Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 1979

Vol. 91 No. 6

An Bille um Údarás na Gaeltachta, 1978: An Dara Céim (Atógáil) agus na Céimeanna Deiridh. Údarás na Gaeltachta Bill, 1978: Second Stage (Resumed) and Subsequent Stages.

Athtairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara Uair."
Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Ag leanúint ar an méid a bhí á rá agam an tseachtain seo caite, bhí mé ag teacht go dtí an pointe an uair sin go raibh mé chun cur síos ar an chaoi an-mhaith ina raibh an córas sin, Radio na Gaeltachta, ag obair ó thaobh chumarsáid níos sásúla a dhéanamh idir ceantair éagsúla na Gaeltachta, agus cheap mé féin le fada an lá, thar na blianta sar ar chuireadh Radio na Gaeltachta ar bun, go mba cheart go mbeadh sé ann. Tugann sé saghas aontais don Ghaeltacht iomlán in ionad go mbeadh siad scartha óna chéile ina reigiúin bheaga. Idir an dá linn bhí deacrachtaí ann an chómhairle sín a chur ag obair i gceart, taobh istigh de Údarás RTE, mar, mar dúirt mé cheana anseo, bhí sé i bhfad níos fearr go mbeadh na heagrais lógánta seo neamhspleách ó RTE. Beidh siad in ann a gcuid fhéin a dhéanamh gan bheith ag féacaint thar a nguaillí ar an fear mór thuas i Montrose. Ach ag argóint sin caithfidh mé admháil anois go bhféachann sé go bhfuil rudaí ag obair go maith leis na socruithe nua atá ann. Ach tagann sé chugam ag caint ar seo—agus níl mé cinnte ach ceapaim gur luaigh mé seo cheana ag cur síos ar Bhillí a bhí ceangailte leis an Aire—go m'bfhéidir go mba ceart bheith ag smaoineamh anois ar chóras ceart telefíse a chur ar fáil, i dtreo is go mbeadh muintir na Gaeltachta, ní amháin in ann iad féin a chloisint agus labhairt le chéile, ach go mbeadh siad in ann iad féin a fheiceáil trí dhíospóireacht, cur síos, agus mar sin de. B'fhéidir go gceapfadh daoine go mbeadh an saghas ruda sin anchostasúil le smaoineamh ar chóras telefíse i gcomhar na Gaeltachta. Ceapaim féin go bhfuil an córas ann cheana féin mar tá an chuid den chóras atá ag obair ó na tiomnóirí ar Maghera, Mullaghanish agus Truskmore agus áiteacha eile, díomhaoin i gcomhair chuid mhaith den lá agus abraimís ba cheart go bhféadfaí uair a chloig sa tseachtain, uair a chloig maidin Dé Sathairn, uair a chloig maidin Dé Domhnaigh, a thabhairt do mhuintir na Gaelatachta i dtreo is go mbeadh siad in ann cur leis na seirbhísí cumarsáide atá acu anois. Ba cheart go mbeadh na seirbhísí sin acu leis na blianta anuas. Ba mhaith liom é sin a chur os comhair an Aire agus b'fhéidir go bhféadfadh sé dul ag caint leis an Aire Poist agus Telegrafa agus é sin a chur abhaile ar RTE.

Is é mo phointe deireannach ná go mbíonn an-chuid cainte sna Gaeltachtaí, idir muintir na Gaeltachta agus na buíona éagsúla a oibríonn san nGaeltacht ar cé comh héifeachtach is atá Gaeltarra Éireann. Dúirt mé san chéad chuid de mo óráid gur cheap mé go raibh togha job déanta acu agus do leag mé amach na figiúirí chun an taobh sin a theaspáint, go rabhadar tar éis fostaíocht a chur ar fáil, idir '67 agus '78 i gcomhair nach mór 4,000 daoine, go ndeachaigh na figiúirí ó 700 go dtí timpeall 4,700. Dúirt mé san chéad chuid de mo óráid go raibh an figiúr sin ar 5,000. Bhí mé beagáinín as slí ansin, ach is dóigh liom go bhfuil an figiúr sin, 4,700 ceart.

Ag féachaint ar na figiúirí a tháinig amach ar an bpáipéir ar maidin ar chostas fhostaíochta ó thaobh IDA de, d'fhéach mé suas na figiúirí i gcomhair Ghaeltarra agus feicim go bhfuil timpeall £46 milliún infheistithe i monarchana, scaireanna, i dtrealamh agus mar sin de, chun cabhair a chur ar fáil chun an tionsclaíocht a mhéadú san Ghaeltacht. Cuir an dá fhigiúr sin le chéile agus táimíd ag caint, mar sin, mar gheall ar £10,000 an job. Ag féachaint ar sin, b'fhéidir go bhféachann sé mór go leor, ach níl sé mór i gcomparáid leis na figiúirí a bhí poiblithe inniu ag teacht ón tuarascáil a chuir Business and Finance ar fáil. Bhí siad ag caint ar £20,000 an job, ach cloisim ón nuacht inniu go bhfuil IDA tar éis é sin a bhréigniú agus go bhfuil an figiúr i bhfad níos lú ná sin, nach raibh ach cuid den airgead a cuireadh isteach caite. Níl a fhios agam anois cad é an figiúr ceart i gcóir an IDA—b'fhéidir go bhfuil sé timpeall £5,000 nó mar sin. Braitheann sé ar an bhfuil traenáil curtha san áireamh, an bhfuil na réamh fhóirgintí thionsclaíochta curtha san áireamh? Níl fhios agam ach ar aon chuma ceapaim go bhfuil 10,000 postanna i gcóir Ghaeltarra maith go leor mar bheart agus ba mhaith liom é sin a chur ós bhur gcomhair.

Tá Údarás na Gaeltachta tagtha anois nach mór agus tá súil agam go nglacfar leis an Bhille. Guim rath Dé ar obair na ndaoine go léir go mbeidh baint acu leis an Údarás. Ní amháin gur údarás é i gcóir cúrsaí agus eacnamaíochta san Ghaeltacht ach is beart nua é ó thaobh coincheap daonlathais, agus san tseachtain atá caite bhí seans agam bheith ag díospóireacht le daoine a bhí ag cur síos ar chóras ceart Rialtais láithrigh i gcomparáid le Rialtas lógánta agus ceapaim nach bhfeiceann daoine fós—agus dúirt mé é seo cheana agus ba mhaith liom críochnú leis—go bhfuil san bheart nua seo, san choincheap nua seo Údarás na Gaeltachta b'fhéidir ubh nua a bhféadfadh fás chun a thaispeáint go bhféadfaí córas nua forbartha réigiúnach a chur ar fáil sa tír seo. Ní dóigh liom go bhfeiceann daoine é sin ach ceapaim féin go bhfuil céim nua tógtha ag an Aire anseo agus go mbeimid ag caint mar gheall air san todhchaí.

Níor labhair mé ach uair amháin riamh as Gaeilge sa Seanad. Bhí sé cuíosach deacair dom an uair sin, agus caithfidh mé a rá nach bhfuil sé rófhurasta anois. Mar sin, caithfidh mé tar éis tamaill labhairt as Béarla. I dtosach ba mhaith liom go mór labhairt ar an mBille seo mar ceapaim go bhfuil polasaí an-tábhachtach ann; tá aidhm an-tábhachtach ann agus is soiléir dom go bhfuil smaointe nua ciallmhara ag an Aire a d'fhéadfadh bheith anéifeachtach. Do rinne Gaeltarra Éireann obair an-mhaith i rith na bliana ach tá plean nua againn anois, plean a thugann tacaíocht don Ghaeltacht i slí nua, slí nach raibh cumhacht ag Gaeltarra Éireann a chur i bhfeidhm. Tá dearcadh nua san Bhille, dearcadh a thugann daonlathas do mhuintir na Gaeltachta i slí nár samhlaíodh cheana, fiú amháin san Ghaeltacht ach in aon áit sa tír. Mar sin, tá áthas orm fáilte a chur roimh an Bhille agus mo thacaíocht féin a thabhairt dó.

This Bill is wide-ranging in its importance not only for the Gaeltacht areas but for the rest of the country. It adds a new dimension to our concept of democracy. We have discussed many times our concern to advance the concept of democracy and industrial democracy in the various ways in which it can express itself. The Minister proposes to advance the frontiers with great imagination and courage in a way which will be wholly successful. The basic concept of involving muintir na Gaeltachta in the selection of the majority of the údarás is a most important decision which will have wide-ranging consequences for the good of the Gaeltacht areas, the people in them and, in time for the whole country. I think it will set a headline. It involves the individual in the decision-making process in a fundamental and wide-ranging way.

