Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999: Second Stage.

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá sé fiche bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus i gcaitheamh an ama sin tá athrú mór tagtha ar shaol na Gaeltachta. Ag an am sin ba é an tréith ba mhó a bhí le sonrú sa Ghaeltacht ná eisimirce agus an jab ba mhó a bhí le déanamh ag an Údarás ná poist a chruthú. Tá an saol sin athraithe agus tá fadhbanna nua sa Ghaeltacht. Ach is maith go bhfuil an daonra ag méadú ann agus go leor dul chun cinn déanta.

An fhadhb is mó atá ag an nGaeltacht anois ná brú ar an teanga féin de bharr an dul chun cinn geilleagrach agus de bharr athruithe sa saol. Agus mé ag cur an Bille seo faoi bhráid an Tí, ba mhaith liom a rá go bhfuil an Bille seo mar chuid d'obair atá ar bun agam le scaitheamh chun athnuachan a dhéanamh ar an nGaeltacht. I measc na nithe éagsúla atá ar bun againn tá borradh mór curtha againn faoi obair na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán sa nGaeltacht; tá i bhfad níos mó béime ar phleanáil teanga ann; tá Acht Teanga á réiteach ina mbeidh forálacha faoi leith a bhainfidh le ceantair Ghaeltachta. D'fhógair mé sa Teach seo tá tamall ó shin, go bhfuil sé i gceist agam coiste comhairleach don óige a bhunú – go gcuirfidh daoine óga na Gaeltachta comhairle ormsa mar Aire faoin na céimeanna ba cheart a ghlacadh leis an nGaeltacht a fhorbairt agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Is cúis áthais go bhfuil méadú chomh mór sin tagtha ar Raidió na Gaeltachta agus ar Theilifís na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Freisin, tá méadú déanta ar an airgead atá ann le caitheamh ar bhunstruchtúir sa Ghaeltacht. Mar sin, cuireann sé áthas orm an Bille seo a chur faoi bhráid an Tí tráthnóna.

Faoi mar is eol don Seanad is é seo an dara Bille maidir le hÚdarás na Gaeltachta a foilsíodh i mbliana. Is é an fáth go ngairtear an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh, a 3) 1999 ar an mBille seo seachas Bille Uimh. a 2 ná gur tíolacadh an Bille céanna don Dáil ar dtús ach, toisc nach raibh am ar fáil sa Dáil i rith na seachtaine chun an é a phlé, socraíodh ar an mBille a chur faoi bhráid an tSeanaid i dtosach. B'éigean Bille Uimh. a 3 a bhaisteadh ar an mBille ansin ar chúis theicniúil. I dtaca leis sin de gabhaim leithscéal le Seanadóirí toisc nach bhfuair siad cóip den Bhille go dtí ar maidin agus toisc nach raibh níos mó ama acu chun é a scrúdú.

Bhain an chéad Bhille i.e. an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 go sonrach leis an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don Údarás a mhéadú ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Tá an Bille sin ina Acht anois ar ndóigh. Dúirt mé nuair a bhí an Bille gairid sin á phlé anseo sa Seanad i mí Bealtaine go raibh an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus go mbeinn ar ais sa Seanad roimh shos an tsamhraidh le Bille chun na críche sin. Tugann an Bille seo atá os bhur gcomhair inniu feidhm do chinneadh an Rialtais i dtaobh na ceiste. Beidh níos mó le rá agam faoi fhorálacha an Bhille ar ball.

Tá Údarás na Gaeltachta ar an saol le beagnach fiche bliain anuas agus tá sé tráthúil mar sin féachaint ar an méid atá bainte amach ag an gcomhlacht Stáit seo ó bunaíodh é agus ar oiriúnacht an struchtúir atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os a chomhair sna blianta tosaigh atá romhainn sa mhílaois nua. Bunaíodh an tÚdarás ar 1 Eanáir, 1980, faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit a bhí freagrach as forbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht ó 1958 ar aghaidh agus a bhí mar chuid de chóras na státseirbhíse roimhe sin.

Ba fhreagra é an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ar éileamh phobal na Gaeltachta i rith na seachtóidí ar eagras forbartha ar a mbeadh ionadaíocht láidir ag an bpobal agus a mbeadh cumhacht agus feidhmeanna aige a chuirfeadh ar a chumas tabhairt go fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeltachta agus faoi neartú agus cothú na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta. De réir fhorálacha an Achta bhunaidh sin bhí trí chomhalta déag ar an mBord, seachtar acu á dtoghadh go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus an seisear eile á gceapadh ag an Aire. B'athrú nuálach chun feabhais é an leagan amach sin, ón ré roimhe sin, a thug ugach agus misneach do na pobail Ghaeltachta trí dheis a thabhairt dóibh a n-ionadaithe féin a roghnú le bheith ag feidhmiú ag an leibhéal is airde ceannaireachta san eagras nua sin. Is struchtúr sainiúil atá ann i gcás an Údaráis – struchtúr nach bhfuil ag aon Bhord Stáít eile.

Ní raibh aon bhóthar éasca roimh an Údarás nua, áfach. I rith na seachtóidí bhí sé de bheartas ag Gaeltarra Éireann an fhorbairt thionsclaíoch a chur chun cinn trí scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí mar chuid dhílis den struchtúr infheistíochta. Lena chois sin féachadh le go leor comhlachtaí a tharrtháil trí scaireanna a ghlacadh iontu. An tráth a thosaigh an tÚdarás ag feidhmiú i dtús 1980 bhí 33 fhochuideachta agus 27 gcomhchuideachta ag trádáil sa Ghaeltacht ina raibh iomlán nó tromlach na scaireanna faoi úinéireacht an Údaráis.

Bhí cuid acu sin ag cailliúint airgid go tréan agus ní raibh bunús maith tráchtála ann le bheith á nedonú nó á dtarrtháil. B'é sin an dúshlán mór a bhí roimh an Údarás nua i rith a chéad dhá bhliain ag feidhmiú ag níorbh éasca an tasc e tionscail a dhúnadh nó an fhostaíocht iontu a chiorrú ag cur san áireamh an tionchar áitiúil a bheadh ag a leithéid de chur chuige. Ach thugadh aghaidh ar an dúshlán sin agus rinneadh gortghlanadh ar na tionscail bhacacha. Bhí a thionchar sin le feiceáil sna figiúirí fostaíochta sna blianta sin – i 1980 bhí 4,472 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis agus faoi dheireadh 1982 bhí an fhostaíocht sin laghdaithe go dtí 4,011 dhuine. Cé go raibh sé deacair an titim siar sin a fhulaingt ag an am chuaigh an gortghlanadh sin chun tairbhe na dtionscal Gaeltachta sa bhfadtéarma agus leag sé dúshraith théagartha do na blianta ina dhiaidh sin. Tá sé le maoimh anois gur tháinig glanmhéadú ar an bhfostaíocht iomlán sa Ghaeltacht gan teip ó 1983 i leith. Faoi thús na bliana seo bhí 8,174 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás. Lena chois sin, bhí 3,483 dhuine eile fostaithe go páirtaimseartha nó go séasúrach i dtionscail a bhfuil baint ag an Údarás leo.

Tá infheistíocht mhór déanta ag an Údarás sa bhonneagar tionsclaíoch, idir mhonarchana agus sheirbhísí gaolmhara sa Ghaeltacht ó 1980 i leith. Méadaíodh an t-achar spáis tionsclaíoch ó 148,000 méadar cearnach go 248,000 méadar cearnach ó 1980 i leith. Tá forbairt shuntasach déanta ar eastáit thionsclaíochta éagsúla ar fud na Gaeltachta. Tá ionaid cheardaíochta forbartha in áiteanna éagsúla. Tá tionscal bríomhar closamhairc sa Ghaeltacht anois ag soláthar cláir den scoth do Theilifís na Gaeilge – tionscal a tosaíodh ón mbonn beagán le cois deich mbliana ó shin. Is faoi stiúir agus straitéis an Údaráis a tháinig borradh agus fás faoi thionscal na feirmeoireachta agus na proiseála éisc sa Ghaeltacht. Rinneadh forbairt ar aerstraicí agus ar sheirbhísí gaolmhara – aersheirbhísí ar thrí oileán Árann agus, trí pháirtíocht ghníomhach an Údaráis, rinneadh forbairt shuntasach ar Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag Carraig Fhinne.

Tá clár gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Údarás ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta. Tá breis agus 80 naíonra á mhaoniú ag an Údarás, tá clár tacaíochta ar fáil do chlubanna óige, cuirtear urraíocht ar fáíl d'fhéilte áitiúla, do chomórtais liteartha agus thionscnaimh teanga; tá áisitheoirí ealaíon fostaithe i ngach réigiún trí chomhfhiontar idir an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon; agus tá clár tacaíochta teanga ar fáíl do chomhlachtaí Gaeltachta tríd an scéim dá ngairtear Fondúireacht an Údaráis. Tá Scéim na gComharchumann aistrithe ó mo Roinnse chuig an Údarás le cúpla bliain agus tá tionscnamh nua turasóireachta cultúrtha seolta ag an Údarás le bliain anuas.

Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh fhorbairt na Gaeltachta de agus tréaslaím leis an Údarás mar eagras, leis na comhaltaí Boird go léir ó thús go dtí an lá atá inniu ann agus le foireanna an Údaráis a thug agus atá ag tabhairt seirbhíse den scoth do mhuintir na Gaeltachta.

Is é an bhunfhealsúnacht atá laistiar den Bhille seo ná bonn daonlathach an Údaráis a leathnú. Faoi láthair den trí chomhalta déag ar Bhord an Údarási toghann muintir na Gaeltachta seacht gcomhalta agus ceapann an tAire an seisear eile (an cathaoirleach san áireamh). Rinneadh gearáin liom go minic ar mo chuairteanna ar na Gaeltachtaí beaga nach raibh deis acu siúd faoin struchtúr atá ann faoi láthair ionadaithe a thoghadh ar Bhord an Údaráis agus go raibh go leor ceantair bheaga Ghaeltachta nár ainmníodh ionadaí astu ach oiread. Faoin mBille seo is fiche comhalta a bheidh ar Bhord an Údaráis. Toghfaidh muintir na Gaeltachta seacht nduine déag den líon sin agus ceapfaidh an tAire an triúr eile (an cathaoirleach san áireamh). Tá líon na dtoghlach do thoghcháin an Údaráis á mhéadú ó thrí cinn go dtí seacht gcinn i.e. toghlach ar leith i ngach contae ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Mar sin beidh guth ag Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus ag Gaeltachtaí na Mí (Ráth Cairn agus Baile Gib) ar Bhord an Údaráis feasta agus beidh deis chomh maith ag ceantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta ionadaithe a thoghadh. Is fiú a lua gur theip ar Chontae Chorcaí ó thráth go chéile duine a thoghadh faoin seanstruchtúr.

Tá sé i gceist freisin sa Bhille seo deireadh a chiur leis an ról atá ag an Aire i gceadú tograí de chuid an Údaráis. Beidh Coiste Meastóireachta á bhunú, áfach, chun scrúdú a dhéanamh ar thograí a chuirtear roimh an Aire faoi láthair agus chun moltaí a dhéanamh leis an Údarás ina dtaobh. Beidh níos mó agam le rá faoi ar ball.

Faoi láthair tá córas Coistí Réigiúnacha á fheidhmiú ag an Údarás ar bhonn neamhreachtúil. Faoin mBille seo tá bonn reachtúil á chur faoi na gCoistí sin. Tá an deis á ghlacadh sa Bhille chun uasdátú á dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

Maidir le forálacha an Bhille féin is forálacha caighdeánacha iad Altanna a hAon agus a Dó a thugann míniú ar an téarma "an Príomh-Acht" agus a chuireann mínithe breise isteach sa Phríomh Acht.

Leasaítear le halt 3 alt 6 den Phríomh-Acht trí fhoráil a dhéanamh do struchtúr Boird aithbhreithnithe 20 comhalta a dtoghfaidh muintir na Gaeltachta 17 díobh. An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a cheapfaidh an cathaoirleach agus beirt chomhalta eile. Ní bheidh duine a bhí ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach chuig an Údarás incheaptha ag an Aire mar chaothaoirleach.

Feasta beidh 17 gcomhalta tofa in áit 7 gcomhalta tofa ar Bhord an Údaráis agus laghdófar líon na gcomhaltaí arna gceapadh ag an Aire ó sheisear go dtí triúr. Fágann sé sin go mbeidh an cathaoirleach agus beirt chomhalta eile le ceapadh ag an Aire. Maidir leis na comhaltaí seachas an cathaoirleach, arna gceapadh ag an Aire, beidh scóip ag an Aire daoine a ainmniú, mar shampla, ó cheantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta nach raibh in ann comhaltaí a thoghadh ar an Údarás. Beidh deis ann freisin ionadaí ó fhoireann an Údaráis, b'fhéidir státseirbhíseach, duine le taithí gnó san earnáil phríobháideach, nó oileánach srl. a cheapadh.

Faoi alt 4 scriosfar an ceanglas in alt 8 (5) d'Acht 1979 lena gcleanglaítear ar an Údarás toiliú an Aire a fháil chun tionscal a scor. Níl gá le ceanglas mar seo anois – ceanglas a cuireadh isteach sa Phríomh Acht chun na tionscail thuaithe a bhí faoi úinéireacht Ghaeltarra Éireann a chosaint. Tá foráil á déanamh freisin lena ndeimhnítear go bhfuil cumhacht ag an Údarás scéimeanna, deontais srl. a riaradh ar gá cistí Comhphobail Eorpaigh nó cistí eile a eisíoc ina leith. Cé go mbíonn an tÚdarás ag brath ar an Státchiste don chuid is mó dá chuid airgid bíonn cistí airgid eile ar fáil dó agus tá an fhoráil seo á cur isteach le nach mbeidh aon amhras ann maidir le cumhacht an Údaráis chun na cistí sin a úsáid.

Leasaíonn Alt 5 alt 10 den Phríomh-Acht, sé sin an t-alt a bhaineann le cúnamh airgid ón Údarás chun críocha tionscail. I láthair na huaire leagtar síos córas maidir le dhá theorainn don Údarás a shonrú: teorainn a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin; agus teorainn a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas.

Má bhíonn cúnamh airgid, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha thuas i gceist caithfear toiliú an Aire a fháil.

Leis an mBille seo tá sé i gceist an córas sin a leasú. Beidh ar chumas an Údaráis i gcónaí cúnamh airgid a thabhairt dá rogha féin faoi bhun teorainn áirithe. Beidh gá i gcónaí, freisin, le cead an Rialtais má tá cúnamh thar teorainn a shonróidh an tAire i gceist do thogra. Tá ciall leis sin mar tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag an Rialtas tograí móra ón Údarás a scrúdú. Bíonn a leithéid i gceist leis na heagrais fhorbartha tionscail eile freisin. Ar ndóigh i gcás tograí den chineál sin scrúdófar iad ag an Aire freisin.

Tá deireadh á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a lorg agus a fháil do thograí. Ina háit tá foráil nua – fo-alt 2A – á cur isteach in alt 10 den Phríomh-Acht faoin shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, de mhéid is lú ná teorainn le haghaidh chead an Rialtais a éileoidh gur gá ceadú an Choiste Meastóireachta (arna bhunú faoi alt 7 den Bhille) a fháil roimh ré i gcás cúnamh airgid ón Údarás ar mó ná an méid sin é in aon chás áirithe. Go bunúsach líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire.

Tá foráil nua eile – i bhfo-alt 6 – á cur isteach in alt 10 den Phríomh Acht faoin shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn do mhéid an chúnaimh airgid a fhéadfaidh coiste réigiúnach de chuid an Údaráis a thabhairt dá rogha féin in aon chás áirithe ina limistéar. Beidh níos mó le rá agam faoin gCoiste Meastóireachta agus faoi na coistí réígiúnacha ar ball.

Déanann alt 6 alt nua (alt 10A) a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do thrí choiste réigiúnacha de chuid an Údaráis a bhunú – ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Dhún na nGall; ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Mhuigh Eo, i gContae na Gaillimhe agus i gContae na Mí; agus ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge. Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de na coistí sin ná comhaltaí tofa an Údaráis don limistéar a bheidh i gceist. Déanann an t-alt seo foráil chomh maith maidir le coistí eile de chuid an Údaráis a bhunú.

Tá coistí reigiúnacha ag an Údarás cheana féin agus iad ag feidhmiú ar bhonn neamhreachtúil. Tá sé tábhachtach i mo thuairimse go dtabharfaí aitheantas cuí do na coisti sin trí iad a chur ar bonn reachtúil. Níl i gceist cumhachtaí sonracha a leagan síos do na coistí sin sa Bhille – feictear domsa gur gur gnó é sin don Údarás féin. Mar a dúirt mé cheana beidh teorainn á sonrú maidir leis an méid cúnaimh airgid a fhéadaidh coiste réigiúinach a thabhairt in aon chás áirithe.

Déanann alt 7 alt nua, (alt 10B), a chur isteach sa Phriomh-Acht a dhéanann foráil do Choiste Meastóireachta de chuid an Údaráis a bhunú a mbeidh sé d'fheidhm aige meastóireacht a dhéanamh ar thograí a bhaineann le cúnamh airgid ón Údarás lena mbaineann alt 10 (2A), arna chur isteach ag an mBille.

Mar a dúirt mé, líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a fháil do thogra. Déanfaidh an Coiste Meastóireachta scrúdú ar thograí móra, i.e., tograí a mbeidh cúnamh i gceist dóibh thar teorainn a bheidh le sonrú.

