Glacaim leis sin. Tá mé ocht mbliana anois sa Seanad agus cuirfidh mé fáilte roimhe sin má tharlaíonn sé, agus déanfaidh mé comhghairdeas leatsa más tusa atá freagrach as. Ach níl mé sásta Béarla a úsáid faoi cheist Ghaeilge agus Ghaeltachta chun cabhrú leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Caithfidh mé rud a rá ar dtús faoinar dhúirt an Seanadóir Ó Conchubhair.
Bhí sé ag caint faoi fheirmeoireacht éisc sa Ghaeltacht agus cé chomh tábhachtach is atá sí, agus tá an ceart aige. Nach aisteach go leor anois go bhfuilimid ag brath ar fheirmeoireacht éisc, más rud é go bhfuil éisc nádúrtha a bhíodh againn caite siar againn toisc sinn a bheith imithe isteach sa Chómhargadh? Agus bhíodh na "fisheries systems" agus na "fisheries markets" is mó san Eoraip againn. Tá siad tugtha againn do dhaoine eile mar phraghas dúinn dul isteach sa Chómhargadh.
Sin ceann de na fáthanna go bhfuil orainn anois brath ar fheirmeoireacht éisc chun déanamh suas a dhéanamh ara bhfuil caillte againn agus a bhfuil caite siar againn agus a bhfuil caite uainn. Tá a leithéid agus a mhéad sin seafóide ar siúl faoi Ghaeltacht agus faoi Ghaeilge sa tír seo agus nach gcuirfeadh an Bille seo mórán de ionadh orm. Ní chuireann sé ionadh orm go bhféadfadh le hAire Rialtais a bhaineann le páirtí a dhéanann a mhéad sin cainte faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht Bille a chur isteach mar seo agus gan tuiscint dá laghad a bheith aige faoin damáiste a d'fhéadfadh an Bille seo a dhéanamh do fhéin-aitheantas mhuintir na Gaeltachta. Nach mbeidh an píosta beag dá chuid féin sa saol atá bainte amach acu le blianta beaga anuas tríd an Údarás, nach mbeidh sé sin ar fáil acu, ach go bpléascfaí é ar fad agus go gcailfí é ar fad faoi lasta mór cainte, lasta mór focal, toghchán amháin eile agus b'fhéidir dhá thogchán eile. Seans go mbeidh toghchán ginearálta, toghchán na hEorpa agus toghchán do Údarás na Gaeltachta ar siúl ag an am céanna. Nach náireach an rud é gur mar sin a chaillfí todhchaí na Gaeltachta, deacrachtaí na Gaeltachta, muintir na Gaeltachta.
Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud faoi Údarás na Gaeltachta i gceart. Ach ní chabhraítear le todhchaí na Gaeltachta, le bród agus dínit mhuintir na Gaeltachta, ós rud é nach bhfuil Aire na Gaeltachta, an tAire Rialtais atá freagrach as an nGaeltacht, sin é an Taoiseach féin, sásta fiú ceist amháin as Gaeilge a fhreagairt sa Dáil ó thosaigh an Dáil seo. Sin masla mór do mhuintir na Gaeltachta ó dhuine a bhíonn ag rá agus ag ligean air cé chomh mór is atá spéis aige i gceist na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is mór an trua é nach mbeidh an seans ag muintir na Gaeltachta na ceisteanna seo a phlé ina n-aonar gan iad a bheith ceangailte suas le ceistenna eile faoi impiriúlachas na hEorpa sa tír seo.
Tá rudaí eile a chaithfear a rá. Níor mhaith liom go mbeimis ag ligean orainn go bhfuil Udarás na Gaeltachta rómhaith nó ró-thábhachtach. Is é atá ag teastáil sa Ghaeltacht ná féinrialú, feinrialú taobh istigh den tír seo. Ní píosa beag de fhéinrialtas faoi fhorbairt thionsclaíochta agus cúpla rud eile, ach féinrialú ar fad ina scriosfaí Roinn na Gaeltachta agus go ndéanfaí as Rialtas na Gaeltachta státseirbhís do fhéinrialtas na Gaeltachta. Níl cead ag muintir na Gaeltachta smacht a bheith acu ar cheisteanna pleanála, mar shampla. Cuid de na Gaeltachtaí go speisialta, i gCiarraí, mar a bhfuil muintir na Gaeltachta ina mionlach beag sa chontae, is beag tionchar atá ag muintir na Gaeltachta ar cheisteanna pleanála an chontae. Tá siad caite amach, beagnach, ar imeall an chontae, gan mórán tionchair acu, gan ach trí nó ceithre cinn de bhaill ar Chomhairle Chontae Chiarraí, agus na rudaí is tábhachtaí, na rudaí is mó a thugann "identity" do Ghaeltacht Chiarraí, ní fhéadfadh comhairle chontae chomh mór le Comhairle Chontae Chiarraí aird agus aire agus tábhacht, agus an tábhacht atá ag teastáil uathu siúd, a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ansin.
