Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Mar 1986

Vol. 111 No. 14

Joint Committee on the Irish Language: Motion (Resumed).

Atógadh an díospóireacht ar an dtairiscint seo leanas:
That Seanad Éireann takes note of the Report of the Joint Committee on the Irish Language: First Report on the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the House.
—(Senator Dooge).

Ba mhaith liom cúpla focal go díreach a rá faoin Tuarascáil seo ó Chomhchoiste na Gaeilge. Sa chéad dul síos tá sliocht anseo as an chéad leathanach den tuarascáil dheireannach de Choimisún um Athbheocan na Gaeilge. Is fíor an méid atá ann nuair a deir sé muna bhfuil an gradam atá ag dul don Ghaeilge á thabhairt ag Tithe an Oireachtais gur ait ar fad an rud sin. Má táimid fá choinne an Ghaeilge a chur Chun cínn agus í a athbheochaint agus más é sin polasaí an Stáit agus polasaí na bpáirtithe uilig sa tír, réitím leis an méid atá sa sliocht seo go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh sampla á thabhairt ag na polaiteoirí iad féin agus na páirtithe. Leis an fhírinne a rá, agus ní maith liom go gcaithfidh mé é seo a rá, ní dóigh liom go bhfuil an sampla sin a thabhairt ins an pharlaimint. B'fhéidir nach bhfuil an locht go hiomlán ar na polaiteoirí gur mhaith leo a bheith ag caint as Gaeilge. Tá rud amháin go mór mhór a chuireann isteach air sin, is é sin go bhfuil mí-bhuntáiste ag baint le a bheith ag caint nó ag déanamh óráide sa Seanad nó sa Dáil as Gaeilge. Is é sin má tá rud tábhachtach le rá agat ar ábhar ar bith agus má deireann tú é i nGaeilge féadann tú bheith cinnte nach bhfeicfidh tú focal de sna nuachtáin.

Níl a fhios agam gur cóir an locht a chur go hiomlán ar lucht an Phreas. Is cóir an locht a chur ar na Rialtais a bhí againn leis na blianta. Dá mbeadh aistriúchán láithreach ar fáil do dhaoine a bhí ag caint as Gaeilge agus an t-aistriúchán go Béarla ar fáil do lucht an Phreas is cinnte ansin go mbeadh siad ábalta scríobh sna nuachtáin faoin méid a bhí le rá ag na polaiteoirí. Ach tá a fhios ag an saol nach maith le polaiteoir ar bith a bheith ag caint agus a fhios aige nach bhfuil duine ar bith ag éisteacht leis taobh amuigh den Teach agus nach bhfuil poiblíocht ar bith le fáil aige nó nach bhfuil na smaointe atá aige ag fáil poiblíochta. Mar sin tá mí-bhuntáistí ag baint le bheith ag caint i nGaeilge san Teach seo nó sa Dáil agus ba chóir sin a chur ina cheart chomh luath agus is féidir má tá na páirtithe agus an Rialtas i ndáiríre faoin Ghaeilge a bheith á úsáid go fairsing sna Tithe seo.

Tá a fhios agam féin, mar shampla, Teachtaí nó Seanadóirí ón Ghaeltacht go bhfuil sé chomh furasta acusan bheith ag caint i nGaeilge agus a bheadh sé bheith ag caint i mBéarla. Is fearr liomsa labhairt i nGaeilge. Tá sé níos nádúrtha dom a bheith ag labhairt Gaeilge. B'éigean dom mo chuid Beárla a fhoghlaim nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Ach tá a fhios agam fosta dá ndéarfainn iomlán a bhfuil le rá agam anseo i nGaeilge nach mbeadh seans agam na smaointe sin a chur os comhair mhuintir na tíre mar nach mbeadh sé sna nuachtáin. Sin an pointe is tábhachtaí, is dóigh liom. Ciallaíonn sé, má táimid i ndáiríre faoi úsáid na Gaeilge go gcaithfimid airgead a chur ar fáil faoi choinne áis an aistriúcháin láithrigh sa dóigh go dtig le daoine an Ghaeilge a labhairt agus go mbeadh cothromaíocht ag Seanadóirí agus Teachtaí a labhraíonn i nGaeilge le lucht an Bhéarla.

Tá cúpla pointe eile anseo sa tuarascáil. Sílim gur iontach ar fad an rud é go bhfuilimid ag caint anois, 65 bliain i ndiaidh an Stát a chur ar bun, ar chomharthaí a chur i nGaeilge san fhoirgneamh seo. Cinnte gur chóir go mbeadh sé sin déanta ó thús. Tá sé iontach ar fad go raibh comharthaí i mBéarla agus nach raibh siad i nGaeilge sa Teach. I dTuaisceart na hÉireann tá dlí ann atá ag caitheamh anuas ar an Ghaeilge. Tá sé mídhleathach ainmneacha sráide a chur sa Ghaeilge. Sin polasaí diúltach don Ghaeilge, ach anseo i Stát go bhfuil sé de bhun-pholasaí againn an Ghaeilge a athbheochaint agus a chur chun cinn agus san Teach ina bhfuil an Rialtas féin in a shuí, tar éis 65 bliain táimid ag cur chun tosaigh an smaoineamh gur cóir na comharthaí a bheith i nGaeilge chomh maith le i mBéarla. Sílim go ndeireann sé sin cuid mhór faoin toil a bhí ag polaiteoirí i dtaobh na Gaeilge leis na blianta. B'fhéidir go ndearnadh barraíocht cainte faoi agus nach ndearnadh go leor gnímh air. San am céanna, fáiltim roimhe go bhfuil sé againn anois agus go bhfuil na comharthaí sin thuas i nGaeilge le tamall.

