Irish Language: Statements.

I welcome the Minister for State, Deputy Mary Coughlan, on her first visit to the House in her new position. I congratulate her on her appointment.

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Ms Coughlan): Is mór an onóir é seo dom mo chéad ócáid sa Seanad. Níor toghadh mé riamh go dtí an Seanad.

Is ábharach an rud é an deis a bheith againn ceist na Gaeilge a phlé inniu, seachtain i ndiaidh Lá na Máthar-theangacha le UNESCO, agus coicís i ndiaidh seoladh oifigiúil Bhliain Eorpach na dTeangacha in Éirinn. Tuigim go bhfuil an t-aisteoir clúiteach Stephen Rea agus bean ón Nigéir darb ainm Agnes Ojuolape atá ina cónaí anois in Inis, Contae an Chláir, chun tabhairt faoi an Ghaeilge a fhoghlaim mar thogra do Bhliain Eorpach na dTeangacha. Molaim iad agus guím gach rath orthu.

Is é seo an chéad ocáid dom ceist na Gaeilge a chíoradh go foirmiúil agus go poiblí i mo ról úr mar Aire Stáit le freagracht faoi leith don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Teastaíonn uaim ar an gcéad dul síos aitheantas poiblí a thabhairt do Éamon Ó Cuív, an t-iar-Aire Stáit. Tá cáil thuillteanach bainte amach ag Éamon mar laoch ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus, dar ndóigh, na nOileán. Tá sé mar onóir domsa é a leanúint mar Aire Stáit agus geallaim go dtabharfaidh mé faoi mo dhualgais leis an bhfuinneamh céanna is a léirigh Éamon thar tréimhse trí bliana go leith.

Díreach mar a thaispeántar radhairc dhifriúla den taithí daonna trí leabhair scríbhneoirí éagsúla, braitheann ár dtuiscint ar an domhan ar an teanga a úsáidimid chun rudaí a mhíniú dúinn féin. Bainfidh cainteoir Gaeilge brí éagsúil as radharc nádúrtha, mar shampla, i gcomparáid le cainteoir Rúisise agus iad beirt os comhair na radhairce céanna. Deirtear go bhfuil thart is 6,000 teanga ar domhan agus tá sainiúlacht nó tuiscint faoi leith ag gach ceann acu. Fágtar níos boichte muid gach uair a fhaigheann teanga bás, rud a tharlaíonn i bhfad níos minicí, anois leis an mbrú ó na meáin chumarsáide agus ó chúrsaí gnó idirnáisiúnta chuig caighdeánú a dhéanamh i réimsí uilig an tsaoil. Is ionann saol na dteangacha agus an saol bitheolaíochta ar bhealach – síolraíonn láidreacht as fairsingeacht.

Tá an fíric sin tuigthe anois ag an léibhéal idirnáisiúnta. I rith Bliain Eorpach na dTeangacha, mar shampla, tá Comhairle na hEorpa agus an Comhphobal Eorpach ag iarraidh daoine a mhealladh chun teanga eile seachas a máthartheanga a fhoghlaimt. Aithnítear go gcaomhnaíonn teanga cuid mhór de chultúr tíre agus nach féidir teacht ar an gcuid sin arís má chailltear an teanga.

Ach an cheist atá le freagairt againne ná an aithníonn an tír seo tábhacht a teanga féin? Nó an tír gan teanga, tír gan anam muid?

Caithfidh mé a rá go bhfuilim dóchasach maidir le todhchaí na Gaeilge. Bheadh sé deacair dom mo dhualgais úr a chomhlíonadh mura mbeinn, dár ndóigh. Le blianta beaga anuas tá roinnt tuartha dóchais úr tagtha ar an bhfód a chuireann le féin-mhuinín lucht na Gaeilge. Cé nar chóir bheith róthógtha le staitisticí is fiú féachaint ar fhigiúirí an Daonáirimh dheireanaigh (1996) a léiríonn go bhfuil breis is 1.4 milliún duine sa tír le cumas éigin sa Ghaeilge. Ní dócha go n-úsáideann níos mó ná thart ar 10% díobh seo an Ghaeilge mar phríomhtheanga bíodh is go ndúirt os cionn 300,000 duine sa Daonáireamh deiridh go n-úsáideann siad Gaeilge éigin gach lá. Fós féin, is pobal suntasasch é 150,000 duine.

Tá borradh suntasach tagtha san éileamh ar oiliúint trí Ghaeilge agus tá líon na ngaelscoileanna agus na naíonraí ag méadú gach bliain. Tá íomhá úr cruthaithe dóibh féin ag lucht na Gaeilge, éacht atá éascaithe ag na meáin chumarsáide, an t-Idirlíon agus TG4 ach go háirithe. Tá lucht gnó na tíre ag tosnú ag tabhairt aird ar an nGaeilge mar sheirbhís dá gcustaiméirí. Tá an tacaíocht maoine ón Stát don Ghaeilge ag an leibhéal is airde ariamh, trí Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ní féidir a shéanadh áfach go bhfuil fadhbanna ann fosta. Tá an Ghaeltacht ach go háirithe, agus lucht na Gaeilge go ginearálta, faoi bhrú síoraí ó anáil do-éalaithe an chultúir Lár-Atlantaigh, cultúr le cos amháin i Meiriceá, cos eile i Sasana agus gan aird in aon chor ar an éagsúlacht. Is cúis bhuartha dúinn fosta easpa stádais na Gaeilge, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Ó thaobh oideachais de, is léir nach bhfuil na háiseanna nó na deiseanna céanna á cur ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim trí Ghaeilge is a fhaigheann lucht an Bhéarla. Ní foláir cinntiú go mbeidh curaclam suas chun dáta, oiriúnach, ar fáil do Ghaeilgeoirí agus go gcuirfear gach cúnamh ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge.

Ach fós féin táim dóchasach go bhuil níos mó láidreachtaí ná laigeachtaí i mórleabhar cuntas na Gaeilge ag tús an 21ú Aois.

Ó thaobh an Stáit de, glacaim leis gur deis í an ócáid seo, chun cur síos a dhéanamh ar an obair atá ar bun i mo Roinnse ar mhaithe leis na Gaeilge agus ar mo thuairimí pearsanta ar an ábhar.

Creidim go láidir nach féidir ceist na Gaeilge a phlé gan ceist na Gaeltachta a scrúdú fosta. Tá caite anuas ar an nGaeltacht ag leor daoine thar na blianta. Déantar imeallú, nó "ghettoization", ar an nGaeilge de bharr na Gaeltachta, a deir siad. Ní sa Ghaeltacht ach sna cathracha agus sna bailte a throidfear an cath do chúis na Gaeilge, deir a thuilleadh.

Nílim féin chomh diúltach sin. Gan bunú na Gaeltachta i 1956, tá gach seans nach mbeadh aon réigiún fagtha sa tír anois ina labhrann móramh na ndaoine an Ghaeilge. Feidhmníonn an Ghaeltacht mar acmhainn do lucht foghlamtha na tíre agus mar eiseamláir dóibh siúd atá ag cruthú creatlaigh chathracha de chainteoirí Gaeilge. Ba chóir dúinn féachaint ar an nGaeltacht mar áis chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos leithne sa tír i gcoitinne.

Ní mór dúinn anois scrúdú a dhéanamh ar na nithe atá ag cur brú ar an teanga sa Ghaeltacht agus ar ndóigh i measc na nithe sin tá seirbhisí Stáit trí Bhéarla, easpa seirbhisí oideachais agus sláinte trí Ghaeilge, cúrsaí pleanála, éagraíochtaí pobail agus eaglasta atá easnamhach maidir le húsáid na Gaeilge, brú ó na méain chumarsáide agus easpa fostaíochta bunaithe ar an nGaeilge mar acmhainn.

Tá pleananna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha á réiteach bunaithe ar na nithe seo agus don chéad uair tá i gceist go mbeidh pleanáil eolaíoch teanga mar chuid lárnach de pholasaí na Roinne i leith na Gaeltachta. Tá obair déanta cheana féin le cinntiú nach mbeidh aisínteachtaí a dhéanann plé leis an bpobal trí Bhéarla ag feidhmiú sa Ghaeltacht, sa gcás go bhfuil scéim cheart bhunaithe Gaeltachta ann. Samplaí de seo ná gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta & Oileán amháin a thagann cúnamh caipitil i leith saoraidí spóirt agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht agus ní faoin Roinn Spóirt mar a bhíodh sé. Sampla eile ná an socrú atá déanta leis an Aire Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil gurb iad Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta a ghlacann an taoiseachas sa Ghaeltacht, agus ní na Boird Fiontair Chontae.

Tá ról an-tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta san obair seo agus ní cóir a dhearmad gurb é an bunchuspóir ata ag an Údarás ná an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht. Tá obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh cruthú fostaíochta de agus anois táthar ag féachaint ar bhealaí chun caighdeán beatha na Gaeltachta i gcoitinne a fheabhsú. Ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht na Gaeilge sa chomhthéacs sin.

Tá bagairtí úr ar an nGaeltacht atá ag teacht ní ó easpa fostaíochta ach ón bhfás mór atá ag teacht go mór mhór i gceantair ar nós Chonamara. Bheadh súil agam fosta sna blianta atá rómhainn go bhfeicfear dlúth chomhoibriú idir na hinstitiúidí eagsúla Gaeltachta, mar shampla Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus na hinstitiúidí eile idir Stáit agus deonacha (m.sh. Ráidió na Gaeltachta agus TG4) atá ag saothrú ar son na Gaeilge. Gan iarracht chuile dhuine curtha le chéile, ní éireoidh leis an Údarás an sprioc comónta atá againn uilig a bhaint amach.

