Joint Committee on the Irish Language.

I move:

(1) That it is expedient that a Joint Committee (which shall be called the Joint Committee on the Irish Language) consisting of seven members of Dáil Éireann and four members of Seanad Éireann be appointed.

(2) That the Joint Committee shall from time to time review and make recommendations in relation to

(a) the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of both Houses, and

(b) the promotion of the Irish language in general,

and report to the Houses of the Oireachtas — on item (a) as soon as practicable and thereafter at least once a year on aspects of items (a) and (b).

(3) That provision be made for the appointment of substitutes to act for members of the Joint Committee who are unable to attend particular meetings.

(4) That the Joint Committee, previous to the commencement of business, shall elect one of its members to be Chairman, who shall have only one vote.

(5) That all questions in the Joint Committee shall be determined by a majority of votes of the members present and voting and in the event of there being an equality of votes the question shall be decided in the negative.

(6) That the Joint Committee shall have power to take evidence in public and to print and publish from time to time minutes of evidence taken before it together with such related documents as it thinks fit.

(7) That every report of the Joint Committee shall, on adoption by the Joint Committee, be laid before both Houses of the Oireachtas forthwith whereupon the Joint Committee shall be empowered to print and publish such report together with such related documents as it thinks fit.

(8) That four members of the Joint Committee shall form a Quorum of whom at least one shall be a member of Dáil Éireann and at least one shall be a member of Seanad Éireann.

I remind the House that the motion arises from a motion which this House debated this time last year in which we expressed ourselves unanimously of the opinion that such a committee should be created.

Is cúis áthais dom an tairiscint seo a mholadh don Teach. Go deimhin is mór le rá an tairiscint í agus is mian liom an deis seo a thapú chun labhairt uirthi agus pointí ginearálta a fheictear dom a bheith tábhachtach a chur os bhur gcomhair.

Iarrfar ar an gComhchoiste, arna bhunú, athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

I dtús báire ba mhaith liom dul siar go dtí mí Aibreáin 1983 nuair a bhí sé de phribhléid agam an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge ar iarratas ón Rialtas a chur i láthair an phobail go foirmiúil thar ceann an Rialtais. Faoi mar is cuimhin le Seanadóirí sonraíodh spriocanna sa phlean sin le freastal ar cheithre mhór-réimse de shaol na tíre — an Ghaeltacht, an pobal, oideachas agus an Stát — le súil gur fearr a d'fhéadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte le comhoibriú agus tacaíocht ó gach réimse gníomhaíochta sa tír. Is féidir a rá gur glacadh go maith tríd is tríd leis an bplean agus go ndearnadh dul chun cinn sásúil sa chéad tréimhse bliana d'ainneoin na bhfadhbanna éagsúla a bhí le sárú agus tá moladh agus buíochas dá réir tuillte ag Bord na Gaeilge.

Ar cheann de na spriocanna a luadh sa phlean sin bhí moladh go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais chun staid na Gaeilge a bhreithniú ó thráth go chéile. Chuir Seanadóirí ó gach taobh tairiscint dá réir sin os comhair an Tí seo agus bhí díospóireacht dhíograiseach, spreagúil ann thart ar bhliain ó shin faoin bPlean Gníomhaíochta, faoi staid na Gaeilge i gcoitinne agus faoina bhfuil i ndán don teanga amach anseo. Ba chúis mhór misnigh do Ghaeilgeoirí na tíre agus dóibh siúd uile ar mór acu ár dteanga dhúchais an spéis sa Ghaeilge a léirigh Seanadóirí sa cheist seo. Is ar éigean is gá a rá gur glacadh leis an tairiscint d'aonghuth. Chuaigh mé ar aghaidh chun an cheist a scrúdú ansin agus, cé go raibh deacrachtaí áirithe ann mar gheall ar líon na gComhchoistí a bhí ag feidhmiú cheana, d'aontaigh an Rialtas, i ngeall ar thábhacht na Gaeilge, gur cheart Comhchoiste foirmiúil a chur ar bun chun athbhreithmiú agus moltaí a dhéananh i ndáil le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad agus cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Is eol daoibh uile an tionchar is féidir a bheith ag ionadaithe poiblí ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Is eol daoibh freisin an tábhacht thar cuimse a bhaineann leis an dea-shampla agus an treoir cheart nuair a bhíonn gá leo. Is cinnte go bhféadfadh Seanadóirí agus Teachtaí Dála cur go mór leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar mhaithe leis an teanga tríd an dea-shampla a thabharfaí dá mbeadh áit níos feiceálaí ag an nGaeilge in imeachtaí agus in obair an Tí seo agus na Dála. Is cuid bhunúsach é d'aon bheartas Stáit i leith na teanga an chinnireacht a thabharfadh daoine sa saol poiblí agus an tslí ina mbeidís chun tosaigh go follasach sna hiarrachtaí a bhíonn ar siúl. An sampla a thabharfadh ionadaithe Thithe an Oireachtais go speisialta bheadh an-éifeacht aige le daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Is dá bharr sin atá sé leagtha síos sna téarmaí tagartha go ndíreodh an comh-choiste ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin in imeachtaí foirmiúla na Dála agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin.

Ní miste a lua gur sonraíoch nósmhaireachtaí simplí áirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a dheimhneodh go mbeadh roinnt Gaeilge á húsáid go rialta sa Dáil agus sa Seanad. Is iad seo a leanas na moltaí sonracha a rinneadh:

(i) sa chás go mbeadh ceisteanna as Gaeilge curtha ar an gclár, go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeist sa Dáil, agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge (ó 1984 amach); nó mar mhalairt air sin, go leagfaí amach tréimhse áirithe le haghaidh ceisteanna Gaeilge lá amháin gach seachtain.

(ii) go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge, den chuid is mó de, ar an Dara Céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad agus go mbeadh mír as Gaeilge in óráidí scríofa an Dara Céim ón Rialtas agus ón bhFreasúracht.

(iii) go molfadh an Rialtas do gach Aire ar ócáidí oiriúnacha a mbeadh tuairisc ghinearálta ar obair a Roinne á tabhairt aige don Dáil nó don Seanad—

(a) go dtabharfadh sé cuntas ar fheidhmiú pholasaí na Gaeilge sa Roinn, agus

(b) go mbeadh an mhír seo nó mír shubstaintiúil eile dá óráid i nGaeilge.

