Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Dec 1989

Vol. 123 No. 10

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1989 (Bille Airgid Deimhnithe): An Dara Céim (Atógáil).

Atairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille don Dara hUair."

Sin an méid a bhí le rá agam ar chúrsaí na meáin chumarsáide. Mhol mé leasú ar an mBille sin a thug ceadúnas craolacháin do commercial bodies anuraidh. Ag an bpointe sin mhol mé don Aire an oíche sin go dtabharfaí ceadúnas craolacháin do na réigiúin Ghaeltachta. Chuidigh an Seanadóir Murphy leis an moladh an oíche sin. Ní amháin sin, ach mhol mé chomh maith leis sin aon áit nó aon chontae go raibh ceadúnas craolacháin acu, dá mba rud é go raibh Gaeltacht sa chontae sin go gcuirfí iachall ar an dream a fuair an ceadúnas am áirithe a thabhairt do chúrsaí Gaeilge ón stáisiún sin, agus go mbeadh an t-am céanna acu i ngaol leis an líon nó an gcéatadan de mhuintir na Gaeltachta a raibh cónaí orthu sna réigiúin sin.

Thug an tAire an oíche sin geallúint dom go ndéanfadh sé gach iarracht chun é sin a dhéanamh. Mhol mé dó go mbeadh sé ina choinníoll acu siúd a fuair ceadúnas craolacháin i gcontae a raibh Gaeltacht ann go mbeadh sé sin ina aigne aige le cur mar choinníoll. Níor deineadh é sin. Níos déanaí sa bhliain anuraidh bhí ábhar agam anseo ar an Athló go gcuirfeadh Aire na Gaeltachta airgead ar fáil chun teilifís Ghaeltachta a chur ar bun, chun tacaíocht a thabhairt don fheachtas a bhí ann agus chun a gheallúint a chomhlíonadh, mar an tAire féin a thug an gheallúint sin dom anuraidh. Mar is eol dó féin, níl aon rian den airgead sin le feiceáil go dtí seo. Mar sin, tá na leanaí óga sa Ghaeltacht gan teilifís Ghaeltachta. Níl acu ach Raidió na Gaeltachta, ach, mar a deir aos óg na Gaeltachta faoin raidió sin, níl ann ach raidió na sean leads, nach mbíonn cuid ar bith de na popamhráin nó an rock-cheol a bhfuil suim acu iontu. Caithfidh muid a chur ar a súile don aos óg go bhfuil cultúr dá gcuid féin acu, agus cén fáth nach mbeadh meas acu ar an gcultúr sin. Ansin tagaimid go dtí cúrsaí fostaíochta agus sin, ar ndóigh, an rud is mó atá á phlé againn agus atá i gceist ag an mBille seo.

Mhol an Seanadóir Ó Foighil, agus é ag caint anseo ar ball, gur chóir dúinn iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar achmhainní nadúrtha na Gaeltachta, agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé go mór i bhfábhar gach dar dhúirt sé, agus ba mhaith liom cur leis. Is í an easpa fhreagrachta atá ar Údarás na Gaeltachta agus gnéithe áirithe de shaol agus forbairt na Gaeltachta is mó a chuireann isteach ormsa. Mar shampla, mar a dúirt an Seanadóir Ó Foighil faoi chúrsaí turasóireachta, cén fáth nach ligfimis leis an Údarás agus an fhreagracht a thabhairt dóibh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun cúrsaí turasóireachta a fhorbairt agus a chur ar aghaidh. Ar an dtaobh eile den sceál, cén fáth nach ligimís leis an Údarás chun go mbeadh freagracht acu ar chúrsaí iompair agus taistil, mar táid araon fite fuaite ar a chéile. Is deacair deighleáil le ceann amhaín acu gan bheith ag deighleáil leis an ceann eile. Agus cad íad na hacmhainní nadúrtha seo? Gan amhras, turasóireacht go mór, agus is é mo thuairim féin ná nach bhfuil aon róiarracht déanta ar chúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht. Agus chun sampla amhaín a thabhairt, bhíos ag plé seachtain ó shin ar an chruinniú cinn bliana den INTO.

Freastalaíonn de ghnáth suas le 800 teachtaí ag an comhdháil seachtaine. Is fiú suas le leath mhilliún punt é do áit, in the low season. Chuaigh mé tríd an Ghaeltacht ar an léarscáil; chuaigh mé ó Fanad go dtí Beanntraí agus ní fhéadfainn teacht ar áit sa Ghaeltacht go bhféadfainn an chomhdháil sin a thabhairt ann. Ní raibh aon áit go raibh leapacha ostáin go leor ann. Tá sort liosta de rudaí a bhí ag teastail, leapacha, ostáin, conference centres agus rudaí mar sin. Ní raibh siad ann. I láthair na huaire tá conference centres á thógáil i gCathair Luimní agus i gcúpla áit eile tríd an tír. Ach níl aon áit sa Ghaeltacht go bhféadfá comhdháil mhór mar sin a thabhairt isteach ann. Tá gnó mhór le déanamh ar an mhéid sin. Fiú féin, dá mbeadh suíomh oiriúnach sa Ghaeltacht do chomhdháil mar sin, conas mar a bheadh na córais chumarsáide, conas mar a bheadh na bóithre san áit sin? Thaisteal mé i rith na deireadh seachtaine ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Daingean agus bhí na bóithre thar barr go dtí gur shrois mé an Ghaeltacht. Go dtí gur shrois mé Corca Dhuibhne ní raibh deacracht agam. Má théim maidin amárach go dtí Litir Mór beidh gach rud thar barr ar na bóithre go dtí go sroísfidh mé an Ghaeltacht. Bhí mé i nDáilcheantair an Aire Stáit le deánaí ag freastal ar an Oireachtas i nGleann Cholmcille — bhí na boíthre ar fheabhas gur shrois mé an Ghaeltacht. An just coincidence é seo? — ach sin mar atá, agus sin mar a bhíonn, agus sin mar atá leis na blianta anois. Níl aon leithscéal ann don méid sin.