Ní dóigh liom go bhfuil mórán eile tábhachtach a thig liom a rá san am atá i láthair. Ba mhaith liom dul chun cinn a fheiceáil ó thaobh an aistriúcháin láithrigh. Ó tharla go bhfuil an tAire sa Teach ba mhaith liom a rá, an uair dheireannach a labhair mé anseo ar phlean gníomhaíochta Bhord na Gaeilge dúirt mé gur mhaith liom go mbeadh iriseoir ó Raidió na Gaeltachta lonnaithe sa Tuaisceart le freastal a dhéanamh ar Ghaeltacht an Tuaiscirt, agus tá Gaeltacht an-fhairsing sa Tuaisceart anois, Gaeltacht atá ag fás. Tá lúcháir orm go bhfuil duine ceapaithe anois i mBéal Feirsde le gníomhú ar son Raidió na Gaeltachta mar iriseoir do Ghaeltacht an Tuaiscirt. Fáiltím roimhe sin agus ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire ar a shon. Níl a fhios agam an bhfuil sé le bheith ann go fad-téarmach. B'fhéidir nach bhfuil sé ann san am atá i láthair ach mar thriail sa ghearrthéarma, ach tá súil agam go mbeidh an post fad-téarmach ann agus cuideoidh sé go mór le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt.

Tá áthas orm go bhfuil sé de phribhléid agam labhairt ar an rún tábhachtach seo atá os ár gcomhair inniu, is é sin ná:

Go dtugann Seanad Éireann dá aire an Tuarascáil ón gComhchoiste don Ghaeilge — An Chéad Tuarascáil i dtaobh úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht na dTithe.

Toisc gur Seanadóir mé ó cheantar Gaeltachta Baile Mhúirne-Cúil Aodha, tá suim faoi leith agam i leathadh na Gaeilge ní hamháin i dTithe an Oireachtais ach sa tír go hiomlán. Ba chóir dúinn smaoineamh gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus go mba chóir dúinn mar Sheanadóirí spreagadh a thabhairt don daonra go hiomlán. Réitím go hiomlán leis an gcuid sin den tuarascáil den Choimisiún Um Athbheochaint na Gaeilge a foilsíodh i Mí Eanáir 1965, in ar dúradh go mbeadh sé mar chabhair mhór do mhuintir na hÉireann dá mbeadh níos mó Gaeilge á úsáid againn in imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus go mbraitheann tábhacht na teanga i súile an phobail ar chomh dáiríre agus atáimid i leith na teanga.

Is cúis bhróin dom nuair a smaoiním ar an méid dul chun chinn atá déanta againn i dTithe an Oireachtais ón uair a foilsíodh an tuarascáil seo sa bhliain 1965. An gcloistear daoine ag caint i nGaeilge i dTithe an Oireachtais go minic? Is oth liom a rá gur beag Gaeilge atá le cloisteáil i dTithe an Oireachtais. Rud a chuireann isteach orm níos mó ná aon rud eile ná go bhfuil go leor Gaeilge ag a lán de na Teachtaí Dála agus ag na Seanadóirí chun beagán Gaeilge a labhairt ó am go chéile ach is beag duine a dheineann é. Ceann de na cúiseanna atá leis seo, ceapaim féin, ná nach bhfuil atmaisféar na Gaeilge le braith i dTithe an Oireachtais. Mar sin réitím go hiomlán leis an moladh go mba chóir go mbeadh níos mó fógraí as Gaeilge le feiceáil i dTithe an Oireachtais — is é sin fógraí ar na doirsí éagsúla, ar na fallaí, agus molaim chomh maith go mbeadh fógraí den tsórt "Labhair Gaeilge", "Gaeilge OK" etc. le feiceáil go soiléir in áiteanna tábhachtacha ar fud Tithe an Oireachtais.

Tá a lán rudaí ar siúl ag muintir na Gaeltachta chun spreagadh a thabhairt dár dteanga náisiúnta. Tógfaidh mé i dtosach comórtas peile na Gaeltachta. Ar eagla go mbeadh éinne ann nach dtuigeann cad atá i gceist agam léireoidh mé díobh. Seo comórtas a eagraítear idir na Gaeltachtaí éagsúla, is é sin ná go mbíonn ionad an chomórtais sna Gaeltachtaí éagsúla gach bliain. Tógann siad foirne éagsúla — peil, liathróid láimhe, cailín Gaelach, ceol agus a lán eile de ghnéithe cultúrtha atá sa Ghaeltacht leo go dtí an comórtas seo. Bíonn deireadh seachtaine iontach acu. Téim ann gach bliain gan teip agus ní labhraítear aon Bhéarla — ní bhíonn le cloisteáil ann ach ceol, Gaeilge — agus craic — an deireadh seachtaine ar fad. Dá bhféadfaimís anseo i dTithe an Oireachtais sampla na ndaoine seo a thógaint agus rud éigin cinnte a dhéanamh do chás na Gaeilge — seachtain na Gaeilge nó fiú an rud a mholtar san tuarascáil seo — is é sin na treoracha agus orduithe etc. a thugtar sa dá Theach a thabhairt trí Ghaeilge, ceapaim go mbeadh sé mar spreagadh do mhuintir na hEireann breis Gaeilge a úsáid in áiteanna poiblí agus an dearcadh ceart a bheith acu i leith ár dteanga náisiúnta.