Os iad na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála féin is fearr a thuigeann na slite is éifeachtaí ina bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn i dtithe an Oireachtais táim cinnte go mbeidh ar a gcumas cur leis na spriocanna sin agus a dheimhniú don tír, agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, go bhfuil siad lándáiríre lena gcuid tacaíochta do na hiarrachtaí atá ar siúl ar mhaithe le leathadh na Gaeilge. Tá dóchas agam go gcuirfidh an Comh-choiste moltaí fiúntacha dá réir ar fáil chomh scioptha agus is féidir.

Ceangailte go dlúth le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad tá an tseirbhís trí Ghaeilge a bheadh ar fáil ón earnáil Stáit — ar a n-áirítear Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí — ag daoine a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Is den riachtanas é go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bhíonn á n-iarraidh agus go mbeadh sé tuigthe dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus go mbeidís ar fáil le fonn agus le fáilte. Tá faitíos orm nach bhfuil na cúrsaí sin chomh sásúil agus ba mhaith linn uile iad a bheith. Is measa fós an scéal, faraor, i gcás na Gaeltachta. Is cosúil nach mbíonn seirbhís trí Ghaeilge ar fáil go minic ón earnáil phoiblí rud a chothaíonn fíor-dhrochthionchar ar mheon na ndaoine ansin i leith na Gaeilge: mura bhfeictear dóibh go bhfuil an Stát dáiríre faoin nGaeilge is mó fonn a bhíonn orthu, ar ndóigh, a dteanga dhúchais a thréigean. Tá sé fíorthábhachtach mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a chleachtadh a bheidh fostaithe ag údaráis áitiúla, ag Ranna Rialtais agus ag comhlachtaí Stáit i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.

Ní gá an tábhacht ar leith a bhaineann leis an nGaeltacht a mhíniú don Teach seo. Fad a mhairfidh an Ghaeltacht beidh dóchas ann don Ghaeilge ach dá dtárlódh go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail is beag dóchas a bheadh fágtha. Agus ná bíodh aon dul amú orainn faoi staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta — tá sí ag trá léi ar luas atá scanrúil in áiteanna. Ní ionadh sin, ar ndóigh, ag féachaint don chaoi a bhfuil Béarla á bhrú ar mhuintir na Gaeltachta trí na mórmheáin chumarsáide, agus go háirithe tríd an teilifís, trí institiúidí Stáit, tríd an gcóras rialtais áitiúil, trí thionchar na forbartha tionsclaíochta agus mar sin de. Bíodh sé soiléir nach aonad ar leith inti féin í an Ghaeltacht ach cuid bhunúsach den tír seo a mbíonn tionchar sa ghnáthshlí ag gníomhaíochtaí sa chuid eile den tír uirthi. Ní féidir leis an nGaeltacht feidhmiú uaithi féin gan beann ar an gcuid eile den tír agus ní leor buntáistí beaga breise a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta lena dheimhniú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail ansin.

Is gá go ndíreofaí mar ghnó mórphráinne ar mheath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chosc. Tá buíon chomhordaithe, atá comhdhéanta d'iondaithe ó mo Roinn féin, ón Roinn Oideachais, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Bhord na Gaeilge, i mbun oibre agus é mar chúram orthu maoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar scéimeanna a neartóidh le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne d'fhonn an teanga a chur ar lámh shábhála trína chinntiú go mbeidh sí á húsáid mar ghnáth-theanga labhartha ag oiread daoine agus a dheimhneoidh go mbeidh beatha i ndán dí. Is cúram tábhachtach é sin ach tá dóchas agamsa go mbeidh an rath ar shaothar na buíne. De bhreis air sin, áfach, ní foláir an meon poiblí agus cúrsaí an tsaoil in Éirinn a bheith ag treisiú dáiríre leis na daoine a roghnóidh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.

Is sa bhunscoil a thagann formhór mór na ndaoine sa tír seo — lasmuigh den Ghaeltacht ar aon nós — i dteagmháil don chéad uair leis an nGaeilge: is ar an scoil freisin a bhíonn an chuid is mó acu ag brath chun eolas ar an nGaeilge a fháil agus líofacht sa teanga a bhaint amach. Ní féidir a rá, áfach, go mbíonn cumas labhartha sa Ghaeilge ag daltaí i gcoitinne ag fágáil na scoile dóibh agus is mór an trua é sin: dáiríre is dócha go bhféadfaí a rá go léiríonn sé sin easnamh sa chóras oideachais. Is é an bunriachtanas dá bhrí sin ná go gcuirfí béim níos mó ar chumas labhartha na Gaeilge a chothú. Is gá freisin, ar ndóigh, go mbeadh caighdeán sásúil bainte amach ag múinteoirí sa Ghaeilge féin agus cleachtadh faighte acu, le linn a dtréimhse oiliúna, ar úsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc in ábhair eile. Ba chóir go bhfaighidís oiliúint chomh maith sna modhanna múinte teanga is nua-aimseartha agus go mbeidís eolach ar thorthaí an taighde idirnáisiúnta is údarásaí atá déanta ar mhúineadh teangacha.

Tá daltaí atá á múineadh trí Ghaeilge faoi mhóreasnamh bunúsach sa mhéid nach leor a mbíonn de théacsleabhair oiriúnacha Ghaeilge ar fáil go háirithe ag an dara leibhéal, gan trácht ar léitheoireacht thacaíochta i nGaeilge. Tá an cheist sin ag déanamh tinnis dúinn le fada agus is mithid réiteach a fháil uirthi.

Roimhe seo is ar réimse an oideachais go príomha a bhíothas ag brath chun athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Tá tábhacht an-mhór ag baint le réimse an oideachais, ar ndóigh, i dtreo go bhféadfar an teanga a mhúineadh don aos óg ar mhodh ceart proifisiúnta. Ní leor, áfach, a dheimhniú go mbeidh cumas Gaeilge ag daoine mura soláthraítear deiseanna dóibh chun úsáid a bhaint as an gcumas sin. Ní foláir mar sin ócáidí oiriúnacha a eagrú chun líon maith daoine a mhealladh de réir a chéile chun leas a bhaint go nádúrtha as cibé Gaeilge atá acu.

Faoi mar is eol dúinn is leis an bpobal ar fad an teanga. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag gach duine, a bhfuil fonn air a chion a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge, cén chaoi a gcuirfidh a ghníomh féin leis an méid atá ar siúl ag daoine agus ag dreamanna eile ar a son. Féachann an plean lena dheimhniú go dtosófar ar thimpeallacht a chruthú ina bhféadfadh daoine an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí laethúla agus a bheith cinnte lena linn sin go mbeadh bá an phobail leo, go mbeadh tacaíocht acu ón Stát agus ó údaráis eile agus go mbeadh bunseirbhísí riachtannacha trí Ghaeilge ar fáil dóibh. Maidir leis an teanga féin ba chóir go bhféadfaidís bheith ag súil go leathnófaí raon a húsáide sa tslí go mbeadh na feidhmeanna uile aici a bhaineann le teanga bheo nua-aimseartha agus go bhforbrófaí foclóir agus leaganacha cainte inti a fhreagródh don saol, don mhachnamh agus don teicneolaíocht nua-aimseartha.

Is beag duine sa tír seo nár fhoghlaim Gaeilge ùair éigin ach, de bhrí nach mbíonn cleachtadh ag a bhformhór ar í a úsáid, cailleann siad a ngreim uirthi agus bíonn leisce orthu í a labhairt. Chun an pobal a mhealladh i dtreo na teanga ní foláir deiseanna taitneamhacha a chur ar fáil dóibh le go bhféadfaidh siad feidhm a bhaint aisti go nádúrtha i gcaoi go dtiocfaidh feabhas ar a gcumas labhartha. Deirtear gur as taithí a thagann máistreacht agus tá sé sin fíor ar fad i gcás teanga.

Léiríonn daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad de dhaonra na tíre go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí a rá gur cainteoirí líofa iad sin ar fad is tábhachtach an rud é go bhfuil siad mórtasach as a gcumas sa teanga. Is cinnte go bhfuil bunsraith láidir ansin le tógáil fhiúntach a dhéanamh uirthi. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Tá tionchar fíor-láidir ag an teilifís ar shaol na ndaoine ach ní féidir a rá go bhfuil freastal sásúil á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí. Le forbairt na teicneolaíochta tá súil agam gur féidir an scéal a fheabhsú go mór. Tá géarghá le cláir bhreise i nGaeilge do dhaoine óga go háirithe agus is deacair a thuiscint cén fáth nach féidir le RTÉ freastal níos fearr a dhéanamh orthu.

Faoi mar is eol do Sheanadóirí tá nuachtán nua Gaeilge tagtha ar an saol ó thús na míosa seo caite. Má tá an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis le bheith ar na hiarrachtaí éagsúla atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge is den riachtanas é go mbeadh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil a mbeadh éileamh maith air ar mhaithe lena fhiúntas féin. Ba mhór an chabhair a leithéid le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Níl aon amhras ach go bhfuil scaipeadh forleathan ar Anois i measc an phobail agus d'iarrfainn ar Ghaeilgeoirí lántacaíocht a thabhairt dó i gcaoi go mbeidh fás agus forbairt ag teacht air.

Más léargas dubhrónach go maith atá tugtha agam ar staid na Gaeilge go dtí seo, tá comharthaí dóchais ann freisin. Orthusan áirítear an oiread sin daoine atá báúil leis an teanga agus mórtasach aisti, an líon mór daoine a bhfuil bunús maith Gaeilge acu, an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ag na naí-scoileanna Gaeilge, an t-éileamh mór atá ar bhunscoileanna agus ar scoileanna iarbhunoideachais lán-Ghaeilge, a fheabhas atá ag éirí le Radio na Gaeltachta, an dul chun cinn atá déanta le hoiriúnú na teanga do shaol an lae inniu agus lena caighdéanú, an litríocht nua-aoiseach atá tagtha chun cinn sa Ghaeilge, an úsáid is féidir a bhaint as modhanna nua teicneolaíochta i múineadh na teanga agus chomh fonnmhar agus a glacadh leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Is comhaidhm agus garchuspóir dúinn uile an Ghaeilge a choimeád ina teanga bheo agus a húsáid a leathnú agus tá an-dóchas agamsa go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun an áit is dual di i saol na tíre a bhaint amach arís don Ghaeilge ach cur chuige le fonn agus le dúthracht. Is deimhin liom go mbeadh moltaí fiúntacha le fáil ón gComhchoiste chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích.

Ba mhaith liom a rá i dtosach go bhfailtím roimh an tairiscint seo le Comchoiste a bhunú de réir mar a haontaíodh bliain ó shin nuair pléíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge anseo sa tSeanad. Measaim gur céim mhór ar aghaidh é i gcás na Gaeilge coiste mar seo a bhunú le moltaí a dhéanamh féachaint cén chaoi is féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gcúrsaí an Oireachtais agus san bplé a bhíonn ar bun anseo ar na himeachtaí éagsúla agus ina theannta sin céard is féidir a dhéanamh maidir le cúis na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne.

Mar a duirt mé, is dóigh liom gur céim mhór chun cinn é seo atá dá thógáil inniu agus go m'fhéidir go gcuirfeadh sé tús le ré nua maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Dá bhrí sin, failtím roimh an tairiscint agus tá an tAire le moladh as an tairiscint seo a thabhairt os ár gcomhair agus cinneadh a dhéanamh go mbunófar an Comh-choiste seo. Tá súil agam go mbunófar an Comhchoiste go luath agus go mbeidh toradh dá bharr. Tá mé cinnte go bhfuil go leor daoine san Dáil agus san Seanad a bhéas lán-toilteannach agus ábalta gníomhú ar an gcoiste agus moltaí a dhéanamh. Níl sé i gceist agamsa inniu teacht roimh aon mholtaí dá ndéanfaidh siad mar ní thagann sé sin i gceist, ach níl amhras ná go bhfuil go leor le déanamh. Má thugaimid aghaidh ar an bhfírinne caithfimid a rá nach bhfuil an dul chun cinn déanta le cúis na Gaeilge agus le cur chun cinn Gaeilge a bhíothas ag súil leis blianta ó shin.

