Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 21 Jun 1978

Vol. 89 No. 10

An Bille um Bord na Gaeilge, 1978: An Coiste agus na Céimeanna Deiridh. Bord na Gaeilge Bill, 1978: Committee and Final Stages.

Aontaíodh le haltanna 1 agus 2.
Sections 1 and 2 agreed to.
ALT 3.
SECTION 3.

Tairgim leasú a 1:

Ar leathanach 2, linte 23 go 25, fo-alt (1) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur in a áit:

"(1) Cuirfidh an Bord roimhe an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar ghnáthmheán cumarsáide, go háirithe tríd a húsáid mar theanga bheo a chur chun cinn."

Tá fhios agam gur deineadh leasú beag ar an alt seo sa Dáil, gur cuireadh leis an alt an abairt "mar ghnáthmheán cumarsáide", ach im thuairimse, tá an t-alt fós ró-lag mar aidhm náisiúnta. Aontaímid go léir anois go bhfuil Bord na Gaeilge ar bhun reachtúil agus im thuairimse ba chóir aidhm an bhoird nó aidhm náisiúnta ar a mbeidh an bord ag freastal a chur i bhfad níos airde ná mar atá sé san alt. Measaim gur leamh "mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide" agus molaim, dá bhrí sin, go ndéarfadh an t-alt go neamhbhalbh gurb i aidhm an bhoird nó go gcuirfeadh an bord roimhe an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar ghnáthmheán cumarsáide. Seo aidhm náisiúnta Fhian-na Fáil tar éis an tsaoil agus sa Pháipéar Bán i 1965, leathanach a 5, caibidil I, alt a 4, bhí díreach na focial sin, "an Ghaeilge a thabhairt ar ais". Ní hionann san agus a rá go bhfuilim chomh hamaideach sin go gceapaim go bhféad-faí an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla, ach measaim gur olc an rud é an aidhm foirmeálta a lagú agus chuideodh sé le stádas na teanga agus stádas an bhoird dá bhfeicfeadh daoine go raibh obair an bhoird ag brath ar an nGaeilge an a thabhairt ar ais—ni hamháin í a úsáid mar theanga bheo, mar ghnáthmheán cumarsáide, ach í a thabhairt ar ais.

Is leasú an-mhór é seo ar an alt. Ní minic a bhítear ag moladh go ndéanfaí leasú chomh mór sin, sé sin, go n-athrófaí céim in alt amháin ar fad. Ní mian liom bheith ag plé le chúrsaí focal nó le semantics leis an Seanadóir Murphy ach ní fheicim go ndéanann sé aon difríocht do spiorad nó d'éifeacht an Bhille, go ndéanfaí an t-athrú go hiomlán seo a mholann sé anseo. In alt a (3) (1), deirtear: "déan-faidh an bord an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo, a chur chun cinn". Tá sé sin go hiomlán, is dóigh liom, agus cinnte. Ní fheicim go bhfuilon aon difríocht bhunúsach idir é sin agus an rud a mholann an Seanadóir Murphy, sé sin, go gcuirfidh an bord roímhe an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar ghnáthmheán cumarsáside. Céard é an difríocht ach amháin go bhfuil ceann acu ag rá go ndéanfar é ar bhealach amháin agus an ceann eile ag rá go ndéanfar é ar bhealach eile? I ndiaidh an lúibin tar éis "Gaeilge" tá "agus go háirithe mar theanga bheo". Cén chaoí a mbeadh teanga mar gnáthmheán cumarsáide mura mbeadh sí ina teanga bheo? Má tá sí ina teanga bheo is cinnte go bhfuil daoine á húsáid lena chéile, agus más mar sin atá an scéal, tá sí ina meán cumarsáide chomh fada agus a théann sí san réimse daoine atá á húsáid. Ní maith liom bheith ag déanamh ath-aithris orm féin, ach ní fheicim aon difríocht idir an dá rud, an rud atá molta ag an Seanadóir Murphy agus an rud atá bunúsach ins an mBille féin.

