An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989 (Bille Airgid Deimhnithe): An Dara Céim.

Tairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille don Dara hUair."

Is é cúis leis an mBille seo atá os comhair an tSeanaid inniu ná an uasteorainn de £60 milliún — a shonraítear san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987 — do na hairleacain as an bPríomhChiste chuig Údarás na Gaeltachta a mhéadú go dtí £80 milliún punt. Tá an uasteorainn de £60 milliún sroiste ó mhí an Mheithimh seo caite agus dá bhrí sin tá sé thar a bheith tábhachtach go rithfear an Bille gairid seo gan mhoill ionas go bhféadfar tuilleadh airleacan a íoc leis an Údarás roimh dheireadh na bliana.

Is é an tÚdarás an gléas forbartha tionscail atá ag an Rialtas don Ghaeltacht. Tá tacaíocht nach beag thar na blianta tugtha ag Rialtais na tíre seo don Údarás agus do Ghaeltarra Éireann roimhe chun gníomhaíochtaí oiriúnacha eacnamaíocha a spreagadh agus a fhairsingiú le go mbeidh deiseanna leormhaithe ag muintir na Gaeltachta chun fostaíocht shonrach a fháil ina gceantair féin agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Bíonn tréaniarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn agus chun úsáid na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide a spreagadh inti. Is léir ó na tuarascálacha a fhoilsítear in aghaidh na bliana go bhfuil ag éirí go maith leo san obair sin.

Tá méadú maith le feiceáil le roinnt blianta anuas ar an líon daoine atá fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás agus is fiú a lua gur lean an fás sin fiú i rith na dtréimhsí nuair a bhí a mhalairt de scéal sa chuid eile den tír. Is cúis sásaimh é go raibh méadú arís anuraidh — don seachtú bliain i ndiaidh a chéile — ar an bhfostaíocht lánaimseartha dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás. Ar 31 Nollaig 1988 bhí 5,134 dhuine fostaithe go lánaimseartha sa Ghaeltacht sna tionscnaimh éagsúla faoi scáth na heagraíochta i gcomparáid le 4,946 dhuine ag deireadh 1987, i.e., méadú de 188 bpost. Is ábhar imní agus machnaimh dúinn gur cailleadh 825 phost i rith 1988 sna tionscail sin ach ar an lámh eile is ábhar dóchais agus misnigh dúinn gur cruthaíodh breis agus 1,000 post nua sa thréimhse chéanna, agus tréaslaím leis an Údarás dá bharr.

Beidh níos mó ná £13 mhilliún ar fáil ón Stát don Údarás i 1990 agus is den riachtanas é go mbainfear an sochar is fearr is féidir as an airgead sin ar mhaithe leis an nGaeltacht agus cur chun cinn na Gaeilge. Is airgead vótáilte a chuirtear ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta £9,650,000 den soláthar iomlán, i.e., suim £2,250,000 mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas reatha agus suim £7,400,000 mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil. Úsáidtear an soláthar caipitil sin chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht. Anuas ar sin tá beagnach £3,500,000 údaraithe don Údarás mar airleacain ón bPríomhChiste chun monarchana a thógáil nó a athchóiriú, infheistíocht a dhéanamh i scaireanna i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach. Leis an airgead substaintiúil sin táim cinnte go mbeidh ar chumas an Údaráis brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl acu ar mhaithe le forbairt saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta.

Is ar éigean gur gá an ról lárnach atá ag an Údarás i gcur chun cinn an tionscal fheirmeoireacht éisc sa Ghaeltacht a threisiú arís. Ghlac an eagraíocht páirt ghníomhach cheannródaíochta sa tionscal sin ó thús agus tá torthaí an tsaothair sin le feiceáil go forleathan. Tagann céatadán mór de tháirgeadh náisiúnta bradán na tíre seo ó fheirmeacha ar chóstaí na Gaeltachta. I 1988 táirgeadh 2,182 tonna bradán ó na feirmeacha sin — figiúr a bhí beagnach dhá oiread den táirgeadh a baineadh amach i 1987. Meastar go méadóidh an táirgeadh ó na feirmeacha Gaeltachta go dtí 7,000 tonna faoin mbliain 1992, i.e., 50 faoin gcéad den táirgeadh measta náisiúnta. Mar chéim fhorbartha eile tá cuidiú nach beag á chur ar fáil ag an Údarás chun an tionscal phróiseáil bradán, i.e., pacáil, grádáil agus deatú, a fhorbairt sa Ghaeltacht. De réir a chéile beidh táirgí breisluacha á gcur chun cinn de réir mar a bheidh an tairgeadh bradán ag dul i méid agus muinín ag fás sa tionscal.

Tá straitéis fhadthréimhseach ag an Údarás chun tionscal teileachumarsáide agus faisnéise a bhunú sa Ghaeltacht agus tá céimeanna tábhachtacha chun na críche sin glactha trí bhunú na gcuideachtaí Telegael Teo agus G-Com Teo. Is comhlacht é Telegael Teo atá ag cur réimse cuimsitheach de shaoráidí táirgthe agus iartháirgthe chlár teilifíse ar fáil ar bhonn trádála do léiritheoirí neamhspleácha agus do RTÉ féin. Bunaíodh G-Com Teo mar chomhlacht forbartha teicneolaíocht teileachumarsáide agus faisnéise. Is é an aidhm atá leis na tionscnaimh straitéiseacha seo ná a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ar chomhchéim iomaíochta le ceantair eile sa tír i réimsí infheistíochta nua-theicneolaíochta d'fhonn gnóthaí ríomhaireachta agus teileachumarsáide a mhealladh go dtí an nGaeltacht.

Beidh tionchar nach beag ag an mbliain 1992 maidir le aidhmeanna an Údaráis a bhaint amach. Beidh an tÚdarás ag díriú ar thograí comhaontuithe ceadúnais mhargaíochta agus dhéantúsaíochta agus aistriú teicneolaíochta d'fhonn deiseanna i margaí na hEorpa a thapú. Aithníonn an tÚdarás go maith na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann don Ghaeltacht ó mhargadh comhaontaithe na hEorpa ach na tionscail éagsúla inti a bheith réidh don dúshlán. Beidh a dhícheall á dhéanamh ag an Údarás chun na gnóthaí sin a neartú agus chomh maith leis sin beifear ag iarraidh forbairtí a spreagadh a luíonn le buntáistí agus láidreachtaí na gceantar Gaeltachta.

Cé gur Bille gairid é seo tá tábhacht nach beag ag baint leis agus molaim don Seanad glacadh leis.

Fáiltim go hiomlán roimh an mbreis airgid seo atá á chur ar fáil ag an Rialtas d'Údarás na Gaeltachta. Is as an Stát-chiste a dtagann an t-airgead seo, i bhfoirm deontaisí-i-gcabhair agus earlaclain inaisíoctha. Cuirtear an t-airgead seo ar fáil chun cuidiú le fostaíocht nó le forbairt thionsclaíochta. Bíodh is gur tharla cúlú eacnamaíochta sa tír seo, ó thús na hochtóidí i leith, d'éirigh le Údarás na Gaeltachta méadú fostaíochta de 28 faoin gcéad a bhaint amach, in ainneoin na deacrachtaí a bhaineann leis an nGaeltacht, go mór mhór ó thaobh suímh de. Ní foláir machnamh freisin ar an mbunstructúr agus an easpa bhunstructúir atá i gceist. Cuirtear an t-airgead seo ar fáil mar airgeadú ar shochmhainní, go háirithe i gcás foirgintí tionsclaíochta. Cé gur buntáiste mór Stáit iad na foirgintí seo sa mhéid is go bhfuil fostaíocht mhaith cruthaithe iontu agus go bhfuil cíos, cánacha agus rataí dá n-íoc ag na comhlachtaí atá i seilbh na monarchana seo, is deacair iad a dhíol toisc iargúltacht na gceantar Gaeltachta ina bhfuil siad suite. Tá siad scoite amach go hiomlán ón gcuid eile den tír agus is léir seo go baileach don tír, don Rialtas agus don Aire anseo arbh as an gceantar úd dó.

Dá bharr sin, níl sí sásúil go mbeadh earlacain inaisíoctha dá n-úsáid chun an fhorbairt seo a airgeadú. Níl imeachtaí an IDA ná SFADCo dá n-airgeadú ar an mbonn céanna, agus tá sé tábhachtach go dtuigfear é seo. Beidh mé, dá réir sin, ag moladh leasuithe, de réir mar a théimid ar aghaidh. Toisc go bhfuil an earlacan seo in ainm is a bheith inaisíochta, rud nach dtarlódh riamh toisc suíomh na monarchan seo, tá na h-íocaíochtaí dá dtarraingt ar aghaidh ó bhliain go bliain i gcuntas an Rialtais mar fhiacha i gcoinne an Údaráis. Ní foláir a thuiscint go bhfaigheann an tÚdarás airgead ó bhliain go chéile as earlacain agus go bhfuil an t-airgead seo á chaitheamh ar mhonarchana in áiteanna iargúlta, agus nach féidir a luach a athghabháil dá bharr. Tá tuiscint na ceiste seo ag an Stát, ag Roinn na Gaeltachta, ag Aire na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Usáidtear an t-airgead seo chun infheistiú a dhéanamh i gcomhlachtaí, cuid acu a mbíonn an t-ádh leo agus a n-éiríonn leo a gcuid spriocanna a bhaint amach. Tá comhlachtaí eile ann, áfach, nach n-éiríonn chomh maith céanna leo, gan trácht ar chomhlachtaí a dteipeann orthu. Mar sin féin, bíonn díscríobh i gceist, rud a fhágann go mbíonn an t-earlacan iomlán ina sheasamh amach i gconaí mar fhiacha i gcoinne an Údaráis. Faoi láthair, tá £103 mhilliún mar fhiacha ar Ghaeltarra Éireann agus ar an Údarás ó bunaíodh é, airgead a íocadh as earlacain i bhfoirm deontais Stáit. Caitheadh an t-airgead seo ar mhonarchana, a sholáthraigh fostaíocht; tá cuid den airgead faighte ar ais ag an Rialtas agus táim buartha go mbíonn ar an Údarás an infheistíocht seo a léiriú, bliain i ndiaidh bliana, ina gcuid cuntaisí, rud a fhágann drochbhlas ar na cuntais. Iompraítear gach díscríobh ar aghaidh ó bhliain go chéile, toisc na figiúirí sa chlár comhordnaithe a bheith carnaithe, rud a fhágann go mbíonn an phoiblíocht diúltach cheanna ann gach bliain, bunaithe ar na figiúirí stairiúla seo.

Is eol dom nach dteastaíonn ó dhuine ar bith atá bainteach le saol cultúrtha nó eacnamaíochta na Gaeltachta, go mbeadh an míthuiscint seo chomh forleathan nó chomh follasach i gcuntais bhliantúla Údarás na Gaeltachta. Is ar an ábhar seo a bhéas mé ag moladh leasuithe ar ball. Ní thuigim cén fáth go bhfuil ar an Údarás na figiúir seo atá ag tarraingt an oiread sin droch-phoiblíocht ar obair an Údaráis, agus atá ag déanamh an oiread sin dochair do chuntaisí an Údaráis, a fhágáil ann, go háirithe nuair nach amhlaidh do chuntaisí an dá eagrais eile atá i mbun chur chun cinn na heacnamaíochta, is é sin an IDA agus SFADCo. Is é an ciste céanna Stáit a bhfuilimid uilig ag tarraingt as. Is é an foinse céanna as a bhfuil chuile phingin ag teacht, bíodh sé don IDA, don Údarás nó do SFADCo. Agus, mar a dúirt mé, feictear domsa go bhfuil an-éagóir á déanamh i ngan fhios ar mhuintir na Gaeltachta, ar Údarás na Gaeltachta agus ar Roinn na Gealtachta mar gheall ar go bhfuil sé ann ag an bpointe seo fós sa Bhille go mbíonn orthu na figiúirí sin a thaispeáint agus nach bhfuil cead acu iad a dhíscríobh díreach mar atá cead ag an IDA an rud ceanann céanna a dhéanamh.

