Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Apr 2001

Vol. 166 No. 3

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 2000: Second Stage.

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá áthas orm inniu an díospóireacht a oscailt sa Seanad ar an mBille seo. Is í príomhaidhm an Bhille ná leasú agus leathnú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá atá inniu ann. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht, go háirithe sa chomhthéacs nár reachtaíodh aon Acht ó 1979 go dáta. Cuirtear san áireamh sa Bhille úr chomh maith, cinntí a rinneadh le tamall anuas maidir le cúnamh atá ar fáil faoi na hAchtanna.

Tá aitheantas faoi leith tugtha ag an Rialtas don Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus ceann de na príomhchúraimí atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ná labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn – is í an Ghaeilge an acmhainn is luachmhaire atá ag muintir na Gaeltachta agus is sa Ghaeltacht amháin a labhartar í mar ghnáth-theanga phobail. Is í cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tír i gcoitinne, ceann de na príomh-aidhmeanna atá agam féin agus ag mo Roinn don mhílaois úr.

Ceann de na bealaí is fearr atá ann leis an nGaeilge a choiméad beo sa Ghaeltacht ná, na scéimeanna Gaeilge bainteach leis an teaghlach atá á reáchtáil ag mo Roinn le tamall maith anois – scéimeanna cosúil le scéim na hfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim labhairt na Gaeilge agus an scéim atá mar ábhar insan mBille seo, is í sin an scéim tithíochta sa Ghaeltacht. Tá tithíocht mar cheann de na riachtanais is bunúsaí atá ann, agus tá sé tábhachtach go dtabharfar gach cúnamh tithíochta do mhuintir na Gaeltachta, agus is féidir libh a bheith cinnte de go leanfar leis an gcúnamh sin.

Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-1979, íocann an Roinn deontais chun tithe úra a thógáil sa Ghaeltacht agus chun feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe cónaithe atá ann cheana féin. Chun caílíocht a bhaint amach ní mór d'iarratasóirí gnáthchónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga labhartha acu féin agus ag a dteaghlaigh.

Caitheadh £1.94 milliún faoin scéim i 2000 – meadú 25% ar 1999. Sa bhliain 2000 fuarthas 1,486 iarratas faoin scéim (méadú 10% ar líon na n-iarratas i 1999) agus críochnaíodh 121 teach úr maraon le 769 cás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin le cabhair deontais ó mo Roinn.

Is é an coinníoll is tábhachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ná, go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga theaghlaigh ag líon tí an iarratasóra sula gceadaítear deontas. Uaireanta bíonn deacrachtaí ag teaghlaigh an coinníoll áirithe sin a chomhlíonadh, mar shampla, má tá duine ón nGaeltacht pósta le duine taobh amuigh den Ghaeltacht gan Ghaeilge. Déileáiltear go tuisceanach agus go solúbtha le hiarratasóirí den tsórt seo. Is minic a thugtar tréimhse áirithe (trí mhí nó sé mhí de ghnáth) do na teaghlaigh sin, chun deis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáththeanga labhartha. Bíonn an Roinn sásta an t-iarratas a athmheas ina dhiaidh sin agus cúinsí uilig an teaghlaigh a chur san áireamh sula ndéantar cinneadh.

Is chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh mar seo, atá ag tógáil tigh úir sa Ghaeltacht, a bunaíodh scéim spreagtha na Gaeilge i 1980. I gcás nach bhfuil iarratasóir cáilithe faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ó thaobh riail na Gaeilge, is féidir iarratas a dhéanamh faoi scéim na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil. Má éirionn leo an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáth-theanga theaghlaigh ina dhiaidh sin, bíonn deis acu iarratas a dhéanamh ar chúnamh faoi scéim spreagtha na Gaeilge. Is fiú £800 an deontas sin laistigh de dhá bhliain, agus leis an gnáthdeontas ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil is féidir le hiarratasóir iomlán de £3,800 a fháil, i gcomparáid leis an gnáthdheontas Gaeltachta de £4,000.

Tá méadú substaintiúil déanta ar na deontais fheabhsúcháin agus sláintíochta faoi na hAchtanna le héifeacht ó 24 Deireadh Fómhair 2000 agus méadaíodh an deontas i leith méadú speisialta do chuairteoirí, agus an deontas chun díon tuí a athnuachan, i 1999. Bhí sé thar am na deontais seo a mhéadú, agus deontais réalaíocha a chur ar fáil, agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil sé sin déanta anois.

Bhí díospóireacht an-bhríomhar agus eolach ar an mBille seo ag gach céim nuair a bhí sé ag gluaiseacht tríd an Dáil agus tá áthas orm a rá gur cuireadh fáilte mhór roimhe ar gach taobh den Teach sin. Léiríonn sé seo gur Bille maith atá ann agus fosta go bhfuil an-suim ag Baill an Oireachtais i gcur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhorálacha atá ann ina n-ord cróineolaíoch.

Mar is ionduil sa reachtaíocht, ‘sé Alt 1 an fhoráil míniúcháin. Tá mínithe le fáil anseo ar an Príomh-Acht, sin é, Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus mínithe ar na hiar-Achtanna idir é sin agus 1979. Tá tuilleadh ábhar tís (housekeeping matters) ar siúl in Alt 2 chun an léiriú ar an bPríomh-Acht a leasú trí shainmhínithe éagsúla.

Fóralann Alt 3 gurb í an Ghaeltacht, [chun críocha na nAchtanna ná,] na limistéir oifigiúla Gaeltachta a shonraítear faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Mar thoradh ar an leasú seo, beidh sainmhíniú oifigiúil amháin i bhfeidhm don Ghaeltacht, rud atá ag teastáil do na Ranna Stáit agus na comhlachtai Stáit a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht ar bhonn rialta.

Ar ndóigh, bhí na hAchtanna i bhfeidhm, i bhfad sular leagadh síos na limistéir oifigiúla Gaeltachta i 1956. Nuair a déanadh é sin, leanadh, chun críocha Achtanna na dTithe, le haitheantas do na seanlimistéir a leagadh síos i 1929. Aon deontas úr a tugadh isteach áfach tar éis 1956, bhí sé teoranta do na limistéir oifigiúla agus ó thaobh na Gaeilge de, ba rud ciallmhar é sin. Beidh na deontais uilig faoi na hAchtanna teoranta do na limistéir oifigiúla anois – is beag cás a bhí i gceist lasmuigh de na limistéir sin ar aon chuma.

Tá tábhacht faoi leith ag baint le hAlt 4 agus sé sin nach mbeidh gá d'iarratasóirí ar dheontais do thithe úra a bheith ina gconaí sa Ghaeltacht fad a bhíonn an teach á thogáil. Tugann an leasú áirithe atá i gceist anseo deis do theaghlaigh le Gaeilge, iadsan atá ag iarraidh filleadh go dtí an Ghaeltacht, teach a thogáil dóibh féin sa Ghaeltacht, roimh theacht abhaile dóibh. Roimhe seo bhíodh ar iarratasóirí a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht ag am an iarratais, agus nuair a bhí an teach á thógáil. Leigheasann an leasú seo an fhadhb a chothaigh sé sin d'iarratasóirí áirithe. D'fhéadfaí a rá go bhfuil an leasú seo tráthúil anois os rud é go bhfuil go leor teaghlaigh le Gaeilge ag filleadh ar an nGaeltacht de thoradh an borradh eacnamaíochta atá againn faoi láthair. Ar ndóigh ní bheidh sé i gceist aon deontas a íoc go dtí go mbeidh gnáthchónaí ar pé iarratasóirí a bheidh i gceist sa teach úr sa Ghaeltacht.

Baineann Alt 4 fosta leis an deontas le haghaidh díon tuí a dheisiú nó a athsholáthar. Tá an deontas seo le fáil sa Ghaeltacht ó 1990 ach ní raibh aon soláthar chuige ins na hAchtanna go dtí seo. Measaim féin go bhfuil an teach ceann tuí mar íomhá thábhachtach de thraidisiún agus radharc tíre na hÉireann. Is nasc láidir é lenár stair agus cabhraíonn sé le tionscail na turasóireachta. Tá áthas orm a rá gur mhéadaigh an Roinn an deontas áirithe seo dhá uair ó 1990, i 1996 agus arís i 1999.

Níl i gceist ag Alt 5 ach cead a thabhairt don Aire na mionathruithe a bhíonn ag teastáil ó am go ham ar leagan amach an fhoirm iarratais a chur i gcrích gan ionstraim reachtúla a dhéanamh. Leagann Alt 6 amach nach mbeidh deontas ceadaithe i leith na n-oibreacha céanna atá ag fáil cúnaimh as airgead poiblí nó as airgead ó institiúid an Chomhphobail Eorpach. Cé go raibh coinníoll cosúil leis seo ins na hAchtanna cheana ní raibh na Comhphobail Eorpacha luaite sa choinníoll áirithe sin. Níos tábhachtaí fós, is deontas i leith an tí féin a bhí luaite cheana in ionad deontas i leith oibreacha áirithe. Tugann an leasú seo deis don Aire deontas feabhsúcháin a íoc i leith tí má tá cás tuillteaneach ann, fiú go mbíonn deontas i leith oibreacha eile sa teach céanna i gceist chomh maith, mar shampla ón mbord sláinte nó ón gcomhairle contae. Cabhraíonn an leasú seo le daoine i ndrochthithe atá ag fáil cúnamh tithíochta sosialach ó na heagrais éagsula, sa mhéid go mbeidh siad ábalta tairbhe deontais faoi na hAchtanna Gaeltachta a fháil chomh maith.

Athleagann Alt 6 amach fosta riail na seacht mbliana, sé sin an treimhse feithimh idir deontais feabhsúchain. Beidh eisceacht ann i gcás cúlchoire nó fearas dóite breosla sholadaigh a fheistiú, eisceacht atá ann cheana féin ó Acht 1979, chomh maith le heisceacht i leith oibreacha riachtanacha chun téarmaí Acht Seirbhisí Dóiteáin, 1981, a chomhlíonadh, atá á chur isteach anois don chéad uair. Tugann an eisceacht bhreise seo deis do theaglaigh Ghaeltachta atá ag coinneáil foghlaimeoirí Gaeilge deontas feabhsúcháin a fháil i leith oibreacha bainteach le sábháilteacht dóiteáin sa teach gan fanacht tréimhse seacht mbliana ó fuair siad deontas feabhsúchain cheana. Tugann Alt 6 fosta discréid don Aire deontas a dhiúltú i gcás tithe a fuair deontas ó fhoinsí eile, mar shampla, ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil nó faoi chlár cosúil le Leader, sa treimhse seacht mbliana roimhe sin.

Baineann Alt 7 leis an gcumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoi na hAchtanna i leith oibreacha déanta le cúnamh deontas ar bith faoi na hAchtanna. Roimhe seo bhí an chumhacht sin teoranta d'obair a bhain le tógáil, feabhsúcháin nó méadú.

Mar thoradh ar Alt 8 agus le toiliú an Aire Airgeadais, beidh an tAire in ann rialacháin a dhéanamh chun deontais faoi na hAchtanna a mhéadu, i leith oibreacha ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta. Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (leasú), 1979, tugadh cead don Aire deontais faoi na hAchtanna a mhéadú 50% i gcás oileáin Gaeltachta. Tugann an leasú áirithe seo solúbthacht don Aire chun na deontais sin a mhéadú suas go 200%. Tá an méadú sin i bhfeidhm cheana féin i gcás deontais do thithe úra agus deontais feabhsúcháin.

Tugann Alt 9 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais tógála nó feabhsúcháin úra a cheadú faoi na hAchtanna. Is deontais iad seo nach bhfuil clúdaithe cheana féin faoi na hAchtanna agus d'fhéadfadh a leithéid a bheith i gceist má tá gá leo sa Ghaeltacht amach anseo. I gcás Alt 10 féadfaidh an tAire deontais a ghnóthú ar ais má fuarthas iad trí chalaois, trí mhífhaisnéis no trí ró-íocaíocht. Ba chóir go mbeadh an chumhacht seo ag an Aire cheana ach ní mar sin atá, agus tá leigheas á chur ar an easnamh sin anois.

Tugann Alt 11 an chumhacht don Aire chun na riaráistí i gcás iasachtaí tithíochta atá ag seasamh amach a ghnóthu ar ais, a díscríobh nó a laghdú de réir mar is cuí, le toiliú an Aire Airgeadais. Leagann Alt 12 amach go mbeidh na freagrachtaí uilig bainteach le iasachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le n-aistriú ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dti mo Roinn. Chinn an Rialtas go ndéanfaí é seo nuair a bhí scéim nó Bille á ceadú acu. Is í an Roinn a bheidh freagrach as seo amach as na hiasachtaí atá ag seasamh amach.

Deanann Alt 13 aisghairm ar na hAchtacháin a luaitear sa sceideal don Bhille, sé sin aisghairm forálacha a mbaineann le deontas seallaí saoire, iasachtaí faoi na hAchtanna, forálacha a bhain le limistéir Ghaeltachta faoi Acht 1929 agus forálacha a bhain le seandeontais nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh. Is mian liom a chur in iúl go bhfuil an deontas do thógáil dara teach curtha ar ceal chomh maith, sin é, an deontas a bhí ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht a raibh tithe maithe acu sa Ghaeltacht cheana féin agus a bhí ag iarraidh an dara teach a thógáil. Níl an aisghairm seo luaite go sonrach sa sceideal, mar gheall ar an ionadaíocht iomlán déanta ag Alt 4 den Bhille seo ar alt 3(7) den PhríomhAcht a chuireann deireadh leis an bhforáil a bhí ann don dara teach.

Mar eolas, bhí an deontas do thógáil dara teach agus sealla saoire ar fionraí le blianta agus déanadh cinneadh iad a aisghairm go foirmeálta agus an t-airgead a bhí i gceist a dhíriú ar dhaoine a bhí ag tógáil tithe don chéad uair sa Ghaeltacht. Is fearr ar fad cúnamh tithíochta breise a chur ar fáil i bhfoirm deontais méadaithe, rud atá déanta agam sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas.

Tá tábhacht na n-iasachtaí a bhí ar fáil faoi na hAchtanna titithe go mór le blianta agus ní bhíonn ach líon an-bheag iarrataisí i gceist. Tógadh an cinneadh na hiasachtaí a chur ar ceal mar nach slí éifeachtach iad a thuilleadh le teacht i gcabhair ar mhuintir na Gaeltachta, go háirithe ag cur san áireamh a laghad éilimh atá orthu, gur suim bheag airgid atá i gceist i gcomparáid le méid agus costas na hoibre riaracháin a bhaineann leo, na deacrachtaí móra atá ann le riaráistí agus cúinsí eile. Níl san alt deireanach, Alt 14, ach leagan amach gearrtheideal, comhlua agus forléiriú an Bhille.

Ba mhaith liom iarradh ar an Seanad tacaíocht a thabhairt don mBille seo, atá an-tábhachtach do muintir na Gaeltachta, go mórmhór mar go bhfuil sé i bhfad níos oiriúnaí ag an am seo do shaol na Gaeltachta. De bharr sin, molaim an Bille seo don Teach.

I would like to share my time with Senator Coghlan, if he arrives back.

Is that agreed? Agreed.

I welcome the Minister of State, Deputy Coughlan, to the House and I wish her well in her portfolio. I welcome this worthy Bill which will be well received in Gaeltacht areas. There are a number of points I would like to raise, however, and I hope the Minister of State will address them when she sums up.

The Gaeltacht areas are probably the country's most scenic places. Those of us who are members of local authorities have encountered the difficulties people in Gaeltacht areas experience in securing planning permission. Planners and county managers must adhere to county development plans, but people experience great difficulty in those areas in relation to sewerage services, scenic routes and protected views. I do not know what can be done in many of these areas to enable housing to be built. I am aware from my time in the local authority that the process of seeking planning permission is a nightmare for people in Gaeltacht areas.

There were three thriving schools in the Tourmakeady Gaeltacht 20 years ago. They eventually amalgamated and there are currently six pupils and one teacher. This teacher has one pupil in each class and it is difficult to operate such a system. However, people who want to move back to the area where they were born have great difficulty securing planning permission. Every other Gaeltacht has the same problem, but I am not sure if a relaxation of the planning laws in these areas is possible. As I have said on many occasions to the county manager, there may be protected views and so on, but nobody will be there to see them except day trippers in the future. If tourists come, there will be no facilities for them. There will be no post office, shops or pubs. Nothing will survive because there will be nobody there. The only people who will visit the area will be occasional day trippers from Europe or America. This is a problem for Gaeltacht areas and, in fairness to county managers, they appreciate the difficulty.

I welcome the 25% increase in 1999 and the 10% increase in 2000. The Minister of State said that overall £1.94 million was provided in 1999, which was a substantial increase. Is the amount capped at £1.94 million or is it related to the number of applications? Is it open ended or what is the position? The Minister of State said a person who is not living in the area can receive a grant to build a house if he or she plans to move to the area. She also said that the grant for a person wishing to build a holiday home will be abolished. I agree with her that this should be abolished, but what is the position if a person who is living in a house in Dublin wishes to build a house in a Gaeltacht area before he or she moves there? Will he or she qualify for the grant? Will there be flexibility in the Department to allow people to build a second home in a Gaeltacht area before they sell their first home?

The Minister of State said an improvement grant of £3,800 is available. Some people live in poor conditions in houses in Gaeltacht areas. Local authorities can provide an essential repairs grant, but this can only be used to extend the life of the house until the person living in it passes on or moves. I am aware of cases where sons or daughters of people living in such houses were willing to contribute towards the cost of repairs, but the local authority would not accept it because it would have increased the amount spent on the house above the limit allowed under the Act. Can a person qualify for the essential repairs grant in addition to the improvement grant proposed in the Bill? If so, will it mean that houses survive long after the people currently living in them? This is an important point and perhaps the Minister of State could expand on it in her reply.

I welcome the Bill and any increased amounts the Department will give towards the provision of housing in Gaeltacht areas. The Minister of State recognises the difficulties involved in securing planning permission in these areas and any assistance that can be provided by the Government or local authorities would be greatly appreciated.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus an mBille. I welcome the Minister of State and the Bill. I congratulate the Minister of State on her appointment. We are the proud bearers of the same surname and I am always pleased to see Coghlans advancing, even if we have some political differences. However, the Minister of State and I have never let that get in the way and I am sure that will not happen in the future.

We all have a good surname.

I thank the Minister of State for her comprehensive overview of the Bill. The legislation is well motivated and I accept her comments in that regard. It is most important to do everything possible to keep the Irish language alive and the heart of this is in the Gaeltacht areas. They are the nurseries or seed beds and they must be nurtured, protected and enhanced. Everything possible should be done to advance them. As the Minister of State said, housing is the most basic need and nothing will succeed if people in Gaeltacht areas are not properly housed. For this reason, I welcome the Bill's provisions.

If one wishes to avail of the grants, Irish must be one's everyday language. This is fundamental; there would be little point in having it otherwise. Many of us are well intentioned in this regard but we do not have everyday practice. However, if people in the Gaeltacht wish to be assisted, Irish must be their everyday language. By providing for their housing needs, the Bill will assist the further advancement of the language.

I understand there is a degree of flexibility in the examination that will be required and conducted by the appropriate officials. This approach is most important. If I understood the Minister of State correctly, £800 in addition to the State grant of £3,000 will be available, giving a total grant of £3,800. She also mentioned a sum of £4,000 and perhaps she could clarify this in her reply. The Minister of State also said it would become applicable from 24 October next. As the Bill will be passed presently, perhaps that date could be brought forward.

It is in effect now.

I knew I had missed something.

The Gaeltachts are some of our most scenic areas and we have a duty, whether we live there or not, to keep them as attractive as possible and to ensure that nothing is done to mar the beauty of the countryside. I am thinking particularly of Chorca Dhuibhne and Uíbh Ráthach in south Kerry. They are within sight of the sea, hugely scenic, very important to national tourism and we have a duty to ensure that, architecturally, the best possible is done there. There is no reason the dwellings there should not be as good, if not better. than anything else.

