Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Jan 1984

Vol. 102 No. 10

Resignation and Appointment of Ministers of State and Assignment of Departments.

I have to inform the House that a letter dated 15th December 1983 has been received from the Secretary to the Government regarding the resignation and the appointment of Ministers of State and the assignment of Departments.

The letter will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.

15 Nollaig, 1983.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an Taoiseach inniu tar éis glacadh le tairiscintí

Seán Ó Domnalláin, T.D.

(John Donnellan, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Iompair agus ag an Roinn Poist agus Telegrafa agus

Fearghas Ó Briain, T.D.

(Fergus O'Brien, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Leasa Shóisialaigh; agus

(2) go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Éamonn Ó Coileáin, T.D.

(Edward Collins, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta (agus freagraíocht speisialta air maidir le Cúrsaí Tráchtála),

Seán Ó Domnalláin, T.D.

(John Donnellan, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Leasa Shóisialaigh (agus freagraíochta speisialta air maidir le Eolas Sláinte Poiblí agus Leasa Shóisialaigh),

Seoirse Mac Fheorais, T.D.

(George Birmingham, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Oideachais (agus freagraíochta speisialta air maidir le Comhoirdniú ar Oideachas agus ar Oiliúint),

Fearghas Ó Briain, T.D.

(Fergus O'Brien, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil (agus freagraíochta speisialta air maidir le Atheagrú ar Chúrsaí Uirbeacha, Tithíochta agus Rialtais Aitiúil)

agus

Séamus Mac Pháidín, T.D.

(Séamus Pattison, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh (agus freagraíochta speisialta air maidir le Riarachán Leasa Shóisialaigh).

Dermot Nally,

Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn