachtaí chun na críche sin.

Bhí áthas orm féin go raibh ar mo chumas deontas £300,000 a chur ar fáil do Bhord na Gaeilge i mbliana le go bhféadfaidís clár fiúntach oibre a leagan amach. B'fhéidir nár mhiste cuid dá bhfuil ar siúl acu a lua:

—Faoi scéimeanna forbartha teanga tá sé cheantar speisialta roghnaithe d'fhonn an Gaeilge a leathadh i ngnéithe éagsúla den saol iontu.

—Faoi phlean amarclannaíochta, a ullmhaíodh i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, tá compántas gairmiúil drámaíochta á bhunú d'fhonn a chinntiú go léireofar dramaí i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

—Tá scéimeanna i bhfeidhm chun an Ghaeilge a leathadh i measc daoine óga.

—Tá dianchúrsaí sa teanga labhartha eagraithe, i gcomhar le Gael-Linn, do dhaoine fásta, go háirithe sna ceantair fhorbartha.

—Tá scéim ceadaithe i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael chun an Ghaeilge a neartú i ngníomhaíochtaí an chumainn sin.

—Tá dlúthchaidreamh i gcónaí le Radio Telefís Éireann agus le dreamanna eile d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá feachtas poiblíochta á ullmhú.

Maidir leis na ceantair atá roghnaithe ag an mBord chun feachtas speisialta a chur ar siúl iontu, bhí deis agam féin bheith i láthair i gcúpla ceann acu— Caisleán an Bharraigh agus Ráth Cúil—nuair a cuireadh tús leis an bhfeachtas agus ba mhór an t-ábhar sásaimh dom an tslí ina bhfuil tacaíocht an phobail le fáil d'iarrachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge. Ar ndóigh, níl sé sin ach ag teacht le torthaí an taighde a rinne an Coiste a ceapadh sa mbliain 1970 chun dearcadh an phobail a léiriú d'fhonn beartas a fhorbairt chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar ghnáthmheán cumarsáide i raon tábhachtach d'fheidhmeanna teanga.

Maidir leis an mBille atá á phlé againn, is gnáthfhorálacha do Bhord reachtúil formhór na n-alt ann ach b'fhéidir nár mhiste aird a dhíriú ar na pointí seo a leanas:

—suas le dáréag a bheidh ar an mBord,

—tréimhse oifige nach faide ná cúig bliana a bheidh acu,

—ceapfaidh siad foireann dá gcuid féin, agus

—féadfaidh siad aon ní is iomchuí leo a dhéanamh ag teacht leis an mbeartas ginearálta a bheidh údaraithe agamsa.

Ó tharla go raibh an Bord ag gníomhú ar bhonn ad hoc bhí deis acu dréacht den Bhille a scrúdú agus moltaí a dhéanamh. Is dá bharr sin, mar shampla, atá cumhacht á tabhairt don Bhord foireann dá gcuid féin a cheapadh. Is tar éis moltaí a fháil ón mBord freisin a cuireadh isteach fo-ailt (3), (4) agus (5) in alt 3.

Is d'fhonn a chinntiú nach bhféadfaidh aon dream a rá gur ar an mBord amháin a bheidh an cúram ar fad—agus nach mbainfidh feidhmeanna i ndáil leis an nGaeilge leo féin feasta—a leagtar síos in alt 3 (5) go leanfaidh Ranna Stáit agus comhlachtaí eile d'fheidhmeanna a bhfuil siad freagrach iontu a chomhlíonadh; ní ag iarraidh baint ó chumhacht an Bhoird atáthar san fho-alt sin ná i bhfo-alt (3). Comhoibriú, faoi mar a luaitear i bhfo-alt (4), a bheidh riachtanach chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí ar intinn agam ó thús go bhféadfadh an Bord deontais agus iasachtaí a thabhairt agus, ar eagla nach mbeadh alt 3 (2) leathan go leor, d'aontaigh an Dáil alt 3 (6) a chur isteach.

Rinne an Dáil leasú ar alt 3 (2) freisin: cuireadh "agus mar ghnáthmheán cumarsáide" isteach i ndiaidh "mar theanga bheo". Is ar mholadh an Bhoird a cuireadh an leasú sin ar aghaidh d'fhonn an Bille a neartú agus sprioc níos daingne síos. D'fhéadfadh an Ghaeilge bheith ina teanga bheo mura mbeadh ach líon an-bheag daoine á labhairt ach níorbh fholáir líon mór daoine a bheith á labhairt chun go mbeadh sí ina gnáthmheán comarsáide. Agus, ar ndóigh, is é an cuspóir atá againn ná an Ghaeilge a chur á labhairt go forleathan.

Nuair a bhí an Bille á phlé sa Dáil thug an chaint tsuama tuisceanach ó Theachtaí éagsúla an-uchtach dom. Anois tá deis den saghas céanna sa Teach seo agus, faoi mar a luaigh mé chéana, beidh mé ag súil le comhairle ó na Seanadóirí uile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí na Gaeilge. Beidh an Bord ag brath ar chuidiú ón Seanad agus táim cinnte go mbeidh áthas orthu aon mholtaí a dhéanfar anseo a bhreithniú go cúramach mar ní beag an tógáil a bheidh le déanamh acu. Cuireann an Bille seo an dúshraith ar fáil dóibh agus molaim don Seanad anois é.

Ba mhaith liomsa ar mo shon féin agus ar son an taobh seo den Teach fáilte a chur roimh an mBille agus a rá go bhfuil súil againn go néireoidh go maith leis an Aire agus le Bord na Gaeilge i ngach rud a dheánann siad chun an teanga a athbheochain. Ba mhaith liom freisin aontú leis an Aire nuair a thugann sé moladh dosna daoine a bhí ag obair i gComhairle na Gaeilge agus go háirithe an Seanadóir Whitaker, mar gheall ar an obair atá déanta acu cheana agus mar gheall ar na moltaí a chuireadar ar fáil dúinn uile agus a rá go bhfuilimid buíoch díobh mar gheall ar an méid atá déanta acu.

Níl ceist agam ar an mBille seo ar chor ar bith ná aon rud atá ann. Táimid go léir den bharúil gur cheart a leithéid seo de bhord a bhunú go reachtúil agus táimid sásta gach cabhair is féidir linn a thabhairt don mBord agus tá súil againn, mar adúirt mé cheana, go n-éireoidh go geal leis. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire a lán aire don cheist seo nuair a bheidh sé ag cabhrú leis na daoine a bhéas ar an mBord. Tá súil agam freisin go dtógfaidh sé daoine go bhfuil spéis acu in athbheochain na Gaeilge—daoine go bhfuil sé cruthaithe acu cheana go bhfuil obair mhór déanta acu ar son na Gaeilge, daoine go bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil suim mhór acu in athbheochain na Gaeilge, ina dteanga dhúchais; daoine go bhfuil sé cruthaithe acu go dtuigeann siad an cheist ó bhun go barr; daoine go bhfuil tuiscint ar leith acu ar ndeon na haoise óga agus daoine go bhfuil an féith iontu gur féidir leo daoine a treoiriú ar an mbealach cheart agus suim sa teanga a mhúscailt iontu. Sé mo thuairim gur neartú a dhéanfaidh an bord go mór ar na daoine a dteanga a mhúscailt iontu. Sé mo thuairim go meallfaidh an obair a dhéanfaidh an bord na daoine a thógfaidh an tAire le cur ar an mbord. Tá fhios agam go dtuigeann sé go maith an cheist seo é féin agus táim den bharúil gur cheart aire faoi leith a thabhairt don cheist sin agus go dtoghfaidh sé daoine mar mhuinteoirí náisiúnta agus múinteoirí gairmoideachais agus ceannairí eagraisí Gaeilge, mar adúirt mé cheana, go bhfuil sé cruthaithe acu go dtuigeann siad an obair agus go bhfuil an chaoi iontu é a stiúradh ar an mbeallach cheart.

