Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 11 Dec 1991

Vol. 130 No. 15

Regional Fisheries Boards (Postponement of Elections) Order, 1991: Motion.

I move:

That Seanad Éireann approved the terms of the following Order in draft:

Regional Fisheries Boards (Postponement of Elections) Order, 1991

a copy of which Order in draft was laid before Seanad Éireann on 7 November, 1991.

Limerick West): The effect of the draft order referred to in the motion before the House is to postpone elections to the regional fisheries boards until 1992. These elections were due to be help in 1991 in accordance with section 12 of the Fisheries Act, 1980, which provides for elections to be held every fifth year. The last elections were held in December 1986. The elections, however, became inextricably liked to the implementation of the Fisheries (Amendment) Act, 1991, which came into operation recently and it was not possible to conduct the elections in the current year within the time available.

The Fisheries (Amendment) Act, 1991, as Members of the House are no doubt aware, provides for the establishment of fisheries co-operatives societies to raise and disburse for the public benefit funds for the development of trout and coarse fisheries to replace the licensing arrangements instituted under the 1987 Act. The Act also provides that the election of the management committees of the co-ops and the ballot by co-ops members on the requirement to hold a share certificate to angle for trout or coarse fish shall be held at the same time as the regional board elections.

Election of members of regional fisheries boards are conducted in accordance with regulations under section 12 of the 1980 Act. These regulations stipulate the arrangements under which candidates may be nominated and postal ballots conducted. This process requires six to eight weeks.

The Elections to Regional Fisheries Boards Regulations, 1981, (S.I. No. 361 of 1981) were made prior to the first elections to elect board members in December 1981. Some minor amendments were made to these regulations prior to the 1986 elections by the Elections of Regional Fisheries Boards (Amendment) Regulations, 1986, (S.I. No. 352 of 1986). The regulations need to be amended prior to the next board elections. Amendments are necessary to take account of the effect of the Fisheries (Amendment) (No. 2) 1987, and the recent 1991 Act.

It is also necessary to amend the Fisheries Regions Order, 1980, which inter alia, specifies the area and name of each region, the number of members for each board, the classes of electorate for elections to boards and the number of members to be elected to each board by each class of electorate.

The amendments both to the regulations and the Fisheries Regions Order need to be made before the electoral process begins. In addition, it is necessary to establish the angling development societies, introduce rules including procedures for the conduct of elections and ballots and appoint trustees to manage them pending the election of the management committee.

There was undue delay in the passage of the Bill when the Opposition parties refused to agree to take a simple Seanad amendment in the Dáil before the summer recess. The amendment was finally passed by the Dáil on 23 October 1991. This long delay rendered it impossible to implement the organisational and administrative arrangements necessary to conduct the elections this year.

Of particular concern to all those involved, including the angling organisations and the regional fisheries boards, was the fact that the trout angling season for 1991 was over by the time the Dáil had passed the Bill and consequently the potential for selling share certificates for the current year was very limited. This situation would mean that with the regional board elections due in December 1991 the electorate, for the purpose of electing management committees voting on the share certificate requirement and electing representatives to the regional fisheries boards, would be very limited. All the interested parties, including the angling organisations and the fisheries boards, are agreed that the postponement of the elections to the regional boards and consequently the election and ballots of the co-ops for one year is necessary to allow adequate time for the co-ops to be properly established and to give anglers ample opportunity to purchase share certificates.

In the circumstances, the Minister for the Marine reluctantly came to the conclusion that the best course of action was for me to make an order under section 15 of the Fisheries Act, 1980, postponing the elections for one year. That section, however, specifies that such an order shall not be made by the Minister until a resolution approving of the draft of the order has been passed by the Seanad. The motion before the House provides for this and I, accordingly, commend it for the approval of Senators.

Is dócha go bhfuil sé sonrach go bhfuilimid sa Teach seo arís ag plé le hAcht iascaigh atá leasaithe ón mbliain seo caite. Ní mór a rá freisin go raibh gá leis an leasú seo ionas go bhfeádfadh na daoine a bhí páirteach i ngnó na hiascaireachta dul ar aghaidh leis. Dúirt mé é sa Teach seo cheana, nuair a bhí an Bille ag dual tríd, go raibh an rud uilig a bhí i gceist sa Bhille bunaithe ar phrionsabal nach bhfuil inoibrithe de bharr nach bhfuil an fhealsúnacht i gceart i leith bunú comharchumainn. Chonaic mé go raibh go leor deacrachtaí ann. D'fhéadfadh Aire Rialtais nó Aire Stáit ar bith teacht isteach anseo agus a rá go raibh sé ag dul ag bunú comharchumainn timpeall na tíre agus gurb eisean amháin a bheadh ag leagadh síos na rialacha do na comharchumainn sin agus gach rud eile a bhainfeadh leo. Sin é go díreach atá ráite sa Bhille.