Bhí mé ag caint le fear le déanaí, a bhí ag plé le rud eile a luaigh an Seanadóir Ó Foighil. Bhí fish farm aige in áit éigin in aice le Acaill, is dóigh liom. An rud a dúirt sé liom, go raibh na bóithre comh holc san, go raibh air suspension áirithe nua a chur sna loraithe a bhí aige; ní raibh sé in ann dul ar aghaidh leis an conventional suspension sna trucks a bhí aige. Bhí air air suspension de shaghas éigin a chur sna trucks, mar bhí sé ag déanamh damáiste do na héisc óga, na smolts, agus rudaí mar sin a bhí á thabhairt aige ar bhóithre Chonamara.

Ní scéal é sin, is fíor sin, agus sin mar atá. Mar sin, táimíd ag cur iachaill ar an bhfear sin níos mó a infheistiú san jab atá idir lámha aige, ach níl ach an brabús céanna ann ag deireadh an scéil. Tá na bóithre níos measa, tá trucks níos daora aige, agus tá an jab i bhfád níos deacra. Conas mar sin de scéal chun forbairt agus dul ar aghaidh agus dul chun cinn a dhéanamh? An chéad rud a d'fhoghlaim mé fhéin ar scoil ó thaobh cúrsaí fostaíochta, ná chun go mbeadh aon seans ag monarchan éigin nó tionscal in áit, gur chóir go mbeadh na córais chumarsáide san chomharsanacht thar barr. Tuigeann gach aon duine é sin.

Chun filleadh ar chúrsaí turasóireachta, is dócha go bhfuil san milieu Eorpach an t-Aigéan Atlantach ar an fharraige is glaine san Eoraip. Mar sin, ba chóir go mbeadh na turasóirí ag teacht ina mílliúin chun freastal air. Ach nílid. Is furasta a fheiscint na háiteanna sa Ghaeltacht nó sa bhreac-Ghaeltacht go bhfuil dul chun cinn ar siúl acu agus forbairt ó thaobh cúrsaí turasóireachta ann, ach níl an fhorbairt ag dul lámh ar láimh leis an bhforbairt in áiteanna eile sa tír ó thaobh turasóireachta de.

Do chuala mé an tAire Turasóireachta agus Iompair le déanaí a rá gur cheap sé go mbeadh méadú 500 faoin gcéad ar turasóirí ag teacht isteach sa tír roimh 1992 nó 1993. An cheist a chuirfinn ar an Aire Stáit, an gceapann sé féin go mbeidh an méadú céanna ó thaobh cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht? Cheapainn nach mbeidh, mar níl aon infheistiú á dhéanamh chun bheith cinnte de sin. Níl aon infheistiú á dhéanamh chun bheith réidh dó sin.

Ó thaobh cúrsaí iascaireachta, ní thuigim cén fáth, agus ag féachaint arís ar Dháilcheantar an Aire Stáit, conas mar is féidir do íascairí dul ó Killybegs go dtí bainc san Ioruaidh nó sa tSualann agus deontais ná iasachtaí nó whatever a fháil chun báid a cheannach, mar nach bhfuil teacht ar an airgead sin sa tír seo, ón Stát, ón Rialtas, ón Roinn, nó os na bainc? An é go bhfuil eolas éigin ag na bainc sa tSualainn nó san Ioruaidh nach bhfuil againn anseo. Cén fáth go bhfeictear dóibh siúd gur maith an infheistiú é seo le déanamh, agus nach bhfuil teacht ar an airgead céanna ag iascairí anseo ag an baile?

Cén fáth go bhfuilimidne sa Ghaeltacht go mór mhór faoi scáth na Spáinne Ó thaobh an tionscail iascaireachta, mar shampla. Nach fíor go bhfuil muidne sa tionscal sin, nó go rabhamar ann in a big way, na blíanta roimh na Spáinnigh? Céin fáth nach bhfuil forbairt cheart tagtha ar an tionscal sin dúinne? An bhfuil morán déanta ag Údarás na Gaeltachta san treo sin? Ceapaim go bhfuil rud an luachmhar sna Gaeltachtaí ó thaobh cúrsaí cultúir de. Sé mo thuairim féin go bhféadfaí a bhunú sna Gaeltachtaí cúrsaí léinn agus foghlamtha, go bhféadfadh síad bheith mar base ann, chun cúrsaí inseirbhíse do scoláirí nó múinteoirí, abraimís scoláirí ar dtús ó aon áit sa domhain.

Tá dul chun cinn mór déanta sa tionscal sin le déanaí agus tá Ollscoil na Gaillimhe agus áiteanna eile mar é, sáite san ábhar. Cén fáth nach féidir a leithéid de thionscal a bhunú sa Ghaeltacht? Nach bhfuil gá leis? Maidir le cúrsaí scolaíochta, agus cúrsaí bunscolaíochta go mór, mar a dúirt mé roimis seo, tá an-chuid bunmhuinteoirí sa tír seo atá ag plé leis an nGaeilge lá i ndiaidh lae. Ba bhreá dá reachtálfaí cúrsaí inseirbhíse do na múinteoirí seo laistigh de na Gaeltachtaí, chun borradh a thabhairt don obair atá idir lámha acu. Chuirfeadh sé snas agus forbairt ar a gcuid Gaeilge, agus bheadh infheistiú á dhéanamh sa Ghaeltacht, ó thaobh deontaisí, d'fhonn na daoine seo a riaradh ann. Sa tslí seo, bheadh dul chun cinn á dhéanamh againn i leith an "First National Objective" nó pé rud a ghlaoimid air, agus bheadh buntáiste ann dúinn uilig.

Is é mo thuairim nach bhfuilimid sásta beart a dhéanamh de réir ár mbriathar, sa cheist seo. Is furasta trácht orthu siúd atá in ainm is a bheith claonta chun traidisiún, teanga, cultúr agus saol na nGaeltachtaí a chaomhnú is a chosaint, go dtí go gcuirtear iachall orthu infheistiú airgid a dhéanamh iontu, chuige seo. Tá sé i gceist ag an mBille seo go ndéanfar méadú ar an méid airgid atá ar fáil do Údarás na Gaeltachta, ardú ó £60 milliúin go £80 milliúin. Fáiltím roimh an méadú seo agus tá sé thar a bheith in am dó.