Déanann alt 8 alt nua, alt 10C, a chur isteach sa Phríomh-Acht a leagann amach, inter alia,comhaltas an Choiste Meastóireachta agus a dhéanann foráil go mbeidh d'inniúlacht ag comhaltaí an Choiste sin gnó an Choiste a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Feicfear go mbeidh comhaltaí tofa an Údaráis, Príomh-Oifigeach Feidhmiúchán an Údaráis nó ionadaí dá chuid ó fhoireann an Údaráis, ionadaí ó mo Roinnse agus ionadaithe ón nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), i.e., IDA Ireland, agus ó Fhiontraíocht Éireann, i.e., Enterprise Ireland, ar an gcoiste. Tá córas leagtha síos san alt seo freisin maidir le feidhmiú an choiste, srl.

Mar a dúirt mé, beidh comhaltaí tofa den Údarás ar an gcoiste agus beidh an taithí speisialta atá acu ar riachtanais na Gaeltachta ina chabhair mhór don choiste sin ina chuid oibre. Chomh maith leis sin beidh na hionadaithe ó na heagrais forbartha tionscall eile ar an gcoiste an-chabhraitheach dó maidir le tograí a scrúdú. Níl aon amhras orm ach go rachaidh an Coiste Meastóireachta go mór chun tairbhe d'fheidhmiú an Údaráis.

Le halt 9, tá forálacha sonracha á gcur isteach sa Phríomh-Acht maidir le ról, téarmaí ceapacháin, srl., Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis.

Déanann alt 10 forálacha nua maidir le foireann an Údaráis a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 12 den Phríomh-Acht. Go bunúsach is uasdátú foclaíochta atá i gceist anseo agus níl aon athrú bunúsach sa treis.

Déanann alt 11 foralácha nua maidir le nochtadh eolais a chur in áit na bhforálacha atá in alt 15 den Phríomh-Acht. Arís, is uasdátú foclaíochta atá i gceist seachas aon athrú bunúsach. Tá uasmhéid na fíneála is féidir a ghearradh ar dhuine a sháraíonn alt 15 den Phríomh-Acht á mhéadú ó £100 go dtí £1,500.

Le halt 12, tá forálacha cuimsitheacha nua maidir le nochtadh leasanna ag comhaltaí agus ag foireann an Údaráis agus ag sainchomhairleoirí agus ag comhairleoirí a fhostaíonn an tÚdarás á gcur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá i mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. Leagann fo-alt (7) síos gur coir é gan leas a nochtadh agus gurb é an píonós sa chás fineáil nach mó ná £1,500 nó priosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon. Is gá níos mó béime a chur ar nochtadh leasanna ag comhaltaí, srl., agus tograí á bplé nó á gceadú. Mar sin, tá athdhréachtú déanta ar na bhforálacha sa Phríomh-Acht. Déanann alt 13 foralácha nua maidir le comhaltas chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gceachtar Teach den Oireachtais nó i bParlaimint na hEorpa a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 16 den Phríomh-Acht.

Níl aon fhoráil sonrach sa Phríomh-Acht maidir le hordacháin ón Aire a thabhairt don Údarás. Déanann alt 14 alt nua (alt 20A) a chur isteach sa Phríomh-Acht a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt don Údaras. Baineann fo-alt 20A (1) le hordacháin ghinearálta beartais a thabhairt.

Ní bhainfidh ordachán le togra ar leith nó le tosaíocht a thabhairt do limistéar amháin den Ghaeltacht thar limistéar eile. Níl ordachán den chineál sin tugtha go dtí seo ach tá sé tábhachtach go mbeadh cumhacht shonrach ag an Aire ordacháin a thabhairt. Baineann fo-alt 20A (5) le hordacháin a thabhairt ag an Aire maidir le tabhú caiteachais ag an Údarás, le cúnamh airgid a bheith á thabhairt ag an Údarás, le diúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra ag an Údarás, agus le scaireanna i gcomhlacht corpraithe á ndíol ag an Údarás. Is é atá i gceist anseo ná foráil a chur isteach sa Phríomh-Acht a chinnteoidh go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin mar seo a thabhairt don Údarás. Tá ordacháin den chineál atá i gceist tugtha ag Airí ó bunaíodh an tÚdarás. Leis an bhforáil seo níl i gceist aon srianta breise a chur ar an Údarás – i bhfírinne táimse tar éis srianta a bhí ar an Údarás maidir le caiteachas a thabhú a mhaolú go mór – ach cinnteoidh an t-alt go bhfuil an chumhacht reachtúil ann chun ordacháin dá leithéid a thabhairt más gá.

Baineann fo-alt 20A (6) le hordacháin ón Aire maidir le ceisteanna foirne. Arís, tá ordacháin á dtabhairt don Údarás ó thráth go chéile maidir le cúrsaí foirne agus níl aon rud nua i gceist seachas a dheimhniú go bhfuil cumhacht ag an Aire iad a thabhairt. Tá feidhm reachtúil á tabhairt d'aon ordacháin a tugadh roimh thosach feidhme an ailt.

Cuireann alt 15 struchtúr toghlaigh nua ar bun do thoghcháin chun an Údaráis in áit na gceann atá leagtha amach in alt 29 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist ná go mbeadh ionadaí amháin le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta sna trí contaetha Gaeltachta leis an daonra is ísle, i.e., an Mhí, Port Láirge agus Corcaigh. Tá sé sin á dhéanamh d'aon ghnó chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag na pobail Ghaeltachta sna limistéir Ghaeltachta sna contaetha sin ar an Údarás. I gcás na gcontaetha eile is ionadaíocht de réir daonra atá i gceist chomh fada agus is féidir agus chomh fada is a luíonn le réasún. Beidh ceathrar le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta i gContae Dhún na nGall, seisear i gContae na Gaillimhe, beirt i gContae Chiarraí agus beirt i gContae Mhaigh Eo. Measaim gur socrú sásúil, cóir agus oiriúnach é seo. Léirionn na figiúirí a thabharfaidh mé anois nach bhfuil aon difríocht gur fiú trácht air idir Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Mhaigh Eo ó thaobh ionadaíochta de i gcoibhneas le daonra de faoi na socruithe nua toghchánaíochta atá leagtha amach sa Bhille seo. Maidir le Ciarraí, bhí an rogha ann suiochán amháin nó dhá shuíochán a thabhairt agus shocraigh mé ar dhá shuíochán.

De bharr an phlé a rinneadh go poiblí ar an gceist seo agus de bharr an easpa cruinnis a bhí sa chuid eolas a tugadh go poiblí, ba mhaith liom leagan amach go soiléir faoi bhráid an Tí an coibhneas daonra a bheith i gceist anseo idir suíochán agus toghlach, nó daonra sa phobail. I dTír Chonaill, tá 24,072 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht. Beidh ceithre shuíochán ann agus fágann sé sin go mbeidh suíochán amháin do chuile 6,018 duine. I nGaeltacht na nGaillimhe, tá 35,983 duine bunaithe ar dhaonáireamh 1996. Beidh sé shuíochán ann agus fágann sé sin go mbeidh duine amháin tofa do chuile 5,997. Sín díreach 21 duine níos lú ná mar a bheidh i dTír Chonaill. I gContae Maigh Eo tá 11,494 duine. Beidh dhá shuíocháin ann agus toghfar duine amhain in aghaidh chuile 5,747 duine. I gCiarraí tá 8,145 duine. Beidh dhá shuíochán ann agus toghfar duine in aghaidh chuile 4,072. Toghfar duine in aghaidh chuile 4,072. D'fhág sé sin i gcás Chiarraí go raibh rogha idir duine in aghaidh chuile 4,000 nó duine in aghaidh chuile 8,000. Shíl mé go mba cheart dul go dtí an figiúr ba lú den dá fhigiúr sin.

Leasaíonn alt 16 alt 32 den Phríomh-Acht le frestal a dhéanamh ar an athrú nach dtoghfar i dtoghlaigh áirithe ach duine amháin chun an Údaráis faoin struchtúr nua.

Déanann alt 17 roinnt leasuithe ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht lena n-áirítear nósanna imeachta nua a bhunú a bhaineann le dícháiliú comhalta de chuid an Údaráis.

Foráiltear le halt 18 d'aisghairm ailt 10(3) agus 11 den Phríomh-Acht agus mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Is forálacha caighdeánacha atá anseo maidir le tosach feidhme, gearrtheideal agus comhlua. I dtaca le tosach feidhme de tá gá le foráil mar seo ionas go mbeidh ar chumas an Aire lá nó laethanta a cheapadh le hordú nó le hordaithe d'fhorálacha sonracha den Bhille arna achtú do theacht i bhfeidhm, mar shampla, leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht (teorainneacha le haghaidh cúnaimh airgid ón Údarás), bunú Coistí Réigiúnacha agus Coiste Meastóireachta.

Leis an mBille seo beidh an tÚdarás – an eagraíocht fhorbartha ar a mbeidh an Ghaeltacht ag braith amach anseo – á neartú, beidh an bonn daonlathach faoi á leathnú agus beifear á threalmhú don dúshlán mór atá roimhe i mblianta tosaigh na Mílaoise nua.

Ciallaíonn an Bille seo atá ag teacht isteach fiche bliain tar éis chéad Acht an Údaráis go gcreideann an Rialtas i dtochaí na Gaeltachta agus go n-aithnímid na fadhbanna atá ann. Tá muinín againn, ach deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta iad féin a shlánú le cúnamh ón Rialtas atá ann anois agus ó Rialtais a bheidh ann amach anseo, go n-éireoidh leis an Ghaeltacht fás go heacnamúil, fás ó thaobh na teanga de agus na fadhbanna atá roimhe a shárú.

Más teist ar bith an fiche bliain atá imithe nuair a cuireadh gnótha na Gaeltachta i lámha mhuintir na Gaeltachta, is teist é go bhfuil ar a gcumas ag muintir na Gaeltachta é sin a dhéanamh.

I dtosach báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad agus fáilte chomh maith a chur roimh an mBille atá os ár gcomhair. Níl líofacht Ghaeilge agam agus mar sin níl mé in ann leanúint leis an díospóireacht seo i nGaeilge. I hope the Minister of State will bear with an English contribution on an Irish Bill. You should not look at me so cynically, a Leas-Chathaoirligh. I do not have the necessary terminology and expertise to continue my contribution in Irish.

I welcome the Bill, which is long overdue. There was a definite need to introduce amendments to the legislation governing the Údarás and Gaeltacht areas. I am delighted the Bill deals in such detail with the various aspects of the Údarás.

The Minister of State's proposal to increase the membership of the board from 13 to 20 is welcome. Given the geographical spread of the Gaeltacht areas from the western seaboard to County Waterford and parts of County Meath, one appreciates the need for a broader representation. I am delighted the number of elected representatives is being increased from seven to 17, which will make it much more representative and democratic.

I had hoped the Minister of State might have gone the full way and allowed the 17 elected members to elect the chairman of the board. I appreciate the Minister of State needs to appoint some members directly and I have no qualms about his appointment of three members. However, I ask him to reconsider the issue of the election of the chairman. The Gaeltacht areas are special and the Údarás elections are another arm of local democracy and local government. Members of county councils and other local authorities elect their chairmen democratically from the floor at their AGMs. I ask the Minister of State to consider allowing the members of the Údarás, including those appointed by him, to elect their chairman from the floor.

The Údarás was set up on a test basis and was a new experience. I understand why the arrangements had to be more stringent at that stage. However, given that it has been so successful and that its membership is being increased, there is a case for allowing the chairman to be elected directly. In the past, when the Department may have required a more hands-on approach and more accountability, there may have been a need to directly appoint the chairman. However, the chief executive officer has direct contact on a day-to-day basis with the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands, in the same way that a county manager has contact with the Department of the Environment and Local Government, and that should suffice.

I ask the Minister of State to reconsider this issue. The members of Údarás na Gaeltachta I have met have been extremely competent, progressive and intelligent people who are well able to account for themselves. The Oireachtas should have full faith in them and allow them to manage their own affairs.

I welcome the division of the area into seven constituencies, rather than the existing three. That is a wise and welcome approach. The existing arrangements are rather unwieldy. The European Parliament constituencies paled in comparison to the size of the areas which candidates had to cover for the Údarás elections. It is welcome that there will be seven clearly defined electoral areas.

The Minister of State stole my thunder, in a sense, in that I was curious about how the proportions were decided but he explained clearly how each seat represents a certain number of people. He has already answered my question about the statistical information he had available to him in making that decision. I was wondering whether there was an element of gerrymandering. My only question in that respect relates to the interesting case of Kerry. Had Deputy Healy-Rae any input into the allocation of two seats to Kerry? Perhaps the Minister of State will elaborate on that.

Deputy Healy-Rae thinks the whole of County Kerry is in the Gaeltacht.

Section 4 of the Bill provides that the Údarás has the power to administer schemes, grants, etc. and require the disbursement of European Union or other funds. That is a welcome and wise provision. It relates to a query I have on Objective One status. A number of areas within the Údarás area have Objective One status but some others no longer have that status. There will be a certain discrepancy, therefore, within the overall Údarás area. What is the attitude of the Department to that? The EU takes particular cognisance of islands. I presume the special funds provided by the EU for islands will apply to the Gaeltacht islands. However, what is the position in terms of Objective One status of areas such as counties Kerry, Cork, Waterford and Meath? Will a special case be made in that regard? I would appreciate if the Minister would elaborate on that.

On the preservation of the Irish language, it is vital that we recognise that Gaeltacht areas in which the Údarás has responsibility are a national treasure. We should appreciate the value of the culture and traditions there which have been lost in many other areas. My grandmother was a fluent Irish speaker, yet two generations later I am handicapped. I would hate to think that treasure could be lost in two generations time. Everything possible should be done to encourage, nurture and preserve that. The Minister should ensure that special incentives are given to preserve those areas in their entirety because of the fantastic cultural and historical traditions which exist there. We have lost so much of it over the years and to lose any more would a tragedy.

There is great potential in this area as well. Along with that culture there is a uniqueness in the character of the individuals and the areas. It is special, different and attractive. It holds a huge attraction for tourists and there is huge potential to develop cultural tourism. We should promote that along with the songs, music, language and the traditional folklore of these areas to ensure there is an archive of this material. As many recordings as possible should be made of the elder people of these areas who will not be with us in a few years. They have a wealth of history, songs and stories to relate. It is important to preserve that.

While in the past Údarás na Gaeltachta has dealt with economic development, it has a responsibility in this area. There is a need for it to look at the bigger picture and for it to be granted extra powers. Clare County Council has an arts officer. Does Údarás na Gaeltachta have a similar post? I hope the Minister will consider such a suggestion in his review.

The regional committees are welcome. While the Minister has expanded representation, he has reduced it into natural geographic regions. That is wise – the needs of one region can be quite different from those of another, as we have seen with the variations in Objective One status. It is important that the regional committees are proactive in their own areas and have specific plans over the term of office to ensure the development and preservation of the area.

The amendments inserted on the evaluation committee for funding are welcome. They are based on the Leader and county enterprise board model to assess if projects should be funded. That is important.

The section on the disclosure of information is standard. There is a comprehensive new provision on the disclosure of interests by the members of staff, consultants and advisers appointed by Údarás na Gaeltachta. That could be difficult. We are all aware of consultants who come out of the blue. Given there is no specific legislation to cover consultants and advisers, problems could arise. Is the Minister proposing that legislation be introduced to deal with this issue at Údarás level? There is legislation which deals with local authority members and Oireachtas Members. There is nothing to cover these consultants other than what is in the Bill. That is an aspect of the Bill which must be looked at in greater detail. I appreciate the intention behind the provision but the practicalities of implementation may prove difficult.

I welcome the Bill. There was a need to upgrade legislation given that it is 30 years since the first legislation was introduced. Now the EU is involved it is important to do so. I welcome the fact that the Údarás has been empowered to administer EU funds. That gives it sound financial backing and an independence necessary if it is not to be tied up all the time.

I thank the Minister for introducing the Bill and I hope some of the matters I have raised will be addressed by him in the course of the debate. He may be in a position on Committee Stage to reconsider the position on the election of a chairperson. These are responsible people who are committed to their communities and can be trusted. It would be in the democratic interest to let them elect their chairperson.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Bhille. Is cúis áthais dúinn é nuair a thagann Bille atá ag tacú leis an Ghaeilge os comhair Tithe an Oireachtais. Is cúis áthais faoi leith dúinn go bhfuil an Bille seo á cur faoi bhráid an tSeanaid faoi mar a dúirt an tAire féin.

Tá áthas orm freisin gur cruthú é seo go bhfuil an Rialtas fós dáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus nach béalthacaíocht amháin atá i gceist. Bíonn amhras ar dhaoine nach bhfuil muid dáiríre go leor faoi chur chun cinn na Gaeilge agus bíonn an-chuid ceisteanna ann cad chuige nach bhfuil ag éirí níos fearr linn toisc go bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais agus go bhfuil seans ag daoine í a fhoghlaim. Ar ndóigh nuair a thagann siad amach as an scoil, ní chabhraíonn an timpeallacht leo ach amháin in áiteanna cosúil leis an Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh tionchar na Gaeltachta i bhfad níos láidre agus go mbeidh seans ann an tionchar sin a leathnú amach, mar atá a dhéanamh le fada an lá.