Ní theastaíonn uaim bheith conspóideach í gceist na teanga ach ní féidir liom aontú leis an Seanadóir de Brún nach bhfuil anseo ach ceist semantics. D'fhéadfá cúrsa nó rud a chur chun cinn gan é a thabhairt ar ais. D'fhéadfá, cuirim í gcás, an Ghaeilge a shamhlú mar shaghas dath nó blas ar shaol na tíre. Tá sé sin an-difriúil ar fad leis an Ghaeilge a thabhairt thar n-ais agus, dar liomsa, is lagú ar an aidhm náisiúnta an t-alt faoi mar a sheasann sé. Ba mhaith liom an cheist a chur ar an Aire, cén fáth nach n-úsáidtear san alt seo an sean abairt "a thabhairt ar ais" a bhí sa Pháipéar Bán í 1965 agus a fhreagraíonn go direach don tsean-aidhm "athbheo-chan". Ní fheicim ach aon mhiniú amháin air ach gur lagú é ar an aidhm náisiúnta í dtaca leis an nGaeilge.

Mar tá a fhios ag na Seanadóiri, rinneadh leasú cheana ar an gcuid seo den Bhille. Rinneadh é ar mholadh an bhoird ad hoc a bhí ann. Sílim go bhfuil siad sásta leis an gcuid seo den Bhille mar atá sé. Ní shílim go bhfuil mórán difríochta idir an moladh atá á dhéanamh ag an tSeanadóir. Murphy agus an rud atá sa Bhille féin. D'fhéadfadh an Ghaeilge bheith 'na teanga bheo agus gan daoine á labhairt. Chaithfeadh cuid mhaith í a labhairt sul a mbeadh si ina gnáthmheán cumarsáide. Aontaím ar fad leis an aidhm náisiúnta, sí sin, an Ghaeilge a thabhairt ar ais ach nil a fhios agam an gá. Sílim go n-aontaíonn chuile dhuine, go n-aontaíonn páirtithe poilitíochta ar fad agus formhór muintir na tíre leis an aidhm sin. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an bord leis agus go mbeidh siad ag iarraidh go bhfeicfidh siad an scéal ag dul ar aghaidh go dti go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos láidre agus go gcaithfidh sé bheith mar aidhm acu í a thabhairt ar ais. Mura bhfuil an aidhm sin acu, níl fáth ar bith go mbeadh siad ar an mbord nó ag tabhairt faoin obair seo ar chor ar bith.

Ní fheicim go bunúsach go bhfuil mórán difríochta san leasú atá molta ag an Seanadóir Murphy. Sílim nach bhfuil ann ach ceist a leagan amach nó cúrsaí focal agus, dá bhrí sin, tá mise sásta go bhfuil an chuid seo den Bhille, mar atá sé os ár gcomhair anseo, ceart go leor. Táim cinnte go bhfuil an bord mar a bhí sé cheana sásta leis, agus ní shílim go bhfuil gá leis an leasú seo ata molta ag an Seanadóir.

I gcead don Aire, ní hiad tuairimí an bhoird an rud is tábhachtaí anois mar, tar éis an tsaoil, tá an bord ar ceal, agus níl an bord nua ann go fóill. Táimse ag cuimhneamh ar eagraíochtaí deontacha ar fúd na tíre ar nós Conradh na Gaeilge, dar ndóigh, agus eagraíochtaí eile nach é. Is lagú ar mhisneach na ndaoine sin atá ag obair ar son na teanga a fheiceáil nach bhfuil se soiléir, de réir dealraimh, mar aidhm ag an Rialtas an teanga a thabhairt thar nais nó, más féidir liom é a chur níos treise ná sin, ba mhór an misneach a thabharfadh sé dos na daoine aonracha agus dos na craobhacha éagsúla den Chonradh agus na heagraíochtaí eile teanga dá mbeadh an Rialtas ag tabhairt le tuiscint go neamhbhalbh go raibh an aidhm náisiúnta faoi mar a bhí, sé sin, an Ghaeilge a thabhairt thar nais.