Bhí géarghá leis an airgead seo agus táim féin chun gach tacaíocht is féidir a thabhairt don chuid seo den Bhille. Beidh mé ag lorg leasuithe ar an mBille, ach tabharfaidh mé lán-tacaíochta don phríomhphointe seo. Is eol dom go bhfuil ganntanas monarchana ar an Údarás faoi láthair agus go bhfuil spás, freisin, ar an ngannchuid seo. D'fhiafraigh mé de dhuine éigin anseo le déanaí an raibh monarchana folamha acu timpeall na háite. Bhí cónaí ar an duine seo i gCois Fharraige agus d'inis sé dhom nach raibh monarcha fholamh le fáil sa cheantar sin, ó Bhearna siar go dtí an Ceathrú Rua. Gan amhras ní ábhar imní iad na háiteanna insroichte ach tá sé deacair tionscail a mhealladh isteach sna háiteanna iargúlta toisc na fadhbanna cumarsáide ag gabháil lena suíomh.

Éiríonn níos fearr leis an Údarás ar imeall na Gaeltachta, áit a bhfuil daonra toirtiúil, ná mar a éiríonn leo ina croílár. Ní gnáthach "Green Fields Initiatives" a fheiceáil sa Ghaeltacht. Cuirtear tús le tionscail, cé mór nó beag, go hiondúil i bhfoirgnimh réamhthógtha de chuid an Údaráis. Tuigtear dom nach bhfuil flúirse díobh sin ann faoi láthair, agus go bhfuiltear ag feitheamh ar an airgead seo chun pé monarchana folamha atá acu a fhorbairt. Is é a ngnáthsprioc ná dóthain spáis a bheith acu go ceann bliain go leith. Tá dlúthbhaint, ar ndóigh, idir an Údarás agus saol na Gaeltachta agus ar an ábhar sin ní foláir don Údarás tacaíocht a thabhairt don phobal in iliomad bealaí.

Bhí mé ag tabhairt cuairte le déanaí ar cheantar Chois Fharraige agus d'fhiafraigh mé de dhaoine áirithe conas mar a bhí timpeall na háite sin. Bhí mé in Indreabhán ag breathnú ar an ngairmscoil ann, agus caithfidh mé a rá nach raibh aon ró-chruth air, agus chuir mé tuairisc an raibh cuspóir i gceist dó. Fuair mé an seanscéal: go raibh plean ann leis na blianta chun atógáil agus feabhas a dhéanamh air agus go dtí go dtárlódh a leithéid, gurbh éigean cuid de na ranganna a reachtáil in aonaid an Údaráis, a bhí lonnaithe trasna an bhóthair ón ngairmscoil. Is deacair a chreidiúnt go bhfuil ranganna scoile dá reachtáil i bhfoirgneamh a tógadh le tionscal agus go bhfuil ganntanas de na haonaid seo ar an Údarás dá gcuspóir ceaptha. Bheinn buíoch den Aire ach iniúchadh a dhéanamh ar an scéal seo, agus míniúchán a thabhairt dúinn ar chonas atá airgead á chaitheamh ag an Údarás ar ghníomhaíocht dá shórt. An bhfuil siad ag tacú leis an Roinn Oideachais?

Ní thuigim polasaí an Údaráis maidir le príomháidiú a dtionscal. Cén sórt reasún a bhí i gceist i gcás Telemar? Níor thuig mé an scéal i dtaobh Europlast, riamh ach oiread. Bhí Europlast idir dhá chomhairle mar gheall ar phríomháidiú agus tar éis an tsaoil caithfidh mé a rá go bhfuil boladh áirithe ag baint lenar tharla agus measaim go raibh uisce faoi thalamh ag gabháil leis.

Níl mé sásta go mbeadh airgead Stáit á infheistiú i dtionscal agus go mbeadh sé ar thaisicint ansin ar "rip' off prices", toisc go raibh polasaí príomháidithe i bhfeidhm. Is cóir go mbeimis ag déanamh infheistithe sa Ghaeltacht, ach más cóir, is cóir freisin go mbeadh gach riar ar a bhfuil ar ar siúl, dá réir. Ní foláir dúinn cúram a dhéanamh de nach mbíonn "jobs for the boys" ar fáil; "jobs" don uile dhuine atá romhainn a chruthú.

Phléamar ceist na himirce níos luaithe anseo. Braithim féin gur measa an eisimirce ó Chontae Mhaigh Eo—an Ghaeltacht san áireamh — ná ó áit eile ar bith faoin dtír, go comhréireach. Ag breathnú ar líon na leanaí scoile, feictear dom go bhfuil fadhb an eisimirce clainne i bhfad níos tromchúisí sa chontae seo ná i gcontae eile ar bith, de réir m'eolas-sa. Ba mhaith liom figiúirí maidir le eisimirce ó na Gaeltachtaí uilig a fheiceáil mar is í mo thuairim gur lú go mór sruth na heisimirce ó na Gaeltachtaí ná ó na cathracha, agus ón chuid eile den tír. Ní bhunaím mó thuairim ar staitisticí ach ar mó thaithí, ag taisteal na tíre.

Ag filleadh ar cheist taistil, ní léir domsa cad 'na thaobh nach mbeadh freagracht iomlán ag an Údarás sa ghné seo sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Cuív, ba chóir go mbeadh dlúthghaol idir an Údarás agus muintir na Gaeltachta, agus is deacair monarcha nó tionscal a chothú nó a bhunú, agus is deacair tionscal a mhealladh gan tacaíocht ó mhuintir na Gaeltachta agus gan bheith fite fuaite le saol na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta. Is deacair, mar sin, rudaí ar nós tuarasóireachta agus cúrsaí taistil, iompair, bóithre agus córas cumarsáide a bhaint den mhéid sin.

Mar a dúirt mé cheana i leith na meáin chumarsáide, tá brón ormsa nach bhfuil an rogha, ó thaobh teilifíse agus raidió de, ag muintir na Gaeltachta mar atá ag gach duine eile sa tír. Ní thuigim i gceart an sórt gaoil atá, mar shampla, idir Údarás na Gaeltachta agus comhlachtaí mar Aer Árann agus na Ferries. Is í mo thuairim go bhfuil tacaíocht ann b'fhéidir suas go £30 in aghaidh gach suíocháin d'eitleán Aer Árann. Rinne an Seanadóir Ó Foighil tagairt, creidim — níor chuala mé gach dar dhúirt sé — d'aerfort in Indreabhán, go mbeadh ceangal idir na hoileáin agus Indreabhán. Braithimse to mbeadh turas ó na hoileáin go dtí an chathair i bhfad níos saoire. Níl a fhios agam an bhfuil aon suirbhé nó figiúirí ann maidir leis sin. Creidim go mba chóir go mbeadh tacaíocht Stáit le fáil don aersheirbhís ó na hoileáin go dtí an mhórthír. Tá muintir na n-oileán go holc as i dtaca cúrsaí mar seo.

