Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Oct 1979

Vol. 93 No. 1

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979, ina nDréacht: Tairiscint. - Údarás na Gaeltachta Elections Draft Regulations, 1979: Motion.

Tairgim:

Go gceadaíonn Seanad Éireann na Rialacháin seo a leanas ina ndréacht:

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979,

ar leagadh cóip díobh ina ndréacht faoi bhráid Sheanad Éireann an 16 Deireadh Fómhair, 1979.

I move:

That Seanad Éireann approves the following Regulations in draft:

Údarás na Gaeltachta Elections Regulations, 1979,

a copy of which Regulations in draft was laid before Seanad Éireann on 16 October, 1979.

Faoi mar a dúirt mé nuair a bhí an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair an tSeanaid tá deis eile á tabhairt don Teach chun na socruithe do na toghcháin don Údarás a phlé. Is mian liom dul ar aghaidh anois agus an chéad toghchán a chur ar siúl roimh Nollaig. Nuair a bheidh an rún seo rite beidh ar mo chumas na rialacháin féin a dhéanamh agus an lá vótaíochta a cheapadh don toghchán.

Is cuimhin le Seanadóirí gur trí thoghlach atá leagtha amach san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, agus gur mar seo a leanas a bheidh na comhaltaí le toghadh iontu: beirt do Ghaeltacht Dhún na nGall; triúr do Ghaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí; agus beirt do Ghaeltacht Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.

Ach na comhaltaí sin—seachtar acu—a bheith tofa, beidh seisear eile le ceapadh agamsa. Beidh lá le hainmniú chun an tUdarás a bhunú, Gaeltarra Éireann a dhíscaoileadh agus feidhmeanna, dliteanais agus foireann Ghaeltarra a aistriú chuig an Údarás. Is é an chéad lá den bhliain seo chugainn atá ar intinn agam chun na críche sin.

Is eol do Sheanadóirí gur ritheadh an tAcht um Údarás na Gaeltachta i nGaeilge agus i mBéarla agus tá beartaithe agam na Rialacháin seo a dhéanamh sa dá theanga chomh maith. Tabharfar faoi deara, áfach, ón Sceideal a ghabhann leis na rialacháin gur i nGaeilge amháin a bheidh an páipéar ainmniúcháin, an páipéar ballóide agus an cárta vótaíochta. Feicfear freisin nach bhfuil i gceist ainm aon pháirtí polaitíochta a thaispeáint ar an bpáipéar ainmniúcháin ná ar an bpáipéar ballóide. Sílim go n-aontóidh Seanadóirí liom nach cóir go mbeadh sé le rá gur spreag ceachtar den dá pháipéar sin daoine chun cúrsaí polaitíochta a tharraingt isteach sa toghchán don Údarás. Tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacfaidh pobal na Gaeltachta go fonnmhar leis an deis a bheidh acu go luath anois chun ionadaithe cumasacha a thoghadh i dtreo go mbeidh an tionchar ceart acu ar ghnóthaí an Údaráis.

Is maith a thuigeann pobal na Gaeltachta an córas daonlathach faoina mbeidh na hionadaithe le toghadh acu mar is ar an mbealach céanna a thoghann siad comhairleoirí contae. Níorbh fholáir mar sin na rialacháin seo atá á bplé againn a bhunú ar na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla. Má tharlaíonn aon uair go ndéanfar leasuithe tábhachtacha sna Rialacháin sin, beidh i gceist iad a dhéanamh sna rialacháin seo chomh maith.

Is ar rúnaithe na gcomhairlí contae sna contaetha Gaeltachta a bheimid ag brath chun na socruithe don toghchán a dhéanamh ar an láthair agus is iad atá le bheith mar chinn chomhairimh agus leas-chinn chomhairimh. Bhí cúpla cruinniú againn leo agus tá na réamhullmhúcháin ag dul ar aghaidh cheana féin ar bhonn neamhfhoirmiúil. Is mór agam a gcomhoibriú agus is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh go poiblí arís.

Iarraim ar an Seanad na dréachtrialacháin a cheadú.

Os rud é go bhfuil Acht um Údarás na Gaeltachta rite againn cheana agus gur gá rialacháin a dhéanamh anois chun an tÚdarás a cheapadh, sílimse gur ceart an obair sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Tá a fhios againn uile go bhfuil gá le údarás chun cúrsaí na Gaeltachta a stiúradh agus iad a chur chun cinn. Táimid go léir ar aon intinn faoin obair sin agus is cúis áthais dom go bhfuil cuid mhór den obair sin déanta cheana féin ag an Aire.

Tá difríocht tuairime idir daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeltacht agus go bhfuil taithí acu ar chúrsaí na Gaeltachta. Tá a fhios agam féin go bhfuil an tAire eolach ar an nGaeltacht agus go bhfuil sé de chuspóir aige feabhas mhór a chur ar chúrsaí na Gaeltachta a luaithe agus is féidir leis. Ach tá daoine eile ann a deir gur mór an trua nár thug sé níos mó cumhachtaí don Údarás agus nach bhfuil sé scríofa san Acht go bhfuil cúrsaí oideachais, cúrsaí cuartaíochta, cúrsaí iascaigh agus rudaí eile den tsórt sin faoi chúram an Údaráis. Deir an tAire go mbeidh sé de chumhacht ag an Údarás nuair a bheidh sé ceaptha féachaint isteach sna scéimeanna sin uilig, breith a dhéanamh, agus iad san a chur go dtí an Rialtas agus go mbreithneofar go báúil ansin iad. Is é a cheapann an tAire gurb é sin an módh oibre is fearr, agus tá mé cinnte go ndeachaigh sé i gcomhairle le daoine go bhfuil a lán taithí acu ar chúrsaí na Gaeltachta, go ndeachaigh sé i gcomhairle le státsheirbhísigh agus daoine eile a thuigeann na fadhbanna sular thogh sé an módh seo oibre. Tá súil agam go bhfuil an breith ceart déanta aige ach tá beagán amhrais agam faoi. Mar sin féin, tá súil agam go bhfuil an módh oibre ceart tofa ag an Aire agus go rachaidh an obair ar aghaidh go maith.

Tá daoine eile den bharúil nach leor seachtar le toghadh ag muintir na Gaeltachta. Is é an plean atá ann ná go n-ainmneoidh an tAire cathaoirleach agus cúigear eile agus go dtoghfar seachtar. Tá daoine den bharúil, agus aontaím leo, gur cosúil nach dtoghfaí duine ar bith os na Gaeltachtaí beaga. Sé mo thuairim féin gur mór an trua é sin. Cuir i gcás, Gaeltacht na Mí, tá difríocht an-mhór idir an Gaeltacht sin agus na Gaeltachtaí eile os rud é gur aistríodh na daoine atá i nGaeltacht na Mí ón a gceantair dúchais agus cuireadh iad isteach i gceantair fior nua. Déarfainn go bfhuil tuiscint faoi leith acusan ar na deacrachtaí a bhain lena leithéid sin de scéal agus deacrachtaí a bhí ag cur isteach orthu agus ag goilliúnt orthu. Is é mo thuairim go meallfaidh an tÚdarás duine ó cheantair mar sin a bheith ina bhall de.

