Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 21 Deireadh Fómhair, 1981 ó Rúnaí an Rialtais maidir le Séamus Ó Dúbhaigh a cheapadh mar chomalta den Rialtas agus sannadh na Roinne Gnóthaí Eachtracha dó.
Clófar an litir i gCinn Lae an Tí agus i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
I have to inform the House that a letter dated 21 October, 1981 has been received from the Secretary to the Government regarding the appointment of James Dooge as a Member of the Government and the assignment to him of the Department of Foreign Affairs.
The letter will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Ref. No. S.22083 |
Department of the Taoiseach |
BAILE ÁTHA CLIATH, 2. |
|
Dublin, 2. |
21 Deireadh Fómhair 1981.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil
(1) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Séamus Ó Dúbhaigh
(James Dooge),
comhalta de Sheanad Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas; agus
(2) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis sannadh na Roinne Gnóthaí Eachtracha do
Sheán Ó Ceallaigh
(John Kelly)
a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do Shéamus Ó Dúbhaigh.
Dermot Nally
Rúnaí an Rialtais