Dúirt an tAire, agus aontaím go mór leis, go bhfuil a bheag nó a mhór de Ghaeilge ag an gcuid is mó de na daoine sa tír seo faoi láthair. 'Sé an rud a chuireann imní orm ná a laghad Gaeilge a labhartar. Níl éinne sa tír nach bhfuil na beannachtaí coitianta aige agus is fior nach gcloisimid iad ó theanga na daoine chomh minic is a cloiseadh iad 50 bliana ó shin nuair a bhí Conradh na Gaeilge faoi lántseoil agus nuair a bhí sprid an náisúnachais b'fhéidir níos láidre ná mar atá anois. Sin rud a chuireann imní orm.

Níl aon dabht dá mbeadh sé ar intinn ag gach duine sa tír seo úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá aige, pé aca beag nó mór é, níl aon dabht ná go mbeadh dul chun chinn mór déanta againn in athbheochain na teanga agus sé an rud nach dtuigimid ná cén fáth nach bhfuil na daoine sásta úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu. Is í an obair is mó atá os comhair an bhoird nua seo ná dúil i labhairt na Gaeilge a spreagadh sna daoine agus a chur ina luí ar gach duine go héifeachtúil gur mór an trua nach labhrann a lán daoine oiread is focal amháin Gaeilge ó éiríonn siad ar maidin go dul ina luí dóibh 'stoíche. Sin rud nach ceart a bheith ag tuitim amach. Má éiríonn leis an mbord seo nó má éiríonn leis an Aire nó le duine ar bith an méid sin grá den teanga a mhúscailt i measc na ndaoine go mbeidh fonn ar gach duine úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá aige, ansin beidh dul chun chinn déanta againn. Is mór an trua nach bhfuil an dearcadh sin againn faoi láthair agus go dtí go mbeidh an dearcadh sin againn beidh athbheochain na Gaeilge i gcruachás agus ní dhéanfaidh sé an dul chun cinn ba mhaith linn a bheith ann.

Ba mhaith liom freisin a rá go bhfuil géar-ghá le téacs-leabhair spéisiúla, shuimúla a chur ar fáil dos na daltaí scoile, go mbeadh ceachtanna iontu a bhfuil baint acu le saol na ndaltaí agus leis na himeachtaí a bhfuil spéis ag na daltaí iontu. Is fíor go bhfuil feabhas tagtha ar na téacsanna sin le tamall beag anuas ach is é mo thuairim gur féidir i bhfad níos mó a dhéanamh sa tslí sin chun suim a mhúscailt sna daltaí trí Ghaeilge a úsáid sna himeachtaí atá idir lámha acu agus go mbeidis in ann cómhrá a dhéanamh eatharthu féin ar chúrsaí spóirt, chúrsaí ceoil agus chúrsaí rince agus mar sin de, ar na rudaí a bhfuil spéis ag na daltaí sin iontu. Dá mbeadh sé sin ann níl aon dabht ná go ndéanfadh athbheochain na Gaeilge dul chun cinn.

Ní dóigh liom go bhfuil a thuilleadh le rá agam ach a rá go soléir leis an Aire go bhfuilimid ar son na hoibre atá idir lámha aige agus go bhfuil súil againn go n-éireoidh go geal leis agus leis an mbord atá sé chun a bhunú. Sin an dearcadh atá ag an chuid is mó de mhuintir na tíre seo. Tá áthas orm freisin a rá go bhfuilim sásta go bhfuil an t-alt seo i raiteas an Aire ina n-abrann sé nach ionann grá don Ghaeilge agus fuath don Bhéarla, más feídir liom é a chur sa dóigh sin. Sin an rud ba cheart a chur ina luí ar a lán daoine, go bhfuil gá againn leis an mBéarla mar theanga idirnáisiúnta b'fhéidir agus go bhfuil gá againn leis an nGaeilge mar theanga dhúchais. Sílim gur féidir an dá theanga a bheith ann, úsáid a bhaint as an mBéarla nuair a oireann sé dúinn i gcúrsaí idirnáisiúnta agus mar sin de, agus úsáid a bhaint as an nGaeilge chun cruthú don saol mór gur cine faoi leith sinn, go bhfuil ár gcultúr féin againn, go bhfuil ár dteanga agus ár gceol agus ár rincí agus ár gcluichi féin againn.

Mar focal scoir, ba mhaith liom a rá go bhfuil súil agam go n-éireoidh leis an Aire agus go mbeidh rath Dé ar an obair atá idir lámha aige agus ar an obair a bheidh á dhéanamh ag an mbord nua.

Tá áthas ormsa freisin fáiltiú roimh an mBille seo sa Teach seo inniu agus a rá gur chúis ríméid dom go bhfuil Bord na Gaeilge á chur anois ar bhonn reachtúil. Ní Bille é seo go bhfuil aon chonspóid nó aon aighneas ag baint leis mar adúirt an Teachta Ó Briain romham, agus is dócha liom gur Bille é a ghlacfar leis go fonnmhar san Teach.

Is fíor a rá, freisin, go raibh Bord na Gaeilge ann le trí bliana ach os rud é nach rabh an bord sin ar bhonn reachtúil ní mórán ar fad a d'fhéadfaidís a dhéanamh. Ní hé sin le rá nach raibh daoine céimiúla agus daoine aithintiúla agus éirimiúla i mbun gnóthaí ach os rud é, mar adúirt mé, nach raibh an Bille ar bhonn reachtúil bhí uireasa ar an toradh dá réir. Is mithid a rá freisin go mbeadh bord dá shórt seo ann le beartas a dhéanamh i leith na Gaeilge. Is é an nós atá ann le fada an lá, nuair a bhí riachtanas áirithe in áiteacha eile i dtaobh eacamaíochta na tíre seo, cuireadh bord ar fáil leis na riachtanais sin a thapú agus a neartú agus a fhorbairt. Cuirimid i gcás Bord na Móna, Bord Sholáthar an Leictreachais, Bord na gCon, Bord na gCapall, an Bord Bainne agus na bord eile a chuireadh ar bun sa tír seo le tamall maith fada de bhlianta. Is mithid, mar adúirt mé, agus is cóir go mbeadh bord ann anois a mbeadh cúram na Gaeilge ar leith air agus an cúram sin go speisialta á chur i bhfeidhme aige.

Ba mhaith liom a rá anois gur mór agam an dréachtú simplí, so-thuigthe a rinneadh ar an mBille seo. Tá a chuid forálacha go léir lántsoiléir, so-thuigthe don ghnáth dhuine agus is dóigh liom gur ionmholta ar fad an rud é sin. Is cúis áthais, agus misnigh dom freisin tagairt do na haidhmeanna agus na cúraim atá a leagan síos ar son na Gaeilge sa reachtaíocht seo. Tá mé ag tagairt go sonrach d'fhorálacha ailt a 3 fré chéile agus tá áthas orm go ndearna an tAire tagairt don alt sin ina ráiteas féin. Is breá ar fad liom an dualgas príomha atá thar a chur ar an mbord i bhfo-alt a (1) den alt. Déanfaidh an bord an Ghaeilge, agus go háirithe a úsáid mar theanga bheo, a chur chun cinn. Is dóigh liom gur simplí agus gur cinnte agus gur suaitheantasach an ráiteas é sin mar phríomh-ráiteas ins an mBille seo. Tá sé ag teacht freisin leis an aidhm go díreach a bhí ag bunaitheoirí na hathbheochana ó thús, is é sin, an Ghaeilge a chur dá labhairt mar theanga bheo imeasc phobal na hÉireann. Ach ní lú ná sin tábhacht na bhfo-altanna eile go léir, (2) go dtí (5), san alt céanna. Ní gá dhom iad a aithris ceann ar cheann. Séard atá iontu i dteannta a chéile go dtugann siad ceart feidhmiúil don bhord féin comhairle agus cúnamh agus comhoibriú a lorg ar aon Roinn Stáit nó, comhlacht, a bheidh reachtúil ná eile, chun pé beartais ar a gcinnfear ar mhaithe le leas na Gaeilge a thabhairt i gcríoch. Is léir go dtiocfaidh sé sin as comheagrú agus comhordú agus as comhaontas a bhí in uireasa le fada ar dul chun cinn na Gaeilge, fiú amháin ó bunaíodh an Stát.