Tá daoine den bharúil freisin gur trua nach mbeidh éinne ar an Údarás ós na Gaeltachtaí beaga eile, Gaeltacht Phort Láirge agus Gaeltacht Chorcaí mar is cúis iontais dúinn an dóigh inar mhair siad agus inar chosain siad iad féin os na cúrsaí a bhí ag brú isteach orthu ó gach taobh. Is cúis iontais linn gur éirigh leo é sin a dhéanamh agus táimid buíoch gur éirigh leo. Ach tá daoine den bharúil gur ceart ionadaithe óna leithéid sin de Ghaeltachtaí a bheith ar an Údarás agus go gcabhródh siad san le obair an Údaráis. Admhaím nach bhfuil sé simplí agus gur deacair an rud i gcóras daonlathach ionadaithe a thabhairt d'áiteanna ina bhfuil an líon daoine anbheag. Admhaím é sin agus déarfainn gur rud é a bhí ar intinn ag an Aire ar feadh tamaill sular bheartaigh sé ar an chóras seo. Tá seans ann, dar ndóigh, go n-ainmneoidh an tAire duine éigin os na Gaeltachtaí sin chun bheith ina bhall den Údarás. Rud eile, sílim gur trua nár leathnaigh an tAire an córas postvótaíochta. Tá fhios againn uile go mbíonn a lán daoine i bhfad óna gceantair toghcháin nuair a thagann an lá agus go bhfuil sé deacair orthu teacht ar ais chun vóta a chaitheamh. Tá fhios ag gach duine atá ag gabháil dá pháirtí polataíochta gur rud mór é na daoine a bhionn as baile a thabhairt abhaile an lá sin agus go mbíonn a lán costais ag gabháil leis. Deir an tAire ina ráiteas nach n-ainmneofar na páirtithe polaticiúla ar an bpáipéar ballóide agus aontaím gur maith an rud é sin, ach mura mbíonn na páirtithe polaitíochta ag glacadh páirt an-mhór sa toghchán, cé íocfaidh an costas chun na daoine sin a bhíonn as baile a thabhairt go dtí an t-ionad toghcháin? Sílim gur trua nár leathnaigh an tAire an córas sin postvótaíochta. Mar sin fhéin, tá mé den bhárúil go bhfuil a lán oibre déanta ag an Aire cheana chun an t-Údarás seo a bhúnú. Tá fhios agam go maith go dtuigeann sé na fadhbanna agus na deacrachtaí atá ag cur isteach ar na Gaeltachtaí le fada an lá agus tá mé den bharúil go ndéanfaidh an tÚdarás seo obair mhór chun na Gaeltachtaí a chaomhnú agus a fheabhsú agus má éiríonn leis an Údarás beimid go léir buíoch díobh agus den Aire, ach muna n-éiríonn leo ní meath ar na Gaeltachtaí a bhéas ag déanamh imní dúinn ach bás na Gaeltachtaí. Tá súil agam nach dtitfidh a leithéid de rud amach lenár linn nó ina dhiaidh sin. Sé an focal scoir atá agam ná go bhfuil súil agam go n-ainmneoidh an tAire daoine go bhfuil suim mhór acu i gceist na Gaeilge agus go bhfuil taithí acu ar an saghas oibre a bhéas ag teastáil chun obair mhaith a dhéanamh, agus freisin go mbeidh suim an-mhór ag muintir na Gaeltachta féin ins an toghchán agus go n-éireoidh leo daoine maithe a thoghadh chun an obair fhíor-thábhachtach seo a dhéanamh.

