Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 May 1995

Vol. 143 No. 11

Appointment of Member of Government and Ministers of State.

Acting Chairman

I have to inform the House that a letter dated 24 May 1995 has been received from the Assistant Secretary to the Government regarding:

(a) The appointment of a Member of the Government, the allocation of Government Departments and the appointment of Ministers of State.

(b) The letter will be set out in the usual manner in the Journal of the House and, consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of the Debates.

24 Bealtaine, 1995

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an Coimisiún atá comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht, ag gníomhú dóibh ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Seán Ó Bairéad

(Sean Barrett)

comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inné, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas;

(2) go bhfuil an Taoiseach inné, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis an Roinn Cosanta agus Roinn na Mara a shannadh do Seán Ó Bairéad, comhalta den Rialtas;

(3) go bhfuil an Taoiseach inné tar éis glacadh leis an tairiscint

Séamus Ó hUiginn, T.D.,

(Jim Higgins, T.D.,)

eirí as oifig mar Aire ag an Roinn Airgeadais; agus

(4) go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980 agus alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1995, tar éis

(a) Séamus Ó hUiginn, T.D.,

(Jim Higgins, T.D.,)

a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, agus freagracht speisialta air mar Phríomh-Aoire Rialtais, agus ag an Roinn Cosanta; agus

(b) Aodh Ó Caoibhenaigh, T.D.,

(Hugh Coveney, T.D.,)

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais, agus freagracht air maidir le caiteachas poiblí agus freagrachtaí speisialta in Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh sé ina chomhalta den Choiste Comh-Aireachta ar an mBuiséad.

BRIAN McCARTHY,

Rúnaí Cúnta an Rialtais.

Barr
Roinn