Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Feb 1990

Vol. 123 No. 17

Ábhar ar an Athló. - Deisiú Bóithre Chonamara.

Is trua liom nach bhfuil an tAire Stáit Oideachais, An Teachta Fahey, ag fanacht linn mar ba mhaith liom píosa cainte a dhéanamh leis faoi bhóithre Chonamara agus thuigfeadh sé go maith é. Tá sclaigeanna sna bóithre. Ní gnáth scéal é seo. Is finnscéal é. Tá amhráin cumtha faoi; tá ailt scríofa faoi i ngach páipéar sa tír seo. Tá sé scríofa go laethúil, go seachtainiúil. Fiú amháin tá gluaiseacht pholaitiúil ann. Is é an chloch is mó ar a bpaidrín é, ceist na mbóithre i gConamara. Taispeánann sé sin agus léiríonn sé dúinn cé chomh dona is cé chomh práinneach is atá ceist na mbóithre i gConamara. Go deimhin, tá sé ráite go hoifigiúil ag an innealtoir contae i nGaillimh go dteastódh uaidh £15 mhilliún le caoi éigin a chur ar bhóithre an chontae. Tá a fhios ag chuile dhuine anseo gurb é an seanscéal é an chaint sin, mair, a chapaill, agus gheobhair féar.

Níl seans dá laghad go mbeadh an méid sin airgid ar fáil i mbliana nó an bhliain seo chugainn, agus, idir an dá linn, tá leatrom mór á dhéanamh ar mhuintir Chonamara, ó thuaidh agus ó dheas, Gaeltacht agus Galltacht, ón chladach ó thuaidh go dtí an Cheathrú Rua ó dheas, ón Chlochán thiar go dtí an Bearna thoir. Sin í an áit, dar liomsa, agus sin é an ceantar a bhfuil leatrom uafásach déanta air ó thaobh bhóithre agus ó thaobh smacht agus slacht a chur ar bhóithre Chonamara. Tá na bóithre seo siúlta arís agus arís eile agamsa agus ag mo leithéidse agus tá a fhios agaibh nár dhúirt mé gur i ngluaisteán a bhí mé, gur siúlta a bhí siad, mar is beag bealach go bhféadfadh duine ar bith eile dhul ar chuid mhaith de na bóithre seo ach de shiúl na gcos.

An té a thabharfadh gluaisteán nó cairt ar chuid de na bóithre seo, ní amháin go mbeadh an carr i gcontúirt, ach bheadh a anam féin i gcontúirt chomh maith céanna.

Tosóidh muid thiar i gCarna, an áit thiar, tiocfaidh muid aniar bealach Charna, na fobhailte amach uaidh, na bóithre bailte síos go Ros Muc, Camus, ceantair na n-oileán, Ceathrú Rua, Cois Fharraige, Cnoc Aduaidh — sin iad na bóithre a bhfuilimid ag caint futhu, agus sin é an fáth go bhfuil an rún seo agam anocht anseo. Níl aon cheantar de na ceantair sin atá luaite agam nach bhfuil fíor dhroch bhóithre ann. Tá dallamullóg, geáitsíocht agus cur i gcéill ag an Rialtas seo i leith bhóithre Chonamara. Cheapfadh daoine gur ábhar spraoi é, gur ábhar magaidh é, agus gur gáire é.

Tá an tír siúlta agamsa, nuair a bhí mé ag dul thart ag iarraidh vótaí a chruinniú le chéile le haghaidh an tSeanaid agus d'fhéadfainn a rá gan fhaitíos nach bhfuil ceantar bóithre in aon chuid den tír seo atá inchurtha le bóithre Chonamara ó thaobh alltacht agus donas bóithre de. Agus ní i gConamara féin, agus an fáth gur trua liom nach raibh an tAire Stáit Fahey anseo nuair a bhí mé ag caint. Bhí sé féin agus mé féin ag cruinniú oíche Dé Luain seo caite in áit ar a dtugtar Orán Mór agus bhí an cheantair sin ag rá go raibh bóithre thart ar Orán Mór níos measa fós ná aon bhóthar i gConamara.