Níor thuig mé féin riamh an scéal faoin ferry go dtí Árann Mhór. Lá amháin bhí pier acu, gan bhád, agus lá eile bhí bád acu, gan pier. Ní thuigim cad é atá i gceist anois. Nach féidir, mar shampla, leis an Údarás dul ar aghaidh agus roll-on, rolloff, a chur ar fáil idir na hoileáin agus Gaillimh? D'fhéadfaí tionscail a chothú ar na hoileáin dá mbeadh a leithéid bunaithe. Ba chóir go mbeadh córas cumarsáide ann chun cuidiú a thabhairt do thionscail, ach níl siad ann. Ba chóir go mbeadh freagracht agus airgead ag an Údarás le seo uilig a shocrú.

Tá a fhíos agam go raibh moladh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le bail níos fearr a chur ar na bóithre i gConamara ar chostas thart ar £8 milliún nó £10 milliún agus go raibh an t-airgead le teacht ón mBruiséal. Bhí mé ag féachaint tráthnóna ar an Roads Plan atá sa doiciméad atá eisithe ag an Rialtas le tamall anuas. Is cinnte go bhfuil an tAire eolach air. Ní fhaca mé go raibh aon fhonn ar an Rialtas infheistiú a dhéanamh ar na bóithre sna Gaeltachtaí, cé go bhfuil a fhios acu féin cé chomh h-olc agus atá na bóithre céanna. Ní féidir le duine ar bith againn bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta ar son mhuintir na Gaeltachta le blianta anuas.

Cad iad na deacrachtaí a bhí ag an Údarás? Tá sé ag teip orm an scéal a thuiscint. An raibh siad in iomaíocht leis an IDA. Tháinig me ar shampla le déanaí a léiríonn mo chás. Bhí tionscnamh éigin ag BP Nutrition agus bhí sé ar intinn acu é a bhunáu i Ros a' Mhíl ach nach raibh an t-airgead ag an Údarás chun tacaíocht a thabhairt do bhunú an tionscail sin i Ros a' Mhíl, agus go bhfuil sé anois suite i gCathair na Mart i gContae Maigh Eo. Cuireann rudaí mar sin isteach go mór ormsa mar léiríonn sé conas mar atá siad hogtied ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Chaill an Ghaeltacht an tionscnamh sin mar go raibh ganntanas airgid ar an Údarás. Sin an scéal mar a chuala mise é.

Is fíor don Seanadóir Ó Foighil an méid a luaigh sé faoin dul chun cinn mór atá déanta ag mariculture. Tá dul chun cinn mór ann cinnte agus tá an-chúiteamh ann don Stát. Ní raibh aon tsuim sa tionscal sin deich mbliana ó shin. Ní fhéadfá comhlachtaí móra a mhealladh isteach chun infheistiú a dhéanamh i mariculture, ach leis an dul chun cinn atá déanta sna Gaeltachtaí nuair a d'aithin muintir na Gaeltachta an acmhainn nadúrtha sin a bhí acu, an fharraige agus gach ar bhain leis, bhí siad ábalta an tionscal sin a chothú agus a fhorbairt.

Nílimse cinnte an bhfuil aon sórt costbenefit analysis déanta ar na tionscail ar fad atá idir lámha sa Ghaeltacht faoi láthair. Ba cheart go ndéanfaí a leithéid. Ba mhaith liom na tionscail is fearr a fheiceáil sa Ghaeltacht, go ndéanfaí liosta de na hacmhainní nadúrtha, mar a mhol an Seanadóir Ó Foighil, atá ar fáil sna Gaeltachtaí, agus bunaithe orthu siúd na tionscail is fearr chun iadsan a fhorbairt, agus ag an am céanna ag tabhairt cosanta agus cothaithe do shaol na Gaeltachta. Sin mar a bhraithimse go gcaithfimid cur chun oibre. Sin arís an bealach ar chóir don Údarás cur chun oibre. Chun a bheith cinnte i gcónaí go bhfuil an cothú agus forbairt fhostaíochta ag dul lámh ar láimh le cothú agus forbairt cultúir agus traidisiúin na Gaeltachta.

Ar dtús caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil. Níl mo chuid Ghaeilge chomh maith agus ba chóir, ná go mba mhaith liom í a bheith. Bíonn sé teoranta ó am go ham mar gheall ar easpa focal. Ach ní dóigh liom go mbeidh mé ró-"stuck", mar a déarfá, ar an ócáid seo. Ag trácht ar an caighdeán Gaeilge, ba mhaith liom aird an Aire a dhíriú ar litir ghearr a bhí sa Irish Times cúpla seachtain ó shin. Bhí sé scríofa ag cailín a bhí ag déanamh na hArd-Teiste. Dúirt sí go raibh sí ag déanamh Béarla agus trí theangacha eile san Ard-Teistiméireacht onórach Gearmáinis, Spáinnis nó Iodáilis agus Gaeilge. Dúirt sí gurb é an rud nár thuig sí féin — saghas cry for help a bhí ann — ná conas mar a bhí tar éis teipeadh ar an chóras oideachais, sa chaoi go raibh sí ábalta comhrá a choimeád ar siúl san dá theanga ón Mhór-Roinn, ach nach raibh sí ábalta comhrá a choimeád ar siúl sa Ghaeilge. Ní rud ró-ghinearálta é sin, ach ba chóir go mbeimis ag ceistiú: ár gceistiú féin, ag ceistiú an Roinn Oideachais, ag ceistiú na múinteóirí, ag ceistiú na tuismitheoirí, cén fáth gur féidir le cailín, nó duine óg bheith compórdach i gcomhrá Gearmáinise, comhrá Fraincíse mar shampla, tar éis cúig blíana a chaitheamh sa mheánscoil á bhfoghlaim agus nach raibh an compórd céanna aici i gcomhrá i Gaeilge tar éis deich nó dhá bhliain déag a chaitheamh á foghlaim sa chóras oideachais ar fad.