Mar Aire Stáit Gaeltachta feictear dom gurb iad seo na fadhbhanna is mó atá ag brú ar an nGaeltacht: brú mór ar an dteanga de bharr cúinsí éagsúla, an daonra a bheith ag titim sna ceantair íseal-fhorbartha agus easpa déiseanna fostaíochta ann, easpa déiseanna fostaíochta do dhaoine óga le hard-cháilaíochtaí san Ghaeltacht, easpa áiseanna ginearálta le haghaidh saol nua-aimseartha sa Ghaeltacht, easpa phleanála don Ghaeltacht mar aonad faoi leith. Tá freagrachtaí éagsúla ar dhreamanna éagsúla maidir le nithe áirithe den chlár thuas. Ba mhaith liom dearbhú mar Aire Stáit Gaeltachta go mbeidh gach tacaíocht le fáil uaimse le díriú ar na nithe seo.

Mar is eol daoibh fosta bunaíodh An Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht anuraidh le moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais maidir le buanú na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Tá iarrtha ag an Rialtas ar an gCoimisiún moltaí a dhéanamh leo maidir leis an nGaeilge a láidriu mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta agus tuigtear dom go gcuirfear tuarascáil an Choimisiúin faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana seo. I measc na gcúramaí éagsúla atá orthu, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid atá an Ghaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht, scrúdú ar éifeacht na bpolasuithe Stáit a phléann le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, anailís ar na tosca agus ar na polasuithe atá chun leasa nó chun dochair chaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, moltaí i dtaca le plean cuimsitheach comhtháite chun seirbhísí i nGaeilge a sholáthar don Ghaeltacht agus moltaí i dtaca leis na critéir theangeolaíochta a d'úsáidfí chun limistéir Ghaeltachta a theorannú. Is obair dhúshlánach í seo agus táim ag tnúth go mór le tuarascáil agus moltaí an Choimisiúin a fheiceáil.

Is eol do achan duine gurb é ceann de na clocha is mó ar phaidrín an iar-Aire Stáit ná Bille Teanga a reachtáil mar chosaint don Ghaeilge. Tá an próiseas seo i bhfad níos casta ná mar a samhlaíodh ar dtús agus toisc go bhfuil breis is dhá bhliain imithe ónar fógraíodh ar dtús é, ceapaim gur fiú an cheist a chíoradh arís: Cén fáth a bhfuil gá ann le Reachtaíocht Teanga in Éirinn?

Cé go bhfuil stádas bunreachtúil ag an nGaeilge tá fíor-stádas na Gaeilge an-difriúil ón stádas bunreachtúil sin. Go dtí go mbeidh reachtaíocht ann chun éifeacht agus fiacail a thabhairt don stádas sa Bhunreacht ní bheifear in ann a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn. Mar gheall ar an easpa reachtaíochta is deacair a chur in a luí ar eagrais Stáit go bhfuil cearta ag pobal na hÉireann maidir le seirbhís trí Ghaeilge a fháil – rud a chruthaíonn deacrachtaí do phobal na Gaeilge sa tír i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe.

Tá na deacrachtaí seo aitheanta. Mar shampla, rinne an tOmbudsman tagairt don fhadhb ina thuarscáil do 1996. Bhí an méid seo le rá aige maidir leis na fadhbanna atá ag a Oifig in éagmais reachtaíocht teanga: "Ó tharla go mbíonn na fadhbanna .. ann arís agus arís eile, tá taca ann don argóint go bhféadfadh Acht Teanga cabhair a thabhairt i ndáil le córas scrúdaithe gearán níos éifeachtaí a bheith ann." Cúis eile don ghá le reachtaíocht theanga ná míshásúlacht an chórais phleanála – nó easpa córais pleanála fiú – atá ann chun seirbhísí Stáit a sholáthar trí Ghaeilge. Rinne Foras na Gaeilge, nó Bord na Gaeilge mar a bhí, an chomhlacht tras-teorainn a bhfuil mar chúram air an Ghaeilge a chur chun cinn, iarracht tabhairt faoin gceist sin.

Luaim ach go háirithe na treoirlínte a réitíodh i 1993 mar bhonn le haghaidh clár gníomhaíochta a bhí le hullmhú agus le cur i gcrích ag Ranna Rialtais agus ag Eagrais Stáit chun an dátheangachas a chur chun cinn san Earnáil Phoiblí agus chun feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Tá feidhm leis na treoirlínte sin i gcónaí agus, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe bainte amach acu, is léir sa gcuid is mó de go ndearnadh neamhaird orthu. Caithfear a admháil go bhfuil an iomarca eagras Stáit ann fós nach bhfuil an cúram ceart á dhéanamh acu den phleanáil is gá le haghaidh leathnú an dátheangachais. Tá go leor acu nach bhfuil cúram dá laghad á dhéanamh acu i dtaca leis an gceist.

Níl cuireadh ná deis á thabhairt don phobal ag dóthain eagras Stáit a rogha teanga a úsáid. Níl eolas á thabhairt don phobal faoi na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil. Ní thógfar an Ghaeltacht san áireamh ag bunáite na n-eagras Stáit nuair a bhíonn seirbhísí á chur ar fáil acu. Ní drochsheirbhís trí Ghaeilge atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta ná ó phobal na Gaeilge ach seirbhís ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla. Tá seirbhís ar chomhcháighdeán ag dul do lucht na Gaeilge ó thaobh comhionannais de. Tá sé cruthaithe cheana féin go minic sa tír seo go bhfuil an earnáil phoiblí go maith chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a chur ar fáil go héifeachtach. Táim féin ach go háirithe, agus an Rialtas i gcoitinne, aontaithe sa tuairim go bhfuil gá le hathrú ó threoirlínte neamhreachtúla go dtí córas foirmiúil reachtúil a chuirfidh de dhualgas ar an Státcóras a chearta a thabhairt do phobal na Gaeilge. Ar ndóigh tuigim go maith go mbeidh gá le hathrú mór meoin san earnáil phoiblí fosta.

Maidir le stádas bunreachtúil na Gaeilge tá sé deacair a shamhlú go bhfuil foráil níos láidre maidir le cúrsaí teanga in aon Bhunreacht eile ná mar atá i mBunreacht na hÉireann. An fhadhb atá againn, ar ndóigh, ná nár fhorbraíodh an fhoráil sin riamh trí reachtaíocht. Ní minic imeachtaí dlí maidir leis an nGaeilge a bheith os comhair na gcúirteanna ach forbraíodh prionsabail agus cearta ag na cúirteanna maidir le stádas agus le húsáid oifigiúil na Gaeilge. Cé go bhfuil na cúirteanna sásta plé le cásanna aonair a gcuirtear faoina mbráid, níl breithiúnas ginearálta tugtha acu maidir leis an dualgas atá ar an Stát faoi chúrsaí Gaeilge i gcoitinne.

Is cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge a bhí mar theanga dhúchais ag formhór a muintire anuas go dtí an naoú haois déag. Tá athréimniú na Gaeilge ina aidhm náisiúnta in Éirinn. Ar ndóigh is le toil an phobail agus go céimniúil a bhainfear amach an aidhm sin. Caithfidh gach dream sa phobal a chion féin a dhéanamh chun an aidhm sin a bhaint amach. Deir an seanfhocal, "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" agus ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht an teaghlaigh ó thaobh caomhnú teanga de. Mura bhfoghlaimítear an Ghaeilge ón gcliabhán, laistigh de struchtúr na clainne, ní mhairfidh sí. Ta dualgas orainn uilig, mar sin de, tacaíocht láidir a thabhairt d'fhoghlaim agus do lonnú na teanga sa bhaile, i measc an aosa óig. Ní féidir leis an Rialtas amháin na cúramaí seo a chomhlíonadh. Is den riachtanas é, áfach, go mbeadh lán-tacaíocht le fáil ón Rialtas. Agus é sin ráite is gá tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo. Is chuige sin atá an Bille Teanga a n-ullmhú againn.

Sula bhogaim ón gcúlra go dtí na fíricí, teastaíonn uaim a rá go bhfuilim lándáiríre faoi thábhacht an Bhille seo a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana. Tá sé ráite go poiblí ag na páirtithe polaitiúla uilig go bhfuiltear i bhfábhar Bille den chineál seo agus táim ag súil le plé spreagúil, fuinniúil agus le hinchur agus tacaíocht tras-pháirtí don reachtaíocht seo nuair a shroichfidh sé Oireachtas Éireann.

Is iad na bunaidhmeanna atá leis an mBille seo ná cearta teanga saoránach a shonrú i gcomhréir le stádas bunreachtúil na dteangacha oifigiúla agus dualgais Ranna Stáit agus na hEarnála Poiblí a shonrú maidir le seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh sna teangacha oifigiúla. Tá sé i gceist chomh maith Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus chun féachaint chuige go gcuirfear é i bhfeidhm.

Leagfaidh an Bille seo bonn reachtúil i dtaca leis na teangacha oifigiúla (Gaeilge agus Béarla) agus chomh maith leis sin cinnteoidh sé cearta teanga an tsaoránaigh ina c(h)aidreamh leis an Stát. Léiríonn an Bille go bhfuil Rialtas na hÉireann lán-dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne agus tagann sé leis an méid atá leagtha amach i gClár Oibre Athbhreithnithe an Rialtais don Mhílaois úr i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is dóigh liom fosta gur lá fíor-stairiúil é do Ghaeilgeoirí na tíre faoi chéim Chomhaontú Aoine an Chéasta an bhliain seo caite, nuair a tugadh don chéad uair aitheantas suntasach don Ghaeilge sa Tuaisceart. Cé go bhfuil deacrachtaí polaitiúla le feidhmiú iomlán an Chomhaontaithe, mar is eol do achan duine, tá dualgas orainn brú ar aghaidh ar mhaithe le todhchaí síochánta an oileáin agus na nglún atá le teacht.