Mar sin, is é an sean scéal céanna é agus is é an finscéal céanna é gur labhair mé ó thús air: is cuma cén áit a dtiocfaidh tú i gContae na Gaillimhe, níl bóthar le dul ann. Is iad na bóithre is mó atá buailte go dona ná na bóithre bailte; na bóithre ag dul síos sna bailte, chuig an trá, na bóithre ag dul ó thuaidh sna bailte, áit a bhfuil cúig, sé nó seacht gcinn de thithe, áit a bhfuil sclaigeanna bóthair chomh mór sin anois ann go bhfuil tearmann le fáil ag an iasc féin ann.

D'fhéadfadh an t-iasc a dhul ann agus fanacht ann agus gan a bheith in ann teacht air. Tá an scéal chomh dona sin go bhfuil comhairleoir contae ó Fhianna Fáil fiú, an comhairleoir contae, Nioclás Ó Conchubhair, a bhí ina Sheanadóir sa Teach seo, tá moladh aigesean os comhair Chomhairle Chontae na Gaillimhe go gcaithfidh chuile phingin bheo a bheidh le fáil ag Comhairle Contae na Gaillimhe an bhliain seo a chaitheamh thiar i gConamara. Caithfidh sé go bhfuil an scéal an-dona go deo nuair atá comhairleoir Fianna Fáileach á rá sin, ach tá muidne á rá ar an dtaobh seo den Teach, sách minic, sách fada, agus ba dheas liom éisteacht leis an Aire á rá sin, agus tá súil agam, nuair a bheas an deis aige, agus an deis ag muintir Fhianna Fáil sa chomhairle, nuair a thiocfaidh sé sin in aois le hairgead na mbóithre a chaitheamh, go dtabharfaidh siad uilig tacaíocht dá gcomhairleoir féin, Nioclás Ó Conchubhair san áit sin.

Nach aisteach go leor freisin é, go bhfuil an scéal chomh dona sin go dtagann muintir Chonamara isteach ar phicéid go dtí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, picéidí anois agus arís, picéidí ar lucht cumhachta, picéidí a d'eagraigh me féin, caithfidh mé a rá, agus picéidí a d'eagraigh daoine eile. Is crua é sin ar an gcomhairle chontae. D'éirigh leis na picéidí sin rudaí a bhaint amach ó am go chéile, sin é an chaoi, dar ndóigh, ar cuireadh feabhas ar bhóthar thiar i gCarna. Sin é an chaoi ar cuireadh feabhas ar bhóthar Bhaile na mBroc atá á déanamh an tseachtain seo, de bharr brú agus picéide. Nach aisteach go bhuil an bainisteoir contae ag rá, "is dócha go bhféadfadh drochstaid bhóithre Chonamara a bheith ina ábhar toghcháin sa chontae seo". Sé sin, go dtroidfear an chéad toghchán contae eile ar bhóithre Chonamara, go huile is go hiomlán. Ní mise atá ag rá sin, sin atá ráite ag an mbainisteoir contae, go bhféadfadh sé bheith ann, agus, m'anam féin, más mar sin a bheidh, is mar sin a bheidh muidne freisin ag troid. Mar níl aon aird á tabhairt ar na rudaí éagsúla agus ar na feachtais éagsúla atá curtha ar fáil ag muintir Chonamara le cur ar a súile don chomhairle chontae teacht i gcabhair orainn. Is ábhar toghcháin é cinnte. Ba ábhar toghcháin an tslat iascaigh sa toghchán deireannach agus tá a fhios ag Fianna Fáil gur íoc siad go daor as sin. M'anam go n-íocfaidh siad go daor as ceist na mbóithre freisin nuair a thiocfas an chéad toghchán chomhairle chontae aníos. Agus tá mé ag rá sin, agus a fhios agam, tar éis mo chuid cainte anseo inniu, nach mbeidh an t-airgead atá ag teastáil, le caoi a chur ar bhóithre Chonamara ar fáil ar éigean. Beidh sop in áit na scuaibe, agus sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn, agus go mbeadh a fhios ag an Teach seo, agus go mbeadh a fhios ag muintir Bhaile Atha Cliath agus an taobh thoir den tír seo, na hiarrachtaí ata déanta againn féin le leas na mbóithre a chur ina cheart.