Is minic a deirtear linn agus a dúradh faoi mhuintir na Gaeltachta, faigheann siad gach rud bog, faigheann siad neart airgid, tá siad millte ag an státchóras.

Cuirtear é sin i leith mhuintir na Gaeltachta ó am go chéile, agus ní fhéadfadh sé bheith níos faide ón fhírinne, nuair a chuirtear san áireamh an cineál forbartha atá i gceist agus na háiteanna iargúlta in a bhfuil na forbairtí sin suite. Tá torthaí iontacha bainte amach ag Gaeltarra Éireann agus ag Údarás na Gaeltachta anuas tríd na blianta. Tá forbairt an-mhór tugtha chun cinn, agus fostaíocht anois ann i bhfad níos fearr ná mar a bhí. Thar aon eagraíocht Stáit eile le sé nó seacht de bhlianta anuas nuair a bhí cúl ar shaol eacnamaíochta na tíre seo, d'éirigh le hÚdarás na Gaeltachta méadú beag suntasach a chur, bliain i ndiaidh a chéile, ar an líon fostaíochta a bhí sna Gaeltachtaí. D'éirigh leo é a dhéanamh agus, mar bhuíochas do sin, dar liomsa, tá an Bille seo ag cothú amhrais, amhras nach gá bheith ann i saol agus i meon mhuintir na hÉireann frí chéile.

Roinnt blianta ó shin, nuair a bhí rudaí teasaí go maith in Údarás na Gaeltachta faoi rudaí éagsúla, bhí clár an "Today Tonight", nó "Inniu Anocht", más maith leat Gaeilge a chur air, ach ní dóigh liom go dtabharfaí mórán airde ar an gcaint sin is cuimhin liom gur cáineadh Údarás na Gaeltachta sna meáin chumarsáide agus ba é an port ba mhó a bhíodh acu ar cheann de na cláracha sin ná an méid uafásach airgid a bhí tugtha ag an Stát do Údarás na Gaeltachta, agus, ag an am sin, bhíomar ag caint faoi suas le £70 milliún, go raibh an tÚdarás i bhfiacha leis an Stát don mhéid seo airgid, go raibh siad á íoc ar ais acu, go raibh sé le feiceáil go soiléir sna cuntaisí go raibh sé á íoc ar ais acu.

Dar liomsa, tá sé sin an-mhíféaráilte ar fad do mhuintir na Gaeltachta, do Aire na Gaeltachta, do Aire Stáit na Gaeltachta, do Údarás na Gaeltachta agus do Roinn na Gaeltachta. Muid féin, tríd an Bhille seo, atá ag cruthú na faidhbe dúinn féin. Tá sé déanta againn arís san leasú sa Bhille atá os ár gcomhair. Má tá siad ann, agus bhí mé ag éisteacht go cúramach leis an Aire Stáit ansin agus é ag míniú dúinn cén fáth go raibh an t-airgead breise seo ag teastáil le hinfheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht; tagaim leis go huile is go hiomlán san aidhm a bhí aige agus na fáthanna a bhí aige, ach, cén fáth go mbeadh sé ar ár gcumas, ar an taobh eile den scéal de bharr an an méadú seo a fháil, go bhfuilimid ag cothú amhrais agus go bhfuilimid ár gcur féin sa riocht go mbeidh sé le rá de réir chuntaisí Údarás na Gaeltachta go bhfuil tuilleadh hand-outs faighte ag Údarás na Gaeltachta ach go gcaithfidh siad a íoc ar ais.

Tá go leor ráite ag an Aire faoin mhaith a dhéanfaidh an t-airgead seo agus tá sé i gceist agamsa beagáinín den mhaith sin a insint ar mo bhealach féin freisin. Tharla go bhfuil baint agam le saol na Gaeltachta le beagnach dhá scór bliain anuas, agus go bhfuil mé féin freisin i mo bhall de Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam céard faoi a bhfuil mé ag caint mar go bhfuil cleachtadh agam ó lá go céile ag deileáil le gnótha den sórt seo.

Nuair a thosaigh muid ar bhord do Údarás na Gaeltachta beagnach deich mbliana ó shin, bhí an-ghá go deo le leathnú, le forbairt eacnamúil, agus is é an bealach a bhí socraithe an t-am sin ag tús ré Ghaeltarra Éireann ná go mbunófaí monarchana agus go dtabharfaí daoine isteach ón iasacht, dá mba ghá, le monarchana a bhunú agus le tograí feiliúnacha éagsúla a chur isteach iontu. Aisteach go leor, ag an am sin bhí sé sa reachtaíocht go mbeadh ar Údarás na Gaeltachta scaireanna a thógáil sna monarchana seo. Tá a fhios againn go léir cén dochar a rinne sé sin.

Mar shampla, bhí tógra ann agus b'fhéidir gur thóg Údarás na Gaeltachta deich faoin gcéad de na scaireanna. Bhí orthu méid áirithe scaireanna a bheith acu, agus tá mé ag ceapadh gur deich faoin gcéad nó b'fhéidir fiche a bhí i gceist. Ach is é an rud a tharla ná go ndeacaigh an comhlacht sin i dtrioblóid agus b'éigean don Údarás deich faoin gcéad eile a chur isteach agus deich faoin gcéad eile agus tuilleadh ina dhiaidh sin. Ag deireadh an lae ba le hÚdarás na Gaeltachta comhlacht a bhí ag cothú deacrachtaí agus ag déanamh go dona, iad ag cur airgid isteach ann bliain i ndiaidh a chéile, mar go mb'éigean dóibh ón gcéad lá, de réir reachtaíochta, bheith bainteach leis an gcomhlacht. Sin rud nár thuig muintir na hÉireann nuair a bhí na deacrachtaí móra ag Bord Údarás na Gaeltachta nuair a chuaigh siad i mbun gnótha deich mbliana ó shin.

B'éigean dóibh fáil réidh leis na comhlachtaí sin uilig a bhí ag sú isteach chuile phingin a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta. Chuamar síos an bóthar sin agus d'oibrigh chuile dhuine ar Bhord Údarás na Gaeltachta, ó na baill tofa go dtí na baill ainmnithe agus foireann an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta, d'oibríomar as láimh a chéile agus in imeacht roinnt bheag de bhlianta ghlanamar an bord ar fad agus chuireamar deireadh leis an chaoi a raibh airgeadú á dhéanamh ar chomhlachtaí a bhí ag cailleadh airgid ar an gcaoi a raibh siad á dhéanamh.

Anois leis an airgead seo tá ré nua in ann do Údarás na Gaeltachta, agus beidh an ré nua sin bunaithe, ní ar bheith ag togáil monarchana móra, agus ag cur fios ar tionsclóirí ó na Stáit Aontaithe, nó ón nGearmáin nó ón Iorruaidh nó an tSualainn mar atá siad, agus iad ag bunú tógraí nach den cheantair iad, nó nach go bun agus d'inneach na Gaeltachta iad. Feasta beimíd ag díriú, nó beidh mise ar chaoi ar bith ag iarraidh go mbeadh díriú iomlán á dhéanamh ar acmhainní nádúrtha na Gaeltachta. Is fearr go mór, dár liomsa agus dár le go leor daoine eile agus dár leis an Aire, a bheith ag éisteacht leis an gcaint, agus leis an Aire Stáit níos mó ná leis an Aire mar ní chloiseann muid Aire na Gaeltachta riamh ag caint faoi rudaí a bhaineann leis an nGaeltacht. Beidh rud éigin le rá againn faoi sin níos faide ar aghaidh sa tráthnóna.

Ag an bpointe seo tá mé a rá go bhfuil díriú ar fhorbairt acmhainní nadúrtha sa Ghaeltachta, go bhfuil sé fíor-thábhactach agus go mba cóir go mbeadh sé ar bharr an liosta, an cloch is mó ar ár bpaidrín, go mbeimíd in ann bualadh faoi an infheistíocht a dhéanamh san áit is cóir í a dhéanamh, agus sin é i muintir na Gaeltachta iad féin.

Tá deis againn leis an airgead seo atá dhá chur ar fáil, agus a bhéas ar fáil, é sin a dhéanamh. Caithimid smaoineadh ar na hacmhainní nadúrtha is fearr atá againn sa Ghaeltacht, agus dá gcuirfeá ceist ar aon duine ag siúl sráideanna Átha Cliath amuigh ansin nó dá rachfá taobh amuigh de gheata na Dála; agus ceist a chur ar dhaoine faoi Chiarraí Thiar, faoi Ghaillimh Thiar agus Chonamara agus faoi Dhún na nGall nó Tír Chonaill álainn, agus faoi Bhéal a Mhuirthid agus Maigh Eo, sé an chéad rud a deiridís: "Ó is álainn an áit í, is breá an rud dul ar saoire ann. Ba bhreá liom am a chaitheamh thiar ann, agus ba dheas an rud daíríre bheith ann".

Is cuimhin liom fhéin, nuair a bhí mé féin óg, chuaigh mé go dtí a leithéid seo de choláiste sa Ghaeltacht agus chuir mé mo chuid gasúir ar ais agus táimíd féin ag dul ar ais ar saoire. Sí an turasóireacht an acmhainn is mó agus is láidre atá againn. Nach aisteach an rud é nach bhfuil cead ag Údarás na Gaeltachta dul i ngiorracht scread asail don turasóireacht? Deirtear leo: baineann sé sin le Bord Fáilte. Nach aisteach nach mbaineann sé le Bord Fáilte thíos i SFADCo, agus i gContae an Chláir agus Luimneach agus na háiteacha sin, go bhfuil sé á baint dóibh, agus go bhfuil sé ag SFADCo anois. Ní thuigim agus tá siúl agam go gcuirfear athrú ar seo, de bharr an Bhille seo, go mbeidh deis, go mbeidh cead, agus go mbeidh comhacht dá réir, ag Údarás na Gaeltachta díriú isteach an-láidir ar an fáth go bhfuil siad ann, agus sin é saol eacnamúil na Gaeltachta chur chun tosaigh, ag cur san áireamh — ná déanfaimís dearmad ar seo — go bhfuil cultúr ann go bhfuil traidisiún ann agus go bhfuil caomhnú ann len iad san a dhéanamh, mar go bhfuil chuile iarracht gá déanamh, agus gur rud leochailleach lag í an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Tá bataráil á fháil ag an teanga seo óna meáin chumarsáide faoi láthair. Níl aon dream, ní hiad Bord Fáilte, dála an scéal, a chuirfidh cúrsaí turasóireachta chun cinn sa Ghaeltacht. Sé a mhalairt a dhéanfaidh siad, sa mhéid nach dtógann Bord Fáilte ar bord ceist na teanga, ceist an chultúir agus ceist an traidisiúin.

Tá sé sin le feiceail go soiléir. Déanfaidh Bord Fáilte job maith, níl mé ag caitheamh anuas orthu mar bhord, ach ba chóir go mbeadh an dá thaobh le feiceáil. Tá na caranna móra amuigh ansin ag dul suas agus síos, soir agus siar agus níl muid ag feiceáil faoi chúrsaí turasoíreachta sa Ghaeltacht ach bealach amháin. Agus níl aon input ceart ag muintir na Gaeltachta trí Údarás na Gaeltachta san rud sin an rud is mó tábhacht ó thaobh acmhainní nádúrtha de.

An bhfuil a fhios ag Seanadóirí an méid seo: gurb íad mná tí Ghaeltacht na hÉireann, mná tí na nGealtachtaí gurb ceannródaithe iad, i bhforbairt turasóireachta sa tír seo. Ní amháin sa Ghaeltacht ach sa tír. I 1906, níl a fhios agam cathain ar bunaíodh Bord Fáilte, ach tá mise ag dul siar go 1906 nuair a bunaíodh Coláiste Connachta, agus uaidh sin amach go dtí an lá atá inniu ann gan briseadh, beagnach céad bliain, tá mná tí na Gaeltachta seo ag coinneáil, mar a deireann siad féin thiar, stráinséirí. Ag coinneáil scoláirí, múinteoirí óga, a bhí ag foghlaim a ceirde, bhíodar á gcoinneáil sna tithe agus b'íad ceannrodáithe turasóireacht sa Ghaeltacht.

