Ba mhaith liom i dtosach báire fíorbhuíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí as ucht an Bille seo a thógáil tráthnóna. Ní hin a bhí i gceist ach tuigfidh siad gur tharla rudaí an tseachtain seo nach raibh aon choinne ag éinne leo. Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le bean Jack Lynch ar a bhás siúd.
Tuigim gur tógadh an Bille seo go tobann.
Níl aon amhras ach nach aon údarás Gaeltachta ann mura mbeadh an Ghaeltacht agus ní bheadh sin ann gan an teanga. Tá an Ghaeilge lárnach i gcás gach rud a bhaineann leis an údarás. Sa seanBhille, bhí coinníoll láidir in alt a 8 (1) más buan mo chuimhne maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Ach nuair a bhí an Bille ag dul tríd an Dáil chuir an fhreasúra pointí ar aghaidh agus chaithfinn éisteacht leo. Dúirt siad go mba cheart treisiú agus comharthaí soiléire a thaispeáint go bhfuilimid dáiríre faoi seo.
Is fíor freisin go raibh agus go bhfuil sé de nós ag an údarás coinníollacha a leagan síos maidir leis an nGaeilge. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Cnáimhsí, b'fhéidir nár tugadh mórán aird orthu. Ach shíl mé go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh sé leagtha síos sa Bhille seo go soiléir mar choinníoll reachtúil go gcaithfidh an t-údarás coinníollacha Gaeilge a leagadh síos in aon cheadú deontais agus go gcaithfeadh siad aithbhreithniú a dhéanamh ar conas mar a comhlíonadh na coinníollacha Gaeilge má chuireann an tionscal céanna iarratas isteach ar an dara deontas. Beidh coinníoll reachtúil orthu é sin a dhéanamh feasta.
Tá an triú ghné den rud sa Bhille, agus sé sin cumhacht an Aire chun ordacháin a thabhairt. Bhí sé sin iontuigthe go dtí seo, anois tá sé soiléir agus scríofa sa Bhille. Rinne mé an rud chomh héasca agus ab fhéidir sa mhéid is gur féidir leis an Aire anois ordacháin ghinearálta a thabhairt. An t-aon rud nach féidir leis a dhéanamh ná a rá go gcaithfí tionscal a chur in áit ar leith. Go sonrach tá sé curtha isteach mar leasú anois gur féidir leis ordacháin a thabhairt i dtaobh cúrsaí Gaeilge.
Má tá aon mhaith le hAire, agus le freasúra, sa chás go gceaptar go bhfuil an t-údarás ag déanamh faillí maidir leis na dualgais a bheas orthu i dtaobh na Gaeilge, beidh an tAire in ann gníomhú. Ní bheidh sé de leithscéal ag an Aire níos mó a rá nach bhfuil sé in ann tada a dhéanamh mar gur bord neamhspleách é. Níl sé neamhspleách sa chiall sin ná ní cheart go mbeadh sé neamhspleách ar Thithe an Oireachtais. Ní thagaim leis an tuairimíocht gur cheart do na dreamanna seo a bheith neamhspleách ar thoil an dreama atá tofa ag an bpobal mar Rialtas agus mar Oireachtas.
Nuair a chuirtear na trí rudaí sin le chéile, feicfear muna ngníomhaítear ar na ceisteanna anseo gur orainne a bheas an milleán ag deireadh an lae, ar an Aire agus ar an Oireachtas. Is dóigh liom nár chomhlíonann eagrais áirithe cumarsáide a bhfuil dualgais agus coinníollacha an-soiléire orthu i leith na Gaeilge, a gcuid dualgais reachtúla thar na mblianta. Agus ní raibh an Teach seo in ann aon rud a dhéanamh faoi. Tá sé soiléir sa Bhille seo gur féidir leis an Aire ordacháin ghinearálta maidir leis an nGaeilge a thabhairt agus is maith ann é.
Tá áthas go raibh an oiread sin béime i ndhá Theach an Oireachtais ar chúrsaí Gaeilge.
Thagair an Seanadóir Ó Riain do cheist an údarás ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Dá dtosódh an t-údarás amárach, agus mise mar Aire Stáit, ag feidhmiú trí Bhéarla, gheobhadh siad ordú uaimse feidhmiú trí Ghaeilge. Caithfidh cruinnithe an bhoird agus doiciméid an bhoird a bheith i nGaeilge agus caithfidh Aire gníomhú ar na ceisteanna seo. Tá an chumhacht tugtha agam don Aire.