Is maith an rud é go mbeidh toghchán ag gach condae Gaeltachta sa Bhille seo. Ní hionann gach Gaeltacht. Tá carachtar agus deacrachtaí faoi leith ag baint le gach Gaeltacht. Níl mé ag caint faoi bhunadh na Gaeltachta. Braitheann a lán ar an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeltacht féin, an fhorbairt gheilleagrach atá ann, an chinnireacht atá ar fáil agus fiú an dóchas atá ann. Tá a fhios againn go bhfuil an-athrú tagtha ar na Gaeltachtaí agus go minic braitheann a lán ar an gcóras a bhí ag na daoine féin chun an Ghaeltacht a fhorbairt agus an chabhair Stáit atá le fáil acu. Ní féidir a rá faoi Ghaeltacht ar bith nach bhfuil sé tábhachtach, is cuma cé chomh beag is atá sé. Bhí rudaí suimiúla le rá ag an Seanadóir uasal ó Chontae an Chláir. Tuigim an rud a bhí i gceist aici mar tá an contae sin ar cheann de na contaetha a chaill stádas Gaeltachta le fíordhéanaí, taobh istigh de leathchéad bliain, abair. Is cruthú é sin gur féidir lena leithéid tarlú agus níl aon leigheas air nuair a tharlaíonn sé – ní féidir an Ghaeltacht sin a athógáil cé gur féidir meas a chothú don Ghaeilge ann. Cailliúint é seo don náisiún ar fad. Cuireann sé an-bhrón orainn go dtarlaíonn a leithéidí. Ní gá ach féachaint ar na hiarrachtaí a rinneadh chun na portaigh a chaomhnú – tá dlíthe ann chuige sin mar is ceart. I gcás na n-ionad oidhreachta tá an scéal amhlaidh ach iontu féin is ionaid mharbha iad ar shlí agus is gá dul siar chun tuiscint a fháil ar an atmasféar a mhair sna hionaid sin.

Ach tá an Ghaeilge beo fós agus tá an traidisiún go léir le fáil sa Ghaeilge. Tá na hidéalacha a bhain leis na glúinte a chuaigh romhainn – an litríocht, na hamhráin agus gnéithe chultúrtha mar mheas ar an gcomharsa agus ar Dhia agus mar sin de – go léir le fáil fós. Is gá go mbeadh áit ann inar féidir linn a rá faoi go raibh an Ghaeilge ann go leanúnach gan aon bhriseadh agus gur féidir le daoine gach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge gach lá iontu. Muna bhfuil sé sin againn ní bheidh aon sampla againn dár n-aidhmeanna ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, ná bunchloch le tógáil air.

I gcónaí bhíomar ag brath ar na Gaeltachtaí don sampla agus don treoir sin, Is fíor go bhfuil athruithe móra ann – tá na Gaeltachtaí thar a bheith nua-aimseartha anois agus ní bheadh sé cóir deiseanna a thabhairt don chuid eile den tír chun saol níos compordaí a bhaint amach agus gan na deiseanna céanna a thairiscint don Ghaeltacht. Tá áthas orm nár tharla a leithéid.

Mheabhraigh an tAire dúinn go bhfuil an-chuid bainte amach ag an Údarás le fiche bliain anuas. Coincheap nua ab ea é agus bhíothas ar brath ar mhuintir na Gaeltachta chun an tÚdarás a fhorbairt agus rinneadh amhlaidh. Bhí deacrachtaí acu nach raibh ag aon udarás eile sa tír agus d'éirigh leo iad a shárú. Nuair a thagann an Bille seo ar aghaidh chun líon na mball a mhéadú ó seachtar déag go fiche, is aitheantas é go bhfuil ionadaíocht chuí ag teastáil ó gach Gaeltacht.

Is cúis bhróid dúinn go bhfuil Gaeltacht i ngach cúige – uaireanta síltear gur i gCiarraí agus i nGaillimh agus i nDún na nGall amháin atá na Gaeltachtaí ach ní fíor. Sampla is ea Gaeltacht na Mí ar phobal Gaeltachta a tháinig aniar agus a phréamhaigh iad féin i measc pobail eile. Ach ní bheadh sé sin indeanta ach go raibh struchtúir curtha in áit acu féin. Tá an-bhród ar mhuintir Ráth Cairn gur éirigh leo ní amháin teacht slán ach forbairt a dhéanamh. B'fhéidir gur féidir an cheacht sin a chur i bhfeidhm in áiteanna eile. Cé gur mhol mé an Ghaeltacht – don teanga agus don dúchas – caithfimid féachaint laistigh de sin maidir le tionchar. Cuid de spiorad na Gaeltachta is ea an dul chun cinn atá déanta ag na gaelscoileanna. Ní amháin go bhfuil ceachtanna trí Ghaeilge á fháil ag na páístí seo ach tá an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga laethúil. Tá gá le tuiscint ar conas is féidir é sin a fhorbairt sa phobal – dúirt mé é seo le déanaí i mBéal Feirste ag Comhdháil na nGaelscoileanna – d'éirigh leo ní amháin oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil ach freisin an pobal a mhealladh isteach san obair sin: ní raibh siad gearrtha amach ón bpobal. Áit ar bith a bhfuil gaelscoil tá ceangal idir an scoil sin agus an pobal. Tá treoir á fháil ag an bpobal ó thaobh na Gaeilge de. Ba mhaith an rud é dá mbeadh slí éigin ann chun aitheantas a thabhairt don obair trí chabhair agus pleananna a chur ar fáil ionas go mbeidh an timpeallacht seachscoile ag cuidiú leis na daltaí a bhfuil Gaeilge acu. Tá easnamh ansin a ba chóir rud éigin a dhéanamh faoi.

D'fhéadfaí a rá go bhfuil an caint seo raidiciúil ach ní dóigh liom é. Gan móran tacaíochta ón Stát tá sé cruthaithe acu gur féidir leo an Ghaeilge a chur thar n-ais arís i lár an phobail. Ba chóir dúinn cuidiú leis an iarracht seo.

Ní aon mhaitheas a bheith ag caint faoin nGaeilge muna mbíonn stádas geilleagrach ceart ag an nGaeltacht chomh maith. Uaireanta, féachtar air seo mar saghas carthanachta ach ní fíor sin. Tá an-chuid comhlachtaí bunaithe agus ag feidhmiú sa Ghaeltacht atá ag déanamh obair mhaith bhrabúsach. Ba chóir eisceacht a dhéanamh don Ghaeltachta – ní ghlacaim le coincheap an level playing field sa chás seo. Má táimid dáiríre faoin nGaeilge ba chóir dúinn eisceacht a dhéanamh don nGaeltacht agus gach tionscal is féidir a dhíriú ar an gceantar sin. Má imíonn na daoine óga as na Gaeltachtaí, ní aon mhaitheas a bheith ag caint faoi thoghchán nó faoi Údarás.

Tá áthas orm gur luaigh an tAire coiste comhairleach na n-óg inniu mar is ar an óige atá todhchaí na Gaeltachta ag brath. Tá sároideachas faighte acu, tá muinín acu astu féin, tuiscint acu ar an domhan agus meas acu ar a gcultúr féin. Tá géarghá le cabhair chun iad a choimeád sa cheantar mar má chliseann ar an nGaeltacht ní bheidh aon bhealach ann chun é a athógáil. Tá práinn ag baint leis. Tá áthas orm go mbeidh coistí réigiúnda ann agus orthu go mbeidh na baill a bhaineann leis an réigiún sin. Ní thuigeann daoine as reigiún gach deacracht agus gach tairbhe a bhaineann le réigiún eile. Tá súil agam go mbeidh cumhacht phraiticiúil acu gan mhoill agus nach modh oibre mall a bheas i gceist. Ba chóir go mbeadh sé de chumacht acu pleananna agus tuairimí dá réigiún féin a chur ar aghaidh.

Is maith ann é an Coiste Meastóíreachta ar na cúiseanna a luadh chun an folúntas a líonadh tar éis an chumhacht a bhaint den Aire ach freisin chun cabhair a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar an teicneolaíocht agus ar an taighde is déanaí. Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist stádas mar sin a thabhairt dóibh ach mholfainn é.

Nílim ar aon aigne leis an Seanadóir Taylor-Quinn maidir le post an chathaoirligh mar ar bhord ar bith a bhfuil stádas aige, bíonn sé de chead ag an Rialtas an cathaoirleach a roghnú don phost. Ní smacht atá i gceist leis seo ach aitheantas do thábhacht an Údaráis agus beidh seans ag an Aire duine a roghnú a bhfuil taithí agus cáilíochtaí cuí aici nó aige. Bheadh laige i gceist le haon dul siar ar an smaoineamh sin.

Aitheantas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá i gceist sa Bhille seo agus tá áthas croí orm gur os comhair an tSeanaid a tháinig sé don chéad uair. I gcás Chontae Chiarraí, tá an ceart ag an Aire an dara suíochán a thabhairt.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus roimh an Bhille. An Seanadóir Ó Riain a ba chóir a bheith anseo ach bhí air dul abhaile go Corcaigh agus táim anseo ina ionad.