Céard tá déanta dá bharr? Rinne an Rialtas seo iarracht ar iad a stopadh dhá bhliain ó shin. Ag iarraidh quota a thabhairt dóibh ar nós mar a bhí quota ag na feilméirí móra bainne sa tír seo. Thugadar quota do na mná tá ag rá: bhí leath scór agat an bhliain seo caite, ní bheidh cead agat níos mó ná leath scór a bheith agat i mbliana, bíodh go raibh cead acu ón Roinn céanna scór a choinneáil de réir na rialacha gearradh amach iad, ach throid muid an cás sin, agus tháinig aiféala ar an Roinn agus d'athraigh siad na rialacha arais arís.

Is beag pingin ardú a tugadh do na mná tí seo. Níor tugadh tada dóibh le trí no ceathair de bhlíanta anuas, agus tá airgead ó na Coláistí Gaeilge féin dúbailte ó shin ó thaobh íocaíochta dhe. Ach sin airgead na Roinne, sin airgead Údarás na Gaeltachta, sin airgead Roinn na Gaeltachta. Thar aon rud eile ba chóir don Roinn ins an rud seo atá ar bun againn inniu aitheantas a thabhairt do mhná tí na Gaeltachta a sheas an fód. Anios tá aithne agamsa ar go leor daoine a d'imigh as sin, an stádas sin go dtí an stádas go bhfuil tithe B & B den scoth acu, agus cuid eile go bhfuil óstáin bheaga acu, agus thosaigh sé leis an turasóireacht a cuireadh ar bun.

Ná bacaígí ag caint faoi chomhachtaí breise le aghaidh turasóireacht. Tá job le déanamh chun turasóireacht a chur chun cinn sa Ghaeltacht leis an airgead seo atá á chur ar fáil anseo, agus bíodh sé le feiceáil agus bíodh sé ann. Chomh maith leis sin labhair an tAire ansin ar Chumarsáid, ar Thelegael agus an G-Com. Is iontach go deo na heagraíochtaí atá curtha ar bun ag Údarás na Gaeltachta, le hiarracht mhacánta a dhéanamh le cúrsaí cumarsáide a chur cinn sa Ghaeltacht. Tá sé maith go leor, an dtuigeann tú, bheith ag rá go bhfuil airgead ann. Ach cruthaíonn airgead agus fáltais an airgid sin é a chur ag obair i gceart ar an gcaoi cheart. Ar an mbealach ceart cruthaíonn se fostaíocht ar go leor bealaí éagsúla.

Tá mé ag ceapadh go bhfuil an aidhm seo faoi fhostaíocht ag baint le monarchana amháin, go gcaithfidh muid deireadh a chur leis sin agus bheith ag caint feasta faoi airgead a chaitheamh ar achmhainní nadúrtha, agus is í teilifís na Gaeltachta ceann de na hachmhainní sin, ó thaobh cumarsáide de. Mar a dúradh ag an seimineár an deireadh seachtaine seo caite ag a raibh an Seanadóir Ó Cuív agus mé féin agus daoine eile i láthair, an-iontas go deo anois é gur chuir Údarás na Gaeltachta cáipéis ar fáil do Aire na Gaeltachta ag léiriú dó agus ag míniú dó cén chaoi a gcuirfí seirbhís teilifíse ar fáil. Is é an tAire féin, an Taoiseach, dála an scéil, a d'iarr ar an Údarás é seo a dhéanamh. Cuireadh cáipéis bhreá thoirtiúil ar fáil dó inar míníodh céard iad na haidhmeanna, céard iad na bealaí, céard iad na costaisí a bheidh lena leithéid de sheirbhís a chur ar fáil. Agus chuirfeadh sé roinnt mhaith postanna ar fáil. Agus nach iontach é go bhfuil an bóthar réitithe. Mar a dúirt an tAire Stáit nóiméad ó shin, tá Telegael ann, tá G-Com ann, tá Raidió na Gaeltachta ann. Tá foirgintí i dTír Chonaill, tá foirgintí ó dheas i gCiarraí agus tá RTÉ ann. Tá sé ar nós duine ag réiteach chíste na Nollag. Tá plúr agus raisíní agus cuiríní agus chuile shórt thart timpeall ort agus tá siad ag dul isteach le chéile agus iad á meascadh le haghaidh chíste na Nollag: tá siad uilig sa Ghaeltacht agus tá súil agam go mbeimid in ann an bealach cumarsáide is éifeachtaí agus is fearr a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta mar atá molta sa tuarascáil atá ag an Aire.

Tá mé cinnte go mbeimid in ann cuid den airgead a chur i leataobh agus cuid den airgead atá luaite leis an mórshuim airgid, £9 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh táirigidh agus riaracháin, tá mé cinnte go bhfuil aontas ann anois go bhféadfaí é sin a roinnt ina dhá leath agus go mbeidh chuile dhuine sásta sin a dhéanamh. Mar sin b'in achmhainn nádúrtha cumarsáide.

Tionscal na hiascaireachta gur labhair an tAire Stáit air ar ball, is rud é a bhfuil an-spéis aige féin ann agus cleachtadh aige féin chomh maith céanna ann. Ach oiread liom féin, tá beagainín cleachtaidh agam air. Theip ar an bheirt againn buidéal a bhriseadh ar Inis Oírr cúpla mí ó shin. Bhíomar ag lainseáil tógra mhór feilméireacht éisc amach as cósta Inis Oírr, ach ar aon nós theip ar an bheirt againn an buidéal a bhriseadh. Ach rinneadh an beart i ndeireadh an lae.

Léiríonn an scéilín beag sin céard atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le deich mbliana anuas. Chuaigh Údarás na Gaeltachta i bhfiontar uafásach mór. Bhíodar mar cheannródaithe i bhfeilméireacht éisc agus tá siad sa chaoi anois go bhfuil an tairgíocht fheilméireacht éisc is mó sa tír ag teacht amach as an Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá, mar a deirtear i mBéarla, the added value de luach curtha leis an rud seo; tá sé sin le feiceáil anois agus tá a leithéid de Carvers ann agus a chaith an oiread sin airgid ag déanamh cipíní. Tá siad anois thiar i gConamara agus tá suas £20 milliún infheistithe ag Carvers thiar i gConamara i bhfeilméireacht éisc in achmhainn nadúrtha, agus tá siad le moladh dá bharr sin.

Tá Údarás na Gaeltachta le moladh mar go ndeachaigh siad i bhfiontar blianta ó shin nuair a thosaigh muid ar bhord an Údaráis féin agus nuair a chuadar san fhiontar sin. Is rud costasach go maith é dul ag plé le feilméireacht éisc. Ach tar éis é bheith costasach agus chuile shórt faoi, b'fhiú an tairbhe an trioblóid, mar anois tá achmhainn nadúrtha an-láidir bunaithe sa Ghaeltacht, a bhuíochas sin do Údarás na Gaeltachta. Is ag dul i méid agus i bhforbairt atá sé de réir a chéile.

Ansin tá rudaí eile a bhaineann le hachmhainní nadúrtha, a chaithfear a dhéanamh. Caithfidh na bóithre bheith i gceart, na hinfrastructúir bheith i gceart agus, thar aon rud eile, rud atá ag cur isteach orm féin go pearsanta, tá sé fíorthabhachtach faoi fhorbairt achmhainní nadúrtha sa mhéid nach bhfuil muid anois ar aon intinn leis an EC agus leis an Roinn faoi fhorbairtí áirithe. Mar shampla, tuairim is sé bliana ó shin mhol mise do Údarás na Gaeltachta míle acra portaigh do mhuintir na háite agus go bhféadfaí é a fhorbairt mar fhoraoiseacha. Tháinig ainmhí aisteach mór ar an saol ó shin ar tugadh air sa Bhéarla "areas of scientific interest". I ngan fhios do na daoine gur leo an talamh ar na hoileáin i gConamara agus áiteanna eile ar fud na tíre chuaigh duine éigin ón wildlife thart agus dúirt sé go mbaineann sé seo le le háiteanna atá fíor-shuimiúil ó thaobh na heolaíochta de, ach níl a fhios ag na daoine gur leo an áit, a bheag nó a mhór.

Anois tá fear beag thiar sa Ghaeltacht, Seán Breathnach as Leitir Féir, atá ina chónaí san áit is iargúlta is atá sa tír seo, amuigh ar shliabh nach bhfuil teach i ngiorracht trí mhíle i lár phortaigh. Thosaigh sé ag cur suas póstaí ar a chuid talún; tá 1,000 acra de thalamh ag an bhfear céanna, is portach é, agus stopadh é agus dúradh leis nach bhféadfadh sé airgead a fháil ón EC mar go mba áit é seo anois a bhí tugtha isteach mar áit an-speisialta ar fad i ngan fhios don fhear. Thairg sé do Údarás na Gaeltachta 1,000 acra agus nuair a rinne siad iarracht deontas ón EC fháil chun é a fhorbairt dúradh leo ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur áit é a bhain le "areas of scientific value" anois agus nárbh fhéidir deontas a fháil in a leith. Táimíd gearrtha amach, agus caithfear aire a thabhairt do na rudaí sin.

D'fheádfainn dul ar aghaidh ar feadh cúpla uair a chloig eile gan stró ar bith orm, ag caint faoi na hábhair éagsúla faoi Údarás na Gaeltachta atá bainteach leis an mBille seo. Ó táimid ag caint faoi dhaoine, daoine atá i gceantracha cúnga, agus áiteacha go bhfuil sé fíor-dheacair maireachtail iontu. Sé Údarás na Gaeltáchta atá ag tabhairt chúnaimh dóibh. Rud ar bith gur féidir a dhéanamh, le muintir na Gaeltachta a chur chun cinn ar aon bhealach, ba chóir go mbeadh an Teach seo agus an Teach eile ag tabhairt an chúnaimh sin dóibh.

An rud is mó a chaitear sa bhéal againne mar Bhord Údarás na Gaeltachta ag muintir na Gaeltachta féin ná, "tá sibh ag tabhairt deontaisí breátha móra don strainséar agus don fhear thar tír isteach, agus níl sibh á chaitheamh ar na daoine feín, atá ag iarraidh iad fhéin a chur chun cinn.

Is iarracht é seo leis an modh a bhriseadh. Bhí deis ann tríd an Údarás, agus cuireadh deireadh leis nuair nach raibh cead acu, rudaí áirithe a cheadú sa Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh go mbeidh an infheistíocht seo i muintir na Gaeltachta, sna daoine féin.

Mar gheall ar na h-oileáin, Árann, cuir i gcás, tá an Rialtas seo ag briseadh an dlí sa mhéad go bhfuil sé mar reachtaíocht ag an Rialtas go gcuirfí seirbhís farantóireachta paisinéirí agus ábhar ar fáil go trí oileáin Árann ó chathair na Gaillimhe. Dúradh leis an Rialtas le deich mbliain anuas go raibh anNaomh Éanna a bhí ag comhlíonadh an dualgais sin faoí reachtaíocht 1945, go raibh sé i ndeireadh na feide agus gur gearr nach mbeadh sé ann agus go dtitfeadh sé as a chéile agus go mba chontúirt é, ach tharla sé faoi dheireadh breis is bliain ó shin. Ag an am sin ní raibh ag an Rialtas réitithe ach sean bhád a bhí caite i dtraipéisí ag tír iasachtach a tugadh isteach sa tír seo agus atá á úsáid anois le hábhair agus lasta a thabhairt go dtí na hoileáin. Níl aon teastas ag an mbád paísinéirí a thabhairt leo do na hoileáin. Nach fearr go mór don Rialtas a bheith ag caitheamh airgid ar a leithéid sin de rud, ná bheith ag cur airgid ar faíl le monarchana móra a thogáil agus iad a fhagáil folamh. Mura bhfuil tú in ann breathnú amach do na daoine, cén mhaith bheith ag breathnú amach do rud ar bith eile. Ag an noiméad seo tá chuile phinsinéir istigh ar an mhórthír ag léimt ar bhus, ag léimt ar traen, ag dul in áit ar bith, ach ar an hoileáin ní ní féidir leo an ceart atá acu faoin 1944 Transport Act a úsáid mar níl aon bhád chun iad a thabhairt go Gaillimh, agus is scannalach an rud é sin. Bíodh go bhfuil sé ráite agus ráite le blianta, níl a fhios agam cé mhéad Airí, tá mé ag ceapadh ar a laghadh cuígear Airí a bhí ag plé leis seo, agus tá siad fós ag plé leis.