Ba chóir dúinn freagra na ceiste sin a fháil. Sé an fáth go bhfuil an oiread suime agam ann faoi láthair ná go bhfuil beirt de mo chlann féin sa bhunscoil anois. Níor mhaith liom bheith ró-phearsanta faoi, mar níor mhaith liom aon ghearán a dhéanamh faoin scoil ina bhfuil siad. Caithfidh mé a rá, dá mbeinn ag iarraidh slí mhúineadh teanga a chur le chéile, a chuirfeadh meon an gnáth-chailín óg nó buachaill óg go láidir i gcoinne na Gaeilge, gurb é ar rogha bheadh agam ná an córas mhúineadh Gaeilge atá sna bunscoileanna faoi láthair. Ainneoin an dea-thoil atá sa bhaile againne, ainneoin an méid cainte atá déanta againn sa bhaile, ainneoin an píosa Gaeilge a labhartar sa bhaile, tá sé soiléir domsa go bhfuil beirt de mo chlann féin ag dul go mall, ach go rialta, níos láidre agus níos láidre i gcoinne na Gaeilge os rud é nach dtuigeann siad cad tá á litriú acu: focail mhóra chasta agus an litriú le foghlaim acu.

Tá fhios agam nach mbaineann an píosa sin go díreach leis an mBille seo, ach baineann sé leis an bunfhealsúnacht atá taobh thiar de bhunú an Údaráis, agus atá taobh thiar den oiread airgid, beag is atá sé, is atáimíd sásta a chaitheamh sna Gaeltachtaí; go bhfuil sé socraithe againn mar phobal go bhfuil tábhacht faoi leith ag dul leis na Gaeltachtaí, agus an tábhacht faoi leith atá ag dul leis ná gur pobal atá ann atá ag labhairt na Gaeilge fós. B'fhéidir gur saghas stating the obvious atá idir lámha agam, ach sin ceann den na rudaí atá foghlamtha agam sa Teach seo le hocht mbliana anuas, go mbíonn sé riachtanach ó am go ham agus go hanmhinic, to state the obvious, mar a dearfá, os rud é muna ndeirtear é ní thugtar faoi ndeara an rud is soiléire go minic i gcúrsaí polaitíochta.

Chomh maith le mo chomh-Sheanadóirí neamhspleácha bhí mé an-tógtha leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Foighil agus an Seanadóir Ó Cuív. Ní rabhas ann, ach chuala mé an chuid is mó dá raibh á rá acu. Bhí mé faoi dhraoícht ag an Seanadóir Ó Foighil. Bhí mé ag iarraidh píosa a scríobh, ach ní raibh mé sásta an monitor a mhúcadh, mar bhí an méid a bhí le rá aige chomh suimiúil sin, agus chomh húdarásach sin, agus an comment céanna faoin Seanadóir Ó Cuív. Seo an chéad uair ó thainig mé isteach sa Seanad gur chuala mé cás na Gaeltachta, cás phobail na Gaeltachta leagtha amach leis an oiread sin údaráis, agus leis an oiread sin conviction. Tiocfaidh mé ar ais chuig an méid a bhí le rá ag an mbeirt Sheandóir, mar tá rudaí tábhachtacha a thagann amach as an údarás atá acu, daoine atá ina gcónaí agus ag obair sna Gaeltachtaí, daoine atá ag obair chun chabhrú le forbairt phobal na nGaeltachtaí.

Tá cuid mhaith comharthaí dúinne, don Stát agus don Rialtas gur chóir a thabhairt faoi deara faoin a dúirt siad. Cosúil le gach duine eile cuirim fáilte roimh an Bhille. Ní fhéadfá cur ina choinne, ach amháin go bhfuil sé teoranta, mar tá Bille bunúsach faoin Údarás ag teastáil go géar anois. Bille bunúsach faoi leathnú cumhachta, Bille bunúsach faoi cúpla rudaí eile, faoi an oiread daonlathais atá taobh thiar de, nó ar a bhfuil an tÚdarás bunaithe. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil mé sásta leis an mBille agus ní bheidh mé ag cur ina choinne. Caithfidh mé a rá chomh maith, cé chomh fada is a ligtear dó, tá éirithe go maith le hÚdarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú fada agam i rith an tsamhraidh le ceann de na ceardchumainn ina bhfuil cuid mhaith de na daoine atá fostuithe ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara. Thug mé faoi deara an oiread atá déanta ag an Údarás. Tá duine nó beirt de mo chuid cairde atá ina bhaill de Údarás na Gaeltachta, duine as Ciarraí agus duine as Conamara. Tá a fhios agam faoi cuid mhaith atá idir lámha ag an Udarás.

Deireann an tAire sa mhéid a bhí le rá aige ná gurb é an tÚdarás an gléas forbartha tionscail atá ag an Rialtas don Ghaeltacht. B'fhéidir gurb é sin an mhíbuntáiste, nó an easpa is mó ata ag cur isteach ar an Údarás, nach bhfuilimid sásta fós a aithint gur chóir gur Údarás na forbartha, pobail a bheadh in Údarás na Gaeltachta, údarás forbartha pobail a bheadh mar aidhm acu i measc rudaí eile forbairt thionsclaíochta a chur ar aghaidh. Measaim nach forbairt thionscalaíochta amháin a ba chóir a bheith mar phríomhsprioc ag an Údarás, ach forbairt phobail.

Is ceacht dúinne, ag machnamh ar ar tharla sna Gaeltachtaí agus atá ag tarlú fós iontu, an córas riaracháin, an córas rogha cumhachta atá anois faoi réim sa tír seo. Léiriú is ea é ar an easpa is mó a luaitear ó am go chéile, go mbíonn polasaithe forbartha eacnamaíochta ag gach aon Rialtas dá dtagann, ach nach mbíonn polasaí forbartha sóisialta ceaptha nó forbartha ag Rialtas ar bith. Táimid ag brath ar an bhfás eacnamaíochta i gcónaí le gach rud a chur ina cheart. Níl an cumas ionainn polasaithe sóisialta a shnaidhmeadh le polasaithe eacnamaíochta, go mór mhór i gcás forbairt thionscalaíochta.