Is deacair a rá ar bhealach amháin cá bhfuil an locht sin nó cá bhfuil an milleán le cur, ach go minic na heagrais dheonacha na daoine eile gur práinn leo agus gur cás leo staid na Gaeilge, is fíor go gcuirtear cuid mhaith milleáin ar an Oireachtas agus dá bhrí sin ar pholaiteoirí i gcoitinne nach bhfuil siad ag déanamh a gcion nó nach ndearna siad a gcion le staid na Gaeilge agus cás na Gaeilge a chur chun cinn níor fearr. Bíodh sé sin fíor nó nach fíor, níl aon dabht nó gur féidir le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i bhfad níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge ná mar atá siad á dhéanamh. Is féidir leo an Ghaeilge a chleachtadh níos mó i dTithe an Oireachtais, i ndiospóireachtaí ar Bhillí anseo agus dár ndóigh í a chleachtadh níos mó in a ngnáth shaoil laethúil freisin. Níl aon dabht faoi sin agus níl aon mhaith á shéanadh: is dócha go bhfuil a lán daoine sa chaoi sin.

Tabharfaidh sé misneach do na daoine atá ag obair go deonach ar son na teanga taobh amuigh den Oireachtas agus in a ngnáth shaol, tabharfaidh sé misneach dóibh a fheiceáil go bhfuil a leithéid seo de Chomhchoiste á bhunú agus go bhfuiltear níos mó dáiríre ná mar a cheapann siad b'fhéidir faoi chúis na Gaeilge. Tabharfaidh sé misneach go mór do mhuintir na Gaeltachta a ndearna an tAire tagairt dóibh san agus aontaím go hiomlán leis go gcuireann sé isteach orthu go mór nuair a fheiceann siad nach féidir leo a ngnó a dhéanamh ar fad trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go minic na daoine a chuirtear isteach le oibriú ins an nGaeltacht — déantúsóirí nó lucht oibre — agus daoine eile a bhíonn ag tabhairt seirbhís san nGaeilge, nuair a fheiceann said nach suim leo go minic an teanga agus gur beag úsáid a bhaineann siad aisti. Is mór an trua é sin. Laghdaíonn sé spéis mhuintir na Gaeltachta san teanga. Ní hionadh é dá thoradh sin go bhfuil roinnt mhaith acu — agus caithfear é sin a admháil a thréigeann an Ghaeilge ina saol féin. Is cás liomsa go mór mhór go bhfuil sé sin ag tarlú agus go bhfuil roinnt teaghlaí san Ghaeltacht nach gcleachtann an Ghaeilge chomh mór nó comh minic is bhiodh an scéal tráth.

Má thugann an dea-shampla seo, bunú an Chomhchoiste seo, misneach do na daoine sin in a ngnáth shaoil do ghnáth phobal labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, tá beart maith á dhéanamh anseo inniu. Ní ga dom níos mó a rá. Ní bheidh aon mhalairt tuairim faoi bhunú an Chomhchoiste seo. Glacfar leis, táim cinnte, go fonnmhar, agus tá súil agam go dtabharfar an cuidiú don Chomhchoiste amach anseo le pé moltaí a ghlacann siad is ceart a chur ós comhair an Rialtais agus ós comhair an Oireachtais agus go bhfeictear chuige go gcuirfear na moltaí sin chun críche agus go rachaidh siad chun leasa na teanga, don tír agus don chultúr dúchais trí chéile. Failtím roimh an tairiscint agus guím go mbeidh rath ar an méid a thiocfaidh aisti.

Tá áthas orm go bhfuil na Brúnaigh ar aghaidh anseo inniu. Cuirim fáilte roimh an Chomhchoiste seo. Sílim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh dea-shampla tugtha ag an Dáil agus ag an Seanad don tír ar fad agus bhí an tuairim agam sara tháinig mé anseo agus ó tháinig mé anseo nach bhfuil an dea-shampla sin á thabhairt againn. Ní bheadh a fhios ag duine a thiocfadh isteach anseo an gnáth lá an bhfuil sé ag an Rialtas i Sasana nó in Éirinn mar níl ach corr fhocal Gaeilge le cloisteáil anseo. Ní féidir Gaeilge a úsáid ar fad, táim cinnte de sin; níl Gaeilge ag daoine agus ní orthu atá an locht, ach tá Gaeilge ag a lán daoine anseo agus dearfainn go mba chóir go mbeadh iarracht níos fearr á déanamh againn chun an Ghaeilge a labhairt anseo.

Tá deacrachtaí ag baint le labhairt na Gaeilge anseo. Níl Gaeilge ag an chuid is mó des na daoine a bhíonn ag thabhairt cuntas dos na nuachtáin. Ní bheidh focail faoi sa pháipéar má labhraíonn tú sa Gaeilge. Sin an gnáth rud agus ní thugann sé sin misneach d'éinne labhairt trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh leigheas ar an scéal sin agus faoi mar a dúirt an tAire, tá páipéar nua againn anois —Anois an t-ainm atá air. B'fhéidir go gcuirfidh an páipéar sin feabhas ar an scéal agus go dtabharfaidh sé cuntas ar na rudaí ata ag titim amach timpeall na tíre go mór má tá baint acu leis an Ghaeilge. Tá gearán amháin agam agus ní dóigh liom go bhfuil sé ró-oiriúnach anseo. Sílim go bhfuil an cló ró-bheag sa pháipéar sin. Ní féidir stracfhéachaint a thabhairt ar an pháipéar sin agus b'fhéidir go bhfuil plean ansin go gcaithfidh tú a lán ama á léamh. Tá an cló an-bheag agus ní hé amháin go bhfuilim ag éirí aosta go gceapaim é sin ach tá an tuairim céanna ag mo chlann féin go bhfuil sé deacair é a léamh. B'fhéidir go bhfuil an iomarca ann, dá mbeadh alt nó dhó fágtha amach b'fhéidir go mbeadh níos mó spáis do chló níos mó.