San trí oileáin Árann tá 1,500 duine iontu eatorthu. Trí chéad in Inis Oírr, bordáil ar 300 ar Inis Meáin agus suas le 800 nó 900 ar Inis Mór, is é sin 1,500 de scoth na Gaeltachta. Níl síad imeallach, ní breac-Ghaeltacht iad, is scoth na Gaeltachta iad, amuigh i mbeál cuan na Gaillimhe. Inniu, Dé Céadaoin, níl siad in ann a gcuid riachtanaisí atá dlite dóibh a bhaint amach, is é, sin dul síos go Gaillimh. Bhíodh anNaomh Éanna ag freastail ar na hoileáin de réir Achta ar an gCéadaoin agus ar an Satharn. Agus ba chóir go mbeadh seans ag muintir an oileáin, sean-phinsinéirí de dhul as sin, mar atá an cead ag gach saoránach sa tír seo go bhfuil an aois acu dul ar bhus nó ar traen.

Dúradh go raibh an cead acu ach níl aon deis acu, mar níl aon teastas, níl aon cheadúnas ag an bhád iad a thabhairt mar tá sé chomh dona sin. Is mór an náire é don Rialtas, an Rialtas seo, an Rialtas a bhí ann roimh an Rialtas seo agus an Rialtas a bhí ann roimh an Rialtas seo agus Rialtas a bhí ann roimh an Rialtas sin arís. Tá mé ag cur trí cinn san áireamh, agus bímíd ag plé leis na trí cinn acu, go bhfuil sé ar an gcaoí fós nach bhfuil na cearta bunúsacha ag muintir na n-oileán. Ag an am céanna tá an Taoiseach atá in a Aire Gaeltachta, tá sé in ann maoímh as agus gaisce a dhéanamh as go mbeadh suas le £5 mhilliún, idir sin agus £10 milliún, á chaitheamh ar na Blascaoidí i gCiarraí, agus gan ann ach coiníní. Níl duine fhéin ina chónaí sna hoileáin sin, agus tá siad ag dul a dhéanamh anois áit mhór turasóireachta go bhféadfadh muide mar dhaoine oilithreacht a dhéanamh ar an oileán ag tabhairt ómóis agus aitheantais do na scríobhnóirí móra Gaeilge a raibh cónaí orthu sna hoileáin sin 30 nó 40 bliain ó shin. Nílimse in aghaidh ionad den chineál sin bheith sna Blascaoidí. Nílimse in aghaidh muintir fúndúireacht na mBlascaoidí sna haidhmeannaí atá acu, tá mé ar san a gcuid aidhmeanna. Tá mé páirteach ina gcuid aidhmeannaí agus tá síntúis breá airgid tugtha agam dá gcuid aidhmeanna, ach tá mé in aghaidh Aire na Gaeltachta, an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, nach bhfuil sé ag tabhairt fair play do mhuintir na Gaeltachta. Níl a chuid príorachtaí— priorities — i gceart aige. Mar Thaoiseach agus Aire Gaeltachta ba chóir go mbeadh príorachtaí bainte amach i dtosach báire i leith chuid den airgead seo ata le feicéail anseo agus atáimíd ag plé leis anseo inniu. Ag caint faoi na Blascaoidí agus a bhfuil ann, mar a dúirt fear liomsa as Inis Oírr, "is trua go deo nach comharsain muid don Taoiseach thíos in Inis Mhichileáin mar atá na Blascaoidí. B'fhéidir dá mba cumharsain muide dó go mbeadh seans ann go bhfaighimís ar gcéibh". Tá muintir Inis Oírr ag troid ar san céibhe, an rud is mó tábhacht atá acu ó thosaigh siad. An rud go bhfuil mé ag caint faoi, bun structúr cumarsáide, céibh a bheith acu. Nach aisteach an rud é dá mbeadh tusa ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ar an mbóthar, agus go dtiocfá chomh fada le hÁth Luain, agus ansin nach mbeadh aon droichead thar Sionainn agus nach mbeadh an bothar go Gaillimh, ní bheadh tú in ann é a dhéanamh. Sin an chaoi a bhfuil sé ag muintir na n-oileán trí oileán Árann.

Tá siad ag an bpointe seo fágtha gan céibh ceart le go mbeadh siad in ann cumarsáid a bhunú leis an mhórthír. Tá cuile iarracht faoin spéir déanta go gcuirfí sin ar fáil dóibh. Tuigeann an tAire Stáit go maith é. Thug sé cuairt ar an oileán. Chonaic sé model de chéibh a bhí déanta amach, agus glacann sé leis go bhfuil gá lena leithéid. Bhí cruinniú sa chathair seo trí seachtain ó shin thíos san Ormond Hotel, go mbeadh ciste cabhrach agus muintir nó cáirde Inis Oírr ann le airgead a bhailiú ar san na céibhe sin. An bhfuil fhios agaibh céard a tharla? Ocht gcéad duine a tháinig len a dtacaíocht a thaispeáint. Seo muintir Bhaile Átha Cliath agus cairde Inis Oírr, agus muintir Inis Oírr agus na hoileáin, a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.

Chomh maith leis sin tá beagnach £20,000 curtha ar fáil agus i dtaisce ag muintir an oileáin féin le cúnamh a thabhairt an céibh sin a chur chun cinn. Táimíd fós ag brath agus ag fanacht agus ag caint agus ag iarraidh airgid le go mbeadh saol iomlán á chaitheamh ag muintir an oileáin seo — an dá rud is bunúsaí, céibh agus córas taistil roll-on, roll-off. Murar féidir linn airgead den chineál seo a úsáid le cúnamh a thabhairt do gnáth-phobal na Gaeltachta ó thuaidh agus ó dheas agus i cuile áit eile ní fiú dúinn bheith ag caint faoin méadú seo agus an t-airgead seo. Faoi dheireadh, má leanann an stádas mar atá sé agus mar a bheadh sé sa gearr-théarma, tá an Ghaeilge ag imeacht in ísle brí in aghaidh an lae. Agus na pleananna atá ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta agus cuile Roinn eile ar son na Gaeilge, imeoidh siad ó mhaith murar féidir linn na bunriachtanaisí atá de dhíth ar mhuintir na Gaeltachta a chur ar fáil.

Sin an fáth go bhfuil fíor-thábhacht leis an mBille seo inniu. Uimhir a haon, go mbeadh sé le feiceáil ag muintir na hÉireann trí chéile go bhfuil an t-airgead atá á chur ar fáil á chaitheamh go stuama; agus, uimhir a dó, nach mbeadh sé le rá ag muintir na hÉireann go bhfuil siad i bhfiacha in aghaidh na bliana leis an lainéis uafásach seo ag teacht ar an muinéal acu, á rá go bhfuil an t-airgead seo le haisíoc nuair atá fhios ag an saol nach bhfuil sé agus nach mbeidh sé riamh le híoc ar ais, agus nach bhfuil siad ag fáil fair play mar gheall ar nach bhfuil an IDA ná SFADCo á dhéanamh.

A Chathaoirligh, maithfidh tú dhom gur chaith mé an oiread sin ama ag an bpointe seo leis, ach d'fhéadfainn leanúint ar aghaidh ar feadh cúpla uair a chloig eile ag cur síos ar na rudaí éagsúla go bhféadfaí a dhéanamh leis an airgead seo. Beidh mé ag moladh leasú sa Bhille seo.

Is beag an ceapadh a bhí agam blianta ó shin nuair a bhí an Seanadóir Ó Foighil agus mé féin ag plé le cúrsaí comharchumainn thiar go mbeadh an bheirt againn sa Seanad ag an am céanna ag plé Bille faoi Údarás na Gaeltachta. B'fhéidir, má tá rud ar bith le foghlaim uaidh, go raibh toradh áirithe ar an obair i measc an phobail a bhí ar bun ag an mbeirt againn.

Ba mhaith liom i dtosach moladh a thabhairt don té a thug isteach Údarás na Gaeltachta den chéad uair, is é sin an t-iar-Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta, Denis Gallagher. Is dóigh liom, san Acht sin, gur chuir sé rud nua, rud nach bhfuil a mhacasamhail sa tir seo, ar bun, is é sin bord Stáit ar a bhfuil ionadaíocht tofa. Ba bhriseadh tríd ar an ghnáth-chóras Stáit a bhí ann. Rud trialach a bhí ann ag an am. Bhí fadhbanna leis ach caithfimid a rá, trí chéile, gur éirigh leis an triail sin agus go bhfuil obair an-mhaith déanta ag an Údarás i gcaitheamh na mblianta.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit anseo. Fear Gaeltachta é, fear a bhfuil tuiscint mhór aige ar an obair atá ar bun sa Ghaeltacht agus tá mé cinnte chomh maith go bhfuil tuiscint thar cuimse aige ar na hathruithe atá ag teastail de réir mar a aithríonn an saol amach romhainn.

Má tá locht ar bith agam ar an Údarás is é, ó thaobh leagan amach bordanna de, go bhfuil sé ró-mhór in a mhacasamhail den IDA. Go deimhin, tá sé le feiceáil anois ó thuarascáil Telesis go raibh a chuid laincisí féin agus a chuid máchailí féin ar pholasaí an IDA. Fáiltím go mór roimh an athrú treo, athrú, más féidir liom a rá, a bhí á mholadh ag mo leithéidí a bhí ag obair thiar agus a thuig na fadhbanna a bhí ann.

Thar na blianta tá dhá rud tar éis tarlú a chuireann leis na fadhbanna sin beagáinín, is é sin, de réir mar a bhíonn an saol ag imeacht agus de réir mar a bhí fadhbanna ag éirigh san eacnamaíocht, go mór mhór san ard-chathair anseo, bhí na céadta deontas a bhí ar fáil á méadú thoir agus ag an am céanna bhíodar á laghdú thiar. Táimid anois sa chaoi gur fearr, ó thaobh céatadán de, na deontais atá ar fáil in áiteacha ar nós lár chathair Bhaile Átha Cliath ná mar atá in áiteacha thiar, áit a bhfuil mí-bhuntaistí uafásacha maidir le cúrsaí iompair. Os rud é gur tógadh agus gur as an gcathair seo mé, níl mise ag iarraidh tada a thógáil ó mhuintir Bhaile Átha Cliath, ach tá mé ag iarraidh a léiriú nach fíor an tuairim choitianta atá ann go gcuirtear buntáistí ar leith ar fáil do thionsclaíocht sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, is dóigh go ndéanfar staidear grinn ar an scéal go bhfuil réimse deontas níos fearr ag an IDA ná mar atá ag an Údarás.

Ag an bpointe seo sílim go bhfuil sé in am ceist na ndeontas a scrúdú o bhun go barr. Níl mise cinnte gurb shin é an bhealach is fearr leis na fadhbanna atá againn a réiteach, ach beidh mé ag rá tuilleadh faoi sin ar ball.

Rud beag amháin eile gur mhaith liom a luadh ná gur éirigh fadhbanna thar na blianta san Udarás idir cúrsaí foirne agus cúrsaí boird. Cuireadh ag an am laincisí áirithe ar an Údarás maidir le cothú airgid, agus creidim anois go bhfuil sé in am na laincisí sin a scaoileadh. B'fhéidir go raibh gá leo ag an am ach ní dóigh liom go bhfuil gá leo anois.