Is trua nach raibh an Bhille againn roimh mhaidin inniu ionas go mbeadh seans againn é a scrúdú. Dúirt an Ceannaire gur Bille teicniúil amháin a bheadh ann i dtaobh toghcháin agus tá an Bille seo i bhfad níos tábhachtaí ná sin. Gan amhras tá sé tábhachtach i gcás na dtoghlach nua ach tá rudaí eile ann freisin.

Tá áthas go bhfuil méadú tagtha ar líon an gcomhaltaí ar an mBord ó seachtar déag go fiche agus go bhfuil níos mó ball le toghadh ag muintir na Gaeltachta anois agus triúr amháin le ceapadh ag an Aire. B'fhearr liom gurb iad na comhaltaí seachas an tAire a thoghadh an cathaoirleach agus fé mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú bíonn an scéal amhlaidh i ngach Bille beagnach.

Tá rudaí tábhachtacha sa Bhille faoi choistí réigiúnda agus faoin gCoiste Meastóireachta i dtaobh cúnamh airgid do thograí. Tá cumhachtaí nua ann i dtaobh teorainneacha agus an chaoi a dhéantar airgead a eisíoc ó chistí éagsúla. Is maith liom an dul chun cinn anseo i gcás daonlathais, cumhachtanna agus cuntasacht. Tá an tÚdarás fiche bliain anois ag fás agus an-chuid déanta aige sa tréimhse sin. Tá daoine ag obair sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge á labhairt ann. Tá líon na bpost ann ag dul i méid – dúirt an tAire go raibh tuairim is 4,500 dhuine fostaithe ann go lánaimseartha i 1980 agus anois tá breis i s 8,000 dhuine ag obair go lánaimseartha ann agus trí mhíle go leith go páirtaimseartha. Tá méadú tagtha ar líon na gcuideachtaí agus ar an spás tionsclaíoch. Ní miste a lua freisin gur mór an chuidiú a thugann Teilifís na Gaeilge chun an fhostaíocht seo a chur ar fáil.

Has the Minister considered the question of the constituencies? The Bill proposes seven constituencies, all of which are welcome. These new constituencies include Port Láirge, Chontae Corcaigh, Contae Chiarraí agus Contae na Mí. Ach b'fhéídir go mba chóir go mbeadh toghlach ag Béal Feirste – tá sé deacair nuair nach bhfuil an toghlach sin sa Stát ach fós féin ba chóir é a chur san áireamh.

There is a natural constituency in west Belfast. This is a Gaeltacht area in many respects and deserves to be promoted. Could someone be co-opted to the board in order to promote in the North of Ireland the activities the Údarás is promoting in this State? This cannot be done in a proper manner because an tÚdarás is a State board. However, we will be talking in the near future about cross-Border activities and cross-Border bodies. It would be a good time to extend the brief and remit of Údarás na Gaeltachta to that area and perhaps we could also consider other areas. Perhaps the Minister of State would refer to this in his closing remarks.

Senator Taylor-Quinn referred to Objective One status and the difficulty in defining Objective One status in geographical terms with constituencies which cross from Objective One to Objective Two areas. How will the distribution of funds affect areas which come within the remit of an tÚdarás, Galway, Mayo and Donegal as distinct from Meath, Waterford, Kerry and Cork? Unfortunately Kerry did not qualify for Objective One status.

I know gaelscoileanna fall within the remit of the Department of Education and Science and not within the Minister of State's brief. However this area has mushroomed and blossomed in recent years. There is no follow-up procedure. Naíonraí have a fairly good and expanding system but at second level there is no follow-through and subsequently everything is lost. Can a link, other than summer schools, be established with the Gaeltacht? We need to consider this as the purpose of the legislation and the foundation of an tÚdarás was to stop the drift from Gaeltacht areas. They were seen as impoverished areas, so employment would be created to try to ensure the communities remained there and in this way, the Irish language would be promoted. There are other embryonic communities which are not receiving any State help and are not being encouraged in any way.

I welcome the Bill, the establishment of the three regions and seven constituency areas, the extra powers given to an tÚdarás, the fact that it will now operate the schemes and grants funded by European money and that there will be an evaluation process of all the developments which take place.

Tá fáilte romhat agus roimh an Bhille agus molaim é don Teach.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad. Cé gur rugadh agus gur tógadh é i mBaile Átha Cliath tá sé ina chónaí anois sa Ghaeltacht. Tá an-mheas ag muintir na Gaeltachta air, go háirithe i dTír Chonaill.

Cé nach mórán ama agam amharc ar an mBille seo tá mé sásta leis an chuid is mó de seachas píosa beag in alt 15. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag fanacht leis.

Bhí díospóireacht ghearr ann nuair a foilsíodh na moltaí cúpla mí ó shin ach bhí díospóireacht i bhfad níos géire ann an tseachtain seo nuair a thuig muintir Ghaeltacht Thír Chonaill cad a bhí sa Bhille. É sin ráíte, is Bille cuimsitheach é a dhéanann athruithe ar Acht 1979. Déanann an Bille athstruchtúrú ar bhord an Údaráis. Tá a fhios againn le tamall go n-ainmneoidh an Rialtas triúr ball tofa as seo amach. B'fhearr liom nach mbeadh aon bhall á ainmniú ach iad go léir á dtoghadh ag muintir na Gaeltachta.

Beidh fiche duine ar an mbord nua in ionad an triúr déag atá ann faoi láthair. Glacaim leis an athrú seo ach tá díomá millteanach ar mhuintir Thír Chonaill nach mbeidh ach ceathrar ionadaí acu ar an mBord nua. Beidh sé ionadaí ag Gaeltacht na Gaillimhe cé gur chreideamar go dtí gur foilsíodh an Bille nach mbeadh ach cúigear ionadaí ansin. Níl a fhios cén dóígh a tharla sé – tá a fhios agam go bhfuil daonra mór ar imeall na cathrach. Ach ba cheart amharc ar an méid forbairt thionscalaíoch atá déanta le gairid thart fá chathair na Gaillimhe, forbairt nach bhfuil againne thuas i dTír Chonaill.

Tá an ráta dífhostaíochta i dTír Chonaill thart ar 21 faoin gcéad, tuairim is trí oiread an ráta náisiúnta. Tá Gaeltacht iontach mór againn in achair ná mar atá ag Contae na Gaillimhe agus é scaipthe ar fud an chontae uilig.

Is í Gaeltacht Thír Chonaill an Ghaeltacht is láidre agus is fuinniúla sa tír. Is dóigh linn gur masla dúinn nach bhfuil ach ceathrar le bheith ar an mBord againn.

Ní bheidh seans ar bith ag an Ghaeltacht Láir ná ag Gleann Cholmcille, na Dúnaimh agus Fanaid ionadaí a bheith acu mar nach bhfuil cuóta ann idir an dá cheantar sin.

Dúirt an tAire an lá deiridh sa Seanad dó go bhfuil sé mhíle duine cláraithe chun vótáil i dtoghcháin an Údaráis sna ceantair a luaigh mé ach le sin a dhéanamh caithfidh achan duine vótáil d'iarrthóír. Beidh trí bhall ag Ráth Cairn, Baile Gib agus an Rinn cé nach bhfuil ach daonra de 1,500 in achan áit ansin. Ní bheidh seans ag muintir Ghleann Cholmcille nó na Gaeltachta Láir ionadaí dá gcuid féín a thoghadh. B'fhéidir go ndéanfaidh an tAire machnamh ar seo roimh an chéad chéim eile agus uimhir na mball do Thír Chonaill a mhéadú. Munar féidir leis é sin a dhéanamh b'fhéidir go bhféadfadh sé suíochán aonair a chur isteach d'áit áirithe taobh istigh de na contaetha mar a rinneadh roimhe seo sa Bhreatain.

Aontaím lena bhfuil á dhéanamh chun na Coistí Réigiúnda a chur ar bhonn reachtúil. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil mar tá eolas ag na baill ar a gceantair féin mar a cruthaíodh leis an struchtúr a bhí ann.

Feicim go bhfuil coiste amháin le bheith ann don naonúr ball ó Chontaetha na Gaillimhe, Muigh Eo agus na Mí, coiste eile do Thír Chonaill agus an tríú coiste do Ghaeltacht na Mumhan. Ní fheicim an chiall atá leis seo – cén dóigh ar féidir le naonúr a bheith ar choiste amháin agus ceathrar ar choiste eile. Tá sé sin ag cur isteach orainn i nDún na nGall.

Cuirim fáilte roimh a bhfuil sa Bhille fadúda an Choiste Meastóireachta. Seo an córas céanna atá acu sna boird fiontair. Glacann siad na cinntí ar shiúl ó Oifigigh an Údaráis. Cé go mbeidh an cinneadh deireanach ag baill an Bhoird beidh tionchar mór ag an Coiste Meastóireachta nuair atáthar ag socrú cad iad na tograí is fiú airgead a chur isteach iontu.