Ba mhaith liom nuair a bheidh an Comhchoiste seo á bhunú go mbeadh daoine ar an gComhchoiste seo gan Gaeilge. Tá sé an-deacair go mbeadh ach tá sé an-éasca daoine go bhfuil Gaeilge acu a chur ar an Comhchoiste. Déarfainn go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh tuairimí na ndaoine nach bhfuil Gaeilge acu le cloisteáil freisin ar an gComhchoiste mar ní féidir Gaeilge a bhrú ar éinne. Caithfimid iad a mhealladh agus dúirt an tAire go raibh páistí sna scoileanna agus nach raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, agus tá sin fíor. Níl a fhios agam an ar an gcóras nó pé air atá an locht. Sílim féin go bhfuil dea-thoil ag teastáil ó na daoine. Tá Gaeilge ag a lán daoine ach níl an dea-thoil acu don Ghaeilge. B'fhéidir go gcuirfidh an Comhchoiste seo feabhas ar an scéal sin mar feicfidh na daoine go bhfuil na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála i ndáiríre i slí amháin faoin Ghaeilge a chur chun cinn. Tá áthas orm go bhfuil an Comhchoiste seo a bhunú agas guím rath Dé ar an obair a bheidh le déanamh acu agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leo.

Cosúil leis na Seanadóirí eile be mhaith liom fáilte a thabhairt don tairiscint chun Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge a bhunú. Cuimhním go maith an díospóireacht a bhí againn anseo an bhliain seo caite agus gur ghlac 20 Seanadóirí páirt sa díospóireacht ar an bplean sin Bhord na Gaeilge, an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Mar a dúirt an tAire ar an ócáid sin, dob é sin an chéad uair a raibh an uimhir sin rannpháirteach sa díospóireact ar ábhar teanga labhartha na Gaeilge. Ba iontach an díospóireacht a bhí againn agus thaispeáin sé go raibh fíor-imní ar na Baill faoi dhroch-bhail na Gaeilge. Glacadh go bhfuil an Gaeilge i mbaol agus bhí siad ar aon intinn go mb'fhéidir gurb é seo an seans deireanach an teanga a shábháil. Mar a dúirt mé cheana aontaím go hiomlán leis an rún atá os ár gcomhair inniu chun an Comhchoiste faoi leith seo a bhunú.

This time last year we had a very animated discussion that lasted virtually for two full days as to the merits and demerits of the action plan for Irish which was launched, and to which the Minister has referred, by Bord na Gaeilge at that time. It was indicative of the degree of anxiety and interest that people had as regards the welfare of the language that some 20 Senators participated in that discussion. While we were quite profuse in identifying the failings and ailings of the language and the causes of the demise of the language to its present low level we were, collectively, somewhat remiss in that we were not very positive in putting forward definite suggestions as to what precisely could and should be done other than what was in the actual contents of the action plan itself.

We identified many of the failings and ailings. We agreed unanimously that the language was in danger. That is why I am somewhat surprised at the statistics given by the Minister that there seems to be a relative increase in the usage of the language on the basis of a survey between 1971 and 1981. I am not doubting the statistic but I often wonder at the relevance of statistics like this, given the fact that today the people are going to the polls in the Gaeltacht to decide who their representatives in Údarás na Gaeltacht will be for the next few years. It has been proved that the actual boundary of the Gaeltacht is not a true reflection of the degree of spoken Irish in this country.

We identified the various factors which were responsible. We blamed the newspapers and the media. Aontaíomar go raibh an iomarca béim ar an gramadach agus ar an Ghaeilge scríofa. We agreed furthermore that it should not be forced down people's throats and I remember Senator Jack Harte saying that one of the reasons he did not have the usage of the Irish language at any level in fact was that, like a lot of people, he was given a distaste for it by the element of compulsion which was so prevalent in primary schools until 1973. We emphasised in fact that the theatre could have a far greater role in the retention and the resuscitation of the language. We emphasised the role that the Irish colleges, summer courses and so on could play in reviving the language. We dwelt at some length on the desirability of being realistic and facing up to the fact that, as regards the aspiration to provide the Irish language as the primary spoken language in this country, that it simply is not and will not be on, that we should strive for a degree of realism and an acceptance that if we could ever reach a stage of adequate bilingualism and the two languages could live side by side, we could conduct our business in the first official language, Irish. We also urged that the curriculum revision which is going ahead at intermediate and leaving certificate levels should go ahead apace and that oral Irish should have a far greater role and a greater element of marking in determining the pass rate and the honours rate for our certificate examinations.

The idea for the comhchoiste, which is envisaged in this motion, in fact was stimulated by the action plan for Irish, as the Minister said. Senator O'Mahony in his concluding address to the motion on the action plan for Irish mentioned that the key criteria should in fact not be so much putting people on it for the sake of having people on because they spoke Irish but from the point of view of genuine commitment, that this should be the key qualification for people who are proposed, nominated or offer themselves to serve on this very important committee. I agree with the envisaged twin aims. The first one is the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of both Houses. This is a very desirable objective. After all, it is the primary language. It is on the heading of every letter that goes out from every TD and Senator, from every Government Department. In brackets underneath we have the English version. While at times we may preach from the high towers of this building about the desirability of reviving the language until we actually practice the language and use the language we are not in a position to exhort and certainly not to preach to the people outside.

The good example must start here amongst ourselves, in everyday dialogue, in carrying on the business of the Houses. How many times has the Irish language been used in this House since we deliberated on the action plan for Irish this time last year. I cannot recall an occasion when there was any kind of extensive debate or even any debate at all in the Irish language. The usage of Irish in both Houses is given added urgency by virtue of the fact that the proceedings of both Houses now in fact will be broadcast. If we are not in a position to undertake on a regular basis certain legislative matters and debates in Irish in the Houses, which will be going out live to the people outside we are further adding to the demise of the language.