Ba mhaith liomsa a rá go bhfuil áthas orm bheith anseo agus fáilte a chur roimh an ráiteas atá déanta ag an Aire linn go mbeidh an toghchán seo á reachtáil go luath an mhí seo chugainn agus go mbeidh Údarás na Gaeltachta le feidhmiú ón lú lá den bhliain seo chugainn le cúnamh Dé. Sílim gur céim an-mhór ar aghaidh í sin agus sílim go bhfuil moladh agus buíochas mhuintir na Gaeltachta agus mhuintir na hÉireann ar fad tuillte ag an Aire as ucht an méid atá déanta aige agus an méid atá tugtha chun críche aige leis an aidhm sin a bhaint amach ó tháinig sé i gcumhacht mar Aire na Gaeltachta. Ní chaithfidh mé i bhfad ag caint mar níl aon aighneas ag baint leis na rialacháin seo. Baineann siad le rud is ansa linn ar fad. Rud is ansa linn an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochaint agus go mór mhór an Ghaeilge sna Gaeltachtaí a choinneáil beo agus saol mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú agus a thabhairt chun cinn. Sin é a thug dúinn ó thosach go bhfuilimid ag plé na ceiste seo go dteastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta féin níos mó dá dtoil féin agus níos mó dá ndúthracht féin a chur isteach i saol na Gaeltachta agus in obair na Gaeltachta, agus dá bhrí sin, mar a dúirt mé, nil aon aighneas ag baint leis an gceist sin agus is maith an rud é sin. Tá cúpla rud beag, mar sin fhéin, ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dóibh. Tá an-áthas orm gur i nGaeilge amháin a bhéas na nithe a bhéas scríofa ar an bpáipéar vótaíochta agus ar na páipéir eile a bhaineann go dlíthiúil leis an toghchán seo, mar measaim nár mhaith an rud é go mbeadh Béarla ar na páipéir sin. Measaim nach bhfuil aon chall leis agus tá an-áthas orm go ndearna an tAire an cinneadh sin. Lochtaítear an tAcht seo anois de thoradh rud eile freisin, nach bhfuil dóthain cumhachta ann, cuir i gcás, agus dá bhrí sin nach mbeidh aon tionchar romhór aige ar shaol mhuintir na Gaeltachta agus ar an nGaeltacht féin thar mar a bhí cheana. Sin mar atá sé b'fhéidir de réir mar atá leagtha síos go dlíthiúil san Acht, ach tá sé ráite san Acht féin agus tá sé ráite ag an Aire linn, má cheapann an tÚdarás am éigin dá shaol reachtaíochta nach bhfuil dóthain cumhachtaí acu le haghaidh cúrsaí oideachais, cúrsaí pleanála agus nithe eile a bhaineann le saol na Gaeltachta, go mbeadh sé de chead acu an moladh sin a chur i láthair an Aire agus i láthair a Roinne agus go mbreithneofar na moltaí a thiocfaidh uathu agus go ndéanfar na leasaithe dá réir. Níl aon dabht agamsa go ndéanfar amhlaidh agus go mbeidh an chumhacht sin le fáil acu má lorgaíonn siad é agus má cheaptar gurb é leas na Gaeltachta é agus leas na Gaeilge freisin.

Lochtaítear an tAcht ar thaobh eile chomh maith, is é sin, deirtear go mba cheart go mbeadh níos mó daoine le toghadh agus níos lua daoine le ceapadh ag an Aire. Ní aontaím ar fad le sin, agus nuair a bhí an Seanadóir O'Brien ag caint dúirt sé go raibh chuile sheans ann nach toghfaí aon duine ó na Gaeltachtaí beaga. B'fhéidir gur mar sin a tharlóidh, ach más mar sin a tharlóidh nach mbeidh sé de sheans ag an Aire, agus nach maith an rud go mbeadh an seans sin aige, duine nó daoine as na Gaeltachtaí sin a thoghadh, daoine fiúntacha agus daoine a mheasfaidh sé a dhéanfas an gnó a bhéas le déanamh acu go maith, agus measaim dá réir sin gur maith an rud é agus gurb é leas an Achta agus leas na Gaeltachta agus an aidhm lenar cheapadh an tAcht seo a thabhairt chun críche, go mbeadh na ceapacháin sin le déanamh ag an Aire, ceapachán an chathaoirligh féin agus na daoine eile a bheidh le ceapadh aige.

Tá rud eile ar mhaith liom tagairt a dhéanamh de, agus thagair an Seanadóir O'Brien arís dó agus tagraíodh dó sa Dáil ag Teachtaí nuair a bhí na rialacháin á bplé ansin de réir tuairisc na díospóireachta sa Dáil. Is é sin, cead vótála trí an phost a bheith ins an Acht seo. Deirim, agus deirim é le fonn agus le dáiríreacht, go bhfuil an-áthas orm nach bhfuil an cead sin san Acht agus gur seachnaíodh é mar measaim nuair a triaileadh é cheana féin—sé sin vótaíocht tríd an phost—gur baineadh mí-úsáid as an vótaíocht sin agus go raibh mí-chothromaíocht agus go ndeacthas thar fóir le vótaíocht trí an phost nuair a cheadaíodh é. Is féidir liom a rá anseo, i gceantar beag amháin toghchánaíochta—is é sin an rud ar a dtugtar i mBéarla local electoral area—fuair iarrthóir amháin sa gceantar sin 10 vóta a tugadh trí an phost agus fuair iarrthóir eile ceithre scór agus deich vóta. Caithfidh sé go raibh mí-chothromaíocht éigin ansin agus caithfidh sé gur thárla rud éigin nach raibh cóir, ís é sin le rá, nach bhfaigheadh duine amháin as vótaíocht trí an phost—agus toghadh an duine sin nach bhfuair ach 10 vóta—agus an duine eile níos mó ná ceithre scór. Bhí rud éigin míchothrom ann, agus deirim aris, buíochas le Dia, nach bhfuil vótaíocht trí an phost ceadaithe anseo.