Tá mar chuid lárnach de phroiséas an Comhaontaithe na Forais Trasteorann agus Comhairle na nAirí a úsáid mar ghléasanna le comhoibriú uile-Éireannach a chur ar bun. Ó tharla nár aithin an Ghaeilge aon teorainn ariamh is ceart agus is cóir go ndéanfaí plé leis an nGaeilge go hoifigiúil ar bhonn uile-Éireann agus gur roghnaíodh an Ghaeilge agus cultúr agus teanga na hUltaise le bheith mar bhonn do na chéad Fhorais Trasteorann. Ar ndóigh athróidh sé seo ní amháin saol na Gaeilge ach de réir a chéile saol na tíre ar fad. Beidh an t-athrú seo in amanntaí deacair ach ní foláir dúinn an bóthar seo a thaisteal le díogras agus le fonn.

Nuair a chuirtear leis an méid atá ráite thuas, an ról gníomhach atá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta & Oileán ag glacadh maraon leis an méid atá déanta ag an Aire Oideachais maidir le cúrsaí na Gaeilge i gcúrsaí oideachais agus an tacaíocht leanúnach do TG4 agus Raidió na Gaeltachta is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas seo agus mé féin mar Aire le cúrám na Gaeilge uirthi lándáiríre i dtaca le caomhnú, cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.

Táim ag súil go mór le hoibriú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus gabhaim buíochas don Seanad as an gcaoinchuireadh a tugadh dom bheith libh anseo inniu.

Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh leis an Aire nua – tá Gaeilge bhinn bhlasta aici, cé nach dtuigim í i gcónaí, mar gurb as Contae Dhún na nGall di. Ach tá súil agam go ndeanfaidh sí an-obair sa phost nua atá fachta aici.

Táimid ag caint faoin nGaeilge agus conas mar a bheidh sí sa saol nua atá romhainn agus roimh ár bpáistí. Caithfear i bhfad níos mó a dhéanamh don Ghaeilge i measc na ngnáthdhaoine. Labhartar an Ghaeilge sa Ghaeltacht gach lá ach níl mórán Gaeilge le clos sa Ghalltacht. Caithfimid é sin a bhriseadh. We must break down the distinction in our minds between the two different places.

Labhair mise Gaeilge sa Ghaeltacht i gcónaí, ach nuair i imím ón nDaingean, tosaím ag caint Béarla arís. Bíonn daoine sásta an Ghaeilge a labhairt ach anseo i mBaile Átha Cliath ní gach duine atá sásta í a labhairt. We must break the barrier down. It is as natural to speak Irish here as it is in the Gaeltacht.

I come from a Gaeltacht tradition. Tháinig m'athair ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge le blianta fada. Bhí sé ina thimire Gaeilge agus théadh sé timpeall Contae Thiobrad Árainn agus Contae Ua bhFáile nuair a bhí sé óg ar a rothar. Bhí a lán daoine eile ag déanamh obair den tsórt céanna timpeall 1924 ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do na gnáthdhaoine. Bhí an-sprid iontu agus an-tuiscint acu don teanga agus an-suim ag na gnáthdhaoine sa Ghaeilge. Bhíodh na mílte daoine ag freastal ar na ranganna Gaeilge a bhíodh acu in áiteanna mar An Teampall Mór agus mar sin de. Bhí suim ag na gnáthdhaoine sa teanga agus sa chultúr agus d'éirigh go mór leis.

Ar mo chéad lá ar scoil, bhí na paidreacha á rá againn as Béarla agus ní raibh siad ar eolas agam mar is i nGaeilge a bhíodh na paidreacha i mo theachsa i gcónaí. Rinne m'athair a dhícheall dúinne agus táimse ag déanamh mo dhíchill do mo pháistí féin le go mbeidh suim acu sa Ghaeilge ach is tír eile ar fad í anois.

Is cuimhin liom an Language Freedom Movement mar gheall ar an nGaeilge éigeandach agus an troid a bhí ann faoi. Nuair a bhíomar inár scoláirí bhí orainn pas a fháil sa Ghaeilge chun dul go dtí an ollscoil. Tá sé sin imithe anois, agus is maith as é. Mar níl aon mhaitheas sa rud atá éigeandach. Caithfidh an tsuim a bheith ag an ngnáthdhuine sa ghnáthchultúr.

Is cuimhin liom a léamh nuair a bhí mé óg iScéala Éireann – chun glóire Dé agus onóir na hÉireann. Is minic a léigh mé é sin agus a dúirt mé, nach bhfuil aon chultúr eile ann seachas Scéala Éireann. Sin an cultúr a bhí i mo theachsa cé nach raibh baint ag m'athair le Fianna Fáil in aon chor, ach bhí baint aige leis an gcultúr i gcónaí.

Nuair a bhí mé sé bliana déag d'aois cheannaigh mé The Irish Times agus táim á cheannach ó shin. Tá an-suim ag an bpáipéar sin sa Ghaeilge agus an-bhá acu leis an gcultúr agus déanann siad iarracht a chur ina luí orainn mar rud maith. Caithfidh mé a rá go fírinneach go bhfuil an-suim ag an Irish Times freisin sa Ghaeilge agus an-bhá acu don chultúr. Deineann siad iarracht a chur ina luí orainn gur rud maith agus gur rud íontach é go mbeadh a love for, an interest in, an honour for our language, and I recognise that as well. Nuair a bhím ag éisteacht le mo pháistí agus le páistí eile tugaim faoi deara nach bhfuil mórán meas acu don Ghaeilge. They do not have a great interest in Irish but they are open and interested in Irish things. Bíonn siad ag féachaint ar TG4. Is maith leo an tseirbhís sin. Is rud iontach é don chultúr. Déarfainn go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas agus go bhfuil níos mó daoine ag féachaint air. Is maith leis na páistí Bono agus U2 agus grúpaí eile mar sin freisin. We should be trying to promote the use of Irish through modern rock groups such as U2. It will not be difficult to get music groups to support such an idea. We should actively promote the language in the modern music of young people. We should go after the big names and ask them to put some Irish lyrics to their songs.

Bono and U2 are uniquely popular, not just in Ireland but all over the world. They are winning awards for many achievements, they are a special group and tá mé cinnte nach mbeadh mórán deacracht ann if we could encourage them and groups like them who are top of the pops. It would increase the use of Irish and the awareness of the language. Bhí mé ag obair mar mhúinteoir le blianta fada agus tháinig timpeall 40 againn le chéile as gach aird den tír tar éis 25 bliana, about 40 of us came together. Bhíomar ag caint faoin rud ba mhó go raibh cuimhneamh againn air agus bé an t-am a bhíomar sa Ghaeltacht an rud sin. Tá sin an-thábhachtach ar fad. Nuair a théann scoláirí go dtí an Ghaeltacht baineann siad an-taitneamh as an saol a bhíonn acu ann.

It is a unique thing for young people to go on holiday to the Gaeltacht. I have encouraged my own children to go there and they have enjoyed the experience immensely. However, when young people go to the Gaelteacht there are scholarships. Bíonn scoláireachtaí ann ach is scoláireachtaí do bhaill an Chumann Lúthchleas Gael is mó a bhíonn ann, is dóigh liom, ach b'fhéidir nach bhfuil an ceart ar fad agam sa mhéid sin. When people go to the Gaeltacht there should be scholarships available to all students. If some people get a scholarship through the GAA specifically, then all do not get the same benefit. Senator Ó Murchú can correct me on that if I am wrong. Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm ag gach meánscoil gach scoláire, every student, a chur go dtí an Ghaeltacht uair amháin ar a laghad. Conas is féidir é sin a chur i bhfeidhm? You must give scholarships to everybody, there should be no distinctions and they should be available uniformly across the board for all second level students who want to go to the Gaeltacht.

I acknowledge the support and commitment shown by families in the Gaeltacht, particularly the fear a' tí and the bean a' tí and their children, towards the visitors they receive. They make a significant contribution to the happiness and learning process of the children. However, from my experience of the Kerry Gaeltacht, we need certain criteria in terms of recreation and sports facilities. Activities such as céilis and sport are very popular. B'fhéidir go mba chóir dúinn níos mó airgid a chaitheamh sa Ghaeltacht ar rudaí a bhaineann le daoine óga, mar shampla, indoor sports and recreational amenities. They are quite poor and that is one criticism I have of the Gaeltacht experience. The same broken net fence has been around a rundown basketball court in the Kerry Gaeltacht for the past 20 years and this is not good enough. It echoes a view somewhere else.

Bhí mé uair amháin i nGaeltacht Thír Chonaill agus bhí sin an-deas ar fad. Ach ní raibh mo chlann ann riamh. My family never went there but I would like them to. We should standardise the facilities we have and insist on recreational amenities which are often not present.

Is as Droichead Átha domsa agus nuair a théann daoine óga ar scoil ann foghlaimíonn siad Gaeilge acu ach ní bhíonn mórán meas acu uirthi. In large urban areas on the east coast there is no great interest in Irish and although teachers do their best I know go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag ísliú sna scoileanna. Ba chóir go mbeadh níos mó béime ar labhairt na Gaeilge, the speaking of Irish, the oral skills, the language skills and phonetics. That is the direction we should be going and our primary school regime should change radically. We should have European languages other than Irish and English available. Is é mo thuairim go gcabhródh sé sin leis an Ghaeilge, that would add to rather than take from our objectives, and would also make for a broader European culture among students. Irish is necessarily an important part of this. Sa mheanscoil freisin ba chóir go mbeadh níos mó béime on the oral skills and tied into that you have Irish studies which are successful.