Cuirim fáilte roimh an chinneadh go gcaithfidh Gaeilge líofa a bheidh ag an daoine a bheas ar an Choiste Meastóireachta. Níl a fhios ar chóir go mbeadh ball den IDA nó d'Enterprise Éireann ar an gCoiste mar atá sa mBille. Níl cúram ar bith ar na Ranna Stáit seo faoi chúrsaí na Gaeltachta agus chímid uilig cad tá déanta acu d'iarthar na hÉireann agus do mo chontae dúchais féin, Dún na nGall. Feicim go bhfuil státseirbhíseach le ceapadh freisin ar an gCoiste sin.

Taobh amuigh de na rudaí atá luaite agam molaim an Bille. Bille iontach tábhachtach é d'fhorbairt na Gaeltachta. Tá an Roinn agus an tAire Stáit ag déanamh sárobair agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo beirt as ucht an méadú ar iarracht agus ar airgead don Ghaeltacht. Tá ag éirí thar cionn leis na scéimeanna a tugadh isteach go háirithe le scéim na gcéibheanna beaga. Molaim an t-airgead atá á chur ar fáil do na hoileáin leis.

Chuir an Rialtas deiridh deireadh le Sceim na mBóithre Áise. Ní amháin gur thug an tAire ar ais é anuraidh ach caitheadh i bhfad níos mó airgid ná riamh ar na bóithre sin agus ar athnuachan na mbailte sa Ghaeltacht.

Thosaigh sé obair athnuachana ar an bailte ar scála réasúnta mór sa Ghaeltacht mar go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh fás ficisiciúil ar an nGaeltacht le go dtuigfeadh muintir na Gaeltachta nach áit í an Ghaeltacht atá ag fáil bháis.

Tá tacaíocht an Rialtais don Ghaeltacht le feiceáil go soiléir san soláthar airgid atá curtha ar fáíl don Údarás agus do na scéimeanna atá ag Roinn an Aire Stáit. Is le cúrsaí tionsclaíochta is mó atá an tÚdarás ag plé agus is dóigh gur mar sin a bheas tar éis don Bhille seo dul tríd an dá Theach.

Tá jab an-mhaith déanta acu go dtí seo. I nGaeltacht Thír Chonaill b'é an rud ba thábhachtaí a tharla riamh ná gur bhunaigh Gaeltarra Éireann stát-tionscal i nGaoth Dóbhair. Chomh maith leis sin, ba é an tÚdarás a bhunaigh an t-aerphort ag Carraig Fhinne – ní bheadh ann iriamh dá mbeimís ag brath ar an IDA ná ar na húdaráis Stáít eile.

Ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire Stáit cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht a chur faoi chúram an Údaráis. Sílim go dtiocfadh fás iontach ar an nGaeltacht dá gcuirfí airgead isteach i gcúrsaí turasóireachta. Creidim nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag na Gaeltachtaí beaga in iarthar na hÉireann ón Roinn Turasóireachta.

Cé nach bhfuil mé sásta le halt a 15, molaim an Bille.

Faíltím roimh an mBille seo agus tá sé thar ama aige teacht chugainn. Tá sé an-tábhachtach don aitheantas a thugann sé do mhuintir na Gaeltachta agus tá sé tábhachtach go mbeadh an t-aitheantas sin le feiceáil ag an tír i gcoitinne. Le ró-fhada, níl cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag an mhuintir sin a gcuid scolaíochta, a gcuid oibre agus a gcúrsaí saoil a reachtáil trí mheán na Gaeilge.

An rud is mó atá de dhíth orthu ná fostaíocht. Le cultúr na Gaeltachta a chosaint, tá sé riachtanach go mbeadh poist ag na daoine. Sin é an fócas is mó atá le hobair Údarás na Gaeltachta.

Tá an-jab déanta ag an Údarás leis na mblianta agus is trua nach bhfuil níos mó neamhspleáchais acu ón Roinn. Ba chóir go mbeidh siad in ann buiséad a shocrú agus dul ar aghaidh lena gcuid oibre gan aon chur isteach ón Roinn. Tá siad tofa agus tá jab le déanamh acu.

Is maith an rud go bhfuil uimhir na mball á mhéadú go scór agus go mbeidh duine amháin ann ó gach Gaeltacht sa tír.

Tá a lán rudaí ag cur isteach ormsa maidir le beartas an Stáit i leith na Gaeltachtaí. Ní dóigh liom go bhfuil an tacaíocht chuí á fháil ag muintir na Gaeltachta. Ceapann an-chuid daoine sna cathracha go gcuirtear gach rud ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus ní fíor sin. Ba chóir go mbeadh PR de shaghas éigin ar siúl ag an Roinn chun daoine a chur ar an eolas maidir leis na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus iad ag iarraidh maireachtaint ann.

Ba mhaith liom sampla amháin de sin a thabhairt a bhí mar ábhar díospóireachta eadrainn na blianta ó shin. Is é sin an easpa tacaíochta do scoileanna na Gaeltachta. Ní thuigim cén fáth nach mbeadh tacaíocht ann do na bunscoileanna Gaeltachta ar aon dul leis an tacaíocht a fhaigheann gaelscoileanna sa Ghalltacht. Níl ciall ar bith leis. Má fhiafraítear ar mhúinteoir bunscoile i gceantar Gaetlachta cén céatadán de na leanaí a bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán acu, is rud neamhghnáthach a chlos go bhfuil sí ag breis is 50 faoin gcéad. Ach tá na scoileanna sin ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn gan an cineál tacaíochta a fhaigheann gaelscoileanna.

Ní thuigeann muintir na cathrach go mbeadh cuid mhaith de na leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil i nDún Chaoin tar éís teacht ar ais lena dtuismitheoirí ón mBreatain agus ó Mheiriceá. Cúpla bliain ó shin bhí an tAire Stáit agus mé féin ag labhairt ag scoil samhraidh sa Rinn. Le déanaí chonaic mé go bhfuil an scoil náisiúnta ansin leo ag cailliúint múinteoir i mbliana. Ní féidir a bheith á rá go bhfuiltear ag tacú leis na Gaeltachtaí nuair atá rudaí mar sin ag tarlú.

Ba chóir tacú leis na Gaeltachtaí óir is iadsan tobar na teanga. Ba chóír go mbeadh forbairt agus dul chun cinn á dhéanamh ansin ar aon dul lena bhfuil ag tarlú sna cathracha. An deacracht atá ann ná go bhfuil an-chuid de na heagrais Ghaoluinne suite in oirthear na tíre nó sna cathracha. Tá sé mar aidhm ag cuid acu na Gaeltachtaí a choimeád mar a bhí siad céad bliain ó shin. Bíonn a lán le rá ag na heagrais seo má chíonn siad satellite dish nó rud éigin mar sin ag muintir na Gaeltachta. An rud is tábhachtaí do mhuintir na Gaeltachta ná go mbeadh na seansanna céanna acu agus tá ag muintir na gcathracha, including satellite dishes más é sin atá uathu. Caithfidh siad a bheith a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaoluinn.

Is cuimhin nuair a bhí an tAire Stáit anseo ina Sheanadóir go dtáinig rún os ár gcomhair le Teilifís na Gaeilge a bhunú. Is cuimhin go ndúirt mé an uair sin agus creidim fós é go bhfuil Teilifís na Gaeilge thar a bheith tábhachtach mar gur rud nua-aimseartha agus go bhfuil sé ar fáil ag daoine de gach aois sna Gaeltachtaí mar a bhíonn de mhionlaigh teanga ar fud an domhain. Dúirt mé an uair sin freisin agus deirim fós é go mba chóir go mbeadh roc-cheol le clos ar Raidió na Gaeltachta mar go bhfuil sé ag teastáil ón aos óg. Ní aon mhaitheas ár gcloigne a shá sa ghainneamh agus neamhaird a dhéanamh de na rudaí a tharraingíonn aos óg na tíre seo. Caithfimid na rudaí céanna a chur ar fáil d'aos óg na Gaeltachta. Cosnóidh sé sin airgead agus tá an fhreagracht orainn mar phobal an t-airgead sin a infheistiú i nGaeltachtaí na tíre seo mar is gá a dhéanamh in oileáin na tíre.

Chuaigh mé féin ar scoil le leanaí a rugadh ar an mBlascaod Mór. De bhrí nach raibh tacaíocht ann do na daoine sin b'éigean an t-oileán a thréigint agus teacht go dtí an mórthír. D'fhág siad ina ndiaidh foinse cultúrtha na Gaoluinne, ina lán slite. Cúpla míle cearnach as a dtáinig litríocht den chéad scoth sa tír seo. Tharla sé seo caoga bliain ó shin agus cad atá ag tarlú anois? I nGaeltacht Chorca Dhuibhne cén slí mhaireachtála atá ag na daoine? Cad í an fhostaíocht atá ann? Níl siad ann. Na daoine atá ag iarraidh maireachtaint anois i nDún Chaoin, tá siad ag obair don Stáit mar mhúinteoirí agus mar sin de, nó atá tagtha ar ais ó thír eile ar phinsean nó a bhfuil tithe samhraidh acu san áit.