Maidir le hobair Údarás na Gaeltachta caithfidh mé ar an gcéad dul síos moladh a thabhairt dóibh don obair atá ar siúl acu do mhuintir na Gaeltachta. Tá roinnt mhaith airgid curtha ar fáil acu do fhostóirí na Gaeltachta chun postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Deineann siad siúd a ngnó go léir trí mheán na Gaeilge cé go mbíonn siad ag deileáil le daoine thar lear. Éiríonn leo a ngnó go léir a dhéanamh agus is beag duine a chuala mé ag gearán futhu. B'fhéidir gur chóir dúinn anseo i dTithe an Oireachtais sampla a thógaínt uathu agus níos mó Gaeilge a úsáid in ár gcuid ghnó. Más féidir leo sin cruinniú a bheith acu trí mheán na Gaeilge, cén fáth nach féidir linn cruinniú a bheith againn ó am go chéile trí mheán na Gaeilge? Ceapaim gur chóir dúinn rud den tsórt seo a dhéanamh mar is cinnte go dtabharfadh sé spreagadh do mhuintir na hÉireann an tábhacht ará ag an Ghaeilge a fheiceáil.

Dream eile atá ag déanamh obair mhór do chás na Gaeilge ná Bord na Gaeilge. Ba mhaith liom iad seo a mholadh go hard as an iarracht atá déanta acu muintir na hÉireann a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt. Ón staidéar atá déanta agam ar thuarascáil 1984-85, feictear dom go bhfuil roinnt moltaí déanta acu agus ceapaim go mba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh iontu.

Mar atá ráite ag an Teachta Gemma Hussey, iar-Aire Oideachais, san tuarascáil sin, tá tacaíocht na Roinne tuillte ag Bord na Gaeilge sna hiarrachtaí atá á ndéanamh acu staid na Gaeilge a láidriú sna scoileanna agus ar fud na tíre i gcoitinne. Tá a fhios againn go léir anseo na deacrachtaí atá ag daoine go dteastaíonn uathu a gcuid ghnó a dhéanamh leis na Ranna Stáit éagsúla trí mheán na Gaeilge. Baineann an scéal seo ní hamháin le muintir na Gaeltachta ach le muintir na tíre go léir. Tá sé molta ag Bord na Gaeilge go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge le fáil ag na daoine go dteastaíonn uathu úsáid a bhaint aisti.

Molaim go láidir go ndéanfaí iarracht láithreach go mbeadh an tseirbhís seo le fáil do Ghaelgeoirí na hÉireann. Mar sin réitím go hiomlán faoi litreacha a chur chuig na hAoiarí as na páirtithe éagsúla ag iarraidh orthu a n-aird a dhíriú ar cheist na Gaeilge agus faoin teanga a úsáid go forleathan i dTithe an Oireachtais.

Ba mhaith liom chomh maith cúpla focal a rá faoi mholadh eile atá déanta ag an chomhchoiste, is é sin go gcuirfí ar fáil i Leabharlann an Oireachtais breis leabhar Gaeilge agus irisí, etc. do na Baill. Ceapaim go bhfuil an moladh seo an-tábhachtach ar fad. Is minic atá sé ráite agam le Seanadóirí agus Teachtaí Dála eile an laghad leabhar atá le fáil san Leabharlann chéanna. Cuireann sé díomá orm dul isteach sa Leabharlann agus leabhar éigin tagthartha trí Ghaeilge á lorg agam agus a fháil amach nach bhfuil sé sa Leabharlann.

Ceapaim go bhfuil tus áite tugtha don Bhéarla anseo agus is mór an trua é. Níl a gceart á fháil ag Seanadóirí ná Teachtaí Dála go dteastaíonn uathu úsáid a bhaint as an nGaeilge. Ba chóir go mbeadh le fáil ansin i Leabharlann an Oireachtais leabhair Ghaeilge de gach sórt agus chomh maith leis sin gach iris agus paipéar Gaeilge a chuirtear i gcló agus go dtabharfar don Ghaeilge an status atá tuillte aici i Leabharlann an Oireachtas.

Tá áit eile a cheapaim féin gur féidir spreagadh a thabhairt don phobal chun breis tábhachta a thabhairt don Ghaeilge. is é sin trí breis Ghaeilge a úsáid sna meáin chumarsáide, go háirithe sa raidió agus teilifís. Cuireann sé brón ormsa agus ar mhuintir na Gaeltachta a laghad Gaeilge atá á úsáid ag na daoine seo. Tá teilifís agus raidió ag gach aon teach sa tír seo beagnach agus is mór an trua nach ndéantar iarracht Gaeilge a úsáid orthu níos minicí agus níos lú cláracha ó Mheiriceá, Sasana agus áiteanna eile a úsáid. Bhí clár amháin a mheas mé a rinne a lán maitheasa don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta, is é sin "Gael Video". Clár ab ea é seo a bhí bunaithe are shaol, teanga agus cultúr na Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhfuil aon tslí níos fearr ann chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a leathadh ar fud na tíre ná trí scannáin atá bunaithe ar shaol na Gaeltachta a bheith le féiceáil ar an dteilifís go rialta. Dá bhrí sin molaim go mba chóir dúinn anseo brú a chur ar RTE níos mó Gaeilge a úsáid agus an teanga Gaeilge a chur san áit atá tuillte aici ar scáileáin na teilifíse.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a mholadh do Sheanadóirí má tá moltaí acu le déanamh chun feabhas a chur ar staid na Gaeilge i dtithe an Oireachtais in ainm Dé go ndéanfaidís iad. Níl aon rud níos tábhachtaí, dar liomsa, ná go mbeadh atmaisféar na Gaeilge le tabhairt faoi deara i dTithe an Oireachtais agus táim cinnte má dheineann gach éinne iarracht dáiríre go n-éireoidh go geal linn.