Ba mhaith liom a rá arís go bhfuil sé cinnte in a aidhm ag an Rialtas an Ghaeilge a thabhairt ar ais agus í a leathnú, a neartú ar fud na hEireann agus í measc pobail na hEireann. Níl aon dara tuairim faoi sin agus bímís cinnte faoi sin ar an gcéad dul síos. Ní theastaíonn uaim dul i ngleic leis an Seanadóir Murphy nó le haon duine eile san Seanad, maidir le cúrsai na Gaeilge mar ní le haon dream ar bith amháin an teanga. Is le muintir na hEireann an teanga. Is í toil mhuintir na hEireann go gcuirfí an teanga ar aghaidh agus go mbeadh sí in a gnáthmheán cumarsáide chomh fada agus chomh fairsing agus is féidir. Tuigim cad tá i gceist ag an Seanadóir Murphy, go gceapfaí b'fhéidir go bhfuil laige nó níl aon anseo. Nil aon chultú ann nónil aon laige ann, mar ní féidir le duine ar bith a rá nach í aidhm an Rialtais seo an teanga a chur chun chinn agus, más é sin an leagan atá agat, "an teanga a thabhairt ar ais", "an teanga d'athbheochaint" a bhíodh ann fadó agus chuireadh daoine eile ina choinne sin agus deiridís nach féidir rud atá marbh a aithbheochaint, ní ghlacfaidís leis go raibh an teanga marbh, agus mar sin níorbh aon chabhair í d'athbheochaint. D'fhéadfaí an rud céanna a rá faoin rud atáimíd á phlé anseo. Measaim fós nach bhfuil ann ach cúrsaí foclaíochta agus gur chuma pé acu den dá rud a thógfá, nach bhfuil aon difríocht nó-mhór eatharthu ach amháin de réir mar bhaineann tú ciall astu nó de réir bh'féidir mar a d'oirfeadh sé duit féin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment, by leave, withdrawn.

Tairgim leasú a 2:

Ar leathanach 3, linte 1 go 4, fo-alt (5) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina áit:

"(5) Beidh sé de dhualgas ar aon Aire nó aon Roinn Stáit nó comhlacht reachtúil nó comhlacht eile, a chomhlíonann aon fheidhm i ndáil leis an nGaeilge, dul i gcomhairle agus fanacht i gcomhairle leis an mbord maidir leis an gcaoí in a gcomhlíonann an tAire nó an Roinn nó an comhlacht sin an fheidhm sin."

Arís, rinneadh iarracht sa Dáil an Bille a neartú sa phointe seo agus nílim chun dul siar ar na hargóintí a deineadh sa Teach eile ach amháin a rá nach leor comhairle" faoi mar a úsáidtear an téarma i fó-alt (4):

Féadfaidh an Bord comhairle a thabhairt d'Aire Rialtais maidir le hábhar a bhaineann leis an nGaeilge.

Má tá an bord chun a bheith éfeachtach ag déileáil le Ranna eile Stáit, caithfidh an bord fiacla éigin nó éifeacht níos fearr a bheith acu ná mar atá leagtha síos sa Bhille. Cuirim i gcas fó-alt (5) faoi mar a sheasann sé, deir sé:

D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh Roinn Stáit nó comhlacht reachtúil no comhlacht eile d'aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an nGaeilge a bhfuil an Roinn nó an comhlacht freagrach inti.

Níl aon rud conspóideach i fo-alt (5). Ní deireann sé ach gur cóir do Ranna Stáit eile dul ar aghaidh leo maidir le cúrsaí Gaeilge agus níl mórán brí leis sin. In áit fó-alt (5) táimse ag moladh go mbeadh sé de dhualgas ar na Ranna Stáit sin, ar aon Aire Stáit eile, dul i gcomhairle agus fanacht i gcomhairle leis an mbord. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin iomarcach maidir le dualgais Ghaeilge na nAirí eile. Is ceist measa é ar an mbord. Ní morán an meas a mbeidh ag Airí eile ar an mbord muna mbeidh aon dualgas orthu dul i gcomhairle leis an mbord i dtaobh cúrsaí Gaeilge. Chun an Bord a neartú agus é ag déileáil le Ranna eile Stáit molaim an rún seo. Ba mhaith liom a rá maidir leis seo agus an rún eile a bhí molta agam, go dtagann na leasaithe seo le meon Chonradh na Gaeilge. Ní beag an dream iad san agus ba chóir áird eigin a thabhairt orthu.

Níl fhios agam ar an bpointe seo céard é meon an Aire agus ní raibh fhios agam cérbh é a mheon maidir leis an rún eile, agus níl á nochtú agam ach mo thuairim féin. Sé an cuspóir a bhí le halt 3 (3) ná go ndéanfaí comhorú agus comheagair idir Ranna Staít agus go gcuirfí ar a súile dóibh agus ar a n-aire dóibh, go raibh dualgas orthu sin freisin, sé sin ar gach Roinn Stáit agus ar gach Aire Stáit a bheith comhoibritheach agus comhordaitheach maidir le cur chun cinn na teanga. Caithfear a admháil gurb é an laige a bhí ar ghluaiseacht na teanga b'fhéidir le blianta maithe siar nach raibh an comhordú agus an comheagrú sin ann mar nach raibh aon rud ráite ina thaobh in aon Bhille mar nach raibh an bord seo ann nó an Bille seo ann. Ach beidh sé anseo feasta agus beidh sé de dhualgas agus de chúram ar an mbord, sin mar a thuigtear domsa ar aon nós, bheith i gcomhpháirt leis na Rannaí éagsúla Stáit, agus a bheith ag lorg a gcabhrach uathu le cuspóiri an bhoird agus le cuspóiri na teanga trí chéile a chur chun cinn. Im thuairimse, is leor é sin mar chomhordú agus is leor é mar chomhordú ag an mbord seo a mbeidh dualgas orthu go príomhtha an teanga a chur chun cinn, í a láidriú i measc an phobail mar mheán chumarsáide agus í thabhairt ar ais, más mian leat é sin a rá mar sin. Mar sin, ní fheicim go bhfuil aon riachtanas ró-mhór leis an leasú atá molta ag an Seanadóir Murphy maidir le alt 3 (5). Sin a bhfuil le rá agam ach a rá arís nach eol dom meon an Aire nó meon an Rialtais i dtaobh na leasaithe seo.

Ach faoi mar a sheasann fó-altanna (4) agus (5) is féidir le haon Ranna Stáit, go mór mhór an Roinn Oideachais cuir i gcás, neamhní a dhéanamh de mholtaí an bhoird. Faoi mar a sheasann an Bille, níle sé de dhualgas ar aon Aire Stáit dul i gcomhairle leis an mbord.

Rinne mé tagairt don phointe seo nuair a labhair mé an lá faoi dheireadh agus dúirt mé ar an gcéad dul síos gur mheas mé, nuair a tugadh aisínteacht Stáit ar an mbord, gur díoladh thar a luach é, mar a déarfá, mar go hiondúil nuair a thabharfaí aisínteacht Stáit ar dhream ar bith shílfeá go mbeadh cumhacht a ndóthain acu chun cibé dualgaisí a bhí orthu a chur i gcrích. Ach ní hamhlaidh atá maidir le Bord na Gaeilge agus tar éis dom féin agus do na comhaltaí a bhí ann an t-am sin machnamh géar a dhéanamh ar an scéal, tuigeadh dúinn nárbh fhéidir go mbeadh fiacla ag an mbord seo. Caithfidh bord den chinéal seo a bhéas ag iarraidh dul í gcion ar Ranna Stáit cosúil leis an Roinn Oideachais, é a sin dhéanamh gan fiacla a bheith acu, mar caithfidh an tAire agus an Roinn Stáit lena mbaineann, abraimis, cúrsai oideachais bheith freagrach ar fad as gach gné de pholasaí an Rialtais maidir le hoideachas. Cé go mbeidh siad ag iarraidh na tuairimí sin a chur siar ar an Roinn nó an Roinn a mhealladh i leith na dtuairimí sin, caithfidh siad bheith foighneach agus bheith ag iarraidh dul i gcion ar an Roinn agus comhairle a thabhairt don Roinn agus comhchoistíochas a bheith acu leis na Ranna tábhachtacha seo. Caithfidh said a ndícheall a dhéanamh an cuspóir atá leagtha orthu a thabhairt chun críche ar an mbealach sin agus gan aon smacht a bheith ag aisínteacht den tsórt seo ar Roinn Stáit. Sin an fáth gur leag mé oiread sin béim ar an ghá atá le comhoibriú agus le comhc hoistí den tsórt a luaigh mé a bheith ann chun an comhoibriú a chinriú agus a bhrostú. Ní dóigh liom go bhfuil sé in-déanta go mbeadh fiacla, sa chiall go mbeadh smacht, ag Bord na Gaeilge ar Roinn Stáit ar bith.