Section 9 augments what I said in an important and far-reaching way because the section provides ways in which the údarás can acquire more powers. The areas set out in section 9 are particularly revealing because they refer to the promotion of the linguistic, cultural, social, physical and economic development of the Gaeltacht. That takes in the whole canvas. It provides ample opportunity for the people of the Gaeltacht, through their representatives on the údarás not only to respond to new features or new requirements but, more important, to take the initiative and to suggest new powers in dealing with new situations or to initiate new programmes or new concepts. The areas in which these powers may be sought are very wide and provide a great area for the members of the údarás to use their imagination and feelings for the people of the Gaeltacht.

The basic concept of the advancement of democracy in this way for the benefit of the people, advanced further by section 9, is definitely exciting in the whole concept of economic, cultural and community development. The headline which has been set here may help to accelerate other community and democratic changes to our society on the economic and other fronts.

A practical power is contained in section 10, that is, the power to guarantee loans sought by organisations to which the údarás would have given financial support. That could be very important in practice. It should be mentioned specifically in that manner because there will be situations where an institution may feel that an investment should be made if it is well within the area of risk which they think should be taken. I use "risk" in the particular sense of the term.

For reasons of financial planning or liquidity they may not be in a position to provide the finance themselves. This power can make it possible for the údarás to allay their strength and financial judgement with money which is otherwise available. I believe it is a wise power and one which will help lubricate developments and investments which otherwise may not get off the ground.

As a Dubliner I wish to indicate my support for the Bill and the new concept which it indicates. I am glad to welcome it in the centenary year of the birth of Patrick Pearse. The progressive way in which the Bill provides for the people of the Gaeltacht to help themselves is a timely and worthwhile way in which to commemorate this centenary. As a Dubliner, and bearing in mind the unfortunate and unrepresentative remarks which the Lord Mayor of my city made in relation to the Pearse centenary, the general impression he gave that those who wish to support the language and culture should be identified in some way with——

It is not the practice to condemn or attack someone who is unable to defend himself.

I did not wish to make a personal reference to the Lord Mayor. The mentality which, through some form of neo-MacCarthyism, tries to identify people who use the language and culture with political delinquency is best answered by directing attention to this type of Bill which is progressive, constructive and for the benefit of the people. Above all, it is democratic and advances the frontiers of democracy beyond what is generally taken to be the meaning of democracy, bringing it to life for the people of the Gaeltacht. It is important for the Gaeltacht. In time it will influence our attitudes to other ideas for other parts of the country. I welcome the Bill.

Is cúis bhróin agus náire dom nach bhfuil mé in ann díospóireacht a dhéanamh ar an mBille seo in ár dteanga dhúchais mar go bhfuil an Ghaeilge beagnach caillte agam mar go bhfuil mé as cleachtadh. So I must beg the indulgence of the Minister and the Members of the House to continue through the medium of the second official language.

The purpose of the Bill is set out in section 8 which reads:

(1) An tÚdarás shall encourage the preservation and extension of the use of the Irish language as the principal medium of communication in the Gaeltacht.... (2) An tÚdarás shall carry on, control and manage the industries and productive schemes of employment carried on,...

I welcome this approach. Some people still think that the only job the Minister for the Gaeltacht does is hand out fáinnes and encourage people to speak Irish when he has the grave responsibility of looking after the welfare of the people of the Gaeltacht. If we can provide the people of the Gaeltacht with a living in their own place, speaking their own language, we shall have done more to restore the Irish language in this country than we have so far achieved in our half century of independence. What is the use of having a Gaeltacht? What is the use of having and taking pride in our native speakers if they are obliged to earn their living in places like Liverpool and London?

When we talk of providing industries for the Gaeltacht areas we must remember that we are talking about one of the most disadvantaged areas in Europe. We are talking about an area that has been decimated by famine and emigration. It is sad that the greatest attraction the Gaeltacht areas have, apart from scenic beauty, is that there are so few people there today. One goes there to get away from the strains and stresses of life, to travel traffic-free roads and through areas without seeing houses.