Maidir leis an Ghaeltacht féin, i staidéar a deineadh an bhliain seo caite, cruthaíodh go mb'fhiú £8 milliún sa bhliain Gaeltacht Chonamara do chaithair na Gaillimhe. Cúis bhróin dom i gcónaí nach bhfuil sé ag dul i gceann ar lucht gnó na tíre seo go bhfuil an láidreacht agus an neart eacnamaíochta sin sa Ghaeltacht uaidh féin agus nach bhfuil siad tar éis a gcion a dhéanamh ó thaobh urraíochta sa Ghaeltacht agus ó thaobh Gaeilge a úsáid sna Gaeltachtaí leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt.

Labhartar agus smaoinítear go minic ar an Údarás i gcomhthéacs chúrsaí tionsclaíochta, ach tá gné den Údarás ann nach luaitear go minic agus atá thar a bheith tábhachtach, agus sin soláthar seirbhísí riachtanacha pobail. Sa chomhthéacs seo is dócha gurb í an tseirbhís is tábhachtaí atá ann ná an tseirbhís aeir do na hoileáin Árann go bhfuil an tÚdarás ag cuidiú léi. Chuir sé sin athruithe bunúsacha ar shaol na n-oileán. Chuidigh an tseirbhís sin go mór le forbairt na n-oileán, ach tá gá le feabhas a chur ar an tseirbhís sin agus a dhéanamh cinnte nach leanfaidh an scéal mar atá, ainneoin fordheontas ón Údarás, go gcosnaíonn sé an oiread céanna le teacht ó na hoileáin go Gaillimh agus a chosnaíonn sé anois dul ón gcathair seo go Londain.

Tá gá le tuilleadh airgid agus tuilleadh cumhachtaí ag an Údarás chun seirbhísí speisialta a chur ar fáil áit a bhfuil laige áirithe ar an mbunstructúr, mar tá fadhbanna millteanacha, ó thaobh seirbhísí de, sna ceantracha thiar. Tá an tÚdarás, chomh maith leis sin, ag plé le cúrsaí forbartha pobail agus tá obair réasúnta maith déanta acu sa ghné seo, go mórmhór tríd an gcomórtas forbartha pobail a chuir siad ar bun. Bhí mise ag lochtú na scéime seo ar uaireanta, mar shíl mé nár leor é sin, ach ba mhaith ann é, agus chuidigh sé go mór. Tá gá le tuilleadh cúnaimh agus infheistíochta a dhéanamh maidir le saol ceart pobail, mar ní leor na jabanna. Tá fíor-thábhacht le saol iomlán a chur ar fáil don phobal thiar.

Ba mhaith liom go mórmhór Roinn na Gaeltachta a mholadh anseo. Go minic, ní fios don phobal taobh amuigh den Ghaeltacht gur ann don Roinn, ach thar na blianta tá obair thar cuimse déanta acu ar bheagán airgid le saol na Gaeltachta a fheabhsú ar bhealaí ciúine go mórmhór ar an gcaoi ar chuir siad deiseanna chaitheamh aimsire ar fáil do na pobail Ghaeltachta, ar a bhfuil leithéidí hallaí, faichí peile, ionaid spóirt, agus mar sin. Murach gur cuireadh na háiseanna sin ann ní dóigh liomsa go mbeadh go leor den aos óg fanta sa Ghaeltacht anois.

Chomh maith leis sin, chuir Roinn na Gaeltachta scéim iontach maith comharchumann ar bun, agus tá a fhios agam féin i mo chás féin nach mbeadh mise thiar murach é sin. Murach an scéim sin, ní bheadh aon phobal fanta sna cnoic thart ar an cheantar seo againne ná aon Ghaeilge fágtha ann. Rinne na comharchumainn botún, níl aon amhras orm faoi sin. Is dócha gur thóg muid orainn féin go minic an iomarca rudaí mar go raibh an oiread sin foinn chun oibre. Ach nuair a dhéanfar scrúdú ar stair an scór bliain atá caite, feicfear punt ar phunt ar an airgead a caitheadh ar chomharchumainn thar tréimhse fhada de bhlianta, go raibh toradh céatach ar an airgead sin i dtearmaí fostaíochta, i dtéarmaí seirbhísí, i dtéarmaí na Gaeilge — agus is faoi sin atá an Ghaeltacht — agus i dtéarmaí meanman sna pobail thiar.

Chuir an scéim sin rud ar fáil sna Gaeltachtaí nach mbeadh ar fáil murach í. Chuir sé lárionad forbartha phobail; chuir sé ar fáil istigh sna pobail daoine le hoideachas, daoine le Gaeilge agus oideachas agus scileanna bainistíochta, a bhí sásta a ndúthracht a chaitheamh gan staonadh le hobair fhorbartha. Creidim ó mo thaithí ar na daoine a bhí ag obair ar na scéimeanna sin go bhfuil buíochas mór tuillte acu as a bhfuil déanta le fiche bliain anuas.

Is minic go raibh baill na gcomharchumann, chomh maith le bheith páirteach sa chomharchumann agus ar choistí na gcomharchumann, thar a bheith gníomhach ar na coistí deonacha ar fad atá ag chuile phobal agus atá riachtanach do chuile phobal. Tá a fhios agam i mo phobal féin, agus níl sé ar aon chaoi difriúil ó aon phobal eile, go bhfuil saol an phobail athraithe i ngeall ar na forbairtí seo le fiche bliain anuas. I gcomhthéacs na gcomharchumann sílim go mba fhaill agamsa é gan tagairt a dhéanamh don obair iontach deonach a rinne coistí na gcomharchumann, coistí tofa de mhuintir na háite thar tréimhse fhada de bhlianta, dream nach bhfuair, fiú, costaisí taistil le dul b'fhéidir 20 míle nó 30 míle chuig cruinniú uair sa gcoicís nó uair sa mhí. D'fhéadfadh an tÚdarás bheith ag obair ó mhaidin go hoíche ar na scéimeanna atá acu, agus, mura ndíreoimid ar na fadhbanna móra infrastructúir atá sna Gaeltachtaí, is saothar amú a bheas ann.

Tá gá sna Gaeltachtaí le seirbhísí den chéad scoth. Níl aon rud ag dul a athrú na mbroc, beimid in áiteacha i bhfad siar i gcónaí, ach le go ndéanfaimid iomaíocht, theastóidh roinnt de na laigí is measa san infrastructúr a fheabhsú. Ar sin i gcás na n-oileán tá na haerstráicí is na céibheannaí; i gcás na mórthíre, na bóithre agus costas teileachumarsáide. Mar shampla, i nGaeltacht na Gaillimhe amháin, má thógann tú thoir agus thiar ann, tá cúig cinn de limistéirí cianghlaoch ann, mar atá na náideannaí a haon, a dó, a trí, a cúig agus a naoi. Mar shampla, le glaoch gutháin a chur ó Chorr na Móna go dtí an Mám, nó ó theach amháin go chomharsa bhéal dorais i dteach eile, is cianghlaoch é; mar a chéile, mar shampla, le glaoch gutháin a dhéanamh ó Chill Chiaráin go Ros Muc. Cuireann sé seo costas uafásach ar lucht tionscail sna Gaeltachtaí agus sna ceantracha thiar ar fad. Tá sé thar am an córas seo atá bunaithe ar leagan amach na mbóithre iarainn san gcéad seo caite a athrú ó bhun agus córas a chur ar fáil a thabharfaidh seirbhísí ar aon chostas dúinne. Sa chás sin ba mhaith liom a lua, mar shampla, ó mo cheantar féin — agus tá mé ag ceapadh go ndearna mé dearmad na náideannaí a dó a lua — is cianghlaoch é go dtí an baile contae go oifigí an Údaráis agus go oifigí Roinn na Gaeltachta. I 1989, níl sé sin feiliúnach ná ceart.

Maidir le cúrsaí forbartha an Údaráis féin, tá moladh tuillte acu as a bhfuil déanta. Ach tá ceachtanna le foghlaim as. Creidim go raibh an ceart againne a bhí ag rá le blianta go gcaithfí díriú níos mó ar achmhainní nadúrtha a fhorbairt. Leis sin a dhéanamh táimid ag caint ar airgead réasúnta mór. Mar is eol don saol Fódlach, nuair a tosaíodh ar Bhord na Móna nó ar Chomhlucht Siúicre Éireann, bhí, i gcomhthéacs an ama sin, roinnt mhaith trialach i gceist agus bhí airgead mór i gceist. Ach táimid leathchéad bliain ina dhiaidh ag baint an toraidh amach. Mar a chéile leis na hachmhainní atá sna Gaeltachtaí thiar, achmhainní iad nach bhforbríodh i gceart, achmhainní iad a thógfaidh mórchuid airgid le forbairt ceart a dhéanamh orthu.

Tá airgead mór, mar a luadh cheana, caite ar an bhfeilméireacht ésc. Bíonn faitíos ormsa go deimhin scaití, go raibh an iomarca béime ar bhradáin, b'fhéidir, mar ní chreidim go mba cheart díriú ar aon ní amháin ach ar an oiread nithe difriúla ag aon am amháin. Chomh maith leis sin, caithfear tuilleadh staidéir a dhéanamh ó thaobh truaillithe. Ach é sin ráite is iontach ann don tionscail fheilméireacht éisc, agus go mórmhór i gceantracha ar nós Charna, is é beatha an phobail é. Chomh maith le feilméireacht bhradáin, tá an-deiseanna le forbairt iascaireacht shliogáin, agus le breis luacha a chur leis na táirgí éisc ar fad, nílimid ach ina thús ó thaobh próiseála de. Sin an áit a mbeidh an fhostaíocht. Ní bheidh an fhostaíocht san fheilméireacht, beidh sí sa bpróiseáil. Creidim go bhfuil deiseanna iontacha ach go gcaithfear airgead a infheistiú, trialacha a dhéanamh agus margaí a fháil.

Ní fhéadfainn dul thar cheist na foraoiseachta, os rud é go bhfuilim ag plé leis an tionscal sin agus eolas maith againn air, tionscal nua i gcomhthéacs iarthar na hÉireann. Rud nach eol do go leor daoine, tar éis Chontae Chorcaí, is é Gaillimh an dara contae is mó in Éirinn go bhfuil coillte ann agus is é Contae Mhaigh Eo an tríú ceann. I nGaillimh tá bunáite na bhforaoiseacha i dhá limistéar. Tá cuid acu teoranach le Contae an Chláir agus tá an leath eile, a bheag nó a mhór, i gConamara. I gContae Mhaigh Eo tá 80 faoin gcéad de na foraoiseacha taobh thiar de líne a tharraigeodh tú idir Caisleán an Bharraigh agus Béal an Átha. Seo achmhainn aiceanta iontach atá suas síos an cósta sin agus go bhféadfaí a fhorbairt.

Tá buntairgí á ndéanamh thiar as adhmad agus, ar ndóigh, tá an rud céanna á dhéanamh i nGaeltacht Mhuscraí. Tá monarcha nua adhmaid tógtha i mBaile na Finne agus is maith ann do na tograí sin ar fad, ach theastódh infheistíocht mhór sa tionscal seo. Theastódh plean cuimsítheach forbartha do na ceantracha thiar. Theastódh uainn scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann anois nach raibh ann deich mbliana ó shin, le rudaí a dhéanamh as adhmad, as an gcineál adhmaid, go mórmhór contorter pine atá chomh fairsing sin thiar, rudaí breis luacha agus tionscal a bhunú ar na rudaí sin. Creidim féin go bhféadfaí na tionscail sin a bhunú sna Gaeltachtaí. Tá fostaíocht sa bhforaoiseacht, tá fostaíocht i leagan na gcrann, ag baint amach na gcrann as na coillte, agus tá fostaíocht i bpróiseáil agus i bpróiseáil bhreise. Mar shampla, sa gcás seo againne, airímse, nuair atá chuile dhuine tógtha san áireamh i dtogra beag go mbeifeá ag caint ar thart ar sheasca duine, agus táimid ag súil anois go mbeidh duine ag tosú tionscal beag breis luacha bunaithe ar na buntáirgí atá againne. Níl ansin ach sampla den rud is féidir a dhéanamh.