Section 7 provides for a grant for renewal or repair of thatched roofs and states that applicants for new house grants need not reside in the Gaeltacht when the house is being built. I commend the provision but there is something else that might be considered. Often when passing through these areas, through valleys, there is the odd lone house on a hillside and sadly, in places, peculiar colourings have crept in, which jar with the landscape. There are the greens, the greys or the turf-brown look of a hillside and then this garishly painted house. Perhaps the Minister of State might provide in this Bill for another grant for improving such houses by stone facing them. Such houses would blend much better with the backdrop of the landscape. I put that forward for serious consideration.

I accept the thrust of the Bill in regard to providing for more relevance to today's needs in terms of the purposes of other grants. I also accept the deletion of the determination of the second house and holiday chalet grants. We have reached saturation point regarding such buildings and I would not like to see more of them in the Gaeltacht areas. Senator Bonner might take a different view.

They were always good at getting grants in Kerry.

That being mainly around Killarney, unfortunately.

I do not want to be out of turn with anyone in Kerry. I do everything to advance local economy throughout the county, but we have enough holiday homes in the Gaeltachts and I accept what the Minister of State has said and what is stated in the explanatory memorandum.

Section 6 (4) states:

The Minister may, in his or her discretion, refuse to make any grant under the Housing (Gaeltacht) Acts in respect of a dwelling-house in respect of which a grant out of public moneys or out of moneys provided by an institution of the European Communities has been made within 7 years preceding the date of application for such a grant.

It excepts works related to installing a back boiler, solid fuel burning appliances and works required to comply with section 18(4) of the Fire Services Act, 1981. That is perfectly in order as that is further improvement to the house and it is something that would not have been done under the earlier grants. I agree with the Minister of State that there should not be a seven year rule.

There is room for a little expansion under that provision because there are other essential works. Perhaps stone facing could come in under that provision, but there might be other works beyond that where the basic structure of the house would be improved. Given the age of some of the dwellings, if there were other works not covered by previous grants, I urge that because the Gaeltachts are so important, such things could be provided for by a suitable amendment to the section. It would be preferable if the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands brought forward that amendment as it has more expertise on price available to it. I encourage the Minister of State to have a look at that between now and Committee Stage of the Bill.

Section 8 states:

(1) The Minister may, by regulations made with the consent of the Minster for Finance, provide for an increase by such amount not exceeding 200 per cent as he or she may from time to time determine, of any grants payable under the Housing (Gaeltacht) Acts in respect of dwelling-houses situated on islands, including such grants in respect of works that were begun before the passing of this Act but after 3 December 1988.

I want to hear a little on that. I am sorry if I missed it already. That provision of up to 200% is very interesting and it is welcome.

Section 9 allows the Minister, with the consent of the Minister for Finance, to make regulations to introduce new grant schemes in certain defined circumstances and I very much welcome that. Section 10 provides for the recovery of payments procured through fraud, misrepresentation and overpayment, but hopefully there would not be any of that. Those who reside in the Gaeltacht are among the most honest and upright citizens in the land and I would not expect any shenanigans like that. They would be unknown to us in Kerry and I am sure in the other areas also.

I apologise for not being here to listen to the Minister of State's speech from the outset. I wish her well with the Bill and plead with her for a suitable amendment to encompass what I have put forward.

Fáiltím roimh an Aire Stáit toisc go bhfuil sí ag tacú leis an dea-scéal inniu. Aontaíonn gach duine sa Teach gur dea-scéal atá sa Bhille seo agus bhí an scéal amhlaidh sa Dáil freisin.

I was impressed with Senator Coghlan's comments on the Gaeltacht. As someone who lives in Kerry he has put his finger on the importance of the Gaeltacht which would encourage all of us who are endeavouring to improve the lot of the Gaeltacht people. Ba bhreá liom tréaslú leis.

Ar maidin bhí díospóireacht againn ar an nGaeilge i gcomhthéacs eile ar fad. Ba léir go raibh an-tacaíocht ag teacht ó gach aon taobh den teach don teanga – níl aon chomhlint mar gheall uirthi. Is dul chun cinn é sin a chruthaíonn go bhfuil dea-thoil ag fás suas sa tír don teanga. Ní mór dúinn tógáil ar an dea-thoil. Bhí an Ghaeilge ina cnámh spáirne le blianta agus ba dheacair daoine a aontú ar aon pholasaí. Ní hamhlaidh an scéal anois go háirithe i measc an aosa óig. Bíonn siad leithscéalach munar féidir leo í a labhairt toisc nár fhoghlaim siad níos fearr ar scoil é. Ach tá bród le feiceáil ó thaobh na Gaeilge anois i measc an phobail i gcoitinne.