Mar sin, ó thaobh cheisteanna pleanála, pleanáil ó thaobh thógáil tithe, pleanáil ó thaobh thithe ósta agus na ceisteanna pleanála a thagann trí na hAchtanna Pleanála, ba chóir gur faoi stiúradh mhuintir na Gaeltachta amháin a bheadh na rudaí siúd, agus go mbeadh ar an mBord Pleanála fealsúnacht agus dearcadh mhuintir na Gaeltachta a thabhairt chun cinn dá mba rud é go raibh siad ag éisteacht le hachainí agus gearáin faoi shocruithe pleanála. Níl sé acu faoi láthair. Níl féinrialtas ag muintir na Gaeltachta faoin gceist sin. Mar an gcéanna, níl aon smacht acu ar chaighdeán na mbóithre sna Gaeltachtaí. Níl éinne dáiríre ag éisteacht le gearán mhuintir na Gaeltachta le beagnach fiche bliain anuas faoi cheisteanna chaighdeán na mbóithre sna Gaeltachtaí ar fad. Tá an "bumpersticker" le feiceáil ar fud Chonamara: "Scriosadh an carr seo ar bhóithre Chonamara", agus níl ansin ach an fhírinne ar fad. Scriosadh na mílte carranna ar bhóithre Chonamara, agus scriosfar a thuilleadh carranna ar bhóithre Chonamara, os rud é go bhfuil na poill sna bóithre ag dul i méid i gcónaí agus na bóithre beagnach imithe ar fad, agus gan ach amháin líontan poll ón nGaillimh go dtí an Cheathrú Rua, meascán ar fad de phoill sna bóithre agus gan mórán bóithre fágtha ann. Agus tá sé mar an gcéanna i gCiarraí, agus dá mba rud é gur faoi mhuintir na Gaeltachta a bhí an cheist sin, ní ghlacfaí leis.
Dá mba rud é gur tugadh an deontas airgid do fhéinrialtas na Gaeltachta, chomh mór leis an méid airgid a thugtar do Údarás na Gaeltachta agus an chuid sin de chaiteachas airgid na gcomhairlí contae a bheadh oiriúnach do na Gaeltachtaí, agus féinrialtas do na Gaeltachtaí a thabhairt faoi, bheadh i bhfad níos mó ar siúl acu. Tá sé náireach gurb as Baile Átha Cliath atá córas oideachais na Gaeilge sna Gaeltachtaí á stiuradh. Ba chóir gur faoi mhuintir na Gaeltachta amháin a bheadh na socruithe siúd faoi oideachas dá bpáistí féin. Is iad muintir na Gaeltachta a thuigeann fadhbanna na Gaeltachta, a thuigeann a bhfuil ag teastáil i gcomhair fhorbairt na Gaeltachta, a thuigeann cén saghas caighdeán múinte Béarla a bheadh ag teastáil do leanaí Gaeltachta agus cén saghas caighdeán múinte Gaeilge a bheadh ag teastáil ó leanaí Gaeltachta chomh maith. An dearcadh i mBaile Átha Cliath gurbh ionann leanbh Gaeltachta agus leanbh Galltachta ó thaobh an churaclam Gaeilge agus Béarla, is dearcadh é atá ag déanamh an t-uafás damáiste do oideachas sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht. Ba chóir go mbeadh an córas oideachais sna Gaeltachtaí faoi smacht agus faoi chumhacht mhuintir na Gaeltachta. Ba chóir, mar a dúras, go mbeadh féinrialú ag muintir na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh sé mar an gcéanna ó thaobh chúrsaí sláinte, go mbeadh siad siúd faoi smacht mhuintir na Gaeltachta, go mbeadh rialtas dá gcuid féin acu a bheadh freagrach do mhuintir na Gaeltachta as todhchaí na nGaeltachtaí.
Tá forbairt thionsclaíochta faoi smacht ag Údarás na Gaeltachta, agus tá sé ráite ag cuid mhaith daoine go bhfuil jab réasúnta maith ar siúl ag an Údarás sa bhealach sin. Ach tá na rudaí eile tábhachtach chomh maith, mar ní eacnamaíocht atá sa Ghaeltacht ach pobal, pobal faoi leith atá ina mhionlach sa tír seo agus nach bhfuil aon chearta dá gcuid féin dáiríre acu. Ba chóir go mbeadh cúrsaí craolacháin do na Gaeltachtaí faoi smacht ag muintir na Gaeltachta agus ní faoi stiúradh ag Radió Teilifís Bhaile Átha Cliath a thugann Radió Telefís Éireann orthu féin. Ní ceart é sin, agus ní cóir é sin do mhuintir na Gaeltachta. Níl aon fhianaise sa tír seo gur féidir le rialtas lárnach, rialtas tofa nó rialtas "bureaucracy", cearta atá ag teastáil ó mhionlaigh imeallacha i dtír ar bith a thabhairt dóibh.