Is maith liom chomh maith nach gceadófar páirtithe polaítíochta ar na páipéir vótála, mar ní dóigh liom gurb é leas na Gaeltachta nó leas na ndaoine dár ceapadh an tÚdarás seo go mbeadh polaitíocht ag baint le ceist na Gaeilge. Dá bhrí sin, measaim go ndearna an tAire an rud ceart nuair a cheil sé an cead sin go mbeadh ainm páirtíthe polaitíochta ar na páipéir vótála.

Mar a dúirt mé, tá áthas orm go mbeidh an toghchán ann go luath agus go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú ón lú lá den bhliain nua, le cúnamh Dé. Molaim an tAire agus a Roinn dá réir.

Cuirim fáilte, mar Sheanadóir neamhspleách, roimh na rialacháin seo agus aontaím leis an Seanadóir O'Brien agus an Seanadóir de Brún go bhfuil na rialacháin anchiallmhar, go mór mhór an socrú nach mbeidh aon cur síos ag bhaint le lucht poilaitíochta sa toghchán. Is oth liom mar sin féin nach bhfuil níos mó daoine le toghadh. Measaim go bhfuil an iomarca daoine á n-ainmniú ag an Aire, ach is dócha nach í seo an ócáid chun an cheist sin a phlé. Ach aontaím leis an Seanadóir O'Brien nuair a dúirt sé go raibh dóchas aige go gcuimhneodh an tAire nuair a bheadh sé ag déanamh na gceapacháin seo ar leas na Gaeltachta agus go gcheapfar daoine go nglacfar leo ag muintir na Gaeltachta. Is rud é sin a bhaineann le discréid an Aire; is dócha nach féidir leis a insint dúinn anseo anois díreach conas a toghfaidh sé na comhaltaí ainmnithe.

Is mionphointí iad sin go léir. Fáiltím roimh céim eile chun Údarás na Gaeltachta a bhunú. Más maith an rud é, is ro-mhithid é.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí a labhair. Is maith liom a fheiceáil go bhfuil fáilte roimh an gcéim seo den reactaíocht.

Ní dúirt mise riamh go raibh mé sásta go raibh na cumhachtaí ar fad san Acht ba mhaith liom a fheiceáil ann. Tá a lán deacrachtaí le Bille úr den chineál sin, ach mar a dúirt mé sa Dáil, tá cumhacht san Acht seo nár tugadh in aon Acht cheana, is é sin, go bhfuil solúbthacht ann a thabharfaidh deis do bhaill an Údaráis nuair a thoghfar iad teacht ós comhair an Aire, agus ansin tig leis an Aire teacht ós comhair an Rialtais agus na cumhachtaí breise a shílfeas an tÚdarás go dteastaíonn uathu a thabhairt dóibh.

Beimid ag súil go dtoghfar mar bhaill ar an Údarás daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht, agus tá mé cinnte go mbainfidh na Gaeltachtaí iad féin úsáid agus tairbhe as an deis atá acu anois le daoine maithe a thoghadh ar an Údarás. Tá mé cinnte go mbeidh daoine ann a thuigeann ceist na Gaeltachta agus go dtiocfaidh siad go dtí an Aire, cibé Aire a bhéas ann, agus go n-iarrfaidh siad na cumhachtaí sin. Ní bheidh siad ag baint lán-tacaíocht as an Acht féin mura ndéanfaidh siad é sin.