Ba mhaith liomsa focal nó dhó a rá ar an dtuarascáil thábhachtach seo. Molaim an tuarascáil agus molaim go háirithe na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála a bhí páirteach sa chomhchoiste a scríobh an tuarascáil. Tá sé an-tábhachtach dúinne ceist na Gaeilge a phlé ó am go chéile agus tugann an tuarascáil seo an seans sin dúinn inniu.

Tá Gaeilge, ar a laghad beagáinín Gaeilge, ag furmhór na ndaoine i dTithe an Oireachtais. Tá sé sin soiléir. Tá, im thuairimse féin, Gaeilge ag furmhór mhuintir na tíre seo. Is dóigh liom gurb í an abairt is tábhachtaí sa tuarascáil ná an abairt seo: "Is teanga bheo í an Ghaeilge agus caithfear í a labhairt i dtreo is go mairfidh sí".

Bhí an Seanadóir Rogers ag caint ar maidin agus an Ghaeilge atá aici tá sí chomh hiontach sin go bhfuil díomá ormsa — is Carmanach mé. Rugadh is tógadh i Loch Garman mé. Bhí ormsa an méid Gaeilge atá agam a fhoghlaim ar scoil. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil an caighdeán Gaeilge agam chomh maith agus d'fhéadfadh sí a bheith ach ní ceantar Gaeltachta Loch Garman cé go bhfuil an-suim ag muintir Loch Garman sa teanga agus i rudaí a bhaineann leis an nGaeltacht.

Tá plean ag Comhairle Chontae Loch Garman chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt i ngnáth-dhíospóireachtaí na comhairle sin. Tá ar chumas na ndaoine atá ar an gcomhairle focal nó dhó a rá anois is arís i nGaeilge agus tugann an plean atá againne an seans sin dúinn uile. Ba mhaith liom an plean sin a leathnú amach ar fud na tíre go léir. Is dóigh liom féin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach spreagadh de shaghas éigin a thabhairt dúinn chun an Ghaeilge atá againn a úsáid. Measaim féin nach bhfuil an spreagadh sin ann anois. Dúirt an Seanadóir Rogers dá mbeadh díospóireacht anseo agus dá n-úsáidfí an Ghaeilge ar ábhar tábhachtach, tá sé soiléir nach mbeadh an díospóireacht sin sna nuachtáin. Tá dualgas ar na nuachtáin agus ar mhuintir raidió agus muintir teilefíse na díospóireachtaí sin a chur ar an dteilifís nó ar an raidió nó sna nuachtáin. Caithfimid an fhorbairt sin, an spreagadh sin a thabhairt go mbeadh spreagadh againne an Ghaeilge a úsáid sna díospóireachtaí anseo.

Ní dóigh liom gur mar sin atá an scéal i láthair na huaire. Aontaím le furmhór na rudaí atá scríofa anseo. Tá sé thar a bheith tábhachtach na gnáth-chomharthaí timpeall na háite seo a bheith i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé tábhachtach go mbeadh atmaisféar Gaelach anseo, na gnáth-abairtí a úsáid, mar shampla "Go raibh maith agat", comhartharí scríofa ar na doirsí agus mar sin de. Tá súil agam gur leathnaigh an comhchoiste seo an obaír atá le déanamh acu agus go mbeidh an spreagadh againn go léir an chuid Gaeilge atá againn a úsáid. Bhí mo chaighdeán féin i bhfad níos fearr cúpla bliain ó shin. Tá sé beagnach caillte agam ó easpa úsáide. Ba mhaith liomsa an Ghaeilge a úsáid níos mó ach seans a bheith agam agus tugann díospóireachtaí mar seo an seans dom anois.

Tá sé an-tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ní amháin ag caint ar ábhar an rúin seo ach i ngnáth-imeachtaí na tíre. Cibé ábhar atá a phlé againn tá sé an-tábhachtach go mbeadh seans ag duine focal nó dhó den Ghaeilge a úsáid tríd an díospóireacht sin. Tá súil agam go bhfuil an spreagadh sin ann anois. Tá mé cinnte go bhfuil fonn ar fhormhór na ndaoine anseo an Ghaeilge a fhorbairt, go bhfuil an-suim acu inti agus tá súil agam go mbainfimid an aidhm seo amach.

Tá an bunáiste céanna ag baint liomsa agus atá ag baint leis an Seanadóir Howlin mar tá áiteanna i Maigh Eo cosúil le Loch Garman agus cé go bhfuil mé im' chomharsa d'Aire na Gaeltachta, tá an Ghaeilge ar fheabhas aige agus níl ach beagáinín Gaeilge agam. Tá áiteacha i gContae Mhaigh Eo agus níl mórán teangmhála againn le cúrsaí Gaeilge nó leis an dteanga.