As we look into the 21st century I wonder what future there is for the Irish language. I am confident that it will do very well, that the Gaeltacht areas will continue to be lively and radical places where people speak a different language from most of the country. They are unique, special places. The planning policies for Gaeltacht areas, and especially holiday villages within those areas, require a committment to sustainable development. In our heart of hearts, we would love to see an Ghaeilge á labhairt ag gach duine. Ní tharlóidh sé sin ach tá súil agam go mbeidh níos mó suime agus níos mó confidence ag daoine sa Ghaeilge.

Our cultural identity is tied up not just with our language, although that is a core part of it. Music and other activities are also culturally important. I would love my children to be part of the Irish language scene, as I think they will be, and I would like others involved as well. The encouragement of young people to go to the Gaeltacht by making access easier and improving facilities will add to that.

There is a ritual about these debates. Tarlaíonn siad timpeall Lá 'le Pádraig gach bliain and this is not necessarily a good thing. Years ago everybody would take part in an Irish night and people would go to a céili on St. Patrick's Day. I am not sure if the céilis have died now but we should debate Irish language matters more often. We should set ourselves simpler challenges, although I am not suggesting that there is anything simple in what the Minister proposes. We should have achievable targets and one of them should be a quarterly debate on specific Irish language and culture issues.

Gura maith agat as ucht éisteacht liom agus le mo chuid Gaeilge. Tá sí beagáinín briste ach níl sí imithe go fóill.

I dtosach is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus tréaslú léi freisin. Go raibh rath Dé ar a saothar amach anseo. Is mian liom chomh maith fáiltiú roimh oifigigh na Roinne anseo. Is beirt iad a bhfuil an-obair déanta acu ar son na Gaeilge agus ar son an chultúir Ghaeilge le fada an lá. Molaim a ndíograis agus a n-eifeacht freisin. Mar Mhuimhneach bhain mé an-taitneamh as canúint cheolmhar Thír Chonaill a chlos. Tugann sé dúshlán dúinn gach canúint a thuiscint freisin.

Gabhaim buíochas leis an Teach toisc gur shocraíodar ar maidin ceiliúradh 50 bliain Comhaltas Ceoltóirí Éireann a cheangailt leis na ráitis anseo ar maidin. Tá mé chun úsáid a bhaint as an dá theidil sin freisin.

Bhí mé an-tógtha leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Dubhda agus molaim é mar gheall ar an dáiríreacht a léirigh sé ansin. Ní raibh fhios agam go raibh a athair ina thimire ag Conradh na Gaeilge i dTiobrad Árann ach is léir gur dhein sé an-obair ann. Nuair a tháinig na timirí ar ais sna seascaidí bhí mise mar dhuine den bheirt a ceapadh ag an am sin. Bé Máirtín Mac Cormaic, a bhí ina thuairisceoir san Irish Independent in a dhiaidh sin, an duine eile. Fuaireamar cuireadh ó Uachtarán na hÉireann ag an am, Éamon de Valera, dul suas go dtí an tÁras, mar dúirt seisean go raibh sé an-tógtha i gcónaí leis an timireacht a bhí déanta agus an íbirt a bhí déanta ag na timirí.

Sin an stair agus an cúlra a bhaineann leis an Ghaeilge. Molaim an tAire go mór mar gheall ar an óráid seo mar tá sé soiléir go bhfuil doimhneacht agus dáiríreacht ag baint leis. Is minic a tharlaíonn sé go mbíonn óráid ann agus nach mbíonn ann dáiríre ach sop, ach tá an-áthas orm go bhfuil an tAire agus an Roinn ag plé le rudaí atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh stádas na Gaeilge de sa tír agus todhchaí na Gaeilge freisin, go mór mhór maidir le Bille na Gaeilge agus arís ní abairt nó dhó atá caite isteach san óráid. An rud is tábhachtaí im thuairimse maidir le Bille na Gaeilge ná a aithint go bhfuil an-dea-thoil ann don Ghaeilge anois. Is é mo thuairim go bhfuil i bhfad níos mó dea-thola ann anois ná mar a bhí ann 30 bliana ó shin mar is cuimhin liomsa go maith nuair a bhí an feachtas ar siúl ag an Language Freedom Movement go raibh an-nimhneas ag baint leis an díospóireacht ag an am. Níor chabhraigh sé sin dáiríre leis an Ghaeilge. Chaithfeadh an dea-thoil a bheith ann i dtosach agus chaithfeadh eolas ar an Ghaeilge a bheith ann in a dhiaidh sin. Ach tá sé an-dheacair mórán a dhéanamh sa timpeallacht má bhíonn eolas ann gan dea-thoil. I ngach suirbhé a deineadh le déanaí, i measc tuismitheoirí agus i measc an ghnáth phobail tá sé soiléir go bhfuil breis agus 70 faoin gcéad thar a bheith fábharach don Ghaeilge. Dá dtarlódh sé sin maidir le hábhar ar bith eile bheadh an tír thar a bheith sásta. Sin mar atá sé. Tháinig an Ghaeilge go mór i gcabhair orainn le déanaí freisin le suirbhé a deineadh san Eoraip maidir le teangacha agus labhairt teangacha éagsúla. Ach amháin gur admhaigh beagnach 40 faoin gcéad go raibh an Ghaeilge á úsáid acu mar theanga bheadh an tír seo ag an bun maidir le labhairt teangacha san Eoraip. Bhí an United Kingdom ag an bun ach toisc an Ghaeilge a bheith á labhairt anseo do chabhraigh sé sin linn. Is ionann sin agus a rá go bhfuil eolas againn ar an Ghaeilge agus go bhfuil dea-thoil ann don Ghaeilge.

Luadh Fhoras na Gaeilge anseo agus is mian liom fáiltiú roimh rúnaí Fhoras na Gaeilge Éamon Ó hArgáin atá linn anseo inniu agus molaim an obair atá ar siúl acu. Seo ceann de na rudaí is stairiúla a tharla ó thaobh ceist na Gaeilge sa chéad seo. Do chruthaigh sé dhá rud. Do chruthaigh sé i dtosach go raibh an Ghaeilge in a beo-cheist agus in a beo-theanga. Tá sin tábhachtach chun dóchas a thabhairt do dhaoine. Chomh maith leis sin do chruthaigh sé nár bhain an Ghaeilge le h-aon aicme amháin nó le h-aon pháirtí polaitíochta amháin, nár bhain sé le h-aon eaglais amháin nó le h-aon aois-ghrúpa amháin. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad agus is féidir leis an bhForas dóchas nua a thabhairt dúinn mar más féidir leis obair phraiticiúil a dhéanamh ar an talamh ins an tír iomlán tabharfaidh sé sin seans do dhaoine a bheith ag caidreamh le cheile i dtosach, ní h-amháin mar gheall ar an Ghaeilge ach mar gheall ar rudaí eile a bhaineann le timpeallacht na Gaeilge freisin. Chomh maith leis sin, bhí sé seo mar cheann de na chéad áisínteachtaí tras-teorann a tháinig ar an saol agus ag obair. Tá súil agam nach mbeidh aon chosc nó aon stop curtha leis an obair seo de bharr na ndeacrachtaí a bhaineann le cúrsaí polaitíochta i láthair na huaire. Táim cinnte nach dtarlóidh sé sin. Bímid ag caint go minic faoi na meáin chumarsáide agus bhí an-díospóireacht againn anseo le déanaí go mór mhór maidir le cúrsaí craolacháin.

Thug gach duine agus gach taobh anseo ard-mholadh do TG4 de bharr na hoibre atá ar siúl acu. Tá an tseirbhís an-óg agus ní féidir a rá go bhfuil mórán maoine acu go fóill. Tá proifisiúnachas ag baint le TG4 áfach. Ta daoine óga chun tosaigh ann agus tá cuid de na cailíní ann thar a bheith dathúil caithfidh mé a rá. Mar sin tá íomhá óg i TG4 don Ghaeilge. In an-chuid slite tá TG4 ag féachaint ar na seansanna a bhí ag RTÉ na blianta ó shin agus anois tá dea-thoil arís ann do TG4. Tá daoine ar bheagán Gaeilge ag féachaint ar TG4. Tá siad ag caint faoi na cláracha ann agus ba chóir dúinn gach cabhair gur féidir linn a thabhairt dó. Tá an chinnireacht agus na daoine atá ag obair i TG4 agus an fhealsúnacht atá acu ag tabhairt dóchais dúinn uilig mar tá sé ann. Thug Raidió na Gaeilge ard-chaighdeán don Ghaeilge le fada an lá. Do thógadar an Ghaeilge amach i measc an phobail, i lár an aonaigh, agus bhí sé sin tábhachtach mar is minic nach n-úsáidtear an Ghaeilge ach amháin nuair a bhíonn sí á plé. Ní cóir go mbeadh sé mar sin. Ba chóir go mbeadh ar ár gcumas gach rud a bhaineann le cúrsaí reatha a phlé tré Ghaeilge. Luaim freisin cláracha cosúil le Léargas agus Cúrsaí ar RTÉ. Fiú amháin caithfear smaoineamh siar ar an obair a dhein Liam Ó Murchú le Trom agus Éadrom. Do chabhraigh cláracha mar sin chun an Ghaeilge a thógaint amach as an ghetto mar a déarfá agus é a chur amach i lár an aonaigh.