Aontaím ar fad leis an méid a dúirt an Seanadóir O'Brien faoi na Gaeltachtaí beaga agus cuireann sé iontas orm féin an chaoi ar mhair cuid acu chomh fada seo. Tá siad mar a bheadh oileáin i gceartlár ceanntair nach bhfuil iontu ach Béarla, agus is mór an chrediúint atá ag dul do na daoine ins na Gaeltachtaí beaga seo a sheas chomh tréan ar son na Gaeilge san am atá caite is atá ag seasamh i gcónaí leis an gcultúr agus leis an dúchas atá chomh tréan sna Gaeltachtaí beaga sin. Agus déarfainn an méid seo. Ón méid a fheicim i láthair na huaire, agus tá sé seo ráite agam go poiblí cheana, is fearr atá siad ag seasamh in aghaidh an bhrú atá ann ná cuid de na Gaeltachtaí móra. Tá mé cinnte nach ndéanfar faillí orthu nuair a bhéas baill an Údáráis dá dtoghadh.

Chuir an Seanadóir Ó Murchú ceist cén chaoi a dtoghfaí iad nó cén chaoi a gceapfaidh mise na baill a bhéas le toghadh agam. Bhuel, caithfimid cuimhniú agus beimid ag cuimhniú ar na Gaeltachtaí beaga más rud é nach bhfaighidh siad ionadaithe, sin rud amháin a bhéas ar intinn againn, agus caithfimid cuimhniú chomh maith go mbeidh an tÚdárás anseo ag tógáil na páirte anois a bhí ag Bord Ghaeltarra cheana maidir le caiteachas na milliún punt airgid agus caithfimid cuimhniú ar dhaoine a mbeidh eolas acu ar chúrsaí gnó agus gnaithe ag guí go mbeimid in ann meascán ceart a fháil de dhaoine a thuigfeas cén chaoi ar cheart geilleagar agus cúrsaí eacnamaíochta a chur chun tosaigh sa Ghaeltacht chomh maith leis an gcultúr, agus an dúchas a chosaint agus a chaomhnú. Sin iad na rudaí a bhéas im aigne-se nuair a bhéas mé ag iarraidh na daoine is fearr a thoghadh i gcóir na náiteacha sin.

Do luadh ceist postvótáil agus arís tuigim go rí-mhaith go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta a bhíonn scaipthe thart in áiteacha b'fhéidir ar fud na tíre, is corruair trí imirce imíonn siad, fágann siad an trí. Ach níl sé sin ag tarlú chomh mór is a bhíodh agus tá níos mó acu ag fáil fostaíochta sa nGaeltacht anois i láthair na huaire agus le blianta beaga anuas, agus déarfainn i dtaobh an chuid is mó de na daoine a bhéas i dteideal vóta a chaitheamh, go mbeidh deis acu na vótaí a chaitheamh sa Ghaeltacht féin agus dá bhrí sin nach mbeidh an oiread sin gá le postvótáil. Chomh maith leis sin, mar a dúirt an Seanadóir de Brún, sílim ón triail a baineadh as, agus chonaic mé i mo chontae fhéin é, ní bheadh sé róshásúil agus sílim go mb'fhéidir gur mó an dochar a dhéanfadh sé dá dtabharfaí isteach é. Ach arís mar atá ráite agam cheana, más rud é go síleann an tÚdarás féin go mbeidh gá le rudaí mar sin feasta, beidh deis acu na moltaí sin a chur os comhair an Aire agus os comhair an Rialtais san am atá romhainn.

Is maith liom gur glacadh go fonnmhar leis na rialacháin seo agus tá súil agam go mbeimid anois in ann an toghchán a bheith againn go luath in Mí na Nollag agus go mbeidh, mar atá ráite agam, an tÚdarás ag feidhmiú ar an lú lá den bhliain seo chugainn. Táimid chun deiridh leis sin. Shíleamar go mbeadh sé ann níos luaithe ná seo, ach ar aon nós beidh sé ann, le cúnamh Dé, ar an lá sin agus beidh sé ag feidhmiú, agus tá mé cinnte go mbeidh muintir na Gaeltachta iad fhéin sásta an tÚdarás a fheiceáil. Beidh deis acu anois iad fhéin daoine a thoghadh a bhéas in ann cur ar a son agus is gnó dóibh mar sin na daoine is fearr a thoghadh leis an obair sin a dhéanamh dóibh.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Barr
Roinn