Bhí nós ag Ranna Stáit eile san am atá caite an Ghaeilge agus gach ar bhain léi a fhágáil faoin Roinn Oideachais. Beidh seans anois buíochas le Dia, faoi nósanna imeachta Boird na Gaeilge an folamhas sin a leigheas agus measaim gur íontach ar fad an dul chun cinn é sin. Ní miste a rá, freisin, go bhfuil na forálacha seo ag teacht go díreach le moltaí a rinne An Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge sa tuarascáil a tháing uaidh chomh fada siar leis an mbliain 1959. I gCaibidil 34 den tuarascáil sin tá dhá alt agus measaim gur fiú agus gur cóir iad a léamh agus muid ag trácht ar an mBille seo. Fotheideal an gchéad Alt: Beartas Comhaontaithe i Leith na Teaglan:

Is beartas comhaontaithe a mholaimid i leith na Gaeilge agus is gá lántacaíocht na Ranna éagsúla Stáit agus na n-aicmí éagsúla den phobal chun é a fheidhmiú. Dá leigfé don iarracht chun an teanga a slánú tuitim siar, nó fiú dá bhfágtaí gan forbairt i gcúrsaí áirithe dhe le linn di a bheith á chur chun cinn i gcúrsai eile, is é a thiocfadh as go mbainfí go mór de thoradh an bheartais ina iomláine.

De bharr an claonadh a bhí ann go dtí seo obair na Gaeilge a fhágáil de chúram ar cheann nó dhó de na Ranna Stáit go príomha, tuigtear do na Ranna eile nach bhfuil aon dualgas spesialta orthu i leith na teanga. Ar an chuma chéanna, de bharr an claonadh a bhí ann dul chun cinn na Gaeilge imeasc an phobail i gcoitinne a fhágáil de chúram ar na heagraíochtaí Gaeilge, agus gan a ndóthain acmhainne a bheith acu chuige ní bhíonn teaghmháil ar bith ag mórchuid de na daoine leis an teanga tar éis dóibh an scoil a fhágáil.

Measaim gur ceart, mar adúirt mé, an dá alt a léamh agus muid ag caint ar an mBille seo agus iad a chur san gcomhthéacs is dual dóibh a bheith.

Ní le Ranna Stáit amháin is gá an comhaontú agus an comhoibriú seo a dhéanamh. D'fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh maidir le cuid de na heagraíochtaí deonacha atá ag obair ar bhealaí éagsúla ar mhaithe leis an teanga agus leis an gcultúr agus le cúrsaí náisiúta i gcoitinne. Tá, cur i gcás, eagraíochtaí cosúil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Cumann Lúithchleas Gael, agus tuilleadh nach iad, ag déanamh a gcion go héifeachtach ar son na Gaeilge ach níl comhaontas náisiúnta eatarthú a chuirfeadh toradh níos fearr ar a saothar. Cé go ndearnadh roinnt iarrachtaí trí chruinnithe idir na hoifigí agus na heagraisí a thabhairt le chéile féachaint an bhféadfaí an t-aontas agus an comhoibdiú sin a chur ar aghaidh, níor tháinig tada fónta fós dá bharr. B'fhéidir go bhféadfadh Bord na Gaeilge iarracht a dhéanamh anois féachaint chuige go déanfaí an comhoibriú seo agus go dtiocfadh dá thoradh comhoibriú idir na heagraíochtaí náisiúnta sa gcaoi go mbeadh an pobal páirteach i dteannta a chéile ar son na teanga agus an cultúir dhúcasaigh. "Ní ceart go cur le chéile", mar a deirtear.

Ba mhaith liom anois beagán cainte a dhéanamh faoi mhéid an bhoird, do réir mar atá leagtha síos nó molta sa mBille féin. Aontaím leis an gcinneadh a rinne an tAire an bord a laghdú ó 20—mar a mheasaim a bhí ann i dtosach—go dtí 12. Measaim, gur cumasaí agus gur éifeachtaí a oibreós an Bord le beirt duine dhéag nó le 20 duine. Níl fhios agam an de chomhthárlú nó in aon turas a cinneadh ar an mbeirt duine déag, an beirt aspal déag a thabharfas mé orthu. Tá me sásta go dtogfar na baill go stuama, rianúil agus go mbeidh siad durachtach fadbhreathnaíoch ina mbeartais. Guim gach rath ar an Aire agus orthu féin i dteannta a chéile.

Ní miste anois ag an tráth seo dhom tagairt a dhéanamh do staid na teanga féin mar a fheictear dúinne é faoi láthair agus sinn ag obair ag saothú na teanga le blianta fada siar, sé sin an chuid againn atá páirteach i saothrú na Gaeilge agus á teagasc le blianta fada. Ba mhaith liom tagairt a déanamh dá staid i gcoitinne agus go mór-mhór sa gcóras oideachais. Ag tagairt dá staid i gcoitinne is féidir a mhaíomh go bhfuil go leor deá-thoil imeasc an phobail i leith na Gaeilge, gur mian le tromlach mhuintir na hÉireann go gcaomhnófaí agus go slánófaí an Ghaeilge agus ár n-oidhreacht dhúchais uile, idir cheol, amhráin agus eile.

Ní féidir, áfach, a rá go bhfuil staid na teanga sásúil, ach a mhalairt san uile shórt scoileanna. Séard is dóigh anois go rabhathas ag súil leis an iomarca maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhunú an Stáit agus nuair a glacadh le moltaí le Comhairle Náisiúnta an Chláir Oideachais sa bhliain 1922. Is ar na bunscoileanna is troime a thit an tualach mór, mar a thiteann fós, an uair úd. B'éigin do na múinteoirí an Ghaeilge a fhoghlaim iad fhéin toísc gan í a bheith acu. Is chun a chinntiú go mbeadh ar fáil go luath srathanna múinteoirí óga ag teacht amach agus an Ghaeilge ar fheabhas acu agus dúracht agus fuinneamh iontu chun an teanga a theagasc a bunaíodh na coláistí ullmhúcháin. Chuaigh an Ghaeilge ar gcúl, is dóigh liom, nuair a dúnadh na coláistí sin i ndeireadh na ndachaidí. Níorbh mhiste, mar sin, na cúiseanna faoin ar dúnadh na coláistí sin a phlé. Is féidir a rá gur dúnadh iad ar dhá chúis. Tháining brú ón phobal ar dhá bhealach. Tháining brú ó dream amháin, na heolaithe oideachais a bhí ann ag an am ag rá gur mheas siad go raibh na daoine seo ró óg le stampa a chur orthu agus a rá ag aois trí bliana déag nó dhá bhliain déag go mbeadh siad ina múinteoirí.