Ba mhaith liom aontú leis an rún agus fáiltím roimh an dtuarascáil. Na comhaltaí atá ar an gcomhchoiste tá siad go maith agus tá suim faoi leith acu sa teanga. "Tus maith leath na hoibre" agus cé go bhfuil an tuarascáil gearr — níl mórán leathanach inti — tá na moltaí ann agus tá sé sin an-tábhachtach ar fad. Ar aon chuma tá siad praiticiúil. Aontaím leis na tuairimí atá leagtha síos ann go bhfuil sé thar a bheith deacair don ghnáth dhuine suim a bheith acu in úsáid na Gaeilge nó leathadh na Gaeilge nuair is eol dóibh nach n-úsáidtear í sa Teach seo ach corr-uair agus corr-am. Aontaím chomh maith leis an dtuairim gur teanga bheo í agus go gcaithfear í a labhairt i dtreo is go mairfidh sí.

Gan amhras, is é príomh-chuspóir an chomhchoiste ná na Baill agus chuile dhuine atá ag obair anseo a mhealladh chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus, mar adúirt an Seanadóir Howlin, tá cumas maith Gaeilge ag cuid acu. Níl aon duine anseo nach bhfuil roinnt Ghaeilge aige, nach bhfuil cúpla focal aige ach trí leisciúlacht nó chúthaileacht níl sí á h-úsáid againn. Níl daoine á spreagadh agus níl an teanga á leathadh. Is maith rún den tsaghas seo mar tugann sé seans dúinn é a phlé agus ár meon a scrúdú. Ba mhaith liom na ceisteanna mar shuaitheantais, agus Riar na hOibre sa Teach a mholadh. Is léir dúinn go bhfuil an comhchoiste ag déanamh a ndíchill. Tá siad ag déanamh sár-oibre. Tá clár agus céimeanna leagtha síos agus leagtha amach acu agus tá dul ar aghaidh agus dul chun cinn maith déanta acu freisin.

Tá sé deacair don Ghaeilge mar níl sí ag fáil cothrom na Féinne. Tá sprionlaitheacht forleathan do sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá sé teipithe ar RTÉ a dhualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh, ach is cúis áthais dúinn go bhfuil Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Seán Ó Tuama, sásta go bhfuil dul chun cinn go maith ag an bplean Gníomh don Ghaeilge a phléamar anseo an bhliain seo caite.

I was reading a report recently in which references were made by Deputy Dinny McGinley that in the Gaeltacht now bilingualism is a fact of life and there is no question whatever about it that on every occasion we come to monitor the situation of the Irish language we can, in fact, record a receding of the Fíor-Ghaeltacht. I do not necessarily think, as the Minister agreed with me on the previous occasion that we discussed the situation of the Irish language, that bilingualism is a bad thing or the fact that bilingualism is spreading in the Gaeltacht is a bad thing. When you are living within a European community where you have a multilingual situation we have got to accept the fact of bilingualism. Indeed, I would say that we have to encourage bilingualism because, peculiarly enough, it is an area where there is a gross deficiency in relation to our very make-up and that is our inability as a nation to cope with two, three or four languages. It is one of the things that distinguish us particularly from our brethern within the EC that we have not been able to wrestle with the problem of having equal competence or equal efficiency in the usage of several languages or even two languages. It is a sad reflection on us that after years of endeavour, after 60 years of intensive timetabling of the language, we have failed manifestly to get across to people the idea that they have the skills, the ability, the knowledge, they have the folklore and the vocabulary from their school days, but that they do not seem to have the necessary competence or confidence to use it. I believe that there is a lot of latent language and latent Irish within this House; but, because of laziness on the one hand and reluctance or shyness on the other hand, people are unwilling or unable to use it or to have their Irish sampled by people who have a better knowledge of the language.

Very often there are a number of the procedures of the House which are carried out bilingually that could be dispensed with. It astounds me that we accept the fact that we say the prayer first in Irish and then in English. Surely a prayer with a common sentiment, which is well known and which is something that reflects the attitudes and the general consensus of all of us should be something that would not necessitate a call for translation or instant translation. I think the prayer as the opening procedure of the House should be done through Irish only.

We have dwelt on the role of education time and time again. I do not think there is any use whatever in blaming the teachers. The teachers do their job exceptionally well. Teachers at all levels have done an enormous job in trying to cultivate and nurture the language. The fact that we have not succeeded in extending the language into the general sphere of everyday activity or dialogue is no reflection on the schools, but it is a reflection on the manner in which the various components of the language are handed down by the Department of Education. I have said time and time again that there is too much emphasis on grammar; there is too much emphasis on the technicalities of the language, and there is too much emphasis on perfection. On a previous occasion when we were debating the Irish language here I alluded to the fact that when the English undertook the anglicisation of this country they did not worry about whether the initial, faltering steps were grammatically perfect.

Language is the vehicle of all communication and until such time as we get people using the vocabulary, until such time as we get it accepted as the norm and the medium for oral communication and until such time as we dispense with rigid attitudes in relation to grammar, particularly in relation to the marking system for examinations, I do think that we will make any sizable progress.

I should like to see another look being given to the composition of Irish for the leaving certificate examination with a greater emphasis on oral Irish. Perhaps we could have an all-oral leaving certificate, a leaving certificate where the greatest percentage of the marks are devoted towards oral competence.

Senator Bríd Rogers made a very valuable point. That is, that when you are talking about the practical usage of the Irish language in this House it is very difficult to motivate people to use the language here when they can expect scant recognition by way of Press coverage. God knows there has been enough reference to the receding role of the Seanad and enough recent attempts to undermine the status of the Seanad — in my opinion there have been unjustifiable remarks hurled in our direction. We do not get fair play in relation to daily coverage of the proceedings here. I would venture to suggest that the level of debate in this House is very often on a much higher plane than that debate that is ongoing at times in the other House. If one reads the records of the debates one will find that you can very often get in this House a level of debate that transcends and supersedes the ordinary cut and thrust of political competition and that we get a more rational, open and objective analysis of the various items and legislative reports that are brought before both Houses. I would venture to say that there is a lot of substance in what Senator Rogers says, that if, in fact, we do not get the necessary coverage for the proceedings that are carried on here in English, how can we motivate people to speak in Irish when there is a grave question mark over whether or not the people who are covering the proceedings of the House have the necessary knowledge of the language to give us the coverage we desire and need so badly. After all, publicity and Press coverage is the oxygen of any politician and the oxygen of any political system.