Tá sé furasta le feiscint go bhfuilimid ag ídiú cultúr na Gaeltachta i gcónaí. Ní deirim go mba chóir daoine a choinneáil amach as na Gaeltachtaí mar daoine fáiltiúla iad muintir na Gaeltachta thar aon dream eile sa tír. Ach caithfear obair a chur ar fáil dóibh ina gceantair féin. Ní aon mhaitheas airgead a chur isteach sa Ghaoluinn muna bhfuilimid sásta airgead a chur isteach sna Gaeltachtaí freisin ionas gur féidir leo maireachtaint agus dul ar scoil agus ar ollscoil ina gceantar féin. Ba chóir go mbeadh an rogha sin acu.

Tá freagracht orainn faoin mBunreacht é sin a dhéanamh. Ní féidir linn cúl a fhágáil leis an nGaeltacht. Mar bhaill tofa tá an fhreagracht orainn an Ghaoluinn agus an Ghaeltacht a fhorbairt de réir altanna sa Bhunreacht. Mar gheall ar sin, fáiltím roimh an mBille seo atá dírithe ar fhorbairt. Ba mhaith liom níos mó neamhspleáchais a fheiceáil á thabhairt do na Gaeltachtaí. Is maith an rud go mbeidh tionchar níos mó ag an Údarás ar an nGaeltacht. Tosú maith é seo ionadaí a thabhairt do gach Gaeltacht sa tír. Tá súil liom go n-éíreoidh leis an Údarás borradh nua a chur faoin nGaeltacht.

Tá scoileanna sa Ghaeltacht ag cailliúint múinteoirí. Caithfear cothromaíocht níos fearr a a thabhairt do scoileanna na Gaeltachta ionas gur féidir leis na daltaí saol a bhaint amach dóibh féin ann.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí ar fad a labhair sa díospóireacht. Tá áthas orm gur chuir na Seanadóirí fáilte roimh an mBille.

Senator Taylor-Quinn raised the question of electing a chairman. It was certainly an issue worthy of consideration but in view of the fact there will be two other nominated members, it is correct in this case that the chairman will be nominated by the Minister. It is very important that the chairman of the udarás which is serving such a diverse area in four different provinces would be seen to be independent of any one constituency in the area.

She also raised a question on Objective One status. I do not think that Objective One or non-Objective One status this will pose any particular difficulty. The vast majority of funding for An t-Udarás comes from the Government, but it also gets EU funding and will continue to get it under different headings in the Objective One and non-Objective regions. The non-Objective One areas will not have access to specific Objective One funds. We have to recognise there will be different levels of State aid in force in the non-Objective One status areas but that will not pose operational difficulties for the Údarás. It is a matter of regret that the Government objective of getting Objective One status for County Kerry was not realised. ach sin mar a bhíonn na rudaí seo.

Luaigh an Seanadóir Costello ceist na Gaeilge ó Thuaidh i gcás Bhéal Feirste ach creidim go gcaithfear plé leis sin tríd an bhForas Thuaidh Theas agus déanfar é sin. Thóg an Seanadóir seo ceist Sprioc a hAon freisin agus ní fheicim go gcothóidh sé sin aon deacracht don Údarás. Caithfimid a aithint cibé cén socrú a dhéanfar sa phlean náisiúnta go mbeidh an tÚdarás ag plé le ceantair taobh istigh de Sprioc a hAon agus taobh amuigh de agus go gcaithfear é sin a thógáil san áíreamh.

Tá mé sásta gur chuir an Seanadóir Ó Cnáimhsí fáilte roimh an imBille. D'éist mé leis an méid a bhí le rá aige faoi roinnt na suíochán. Tá mé ag éisteacht le muintir Thír Chonaill i dtaobh na ceiste seo. Ar an gcéad dul síos, tá dóthain daoine ann, má vótáileann an oiread céanna de chéatadáin as deisceart an chontae agus a vótáileann an chuid eile den chontae, chun duine a thogadh. Sa díospóireacht a rinneadh ar an gceist luaigh daoine réiteacha sonracha a oireann dóíbh féin. Chuala mé cás á dhéanamh d'Oileán Árann i gConamara. Ach an té a mhol é sin, ní dhearnadar tagairt ar bith do Oileán Chléire nó d'Inis Bigil ná d'Oileáin Thír Chonaill ar a bhfuil os cionn 800 duine ina gcónaí.

Fadhb é a chaithfear a theacht ar réiteach dó a oirfidh don tír ar fad. Sin í an fhadhb. Ní fhéadfadh don Bhord a bheith ró-mhór. Smaoinigh mé i dtosach ar bheith i gCiarraí do 8,000 duine. Ach d'fhágfadh sé sin triúr i gContae Mhuigh Eo agus seisear i dTír Chonaill, a chuirfeadh an-áthas ar an Seanadóir Ó Cnáimhsí agus naonúr i gContae na Gaillimhe. Bheadh sé sin inoibrithe.

Nuair a dhéanfar machnamh ar seo feicfear go dtáinig mé ar an réiteach ba chothromaí. Rinneadh mar a dhéantar i ngach toghchán eile – roinneadh an suíocháin ar bhonn daonra chomh fada agus ab fhéídir ach b'éigean breathnú ar na contaetha astu féin.

Is féidir é seo a phlé tuilleadh ag céim an choiste.

Tá an Coiste Meastóireachta á chur ann in áit cead an Aire. Síleann a lán daoine gurb é a bhí i gceist le cead an Aire ná díreach litir a sheoladh suas go dtí an tAire ag lorg a cead nó a chead. Caithfear dul i dtosach báire chuig na Rannaí Stáit agus an Roinn Fiontair agus Fostaíochta san áíreamh, agus chuirfeadh siad siúd é chuig an IDA agus Enterprise Ireland. Go minic thógfadh an gnó ar fad cúpla mí. I gcás an Choiste Meastóireachta, déanfar aon réamhmheastóireacht go sciobtha má chaithfear togra a chur go dtí na Ranna Stáit. Tá sé ceart go mbeadh an IDA agus Enterprise Ireland agus an Roinn seo páirteach.

Ba léir nach raibh an Seanadóir Ó Tuathail ina Aire riamh. Bhí sé ag caint ar neamhspleáchas ón Roinn ach shílfeá go raibh éileamh ag teacht ón bpobal go mbeadh chuile rud neamhspleách ar an gcóras polaitíochta thuas anseo. A mhalairt atá fíor. Is é mo thaithíse ná go bhfuil daoine de shíor ag teacht chugainn faoin rudaí agus nuair a deirimse leo nach bhfuil aon fheidhm agam ó lá go lá le gnóthaí An Chomhairle Ealaíon nó an Údaráis cé go dtugann mo Roinnse an t-airgead dóibh, bítear ar buile linn agus ní creidtear muid.

Tá sé tábhachach go mbeadh neamhspleáchas áirithe ag Bord an Údaráis ach an am gcéanna ní fiú d'Aire a bheith ann munar féidir leis tionchar ar son an phobail a imirt go dleathach ar an Údarás ar son an pobal a thoghann é nó í. Tá cothromaíocht i gceist, cothromaíocht atá ag teastáil ó phobal na Gaeltachta iad féin agus tá sé sin san Acht.

Ní féidir treoir ghinearálta a dhíriú ar aon phobal amháin agus má thugtar an treoir sin caithfear é a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus ar an mbealach sin déanfar ar bhealach oscailte é.

Bheadh sé faillíoch ag an Teach seo atá ag tabhairt £30 milliún in aghaidh na bliana don Údarás nach mbeadh sé de chumhacht an Aire thar ceann an Rialtais, agus é ag cur beartas an Rialtais i bhfeidhm, tionchar a imirt ar threo an Údaráis. Na hionadaithe anseo ó cheantair Ghaeltachta, tagann siad chugham go minic ag iarraidh orm tionchar ginearálta a imirt ar bheartas an Údaráis maidir le seo, siúd agus eile agus an ceart acu. Ba cheart go mbeadh tionchar ag baill an Oireachtais ar an tslí a chaitear airgead an Rialtais.

Sa Bhille seo tá cothromas ann idir an neamhspleáchas a ba chóir a bheith ann ó lá go lá agus an deis atá ag Aire treo an Údaráis a fhiosrú más dóigh leis nó lei go bhfuil an treo sin mícheart agus an treo sin a athrú,

Gabhaim buíochas libh arís agus tá mé cinnte go mbeimid in ann plé níos faide a dhéanamh ar mhíreanna éagsúla ar Chéim an Choiste.

Question put and agreed to.

An Leas-Chathaoirleach

When is it proposed to take Committee Stage?

Barr
Roinn