Chuala mise an scéala go raibh duine gan Gaeilge ag smaoineamh ar seasamh don údarás. Deirim anseo mar Aire Stáit na Gaeltachta go mbeadh náire orm dá ndéanfadh mo pháirtí duine a cheapadh don toghchán seo nach raibh inniúil ar a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh na páirtithe móra eile agus na daoine neamhspleácha a sheasfaidh ar aon intinn le sin.
Sa drochuair go gcuirtear duine ar aghaidh gan Ghaeilge, tá súil agam go mbeidh sé de chiall ag pobal na Gaeltachta gan an rud a choinníonn an t-údarás ar an saol a mhilleadh. Tá muinín agamsa as an bpobal. Is daonlathaí mé, agus creidim go bhfuil i bhfad níos mó céille ag an bpobal ná duine gan Ghaeilge a cheapadh ar bhord an údaráis. Tá súil agam go bhfaighidh siad ceannródaíocht ó na páirithe polaitiúla sa mhéid sin agus go mór mór ó dhreamanna a bheadh ag cur sraith iarrthóirí ar aghaidh.
Maidir le ceist na príosúntachta, tá cúis leis an athrú agus leis an sé mhí. Bhí sé san Acht roimhe seo go bhféadfaí duine a dhícháiliú ó bheith ina bhall nó ina ball den údarás dá gcuirfí i bpríosún ar chor ar bith é. Agus ardaíodh an cheist ag Céim an Choiste. Tá aithne agamsa ar roinnt cairde liomsa a cuireadh i bpríosún ar son na cúise, duine amháin a cuireadh i bpríosún de bharr agóid a bhí ar bun maidir le cúrsaí teilifíse agus a dhiúltaigh ceadúnas teilifíse a cheannach. Agus is mise a thóg amach as an bpríosún é an lá a scaoileadh saor é. B'uafásach an rud é dá gcaillfeadh duine mar sin suíochán ar bhord an údaráis agus é tofa ag an bpobal as ucht rud mar sin a dhéanamh.
B'fhéidir nach n-aontódh chuile dhuine leis an agóid ach b'uafásach an rud é dá ndícháileofaí duine mar gur chaith sé lá i bpríosún ar son na cúise.
Bhraith mé go mba cheart breathnú ar sin arís, ach ar ndóigh sárú dlí é sárú dlí. Rinne mé scrúdú ar na forálacha a bhaineann le Tithe an Oireachtais agus leis na comhairlí contae agus sé mhí atá i gceist leo siúd. Mar sin beidh comhionannas i gceist anseo idir na dreamanna tofa ar fad. Tá sé sin féaráilte agus cothrom agus go mbeadh an rud eile i bhfad ró-dhian.
Beidh sé ina údar dícháilithe má rugtar ar dhuine i mbun caimiléarachta agus níl sé sin á bhaint as mar is rud éagsúil atá ansin. Má chiontaítear duine as caimiléaracht, níl aon éalú as. Agus nuair atá méid mór airgid i gceist, tá sé sin thar a bheith tábhachtach.
Maidir le toghchán an údaráis, nílim i bhfábhar an toghchán a chur siar agus is léir sin. Níor ghéill mé d'aon achainní. Níl aon amhras orm dá gcuirfinn siar ceithre mhí é fós go dtosódh an feachtas a luaithe a bheidh an Bille seo achtaithe. Feachtas toghchánaíochta an-fhada a bheadh ann. Idir an dá linn bheadh éiginnteacht faoi fheidhmiú an údaráis: bheadh brú polaitiúil ann agus fadhbanna ann.
Creidim go bhfuil an pobal ar bís go dtiocfaidh an toghchán ar aghaidh gan mhoill agus cé nach bhfeileann sé do na hiarrthóirí, b'fhéidir, go bhfeileann sé don phobal. Feileann sé don lucht tacaíochta i mo cheantar féin mar bíonn siad saor sa gheimhreadh. Sa samhreadh bíonn siad ag plé le cúrsaí feirmeoireachta, iascaireachta agus coláistí Gaeilge.