In the years 1770 to 1840 the population rose by an unprecedented 172 per cent. One of our remotest and poorest counties, Mayo, had the highest population in rural Ireland. That population fell so quickly, by over 26 per cent, that it is now almost an unpopulated area. We are talking about providing this very disadvantaged area with the infrastructure of roads, water, sewerage and telephones in order to encourage industrialists to invest money. We should be under no illusions as to the magnitude of the Minister's task. I should like to emphasise a point made in the Dáil Debate on this Bill by Deputy Woods. He said that An tÚdarás should be encouraged to promote their own training programme in order to get the maximum benefits from the EEC social fund.

One of the fringe areas of tourism in the Gaeltacht areas which could be developed is to encourage parents to share a holiday in the Gaeltacht with their children. Parents who are concerned about the low standard of Irish being taught in our schools and who send their children to the Gaeltacht areas in order to improve their Irish would surely be interested in sharing a holiday with them. The first time my family went to a remote part of the Gaeltacht to improve their Irish, I felt obliged to travel to the West to speak to the family and thank them for the hospitality they had shown to my children. After speaking to bean an tí, the impression I got was that, after she had recovered from the initial shock of the very poor Irish of the children sent from Dublin and from the eastern seaboard, she felt the only thing she could do was, to try and instill into them an awareness of the language.

I feel that a great deal could be done in this area. Our well-intentioned efforts to restore the Irish language have resulted in our having a bowdlerized version of an ancient and honourable tongue. I feel that the bureaucratic approach to the restoration of the language has resulted in the speaking of Irish being regarded as a cultural status symbol. The sort of mad bureaucracy that consigns the transport system of this capital city to the fastness of An Lár, wherever that may be, is to be deplored. To those bureaucrats I would say "Hands off the Irish language. Leave it to the people who really care about it, who really understand it and who speak it daily." I assure the Minister that many of us from whatever traditions we belong to, be it the Gaelic-speaking tradition or the English-speaking tradition, are aware of the peculiar responsibility we have as a people towards the preservation of the Irish language as part of our Celtic heritage. We are the only remaining independent Celtic nation and we have an obligation to restore and keep alive the language which was first brought to this country many thousands of years ago by the last wave of Celtic invaders, a language that has developed through Old Irish and Middle Irish into the language that is still spoken, though sadly in diminishing numbers, by the people of the Gaeltacht areas today.

Ar dtús, is maith liom an fháilte a chuir an Seanadóir O'Brien roimh an Bhille. Ina óráid thug sé figiúirí a bhí suimiúil dom féin, fiú amháin nuair a luaigh sé an méid daoine a d'fhág na Gaeltachtaí sna blianta atá caite. Sílim gur fiú rud amháin a lua faoi sin: ní hé amháin gur imigh daoine, fir agus mná, ach gurb iad scoth na bhfear agus na mban a d'fhág na Gaeltachtaí, rud a d'fhág an scéal níos measa fós, mar gurb iad na daoine ba laige a fágadh agus rud é sin nár chuidigh leis an nGaeltacht féin nó le spiorad na Gaeltachta, ná leis an ngríosadh a bhí ag teastáil leis na Gaeltachtaí a spreagadh chun rud éigin a dhéanamh ar mhaithe leo féin.

Is fíor a rá chomh maith go raibh meon faoi leith ag na daoine maidir leis an teanga féin de bharr na himirce. Má thógaimid mo Ghaeltacht féin, cuirimid i gcás, Gáeltacht Mhaigh Eo, is dócha gur mó an mheath a tháinig ar an teanga ansin ná in aon Ghaeltacht eile de bharr na himirce, agus is de bharr an mheoin a bhí ag daoine i leith na Gaeilge a tharla an mheath sin. Is é an rud a bhí le cloisteáil ó dhaoine a bhí ag tógáil clainne, "Cén mhaith dúinn an Ghaeilge nuair a chaithfeas muid dul go Sasana nó go hAlbain lenár mbeatha a shaothrú"? Sílim go bhfuil an meon sin caite anois. Ó bunaíodh Gaeltarra i 1965 agus an fhostaíocht atá curtha ar fáil sna Gaeltachtaí de bharr na cabhrach atá tugtha ag gach Rialtas chun na cuspóirí sin a bhaint amach—is é sin lánfhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta—tháinig athrú ar an meon sin agus tá misneach níos fearr acu de bharr rudaí atá ag tarlú i láthair na huaire sna Gaeltachtaí.