Mar shampla, bhí pobal Thír an Fhia ann, bhí mé ag cruinniú poiblí ann agus bhíodar uilig sásta a n-ainmneacha a shíniú le cáipéis a thabharfadh cead don chomhairle chontae an bóthar a thréigean thiar ansin. Níl a fhios agamsa an dtuigeann Seanadóirí anseo anocht céard is ciall leis sin. Tá Acht Rialtais Áitiúil, 1925 ann agus deir fo-alt (6) den Acht sin go soiléir go bhféadfaí-bóithre a thréigean —"abandon" an focal Béarla atá air — go bhféadfaí é a dhéanamh. Ach, bhí muintir Chonamara choimh lagmhisniúil sin faoin méid atá déanta dóibh, go ndeachadar síos an bóthar sin ag iarraidh go dtréigfí bóithre i gConamara mar nach raibh sé ar chumas Chomhairle Chontae na Gaillimhe é a dhéananh dóibh.

Le bóthar a thréigean, caithfear é a fhoilsiú go poiblí ar na páipéir agus caithfidh na comhairleoirí contae rún a rith ag tacú leis an tréigean seo, agus ansin caithfidh an tAire Comhshaoil fiosrú áitiúil poiblí a chur ar bun le míniú ceart a fháil ar cén fáth go raibh an bóthar á thréigean. Cuireadh é sin os comhair Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus, fainic anois, ar an rud atá mé ag rá: tá na bóithre chomh dona sin go raibh na daoine féin ag iarraidh ar an gcomhairle chontae iad a thréigean, sa chaoi go bhféadfadh na daoine féin dul amach agus sluasaid bheith acu agus rud éigin a dhéanamh leis na bóithre. Bhíodar sásta sluasaid, gaineamh, tarra a thógail amach agus caoi a chur ar na bóithre. Agus níl aon bhealach dlíthiúil ann é a dhéanamh, ach go ndéanfadh an chomhairle chontae iad a thréigean. Mar a dúirt an bainisteoir leo, má leagann tú sluasaid ar an sclaig bhóthair sin nó an pothole sin, tá tú ag briseadh an dlí agus cuirfear go Luimneach nó Mountjoy thú. Sin a dúradh linn agus a dúradh leo. Ach, dar m'anam féin, go mb'fhearr do chuid againn tamall a chaitheamh i Mountjoy ná bheith ag dul thart ag breathnú ar na bóithre sa chaoi ina bhfuil siad. Ar aon nós, chuir an bainisteoir contae faoi ndeara do na comhairleoirí gan ghlacadh leis an moladh sin, mar dúirt sé nach mbeadh sé feidhmiúil de réir an dlí.

Tháinig daoine anuas le scéal eile agus dúradar: déanfaidh muidne anois é, tá comhlacht ar aithne agamsa, tá mé bainteach leis, aisteach go leor, go bhféadfaí 120 míle de bhóithre, sin fad bóthair ó Ghaillimh go Baile Atha Cliath, agus gach poll bóthair, na sclaigeanna go léir, fad aistear 120 míle a líonadh gan chomhairle, ar chonraitheoireacht, i gcomhair £46,000, nuair atá sé ag cosaint breis is £1 mhilliún punt le míle bóthar a dhéanamh ar an ngnáthbhealach. Níor glacadh leis sin, níor tugadh aon aird air sin. Dúradh nach bhféadfaí é a dhéanamh. Anois tá muintir na háite, muintir na Gaeltachta, muintir Chonamara sásta, agus tá droim láimhe tugtha do chuile shórt, agus gan cheart nó gan chead é a dhéanamh.

Mar sin, tá na gasúir ag iarraidh dul ar scoil ar bhóithre nach féidir siúl orthu. Tá dochtúir ag iarraidh theacht ar othar in áiteanna nach féidir le carr a dhul. Othar, sin duine a bhíonn tinn. Tá mise, mar shampla, bainteach le CathaoirRoth Chonamara, Wheelchair Association, agus le daoine a bhailiú sna bailte, nach féidir leis an mbus dul síos ann le hiad a bhailiú. Mar sin obair thionsclaíochta, fheilméireachta éisc agus chuile shórt eile, agus bhí muid ag caint ansin sular thosaigh an díospóireacht seo, faoi thurasóireacht. Cén chaoi, in ainm Dé, a bhféadfadh turasóireacht bheith ann mura bhfuil bóithre le dul orthu. Cén chaoi a bhfeicfidh na turasóirí seo Conamara mura bhfuil bóithre acu le dul orthu.

