Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979, ina nDréacht: Tairiscint. - Bille na dTithe (Gaeltacht)(Leasú), 1979 [Bille Airgid Deimhnithe]: An Dara Céim. Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1979 [Certified Money Bill]: Second Stage.

Cuireadh an cheist: Go léifear an Bille an Dara hUair.
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Is é príomhchuspóir an Bhille seo ná feidhm reachtúil a thabhairt do mhéaduithe a rinneadh ar rátaí na ndeontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ón mbliain 1972 i leith. Is iad seo a leanas na gnáth-uasdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair:—£2,000 chun teach a thógáil; £750 chun teach a fheabhsú; £360 do chóras uisce; £300 do chóras séarachais; £600 do sheomra folctha le huisce te; £170 chun córas uisce nó séarachais a fheabhsú; £810 chun trí sheomra do chuairteoirí a chur le teach, agus; £600 chun sealla saoire a thógáil.

Is le tithe nua arna dtosú i ndiaidh 26 Bealtaine 1977 a bhaineann an £2,000 agus baineann na deontais eile le hoibreacha arna dtosú i ndiaidh 31 Deireadh Fómhair 1977. Is méaduithe móra iad uile ar na deontais a bhí i bhfeidhm cheana agus tá siad ar fáil d'iarratasóirí cáilithe gan aird ar an teacht isteach a bhíonn acu. D'oibreacha lena mbaineann na deontais sin tá deireadh le deontais fhorlíontacha ó chomhairlí contae. Tá deontais níos mó fós ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta amach ón gcósta: 50 fén gcéad breise anuas ar na deontais atá luaite agam in alt 8 den Bhille.

Tá forálacha sa Bhille seo freisin do dheontais a bhí i bhfeidhm cheana ó 1 Meitheamh 1972 agus 1 Eanáir 1973 ar aghaidh. Ní miste a lua go raibh an Coiste um Chuntais Phoiblí ag gearán nuair nár tugadh isteach na forálacha ina leith i bhfad nios luaithe. Tá dúil agam go mbeidh gach uile dhuine sásta leis an mBille cuimsitheach atá anois againn.

D'fhonn deacrachtaí faoi mar a bhí i gceist ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí a sheachaint feasta, tá prionsabal úr amháin in alt 9 den Bhille seo: is é sin go bhféadfaidh Aire na Gaeltachta, le toiliú an Aire Airgeadais, "méid aon deontais is iníoctha faoi na hAchtanna a athrú ó am go ham le rialacháin." Ar ndóigh, beidh aon rialacháin a dhéanfar le leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa ghnáthshlí.

Chomh maith leis na forálacha a bhaineann le méid na ndeontas, b'fhéidir nár mhiste tagairt ghairid a dhéanamh do thrí alt eile: cuirfidh alt 5 ar ár gcumas deontas a thabhairt chun foirgneamh a oiriúnú mar bhrú; faoi alt 6 beimid in ann—taobh istigh de sheacht mbliana ó íocadh deontas—deontas eile a thabhairt chun cúlchoire nó gléas eile a dhófaidh crua-bhreosla a chur isteach d'fhonn uisce te a sholáthar; agus féachfaidh alt 7 chuige go bhféadfar iasacht a thabhairt le haghaidh sealla saoire ar chóimhéad leis an deontas—mar atá i bhfeidhm ó thús—gan méid na hiasachta nua a shonrú gach uair a dhéanfar leasú ar an deontas.

Ón mbliain 1929 i leith tá Achtanna speisialta i bhfeidhm ar mhaithe le cúrsaí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Bhí géarghá leis an Acht bunaidh a ritheadh sa bhliain 1929 i ngeall ar an drochbhail a bhí ar thithíocht sna ceantair Ghaeltachta an t-am úd. Le himeacht ama, ar ndóigh, tháinig an-fheabhas ar thithe sa Ghaeltacht le cabhair na ndeontas speisialta i gcaoi gur beag ceantar tuaithe eile sa tír anois ina bhfuil tithe níos fearr le feiceáil. Cabhair chun tithe nua a thógáil nó seantithe a fheabhsú a bhí le fáil i dtús báire faoi na hAchtanna ach cuireadh leis an raon deontas ó thráth go chéile—mar is léir ón liosta atá tugtha agam cheana.