Dealraítear domsa gur microcosm é an tÚdarás agus míbhuntáistí pobal na Gaeltachta den mhórfhadhb atá ag goilleadh ar phobal na tíre uilig. Má táthar le polasaí pobail a cheapadh do mhuintir na tíre, nó do mhuintir na Gaeltachta, fiú, ní mór duinn a mheabhrú dúinn féin gur chuí go neascródh polasaíthe forbartha pobail ón nGaeltacht féin in ionad dóibh a bheith i gcónaí dá gcur orthu ag rannóga Stáit. Is ón bpobal ar chóir do gach polasaí a theacht; is i measc an phobail leithligh a bhíonn an tuiscint is fearr maidir lena bhfuil ag teastáil in áit bheag ar bith. Tá sé riachtanach go mbeadh an bhraistint ag muintir na Gaeltachta gur páirt faoi leith de phobal na tíre iad, go bhfuil ionannas sonrach dá gcuid féin acu; nach mionlaigh de chontaethe áirithe iad, iad ceangailte trí chóras riaracháin agus cumhachta a bhfuil cos sa Ghaeltacht agus cos sa Ghalltacht aige. Ba chóir go mbeadh córas nó decision making ann a bheadh bunaithe ar na Gaeltachtaí. Ní cóir go mbeadh muintir na Gaeltachta ag triall ar údaráisí ná ar eagraisí lasmuigh den Ghaeltacht chun a gcuid riachtanaisí a ghnóthú. Deirtear liom gur minic gur polasaithe frith-Ghaeilge atá ag na heagraisí úd. Ní foláir dúinn muintir na Gaeltachta a shaorú ón impiriúlachas cultúrtha seo atá ag bagairt orthu. Is é atá i gceist agam ná udaráisí áitiúla atá i bhfábhar leaganacha Béarla agus a riarann an chontae mar aonad gan chúram a dhéanamh de phobal faoi leith a bhfuil riachtanaisí ar leith acu. Ba chóir go mbainfí de na húdaráis áitiúla na cumhachtaí atá acu i leith na Gaeltachta agus go mbronnfaí na cumhachtaí sin ar na Gaeltachtaí amháin. Níl sé ciallmhar ná réasúnta go mbeadh corás rialtais áitiúil roinnte idir Ghaeltacht agus Galltacht. Ba chóir muintir na nGaeltachtaí uilig a bheith aontaithe faoi údarás amháin a thoghfaidís féin. Na fíor-Ghealtachtaí atá i gceist anseo agam, ar ndóigh.

Tá trí chinn de Ghaeltachtaí sa tír seo: an fíor-Ghaeltacht, an bhreac-Ghaeltacht agus an bhréag-Ghaeltacht. Tá bailtí beaga i gCúige Mumhan atá in anim is a bheith sa Ghaeltacht ach nach mbíonn focal Gaeilge le cloisteáil i gceann acu. Ní mór dúinn a bheith macánta faoi ainmniú agus lonnú na nGaeltachtaí. B'fhéidir gur ag soláthar faoisimh dúinn féin maidir le staid na Gaeilge faoin dtír atáimid, nuair a ghabhaimid leis an chur i gcéill seo. Níor mhiste ath-theorannú a fhógairt agus athchomhaireamh a dhéanamh ar líon na gcainteoirí dúchais chun imlíne nua macánta a tharraingt. Tá an iomarca tionscail Gaeltachta suite i mbailte nach mbíonn Gaeilge á labhairt go rialta iontu. Is cur amú airgid Stáit é nuair déantar infheistiú faoin dteideal seo i gceantair nach bhfuil báúil leis an nGaeilge, fiú, ach a bhfuil an ghráin dhearg iontu ina coinne. Is sna fíor-Ghaeltachtaí agus ní sna bréagGhaeltachtaí seo ar chóir tionscail na Gaeltachta a lonnú.

Tá a lán gnéithe ag teastáil má táthar chun forbairt phobail a thabhairt i gcrích. Do luaigh an Seanadóir O'Toole an córas oideachais agus ba chóir go mbeadh oideachas laistigh den Ghaeltacht faoi smacht pobal na nGaeltachtaí. Ní mór don churaclam a bheith faoi smacht an phobail, maraon le modh múinte na Gaeilge. Mionlach cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta atá i gceist sa Ghaeltacht agus tá siad i dteideal féinrialtais chomh fada agus is féidir é. Tiocfaidh an sambhlaíocht agus tuiscint ón bpobal féin d'fhonn a ndúiche féin a fhorbairt agus a thabhairt slán. Má tá siad, áfach, de shíor ag lorg cead agus comhairle ó Bhaile Atha Cliath, agus ó áiteacha eile, ní chothófar braistint nó sprid pobail iontu riamh.

Ba chóir go mbeadh níos mó tionchair ná mar atá anois ag muintir na Gaeltachta ar an gcóras riaracháin atá faoi réim i Raidió na Gaeltachta. Ní mheasaim go bhfuil sé ceart go mbeadh roghnú ceannaire, Raidio na Gaeltachta i gcónaí ag RTÉ. Níl ciall dá laghad lena leithéid sin de chóras. Céim ar aghaidh a bheadh ann dá dtabharfaí an ceart sin do mhuintir na Gaeltachta féin. Is cóir go mbeadh na seirbhísí eagsúla, is cuma an cúrsaí oideachais nó cumarsáide atá faoi chaibidil, faoi stiúir an phobail lenar ceapadh iad. Cad as don tuairim choitianta nach féidir muinín iomlán a bheith againn as cosmhuintir na tíre? Bítear i gcónaí ag ceapadh bureaucracy chun a chinntiú nach raghfar amú le airgead nó le polasaí nó le rud ar bith eile atá á chur ar fáil dóibh. Is é P.J. Barrington a dúirt, go gceapfá, taréis an phraisigh a dearnadh de na "public finances" le deich mbliana anuas, idir 1975 agus 1985, nach mbeadh a thuilleadh iontaoibhe i saoíacht an central bureaucracy i dtaca na ceiste seo. Níl pobal ná rialtas áitiúil sa tír atá chomh ciontach as airgead a dhíothú ar an bhfairsingeacht chéanna leis an bureaucracy. Mar sin, ní mór don Stáit muinín a bheith aige as an ngnáthphobal, gan a bheith ag breathnú thar a ghualainn ag súil le anachain éigin.