Níl dabht ar bith ná gurb é an rud is tábhachtaí, mar adúirt an Seanadóir O'Brien, na daoine a spreagadh le gníomh a dhéanamh ar mhaithe leo féin, agus sílim go dtig liom a rá gurb é sin go díreach an rud atá i gceist sa Bhille seo: údarás a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh an tromlach acu ar an údarás. Beidh siad in ann mórsheisear a thoghadh agus beidh an tAire ag ainmniú seisir don údarás, agus de bharr go mbeidh an tromlach acu ar an údarás ní raibh rud níos fearr ag muintir na Gaeltachta go dtí seo le rud éigin dearfa a dhéanamh ar a son féin.

Do luaigh an Seanadóir Brugha dhá phointe thábhachtacha maidir leis an mBille agus maidir leis an nGaeltacht, agus arís tá sé ag teacht le cuid den rud adúirt an Seanadóir O'Brien, is é sin, nach hé amháin cothú na teangan ach cothú mhuintir na Gaeltachta féin atá i gceist. Maidir leis an bhfostaíocht, luaigh sé rud a chuireann isteach orm féin; nuair atá fostaíocht á cur ar fáil agus nuair atá monarchana againn, is minic a tharlaíonn sé de bharr bainistíochta nó cúrsaí mar sin, nach í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt ag muintir na Gaeltachta ag obair ins na monarchana sin. Táimid ag iarraidh an scéal sin a leigheas; táimid ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ins na monarchana. Tá cúrsaí traenála á gcur ar bun anois le cleachtadh a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta iad féin a bheith i mbun cúrsaí mar sin, agus fiú amháin an tráthnóna seo, tá Rúnaí Roinn na Gaeltachta ag bualadh le cuid de phríomh-fheidhmeannaigh Ghaeltarra Eireann ag plé na ceiste seo agus ag iarraidh fáil amach céard é an bealach is fearr le béim a chur ar labhairt na Gaeilge ins na monarchana sin i gcaoi nach mbeidh an fhostaíocht féin ag cur meatha ar Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Tuigimid an tábhacht atá leis agus, tá mé cinnte, de bharr an fhiosrúcháin seo agus de bharr an scrúdaithe atá á dhéanamh ar na cúrsaí seo, go mbeidh feabhas ar an scéal agus nach gcluinfidh muid go bhfuil Béarla á labhairt sna monarchana feasta.

Rinne an Seanadóir Brugha tagairt chomh maith do Bhord na Gaeilge. Tá cúram orthu san ar chúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht, níos mó b'fhéidir ná cúrsaí sa nGaeltacht féin, ach tá rud amháin a luaigh sé maidir leis na Gaeltachtaí agus sin go bhfuil deacracht ann maidir le Gaeltachtaí a chaill an Ghaeilge agus atá ar imeall na Gaeltachta—cén chaoi is fearr cuidiú leo sin? Tá sé sin á scrúdú i láthair na huaire chomh maith. Tuigimid go bhfuil sé níos fusa an Ghaeilge a thabhairt ar ais in áiteanna mar sin, áiteanna a bhfuil eolas ar an nGaeilge féin ach nach bhfuil sí á labhairt ró-fhairsing nó ró-mhaith nó ró-láidir ag muintir na gceantar sin.

Bíonn daoine ag rá amanna gur cheart limistéir na Gaeltachta a athrú nó teorainneacha na Gaeltachtaí a athrú agus iad a chúngú, ach níl a fhios agam an bhfuil an moladh sin ró-mhaith nó ar cheart glacadh leis. Tá daoine ar imeall na Gaeltachta a dteastaíonn cuidiú uathu agus b'fhéidir nuair a bhéas Udarás na Gaeltachta curtha i bhfeidhm go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na ceantair sin agus níos mó misnigh a thabhairt dóibh tuilleadh úsáid a bhaint as an nGaeilge agus í a neartú sna ceantair sin.

Ní raibh mórán le rá ag an Seanadóir Whitaker, ach glacadh leis an mBille agus é a mholadh. Tuigim an fáth nár dhúirt sé ach an méid sin—mar go raibh, cosúil le Seanadóirí eile, páirt mhór aige sna himeachtaí a bhí ar siúl maidir le ceist na Gaeltachta agus staid na Gaeilge leis na blianta anuas.