In conclusion, I should like to say that I am not a prophet of doom. I have mentioned that the language in the Fíor Ghaeltacht has been receding; it has been giving way to bilingualism, but I do not share the view that it is lost. I believe it is salvagable and I believe that until such time as we can stimulate the national pride and get the right attitude and get people thinking in a proper national perspective we will not save the language. If we are practical about it, the practical usage of Irish does not motivate people. The obvious competition from French, German and other EC languages is going to pose a considerable threat and until such time as we can stimulate national pride — and that is the singular and great motivation — we will not save the language. There are times I despair as to whether the national pride is there or not when I see how we fail so miserably in relation to our litter campaign and our campaign to buy Irish etc. and I wonder if, in fact, the desire is there.

Is é seo an tríú uair ó tháinig mise isteach sa Teach seo atá rún mar seo os ar gcomhair — an chaoi ina bhfuil an teanga dhúchais ag dul ar aghaidh. Le fírinne níl a staid ag feabhsú. Tá laghdú ar na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht agus níl an dúil chéanna ag an phobal í a labhairt mar a bhí. Tá an tAire, Bord na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill. Mar adúirt mé i mBéarla, tá na scoileanna ag déanamh sár-oibre agus níl siad ciontach san laghdú ach oiread. Le blianta anois is iomaí iarracht a rinne na scoileanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn ach is cúis bhróin dóibh nár éirigh leo níos fearr. Sílim gur sna bunscoileanna a chuirtear béim ar labhairt na Gaeilge ach sna meánscoileanna is ar scríobhneoireacht agus gramadach is mó a luíonn siad mar gheall ar na scrúduithe agus amannta cuireann an cruatan sin, cruatan an gramadaí agus cruatan na scríobhneoireachta gráin in ionad grá sna daltaí don teanga.

Mar atá a fhios ag an Teach dúirt mise an cúpla focal a bhí le rá agam an tseachtain seo caite ach, mar sin féin, ba mhór an trua dá ligfinn an deis seo thart gan, ar a laghad, freagra a thabhairt ar na daoine a labhair anseo maidin inniu agus tá áthas orm búiochas a ghabháil do na daoine sin. Bhí rudaí le rá ag na Seanadóirí Rogers, Kelleher, Howlin agus Séamus Higgins agus seo rud a bhí le rá ag chuile dhuine acu — gur cheap siad nach raibh poiblíocht le fáil ó na meáin chumarsáide ar aon rud a dúirt siad anseo. Is mór an trua é sin agus go deimhin, is mór an trua nach mbeadh suim ag meáin chumarsáide na tíre seo i bpoiblíocht a thabhairt faoi labhairt as Gaeilge, ní amháin ar chúrsaí Gaeilge agus ar cheisteanna na Gaeilge féin ach, go deimhin, ar chúrsaí ghinearálta, ar chúrsaí eacnamaíochta, ar chúrsaí dlí nó cúrsaí sóisialta á bplé acu. Ba cheart go mbeadh an tábhacht chéanna ag baint leis an méid atá le rá acu má deireann siad as Gaeilge é is dá n-abraidís i mBéarla é. B'fhéidir gur ceist aistriúcháin láithreach atá de dhith sa Teach seo. Má sea, tig linn cur chuige sin agus rachaidh mé i dteagmháil leis na h-údaráis anseo féachaint céard is féidir a dhéanamh faoi. Tá an Teach seo á dheisiú faoi láthair agus b'fhéidir go bhfuil an t-am ceart chun na moltaí seo a chur ós comhair na n-údarás agus beidh mé ag rá leo go raibh Seanadóirí anseo ag iarraidh áis mar seo a chur ar fáil don Seanad. Ní dóigh liom gur féidir a rá gur b'shin í an fhadhb mar tá áis aistriúcháin láithreach sa Dáil féin agus tá an tseirbhís sin ar fáil, ach mar sin féin níl an Ghaeilge á labhairt chomh minic agus ba cheart di a bheith. Tá polaiteoirí sa Dáil chomh maith agus atá sa Seanad agus tá mé cinnte dá mbeadh an phoiblíocht cheart á fáil ag polaiteoirí na Dála chomh maith le polaiteoirí an tSeanaid go mbeadh fonn i bhfad níos mó orthu usáid a bhaint as Gaeilge níos minicí ar chúrsaí ghinearálta atá a bplé sa Teach ó lá go lá.

Sin ceann de na gearáin a tháinig treasna anseo agam maidin inniu agus seachtain sa lá inniu go raibh Seanadóirí faoin dtuairim nach bhfaighidís an phoiblíocht is dual dóibh ar ócáidí den tsaghas seo agus Gaeilge á labhairt acu. Dúirt an Seanadóir Rogers chomh maith go raibh duine de Raidió na Gaeltachta sa Tuaisceart. Tá agus is maith liom a rá go bhfuil freastal á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí ar fud na tíre. Maidir leis na daoine atá ag dul le raidió agus le theilifís sa Tuaisceart le blianta anuas tá Gaeilge ar a mian ag chuile dhuine acu agus ba mhaith liom treaslú leo as ucht atá á dhénamh acu. Tá an dá theangachas acu go pras agus níl aon fhadhb ansin ach, mar sin féin, is maith an rud go bhfuil Raidió na Gaeltachta féin sáite anois sa rud seo agus go bhfuil tuairisceoir acu ar bhun laethiúil más gá.