Tá dílárnú ag teastáil sa tír seo, agus b'é an áit ab fhearr tosú le dílárnú, mar sin, ná sna Gaeltachtaí, an mionlach is éascaí a aithint ná muintir na Gaeltachta sna Gaeltachtaí siúd a labhraíonn Gaeilge, agus, mar a dúras féin, bheadh sé thar a bheith simplí státseirbhís a thabhairt nó seirbhís riaracháin a thabhairt do fhéinrialtas mar sin, trí Roinn na Gaeltachta a dhúnadh agus na státseirbhísigh atá i Roinn na Gaeltachta a chur ar fáil do Rialtas na Gaeltachta mar chóras riaracháin is córas státseirbhíse. Ach ina ionad sin, is é atá ar siúl sa Bhille seo ná an smacht lárnach ar Údarás na Gaeltachta agus ar mhuintir na Gaeltachta a leathnú ar fad. Ní bheidh cead, agus níl cead ag muintir na Gaeltachta nó ag Údarás na Gaeltachta ceisteanna faoi thoghcháin sna Gaeltachtaí a shocrú dóibh féin.
Is é an tAire Comhshaoil anseo i mBaile Átha Cliath — agus níl mé ag caint faoin Aire Comhshaoil faoi láthair, ach cuid mhaith de na hAirí Comhshaoil a bhíodh ann, ní raibh siad riamh sna Gaeltachtaí—a bheidh ag stiúradh toghchán do mhuintir na Gaeltachta. Beidh an tAire ag éisteacht, b'fhéidir, le státseirbhíseach, am nó dhó, a thuigeann ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is Aire Rialtais nach dtuigeann ceisteanna na Gaeltachta is mó a bheidh freagrach as toghchán don Údarás lag atá ag muintir na Gaeltachta faoi láthair. Is é atá ann ná ceisteanna Gaeilge agus ceisteanna Gaeltachta a bhrú anuas sa chaoi is go gcaillfí ceisteanna Gaeilge agus ceisteanna Gaeltachta agus ceisteanna agus príomhachtaí phobal na Gaeltachta a chur á mbrú anuas agus iad a chailliúint faoi lasta mór cainte faoin Eoraip agus, b'fhéidir, faoin Dáil chomh maith.
Más rud é nach dtuigeann an Rialtas nó, mar a bhí sé sa Dáil, Fine Gael chomh maith, cad tá ar siúl do mhuintir na Gaeltachta, caithfear a thuiscint nach d'aon ghnó a tharla sé gur mar sin atá sé. Caithfimid a thuiscint go bhfuil an Ghaeltacht briste suas i dtrí pháirt anois. Tá an FhíorGhaeltacht ann, agus tá sí beag go leor anois. Tá an Bhreac-Ghaeltacht ann. Tá, chomh maith leis sin, tá an BhréagGhaeltacht ann, tá sí ann i mbailte beaga a thugann Gaeltachtaí orthu féin, nach labhraítear Gaeilge iontu in aon chor. Ceann amhain, cóngarach go leor do Chorcaigh, a thugann Gaeltacht air féin, agus mar atá a fhios agam, chuaigh ball tofa de Údarás na Gaeltachta chun cainte ann. Labhair sé as Gaeilge agus iarradh air labhairt as Béarla, os rud é go raibh daoine i láthair i gceartlár na Gaeltachta nár thuig Gaeilge, agus tugann na daoine siúd muintir agus pobal Gaeltachta orthu féin. Is iad pobal na Bréag-Ghaeltachta siúd a bheidh ag dul amach ag vótáil i dtoghcháin na hEorpa nó i dtoghchán ginearálta má tá an dá thoghchán ar siúl le chéile, agus beidh siad ag caitheamh vótaí ar son páirtithe. Ina measc siúd beidh an toghchán taibhseach seo do Údarás na Gaeltachta caillte ar fad, dofheicthe ar fad, gan ceist na mbóithre, droch-bhóithre, gnáthchúraimí ghnáthmhuintir na Gaeltachta, caillte ar fad sa tuile mhór focal a chloisfear nuair atá an dá thoghchán, más dhá thoghchán atá le bheith ann, ar siúl. Caillfear muintir na Gaeltachta agus caillfear tábhacht na Gaeltachta ina measc sin.