Ceann de na cúiseanna ná ó chuamar isteach san Aontas Eorpach tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil teangacha náisiúnta ag tíortha eile agus nach mbaineann an díospóireacht seo leis an tír seo amháin.

Is í an teanga an tslí is fearr chun féiniúlacht náisiúnta a thaispeáint agus éinne a thaisteal san Eoraip theastaigh uatha a thaispeáint gur Éireannaigh a bhí iontu. An tslí is fearr a bhí acu chun sin a dhéanamh ná an Ghaeilge a labhairt. Tá an Eoraip tar éis cabhrú linne trí aird a thabhairt ar an seod seo atá againn. Tá teanga againn ar chóir dúinn a bheith an-bhróidúil aisti.

Cruthaíonn na deontais fhlaithiúla atá sa Bhille seo go bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge. Ceaptar go minic nach bhfuil á tabhairt ach tacaíocht bhéil ach cruthaíonn an Bille seo nach bhfuil sé sin amhlaidh.

Táimid ag súil leis go mbeidh an mBille Teanga ar an mbonn céanna agus nuair a luaigh an tAire Stáit an Bille sin sa Seanad an lá deiridh ba léir go raibh i gceist Bille a chothódh an teanga, a chabhródh lei agus a chosnódh cearta lucht a labhartha.

Tá gach cabhair tuillte ag an nGaeltacht. Ní carthanacht atá inti. B'iad muintir na Gaeltachta a sheas an fód ar son na Gaeilge. Seod ann féin is ea an Ghaeltacht. Chuaigh scoláirí, gnáthdhaoine agus ábhair mhúinteoirí go dtí an Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus murach an Ghaeltacht a bheith ann ní fhéadfadh siad é sin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, téann foghlaimeoirí Fraincise chun na Fraince chun snas a chur ar a gcuid Fraincise.

Chuaigh mé féin ann freisin chun blas a fháil. Tá saibhreas ar leith sa Ghaeltacht. Teanga chlaisiceach í an Ghaeilge ar bhealach – feictear é sin sna modhanna cainte. Tá an oidhreacht laistigh den teanga agus ní meán cumarsáide amháin atá inti.

Is léir ó shaothair na mórscríbhneoirí a tháinig ón nGaeltacht agus ó na hoileáin go raibh teanga faoi leith i gceist chun tuairimí agus fealsúnacht a chur in iúil. Ní gnáth-theanga cumarsáide í. Is í an Ghaeltacht tobar na teanga ar ndóigh – is ansin a chaomhnaítear an teanga.

An meath a tháinig ar an nGaeltacht, níor bhain sé le cúrsaí staire nó le cúrsaí teanga ach le cúrsaí eacnamaíochta. Bhí ar dhaoine crochadh leo ar fud na tíre chun poist a fháil thar lear.

Sa Bhille seo tá seans á thabhairt do na daoine sin teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht agus deontas a fháil más teaghlach Gaeilge iad. Cabhróidh sé go mór freisin nach gá don teaghlach a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht nuair atá an t-iarratas á chur isteach. Tá an-chuid daoine ar mhaith leo gnáthshaol a chaitheamh trí Ghaeilge agus neartóidh sé seo an Ghaeltacht ar ndóigh.

Abair go bhfuil teaghlach Gaelach i dtír thar lear atá ag labhairt na Gaeilge, an n-inseoidh an tAire Stáit dom an mbeidh clann mar sin i dteideal deontas a fháil chun teach a thógáil sa Ghaeltacht? Tá an-chuid daoine ag caint faoi theacht abhaile agus chabhródh an deontas leo go mór.

Thabharfadh sé an-dóchas dúinne dá dtiocfadh daoine ar ais chun na tíre a lean leis an nGaeilge fad a bhí siad thar lear agus go dtabharfadh siad an sprid atá acu leo.