Dúirt an Seanadóir Kelleher nach raibh atmaisféar an Tí i gceart agus rinne an Seanadóir Howlin tagairt don rud céanna. Maidir le h-aitmaisféar, níl an t-atmaisféar ceart le Gaeilge a úsáid. Is dócha gur féidir linn é sin a rá ach níl an t-atmaisféar ceart taobh amuigh den Teach ach amháin sa Ghaeltacht mar a bhfuil an timpeallacht a bhaineann le h-úsáid na teanga. Is muid féin a chruthaionn an t-atmaisféar agus má táimid sásta Gaeilge a labhairt anseo crothóimid an t-atmaisféar ceart le go mbeidh an Ghaeilge á úsáid i bhfad níos minicí.

Ag éisteacht le Seanadóirí anseo an tseachtain seo caite agus arís maidin, inniu, ní fheicim aon chúis ar bith nach mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge á h-úsáid mar chuile dhuine a labhair maidin inniu tá Gaeilge ar a mian acu. Dúirt an Seanadóir Howlin chomh maith go raibh cineál díomá air go raibh air labhairt tar éis duine cosúil leis an Seanadóir Bríd Rogers. Sin rud a chloisim go minic agus daoine ag cur a dtuairimí ar aghaidh, go bhfuil faitíos orthu, go bhfuil díomá nó náire orthu nach bhfuil an Ghaeilge ar chaighdeán comh h-ard agus atá ag daoine eile agus go mb'fhéidir go mbeadh daoine ag magadh futhu. Ní dóigh liom go dtógfadh an Seanadóir Rogers orm é nuair a deirim go bhfuil Gaeilge iontach aici toisc gur tógadh le Gaeilge í. Is cainteoir ó dhúchas í an Seanadóir Bríd Rogers agus ní féidir, cur i gcás fear as Loch Garman a chur i gcomparáid leis sin. Ach ag éisteacht leis an Seanadóir Brendan Howlin, ní dóigh liom gur ceart dó aon imní nó náire a bheith air mar, chomh fada agus a fheicimse, cibé áit a fuair sé an Gaeilge tá an-Ghaeilge go deo aige.

Dúirt an Seanadóir Higgins an rud céanna, go raibh áiteanna i gContae Mhaigh Eo agus, go deimhin an chuid is mó de, nach gcloisfeá focal Gaeilge ó mhaidin go hoíche, ach mar sin féin tá Gaeilge ar a mhian aige féin mar a thaispeanann sé go minic sa Teach seo. Nuair a bhíonn ceist á plé i nGaeilge, glacann sé páirt san díospóireacht. Ní gá dó siúd, agus tá mé cinnte nach bhfuil, aon díomá nó náire nó imní a bheith air. Tá sé ábalta seasamh agus labhairt go pras i nGaeilge agus i mBéarla agus go deimhin sa bhFraincis dá gcuirfí chuige é. Sin ceist eile.

Labhair an Seanadóir Higgins faoin dhátheangachas. Bhain sé úsáid as dhá fhocal: Dúirt sé go raibh leisciúlacht nó cúthail orthu Gaeilge a labhairt b'fhéidir, meascán den dá theanga. Sin rud amháin gur féidir a réiteach, ach maidir le cúthaileacht, sin focal gur bhain sé usáid as agus tá an ceart aige. Tá daoine cúthaileach in úsáid na Gaeilge agus dúirt mise é seo go minic cheana. Ceapaim gurb é an fáth atá leis sin ná go gceapann daoine go bhfuil "éilitism" de shaghas éigin ag baint le daoine a labhraíonn an Ghaeilge agus go mbíonn siad ag breathnú anuas ar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge go pras acu agus ceart ó thaobh na gramadaí de. Bhí sé sin ann agus is cuimhin liom na blianta ó shin nuair a dúirt mé go poiblí nach raibh aon mholadh ag dul do dhaoine cosúil leis sin.

Má tá "elitist" ann ag breathnú anuas ar dhaoine atá ag déanamh i bhfad níos mó ó thaobh pearsanta de agus ag déanamh a ndíchill agus ag cur i bhfad níos mó isteach san méid atá acu, níl aon mholadh ag dul do dhuine Gaeilge a bheith go pras aige má tógadh le Gaeilge é, más ón Ghaeltacht é agus más í an Ghaeilge a theanga teaghlaigh. Níl aon mholadh ag dul dó a bheith in ann Gaeilge mhaith a labhairt. Ach duine ón Ghalltacht a shuígh síos agus a d'fhoghlaim an teanga mar dara theanga, sin duine go bhfuil moladh ag dul dó, fiú amháin muna bhfuil an Ghaeilge go pras aige. Agus aontaím in iomlán leis an Seanadóir Higgins go raibh, san am a chuaigh thart go háirithe, an iomarca béime ar ghramadach agus ar phointí teicniciúla a bhaineann leis an nGaeilge agus gur chuir sé sin ísle brí agus díomá ar dhaoine a bhí ag déanamh an-iarracht go deo an Ghaeilge a labhaiart agus Gaeilge labhartha a bheith acu ach nach raibh siad in ann an ghramadach a láimhseáil.