Luaigh an Seanadóir de Brún cúrsaí pleanála, agus an cáineadh a bhí á dhéanamh ag daoine maidir leis an mBille mar atá sé dréachtaithe i láthair na huaire. Is maith liom gur thagair sé do na pointí sin mar tá sé soiléir sa Bhille féin, agus luaigh an Seanadóir Donnelly an rud céanna, in ált 9 den Bhille, go mbeidh deis ag an údarás nuair a bhéas sé curtha ar bun cumhachtaí breise a iarraidh ar an Aire agus ar an Rialtas. Níl constaic ar bith á cur ar an údarás maidir leis na cúrsaí sin. Mar adúirt mé sa Dáil, i mBille den chineál seo ní féidir chuile shórt a scríobh isteach ann, agus dá mbeimis ag iarraidh gach rud mar sin a chur sa Bhille ní bheimis réidh go ceann a trí nó a ceathair de bhlianta. Thug sinne geallúint go dtabharfaí an Bille isteach taobh istigh de bhliain agus cé nár éirigh linn coinneáil leis an ngeallúint sin, níl muid ró-fhada chun deiridh, agus is maith liom go bhfuil an dul ar aghaidh atá annseo déanta againn agus go mbeidh an t-údarás ann sar i bhfad.

Arís, is ceart go dtuigfeadh daoine, agus muintir na Gaeltachta go mórmhór, mar adúirt an Seanadóir de Brún, go mbeidh na cumhachtaí agus cibé cumhacht a shílfeas an tÚdarás é féin a theastós uaidh san am atá le teacht, go mbeidh cead acu na cumhachtaí sin a iarraidh.

Luaigh sé an míshástacht a bhí air maidir leis an gcaoi a bhfuil an deontas £10 á íoc sna Gaeltachtaí agus gurb aisteach an rud é gur féidir le duine amháin as muirín an £10 a thuilleamh agus go bhfágtar amach an chuid eile den chlann. Le bheith fírinneach faoi, deirim gurb aisteach é sin. Ní rud é a tharlaíonn de ghnáth. Má tá an mhuirín uilig i dteideal an deontas a fháil fáigheann siad é agus is fíor-annamh a tharlaíonn sé go bhfaigheann duine amháin an deontas agus go bhfágtar amach an chuid eile den mhuirín. Déarfainn, corr-uair, go mb'fhéidir go dtarlaíonn sé leis an mhuintir eile a spreagadh i gcaoi go mbeadh iarracht níos fearr á dhéanamh acu leis an nGaeilge a thabhairt chun cinn.

Luaigh sé an gá atá le teicneoirí a oiliúint le freastal ar chúrsaí sna Gaeltachtaí. Sílim go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh sna cúrsaí sin, go mór mhór ó bunaíodh cúrsaí AnCO i nGaeltacht Ghaoith Dóbhair. Táimid in ann anois freastal níos fearr a thabhairt do phobal na Gaeltachta leanúint le cúrsaí Ghaeltachta, cúrsaí a chuideochas leo nuair a rachaidh siad i mbun oibre ina gceantair fhéin.

Luaigh cuid mhaith Seanadóirí Radio na Gaeltachta. Ar ndóigh, caithfimid a bheith fírinneach agus a rá go bhfuil an-obair ar fad déanta ag Radio na Gaeltachta ó cuireadh ar bun é. Ní amháin gur thug sé muintir na Gaeltachta agus na nGaeltachtaí ar fad le chéile, ach thug sé léargas níos fearr don phobal uilig, agus don saol mór ar an traidisiún atá againn i gceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus seanchas na hÉireann, rud nach raibh deis ag muintir na hÉireann a chloisteáil ar an Radio nó ar Theilifís Éireann. Fuair siad an deis sin ó Radio na Gaeltachta. Ní amháin go bhfuair muintir na Gaeltachta an deis éisteacht le Radio na Gaeltachta ach fuair muintir na hÉireann an deis sin. Caithfimid tréaslú le chuile dhuine a raibh páirt acu i mbunú Radio na Gaeltachta agus do na daoine atá ina bhun i láthair na huaire as ucht na hoibre atá ar siúl acu.

Nuair a bhí cuid de na Seanadóirí eile ag caint ar Radio na Gaeltachta, luaigh siad gur cheart go leathnóidh sé amach agus go mbeadh níos mó ama tugtha do chláracha i lár an lae. Luaigh an Seanadóir Cranitch é sin, agus aontaím leis. Bíonn gach tosú lag, mar a deir sé, agus cé nach ceart é sin, b'fhéidir, a rá i dtaobh Radio na Gaeltachta, mar sin féin tá tús curtha le huair a chloig no uair go leith, a chur ar fáil i lár an lae, agus beimid ag súil go leanfaidh sé sin agus go mbeidh deis ag chuile dhuine níos mó ama a chaitheamh ag éisteacht le Radio na Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Cranitch gurb í an Ghaeilge an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht. Ní fhéadfainn é a chur i mbealach chomh deas sin, ach caithfimid uile teacht leis an méid sin. Cé gur labhair an Seanadóir MacGabhann den chuid is mó i mBéarla, bhí rudaí anshuimiúil le rá aige. Níl mé ag cáineadh juine ar bith a labhair as Béarla—tá mé buíoch do chuile dhuine a labhair, is cuma i mBéarla nó i nGaeilge, agus ba mhaith liom tréaslú leis an mbeirt Sheanadóir a labhair inniu, an Seanadóir Donnelly agus an Seanadóir Cassidy. Dúirt siad nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu, ach ón méid a chuala mise uathu bhí Gaeilge bhínn bhlasta acu. Is é an t-aiféala is mó atá orainn ná nach bhfuil daoine sásta an méid Gaeilge atá acu a úsáid. Dá bhrí sin níl a gcuid Ghaeilge le chloisteáil.

Bhí an Seanadóir MacGabhann ag caint ar an toghchán, agus ní raibh sé sásta nach mbeidh muintir Thír Chonaill in ann ach beirt ionadaí a thoghadh. Caithfimid cothrom na féinne a thabhairt do chuile Ghaeltacht, agus sílim go mbeidh muintir Thír Chonaill níos fearr as le beirt ná mar a bhéas muintir na Gaillimhe, muintir Mhaigh Eo agus muintir na Mí le triúr. Chuir muid chuile rud san áireamh agus caithfidh daoine glacadh leis go ndearna—mar ár ndícheall na Gaeltachtaí ar fad a shásamh.

Rinne an Seanadóir Mulcahy tagairt do chuid mhaith rudaí. Bhí sé ag caint ar na heagrais a tháinig le chéile maidir le cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinne na daoine sin an-obair—thug siad tuiscint agus léargas níos fearr dúinn ar céard ba chóir a dhéanamh agus cé hiad na scéimeanna a mba cheart tabhairt futhu maidir le ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta ar fad. Dúirt sé gur ceart seiminéar ar leith a chur ar fáil ag na daoine a bhí i mbun "Gníomh don Ghaeltacht", agus a leithéid a chur ar fáil don aos óg leis an scéal a mhíniú ina iomlán. Da mba rud é go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, bhéadh sé inmholta, ach sílim nach mbeadh sé ró fhurasta rud mar sin a reachtáil. B'fhéidir go mbeadh an Seanadóir agus mé féin in ann labhairt le chéile faoi, am éigin, chun an rud a phlé go mion, le fáil amach go díreach céard iad na tuairimí atá ag an Seanadóir ina thaobh sin.