I was most impressed by Senator O'Dowd and his bilingualism. I am a little worried that if one speaks only in Irish on an occasion such as this, one sometimes discourages other Members of the Oireachtas who have important contributions to make. Members who might regard themselves as relatively fluent are often in a cocoon with regard to the views of the public. This would be very wrong because the language does not belong to any single organisation or group. It is a beautiful language. It is also an expressive language, not only in a literary sense but also in a functional sense. It is a national treasure and such treasures belong to all our people. In his presentation, Senator O'Dowd indicated the manner in which we could introduce bilingualism on more frequent occasions in the Seanad. I already see this happening but I would like to see it happening more frequently.

I wish to refer to the voluntary organisations. Tá sé tábhachtach creidiúint a thabhairt dóibh. Gan na heagrais sin a bheith ag saothrú ar son na Gaeilge, agus tá a lán díobh ann, tá gach seans ann nach mbeadh an áit chéanna ag an Ghaeilge, fiú amháin sa chóras stáit. Ach chomh maith leis sin do bhíodar in ann an Ghaeilge a thógaint amach i measc an phobail go háitiúil. Táimid go mór faoi chomaoin ag gach eagras a rinne an obair sin agus is maith an rud é go bhfuil cabhair á thabhairt ag an stát dóibh. I take this opportunity, as was agreed in the House this morning, to refer to Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Since Members are obliged to declare our vested interests, I had better do so now by indicating that I hold the position of Árdstiúrthóir in Comhaltas Ceoltóirí Éireann, a position of which I am particularly proud. Comhaltas Ceoltóirí Éireann is currently celebrating its 50th anniversary. We have held some exceptionally good events. The first took place on the streets of Dublin when the Garda stopped the traffic for us for a couple of hours. Since an old building at 14 Thomas Street was the home of the old Pipers Club, which was founded in 1936 and was responsible for the founding of Comhaltas Ceoltóirí Éireann in Mullingar, our first function was held there.

Last weekend we went to Mullingar. Two of the founders are still alive. One is an uileann piper, Willie Reynolds from County Westmeath, and the other is Paddy McElvaney from County Monaghan. We were able to celebrate with both men and many others and it was a wonderful reception.

We also went to Leeds where we had an excellent weekend which recognised the great work which people living abroad have carried out for our culture, not just for music but also for the language. In many ways they gave courage to those of us at home. When we were getting lackadaisical or afraid to put our heads above the parapet they were always doing so as it was their mark of identity and the means by which they could come together to celebrate their roots. We will travel to Toronto in April where over 2,000 people from all over the US and Canada are already registered and will celebrate the 50th anniversary of the organisation. An e-mail invitation will be issued to the Minister of State to attend the celebrations.

The important thing about Comhaltas is that, together with organisations such as RTÉ, or 2RN as it was known, and people like Ciarán MacMathúna, Seán MacRéamoinn, Séamus Ennis and others, it has been able to bring music back to centre stage so it is not elitist. The proof of their success was that the All-Ireland Fleadh Ceoil in Enniscorthy last year attracted 230,000 people, 10,000 of whom were performers, most of whom were young. This highlights the fact that the young generation has taken the culture on board.

Aon áit a bhíonn an ceol bíonn an timpeallacht báúil don Ghaeilge agus tugaim faoin deara go gcuireann na daoine óga atá ag gabháil don cheol suim sa Ghaeilge.

Celebrating the 50th anniversary of any organisation is not about blowing trumpets, beating drums or patting ourselves on the back but about refreshing our idealism and re-examining what we have done. One of the greatest achievements of Comhaltas was to harmonise relationships on this island. Comhaltas has 70 branches in Northern Ireland which involve both traditions. This was underlined by the fact that the DUP, the UUP, Sinn Féin and the SDLP wrote to me asking that we bring Fleadh Ceoil na hÉireann north of the Border. I have never seen those four parties agree, yet they agreed on the fact that they would like to see 200,000 people from all over the world going north of the Border to celebrate something in which we all have a common interest. It is important that we recognise that our heritage is much older and more vibrant than our more recent political divisions.

Today's newspapers contain articles concerning the most recent report on the tourism industry. One of the headlines refers to the fact that, to be succcessful, hotels and guesthouses should promote Irish culture. This highlights the economic advantage to our culture. We must not only think in mercenary terms. Since Ireland joined the greater European family every Irish person travelling abroad wants to emphasise his or her Irishness. Úsáideann siad an Ghaeilge gach seans a bhíonn acu chun a thaispeáint gur Éireannaigh iad agus go bhfuil oidhreacht agus traidisiún faoi leith acu.

This is big news. When Comhaltas was founded in the 1950s traditional culture was at a low ebb because of the huge exodus from the country. Employment and commercial concerns were more important then but the spirit of Ireland has been revitalised in many ways. I hope Deputy Coughlan will not mind me saying that we are lucky to have a young Minister of State to give us guidance and leadership as we need energy in this area. It is easy to become tired and weary because we only seem to discuss these issues around St. Patrick's Day. However, these issues are live among the public.

A scientific survey carried out for the Arts Council some years ago by a leading market research company and Trinity College found that in all age groups, geographic locations and classes, Irish traditional music was the premier pursuit above any other living art form. This is not a boast but it places in context the fact that the majority of people of all ages are embracing this culture.

The fact that we are having this debate on the language and Comhaltas Ceoltóirí Éireann underlines the recognition being given to them by the State and the House. I hope that whatever divisions they created will be forgotten. The language belongs to the whole nation and we should all work together and enjoy it. The language should be a cause for celebration and enjoyment as it does not have to be treated in an overly-serious manner. We should not correct people if their grammar is incorrect. We could all be corrected on our English grammar yet this does not happen because it is not good manners to do so. Therefore, it should not be good manners to correct someone's Irish grammar. We should be allowed to use whatever Irish we have in an open, free and generous manner.

Without the Gaeltacht most of us would never have been exposed to the language in the manner in which we were. The Gaeltacht made an impact on us but also proved that Irish was a living language which could remain so in the most progressive country in Europe. The important point was that Irish continued to be a functional and not just a literary language. We always look to the Gaeltacht in that regard.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis an Teach as ceiliúradh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a cheangal leis an nGaeilge. Tá súil agam go mbeidh sé de mhisneach ag Seanadóirí eile amach anseo labhairt ar an ábhar seo i mBéarla nó i nGaeilge.

An Leas-Chathaoirleach

Before calling Senator O'Toole I welcome the Minister of State, Deputy Coughlan. This is her first visit to the House since her appointment as Minister of State and I wish her every success.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire mar dhuine a thagann ó chlann mór múinteoireacht agus seirbhíse poiblí. Tá súil agam go ndéanfaidh sé jab den scoth mar atá déanta aici ó tháinig sí isteach sa Dáil.

An bhfuil an Seanadóir chun an méid sin a scríobh anois?

Déanfaidh mé é sin go hoifigiúil.

Tá sé deacair orm labhairt ar an ábhar atá á phlé againn inniu. Aontaím le nócha faoin gcéad den méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú ach ní aontaím leis an bpíosa deiridh. An deacracht atá agam leis agus leis an méid a dúirt an tAire i dtosach ar maidin ná an comhthéacs as a dtagann sé. An t-aon rud diúltach a déarfaidh mé ná nuair a thosaíonn an tAire Stáit le cliché mar Tír gan Teanga, Tír gan Anam, táimid caillte agus tá an argóint caillte againn arís agus arís eile. Seo í an fhírinne. D'fhéadfadh an tír seo dul ar aghaidh leis an bhforbairt chéanna is atá ar bun anois, gan an teanga. Ach is iomaí duine a bhfuil an dearcadh seo acu. Agus ní mór dúinn é sin a thuiscint, before we take another step. Caithfimid teagmháil a dhéanamh leis na daoine seo chomh maith.

Ba mhaith liom féachaint ar cheist na nGaeltachtaí. Maidir le polasaithe an Stáit i leith na Gaoluinne ó bunaíodh an Stát, an deacracht is mó leo ná go raibh na polasaithe sin dírithe níos mó ar Ghalltachtaí ná ar Ghaeltachtaí. Nílim ag cur an milleáin ar aon Rialtas faoi leith.

Ós rud é gurb iad na Gaeltachtaí foinse na teanga ba chóir dúinn gach rud a chur in ord sna Gaeltachtaí i dtosach. What does that mean? Go bhféadfadh daoine a saoil a chur isteach trí mheán na Gaoluinn, go mbeadh oideachas le fáil trí Ghaoluinn ag na trí leibhéal difriúla sa Ghaeltacht. Gan sin ní éireoidh linn.

Do chaith mé inné agus arú inné ag tabhairt cuairte ar gach scoil Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne chun ceist na Gaoluinne a phlé leo, féachaint cad iad na deacrachtaí atá acu agus cad atá ag teastáil uathu. Tá staid na Gaoluinne ag cur isteach ar na múinteoirí sna scoileanna sin. In a lán de na scoileanna Gaeltachta tá cuid mhaith de na leanaí ag teacht isteach chucu gan Gaoluinn ón gcliabhán, nó mar theanga baile. Bhí mé i scoileanna i nDún Chaoin, sa Daingean, sa Ghleann, i bhFeothanach agus i ngach aon cheann acu bhí leanaí ann gan Gaoluinn. I gcásanna eile chuaigh tuismitheoirí na leanaí thar lear fiche bliain ó shin, d'fhill siad arís, agus is i Londain nó áit mar é a rugadh na leanaí agus níl Gaoluinn acu.

Bhuail mé le leanaí inné faoi aois a deich ón nGearmáin, ón Iosréil, ón Spáinn, atá ag dul ar scoil i nDún Chaoin. Is breá an rud é sin ach cén fáth nach mbeadh na hacmhainní agus an tacaíocht chéanna ag na scoileanna sin is atá ag gaelscoileanna sa Ghalltacht. It is nonsense. Na scoileanna sin ag iarraidh agus gach fadhb acu agus gan de thacaíocht acu.