Tá an obair thithíochta ag dul ar aghaidh i gcónaí. Dá chomhartha sin cuireadh críoch le breis agus 2,000 teach nua le cúnamh faoi na hAchtanna ó thús na seachtóidí agus íocadh deontais ar mhaithe le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí breise, seomraí folctha, saoráidí sláintiochta i dtimpeall 10,000 cás eile. Ó tharla gur i mBéarla a ritheadh an tAcht bunaidh leathchéad bliain ó shin is i mBéarla atá an Bille seo le rith freisin. Mar áis do Sheanadóirí sa díospóireacht seo, áfach, tá leagan Gaeilge den Bhille curtha timpeall chomh maith. Is ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus le leas na Gaeilge atá cabhair bhreise le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Is deimhin liom go dtuigeann Seanadóirí ar gach taobh den Teach an gá atá leis an gcabhair bhreise sin. Ta dúil agam, dá bhrí sin, go nglacfar go fonnmhar leis an mBille atá á mholadh anois agam don Seanad.

Ní miste a lua go mbeidh mionleasú amháin le moladh ar Chéim an Choiste: níl i gceist ach míniú ar "Acht 1953" a chur isteach sa chéad alt. Is amhlaidh a cuireadh alt 6 isteach sa Bhille trí leasú ar Chéim an Choiste sa Dáil agus luaitear Acht 1953 ann. Níor tugadh faoi deara ag an am, áfach, nach raibh tagairt don Acht sin in alt 1—rud a bheidh le leigheas sular rithfear an Bille.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille. Is cúis bhróin agus imní dúinn uile an meath a tháinig ar na Gaeltachtaí leis na blianta. Tá fhios againn gur easpa oibre, drochthithe, droch-bhóithre agus caighdeán bocht beatha a chuir an ruaig ar na mílte daoine. Is cúis áthais dúinn anois é go bhfuil feabhas tagtha ar shaol na Gaeltachta agus tá súil againn gur ag dul i méid a bhéas an feabhas sin agus nach fada uainn an lá go mbeidh an caighdeán beatha sna Gaeltachtaí ar aon chéim leis an chaighdeán sa chuid eile den tír.

Is maith liom a chloisint go bhfuil na deontais á n-árdú agus á dtabhairt do na daoine chun tithe a thógáil agus iad a fheabhsú, chun córas uisce, agus an córas séarachais a chur isteach, na córais sin a fheabhsú agus seomraí breise do chuairteoirí a chur le tithe agus chun seallaí saoire a thógáil. Tá fhios agam go bhfuil na deontais sin á n-íoc cheana féin agus gur gá an Bille seo chun an obair atá ar siúl cheana a chur ar sheasamh reachtúil, mar a déarfá. Is cúis shásaimh dom leis go bhfuil breis deontais á dtabhairt do mhuintir na n-oileáin. Mar a dúirt mé cheana cuirim fáilte roimh an mBille agus tréaslaím an tAire as ucht é a thabhairt isteach.

Ní bheidh mórán le rá agam. Arís, ba mhaith liom a rá gur Bille é seo a bhfuil fáilte roimhe in ngach cúinne den Teach agus i ngach áit san Oireachtas. Níl ann dáiríre ach Bille le feidhm dlíthiúil a thabhairt do rudaí a bhí á ndéanamh cheana féin, sé sin deontaisí a cheadú a bhí á dtabhairt cheana féin. Nuair a bhí mé ag léamh leis an Aire an ráitis a bhí sé ag déanamh bhí mé ag cur na ceiste orm féin an mbeidh feidhm iar-ré leis,—níl mé ach ag déanamh grinn anois—an bhféadfadh feidhm iar-ré a bheith leo siar go dtí 1972, cuir i gcás, agus go dtí na blianta eile atá luaite ins an mBille. Tá, mar a dúirt an Seanadóir O'Brien an-áthas orm fáiltiú roimh an mBille. Is céim mhór ar aghaidh é i saol mhuintir na Gaeltachta go bhfuil na harduithe móra seo ceadaithe maidir le feabhas a chur ar thithe, tithe nua a thógáil agus na riachtanais eile a bhí tuillte acu agus atá tuillte acu a chur ar fáil dóibh. Cabhróidh sé, ní amháin le muintir na Gaeltachta féin, ach le munitir na hÉireann i gcoitinne agus go deimhin leis an gcóras reachtaíochta ar fad.

Is cinnte, de thoradh an fheabhais tiocfaidh feabhas de thoradh na n-arduithe seo, a thiocfas ar na tithe agus ar an gcóras maireachtála i gcoitinne san nGaeltacht, go dtiocfaidh feabhas dá réir ar chuartaíocht agus ar thurasóireacht chun na Gaeltachta. Ní miste a rá, agus mé ag caint ar sin, gur sa nGaeltacht is deise, is dócha, atá an tír, gur sa nGaeltacht atá na sléibhte, na lochanna agus na radharcanna is áille atá le feiceáil agus gur orthu sin is mó a bhíonn triall na gcuairteoirí. Tá rud eile, freisin, i gceist anseo. Ní le deiseacht tíre amháin a thagann cuairteoirí chun na tíre ach le dul i measc na ndaoine, leis an nós saoil a fheiceáil agus le fáil amach cén sórt daoine iad agus cén chaoi a maireann siad. Is dóigh liom gur mór an rud é sin freisin i gcás na Gaeltachta go mbeidh tithe maithe acu go mbeidh na fearais agus na córais acu atá riachtanach dóibh. Fáiltím roimh an mBille agus molaim an tAire dá bharr.