Thug an Seanadóir céanna moladh mór do Ghaeltarra Éireann. Tuigimid uilig na deacrachtaí atá ag Gaeltarra Éireann. Mar a luaigh an Seanadóir Cassidy, tá siad ag iarraigh tionscail a chur ar bun in áiteanna atá iargcúlta, áiteanna a bhfuil a lán deacrachtaí ag baint leo, mar chúrsaí bóthar, teileafón agus eile. Tá siad seo tábhachtach do thionsclaí ar bith a bhéas ag bunú sna Gaeltachtaí. Glacaim go bhfuil obair an-mhaith déanta ag Gaeltarra, ach tá an deacracht ann, agus tá mise ag éisteacht leis i ngach Gaeltacht atá á siúil agam, nach bhfuil muinín ag muintir na Gaeltachta as Gaeltarra féin. Níl a fhios agam cén chaoi a tharlaíonn sé sin, cén fáth go bhfuil an scéal mar sin. Cuirimid i gcás na monarcana i nGaoth Dóbhair, nó ar fud Chonamara, go mór mhór sna Gaeltachtaí móra: tá drochmheas ar Ghaeltarra. Mar adeirim níl a fhios agam cén bunús atá leis. Tá sé ag cur as dom. B'fhéidir go ndéanfaidh an tÚdarás athrú ar an scéal, go gcuirfidh sé ar ais an mhuinín agus an misneach ceart i muintir na Gaeltachta agus go gcuirfidh sé spreagadh níos fearr iontu le tabhairt faoí chúrsaí ar mhaithe leo féin. B'fhéidir gurb é an meon atá ag muintir na Gaeltachta go bhfuil siad ag súil le hiomarca ó Ghaeltarra, agus gur cheart dóibh níos mó a dhéanamh. Ba mhaith leo a fháil amach go cruinn céard tá ar siúl ag Gaeltarra.

Luaigh an Seanadóir Mulcahy chomh maith gur ceart cláracha ar theilifís a leagadh amach agus iad a bheith ar fáil anois do mhuintir na Gaeltachta mar atá Radio na Gaeltachta i láthair na huaire. Níl mé ro-chinnte an féidir cúrsaí mar sin a chur ar aghaidh. B'fhéidir os rud é go bhfuil an dara stáisiún anois againn, RTE 2, go mbeimíd in ann cúrsaí mar sin a chur ar fáil. Cuirfidh mé os comhair Údarás Theilifíse RTE é go bhfeicfimíd céard is féidir linn a dhéanamh.

Tá an trealamh acu ach bionn sé díomhaoin.

Ceart go leor. Ar aon nós, ó tharla go bhfuil RTE 2 anois againn tá deis againn níos mó áirde a thabhairt ar chúrsaí mar sin, agus pléifidh mé é leis an Aire go bhfeicfimíd céard is féidir linn a dhéanamh.

Luaigh an Seanadóir Cassidy faoi na muiríneacha a bhíonn ag dul chun na Gaeltachta agus go mba mhaith an rud dhá bhféadfaí na tuismitheoirí a ghríosadh le cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht chomh maith. Déarfainn go mbeadh muintir na Gaeltachta iad féin an-sásta leis sin, ach is é an deacracht atá ann i láthair na huaire go mbíonn, cuirimíd i gcás mar a tharla an bhliain seo caite, 19,000 páisti ag freastal ar na cúrsaí agus bíonn na daoine atá i mbun na gcúrsaí ag iarraidh bheith cinnte go mbeidh caighdeán ceart maireachtála ag na páistí nuair atá siad ar saoire, go mbeidh na seomraí leagtha amach i gceart, go mbeidh na leapacha agus gach rud mar sin ceart, agus cé go bhfuil deontais fhiala ó Roinn na Gaeltachta le cuidiú leis na daoine na cúrsaí sin a chur chun cinn, níl a fhios agam an mbeadh na Gaeltachtaí in ann glacadh leis an smaoineamh sin ar fad.

Ar chor ar bith, is fiú cuimhniú air agus, ar ndóigh, is maith le tuismitheoirí a bheith lena gcuid páistí, agus chuideodh sé leis na páistí agus leis na tuismitheoirí iad féin feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Feicfimíd cén chaoi is fearr leis an rud a chur ar aghaidh agus iarrfaidh mé ar chuid de na daoine atá ag plé leis na cúrsaí seo féachaint an dtig linn glacadh leis an moladh sin agus cuid éigin de na tuismitheoirí a thabhairt chuig na Gaeltachtaí fad is a bhíonn a gcuid páistí ansin ag foghlaim na Gaeilge—ach b'fhéidir gurbh fhearr nach in aontíos leis na páistí a bheidís.

Sin an méid atá le rá agam. Tá mé buíoch de chuile dhuine a ghlac páirt sa díospóireacht faoin tsuim atá acu i gcúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus tá mé cinnte nach ndéanfaidh an tÚdarás ach maith do na Gaeltachtaí ar fad.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh an Bille trí Choiste, tuairiscíodh é gan leasú, glacadh é chun an breithniú deiridh a dhéanamh air agus ritheadh é.
Bill put through Committee, reported without amendment, received for final consideration and passed.
Barr
Roinn