B'fhéidir go bhfuil an ceart aige, go mba cheart dúinn díriú ar scrúduithe nach mbeidh iontu ach Gaeilge labhartha amháin agus gan aon taobh scríbhinne iontu chor ar bith. B'fhéidir go gcuirfeadh sé sin le dul chun chinn na Gaeilge. Is rud é go mba cheart dúinn smaoineamh air agus triail a bhaint as b'fhéidir.

Dúirt sé chomh maith i gcomhthéacs an EC agus i gcomhthéacs an Chomhmhairgaidh agus áiteanna eile, go bhfuil mórtas náisiúnta agus mórtas cine ag baint le bheith ábalta teangacha eile a fhoghlaim agus a labhairt, is é sin dhátheangachas nó trítheangachas a bheith agat, agus in áiteanna eile san Eoraip tá ceithretheangachas ar a laghad ag cuid de na daoine.

Is oiléan muidne. Tá deacrachtaí faoi leith againn agus sin é an fáth nach bhfuil an gnáth thraidisiún sin againn go bhfuilimid scartha amach ó Mór Roinn na hEorpa. Feicimid daoine san Eilbhéis agus san Bheilg agus áiteanna eile mar sin, áiteanna go bhfuil an Ghearmáinis, an Fhraincis agus teangacha eile. Tá siad ábalta trí no céithre theanga a fhoghlaim agus a úsáid. Go bunúsach níl deis againne ach dhá theanga a fhoghlaim anseo agus níl a fhios agam cén fáth a bheadh leisce nó cúthail ar dhaoine a leithéid a dhéanamh. O thaobh mórtas chine fiú amháin agus go deimhin i gcomhthéacs an Chomhmhargaidh, áit a chloiseann tú daoine ag baint úsáide as a dteanga féin, agus in amanna as mion teangacha, cosúil le muintir Luxembourg a chuala mise iad ag caint ina dteanga féin fiú amháin nach bhfuil litríocht ag baint leis, is mór an trua dúinn anseo a bhfuil teanga againn atá chomh hársa le stair na tíre féin, a bhfuil litríocht againn ó 1,300 bliain ó shin nach bhfuil an mórtas cine ionainn a chuirfeadh ar ár n-aire muidne agus a thabharfadh uchtacht na teanga ársa sin a fhoghlaim.

Labhair an Seanadóir Higgins faoi na meáin chumarasáide ó thaobh polaiteora de, nach raibh agus nach mbíonn de gnáth poiblíocht le fáil ó na meáin chumarsáide má labhraíonn tú ar ábhar ar bith as Gaeilge. Is mór an trua é. Ag éisteacht le Seanadóirí le dhá lá tá súil agam go dtuigeann na meáin chumarsáide anois go bhfuil formhór mór de Chomhaltaí an Tí seo go bhfuil Gaeilge ar a mian acu, a bhfuil sásta í a labhairt ach an phoiblíocht a fháil as an úsáid a bhaineann siad as.

Ba mhaith liom arís tréaslú leis na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht. Tá a fhios agam go bhfuil a lán Seanadóirí eile nach bhfuair an deis toisc go bhfuil siad in áiteanna eile. Leis an fhírinne a rá chuir caighdeán na Gaeilge a chuala mé anseo agus an méid daoine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt iontas agus bród orm toisc go raibh siad sásta teacht isteach anseo agus a dtuairimí a chur os comhair an phobail as Gaeilge. Dúirt an Seanadóir Higgins nach gá dúinn aon náire a bheith orainn as an dátheangachas agus mar a dúirt mé an tseachtain seo caite sin í an aidhm a bheadh agamsa agus is í an tuairim atá agam le fada, go dtí go mbeimid sa tír seo ábalta an dátheangachas a fhorbairt go dtí pointe gur féidir linn Gaeilge agus Béarla a úsáid go nádúrtha, mar a chualamar sa Teach seo inniu agus an lá deiridh agus go mbeimid in ann an t-athrú a dhéanamh go nádúrtha. Níl aon big deal ag baint leis, cosúil le fear as an Ghearmáin ag labhairt Fraincise nó vice versa, nó ag labhairt Béarla mar a chloiseann tú go minic ar an Mhór Roinn agus é sin go nádurtha. Braitheann sé ar an té a bhfuil tú ag caint leis. Ach an rud seo a bheith ag caint Gaeilge le duine a bhfuil fhios agat nach dtuigeann an Ghaeilge, sin masla agus sin é an cineál élitism a labhraím faoi. Ní dóigh liom gur cheart é sin. Braitheann sé ar cé leis a bhfuil tú ag caint, i d'aonar nó ag caint le grúpa ba cheart duit bheith ábalta agus ba cheart do d'éisteoirí a bheith ábalta glacadh leis go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla ann, agus go dtí go mbeimid in ann an dá theanga a úsáid go nádúrtha, sa gnáth shaol, táimid i dtrioblóid.

Tá dea thoil agus grá don Ghaeilge ansin. Tá sé sa Teach seo agus is againne atá sé an t-atmaisféar a chruthú agus, é sin déanta, an dea-shampla a thabhairt do na daoine amuigh ansin atá ag breathnú orainn agus ag rá: "Ní féidir bheith ag súil go mbainimíd úsáid as an Ghaeilge muna bhfuil na daoine seo atá in ainm is a bheith ag rialadh na tíre, bídis sa Fhreasúra nó sa Rialtas, ag baint úsáid as an teanga.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Barr
Roinn