Sé atá le déanamh acu mura dtugtar áird ar bith ar a gcuid moltaí—agus tá faitíos ann i gcónaí nach dtabharfar—ná gearán a dhéanamh leis an Aire nó leis an Rialtas féin, agus mura bhfuil siad sásta go ndéanfar dóthain de réir mar a mholann siad, mura ndéantar leas na Gaeilge dar leo, caithfidh siad éirghe as agus é bheith ina raic ansin.

Admhaím, dar ndóigh, go bhfuil an ceart ag an Seanadóir Whitaker nuair a deir sé nach cóir go mbeadh smacht ag Bord na Gaeilge ar aon Roinn Stáit, ná níor chóir go gcuirfeadh Bord na Gaeilge isteach ar Aire eile nó aon Roinn Stáit, ach is mór an difríocht idir "smacht" agus "dul i gcomhairle". Ní éileoinn in aon chor go gcuirfeadh an bord a gcuid tuairimi siar ar Ranna Stáit né ar Airí eile Stáit ach, ar a laghad, is saghas pointe leath-shlí an rud atá molta agamsa, nach leor fo-ailt (4) agus (5) faoi mar a sheasann siad, mar de réir na ranna sin níl de dhualgas ar aon Aire aon chluas in aon chor a thabhairt do Bhord na Gaeilge. An rud atá á rá agamsa ná go mbeadh sé de dualgas ar na ranna eile Stáit dul i gcomhairle leis an mbord. Ach bheadh siad saor fós agus neamhspleách fós chun a rud féin a dhéanamh.

Sílim gur cheart dom an Seanadóir Murphy a mholadh i ngeall ar go raibh oiread suime aige sa Bhille agus gur shuigh sé síos agus gur thóg sé an le leasaithe a mholadh. Ba mhaith liom bheith in ann teacht chuige cuid den bhealach leis na moltaí atá curtha os ár gcomhair aige ach sílim san leasú seo go bhfuil sé ag dul thar fóir ag iarraidh go mbeadh Bord Stáit ar bith in ann brú a chur ar Aire agus a rá go raibh dualgas ar an Aire sin i leith an bhoird sin. Ní shílim go mbeadh sé de réir cúrsaí mar atá siad i láthair na huaire, is cuma cén bord atá i gceist, agus sin an deacracht a fheicim san leasú seo atá molta ag an Seanadóir. Séard a theastaíonn uainn go mbeadh comhoibriú idir na Ranna Stáit agus an bord féin maidir le ceist na Gaeilge a leathnú agus a chur chun cinn agus go mór mhór, ar ndóigh, an Roinn Oideachais.

Dá bhrí sin, tá brón orm nach dtig liom an leasú atá molta aige a ghlacadh agus go mór mhór ó tharla, mar a dúirt mé, go raibh suim aige san mBille féin agus gur thóg séam leis na leasaithe seo a mholadh. Sin deacracht a fheicim, go bhfuil sé ag dul thar fóir nuair as deireann sé go mba cheart go mbeadh dualgas ar Aire ar bith, mar a déarfá, i leith na Gaeilge féin. Combhoibriú atáa ag teastáil agus bemíd ag súil go mbeidh sé sin le fáil.