Mar sin a bhí ag tárlú i gcás na gcoláistí ullmhúcháin. Bhíothas ag tógáil daoine sna coláistrí agus do b'ionann sin is é a rá go raibh na daoine sin le dul le múinteoireacht bíodh siad oiriúnach don ghairm nó don ghlaoch sin nó ná bíodh, agus tháinig an brú ón taobh sin. Tháinig brú freisin ó thaobh eile, taobh b'fhéidir nach raibh fabharach don Ghaeilge nó, don Ghaeltacht ná do chur chun cinn na Gaeilge. Tháinig sé ó dhaoine a bhí ag gearán agus ag casaoid go raibh an iomarca áiteanna á chur ar fáil do scoláirí na Gaeltachta agus go raibh éagcóir dá réir á dhéanamh ar scoláirí na coda eile den tír. An chríoch a bhí leis ná gur dúnadh na coláistí ullmhúcháin sa deireadh. Ach cibí cúis gur dúnadh iad tháinig dá thoradh gur tháinig cúlú agus dul siar i gcás na Gaeilge agus i gcás theagasc na Gaeilge sna scoileanna de réir a chéile uaidh sin amach. Níl aon amharas faoi sin anois agus tá a rian le feiceáil, tá faitíos orm. Gealladh—ní miste é seo a rá freisin— nuair a dúnadh na coláistí ullmhúcháin go gcurifi córas éigin eile ina n-áit, córas éigin a dheimhneodh go mbeadh ar fáil sraitheanna daoine a mbeadh an Ghaeilge ar chomhchaighdeán mar a bhí sí roimhe sin. Bhí deacrachtaí len é sin a dhéanamh agus níor dearnadh é. Dá bhrí sin arís chuir sé seo cuid mhaith as don Ghaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge san chóras oideachais. I gColáistí Oideachais féin anois— colástí oiliúna a thugtaí orthu uair amháin, coláistí oideachais a thugtar orthu le cupla bliain anuas—ní mó ná sásúil atá an scéal ar fad.

Ní gá anois do na habhair-múinteoirí óga leanúint don Ghaeilge san dara bliain nó san triú bliain dá gcuid scolaíochta sná coláistísin. beag ná mór. Caithfear é sin a rá, agus measaim go gcaithfear é a leigheas. Is cinnte gur buille mór in aghaidh na Gaeilge é. Rud eile a chuireann cúis imní orainn faoi láthair an méadú mór atá tagtha ar an líon daoine a gcliseann orthu sna scrúdaithe Gaeilge sna scoileanna iarbhunoideachais. Cuirimis i gcás sna scrúdú meánteistiméireachta. Tá cúntas agam anseo ar an méid nó ar na céatadán ar chlis orthu ins an scrúdú Gaeilge bunchúrsa meánteistiméireachta le trí nó ceithre bliana siar agus is súntasach an léiriú a thugann sé dúinn ar an dul ar gcúl atá tagtha ar obair na Gaeilge sna scoileanna sin.

Tagróidh mé i dtosach do na buachaillí. Sa bhliain 1974 theip ar 17 faoin gcéad de na buachaillí i scrúdú buncúrsa na meánteistiméireachta. Sa bhliain 1975 theip ar 24 faoin gcéad. Sa bhliain 1976 theip ar 38 faoin gcéad agus sa bhliain 1977 theip ar 40 faoin gcéad. Is mór agus is scanrúil an méadú agus is míchoibhneasach an méadú é sin agus is cinnte go bhfuil cúis éigin mar chúlra leis. Seo mar a d'éirigh leis na cailíní. Sa bhliain 1974, blianta céanna arís atá dá lua agam ceann ar cheann, chlis ar 9 faoin gcéad sa scrúdú sin; sa bhliain 1975, 14 faoin gcéad; sa bhliain 1976, 25 faoin gcéad, agus sa bhliain 1977, 30 faoin gcéad. An patrún céanna arís an méadú ar an gcéatadánachas a theip orthu sna scrúduithe meánteistiméireachta ag na buachaillí agus na cailíní, gancás na gcailíní bheith chomh dona ar fad le cás na mbuachaillí. Ní miste é seo a rá faoi sin. Má tá aon tátal le baint as na torthaí seo is é go bhfuil ísliú mór tagtha ar chaighdeán freagartha agus ar inniúlacht na n-iarrathóirí i nGaeilge le blianta anuas agus ní hionadh go bhfuil sin amhlaidh. Caithfidh sé, mar adúirt mé cheana, go bhfuil cúis éigin leis agus go bhfuil laige éigin agus cúlú éigin tagtha ar chaighdeán theagasc na Gaeilge sa scoileanna le roinnt blianta siar. Caithfidh mé é seo a rá freisin, agus níl mé ag rá seo le polaitíocht a tharraingt isteach i gcás pléite na Gaeilge, ach is suntasach an rud é gur le linn réimeas an Chomh-Rialtais a tharla an méadú mór seo ar an gcéatadán ar theip orthu i scrúdaithe ar chaighdeán atá chomh híseal le bunchúrsa na meánteistiméireachta. Thit sé le linn na tréimhse sin freisin in ar cinneadh ag an Rialtas céanna nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach i scrúdaithe i meánscoileanna, nó sa tseirbhís poiblí uaidh sin amach. Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an dá rud le chéile ach tá sé ansin agus is iad sin na firicí agus sílim go bhfuil tátal le baint as na firicí sin freisin.

In ainneoin sin uilig, agus in ainneoin a bhfuil ráite agam, caithfear a rá nach bhfuil cás na Gaeilge agus an chultúir dhúchais gan tuar dóchais agus deirim é sin go fírinneach agus le fonn. Mar adúirt mé i dtosach, is cúis mhaoite é a mhéid daoine a bhfuil déanamh a ngnótha acu sa Gaeilge; daoine meán aosta atá i gceist agam agus ní daoine óga. Ach, arís, fillfidh mé ar an rud adúirt mé cheana, is daoine iad siúd a múineadh go maith sa gcóras oideachais nuair a bhí siad ar scoil agus b'fhéidir gurb shin an chúis go bhfuil déanamh a ngnótha acu chomh maith sin, fiú amháin ag an tráth seo dá saol. Luaigh mé freisin, ina theanta sin, an dea-thoil atá go foirleathan ag daoine fásta don Ghaeilge. Níl aon amharas faoin sin, agus tá fonn ar dhaoine cuidiú leis an nGaeilge ar aon bhealach is féidir leo. Ná dearmadaimís anois an borradh agus an fás as cuimse atá tagtha faoin gceol Ghaelach, na rincí tuaithe, na hamhráin agus eile. Tá spéis dáiríre tagtha iontu go léir ag óg agus aosta. Sin é go díreach anois an áit as a dtiocfaidh an comhoibriú agus an comhaontas atá i gceist ag Bord na Gaeilge.

Anuas ar sin ar fad, tá sé anseo le rá, agus arís ní polaitíocht atá i gceist agam anseo, tá sé seo le rá nach dócha go raibh aon Rialtas sa tír fós a raibh smacht chomh maith ag na baill ar an nGaeilge mar theanga labhartha. Is fíor le rá, agus ní féidir é a shéanadh, go bhfuil smacht maith ar an nGaeilge ag furmhór mór na n-Airí Iáthair na huaire ar an teanga agus is dóigh liom gur cúis mhisnigh agus cúis mhaoite é sin. Tá mise ag rá anseo tráthnóna inniu gur beag nach bhféadhaí cruinniú Rialtais a reachtáil ar fad trí Ghaeilge. Is breá liom go dtáinig an saol gur fédir é sin a rá. Fáiltím roimh an mBille agus guím gach rath ar an Airt agus ar an mbord i dteannta a chéile san obair mhór atá rompu. Tá go leor níthe nach ndearna mé aon tagairt dóibh mar tá fhios agam go bhfuil fonn labhartha ar a lán daoine eile ar an gceist seo nó faoin mBille seo agus is doigh liom gur ceart seans a thabhairt dóibh. Ach, mar adúirt mé, fáiltí roimh an mBille agus tá súil agam go n-éireoidh go maith leis an mbord agus leis an Aire sna cúramaí a bheith orthu faoin reachtaíocht seo.