Ar an gcéad lá Meán Fómhair cuireadh an curaclam nua Gaoluinne do na Gaeltachtaí i bhfeidhm sna scoileanna Gaeltachta. Níl téacsleabhar ar bith foilsithe don chúrsa nua ná níor cuireadh go leor oiliúint inseirbhíse a chur ar na múinteoirí. Chaith mé cúpla uair a chloig le múinteoirí i scoil ar an mBuailtín maidin Dé Luain agus bhí teacsanna nua curtha le chéile ag múinteoirí sa scoil sin do scoileanna eile sa timpeallacht. It is not as if this was not anticipated. Chuaigh mé féin go dtí an tAire Oideachais bliain ó shin agus d'impigh mé air cúpla múinteoirí a thógáil amach as na scoileanna ar feadh sé mhí nó mar sin – níl na comhlachtaí foilsitheoireachta sásta infheistiú a dhéanamh i margadh chomh cúng – chun téacsanna a chur le chéile a d'fhéadfaí a fhoilsiú ansin le go mbeadh siad ann in am. Ach ní dhéanfadh an Roinn é sin.

Is trua go bhfuil an Seanadóir O Murchú imithe mar baineann a lán de na rudaí a dúirt sé mar gheall ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann go dlúth leis an gceist seo. Bhí an ceart aige go raibh nach mór ceathrú milliúin daoine ag an bhFleá anuraidh. Ach bhí a dhá nó a thrí oiread sin de leanaí óga ag freastal ar rock concerts i gcaitheamh na bliana chomh maith. Ach caithfidh balance a bheith ann idir an dá rud.

Dúirt an Seanadóir go mbeadh cuireadh á fáil ag an Aire dul go Toronto. Labhair mé féin le dreamanna daoine i dToronto agus bhí Comhaltas ina measc agus ní raibh siad ró-shásta leis an méid a dúirt mé. Agus mholfainn don Aire an rud céanna a rá leo. Cheap mé go raibh siad i time warp ó na caogaidí. Dúirt mé leo gur bhreá an rud cultúr na Gaoluinne a bheith ansin acu agus an-suim acu sa traidisiún ach an rud is tábhachtaí ná nach bhfuil i dtraidisiún ach cultúr agus gur thosaigh gach gné de thraidisiún agus cultúr na tíre i measc daoine a bhí ag fás agus ag forbairt agus go mbíonn sé de shíor ag dul ar aghaidh. Sin atá déanta ag Comhaltas ach ní mór go dtuigfeadh na hÉireannaigh i dToronto nach bhfuil cultúr agus traidisiún na hÉireann teoranta ag Comhaltas agus ag teanga na tíre. Tá i bhfad níos mó ann.

In addition, Irish culture includes not only Riverdance and the Chieftains but also U2, Sinéad O'Connor and so on. The Minister of State must tell them that. If they cannot hack it, they should forget it. It is all part of it and that is what is important. Is féidir é sin a dhéanamh trí Ghaoluinn chomh maith. We should not get into the habit in Toronto of falling into the time warp where the only Irish people are those who cannot see beyond 1950. Tá spás do gach aon rud ann. Bhí mé ag caint le fear i nDún Chaoin inné, i bhfoinse na Gaoluinne. Tháinig turasóir inár dtreo. Bhí gnéithe de chultúr na Gaoluinne ar gach taobh dínn – teach mhac Pheig Sayers, Krugers, an Chultúrlann – agus an cheist a chuir an turasóir seo ná Where is the house belonging to Dolores Riordan, the lead singer with the Cranberries? There was nothing wrong with that. However, unless we accept that is where we are at agus an duine a chuir an cheist seo, bhí meas agus grá aici don teanga. She was also a rock supporter.

People do not just come here for these things. Tiocfaidh siad go dtí an tír seo chun báthadh inár gcultúr agus sa chultúr tá teanga, na cultúrlann, Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhfuil an-jab déanta acu. They have given a new life don teanga, but as well as that we also must include U2, Sinéad O'Connor, Dolores O'Riordan and others. If we cannot have that leis an teanga then we are simply killing it. Because an deacracht atá ann, if I can murder a metaphor, ná go bhfuilimid ag iarraidh Gaeilge a bhrú siar scornaigh daoine óga inár scoileanna ach ní hiad na daoine óga atá á thachtadh againn ach an teanga féin. Sin an comhthéacs nach luaitear.

Ba chóir dúinn infheistiú a dhéanamh sa Ghaeltacht le go mbeidh oideachas de gach leibhéal ar fáil ann agus fostaíocht chomh maith. Ansin d'fhéadfadh an Ghaeilge dul amach ó na Gaeltachtaí in ionad mar atá ar siúl faoi láthair, é á tharraingt ó na Gaeltachtaí. Tuigeann an saol na hargóintí agus na deacrachtaí a bhíonn agamsa lá i ndiaidh lae le han-chuid de na heagrais Ghaoluinne. Tá sé mar aidhm againn go léir go mbeidh Gaoluinn ar a dtoil ag muintir na hÉireann. The problem I have with that is that dá dtarlódh sé sin tomorrow morning, how many of the eagrais Ghaoluinne would care then about those people ar imeall na tíre seo in the west of Ireland who are members of the Gaeltachtaí now? That is why we must have a commitment to them. Tá a fhios agam go bhfuil an chuid sin dá Dáilcheantar atá ina Ghaeltacht tábhachtach don Aire Stáit agus tá sé tábhachtach domsa freisin mar tagaim féin ó cheantar atá an-chosúil leis i gCorca Dhuibhne. An rud a chuireann sceoin i gcónaí orm ná go bhfuil níos mó measa ar an teanga ná mar atá ar mhuintir na nGaeltachtaí. Fiche bliain ó shin tháinig deireadh leis an ngrúpa Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus is mór an trua é because they were beginning to hurt and they were beginning to push. Bhí a lán idir láimhe acu agus is trua nach raibh níos mó de sheans acu.

Sa bhliain 1981 nó 1982 d'fhoilsigh John Wilson, más cuimhin liom, Páipéar Oideachais agus bhí giota ann dírithe ar an nGaoluinn agus ba mhaith an rud é a léamh anois ag an bpointe seo mar ceann de na rudaí a dúradh mar gheall ar mhúinteoirí ná – agus tá sé ráite ag cainteoir eile inniu – go raibh caighdeán Gaeilge na múinteoirí íslithe go mór. I will say it again, the standard of Irish teachers has dropped and there are many reasons for that. Teachers want me to say that. Tá meáchan Athbheochan na Gaeilge ag titim ar ghuaillí na múinteoirí le seachtó bliain anuas. It is not working agus ba chóir dúinn féachaint ar ais ar an méid sin agus ar an bpolasaí.

I 1924 nuair a d'aistrigh an córas oideachais from an English-language based system to an Irish-language based system, what did we do as a country? Thugamar múinteoirí bunscoile na tíre go dtí na Gaeltachtaí ar feadh trí nó ceithre mhí. We just soaked them in the language. Agus bhí fuinneamh agus coimitmint nua iontu ag a dheireadh agus rinneadh jab an-mhaith sna fichidí, sna tríochaidí agus sna daicheadaí. Ba chóir go mbeadh an seans ann do mhúinteoirí na linne seo. Bheadh sé i bhfad níos áisiúla – I know people like my colleague, Senator Ross, would no doubt say that I am looking for a free holiday for teachers 'sna Gaeltachtaí. People with no vision may well say that. Ach is cóir rud mar sin a dhéanamh.

Poor Senator Ross.

Yes, but he is not here to defend himself on this occasion.

I am defending him.

He deserves it all.

Ní thuigeann sé.

Ba mhaith liom go mbeadh tuiscint ann ar an méid is féidir a dhéanamh sna bun scoileanna agus sna meánscoileanna but we do not have to do it tríd na polasaithe teoranta atá againn faoi láthair. Ní gá an rud a bhrú ar dhaoine. Tá a háilleacht féin ag an teanga. Bhí cruinniú agam leis na múinteoirí go léir i gCorca Dhuibhne i dTeach Pháidín agus dhíríomar isteach ar an teanga agus ar na scoileanna agus ar an sórt tacaíochta a theastaíonn.

Nílim chun dul tríd na moltaí anois ach cuireadh mé an méid atá ráite againn le Coimisiún na Gaeltachta chuig an Aire, which is so concerned with the Irish language that it did not bother to ask the INTO to nominate a teacher to be a member of that particular comisúin, but we are used to that. It is always easier to blame teachers than to involve them. There is always a good market for blaming teachers and always a couple of votes in it. We might just look at an sórt tacaíochta a d'fhéadfaimis a chur ar fáil dóibh agus cuirfear na moltaí chuig an Aire Stáit.

Tá an-jab déanta ag Comhaltas agus aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú futhu. Ach impím ar an Aire féachaint ar Chomhaltas i gcomhthéacs níos leithne. Tá spás ann don Chomhaltas ach ba cheart tacú le gnéithe eile den chultúr freisin.

I do not have the motion in front of me, but it refers to an Ghaeilge in the 21st century. We have to know what the Irish for Indie music is, and rudaí mar sin, as well, agus a bheith cinnte go bhfuil sé suimiúil do dhaoine óga ionas gur féidir leo na rudaí sin go léir a bheith acu agus an teanga chomh maith. In fact, one would see many of the same people who go to the Fleadh Cheoil na hÉireann the following week up in the National Concert Hall listening to the National Symphony Orchestra, or at a rock concert. They are people who love music wherever they hear it.