An Leas-Chathaoirleach

An bhfuil an Seanadóir ag tarraing siar an leasú?

Ní hionann an cás so agus an céad leasú a bhi agamsa. Dar liom, is ceist bhunúsach í seo. Mar sin, nílimse sásta an leasú a tharraingt siar.

Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh na focail a thairgtear a scríosadh mar chuid den Bhille."

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis ghlacadh leis an gceist.

Question "That the words proposed to be deleted stand" put and declared carried.
Aontaíodh le haltanna 3 go 9 go huile.
Sections 3 to 9, inclusive, agreed to.
ALT 10.
SECTION 10.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 10 mar chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 10 stand part of the Bill."

Maidir le alt a 10 níl aon leasú curtha síos agam ach mar sin féin ba mhaith liom focal a rá i dtaobh cúrsaí fóirne. Ní luann an t-alt priomhoifigeach nó aon oifigeach faoi leith ach ba mhaith liom a mholadh go láidir don Aire cuimhneamh ar an méid seo: an meas atá ag an hpobal ar dhuine is minic a bhíonn sé fite fuaite leis an tuarastal a bhíonn aige agus déar fainn go bhfuil sé sin fíor go mór mhór sa státseirbhís. Nuair a cuireadh síos na leasaithe eile, sé a bhí i gceist agam i ndáiríre ná stádas a thabhairt don bhord chomh mór agus is féidir agus ba mhaith liom go mbeadh stádas ag priomhoifigeach an bhoird a tharraingeodh meas air ó státseirbhísigh eile agus é ag déileáil leo ina chuid gnótha. Mar sin ba mhaith liom a chur i gcuimhne dos na Seanadóirí go raibh moladh suimiúil i gcaipéis a foilsíodh i 1972, sé sin. Feidhmiú Polasaí Teanga, a d'fhoilsigh Comhairle na Gaeilge— n'fheadar an raibh an Seanadóir Mulcahy ar an Gcomhairle sin nó an Seanadóir Whitaker. Nach í sin an chomhairle gur de bharr a chuid moltaí a cuireadh Bord na Gaeilge ar bun? In Alt a 9.6.2 de Feidhmiú Polasaí Teanga bhí an moladh seo: go mbeadh gradam agus tuarastal ag príomhoifigeach an bhoird a chuirfeadh ar aon chéim é le príomhfheidhmeannaigh eile Stáit. Tuigim nach féidir leis an Aire díreach ag an bpointe seo aon gheallúint a thabhairt domsa a dheimhneodh an scéal seo, ach ba mhaith liom, mar sin féin, an moladh seo a chur os a chomhair.

Ba mhaith liomsa cuidiú leis an Seanadóir Murphy sa chás seo, gur chóir agus gur cheart go mbeadh gardam ag an té a bheidh i mbun an bhoird seo agus go mbeadh sé ar aon leibhéal le hoifigigh eile dá leithéid. Mholfainn don Aire, agus aris nil fhios agamsa céard é meon an Aire anseo, go detabharfaí tuarastal don phriomh-fheidhmeannach a bheidh i mbun an bhoird seo a bheadh ar aon leibhéal le tuarastal duine dé leithéid ar aon bhord Stáit eile, sa gcaoi go bhfeicfí go rabhthas dáiríre faoin teanga agus go rabhthas ag tabhairt gradaim chomh hárd d'fheidhmeannach bhoird na teanga is a bheadh ag aon fheidhmeannach eile.

B'fhéidir go dtabharfar cead dom cuidiú leis an méid atá ráite ag an mbeirt a labhair cheana. Ní meas nó gradam nó stádas amháin atá i gceist anseo ach, ag féachaint don obair an deacair amach agus amach atá beart aithe do Bhord na Gaeilge, caithfear bheith ag dréim le cáilíochtaí neamhghnáthacha a bheith ag an bpríomh oifigeach. Caithfidh sé a bheith ina shiceolaí, an-shaineolas aige ar stair agus staid na Gaeilge, taithí aige ar chúrsaí bainistíochta, an-chur chun gnímh ar fad ann, agus sílim féin go mbeadh sé fuar a bheith ag brath ar na caíliochtaí sin uilig ó dhuine nach dtabharfaí ach meán-tuarastal bainistiochta sa státseirbhís dó. Caithfear dul i bhfad níos aoirde ná sin chun an duine ceart a mhealladh.