Tá ceist eile gur mhaith liomsa a ardú anseo mar is ceist í go gcaithfear a chíoradh agus a réiteach go luath. Is í sin ceist maidir leis na ceantracha imeallacha Gaeltachta nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu go coitianta. Tá ceart ag na pobail sin do thionscail agus do fhorbairt, agus braitheann an tÚdarás ag an am céanna go minic, de réir mar a thuigim, nach dualgas dóibh siúd bheith ag caitheamh airgead na Gaeilge ar cheantracha nach bhfuil Gaeilge á labhairt iontu, ach ag an am céanna, deireann an IDA nach féidir leo siúd plé leis na ceantracha sin os rud é go bhfuil siad taobh istigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.

Tá sin ag déanamh leatroim ar na pobail sin agus ba cheart an cheist sin a chíoradh agus féachaint go bhfaighidh na pobail imeallacha sin a gcearta. Ar ndóigh, ní bheadh ann don Ghaeltacht gan an Ghaeilge agus tá an Ghaeilge faoi ionsaí, go mórmhór ó na meáin chumarsáide, ní d'aonturas ach díreach leis an mbrú uafásach atá ann ón uile iomad stáisiún, idir theilifís agus raidió, bheith ag craoladh isteach sna Gaeltachtaí.

Creidim gurb é an gníomh ba mhó a tugadh i gcás na Gaeltachta le 30 bliain anuas ná bunú Raidió na Gaeltachta i 1972, más buan mo chuimhne. Thug an raidió spreagadh nua don Ghaeltacht, thug sé misneach don phobal, thug sé tuiscint do mhuintir na Gaeltachta ar a chéile agus rinne sé nasc iontach idir na ceantracha difriúla. Ach, thairis sin, chaomhnaigh sé an Ghaeilge ar bhealach nár chaomhnaigh aon togra eile a cuireadh ar bun sa Ghaeltacht roimhe sin. An lá faoi dheireadh luaigh mise cé chomh réidh anois is a ghlactar le téarmaí nua sa Ghaeltacht. Bhíomar ar fad ag caint ar bhoilsciú, ar infrastructúr agus mar sin de. Timpeall 30 bliain ó shin is iad na focail Bhéarla a bheadh in úsáid do na rudaí sin, mar bhí "bicycle", "bandage" agus chuile shórt eile.

O tháinig ann do Raidió na Gaeltachta agus bhain sé den tionchar atá ag na meáin, ó chloistear ar an nuacht iad glactar mar a ghlactar sa mBéarla leo sa ghnáthchaint. Cuireann sé iontas ormsa go minic an éisteacht atá ar an raidió i gceantracha imeallacha Gaeltachta thiar, daoine ar bheagán Gaeilge ag éisteacht leis an raidió mar tá nuacht ginearálta, nuacht áitiúil air, tá na fógraí báis air agus mar gur mhaith le pobal eolas bheith acu futhu féin. Tá an saol athraithe go mór ó bunaíodh an raidió. Má táimid dáiríre faoin Ghaeltacht, faoin saibhreas iontach atá againn sa teanga agus faoi í a chaomhnú agus a fhorbairt, caithimid anois céim mhisniúil a thógáil agus teilifís na Gaeltacht a chur ar bun. Ní leor bheith ag caint ar chur le huaireanta craolta ar aon bhealach eile. Mar an fhadhb a bhaineann leis sin agus go mórmhór le tuismitheoirí na ngasúr óga ná nach bhfuil siadsan ag dul ag breathnú ar sceideal; beidh siad ag iarraidh an cnaipe a bhrú agus ag iarraidh go mbeidh an rud ina dteanga féin ar an tseirbhís san am a theastaíonn sé uathu siúd.

Tá figiúirí luaite leis an tseirbhís agus níl mise ag dul ag iomrascáil le daoine maidir leis na figiúirí sin, ach is dóigh nach féidir luach a chur ar an nGaeilge. Ní chuirfeadh muid luach, mar shampla ar chaomhnú an Brú Ríoga anseo i mBaile Átha Cliath, ná ar an Ardagh Chalice. Níl aon rud sa tír seo a thaispeánann traidisiúin na tire níos soiléire ná an teanga Gaeilge.

Tá saibhreas ann ní amháin do mhuintir na tíre seo, agus is dóigh liom gur rud é go gcaithfear a thuiscint, is é sin an spéis as cuimse atá á cur ag lucht staidéir ar fud an domhain sa teanga seo againne. Tá saibhreas ann, go mba bhoichte, ní amháin an tír seo, ach an domhan trí chéile dá n-imeodh an Ghaeilge.

Creidim gur féidir teacht ar an airgead. Creidim gur féidir teacht air ó fhoinsí difríula agus d'íarrfainn ar chuile thaobh den Teach seo breathnú go báúil ar iarratas an phobail. Is cúis ríméid domsa gur gealladh go ndeánfaí rud éigin faoin gceist seo, gur gheall an Taoiseach é, agus go bhfuil sé tar éis céim mhór chun tosaigh a ghlacadh tríd an tuarascáil a fháil ó Údarás na Gaeltachta faoin gceist seo.

Tionscail eile go mba cheart a bhunú sa Ghaeltacht ná tionscail eolais. D'fhéadfadh na tionscail seo dhá rud a dhéanamh: slí beatha a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil. Chomh maith leis sin tá sé taispeáinte, áit a bhfuil fadhbanna ag plé le Gaeilge, go gcuidíonn sé sin, ó thaobh úsáid na Gaeilge maidir lena daoine sin, ní amháin ina gcuid postanna ach ina saol sóisialta agus baile chomh maith.

Os rud é go ndeirtear linn go mbeidh bunáite an phobail ag plé le tionscail eolais amach anseo, ba cheart díriú anois ar fhorbairt mhór a dhéanamh ar sheirbhísí eolais. Tá fáilte mhór roimh G-Com agus Telegael, sé tús an scéil é. Ach dar liomsa anois, ba cheart díriú ar fís-téipeanna a dhéanamh san Ghaeltacht, Fís-téipeanna oideachasúla as Gaeilge, a bheadh ar fáil do na scoileanna, do choláistí Ghaeilge, agus do lucht foghlamtha na Gaeilge ar fud na cruinne. Ba cheart díriú ar téacsleabhair a chur ar fáil do scoileanna na Gaeltachta agus do scoileanna Gaeilge na Galltachta, trí mheán na Gaeilge, agus ba cheart an tionscal sin a bhunú sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin ba cheart tosú ar fhochoiste ríomhaireachta a chur ar fáil, a bheadh ar fáil do ghnóthaí beaga trí mheán na Gaeilge.

Luaigh an Seanadóir O Foighil ceist na turasóireachta, ach chaithfinn a rá go dtagaim leis go mba dul chun cinn mór é dá mbeadh turasóireacht curtha faoi Údarás na Gaeltachta. Mar, mar atá an scéal i láthair na huaire, ní bhaineann sí go díreach le Bord Fáilte, go bhfuil an Ghaeltacht ina Gaeltacht; níl ann ach ceantar eile dóibh. Tá an eiseampláir den obair iontach atá déanta i gContae an Chláir agus an ceantar sin ag SFADCo. Is eiseampláir é de rud a rabhamar go mór in éad air, mar is dóigh liom go bhfuil forbairt déanta ar an gceantar sin nach bhfuil déanta ag ceantair na Gaeltachta agus Conamara trí chéile.

Is i gcomhthéacs na forbartha tionsclaíocha agus cultúrtha, rud atá ag fás go scioptha, a d'fheicfinnse gur inmholta an t-airgead atá á chaitheamh ar an mBlascaod. Ní dóigh liom go bhfuil baint dá laghad aige sin le riachtanais na n-oileán Gaeltachta eile. Mar a tharla i gcás an Bhrú Ríoga, gur iarsma de chuid na tíre seo — agus sa cás seo tá sé in oirthear na tíre — ba cheart é a chaomhnú agus a fhorbairt ina cheart féin. Ach é sin ráite, tá na hoileáin Ghaeltachta ann. Tá daoine ina gcónaí iontu agus fás agus forás ar chuid acu. Ag an tráth áirithe seo is cruthúnas ar an ghrá atá ag na pobail sin dá gceantracha dúchais.

Caithfear soláthar speisialta a dhéanamh, le féachaint chuige go gcuirfear na seirbhísí bunúsacha is ceart chuige ar fáil do na hoileáin. Níl mise ag dul chun leadráin leis an scéal seo, ach má táimid ag súil go mbeidh pobal beo bríomhar sna hoileáin amach sa chéad seo chugainn, beidh orainn a chinntiú go bhfuil na bun riachtanais iompair ar fáil ar chostas réasúnta.

Ar ábhar eile ar fad ba mhaith liom méar a leagan ar deis nach bhfuil scrúdaithe sách ceart san Ghaeltacht. Bhíomar ag caint ar ball ar na bainc thaisce, agus ó mo thaithí mar fhear atá ag plé le forbairt phobail, nílimid tar éis scrúdú sách grinn a dhéanamh ar bhealaí tarraingteacha le airgead a mhealladh ó na pobail Ghaeltachta isteach in a fhorbairt féin. B'shin an laincis is mó a bhí ar na comharchumainn Ghaeltachta. Ní raibh aon scéim ann faoin a raibh sé tarraingteach ag pobal na Gaeltachta, agus fíor-tharraingteach, a gcuid airgid fhéin ar scála mór a infheistiú ina dtodhchaí féin. Tá a fhios agam go bhfuil an t-airgead sin ann, ach caithfimíd breathnú as an nua ar an gceist seo, agus déanamh cinnte, seachas airgead na Gaeltachta a bheith ina luí sna bainc mhóra, agus é á úsáid le ceantracha saibhre oirthear na tíre a fhorbairt, go bhfanfaidh an t-airgead sin thiar, agus go n-úsáidfí é leis na ceantracha thiar a fhorbairt.

Ar an ábhar sin ba mhaith liom laige eile maidir le leagan amach an Údaráis, i gcomhthéacs forbairt tionsclíochta a luadh. Is é sin an nós a bhí ann ariamh — agus tá sé seo ag baint leis an IDA agus SFADCo chomh maith — go bhfaighfeá deontas bunaithe ar chéatadán. Chuir sé seo go mór in aghaidh tograí beaga ag teacht ón bpobal agus tograí pobal. Mar séard bhí ag éirí, má bhí £100,000 agat bhí tú in ann £200,000 a fháil i bhfoirm deontas. Má bhí £1 mhilliún agat bhí tú in ann £2 mhilliún a fháil, ar an láimh eile dhe, on Stát. Sin mar a bhí an scéal. Mura raibh agat ach an £10,000 ní raibh tú, in ann, a bheag nó a mhór ach an £20,000 a fháil. Luaigh mé ar ball an fáth nach bhfuil an tÚdarás, agus an ceart acu, ag déanamh forbartha ar na ceantracha imeallacha Ghaeltachta ó thaobh teanga de. Ach mar gheall ar an gnás seo na gcéatadán, matching capital, theip ar an Údarás, thar na blianta, forbairt a dhéanamh ar na ceantrachta iargúlta, imeallacha, ó thaobh tíreolaíochta dhe, áit a bhfuil an teanga láidir, mar ní raibh na hinfheisteóirí ón dtaobh amuigh chun teacht isteach ag dul ag déanamh forbartha ann, mar bhí na ceantracha ró-fhada siar. Ní raibh an bunairgead caipitil ag an bpobal leis an fhorbairt a dhéanamh iad féin. Ní amháin sin ach, áit nach bhfuil rud, tá sé deacair a chur ina luí ar phobal go minic go mbeidh rud ann. Is cuimhin liomsa daoine ag rá liom go minic nuair a thosaigh muid ar an obair seo, gur dúradh le chuile bhainisteoir comharchumainn a thosaigh ar an obair seo, nach n-éireodh le tada sa gceantar seo; nár éirigh le tada cheana agus nach n-éireodh le tada go brách ann.