Ar an gcéad dul síos is cúis bhróin ar shlí é nach bhfuil i láthair ach seisear againn ag cur síos ar an mBille seo. Tuigim, dar ndóigh, go mbíonn curamaí eile ar Sheanadóiri an tráth seo den tráthnóna agus is minic a bhíos féin as láthair, ach ní creidim, dáiríre, go raibh tinnreamh chomh beag san riamh sa Teach seo ón uair a tháinig mé féin isteach an fómhar seo chaite. Ní turas dóchais é sin, caithfear a admháil.

Fáiltímse féin, tríd is tríd, roimh an mBille, nó go mór mhór roimh spríd an Bhille agus déarfainn go bhfuil Gaeilgeoirí tríd síos sásta go gcuireann an Bille seo Bord na Gaeilge ar bhonn reachtúil agus go mbeidh sé neamhspleách ar Choimisún na Státseirbhíse ó thaobh cheapacháin foirne dhe, ach go háirithe. Ní féidir a shéanú dhe, ach go raibh mí-shástacht ar Ghaeilgeoirí go dtí seo maidir le Bord na Gaeilge. Cheap a lán daoine nach raibh toil agus fuinneamh ag gabháil leis an mbord agus, mar chomhartha ar san, féach nár chaitheadar ach leath den tiochóg nó den deontas a tugadh dóibh, agus do chuir sé sin íonadh ar an-chuid daoine. Ar an ábhar sin, fáiltimíd go léir roimh an mbonn reachtúil atá anois don chéad uair laistiar den bhord. Cuimhnigí go ndúirt Domhnall Ó Corcora uair amháin ina leabhrán, Fortunes of the Irish Language,“the State is now behind the language and everything will change for it”. Seo an chéad uair, ar shlí, go bhfuil an Stát taobh thiar den teanga, ó thaobh feidhm reachtúil a thabhairt do Bhord na Gaeilge.

Mar sin féin, measaimse go bhfuil lochtanna nach beag fós ar an mBille seo agus déarfaidh mé tuilleadh faoi sin ar ball, go mór nuair a bheidh an Bille á phlé againn i gCoiste níos déanaí.

I dtosach, ní miste tagairt beag a dhéanam don chúlra ghinearálta, gan dul isteach go leadránach sa scéal. Ar an gcéad dul síos, an dtuigeann éinne go cruinn cad iad cuspóirí an Stáit an lá atá inniu ann i leith na teanga Gaeilge? Nó, go sonnrach, cad é cuspóir bunúsach Fhianna Fáil i leith na teanga anois? Ní raibh aon amhras i n-aigne Eamonn de Valera agus é ag bunú an pháirtí leathchéad bliain ó shin: ‘The restoration of the Irish language and the development of a native Irish culture" adúirt séirt sé. "Restoration". "An Ghaeilge a athbheochan", an leagan Gaeilge a chuireann an tAthair Pádraig Ó Fiannachta ar an abairt sin. Seo preas ráiteas a dhein Eamon de Valera i 1926—Tá tagairt don abairt sin i mbeathfhaisnéis de Valera le Longford, leathanach 246. Ní raibh aon amhras in aigne de Valera maidir le cuspóir bunúsach Fhianna Fáil i leith na teanga. Ach, anois, de réir dealraimh, tá port eile ag Rialtas an lae inniu—nó chun na firinne d'insint, ní féidir bheith cinnte cén port atá acu. Dar leis an manifesto—leathanach 42;

Dearbhaíonn Fianna Fáil gur aidhm bunúsach de chuid an pháirtí é beo-theanga Gaeilge a chur in úsáid ar fud na tíre.

Deireann an Bille seo:

Déanfaidh an Bord an Ghaeilge, agus go háirithe a úsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn.

In ainneoin réamhráiteas an Aire a fuaireamar ó chianiabh ní thuigim fós cén éifeacht breise atá leis an gclásáil nua sa Bhille, sé sin, "gnáthmheán cumarsáide", conas a chuireann sé sin le héifeacht an Bhille? Is mór atá idir athbheochan na teanga—faoi mar a húsáideadh i dtosach báire ag Eamon de Valera í, faoi mar a sheasann sí fós, chomh fada agus is eol dom, i móraidhmeanna Fhianna Fáil—agus an teanga "a chur chun cinn".

Is é an brí a bhainim féin as an abairt "teanga bheo a chur chun cinn" ná gurb é toil an Rialtais go gcuirfeadh an Ghaeilge saghas dath nó blas ar shaol na hÉireann ach nach bhfuil sé i gceist in aon chor go ndéanfar iarracht dáiríre a thuilleadh ar an teanga d'athbheochan. Ní fédir an bhfuil an ceart agam sa mhéid sin ach, ar aon nós, tá éiginnteacht polasaí anseo. Má theastaíonn unainn aon stádas ceart a thabhairt don teanga, caithfimid an chuspóir a árdú. Is céim siar í, dar liom, bheith ag caint go leamh ar an teanga a "chur chun cinn". Mholfainn, mar sin, go ndéarfaimis go neamhbhalbh i mir a 3 den Bhille go ndéanfaidh an Bhord an Ghaeilge a athréimiú i saol na tíre. Ní chuirrann sé seo isteach ar chearta Béarlóirí. Tá sé leanbhaí a bheith ag, rá, mar a deireann lucht an LFM, gur bagairt ar lucht an Bhéarla polasaí athbheochain na Gaeilge. Go bhfóire Dia orainn, tá an Ghaeilge ró-lag chun bagairt a dhéanamh ar éinne nó ar aon rud.

Ag féachaint dúinn ar cheist na teanga i láthair na huaire, tá idir cúiseanna éadochais agus cúiseanna dóchais againn. Ar na cúiseanna éadóchais, do luafainn, cur i gcás, meath na nGaeltachtaí agus ísliú chaighdeán múinte na teanga sna scoileanna—ní dóigh liom go bhfuil aon amhras faoi sin. Tá eolas ag na múinteoirí atá anseo i láthair ar mheamram nó questionnaire a chuir an INTO amach cúpla bliain ó shin, a chuir ceisteanna ar na baill cad iad na tuairimí a bhí acu ar chonas a bhí an curriculum nua ag feidhmiú. Na freagraí a fuaireadar, cé go raibh andóchas ag múinteoirí as ghnéithe den curriculum nua, rud amháin a chuir díomá orthu ná cé chomh tubaisteach a bhí caighdeán na Gaeilge ag titim sna scoileanna. Níl aon mhaiteas i cur-igcéill sna cúrsaí seo. Caithfimíd é seo a admháil agus rud éigean a dhéanamh faoi.

Le déanaí chuir Liam Mac Aindreasa "páipéir dubh" amach, leabhair conspóideach is dócha, ach is é an port céanna a bhí ann—agus ní foláir nó, go bhfuil cuid den fhírinne ann ach go háirithe—go bhfuil staid na teangan sna mbunscoileanna go huafásach. Mar chúis éadóchais eile, luaithim an titim tubaisteach atá tagtha ar uimhir na scoileanna lán-Ghaelacha. Níl na figiúirí ós mo chomhair amach ach tá líon na scoileanna lán-Ghaeltacha titithe go mór ar fad le deich mbliana anuas. Sna coláistí oiliúna, tá lion na ndaltaí Gaeltachta titithe ó timpeall 14 faoin gcéad go 6 faoin gcéad. Tharla an titim sin idir 1962 agus 1968: ní foláir go bhfuil sé níos ísle fós.