Tá ceist bheag agam le cur chuig an Aire go hindíreach, ceist a eiríonn as tobar m'aineolais féin ar na cúrsaí seo. Cuir san áireamh go bhfuil na deontais cuíosach mór ar fáil agus cuir san áireamh chomh maith, de réir dealraimh, nach dtugtar aon aird ar an teacht isteach a bhíonn ag na hiarratasóirí. An bhfuil aon bhaol i dtaobh daoine ag teacht isteach ón taobh amuigh agus tuilleadh tithe samhraidh a bhunú, cuirim i gcás, an bhfuil sainmhíniú cruinn ar iarratasóirí cáilithe, an muintir bona fide na Gaeltachta iad?

Caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair. Sílim nach bhfuil ach rud amháin b'fhéidir, le freagairt, sin an cheist a chuir an Seanadóir Murphy ansin. Caithfidh cónaí a bheith ar iarratasóir sa Ghaeltacht nuair a cuirfidh sé isteach iarratas i gcomhair deontais. Tá an Roinn féin an-dian maidir leis an riail sin a chur i bhfeidhm. Fiú amháin i mo chás fhéin mar a luaigh mé sa Dáil, cuireadh ceist mar seo chomh maith. Bím ag troid leo go minic mar is iomaí uair, san am atá caite ar chuma ar bith, a théadh duine b'fhéidir go Sasana nó go Baile Átha Cliath nó ag obair taobh amuigh den Ghaeltacht le cuidiú leis fhéin saothrú beag a fháil go dtí go mbeadh an t-airgead aige leis an teach a thógáil. Fiú amháin i gcás mar sin duine a rugadh agus a tógadh sa nGaeltacht agus atá cáilithe ar chuile bhealach ó thaobh na Gaeilge dhe, mura bhfuil sé ina chónaí sa Ghaeltacht nuair a chuireann sé isteach an t-iarratas ní bhíonn sé i dteideal an deontas a fháil. Chomh maith leis sin daoine de bhunadh na Gaeltachta arís a bheadh ag obair taobh amuigh den Ghaeltacht, daoine le postanna maithe b'fhéidir a bhéadh in ann láithreán nó áit tí a fháil óna muintir féin, is ioma uair a thagann siad ar ais chun teach úr a thógáil. Arís ní bhíonn siad i dteideal an deontas a fháil. Caithfidh siad a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht nó bheith ina gcónaí ann go lán-aimsearach sula bhfaighidh siad an deontas.

Tá feabhas tagtha ar shaol eacnamaíochta na Gaeltachta de bharr an fheabhais a tháinig ar thithe san am atá caite, agus caithfidh mé a rá go bhfuil muintir na Gaeltachta ag baint úsáid as na deontais seo lena saol féin a fheabhsú, go mór mhór daoine a bhíonn ag plé le cursaí turasóireachta, leis na cúrsaí samhraidh agus rudaí mar sin. Agus de bharr go bhfuil siad ag baint lán-úsáid as na deontais seo tá siad ag cuidiú leis an saol eacnamaíochta sa Ghaeltacht féin agus ag cuidiú leis an teacht isteach atá acu féin. Is maith liom go bhfuil siad ag glacadh go fonnmhar leis an deontas seo. Sílim gur maith an rud é gur luaigh an Seanadóir Murphy an pointe seo, mar go ndéantar ráitis phoiblí go minic agus fiú amháin ag muintir na Gaeltachta iad féin, a thabharfadh le tuiscint uathu in amannaí go dtig le strainséaraí teacht isteach agus na deontais seo le haghaidh tithe a fháil sa Ghaeltacht. Faoi mar a dúirt mé, ní mar sin atá sé; tá rial ag an Roinn agus cuireann siad an rial seo i bhfeidhm an-láidir ar fad, agus ní ghlactar ach le daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht nuair a bhíonn an t-iarratas á cur isteach.

Arís tá mé buíoch de na Seanadóirí ar fad a labhair agus a thug tacaíocht don Bhille seo.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh go dtógfar Céim an Choiste inniu.
Agreed to take Committee Stage today.