Comhaltas has given Irish music a pride of place that was not there 30 or 40 years ago. It is only in the last 30 years that it has really made an impact, putting it at a level among young people with rock and other contemporary music. One type of music should never overwhelm another; the objective should be a decent inter-action and a recognition of Irish music.

I will finish as I began by congratulating the Minister of State, Deputy Coughlan, on her appointment. I sincerely mean what I said at the beginning, that the contribution of her family to education, and in particular primary education, over generations, on islands and on the mainland, is something to be admired. The Minister of State's father taught on Gola Island where we are trying to rebuild the old fothrach of a school house there. I am sure everybody would appreciate it if the Minister of State examined that possibility.

Iarraim ar an Aire díriú isteach ar na Gaeltachtaí agus féachaint ar an méid atá le rá ag gach aon ghrúpa agus go n-éirí lei.

Cuirim fáilte ar leith roimh an Aire Stáit nua. Tugann sé dóchas domsa duine úr nua lúfar a fheiceáil i mbun na Gaeilge. Fé mar a dúirt an cainteoir deiridh, is mór an tacaíocht atá tugtha ag clann an Aire Stáit do chúrsaí oideachais na tíre seo. Is maith an rud é an tAire Stáit a bheith i bhfeighil ar an nGaeilge ag an tráth seo agus tosach na haoise nua. Guím rath ar gach atá roimh an Aire nua as seo amach agus tá súil agam go mbainfidh sí taitneamh as a post nua chomh maith.

Fáiltím roimh an rún atá romhainn ar maidin agus is ciallmhar agus deas an rud an Ghaeilge a bheith á plé againn i gcomhthéacs Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí an-mheas ag mo chlann ar an nGaeilge mar bhí an mhúinteoireacht mar ghairm againne. Ach nuair a bhí mé óg i gCiarraí bhí an-bhaint idir an Ghaeilge agus an bochtanas agus an scolaíocht agus ní raibh sí suite in aon chomhthéacs níos leithne ná sin.

An-chuid daoine, nuair a bhí deireadh leis an scolaíocht bhí deireadh leis an nGaeilge leis agus thug siad droim láimhe leis. An-chailliúint a bhí ansin don teanga. Ach tá athrú meoin ar aos óg na linne seo i leith na Gaeilge agus ceann de na fáthanna ná go bhfuil an Ghaeilge lonnaithe i gcultúr atá níos leithne ná cultúr na scolaíochta amháin. An éacht oibre atá déanta ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun gach gné dár gcultúr a cheangail leis an nGaeilge, dhein sé an-difríocht do mhuintir na tíre seo. Muna mbeadh aon rud eile ach é déanta bheadh buíochas na tíre ag dul dóibh. Mar níl an Ghaeilge lonnaithe sa bhochtanas a thuilleadh. Tá spraoi agus spórt agus compánachas ag baint lei agus is de bharr an borradh faoin gceol Gaeilge, faoin rince agus faoin spórt atá sé ag tarlú.

Cothaíonn ceol, rince agus scéalaíocht sprid agus má bhíonn an sprid i gceart tiocfaidh rudaí eile. Measaim gur cheart agus gur chuí go mbeadh an díospóireacht anseo inniu a cheangail leis an éacht atá déanta ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Guím rath orthu don chéad leathchéad bliain eile mar tá éacht oibre fós le déanamh.

Bhí an-bheocht ann maidir le cothú na Gaeilge céad bliain ó shin. Cúrsaí staire ba chúis leis sin. Ach is maith an rud ceist na Gaeilge a iniúchadh ag tosach aoise nua. An bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig nó ar aghaidh? Más i léig atá sí ag dul cad ba cheart a dhéanamh i dtreo is nach déarfar fúinne amach anseo gur sinne an ghlúin a lig don Ghaeilge idir litríocht, teanga agus cultúr sleamhnú uainn. Níor mhaith liom go ndéarfaí a leithéid fúmsa ach go háirithe.

Dá mbeadh páistí agam – agus bhí an-chuid páistí agam tráth nuair a bhí mé i mo mhúinteoir scoile agus ní Gaeilge a mhúin mé ach Béarla agus ábhair eile – measaim muna mbeadh siad in ann filíocht Sheáin Uí Ríordáin agus drámaíocht agus filíocht eile na Gaeilge a léamh as Gaeilge go mbeadh feall a dhéanamh agam orthu. Caithfimid ár gcion a dhéanamh chun an teanga a choimeád beo i dtreo is go mbeidh sé ar chumas an ghlúin atá ag teacht aníos teacht ar litríocht na Gaeilge agus a háilleacht agus ar a ceol.

Tá sé de dhualgas orainn ár gcion a dheanamh chun an Ghaeilge a neartú agus a chothú. Is mór an dúshlán é sin nuair atá an cultúr domhanda ag brú isteach orainn ar gach taobh ach tá áiseanna againn anois nach raibh ann caoga bliain ó shin, an teilifís agus an t-Idirlíon, mar shampla.Tá an deis ann chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh trí mheán na teilifíse go mór.

Tá éacht oibre déanta ag TG4. Stáisiún nua é agus tá úire agus stíl agus beocht ag baint leis. Mar a dúirt mé leis an Aire de Valera an tseachtain seo caite anseo, caithfear níos mó tacaíochta a thabhairt do TG4. Tá na scileanna ag na daoine óga agus d'fhéadfadh siad níos mó a dhéanamh ach an t-airgead a bheith acu.

Tá an teilifís an-chumhachtach. Phléamar fotheidealú leis an Aire seachtain ó shin. D'fhéadfaí i bhfad níos mó clár Gaeilge a chur amach ar RTÉ 1 ach fotheidil a bheith againn. Bhí gach duine i mo theachsa – cairde agus mé féin – ag breathnú ar Léargas aréir. Cuid de na héisteoirí is beag Gaeilge a bhí acu ach bhí siad in ann scéal an chláir a bhreith leo ó na fotheidil. Tá an teicneolaíocht againn anois chun é sin a dhéanamh agus má táimid dáiríre faoin nGaeilge ba chóir níos mó airgid a infheistiú i bhfotheidealú. Is iontach an meán é chun cultúr a chothú agus cumarsáid a chur chun cinn.

Tréaslaím leis The Irish Times, an t-aon páipéar laethúil go bhfuil Gaeilge le fáil inti. Tá An Peann Coitianta le Liam Ó Muirthile go hiontach mar phrós. Ní amháin go bhfuil stíl agus líofacht ag baint leis ach tá na smaointe atá ann go hiontach chomh maith. Bíonn sé sa pháipéar uair sa tseachtain agus bíonn colún Gaeilge eile ann laethanta eile.

Is bocht an scéil nach ndéanann na nuachtáin eile morán chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh. Is í an Ghaeltacht foinse na Gaeilge ach ansin amháin ar chóir di a bheith. Ní haon mhaitheas foinse muna leathnaítear amach ón bhfoinse. Cúis buartha dom an difríocht mhór idir na Gaeltachtaí éagsúla. Is cuimhin liom dul chun na Gaeltachta nuair a bhí mé i mo mhacléinn agus an-spórt a bheith agam ann. Bhí oideachas ar fáil ann nach raibh ar fáil ó na mná rialta, agus é go léir trí Ghaeilge.

Muna mbíonn déantúsaithe agus fostóirí sa Ghaeltacht ní bheidh ann ach tithe samhraidh. Caithfear é sin a sheachaint. Deir daoine anois gur ghá an congestion atá sa chathair seo a leigheas tríd an daonra a leathnú amach agus déantúsaithe a mhealladh go dtí ceantair eile. Sin fealsúnacht an Rialtais seo ach ní haon mhaitheas an fhealsúnacht gan tréaniarracht chun é a chur i gcrích. Muna mbíonn rachmas sa Ghaeltacht rachaidh sí i léig bliain i ndiaidh bliana. Iarraim ar an Aire Stáit iarracht níos treise a dhéanamh chun eacnamaíocht na Gaeltachta a neartú mar má dhéanfar, beidh foinse na Gaeilge slán.

Rud a thugann dóchas dom ná na comharthaí ar na siopaí i gCorcaigh – tá a bhformhór sa dá theanga anois. Nuair a bhíonn daoine ag dul timpeall na cathrach feiceann siad an Ghaeilge scríofa agus téann sé sin i bhfeidhm orthu – bíonn visual appreciation acu go bhfuil teanga eile sa tír seo. Coimeádann sé an rud scríofa beo, dúinn féin agus do na turasóirí.

Muna mbíonn an rud scríofa ann, ní bheidh an teanga ann. D'fhoghlaim mo ghlúin féin Fraincis don Ardteist, agus fiche bliain i ndiaidh fágáil na scoile, níl focal Fraincise againn. Ní raibh greim daingean go leor againn ar an litríocht chun an teanga beo a thabhairt linn. Caithfear an dá rud a dhéanamh. Muna mbíonn an teanga beo ní fiú tráithnín é ach tá an litríocht tábhachtach freisin, mar underpinning don teanga.

Rud a chuir an-drochmhisneach orm féin nuair a bhíomar ag caint faoin bhfilíocht a scríobhadh i nGaeilge le linn na haoise sin, daoine áirithe a bhfuil an-mheas agam ar a gcuid filíochta, níor deineadh tagairt ar bith dóibh – Máire Mhac an tSaoi, mar shampla. Nuair a bhí cnuasach filíochta á réiteach don aois, níor deineadh tagairt ar bith d'fhilíocht na mná uasail sin ná don méid a rinne sí féin agus a clann chun an fhilíocht agus an teanga a choimeád beo.