Dá mbeadh an tAire i mbun gnótha i gceart agus dá mbeadh sé ag comhlíonadh a chuid dualgaisí mar a bhí ordaithe sa Bhille ní cóir go mbeimis sa Teach seo. Cuid den rud a bhí le déanamh de réir an Bhille ná go mbeadh daoine tofa ar na boird seo, agus mar a dúirt an tAire Stáit ar ball beag, tá sé cúig bliana ó bhí siad ann cheana. Bhí sé mar chuid bunúsach den reachtaíocht go mbeadh vóta ag chuile dhuine a bheadh cláraithe sa chomharchumann agus go mbeadh an vóta sin á chaitheamh acu le go bhféadfaí daoine a thoghadh ar na boird iascaigh réigiúnacha timpeall na tíre. Deirtear linn gurb é an Freasúra faoi ndear muid a bheith anseo anocht, gurb é an Freasúra a chuir in aghaidh leasú beag simplí a bhí os comhair an tSeanaid an bhliain seo caite, agus nár éirigh leis an Dáil é a chur tríd go dtí 23 Deireadh Fómhair. Mar gheall air sin deirtear go raibh am curtha amú agus fad mór ama imithe ó cuireadh an Bille tríd go dtí go raibh deis ag na comharchumainn seo éirí den talamh agus rud éigin a dhéanamh. Bhí sé i gceist ansin go mbeadh an oiread sin comharchumann timpeall na tíre le go bhféadfaí seo a dhéanamh.

Leagadh síos sa Bille gurb é Aire na Mara féin a bheadh freagrach as chuile shórt a chur in ord le go ndéanfaí cinnte de go mbeadh an Bille seo, a bhí imithe tríd an Dáil agus an Seanad, bunaithe i gceart nó "properly established" mar atá ráite ag an Aire Stáit anseo inniu. Tá sé fánach ar go leor bealaí do Aire Stáit teacht isteach anseo agus a chur i leith an Fhreasúra gurb iad a chuir moill leis seo. Níl aon dabht i m'intinnse nó in intinn go leor daoine eile, nach n-oibreoidh na comharchumainn iascaigh seo. Go bunúsach ní oibreoidh siad mar nach bhfuil siad bunaithe ar phrionsabal ceart. Tá rialacha chomharchumainn na n-iascairí faoin Bhille seo chomh mór sin as alt agus chomh mór sin imithe ó bhun-phrionsabail an chomharchumannachais nach bhféadfadh siad a bheith go maith. Níl aon dóchas agam go n-eireoidh leo. I dtuairim go leor daoine, bhí an Bille atá anois imithe tríd an Dáil agus an Seanad lochtach, go mórmhór ó thaobh bunu na gcomharchumann de agus ó thaobh úinéarachta de. Níl aon úinéaracht ag na hiascairí ar na lochanna ach san am céanna tá siad i bhfeighil na lochanna ó thús deireadh de réir an Achta atá i bhfeidhm ag an bpointe seo.

Nach aisteach an rud é, sular shaighneáil an tUachtarán an Bille seo go b'éigean di fios a chur ar Chomhairle an Stáit lena dtuairim sin a fháil. Is é an toradh a bhí air sin ná gur chinn an tUachtarán é a shaighneáil. B'fhéidir go ndéarfadh daoine go gcaithfeadh go raibh an Bille seo cruinn agus ceart anois nuair a bhí Uachtarán na tíre sásta é a shaighneáil agus gan é a chur go dtí an Chúirt Uachtarach le go bhfaighfí amach an raibh sé de réir dlí nó dé réir an Bhunreachta nó nach raibh. Tá a fhios agam an fáth nach ndearna an tUachtarán é a shaighneáil ar dtús. Tá mé cinnte go raibh dabht aici féin faoi cé chomh maith nó cé chomh dona nó cé chomh lag is a bhí an Bille. Rinne sí rud ciallmhar, dar liomsa, ag deireadh an lae agus é a shaighneáil, mar dá ndéanfadh sí a mhalairt agus amach anseo dá bhfaighfí amach go raibh run éigin mí-cheart nó mí-chontráilte leis an mBille ní fhéadfaí é a thógaint ar ais agus é a cheistiú níos mó. D'fhág sí an bearna ann sa chaoi go bhféadfadh saoránach ar bith an tAcht seo a thabhairt go dtí na cúirteanna ar ball agus suas go dtí an Chúirt Uachtarach lena fháil amach an raibh sé de réir Bunreachta nó nach raibh. Sin an fáth nár shaighneáil sí an Bille agus i mó thuairimse ba mhaith an run é nár shaighneáil sí é.