As regards the promotion of the Irish language in general I ask that the comhchoiste would be empowered to invite in agencies from outside to advise and to make submissions on how we can fulfil the role laid down for us. I believe the balance is right on the committee. It is very generous, in fact, to the Seanad. This is right in view of the fact that there was such a genuine and sincere attempt to debate the actual position and status of the language this time last year and by virtue of the fact that one third of the House contributed to that debate.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá fá dtaobh den tairiscint seo. Fáiltíonn na daoine eile anseo roimh an tairiscint agus caithfidh mé a rá, ó bunaíodh an Stát seo níl a fhios agam cé mhéid coistí atá curtha ar bun agus cé mhéid cáipéisí atá curtha ar fáil agus cé mhéid staidéir atá déanta den teanga agus athbheocaint na teanga agus in ainneoin sin uilig tá an teanga ag dul i laige agus cé go bhfuil eolas níos fearr agus deis labhartha na Gaeilge ag cuid mhór daoine an lá atá inniu ann, níl an Ghaeilge á úsáid. Sa Teach seo agus sa Teach eile agus ar fud an fhoirgnimh go léir is beag Gaeilge a chloistear. Níl mórán maith a bheith ag rá le páistí gur maith an rud an teanga agus gur cóir í a labhairt agus gur cóir í a staidéar muna bhfuil na polaiteoirí iad féin, fiú iad sin a bhfuil an Ghaeilge go líofa acu, muna bhfuil siad faoi choinne í a labhairt iad féin nuair atá an chaoi acu. Tá súil agam nuair a dearcóidh an Comhchoiste ar staid na teanga agus nuair a dhéanfaidh siad staidéar air go dtiocfaidh moltaí praiticiúla romhainn gur féidir linn an teanga a chur chun tosaigh muid féin anseo sa Dáil agus sa tSeanad.

Ba mhaith liom focal a rá faoi Ghealtacht nach mbíonn morán le rá againn anseo fá dtaobh de, is é sin Gaeltacht nach bhfuil toghchán údaráis ann inniu, is é sin Gaeltacht an Tuaiscirt. Tá Gaeltacht againn sa Tuaisceart gí nach bhfuil sé faoi riail an Stáit seo. Tá a fhios agam ó am go ham go raibh cuidiú le fáil ón taobh seo tíre don Ghaeltacht sin. Is Gaeltacht láidir é agus Gaeltacht atá ag éirí níos láidre. Tá bunscoil Ghaelach anois i mBéal Feirste. Tá sé ann le roinnt mhaith blianta agus b'éigean do na daoine a bhí faoina bhun díol as iad féin. Is mór an obair atá déanta acu. Tá cuidiú le fáil anois acu ón Stát faoi dheireadh thiar thall. Tá bunscoil eile bunaithe i nDoire Cholm Cille agus tá ag éirí go maith leis san am atá i láthair. Tá súil againn go rachaidh sé i láidreacht in aghaidh na mblianta.

San obair seo uilig atá déanta i dTuaisceart na hÉireann tá sampla againn do dhaoine nach bhfuil an Stát taobh thiar díofa mar atá anseo nó mar a bhí leis na blianta — b'fhéidir gur chóir dom a rá in ainm a bheith taobh thiar den Ghaeilge. Is mór an méid is féidir le daoine a dhéanamh iad féin. Cad é go mór an méid ba chóir a bheith déanta anseo nuair atá an Stát go hiomlán ar thaobh na Gaeilge. Ba mhaith liom mar sin de nuair atáimíd ag caint ar Ghaeilge san Ghaeltacht agus cuidiú le muintir na Gaeltachta go smaoineoimís agus go smaoineodh an Comhchoiste ar an Ghaeltacht eile sin, Gaeltacht an Tuaiscirt agus go gcothófar teangmháil agus chomh-oibriú idir Gaeltacht an Tuaiscirt agus Gaeltachtaí san chuid eile den tír.

Mar fhocal scoir — dúirt mé é seo roimhe agus mé ag caint anuraidh — is mór an rud atá déanta, is mór an cuidiú atá tugtha do Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt ag Raidio na Gaeltachta. B'fhéidir gur mhaith an rud é dá mbeadh iriseoir speisialta do Raidio na Gaeltachta lonnaithe i dTuaisceart na hÉireann. Ba mhaith liom fosta nuair atá mé ar mo chosa fáiltiú roimh an pháipéar nuachta Anois agus a chur in iúl don Teach go bhfuil sé le fáil go forleathan sa Tuaisceart agus i mo bhaile féin i Lurgan go bhfuil díol an-mhór air. Sin comhartha maith don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Cuirim fáilte roimh an tairiscint seo. Is céim mhór ar aghaidh í ceist na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Is í mo thuairim go bhfuil dualgas ar na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála dea-shampla a thabhairt agus iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid sa Teach seo agus sa Teach eile i rith na bliana. Tá daoine sa tír a bhfuil suim acu sa teanga ach go bhfuil imní orthu an teanga a úsáid mar tá daoine san Roinn agus sna grúpaí atá ag cur an teanga os ár gcomhair mar shampla, Conradh na Gaeilge, agus grúpaí eile mar sin, ag magadh futhu as an iarracht. Cuir i gcás sna comhairlí chontae ar fud na tíre agus ag na cruinnithe a bhíonn ag na coistí gairm oideachais. Déanaimíd ár ndícheall an teanga a labhairt ach tá imní go forleathan sa tír faoi labhairt agus scríobh na Ghaeilge. Sílim gurb é sin an rud is mó atá in aghaidh úsáid na teanga.

It is with great pleasure that as one who rarely gets the opportunity of confidently putting a few words forward in Irish I welcome the Minister's intention to establish this Joint Committee of the Oireachtas to examine the whole question of the Irish language. For any person in my own position who feels in some way inhibited from speaking the language because I am not a fluent speaker, one of the greatest disadvantages is that people who wish to speak the language feel obliged to speak it go críoch, mar a déarfá. They feel that it has to be spoken using perfect grammar as well as sounding perfect.

It is for that reason, I believe, that people who might not be proficient in expressing themselves in Irish subdue their expressions in Irish. There is no question that any other subject is more paramount in the minds of the people than our own language. Because of the fear of ridicule from various people that fear exists. It is unfortunate that people who have set themselves up in various groups throughout the country have, in the eyes of many people, become withdrawn. Therein lies the proficiency and the example but for those outside we cannot break that barrier.

That is not an opinion held only by me; it is widespread. That question needs to be tackled more than any other. I hope that when this Joint Committee get to work in the near future that they will be in contact with those groups who are forwarding the use of the language in their own way but it is only for an elitism they cater. Access to those groups should be available to those people with, let us call it, "pidgin Irish". It is through encouragement along those lines that the Irish language will be revived.