Seo am iontach den bhliain sa mhéid is go mbíonn daoine ag breathnú ar theilifís tráthnóna agus cruthaíonn na figiúirí don lucht féachana é sin. Bíonn siad ag éisteach leis an raidió agus creidim go mbeidh an-spéis sa toghchán seo idir seo agus an Nollaig.
Tuigim go raibh imní ar dhaoine go m'fhéidir nach dtiocfadh daoine amach lá an toghcháin ach ní raibh aon spreagadh ann cheana do mhuintir Phort Láirge nó do mhuintir na Mí mar is beag tionchar a bhí acu ar an seanúdarás. Tá sé sin athraithe anois agus má tá coimhlint sna toghcheantair bheaga beidh idir an bheo agus an mhairbh ag éirí le dul ag vótáil mar beidh coimhlint ghéar ann agus is maith an rud é sin.
Caithfidh an toghchán a bheith ann anois sa chéad seachtain de mhí na Nollag – ní féidir leis a bheith roimhe. Caithfear rialacháin a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais, a bhaineann leis an toghchán. Táimid ag bogadh ar aghaidh leis sin agus tá mé meáite i dtreo an tSathairn ar na cúiseanna seo.
Tá mé ag cur an-bhéim i gcomhthéacs thodhchaí na Gaeltachta ar an aos óg. Tá coiste comhairleach curtha ar bun agam agus beidh an dara cruinniú acu seachtain ón Satharn thíos ag an Oireachtas sa Rinn. Tá sé d'fheidhm acu siúd comhairle a chur ar an Aire fé thodhchaí na Gaeltachta mar caithfidh na daoine óga a bheith páirteach sa todhchaí sin. Is maith an rud é gur féidir leo don chéad uair a rogha comhairle a chur ar Aire go díreach gan dul trí éinne eile.
Agus an oiread sin de mhicléinn na Gaeltachta scaipthe ar fud na tíre ar fad, tá sé fúm an oiread deise agus is féidir liom a thabhairt dóibh dul abhaile agus vótáil sa toghchán. Má chuirim ar bun oíche Dé hAoine é beidh fadhb ann mar beidh go leor acu go mbeadh sé rite dóibh a bheith sa mbaile ag a deich a chloig san oíche fiú go mór mór amuigh ar na hoileáin. Bheadh i bhfad níos mó deise acu a bheith sa mbaile ar an Satharn. Tá go leor daoine freisin a chorraíonn amach Dé Satharn le dul ag siopaí agus mar sin de. Ar an ábhar tabharfaidh an Satharn an deis is fearr is féidir do gach duine a bhfuil spéis acu vótáil sa toghchán seo vóta a chaitheamh.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí. Níl sa Bhille seo ach píosaín beag bídeach de go leor céimeanna atá á dtógáil agam mar Aire Stáit leis an nGaeilge a láidriú sna Gaeltachtaí agus sa tír i gcoitinne agus chun guth phobal na Gaeltachta a láidriú. Beidh muid ag tabhairt Bille na Gaeilge ar aghaidh ar ball beag. Tá moill ar an mBille sin de bharr an t-uafás oibre a bhain leis an mBille seo ag céimeanna éagsúla an Oireachtais. Tá céimeanna eile nach iad glactha agam i dtaobh na Gaeilge le cúpla bliain anuas agus beidh mé ag cur dlús leis an obair sin. Níl anseo ach bríce beag amháin sa mballa atáimid ag tógáil agus le cúnamh Dé feidhmeoidh sé go cothrom idir chumhachtaí an Aire agus freagrachtaí an Oireachtais agus saoirse níos mó ag an údarás ar go leor bealaí chun dul ar aghaidh lena gcuid gnó.
Tá súil agam gur fhreagair na ceisteanna a tógadh anseo tráthnóna. Cruthóidh sé seo páirtíocht níos láidre fós idir an pobal mar chuid den údarás agus an t-údarás mar chuid den chomhoibriú atá ar bun idir Roinn na Gaeltachta agus an t-údarás leis an nGaeilge agus an pobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta ag cailliúint daoine fós agus cuid acu is iad na Gaeltachtaí is láidre sa tír.
Tuairiscíodh an Bille gan leasuithe agus ritheadh é.