Bhí ar chuid againn seansanna a thógáil, bhí ar chuid againn dul ar aghaidh leis an obair le súil, nuair a bheadh an rud caite againn ann, gur ansin a chuirfeadh an pobal an t-airgead ar fáil. Ach a bheag nó a mhór, tharraing sé sin fadhbanna orainn, fadhbanna go bhfuil cuid againn fós ag teacht astu. Chuidigh sin go mór le teip cuid de na comharchumainn, agus beidh mé ag súil amach anseo go ndéanfar scrúdú ar an gceist, go mbeifear sásta scéim nua a thriail sna Gaeltachtaí, agus má éiríonn leis an scéim sin go mbeifear sásta ansin é a scaipeadh ar fud na tíre.

Ní fhéadfainnse suí síos gan tagairt a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta, do na daoine gur futhu ar fad atá an obair seo agus gur cionntsiocar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann an chéad uair. Is minic ráite ag daoine aineolacha nach bhfuil aon mhaith le fáil astu, ach chaithfinnse a rá, thar thréimhse fhada, gur dream iad, cosúil le dream ar bith eile nuair a chuirtear rompu é le déanamh, go gcuireann siad chuige le fonn agus le fuinneamh. Mar fhostaithe, tá siad sásta oibriú go dian. Tá mise in ann a mhaíomh nach bhfuil fadhb maidir le absenteeism againn, agus, rud eile, go bhfuil siad sásta tosú in am ar maidin agus tosú breá luath, ar nós a seacht a chlog ar maidin. Chomh maith leis sin, tá siad sásta glacadh le solúbthacht agus le teicneolaíocht nua. Is pobal iad, ach, mar a dúirt mé, na cuinsí cearta bheith ann, atá sásta iad féin a fhorbairt.

Mar a dúirt mé ar ball, níl mé sásta go bhfuil gach rud ceart le gur féidir fós an fhorbairt sin a chur ar fáil. Ach ag an am céanna, mar dhuine a chuir romham céard is féidir a dhéanamh, is féidir liom a mhaíomh ag an nóiméad seo le cúnamh an Údaráis, le cúnamh fial ó Roinn na Gaeltachta, ainneoin na deacrachtaí ar fad a luaigh mé féin, go bhfuil mé i mo chónaí i bpobal nach fiú caint ar an imirce atá as le deich mbliana anuas, go bhfuil geal le lánfhostaíocht ann. Pobal atá tar éis suas le £500,000 a chaitheamh ar iad féin a fhorbairt, le deich mbliana anuas, pobal de 500 duine, pobal a rinne casaoidí ó thráth go chéile maidir leis na seirbhísí a bhí ar fáil.

Ach ag glacadh an dearcaidh go raibh sé suas dóibh féin ag deireadh an lae, déanamh cinnte go bhfuaireadar cibé rud a bhí ag imeacht agus go ndearnadar an fhorbairt. Mar, ní amháin go bhfuil easpa achmhainní ar amanna ar an Ghaeltacht, agus easpa pholasaí, ach an rud is measa go bhféadfadh muid a dhéanamh ná easpa spioraid a chothú. Má tá rud amháin foghlamtha agamsa thar na blianta, is é sin go gcaithfidh tú spiorad an phobail a mhúscailt má táimid le rud ar bith a dhéanamh. Arís, i gcomhthéacs an Údaráis, is dóigh liomsa go raibh an laige sin ann. Dhírigh an tÚdarás an iomarca ar labhairt ar an eacnamaíocht ar nós go mba rud teibí é. Rinne siad deileáil leis an bpobal ar nós gur machines iad agus níor éirigh leo ag amanna an dlúthcheangal ar mhaith linn a chothú idir iad féin agus an pobal. Tá a fhios ag an saol agus chuile dhuine thiar gur tharla sé sin. Tá daoine breátha, daoine misniúla, daoine cumasacha ag obair san Údarás. Ach, de bharr an structúir a bhí ann, de bharr an leagan amach a bhí ann, de bharr gur macasamhail a bhí ann den IDA agus na boird Stáit eile, ó thaobh riartha de, níl mé ag rá ó thaobh boird de, bhí an claonadh sin ann riamh. Ní raibh an pháirtnéireacht chomh cuimsitheach agus ar mhaith liomsa thar na blianta.

Ag rá sin, tá súil agamsa anois, leis na hathruithe atá ag teacht sa saol agus go mórmhór i gcúrsaí oideachais, go mbeidh níos mó den pháirtnéireacht chothrom a bheidh ann idir an pobal agus an tÚdarás i bhforbairt na Gaeltachta.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tagairt do na daoine sin ar fad gur beag an tionchar a bhí ag polasaithe an Údaráis orthu, is é sin an dream nach raibh postanna díreacha acu faoin Údarás, ach gurb iad forbraithe phobal na Gaeltachta iad. Ach díreach sula ndéanfaidh mé tagairt dóibh sin, tá caint ar fhostaíocht agus ag an bpointe seo níl a fhios agamsa i gcomhthéacs figiúirí céard é fostaíocht. Tá nós ag an Údarás bheith ag caint ar fhostaíocht, ar jabannaí PAYE, PRSI, ach tá an saol sin imithe. Tá níos mó daoine ag obair as a gconlán féin, i gcúrsaí iompair, i gcúrsaí foraoiseachta, agus caithfear, nuair atá tógraí á meas, breathnú ní ar an bhfostaíocht a bheidh ag an tograper se leis féin ach ar an tionchar iomlán a bheidh ag an bhfostaíocht ar an togra sin, ar an bpobal, agus ar na postanna a chruthófar go páirtaimseartha, go lánaimseartha, go hindíreach agus go díreach, agus ar mheas an phobail ar an tógra sin. Caithfear breathnú air mar sin. Ní féidir breathnú ar an mbealach cúng in a mbíothas ag breathnú air le blianta. Ach mar a deirim, tá an t-uafás daoine sa Ghaeltacht a déarfaidh, bheul, cén bhaint againne leis an dream sin thoir sna Forbacha, nó ó thuaidh nó ó dheas nó siar ó thuaidh do mhuintir Rath Cairn, de réir mar atá tú ag breathnú air.

Mar seo iad an dream atá ag brath ar fheilméireacht agus ar iascaireacht agus ar chúrsaí leasa shóisialaigh le haghaidh shlí beatha. Ní bheinn ag tabhairt an scéil iomláin maidir leis an Ghaeltacht anseo mura luafainn an dream seo. Mar a déarfainn, caithfear aghaidh a thabhairt ar na laincisí atá á gcur roimh na daoine seo ó thaobh an chóris leasa shóisialaigh agus an chaoi go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm. Tá gá ann an cheist seo ar fad a scrúdú i gcomhthéacs an méid a bhí le rá ag Delors an bhliain seo caite nuair a thug sé cuairt ar Éirinn, nuair a dúirt sé cén mhaith bheith ag brú daoine amach ón dtuath isteach sna bailte móra nuair nach bhfuil aon jabanna sna bailte móra dóibh.

Caithfear breathnú ar an gcúnamh a thugtar do na daoine seo mar bhreis ioncaim ar an ioncam atá siad ag saothrú ón bhfeilméireacht agus ón iascach. Má bhreathnaítear go dearfach air ar an gcaoi sin, is dócha go mbeifear in ann scéim a leagan amach a thabharfadh spreagadh do na daoine seo an t-airgead atá acu a mhéadú, agus saol ceart a bhaint amach ina n-áit dhúchais.

Ba mhaith liom an Rialtas a mholadh go hard as an mBille seo a chur os ár gcomhair, ar dhá chúntair: ar an gcéad dul síos, thug sé deis dúinn ceist na Gaeltachta a phlé go mion agus go h-iomlán ach i bhfad níos bunúsaí ná sin, tugann sé deis níos mó airgid a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, airgead atá ag teastáil go géar. Cruthaíonn sé dáiríreacht an Rialtais maidir le forbairt na Gaeltachta agus maidir le todhchaí na Gaeltachta agus an phobail atá inti.

Is duine mé a ghéileann i gcónaí do na saineolaithe, agus i gcomhthéacs na beirte atá tar éis cainteanna a thabhairt, níl morán cur amach agamsa ar an ábhar seo. I ndaíríre is Gaeilgeóir Galltachta mé agus is beag seans a bhíonn agam, nó atá agam le roinnt blianta anuas, cuairteanna a thabhairt ar an nGaeltacht. Mar sin féin, tá an-áthas orm go bhfuil an bheirt Sheanadóir nua sa Teach seo anois, an Seanadóir Pól Ó Foighil agus an Seanadóir Eamon Ó Cuív. Tá neart déanta acu ar san na Gaeltachta agus tá neart eolais acu ar chúrsaí na Gaeltachta, mar is léir dúinn anseo. Is oth liom ar shlí, nach raibh níos mó Seanadóirí anseo i láthair, chun éisteacht leis an mbeirt. Mar ní dóigh liom gur chuala mé a leithéid de chaint údarásach ar Údarás na Gaeltachta ó thainig mé isteach sa Teach seo. Molaim go fíor iad. Tá sé suimiúl go bhfuil sinsear faoi leith ag an Seanadóir Eamon O Cuív ar gach taobh dá ghaol, agus ní bheadh éinne ag súil lena mhalairt uaidh ach an éifeacht agus an cumas atá ann ó thaobh na teanga agus na Gaeltachta de. Bail O Dhia air agus go maire sé. Go maire siad beirt sa Teach seo.

D'aontaíos leis na pointí a bhí ag an Seanadóir Ó Foighil i dtaobh Raidió na Gaeltachta, is é Raidio na Gaeltachta a thug misneach úr, ní amháin do phobal na Gaeltachta ach do Ghaeilgeoirí na Galltachta chomh maith. Agus tá sé suimiúl go bhfuil an-spéis ag Gaelgeoirí ar fud na tíre in imeachtaí na Gaeltachta, fiú amháin i mion-imeachtaí na Gaeltachta. Tá stíl faoi leith ag Raidio na Gaeltacha, stíl tíriúl dúchasach, agus ba mhaith liom go gcuirfí a leithéid de sheirbhís ar bun sa Telefís comh maith.

Chuir me an-spéis sa mhéid a bhí an Seanadóir Ó Foighil ag rá faoí chuntasaíocht. Chomh fada agus a b'fhéidir liom a dhéanamh amach, nil sna figiúirí seo, dar leis, ach cur i gcéill. Is cuntasaíocht bhréagach atá i gceist anseo, i gcomparáid le cúrsaí airgidis IDA agus SFADCo agus mar sin de. Tá sé sin an-shuimiúil.

Dúirt an bheirt Sheanadóirí chomh maith go bhfuil easpa chomhachta ag an Údarás ar chúrsaí ar nós turasóireachta, gur chuma ar shlí le Bord Fáilte i dtaobh limirstéir na Gaeltachtaí mar Ghaeltacht, nach mbaineann san le Bord Fáilte mar ghnó. Taobhaím go mór leis na pointí sin.

Fáiltím roimh an Bhille chomh fada agus tá aon bhrí ag an mBille. Sa mhéid go maíonn sé go bhfuil dul ar aghaidh déanta i bhfostaíocht, dar liom níl morán dul ar aghaidh i gceist anseo — céad nó cúpla céad, na figiúirí atá i gceist. Is aisteach liom gur i bhfocail agus ní i bhfigiúirí atá an cuntas seo. Tá sé andeacair é a dhéanamh amach, nó an amhlaidh go raibh an tAire ag iarraidh an fhírinne a cheilt orainn? Pé scéal é ní mór an dul ar aghaidh atá i gceist anseo ó thaobh na fostaíochta de. I gcomparáid leis an bhánú atá ag tarlú ó lá go lá sa Ghaeltacht de bharr cúrsaí imirce, má tá an tír trí chéile bánaithe ag an imirce, tá an Ghaeltacht bánaithe níos mó, fiú, ag an mí-ádh úd.