Dá bhféadfadh an tAire labhairt leis na foilsitheoirí agus a rá leo go bhfuil an-chuid sárfhilíochta a cumadh san aois dheiridh nach bhfuil á foilsiú acu. Cuimhním freisin ar phrós iontach Sheáin Uí Ríordáin – bhíodh colún iontach aige san Irish Times tráth. Níl sé le fáil in aon leabhar go fóill. Thabharfadh sé an-phléisiúr dom an saghas sin próis a léamh trí Ghaeilge.

Tá rudaí gur cheart a dhéanamh gan mhoill i dtosach na haoise seo ionas go mbeidh rudaí maithe ar fáil don chéad ghlúin eile le nach mbeidh an Ghaeilge á samhlú acu leis an scolaíocht amháin, mar ab amhlaidh dúinne. Ní ceart go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge tar éis na scoile agus ní chóir go dtarlódh sé sin anois le TG4 agus le Raidió na Gaeltachta. Molaim Raidió na Gaeltachta as scéalta an ghnáthdhuine a choimeád beo. Tá sé relevant agus tá éacht oibre déanta acu.

Tá dúshlán an-mhór romhainn ach tá dóchas agam go bhfuil an fhís, an t-eolas agus an fuinneamh ag an Aire Stáit chun kickstart a thabhairt don Ghaeilge agus í a chothú ar bhealach níos láidre.

Tá sé chomh ciallmhar ceangal a dhéanamh idir na rudaí as a mbainimid taitneamh – an ceol, an rince agus mar sin de – agus an nGaeilge agus ba chóir an ceangal sin a choimeád go docht. Má tharlaíonn sé go bhfuil tedium ag baint leis an nGaeilge, ní mhairfidh sí. Tá seans anois go mbeidh athbheochan nua ann agus molaim an obair atá déanta ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann leis na blianta.

Bhí an-chuid ceoil dúchasach le clos sa cheantar inar fhás mé suas ach ní raibh meas ag na daoine air mar ní bheadh aon bhaint ag an Symphony Orchestra ná a leithéid leis. Cheap siad gur rud níos úrísle a bhí ina gceol féin, go dtí gur thosaigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus go ndeachaigh sé timpeall na tíre ag tabhairt aitheantais don cheol áitiúil ionas gur chothaigh sé meas níos mó air i measc an phobail.

I mo thaithí féin, daoine a bhfuil meas acu ar cheol de shaghas amháin, bíonn meas acu ar gach cineál ceoil. Más féidir na daoine óga a mhealladh isteach go dtí an ceol dúchasach is féidir leo aithne a chur ar dhaoncheol thíortha eile. Tá an deis acu teacht ar shaghasanna eile ceoil agus cuireann sé sin go mór le leathnú meoin agus croí daoine óga. Nach é sin an rud atá uainn mar pholaiteoirí?

I will make my contribution in English, not that I do not have some knowledge of Irish. When I left primary school I was more fluent in Irish than in English, but my Irish has fallen into disuse, though I understand most good speakers, such as Senator Labhrás Ó Murchú. I always say the only person I understand very well is the person who reads the news in Irish as his grammar is perfect. However, Senator Ó Murchú's broadcasting skills came across as I understood him very well when he spoke.

I welcome the Minister and most warmly congratulate her on her promotion to the office of Minister of State. I have many friends on the other side of the House, of whom she is one. She is an ideal choice as Minister and I wish her every success. I know she will bring great commitment and sincerity to the post. I wish her the very best of luck.

This debate is all about the Irish language in the 21st century. The essential badge of our culture and our identity is our language. Half of the people surveyed in the last census said they had some knowledge of Irish and about 10 per cent of those use it as their everyday language. However, use of and appreciation for the language in the 20th century was not a great success story.

I come as Dungar, Frenchpark, County Roscommon, and one of the figures that will always be associated with the language and its revival is Dubhglás de hÍde. He was born in Castlerea, County Roscommon, in 1860 and spent his childhood in Frenchpark. He did not come from a Gaelic background. However, being a natural linguist he was a wonderful speaker not only of Irish but of Hebrew and Greek as well. In the vicinity of Dungar, where his father was the parson of Portahard church, he learned Irish from the local people in the 1870s and 1880s. I know practically everyone in that area and it is extraordinary that today they do not even have a single phrase of Irish. In an area where this man, who made such a wonderful contribution, first learned the language listening to the local people, it has disappeared to the extent that you would not hear a single phrase of Irish used. That is what happened in the 19th century, and we are not proud of much of what happened in the 20th century either.

The teaching method of the 1950s and later, of which I am a product, was by no means a good way of communicating the language to young people. I am glad that a lot of the fanaticism associated with language promotion movements has disappeared.

I am delighted that one of the provisions of the Good Friday Agreement relates to an all-Ireland body to promote the Irish language. I compliment Foras na Gaeilge, the successor to Bord na Gaeilge, on its work. I have been following its campaign, both on television and radio, and it is very effective. As a result of such campaigns, more and more adults who have some Irish would, like me, be interested in relearning the language. Foras na Gaeilge is quite well funded, with £13 million this year. It also runs the publishing house, An Gúm, which produces textbooks in Irish for schools. Nevertheless, its budget appears to be impressive for the work it has to do. Everything possible should be done to promote that work.

Given the findings that many adults, like me, whose Irish has lapsed since school would like to relearn the language, it is a pity we do not have an awards system in place. At a certain point of achievement one could be given a certificate and then move on three, four or five stages towards fluency. That is one practical approach. We need an encouragement system to help promote the enterprise.

I was interested in what the Minister had to say in regard to the long-promised language Bill. I am delighted it is hoped to introduce it in the Houses before the end of the year. It is important that it redefines the role and usage of the language, especially in the public service, and I hope it addresses issues such as that.

Another provision of the Good Friday Agreement is that TG4 will broadcast to Northern Ireland. As far as I am aware, there are many parts of Northern Ireland and Ulster where TG4 is not yet received. It is very important that issue is addressed. Naturally money is needed for that, but since it is an important medium there should be no part of Northern Ireland that does not have the facility of receiving the channel. I like watching it and its approach is excellent.

The Agreement also provides for the availability of funding to programme makers. There is an industry that makes entertainment programmes and sells them to various channels. It is very important that there is funding and every possible encouragement to make programmes in the Irish language to be shown on TG4 and other channels. Professionals in that business often have very good and innovative ideas and funding from the Department is important as TG4 may not be able to afford to make and promote the programmes alone.

One criticism is the low level of advertising by Departments on TG4 and in newspapers such as Foinse. Every Department has a huge advertising budget each year to publish its activities or orders. My impression, though I may be wrong, is that 98% of that money goes to English language publications and television. It is something that needs to be considered closely.

I am delighted discussion of Comhaltas Ceoltóirí Éireann has added interest to our debate. It is 50 years since it was set up. Its Ardstiúrthóir is a distinguished Member of this House. As someone interested in traditional Irish music, I congratulate Comhaltas for what it has done in the past 50 years in the promotion of Irish music. It has given it an entirely new place in Irish life. Fifty years ago traditional music was disparate. There were thousands of musicians and composers but there was not a single body to bring all their work together. Comhaltas brought those people together. It collected pieces of music which otherwise would have been lost. I understand that Comhaltas Ceoltóirí Éireann has an archive of such material.

One of the radio programmes I never miss is that presented by Ciarán MacMathúna on Sunday mornings. Mr. MacMathúna has made, with the co-operation of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, new tapes of old recordings by artists such as Mrs. Crotty from Clare playing her concertina, etc. It is delightful to listen to these recordings. We owe a debt of gratitude to Comhaltas Ceoltóirí Éireann for collecting the music of Mrs. Crotty and hundreds of other musicians like her and old dance tunes, melodies, etc. Many of these would have long since been lost if it had not been for Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

The music of Turlough O'Carolan would almost certainly have been lost had it not been for the work of Seán Ó Riada in reintroducing it into Irish culture in the 1960s and 1970s. O'Carolan was associated with the part of the country in which I live, but I knew almost nothing about him until I heard a wonderful recording of one of his compositions which mixed traditional Irish and classical music. Anyone with an ear for music could not fail to be impressed by his talent.

Comhaltas Ceoltóirí Éireann is to be congratulated for the fact that Irish traditional music is no longer played solely on fiddles, melodeons, accordions or tin whistles. It is now played by a generation of young musicians who use instruments such as the clarinet, which are associated with orchestral music. It is wonderful that traditional music sounds so good when played on instruments one would not normally associate with it or on which it was never originally intended to be played. If one walks down Grafton Street one will see a young person playing a traditional tune on a clarinet or bassoon. That is a new development which must be encouraged. To the purist, traditional music will only sound right when it is played on instruments such as the bodhrán, the fiddle, the melodeon, the concertina, the harp, etc. In my opinion, however, it lends itself very well to being played on other musical instruments with which it was never before associated.

I wish the Minister of State well in her new portfolio. She will be responsible for directing the course taken by the Irish language at the beginning of the 21st century. It is important that we get off to a good start in terms of the way we promote the language. I am always fascinated when I visit Wales that in towns such as Caernarvon people speak nothing but Welsh. We have not yet achieved a similar position here. I would like it if everyone in my home town of Roscommon spoke Irish.

Approximately 4% of children now attend gaelscoileanna, which are promoted and financially supported by the Government, but one hopes that everything possible will be done to encourage communities to establish them and ensure more children attend. As the Acting Chairman is aware, a new gaelscoil was opened in Roscommon on Monday last. To my knowledge, this is the first gaelscoil to be established in the county and we wish it well. It is important to encourage the proliferation of gaelscoileanna because this will assist in the broad spread of the culture of the Irish language throughout the country.