Sé an rud a tharla, agus atá ráite, go gceapann siad go mbeidh £800,000, nó mar sin, breise le fáil do bhóithre Chonamara. Feicfimid an tAire ag rá rud iontach faoi sin, go mbeidh suim éigin suas le £800,000.

Líonfadh sin na deich gceantar i nGaillimh, sin £80,000 in aghaidh an cheantair. Tá an £800,000 sin caite ar dhá bhóthar agus níl tada déanta do bhóithre Chonamara, agus beidh siad fós gan tada tar éis go raibh muid sásta £260 milliún a chaitheamh ar DART ó Howth síos go Delgany agus cuarbhóthar a dhéanamh timpeall ar an chathair seo ar chostas £10 milliún. Nílimid in ann caoi a chur ar bhóithre Chonamara, nílimid in ann airgead a chur ar fáil ach sop in áit na scuaibe. Tá súil agam nuair a bheas an tAire mo fhreagairt go mbeidh sé in ann a rá linn anois go bhfuil neart airgid aige le haghaidh bhóithre Chonamara agus go gcuirfear caoi orthu dá réir.

I must admit my Irish is not sufficent to enable me to give the Senator the very comprehensive reply, I would like to give. However, I was able to follow much of what he had to say on this subject.

The Senator is aware that the primary responsibility for funding works on nonnational roads, including county roads, rests with the individual local authorities concerned. Traditionally, work on these roads was financed from local resources, with limited State road grant assistance. In 1985 Galway County Council received in discretionary grants £915,500. These are from my Department. In 1986 they received £1.769 million. When we came into office in 1987 they received £2.553 million and the same in 1988. In 1989 this was increased to £3.312 million. This year, 1990, they will receive £4.711 million. The Senator quite rightly pointed out in his remarks that £15 million will be needed for local roads. The grants from my Department will amount to £4.711 million. From their own resources this year the contribution will be £2.3 million. That brings the total to £7.011 million. I have gone half the way in one year but the Senator does not thank me for it. I am surprised at him.

The Senator was critical of some of my former colleagues but they had brought this matter to the attention of the Minister and to my attention. That is why we brought in a three year programme to look after the county roads network, which was neglected totally when his party was in office. I do not want to give an outline of the grants at that time. I would be wasting the time of the House because they were so petty and so small. We changed all that.

This year the local authority in question will receive grants from the Department of the Environment to the value of £9.131 million. What did we do last year? We changed the method in the discretionary grants, giving the local authority members more authority with their engineering staff to spend the money. This evening the county engineer of the local authority in question tells us that £15 million would put the county roads in County Galway in good shape. This year, as I stated, between the grants they received from the Department of the Environment, which were sent to the council last week, and their own resources they will be able to do a lot of work. I know the officials and management in Galway are very pleased because they did not think they would do so well.

I come from a rural area where there is only 11 miles of major primary roads and the rest is bog. We do not qualify for any major grant aid, such as the EC funding. All of it has to come by State aid and by our own resources but we are able to manage quite well, and do very good work. I do not begrudge Galway or any other county the very substantial funding they are getting here.

Some people said: "What about inflation?" It does not arise, because the increases we are giving will represent something in the region of 42 per cent over the last two years. The Fianna Fáil Government understand the situation. The Minister, being from the west, is very conscious of the needs of the west and, coming from a neighbouring county, I fully understand it as well. We did not tell Galway County Council how they should spend the money. We left it to the executives of the council and the members to decide all that.

The Senator picked the wrong motion tonight. I accept that his intentions were good but I think he should go back and have a talk with the county engineer and the officials about the roads in Connemara and Oughterard. I have no doubt my own colleagues down there will be very keenly interested to have the roads in good condition for the tourist season.

Is trua nach bhfuil deis agam é a fhreagairt.

The Seanad adjourned at 8.30 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 15 February 1990.

Barr
Roinn