Tá géarchéim laistigh de ghéarchéim i gceist ó thaobh imirce ón nGaeltacht, agus ní amháin go gcuireann sé sin lagmhisneach ar mhuintir na Gaeltachta, ach cuireann sé isteach ar bheatha na teanga labhartha, go bhfuil an teanga féin ag dul i laige ó lá to lá. Agus tá go leor cúiseanna lag mhisnigh os ár gcomhair inniu. Sin é an fáth go bhfuilim ag rá, agus deirim arís é, go bhfuil an-áthas orm go bhfuil anois sa Seanad beirt úrlabhraí den scoth ar son na Gaeltachta. Is maith liom chomh maith go bhfuil duine acu ar thaobh an Rialtais, agus duine acu ar thaobh an Fhreasúra. Is maith liom é sin.

Cuirim fáilte roimh an Bhille, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, agus ní ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit atáim nuair a deirim go bhfuil díomá orm nach bhfuil an Taoiseach anseo. Is an locht a fuair an Seanadóir Ó Foighil ar an dTaoiseach ná go bhfuil tús áite tugtha aige do Ghaeltacht mharbh seachas Gaeltacht bheo, b'fhéidir go bhfuil ábhar argóna ansan.

Is an locht is mó atá agamsa ar an dTaoiseach nach bhfuil sé ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta, gur shocraigh sé go gcoimeádfadh sé an Aireacht sin chuige féin, agus tar éis an socrú sin a dhéanamh nár fheidhmigh sé mar Aire na Gaeltachta, nach bhfuil sé ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta.

Is céim síos mhillteanach é sin amháin é sin ann féin, do chúis na teanga agus cúis na Gaeltachta.

B'fhéidir nach bhfuil cúrsaí na Gaeltachta tábhactach go leor i súile an Taoisigh. B'fhéidir nach bhfuil ócáid mar seo galánta go leor dó, b'fhéidir nach maith leis teacht anseo ach amháin nuair a bhíonn ócáid ghalánta ar siúl. Níl a fhios agam ach cinnte cuireann sé díomá ormsa, ag cur san áireamh gurb í an chéad aidhm náisiúnta ag Fianna Fáil an teanga a athbheochaint agus an Ghaeltacht a shábháil.

Mar a deirim cuirim fáilte roimh an Bhille. Níl anseo ach mion rud ar shlí. Agus faoi mar atá mínithe ag an Seanadóir Ó Foighil fiú amháin sa mhion rud seo tá cur-i-gcéill ó thaobh cuntasaíochta. Ba mhaith liom a mholadh go bhfuil sé in am anois an tÚdarás, agus feidhmiú an Údaráis a mheas tar éis deich mbliana, agus athbhreith a dhéanamh air. An chéad lá riamh a tugadh an Bille isteach sa Seanad chun Údarás na Gaeltachta a bhunú, is é dúirt Aire na Gaeltachta ag an am sin, agus is ar 28 Feabhra 1979 a dúirt an tUasal Denis Gallagher an méid seo, gurb é an cuspóir a bhí ag an Údarás a bhí le bunú, ná Údarás a mbeidh de dhualgas air caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialtachta, gnéthiúlachta agus geilleagair.

Nach bhfuil sé in am dúinn anois an cheist sin a chur orainn, cé chomh fada a bhfuil an cuspóir sin tugtha chun críche, cad iad na lochtanna atá ar an Udarás ó thaobh easpa chomhachta agus mar sin de, cad tá ag teastáil ón Údarás chun go gcuirfeadh siad an aidhm sin i gcrích níos fearr? Molaim gur chóir b'fhéidir coiste de shaghas éigin nó fiosrú de shaghas éigin a chur ar siúl i dtreo go mbeadh ar ár gcumas an dul ar aghaidh a mheas. Idir an dá linn tá mise an-sásta cuidiú leis an mBille chomh fada agus a théann sé, agus arís molaim an bheirt atá tar éis caint líofa, éifeachtach a thabhairt dúinn.

Fáiltím roimh an mBille seo chomh maith agus tá áthas orm go bhfuil sé á phlé tráthnona. Ba mhaith liom aontú leis an mBille agus cur leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Murphy faoin méid a bhí le rá ag an mbeirt a thosnaigh an díospóireacht anseo tráthnóna. Ba bhreá liom a chloisint an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Foighil agus an Seanadóir Ó Cuív, mar bhíodar mar a dúirt an Seanadóir Murphy ag caint go húdarásach, agus is mór an trua nach raibh níos mó anseo chun a raibh le rá acu a chloisint. Cheap mé féin go raibh ábhar ann do gach aon duine chun go bhfoghlaimeodh siad mar atá ag muintir na Gaeltachta.

Nuair a bhíonn muintir na Gaeltachta ag lorg a gceart, nó ag lorg tacaíochta nó ag lorg aon chabhair on Stát ní chloistear ach "they're at it again, looking for more". Mar a dúirt an Seanadoír Ó Foighil, "an Ghaeltacht for the holidays, iarthar an hÉireann for the holidays". Cuireann sé isteach go mór ormsa, an slad agus an scrios atá ar an nGaeltacht, agus caithfear an fhreagracht sin a chur ag doras an Rialtais seo agus na Rialtais roimhe seo, mar nach bhfuil aon dul chun cinn déanta i ndáiríre, chun an Ghaeltacht a chothú, a chaomhnú nó a chosaint, cé go bhfuil sé sin in ainm is a bheith mar aidhm acu. Mé fhéin, tá mé ag rá go siniciúil, b'fheidir, nach bhfuil aon tacaíocht in aon chor le fáil ón dream sin go bhfuil na focail bhána acu, agus iad in ainm is a bheith i bhfábhar tradisiún agus teanga agus cultúr agus saol na Gaeltachta, agus iad a chosaint agus a chaomhnú. Iad san atá in ainm é sin a dhéanamh, ní fhéadair an bhfuilid sásta an t-airgead agus an infheistiú a chur ar fáil chun an méid sin a dhéanamh. Níl aon tuiscint i measc gnáth-mhuintir na tíre seo ar chonas mar atá sa Ghaeltacht, cén sórt saoil é, cén mhaitheas atá deánta ag na deontaisí agus na h-acmhainní atá curtha i dtreo na Gaeltachta, conas mar atá ann anois. Is breá bheith sa Ghaeltacht agus grian an t-samhraidh ag taitneamh. Níl sé ró-mhaith ann faoi láthair i lár an gheimhridh. Gan amhras níl aon ró-thuiscint acu siúd atá in ann dul agus alt a scríobh do nuachtain Bhaile Átha Cliath ag gearán mar gheall ar mar atá tithíocht sa Ghaeltacht, go mór mhór an dearadh atá ar na tithe atá mór-thimpeall na Gaeltachta. Geallaimse duit nach raibh aon tuiscint riamh, ag an daoine sin, ar na hovels agus na poill a bhí ag muintir na Gaeltachta roimis na tithe sin a thógaint mar atáid ann faoi láthair. Mar ní raibh riamh aon chaighdeán maireachtála ag muintir na Gaeltachta chun a chur i gcomparáid leis an chaighdeán maireachtála ata sna cathracha.

Tá sé tábhachtach go gcuirfear an méid sin i dTuairisc Oifigiúil an Tí mar i ndáiríre na daoine atá in ann, agus atá go minic ag deánamh gearáin ar an dearadh atá ar na tithe sa Ghaeltacht agus in iarthar na hÉireann, ar chósta Iarthar na hEireann, ní rabhadar san riamh sásta aon deontas nó aon acmhainní nó aon tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhí ag togáil na dtithe sin chun nach mbeadh siad ag cur igcoinne an cúlra, nó ag tabhairt offence don dúlra. Na daoine a thóg na tithe sin bhíodar sásta a dhul isteach iontu mar bhíodar i bhfad Éireann níos fearr ná aon rud a bhí acu roimhe sin, agus sin mar atá fós, easpa tuisceana ar shaol na Gaeltachta.

Sin ó thaobh cúrsaí tithíochta de. Ach gan amhras ó thaobh cúrsaí scolaíochta chomh maith, bhí mé ag plé an rud seo le príomh oide bunscoile in aice le Beál a'Mhuirthid le deánaí. Bhíomar ag plé "rural disadvantage", agus conas mar atá sé go mór mhór i gcúrsaí scolaíochta agus i gcúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, Bhíomar ag caint i mbunscoil beirt mhúinteoir, agus ar na leanaí a bhí ag freastal ar an scoil sin, ní raibh ach triúr acu nach raibh a dtuismitheóirí ar an dole, agus an triúr acu san, b'iad san clann an phríomh oide.

Ceapann daoine in oirthear na tíre nó sna cathracha nach bhfuil ansan ach sórt statistic éile chun béim a chur ar an dtuiscint seo go bhfuil muintir na Gaeltachta "on the take" i gcónaí. Gan amhras tá sé seo tábhachtach mar ceapaim go bhfuil easpa oideachais déanta againn ar mhuintir na tíre seo gan aon tuiscint a bheith acu ar chonas mar atá i saol na Gaeltachta, conas mar atá sna Gaeltachtaí. Tá bochtanas sna Gaeltachtaí nach dtuigtear agus is deacair maireachtaint iontu.

Le cúpla bliain anuas tá na sean nósanna eisimirce fillte orainn arís agus tá na fir ag imeacht arís don séasúr go dtí Alba na dtí Sasana nó pé háit, nó ag obair ar na buildings i London nó san South East nó áit mar sin, agus ag filleadh ar feadh cúpla seachtaine in aghaidh na bliana, agus sin an t-aon teagmháil acu lena gclann, lena gcomharsanacht agus lena n-áit dúchais.

An sórt infheistíochta is éifeachtaí go bhféadfaimís a dhéanamh sa Ghaeltacht, an infheistiú bhunúsach go bhféadfaimis a dhéanamh ná i gcursaí oideachais. Ní fheadar an dtuigeann daoine mar a chuirtear i gcoinne na mbunscoileanna sna Gaeltachtaí, mar go bhfuil sceideal fostaíochta acu, atá níos measa ná an sceideal fostaíochta múinteóireachta atá ag na Gaelscoileanna tá suite sa Ghalltacht. Na Gaelscoileanna atá suite anseo i mBaile Átha Cliath nó in áiteanna lasmuigh de na Gaeltachtaí, tugtar múinteoir sa bhreis doíbh. Ach an bunscoil ar an mBuailtín nó i nDún Caoin nó gCois Fharraige nó in aon aít eile sa Ghaeltacht, níl ach an méid céanna múinteoirí acu is atá sna gnáth scoileanna sna cathracha. Ní thugtar aon tacaíocht in aon chor dóibh. Agus cén fáth?— an easpa tuisciona arís. Ceapann a lán daoine i dtaobh na leanaí atá ag freastal ar na scoileanna sa Ghaeltacht go bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán. Bhuail mé isteach i scoil le déanaí in aice leis an gCeathrú Rua agus bhí mé ag plé seo leis an bhfoireann teagaisc sa scoil. Dúirt siad nach raibh focal Gaeilge ag trí cheathrú de na leanaí óga a thosnaigh ar an scoil an bhlian sin; ní raibh aon Ghaeilge acu ón gcliabhán, ní raibh aon Gaeilge acu ón mbaile. Tá an jab céanna le déanamh ag na múinteóirí sna scoileanna sin is atá le déanamh ag an bunscoileanna lánGhaeilge atá scaite tríd an tír. Sin áit ar chóir go mbeadh tacaíocht ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Ar an bpointe sin, ba mhaith liom plé a dhéanamh ar cén fáth nach bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán. Ní hé cén fáth nach bhfuil ach cén fáth go mbeadh. Sin an cheist. Féach ar an dteilifís sa chúinne: an bhfuil mórán Gaeilge ar an dteilifís? Éist leis an raidió: an bhfuil mórán Gaeilge air?

Tá a lán ráite again anseo inniu ar Raidió na Gaeltachta. Ba mhaith liom a rá leis an Aire, nuair a bhí an Bille, nó Acht anois, á phlé againn anseo anuraidh chun na ceadúnais chraolacháin a thabhairt do na stáisiúin raidió nua, mhol mé leasú an oíche sin agus chuidigh an Seanadóir Murphy liom. Is é an leasú a mhol mé don Teach ná go mbeadh ceadúnais ar fáil sna Gaeltachtaí chomh maith chun go mbeadh seans agus rogha ag muintir na Gaeltachta.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.