Tá liosta de ghnéithe luaite ag cainteoirí eile na díospóireachta seo. Tá an oiread sin ráite anseo faoi bhóithre na Gaeltachta gur iomarcach domsa a bheith ag cur leis. Dá mbeifeá dall, áfach, agus tú ag taisteal i gCiarraí nó i gContae na Gaillimhe, d'aireofá é nuair a sroisfeá na Gaeltachtaí mar do bhuailfeá leis na poill sna bóithre. Sin í an chomhartha is follasaí, go bhfuil tú anois sa Ghaeltacht. Bóthar sách maith a bhíonn fút ag taisteal ó Chorcaigh go Magh Cromtha i dtreo Chill Áirne ach ní fada go dtiteann an bóthar as a chéile agus tú ag trasnú Gaeltacht Mhuscraí chomh fada le teorainn Chiarraí, áit a dtagann feabhas ar an mbóthar arís. Tá fáil ar an ngiota bóthair is measa idir Chorcaigh agus Chiarraí laistigh de Ghaeltacht Mhuscraí, nó pé cuid atá fágtha den Ghaeltacht seo. Is ait mar a théann an bóthar chun donais ag teorainn na Gaeltachta agus go bhfanann sé in olcas go dtí go sroistear teorainn Chiarraí.

Tá an scéal chomh hainnis anois gurb éigean rud eicínt a dhéanamh faoi agus is iad na daoine atá ag fulaingt leis na bóithre siúd atá i riocht rud a dhéanamh futhu. Ba chóir an t-airgead cuí a dhíriú ar an bpobal seo in ionad é a bheith faoi riar údaráis áitiúla atá ag freastal ar iliomad daoine; fágann seo go mbíonn ar mhuintir an Gaeltachta dul ag déircíneacht amach as a ndúiche féin ar son riachtanaisí an dúiche sin. Is iad seo na cumhachtanna a bheadh de dhíth ar fhíorúdarás daonlathach Gaeltachta.

Luadh turasóireacht roimhe seo agus admhaím nach dtig liom a thuiscint cad é an fáth go bhfuil turasóireacht idir lámha ag SFADCo sa cheantar atá faoina chúram, ach nach féidir a leithéid chéanna a dhéanamh i gcás Údarás na Gaeltachta; cad é an fáth go bhfuil freagracht i leith cúrsaí turasóireachta na nGaeltachtaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath; cad é an fáth go bhfuil údarás, smacht agus cumhacht i leith lear mór gnéithe lasmuigh den phríomhchathair, bunaithe i mBaile Átha Cliath. Níl fáil ar thuiscint ná ar fhaisnéis faoi leith i mBaile Átha Cliath; níl inti ach príomhchathair a bhfuil a dóthain deacrachtaí féin aici mar is léir dúinn anocht agus ní foláir di aghaidh a thabairt ar a fadhbanna féin agus réiteach an Gaeltachta a fhágáil faoi mhuintir na Gaeltachta. Níor mhiste an central bureaucracy atá i réim anseo a chur i gcomórtas leis an gcóras a mhair in iarthear na hEorpa go dtí le déanaí.

Is trua liom cás an phobail Ghaeltachta faoi anáil an chórais riarachán cóilíneach atá á fhulaingt acu faoi láthair. Is é an Kerryman an nuachtán aitiúil is mó a léitear i gCiarraí. Ní raibh an Kerryman sásta torthaí um thoghchán d'Údarás na Gaeltachta a fhoilsiú, fiú amháin. Nuachtán mhuintir na Gaeltachta atá i gceist anseo. Tá fáisnéis agam i dtaobh litreacha a seoladh as Gaeilge chuig an Kerryman agus a n-aistríodh go Béarla roimh a bhfoilsiú. “Cultural imperialism” den chéad scoth atá anseo againn. Tá neamhspleáchas de dhith ar mhuintir na Gaeltachta le go bhféadfaidís gníomhú ar a son féin gan cead ná comaoin a lorg ón saol lasmuigh. Ní tuilleadh airgid amháin atá ag teastáil ach athrú meoin maidir le eagrú iomlán na tíre seo. Is siombal de thinneas na tíre í an Ghaeltacht; siombal den “bureaucratic centralism” atá ag márú an tíre faoi láthair agus atá cáinte go minic ag saineolaithe riaracháin phoiblí. Ní maith leo an t-impiriúlachas atá á imirt ag Baile Átha Cliath ar an dtír iomlán, ag ligean orthu go bhfuil eolas faoi leith acu nó go bhfuil tuiscint faoi leith acu. Tá an Dublin imperialism ag dul i méid i gcónaí. Is siombal é sin den dóigh a gcaitear leis an nGaeltacht, faoin bureaucratic centralism atá ag briseadh na tíre seo. Ba chóir dúinn deireadh a chur leis ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus ar mhaithe le cosmhuintir na tíre. Ní cheapaim go bhfuil cáilíochtaí nó eolas nó aon rud eile ag baint leis an gcóras lárnach, nach bhfuil ar aon dul le gnáthchiall agus gnáth-thuiscint an ghnáthphobail agus tá sé á thaispeáint anseo anocht ag an Seanadóir Ó Foighil agus an Seanadóir Ó Cuív, go bhfuil an oiread sin eolais agus tuairimíochta ar fáil sna Gaeltachtaí faoin obair atá le déanamh, nó ar chóir bheith déanta ansin chun í a bheith idir lámha agus faoi smacht phobal na Gaeltachta.

Is é an rud is mó tá ag teastáil, agus an rud a mholfainn don Aire ná leanúint ar aghaidh leis an méid atá ar siúl ach leathnú amach agus athréimniú nó beagán de réabhlóid a chur ar siúl, ní amháin sa Ghaeltacht ach sa chóras rialtais áitiúil ar fad sa tír seo. Táimid rómhór faoi smacht an central bureaucracy. Ní féidir le central bureaucracy ach cur isteach ar phobal áitiúil agus moill a chur ar phobal áitiúil. Ní féidir le haon bureaucracy lárnach na rudaí a bhíonn ag ar phobal áitiúil. Ní féidir le haon bureaucracy lárnach na rudaí a bhíonn ag teastáil ó phobal bheag faoin dtuath a thuiscint, nó riachtanais phobail bhig a thuiscint leath chomh maith leis an gcosmhuintir féin. Sin an rud is mó atá ag teastáil, ní amháin sa Ghaeltacht, ach sa tír go léir. D'fhéadfaimis tús a chur leis trí leathnú amach a dhéanamh ar an bhféinrialú atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta.