Caithfidh mé a rá go gceapaim nach éascaíocht riaracháin atá taobh thiar de seo, nó ceist an airgid. Is é atá taobh thiar de ná go bhfuil na páirtithe móra, idir Fhianna Fáil agus Fhine Gael, scanraithe roimh mhuintir na Gaeltachta, os rud é go bhfuil a thuilleadh eolais i gcónaí ag teacht chugainn nach bhfuil muintir na Gaeltachta sásta vótáil, de ghnáth, ar son na bpáirtithe móra. Tá muintir Chonamara tar éis fear mór láidir a thoghadh nach bhfuil baint aige le páirtí ar bith. Dhein muintir na Mumhan iarracht an rud céanna a dhéanamh, agus cé nár lean mo sheanchara mar a cheapas féin bá chóir dó leanúint, toghadh é mar ionadaí neamhspleách. Is é mo thuairim go bhfuil duine mar an gcéanna i dTír Chonaill chomh maith.
Ní thaitníonn sin leis na páirtithe móra, go meadh gnáthmhuintir na Gaeltachta ag éirí beagáinín, mar a déarfá as Béarla, "stroppy" faoin todhchaí atá ann do mhuintir na Gaeltachta agus ag rá go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeadh daoine ann atá sásta seasamh ar son mhuintir na Gaeltachta, ná daoine atá sásta seasamh ar son páirtí amháin nó páirtí eile. Agus nílim ag lochtú nó ag maslú na ndaoine eile atá ar Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ar Údarás na Gaeltachta ó na páirtithe, atá sásta obair, agus obair go dian, ar son na Gaeltachta, ach tá sé soiléir go bhfuil muintir na Gaeltachta ag smaoineamh faoi dhaoine neamhspleácha, daoine atá bunaithe sna Gaeltachtaí, gurb é an t-aon suim atá acu ná forbairt na Gaeltachta mar ionadaithe at Údarás na Gaeltachta.
Is í an tslí is fusa chun daoine mar siúd a choimeád amach ná an toghchán do Údarás na Gaeltachta a mheascadh le toghchán eile ina mbeidh ceisteanna páirtithe chomh fada chun cinn agus go gcaillfear gnáthcheisteanna forbartha Gaeltachta agus Gaeilge as sin. Sin an fáth go bhfuil an Bille seo náireach. Tá sé náireach os rud é go dtaispeánann sé cé chomh caillte is atá fealsúnacht an Rialtais seo faoi fhéinrialtas do phobal ar bith, faoi dhaonlathas áitiúil go speisialta. Cén fáth, mar sin, nach dtógaimid na toghcháin go léir le chéile agus go mbíonn toghcháin na h-Eorpa, toghchán ginearálta agus tochchán Údarás na Gaeltachta agus toghchán don rialtas áitiúil ar siúl ag an am céanna? Bheadh sé i bhfad níos éascaí, bheadh sé i bhfad níos éifeachtaí, ach ní bheadh sé ró-dhaonlathach, mar go gcaillfí ceisteanna áitiúla idir ceisteanna tíre agus ceisteanna Eorpacha. Sin an fáth go ndéantar iarracht, de ghnáth, toghcháin a scaradh óna chéile sa chaoi is go mbeidh daoine ábalta smaoineamh faoi cheisteanna faoi leith gan a bheith ceangailte suas lena lán ceisteanna eile.
Is é atá ar siúl anseo na gach rud a tharraingt le chéile agus gach rud a mheascadh suas. Is é a tharlóidh as ná truailliú an Údaráis féin leis an mbealach is measa agus an taobh is measa de pholaitíocht pháirtí. Níl aon rud agam i mo fhealsúnacht pholaitíochta atá i gcoinne pháirtithe polaitíochta, ach tá áiteacha agus tá áiteacha ann nach n-oireann do ghnáth-pholaitíocht pháirtithe. Is ceann amháin díobh siúd Údarás na Gaeltachta agus de ghnáth, i mo thuairimse, cuid mhaith de ghnáth-rialtais áitiúla.
Is náiriú an phobail a rá le muintir na Gaeltachta nach bhfuil siad sách tábhachtach chun toghchán dá gcuid féin a bheith acu, a phléifí sa tír ar fad i gcaoi is go mbeadh ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta á bplé ar na meáin chumarsáide agus sna meáin chumarsáide. Ina ionad sin, caillfear ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta sna toghcháin eile. Taispeánann sé neamhshuim an Rialtais agus Fhine Gael mar a sheas siad agus gur ghlac siad leis an mBille seo sa Dáil faoi cheist na Gaeilge agus faoi cheist na Gaeltachta. Ag an deireadh is é atá taobh thiar de ná go bhfuil siad scanraithe roimh mhuintir na Gaeltachta, agus iad ag taispeáint go bhfuil siad ag éirí neamhspleách ó shean-smacht na bpáirtithe móra agus go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur leis. Tá mé i gcoinne an Bhille seo, agus beidh mé ag vótáil ina choinne.