Shaighneáil sí é.

Tá mé ag rá gur shaighneáil sí é ach tá mé ag rá freisin gur dhein sí an rud ceart é a shaighnéail mar anois tá an bearna oscailte fós ann go bhféadfadh duine ar bith dul agus é seo a thriail sna cúirteanna. Mura ndéanfaí é sin ní bheadh aon deis go deo na ndeor arís an Bille seo a bhréagnú nó a lochtú nó a fháil amach an raibh aon rud mí-cheart leis nó nach raibh.

Tá sé aisteach go bhfuil na toghcháin curtha siar bliain eile. Ní féidir leis na toghcháin a bheith ann nuair nach bhfuil na comharchumainn bunaithe, nuair nach bhfuil duine údarásach ann le insint dúinn go bhfuil na comharchumainn bunaithe, agus nuair atá sé cinnte chomh maith ceanann céanna nach mbeimid in ann dul ar aghaidh amach anseo leis an reachtaíocht. D'iarr an tAire ar Bhord Réigiúnach Iascaigh an Iarthair, mar shampla, agus ar Bhord Réigiúnach Iascaigh an Oirthir, animneacha a chur ar fáil dó. Ní dhearna siad é. Cén fáth? Mar nach bhfuil tada déanta ag an Aire lena chinntiú go bhfuil an tAcht á fheidhmniú. Dá mbeadh an tAcht mar a ritheadh tríd an Oireachtas á fheidhmiú bheadh seans éigin ann go gcuirfí na comharchumainn seo i mbun oibre. Fós féin, déanadh anchuid deifir nuair a chuaigh na Billí seo tríd an Teach seo le go bhféadfadh siad a bheith ceart don séasúr atá caite.

Cad tá déanta ag an Aire Ó shin chun féachaint chuige go mbeadh comharchumainn sa chás seo cláraithe, a n-ainmneacha in ord, na teastais bronnta agus gach rud in eagar? Ní féidir gníomhú mar go bhfuil uimhir mhór iascairí ag cur in aghaidh phrionsabal an Achta sa mhéid is go dtugtar cumhacht ann do Aire comharchumann a bhunadh. Ní féidir le Aire comharchumann a bhunadh; is é an daonlathas a dhéanfaidh é sin, ní an mórlathas.

Shílfeadh duine a léighfeadh na nuachtáin le déanaí nach dtoghfaí duine ar bith ar na boird réigiúnacha iascaigh go deo mar nach mbeadh siad ann. Ní raibh aon airgead acu agus bhí gach cosúlacht ann nach mairfeadh siad. Béigean do bhord an iarthair breis is £100,000 a chaitheamh tar éis na timpiste i mBallycotton i gContae Chorcaí, chun culaithe slándála agus traenáil slándála a chur ar fáil. Níor cheap na boird seo go mbeadh an oiread sin airgid le caitheamh acu agus anois ag deireadh na bliana, níl pingin fágtha acu.

Tá sé furasta toghcháin a chur siar mar atá i gceist anseo. Ní mór na toghcháin a chur siar ní de bharr cur isteach ón Fhreasúra ach toisc nár éirigh leis an Aire na rudaí a chur sé roimhe san Acht a thabhairt i gcrích. Tá súil agam, an samhradh seo chugainn, go ngcomhlíonfaidh an tAire a dhualgaisí, go gcuirfear na comharchumainn ar bun, más féidir é agus go mbeidh rudaí ina cheart.

Fáiltím roimh an Aire inniú. Tá ciall agus gá lena bhfuil beartaithe anseo. Caithfear na toghcháin do na comharchumainn a chur ar siúl.

Question put and agreed to.

When is it proposed to sit again?

The House will adjourn until 10.30 a.m. tomorrow.

The Seanad adjourned at 8.30 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 12 December 1991.

Barr
Roinn