I believe that no other agency has done more for the Irish language in the Breac Gaeltacht than Radio na Gaeltachta. It has brought the Irish language not just to the people of the Gaeltacht but also to those outside the Gaeltacht areas. It is through hearing the things that happen in ordinary everyday life that very many more people have not only become interested but have begun to use cupla focail here and there in their everyday work. It is a credit also to the many councils and committees throughout the country at local government level who have shown the light to the Oireachtas in the Seanad and in the Dáil that they have frequently carried out their meetings in part or in full through the medium of Irish. Every Member has tried in his or her way at local level to express himself or herself through the medium of Irish.

We may not be particularly proficient at it in the beginning but we should all make the effort. If the effort and the lead is coming from here it will reverberate right down along the line in the near future.

While we are in the process of reorganising the educational system, a serious look must be taken at the content of the syllabus in Irish as at the bunscoil and the gairm scoil agus up along the line much good could be done. In the national schools and the secondary and vocational schools young people spend the formative years of education. So much of that education and so much of the Irish used in that context is so irrelevant to life and to usage thereafter that we must call into question to content of the books being used. Many of the Gaeltacht areas throughout the country are at a decided disadvantage in the educational process because of the non-availability of many ordinary texts through the medium of Irish.

In a commercialised world as we are in today the necessity is there for some Government agency to subsidise in some way the availability of such texts. The ordinary publishing companies will not take on the task of publishing or translating many of those books into Irish, and there must be some sort of deontais mar dearfa to those people to make the books available. People in the Gaeltacht are at a decided disadvantage. I am very sure that there are no areas more disadvantaged in the educational circles than the Gaeltacht areas because they do not have the resources, the books or the texts available to them which the ordinary students throughout the country have.

Time alone will show the reward for the Minister's efforts in encouraging people to use the language. Some people may have the idea that the language has in the past been contentious and divisive. The Minister is now taking that divisiveness away from the language. We can see the language as belonging to all parties and all individuals in the land rather than to any select group. Go raibh maith agat.

Ba mhaith liom no bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt san díospóireacht seo. Bhí sé an suimiúil agus go deimhin rinneadh pointí anseo mar is gnách nár smaoinigh mise orthu go dtí gur éist mé leo.

Maidir leis an Seanadóir de Brún, tuigim go hiomlán an imní atá air maidir le usáid na teanga agus dul i léig na teanga. Ainneoin go bhfuil daoine ag rá go bhfuil suim acu sa teanga, níl an úsáid is mó gur féidir á baint as an teanga ag na daoine céanna. Mar a dúirt sé bheifí ag súil go mbeadh dea-shampla ag teacht ó obair an Chomhchoiste, is é sin dá mbeadh dea-thoradh ar a gcuid oibre chomh fada agus go mbeadh úsáid na teanga á leathnú i dTithe an Oireachtais. Tá tionchar againn mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí ar fud na tíre. Tá tionchar againn in áiteanna eile agus i saol an ghnáth dhuine agus tagann daoine chugainn le comhairle a chur orthu maidir le rudaí eile, i bpáirteanna eile dá saoil, agus ní haon chúis nach mbeifí ag súil go mbeadh an tionchar céanna againn maidir le dea-shampla a thabhairt in usáid na teanga.

Ba mhaith liom rud amháin a rá maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir Seán de Brún. Is é an rud sin nár gur mhol sé nuair a bheadh daoine á thóghadh ar an gComchoiste nach Gaeilgeóirí amháin a bheadh páirteach ann ach go dtabharfaí áit do dhaoine ar bheagán Gaeilge nó go deimhin gan Gaeilge a bheith acu, ionas go bhféadfaí a dtuairimí siúd a fháil ar cén chaoi is fearr le cur chuige, mar tá tuairimí acu, go deimhin, tuairimí anphraiticiúil cuid acu, agus d'fhéadfaí úsáid a bhaint as a dtuairimí siúd. Bheadh áit acu ar Chomhchoiste dá leithéid seo agus tá súil agam go mbainfear úsáid as a leithéidí nuair a bhéas an Comhchoiste ag obair. Maidir leis an cló sa pháipéar Domhnaigh Anois, níl a fhios agam; má tá Seán ag dul in aois, tá mise ag dul in aois, mar bhíomar ar scoil le chéile. Táimid ar chomhaois. Tá an fhadhb chéanna agam féin agus thiocfainn leis go hiomlán go bhfuil an cló an-bheag sa pháipéar. Níl a fhios agam an rud teicniúil atá ann nó an féidir é a fheabhsú ach caithfimid teagmháil leis na foilsitheóirí go bhfeicfimid an féidir é sin a fheabhsú.

Rinne an Seanadóir Jim Higgins tagairt do na daoine anseo a ghlac páirt san díospóireacht nuair a bhíomar anseo anuraidh. Déarfainn gur sin ceann de na díospóireachtaí ba mhó go raibh suim ann sa Teach seo agus bhí mise ceithre bliana anseo. Rinne sé tagairt chomh maith go deimhin don uimhir Seanadóirí a bhí ar an gcoiste. Tá súil agam nach bhfuil dearmad á dhéanamh agam ag rá go raibh mé ceithre bliana sa Teach seo.

Rinneadh an Seanadóir Higgins tagairt chomh maith don mheon a bheadh ag teastáil ó na daoine a bheadh ar an gComhchoiste, nach aon mhaith daoine a chur air muna bhfuil an meon ceart acu i leith na Gaeilge. Thiocfainn go hiomlán leis sin go mba cheart daoine atá sásta agus go bhfuil imní orthu faoi dul chun cinn na Gaeilge agus atá sásta am agus iarracht a chaitheamh i leith na teanga agus dul chun cinn na teanga taobh istigh den Teach seo agus taobh istigh den Dáil.

Dúirt an Seanadóir Rogers go raibh Gaeltacht eile ó thuaidh. Glacaim leis sin go hiomlán agus tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil na scoileanna lán-Ghaelacha i nDoire Cholm Cille agus i mBéal Feirste ag dul ar aghaidh go maith agus bhí anáthas orm a chloisteáil go raibh tacaíocht oifigiúil le fáil ag scoil Bhéal Feirste níos luaithe i mbliana ó na húdaráis ansin le dul chun cinn na Gaeilge a chur ar aghaidh sa cheantar sin. Níl a fhios agam cén bhealach is fearr le cur chuige ach ba cheart go mbeadh teagmháil ghinearálta agus lán-aimsire idir na heagrais, agus tá de gnáth, idir na heagrais ó thuaidh go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus na heagrais ó dheas anseo.