Tá na hollscoileann ag gearáin chomh maith. I gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh tá líon na macléinn atá ag tógaint na Gaeilge mar chéim don BA ag titim. Níl ach dornán beag sna ranganna onóracha. Fiú amháin ag leibhéal ollscoile, tá an caighdeán cainte go dona.

Tá sé furasta go leor bheith ag tagairt d'árd-réim chúrsái ceoil i láthair na huaire agus tá áthas orainn go léir gurb amhlaidh atá. Is furasta, agus admhóidh an Seanadóir Séamus de Brún é seo is dócha, spéis a chur sa cheol. Mothúchán agus pléisiúr é seo gan aon bhaint faoi leith le deachrachtaí teanga. Tá cúrsaí teanga i bhfad níos deacra ná an t-at-mosfaer taitneamhach a bhaineann le ócáideanna ar nós fleadheanna ceoil. Tá go leor oibre le déanamh ag an mBord na ceisteanna seo go léir a iniúchadh.

Ar an dtaobh eile den scéal, tá tuaranna dóchais ann. Deirtear go ndúirt Rí Searlais II Shasana fadó, nuair a bhí sé ag fáil bháis, "I am an unconscionable long time in dying". B'fhéidir gur tuar dóchais de shórt é go bhfuil an teanga Ghaeilge i bhfad ag fáil bháis agus nach bhfuil sí marbh fós. Cinnte, tá dea-thoil ann. Luaigh an tAire dea-thoil na ndaoine i leith na Gaeilge agus tá sé sin ann. Ach cad is fiú dea-thoil gan iarracht éigean, gan éifeacht éigean a bheith leis an ndea-thoil? Mar adrúirt an té an uair a cuireadh amach an suirbhé úd cúpla bliain ó shin, b'é brí na dea-thola go raibh 85 faoin gcéad den phobal sásta go labharfadh 5 faoin gcéad an teanga.

Tuar dóchais eile Raidio na Gaeltachta. Tá blas chomh nádúrtha agus chomh dúchasach ar Raidio na Gaeltachta nach foláir bheith ag smaoineamh ar chonas is féidir sprid Raidio na Gaeltachta a leathnú amach i dtreo is go mbeidh lucht éisteachta i bhfad níos mó ná mar atá i láthair na huaire.

Luafaidh mé mar chomhartha dóchais chomh maith gur mhúscail "Trom agus Éadrom"—is minic a bhíonn daoine ag caitheamh anuas ar Liam Ó Murchú agus ar "Trom agus Éadrom speak" agus ar an dá theangachas a bhíonn aisteach go leor uaireanta—ach ní féidir a shéanadh gur mhúscail an clár sin an-spéis sa phobal. Cuireann an clár sin an pobal ag smaoineamh maidir le deachracht na teanga a labhairt. Is é an rud is mó a chránn daoine, déarfainn, gur chaitheadar na blianta ar scoil agus nach bhfuil labhairt na teanga acu fós. Ní gach éinne a bhfuil spéis aige sa cheol agus litríocht. Sé a theastaíonn ó an-chuid daoine ná cumas teanga a bheith acu i dtreo is go mbeadh ar a gcumas a rá: "Tá seo agam de bharr na scolaíochta." Go dtí an lá atá inniú ann, ach go háirithe, ní féidir le mórán daoine é sin a rá. Is beag a bhfuil acu de bharr a scolaíochta.

Tá an-rath ar fad i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh ar chúrsa atá ar siul le tamall anuas ag Pádraig Tyers, fear stiúrtha na Teanglainne i gCorcaigh. Is sár-mhúinteoir é, caithfear a rá—ach deir sé féin go bhféadfadh an-chuid múinteoirí Gaeilge aithris a dhéanamh air. Tá ranganna ag Pádraig Tyers i gCorcaigh agus tugann sé líofacht dóibh laistigh de thréimhse an-ghairid agus éilíonn sé gur féidir é sin a dhétanamh tríd na tíre ar fad agus nach gá teanglann nó gléasanna costasacha ná aon rud mar sin. B'fhéidir gur chóir don bhord dul i gcomhairle le Pádraig Tyers agus a leithéidí. Comhartha eile dóchais, go bhfuil Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh ag tosnú i 1977-1978 ar chúrsa iomlán sa Léann Dúchais agus ábhair ghaolmhara a thabhairt trí mheán na Gaeilge. I láthar na huaire tá na ranganna beag ach bíonn gach tosnú lag. Ach is maith an comhartha é go bhfuil, don céad uair is dócha le 30 bliain, cúrsaí Gaeilge ar léibhéal dáirire arís san ollscoil sin, agus caithfidh mé a rá go bhfuilimíd buíoch do Bhord na Gaeilge as ucht gach cabhair a thabhairt chun é sin a bhunú.

Tá spéis bheag faoi leith agamsa fhéin in imeachtaí Bord na Gaeilge chomh maith, mar táimse féin ar fho-choiste de chuid Bord na Gaeilge anseo i mBaile Atha Cliath. Is breá liom go bhfuil réim ghníomhartha an bhoird chomh leathan san go bhfuil sé ar intinn ag an mbord i láthair na huaire foinsí na h-athbheochana a chur ar fáil, sé sin na doiciméid stáiriúla gur dámbarr a tharla an athbheochain agus táim ar fho-choiste atá ag ullmhú an bhailiúcháin úd.

Maidir leis an mbord féin, is trua nach féidir leis seirbhísí an Seanadóir Whitaker agus an Seanadtóir Mulcahy a choimeád. Ní ró-mhaith a thuigim cé'n bac reachtúil atá ar bhaill an Oireachtais bheith ina mbaill de bhord mar seo. Ní fheadar an féidir aon eisceacht a dhéanamh ina gcás siúd ach mar a deirim tá an-mheas agam ar an saothair atá déantha ag an Seanadóir Whitaker agus an Seanadóir Mulcahy ar an mbord agus is trua go gcaithfidh siad imeacht ón mbord nua.

Nílimse sásta, in ainneoin sin is uile, go bhfuil cumhacht láidir go leor ag an mbord chun déileáil le ranna eile den Stát, go bhfuil fiacla láidir go leor ag an mbord faoi mar a sheasann an Bille. Sé an saghas blas a fhaghaim as an mBille seo ná nach mbeidh de chumhacht ag an mBord ach comhairle a thabhairt do ranna eile Stáit agus ní leor san. Déanaim amach, chomh maith, gur chóir go mbeadh status faoi leith ag príomh-oifigeach an bhoird ach go háirithe, i dtreo is go mbeadh meas mar ba chóir air agus tábhacht ag baint lena chuid imeachtaí. Déanaim amach gur chóir gradam Rúnaí Roinne a bhronnadh air.

Do mholfainn don bhord, chomh maith, féachaint ar an nGaeilge agus ar na Gaeltachtaí trí chéile. Nílimid fós tagtha ar pholasaí náisiúnta Geailge, polasaí nach mbeadh ag féachaint ar na Gaeltachtaí mar shaghas "reservations" agus dearcadh eile aige ar na Galltachtaí. Tharlódh sé, an aimsear atá amach romhainn, gur mó an tábhacht a bheadh le Gaeilgeoirí san nGalltacht agus leis na líontí Gaelacha san nGalltacht ná na Gaeltachtaí féin.

Is trua nach bhfuil fáil againn fós ar rud eile atá chomh tábhachtach le Bord na Gaeilge, sé sin Udarás na Gaeltachta. Tá an gheallúint tugtha le fada go mbunófar an t-údarás. Dar leis an manifesto i leathnach 43.

Bunófar Údarás na Gaeltachta sula mbeidh bliain amháin caite in oifig againn.

Níl sé bunaithe fós áfach agus d'ainneoin nach bhfuilim b'fhéidir in órd tagairt dó anois, ba mhaith liom rud beag a rá; tá súil agam nuair a chuirfear an t-údarás ar bun go mbeidh sé daonlathach agus go mbeidh sé cumhachtach, ar a laghad chomhachtach le comhairle chontae.

Rinne mé tagairt anseo ó chianaibh don easpa comhachta atá ag an mbord, faoi mar a thuigim an Bille seo, chun dul i bhfeidhm ar ranna eile an Stáit. San geomhthéacs sin, luaim sa deireadh ceist ceartanna sibhialta a bheith ag Gaeilgeoiri. Aris, san manifesto i leathnach 42,

Beifear ag súil go mbeidh daoine ann a thogrós a saol iomlán a caitheamh tri Ghaeilge. Beidh fáilte rompu in aon oifig Stáit nó os comhair na cúirte agus seirbhís ansan dóibh.

Níl san fíor fós, agus b'fhéidir chun ceartanna Gaeilgeoiri a chosaint agus chun éifeacht Bhord na Gaeilge a chur anuas ar ranna eile Stáit, ní foláir sa deireadh Bille cearta don Ghaeilge a thabhairt isteach. Tá sé ar intinn agam féin a leithéid de Bhille a thabhairt isteach sa Teach seo agus beidh mé ag súil le cabhair ó Ghaeilgeoirí ar dhá thaobh an Tí, daoine ar nós an Seanadóir Mícheál Cranitch agus an Seanadóir de Brún.

Tríd is tríd, fáiltím roimh an mBille. Ní dóigh liom go bhfuil Gaeilgeoir ar bith sa tír nach fáiltíonn roimh an mBille seo.

Fáiltím roimh an mBille seo agus guím rath Dé or obair an Aire agus an bhoird. Ba iad na Ceiltigh a thug an teanga Gaeilge go dtí an tír seo. Bhí an teanga Gaeilge faoi árd réim ar feadh breis is míle bliain. Do shaibhrigh teacht na Críostaíochta an teanga. Níor chuir ionsaí na nDanar isteach ar fhás agus ar fhorbairt na teangan ach ó tháinig na Normánaigh, d'fhéadfá a rá nach raibh agus nach mbeadh an tí iomlán ina Ghaeltacht a thuilleadh. Idir chogaíocht agus géarleanúint agus cos ar bholg, ocras agus gorta do tháinig an meath diaidh ar ndiaidh ar an dteanga agus do chaolaigh ar an limistéar Ghaeltachta san tír go hiomlán. Ansan mar bharr ar gach donas, tharla an Gorta Mór, 1847, agus go gairid ina dhiaidh sin, slán mar a n-instear é, d'iompaigh pobal mór na hEireann i gcoinne na Gaeilge. Chonacas dóibh nach raibh in-ann dóibh ach an bás dá leanfaí san Ghaeilge agus gurb é a leas cloí le Béarla chun slí bheatha a bhaint amach agus chun maireachtáil. Buíochas le Dia go bhfaca daoine áirithe an meas sin agus an tiompú sin, agus dá thoradh san bunaíodh Conradh na Gaeilge, Cumann Lúithchleas Gael agus eagraíochtaí eile ar an dul chéanna. D'féadfaí a rá gur shábháil na daoine sin, daoine cosúil le Dubhghlas de hide, an pléamonnach agus daoine eile nach iad an teanga dúinne.

Ansin chuaigh rudaí ar aghaidh. I 1916 agus i rith Chogadh na Saoirse. bunú Shaorstát Éireann agus nuair a tháinig an deighilt le linn an Chogaidh Shibhialta d'fhéadfadh duine a rá le fírinne go raibh an dá thaobh, na Poblachtanaigh agus lucht an tSaorstáit, ar aon aigne go hiomlán i dtaobh athbheochan na Gaeilge. Níl aon dabht ina thaobh san. Tá an-chreidiúint ag dul do dhaoine mar Earnán de Blaghd, Risteárd Ó Maolchatha agus daoine dá leithéidí a dhein beart íontach chun an Ghaeilge a chur á labhairt agus chun go bhfoghlaimeodh daoine an Ghaeilge sna laethanta tosaigh de Shaorstát Éireann.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Ansin tháinig rudaí eile isteach sa scéal agus b'fhearr dúinn b'fhéidir féachaint mar atá an scéal faoi láthair agus cad na thaobh go bhfuil an oiread sin daoine anbhuartha i dtaobh na hathbheochana. Ar an gcéad dul síos, cad na thaobh gur main linn an Ghaeilge d'athbheochaint? Tá an-chuid cúiseanna leis. Ar an gcéad dul síos, nach í ár dteanga féin í? Bhíos ag labhairt le déanaí sa Tí seo, agus duine ón dtaobh eile den Tí, nuair a luaigh mé "ár dteanga féin" mar ainm ar an nGaeilge, ar seisean: "Nach linn an Béarla leis?"

Tá Béarla ag beagnach gach duine sa tir seo, ach maidir le Gaeilge, is í ár dteanga féin í. Ní le héinne eile í agus í dar liomsa, an rud is saibhre dá bhfuil againn ón duchas. Ansin san nGaeilge féin tá idir fhilíocht agus fhealsúnacht, agus ba mhór an chailliúint ar fad iad sin—cailliúint nó imeacht uathu. Tá saibhreas agus áilleacht uathu. Tá áilleacht faoi leith ag baint le fuaimeanna gach aon teanga faoi lui na gréine ach chomh fada agus a bhaineann sé linne, tá áilleacht ar leith agus binneas ar leith agus milseacht ar leith inár bhfuaimeanna féin de chuid na Gaeilge. Ina theannta sin tá an Ghaeilge ceangailte den Chríostaiocht agus an Chríostaíocht ceangailte den Ghaeilge. Tá an dá rud ar aon dul agus ba mhór an chabhair ar fad an Chríostaíocht a shábháil ach an Ghaeilge d'athbheochaint. I láthair na huaire níl an scéal go sásúil.

Aontaím go hiomlán leis an Seanadóir Séamus de Brún nuair a dhein sé tagairt do chúrsaí oideachais. Is náireach an scéal é le hinsint, ach tá an-chuid múinteoirí ag teacht amach as na coláistí oiliúna, mar a thugtar orthu anois, agus gan Ghaeilge acu. Níl aon dabht mar gheall air, is féidir le duine an Ghaeilge a chur ar leataobh tar éis deireadh na céad bliana sa choláiste oiliúna a shroisint ach amháin mioncheachtanna agus mion-taithí anois agus arís. Is mór an náire é sin agus is mór an difríocht atá idir an córas sin agus an córas a bhí ar siúl nuair a bhís féin san choláiste oiliúna. Ba mhaith liom go ndíreodh an tAire a aire ar chúrsaí oideachais, ar an Roinn Oideachais agus ar na coláiste oiliúna. Ba mhaith liom go ndíreodh sé a aire leis ar an dteilifís agus ar an raidio, agus bhéinn ag súil ar a laghad, má táimíd dáiríre i dtaobh athbheochan na Gaeilge, go bhfaighimís uair a chloig as Gaeilge ar a laghad gach oíche ar Theilifís i agus ar Theilifís 2. Tá an méid sin ar a laghad ag teastáil má táimid chun an athbheochaint a dheimhniú.

Rud eile dhe, rud a chuireann mistuaim agus caincin agus, féadfaimís a rá, fearg ar Ghaeilgeoirí na tíre ná an droch-fhoghraíocht a chloisint ar an dteilifís agus ar an raidió go minic. Bheimís cráite ar fad muna mbeadh Raidió, na Gaeltachta. Tá árd-mholadh ag dul do Raidió, na Gaeltachta. Ba bhreá leat a bheith ag éisteacht leo, na fuaimeanna go cruinn agus go blasta. Fiú amháin na páirtíthe polaitíochta, ní bhíonn siad saor. Is minic a chloisimid faoi pháirtí éigin ar a dutgtar Pairtí "Fine Gael". Níl a leithéid de rud ann, faoi mar is eol do gach éinne anseo. Is minic a chloisimíd faoi Pháirtí "Fianna Fáil". Níl a leithéid ann ach oiread. Ba cheart aon rud a thagann ón seirbhís teilifise nó ón raidió a bheith ina eiseamláir, ina dhea-shampla, don Ghaeilge ó, thaobh foghraíochta agus ó thaobh ceart na Gaeilge.

Mo bhuíochas mór le Dia go bhfuil furmhór mhuintir an Stáit seo—agus cruthaionn an dá shuitbhé an fhirinne sin—an-fhábharach ar fad don athbheochaint. Is leo an Ghaeilge agus teastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid cainte, agus tá an méid so ar leathanach 2 d'óráid an Aire:

Is beag duine sa tir seo anois nar fhoghlaim Gaeilge uair éigin ach, ó tharla nach mbionn cleachtadh ag a bhformhór ar í a úsáid, caileann siad a ngreim uirthi i gcaoi gur lease leo i a labhairt. Chun iad sin a mhealladh ni foláir deiseanna taitneambhacha a chur ar fáil dóibh chun feidhm a bhaint as an teanga agus, de réir a chéile, tiocfaidh feabhas ar an gcumas labhartha i gcaoi nach fada go mbeidh líofacht acu.

Tá sé sin thar a bheith fíor. Muna mbíonn taitneamh ag baint le foghlaim teanga is obair in aisce é agus ní thuigim cad na thaobh nach mbaineann gach Éireannach sár-thaitneamh as foghlaim na Gaeilge.

Ní hé amháin go bhfuil Gaeilge i gceist, ach mar gheall ar an substaint agus an mianach atá san Ghaeilge féin. im thuairim féin—agus is minic adúirt mé é seo cheana—do b'fhiú an Ghaeilge athbheochaint muna mbeadh inti ach na hamhráin. Ina theannta sin tá an ceol. Gabhann na rudaí sin le chéile—an teanga féin, an fhiliocht, na hamhráin agus an ceol. Ní mise amháin adúirt é seo. Níl aon rud ar domhan, aon cheol traidisiúnta in aon tir ag baint le haon chultúr ionchurtha lenár gceol féin. Baineann an rud céanna leis an amhránaíocht agus tá sé sin ráite ag na ceoltóirí is mó ar domhan.

Tá saibhreas againn. Cad na thaobh nach dtógfaimís chugainn féin é go hiomlán? Is mó duine a bhíonn an-chorraithe nuair a bhíonn baol go leagfaí tí mór a bhain leis an 18ú aois nó an 17ú aois, na Georgian houses agus íad sin. Bionn siad an-chorraithe ar eagla go ndéanfaí smidiríní des na h-iarsmaí a bhíonn le fáil anseo agus ansiúd ar fud na hÉireann. Ach is rud beo an Ghaeilge, rud an-bhriomhar, agus ba pheaca marbhthach an Ghaeilge a loit nó gan í athbheochaint. Molaim an tAire as ucht an Bille sin a thabhairt os ár gcomhair; as ucht Bord na Gaeilge a chur ar bhonn reachtúil. Tá súil agam go n-éireoidh leis san obair atá curtha aige roimh an mbord. Le cúnamh Dé, tiocfaidh an t-am nuair a bhéas Éire ar ais mar Ghaeltacht.

An Bille seo chun bonn reachtúil a chur faoi Bhord na Gaeilge, is fada atáthar ag thúth leis, agus molaim an tAire as é a thabhairt isteach nuair nach raibh ach trí ráithe—an ghnáth-thréimhse iompair—caite fós aige dá théarma oifige. Tá mé anabhuíoch dó freisin as ar thug sé d'aithint is de mholadh do chomhaltaí an tseanbhoird, agus mé fhéin ina measc, agus do chomhaltaí Chomhairle na Gaeilge.

Faoin Bhille seo, níl sé ceadaithe d'aon Chomhalta den Oireachtas a bheith ina bhall den bhord reachtúil agus ar an ábhar sin, agus ionas nach mbeadh bac ar bith orm mo rogha rud a rá, d'éirigh mé as bheith i mo chathaoirleach an lá a scaipeadh an Bille seo. Ar ndóigh, ní raibh rún agam riamh fanacht i bhfad mar chathaoirleach. Níor mheas mé ó thús go raibh na cáilíochtaí nó an t-am agam chuige. Bhí sé de cháilíocht agam, dar ndóigh, go raibh toil ariamh agam don Ghaeilge, ach mar sin féin ní thig liom a rá go ndearna mé riamh gaisciocht ar a son. Bhí mé dílis di ar mo dhóigh fhéin—mar a dúirt file de chuid na cathrach seo i mBéarla "I was faithful to thee, Cynara, in my fashion."

Ar aon chuma, nuair a ghéill mé d'achaine an iar-Aire, Tomás Ó Domhnaill, an dualgas seo a thabhairt orm féin níor gheall mé dó ach fanacht seal gearr ann, fad is bheadh an bhunchloch dá leagan. Níor shíl mé riamh go mairfeadh an tréimhse thosaigh sin trí bliana gan Bille a bheith rite fós le stadas ceart a thabhairt don bhord. Ní raibh coinne agam ach oiread leis an deacracht, an mhoill, a bhain le foireann an bhoird a fhostú faoi scáth Choimisinéirí na Státseirbhíse, agus caithfidh mé a rá gur chúis dhíomá dom nach raibh dóthain comhair, dar liom, le fáil le mo linnse ón Roinn Oideachais.

Tá sé ráite agam cheana go raibh cuid den mhoill a bhain le freagraí a fháil ar mholtaí an bhoird intuigthe agus in-mhaite ar siocair an olltoghcháin, ach caithfidh mé a admháil go ndeachaigh sé rite liom ó am go am bheith foighneach. Mar shampla, ní bhfuarthas freagra, nó flú cuireadh chun cainte, on Roinn Oideachaís ón lá ar cuireadh moltaí críochnúla chucu i dtaobh foilsiú táacsleabhra le haghaidh meánscoileanna. Cuireadh na moltaí sin chucu in Aibreán na bliana seo caite agus ní bhfuarthas scéal ar bith uatha ón uair sin go dtí an lá ar scoir mé le Bord na Gaeilge. Is féidir go raibh aird á tabhairt acu ar ár gcuid moltaí an t-am seo ar fad agus go mbeidh toradh air i gceann tamaill. Acht, más amhlaidh a bhí, ba i ngan fhios dúinn é.

Ní bhfuaireamar ach oiread tuairimí na Roinne Oideachais ar mholtaí Chomhairle na Gaeilge faoin Ghaeilge sa chóras oideachais, rud a d'iarramar tuairim is trí bliana ó shin.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.

Debate adjourned.
Barr
Roinn