Níl mórán ama fágtha, ach ba mhaith liom a cuidiú leis an rún atá molta ag an Aire Stáit anseo inniu, agus a rá go n-aontaím leis an mBille seo. Sílim go bhfuil jab an-mhaith déanta ag Údarás na Gaeltachta agus molaim iad mar gheall air sin. Tá jab deacair le déanamh acu sna Gaeltachtaí agus tá súil agam go leanfaidh siad leis an dul ar aghaidh maith atá déanta acu. I mo dhúiche féin i gCorca Dhuibhne tá cuid mhaith déanta ag an Údarás, agus tá a lán cabhrach curtha ar fáil do mhuintir na nGaeltachtaí. Cuirim fáilte faoi leith roimh Faxco atá tar éis 25 phostanna a chur ar fáil sa Daingean, le cabhair ón Údarás. Daoine amach as na scoileanna is ea iad seo ar fad agus fáiltím go mór roimh an mhonarcha sin.

Bíonn muid ag gearán agus is dócha nach mbíonn muid sásta go leor. Ach arís caithfidh mé a rá go bhfuil an tÚdarás ar theann a ndíchill ag iarraidh postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina ndúthaigh féin agus, leis sin, ag coimeád na Gaeltachta beo agus na teanga Gaeilge beo. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas agus mo chomhghairdeas a thabhairt do gach éinne a raibh baint aige leis an Údarás, ón tús go dtí inniu. Arís molaim don Seanad glacadh leis an mBille seo.

Ceapaim go bhfuilimid faoi bhrú ama anseo agus is dócha go nglacann na Seanadóirí leis go bhfuil sé antábhachtach go nglacfar leis an mBille iomlán anseo anocht, cionn is go bhfuilimid ag deireadh na bliana, agus caithfear an t-airgead seo a íoc do Údarás an Gaeltachta as an phríomhchiste roimh na Nollag. B'fhéidir nach mbeidh deis agam na pointí go léir a luaigh na Seanadóirí. Bhí díospóireacht an-suimiúil againn, cé go bhfuil an díospóireacht seo, agus go bhfuil an Bille seo, faoi Údarás na Gaeltachta agus leasú a dhéanamh ar alt 23 den Acht Údarás na Gaeltachta, 1979. Bhí deis againn, agus is maith an rud go bhfuair muid an deis sin, chun go leor de na fadhbanna sa Ghaeltacht a phlé anseo, agus is mór an trua nach mbeidh an deis agamsa chun plé a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar na ceisteanna go léir a tógadh.

Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil muide sa Rialtas lán dáiríre faoin Ghaeltacht agus fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Thaispeáin muid é sin i rith na bliana, go luath i ndiaidh mé a cheapadh, nuair a cuireadh in iúl dom go raibh fadhb ag Údarás na Gaeltachta ag an am sin, go raibh an uasteorainn le haghaidh 1989 sroiste acu, is é sin an uasteorainn de £4.5 mhilliún a bhí acu maidir le tograí a cheadú don bhliain reatha seo. Chuir muid leis sin agus ardaíodh an uasteoirainn go dtí £9 milliún.

Tá mé ag lua é sin chun a thaispeáint go bhfuilimid dáiríre faoi seo, go nglacaimse leis gur gléas forbartha tionscail, gurb é sin an gléas atá againn, is é sin an tÚdarás, chun forbairt a dhéanamh sa Ghaeltacht. Níl sé éasca daoine a mhealladh isteach agus daoine as an cheantar a mhealladh chun infheistíocht a dhéanamh in iarthar na hÉireann.

Rinne mé turas thart ar na Gaeltachtaí go léir i mí Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair i mblian agus tá na ceantracha Ghaeltachta go léir beagnach déanta agam, taobh de na hoileáin amuigh ó chósta Dhún na nGall, agus tá súil agam go mbeidh mé ansin ag tús na seachtaine seo chugainn. Caithfidh mé aontú leis na Seanadóirí nuair a dúirt siad gurb é an fhadhb is mó atá againn ná dífhostaíocht agus imirce. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill chun an fhadhb seo a réiteach. Nuair a chás mise le bord an Údaráis dúirt mé leo, agus tá a fhios agam an meon atá acu féin maidir le forbairt sa Ghaeltacht, go gcaithfidh muid béim a chur ar acmhainní nadúrtha sa Ghaeltacht. Sin tionscal na turasóireachta — rinneadh plé ar sin anocht — tionscal na talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaireachta. Sin iad na hacmhainní nadúrtha atá againn sa Ghaeltacht, agus tá mé cinnte de, má chuirtear an bhéim ar na hacmhainní nadúrtha sin, go gcuideoidh sin go mór chun jobanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Thóg an Seanadóir Ó Foighil agus Seanadóirí eile, ceist i dtaobh na cuntasaíochta de agus nach raibh an IDA agus SFADCo mar an gcéanna leis an Údarás. Tuigim go maith, tuigim an pointe a luaigh Seanadóir Ó Foighil agus an Senadóirí eile maidir le caipiteal a chur ar fáil don Údarás ar bhealach amháin — deontas-i-gcabhair, seachas an dá bhealach deontas-i-gcabhair agus airleacain.

Bíonn mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais go rialta le chur ina luí orthu gur chóir gníomhú mar atá molta anseo tráthnóna. Tá a fhios agam go bhfuil sé daingean agus dá mbeadh an córas eile againne go mbeadh sé solúbtha. Ach le sin a dhéanamh beidh orainn an Bunreacht a leasú. Glacaim leis an pointe sin agus tá mé sásta leanstain ar aghaidh leis an gcomhairle don Roinn Airgeadais chun rud éigin a dhéanamh faoi. Mar a dúirt mé ar dtús tá sé seo chomh tábhachtach sin do Údarás na Gaeltachta — agus is dócha go nglacann na Seanadóirí leis, go bhfuil sé chomh tábhachtach sin — go nglacfaí leis an mBille. Níl a fhios agam cad é a tharlóidh maidir leis an Údarás, mura nglacfar leis an mBille in a iomlán. Tá súil agam go bhfaighidh muid deis amach anseo, b'fhéidir tar éis na Nollag na pointí éagsúla a phlé leis na Seanadóirí agus go mbeidh mé in ann freagra mór-chuimsitheach a thabhairt dóibh.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Barr
Roinn