Chuir an Seanadóir Rogers chomh maith an cheist: cén fáth, cuir i gcás, nach bhfuil níos mó usáid á baint as Gaeilge cé go bhfuil deis labhartha níos mó ag daoine anois. Níl an deis á thapú acu agus níl úsáid a baint acu as an Ghaeilge chomh minic agus a cheapfádh gur cheart. Níl fhios agam an cheist mheoin é. Mar a dúirt sí chomh maith, tá lánchófra de thuarascálacha agus cáipéisí caite i leath-taobh sa tír seo leis na blianta, agus ag an am chéanna tá úsáid na teanga ag dul i léig. Mar sin féin — agus rinne Senator Jim Higgins tagairt de seo — tá méadú tagtha ar an uimhir duine a deir go bhfuil suim acu i nGaeilge agus atá ag maíomh as go bhfuil Gaeilge acu. Sin comhartha maith, agus tá mé cinnte go mbeidh dea-thoradh ar an uimhir méadaithe sin.

Rinne sé cúpla pointe go bhfuil antábhacht leo. Ceann acu maidir le téacsleabhair. Tá fadbh againn le téacsleabhair mar atá a fhios ag cách. Ní bheadh aon chlódóir, cuir i gcás, nó foilsitheóir sásta téacsleabhair a chur ar fáil as Gaeilge nó ábhair eile as Gaeilge toisc nach mbeadh an dáiliúchán ann agus nach mbeadh na huimhreacha ann le go mbeadh ar a chumas airgead a dhéanamh nó go deimhin a airgead féin a fháil ar ais. Tugaimid deontas do choiste faoi leith go bhfuil sé mar oibleagáid orthu leabhair Ghaeilge a fhoilsiú, agus is ceist eile ceist na dtéacsleabhair agus is fadhb anmhór í.

Rinneadh tagairt chomh maith go raibh a lán daoine ann go raibh Gaeilge acu cosúil leat féin ach go raibh faitíos orthu úsáid a bhaint as an méid a bhí acu. Senator Higgins mentioned adequate bilingualism as a concept which would take off and be acceptable to the people. I am using Irish to emphasise the bilingualism aspect which we ought to gear our minds to because in the past the replacement of the English language by Irish as a policy aim, tá teipthe air sin; ta sé ann le leathchéad bliain agus níor éirigh leis. Ag an bpointe seo is é an méid is mó gur féidir linn bheith ag tnú leis go bhféadfaí Gaeilge agus Béarla a úsáid taobh le taobh agus dá bhféadfaí an Ghaeilge a leathú ar aon leibhéal leis an Bhéarla, bheadh linn.

Senator Burke put his finger on one of the major problems we have, that is the question of attitudes. He mentioned the word "elitism". There are people who, unfortunately, see themselves as "elitist" because they are bilingual. Some Members of this House are trilingual and they do not boast about it. Senator Jim Higgins speaks French as fluently as Irish or English, but we do not hear him shouting about his competence in any of these languages. But a small group of people see themselves as having a God-given right to look down their nose at people who make mistakes in syntax or gammar in speaking the Irish Language. There are many people whose lack of competence precludes them from speaking the Irish language because they are fearful of criticism from others. Some years ago I called these other people purists. You can call them what you like. We all know whom we are talking about.

It is appropriate that I should mention that in a certain part of the north-west we have trouble because of that kind of elitist, purist attitude, trouble which is doing no good to the cause of the Irish language. It is turning off people who are genuinely interested in its promotion. The sooner the better these people cop on to themselves and realise that they have no God-given right to any language. It is our language. It is up to us to assert ourselves, use what we have and through usage improve what we have.

Dúirt Seanadóir eile go mba mhaith leis ní amháin go mbeadh dea-thoradh ar obair an Chomhchoiste taobh istigh de Thithe an Oireachtais, is é sin go mbeadh leathú ar úsáid na teanga anseo agus sa Dáil, ach go mbainfeadh na daoine céanna, Seanadóirí agus Teachtaí Dála, úsáid as an teanga ina saol féin taobh amuigh, agus is ceist chleachtaithe í — an teanga á úsáid agat anseo ar feadh cuig nóiméad in aghaidh an lae, cuir i gcás agus ní mór é sin: go hiondúil tarlaíonn sé go mbainfidh tú úsáid as nuair a théann tú abhaile ag an deireadh seachtaine agus nuair a théann tú taobh amuig den Teach, thíos san mbaile mór, nuair a théann tú chuig cruinniú agus rudaí an-simplí ar fad, beannú do dhaoine as Gaeilge agus mar sin de. Má fheiceann an gnáth dhuine go bhfuilimid sásta i dTithe an Oireachtais Gaeilge a labhairt gan bac, gan náire, is cuma an bhfuil sí ar chaighdeán ard nó íseal ach iarracht a dhéanamh mórtas a bheith againn aisti. Is linne an teanga, is teanga an ársa í, tugadh dúinn i agus tá sé de dhualgas orainn í a thabhairt don ghlúin atá ag teacht in ar ndiaidh.

We have a moral obligation to pass on our language to our children. It has been given to us, albeit in somewhat ragged form. There are historical reasons for that. We have every opportunity. Irish is not prohibited in any way, except by people's own attitudes. We have a moral obligation to pass it on to our children and they to their children. If we fail, we not only have failed on the basis of the linguistics of this question but we have also denied future generations a whole area of Irish culture that is imbedded, ingrained and inherent in the Irish language.

Feicim an Comhchoiste ag tosnú ar an obair sin. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teach seo a thosnaigh an rud seo ar fad tríd an tairiscint a chuireadh síos bliain ó shin. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis na Seanadóirí a ghlac páirt ann, agus tá súil agam go mbeimid ar ais arís i gceann bliana agus ag breathnú siar ar bhliain go mbeidh anobair déanta sa dá Theach seo ar son na Gaeilge tríd Chomhchoiste nua a bunófar anois. Go raibh míle maith agaibh.

Question put and agreed to.