Sílim go bhfuilimid uilig ar aon fhocal faoin cheist seo. Caithfímid a rá, tá mise cinnte dhó, gurb é seo an bord is tábhachtaí a bunaiodh go fóill sa Stát, agus dá bhrí sin caithfímid feiceáil, leis an stádas ceart a thabhairt don phríomh-fheidhmeannach agus feiceáil go mbeidh an pá a bhés aige chomh hárd le pá aon cheann eile de na priomh-fheidhmeannaigh atá sna boird eile atá ag obair sa Stát. Beidh mé féin á mholadh seo d'Aire na Seirbhíse Poibli, agus beidh mé ag súil go nglacfaidh sé leis an moladh seo. Táimid uilig, sílim, ar aon fhocal faoin cheist seo. Luaigh an Seanadóir Whitaker tabhacht na hoibre a bhéas ar siúl aige agus aontaimid ar fad leis sin.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh halt a 11.
Section 11 agreed to.
ALT 12.
SECTION 12.
Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt a 12 mar chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 12 stand part of the Bill."

Is dócha nach bhfuil aon leigheas ar an gceist seo. Mar adúirt mé, is mór an trua nach féidir daoine ar nós Seanadóirí agus Teachtaí Dála bheithe ina mbaill den bhord seo.

Ba mhaith liomsa a rá go han-achomair ar fad go n-aontaím leis an rud atá anseo, mar dá mbeadh Teachtaí Dála nó Seanadóirí ina mbaill de bhord Stáit agus íocaíocht dá fháil acu as ucht freastail ar an mbord sin, d'fhéadfaí a chur ina leith go raibh siad ag obair ar a leas féin agus gur chun a leas féin a chur ar aghaidh a bhíodar páirteach san mbord Stáit sin go díreach. San gcaoí sin ní dóigh liom go mba mhaith an rud é go bhféadfaí é sin a chasadh leo nóa rá leo go raibh siad ar bhord Stáit, go raibh íocaíocht á fháil acu, mar go gcuirfí ina leith nach le dílseacht don obair a bhí ar siúl acu san ngníomhaíocht sin a bhíodar ach ar son íocaíochta nó airgid.

Táimid ag leanacht de nós atá ann maidir le boird Stáit, agus nior mhaith liomsa go mbeinn ag tabhairt isteach eisceacht sa bhord seo. Aontaím, ar dóigh, gur mór an trua é nach dtig linn leithéidí an Seanadóir Whitaker, an Seanadóir Mulchay agus daoine eile a raibh páirt mhór acu san tsean-bhord agus le cúirsaí na Gaeilge a scrúdú le blianta fada, a cheapadh ar an mbord seo. Tá mé cinnte de dá mba rud é fiú amháin go ndearna mé eisceacht agus gur chuir mé cúpla Seanadóirí ar an mbord seo gur beag suaimhnis a bheadh agam; bheadh daoine ag rá gur politíocht a bhí i gceist agus ón taobh sin den scéal déarfainn b'fhéidir go mbeinn ag déanamh dochair don bhord féin dá bhféadfadh daoine a rá go raibh politíocht i gceist nuair a bhí baill an bhoird dá thoghadh. Sílim mar sin gur fearr cloí leis an scéal mar atá sé.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh an Teideal.
Title agreed to.
Aontaíodh na céimeanna eile a thógáil inniu.
Agreed to take remaining States today.
Tuairiscíodh an Bille gan leasú, glacadh é chun an bhreithniú deiridh a dhéanamh air agus ritheadh é.
Bill reported without amendment, received for final consideration and passed.
Barr
Roinn