Tá Gaeltacht im' aigne – Gaeltacht bheag i gCúige Mumhan a bhí faoi bhrú. Tháinig an-chuid daoine gan Ghaeilge chun cónaí ann toisc áilleacht na háite agus timpeall fiche bliain ó shin chuir sé díomá orm gur chuir siad iachall ar an Eaglais, ar na scoileanna agus ar an údarás áítiúil seirbhís a chur ar fáil dóibh trí Bhéarla. Is cuimhin liom an chéad uair a ndeachaigh an gnáthphobal isteach sa séipéal agus go ndúirt an sagart leo go mbeidh seirbhísí eaglasta Béarla ann as sin amach. An raibh sé sin féaráilte don phobal a bhí ann ar feadh na mblianta go raibh orthu fulaingt dá bharr?

Níl a fhios agam an freagra atá ar chás mar sin ach an freagra atá sa Bhille seo ná cabhair a chur ar fáil do na daoine atá ann agus do dhaoine atá báúil leis an teanga le go meallfaí isteach sa Ghaeltacht iad. Sin cumhacht táchachtach amháin atá sa Bhille seo.

Ní haon mhaitheas a bheith ag súil go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann leanúint ar aghaidh muna bhfuil an tacaíocht ann dóibh. Tá áthas orm go bhfuil gradam faoi leith á thabhairt do na hoileáin Ghaeltachta mar bhí deacrachtaí dá gcuid féin ag muintir na n-oileán nach raibh ag aon dream eile. Labhair mé go poiblí le déanaí faoi Pheig Sayers agus bhí Peig ar na daoine a d'fhan ar oileán chomh fada is a d'fhéad siad go dtí go m'éigean dóibh teacht isteach ar an mórthír.

Fuair mé litir ó Inis Meáin seachtain ó shin a dúirt nach bhfuil aon mheánscoil ar an oileán sin agus go mbíonn ar na daltaí tar éis scolaíocht Ghaeilge a fháil ar an oileán dul isteach ar an mórthír mar a mbeidh an scolaíocht trí Bhéarla. Is cuma cén costas a bhainfeadh leis agus ní mór dúinn an tacaíocht seo a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chun a léiriú go bhfuilimid dáiríre.

Bhí Seanadóir amháin anseo ar maidin ag caitheamh anuas ar chaiteachas ar an nGaeilge. Féach an t-airgead atá á chaitheamh againn ar chodanna eile dár n-oidhreacht – an ailtireacht mar shampla – agus ní déarfadh éinne nár chóir na milliún punt a chaitheamh ar Charraig Chaisil nó áit ar bith eile. Ach níl aon oidhreacht níos doimhne nó níos saibhre ná an Ghaeilge mar tá an Ghaeilge beo.

Oidhreacht bheo atá i gceist agus gach a bhaineann lenár gcine tá sé le fail sa Ghaeilge agus ní déarfadh éinne nach bhfuil sé sin fíor. Más rud go bhfuil orainn eisceacht a dhéanamh mar shampla an iarratas seo ó Inis Meáin agus má éiríonn leis an Aire Stáit a chur ina luí ar an Aire Oideachais nó ar aon Aire eile agus a fhógairt go luath go bhfuil sí in ann gníomh a dhéanamh ar son na mná seo ar chainteoirí Gaeilge an chlann uilig níl aon amhras ach go mbeadh clú agus cáil tuilllte aici i stair na hÉireann amach anseo. Rud an-tábhachtach go deo é seo mar thaispeánfadh sé go bhfuil an Stát sásta an rud ceart a dhéanamh. Níl ag teastáil ach cabhair.

Maidir le turasóireacht chultúrtha, is léir gur cheann de mhórthionscail na tire í faoin am seo. An talamhaíocht agus an turasóireacht na cinn is mó. An suirbhé is mó a rinneadh ar an turasóireacht le cúpla bliain anuas agus a chosnaigh leathmhilliún punt – it showed that visiting national monuments was the most popular pursuit of tourists coming into this country, which is fine. After that, however, traditional culture featured twice among the top six pursuits.

It is the repository of culture and heritage in many ways. Cultural tourism can certainly be geared and focused. Bhí áthas orm nuair a bhí mé ag freastal ar Ghaeltacht Chiarraí i bhfad ó shin na Gearmáinigh agus na Fraincigh ag teacht isteach agus a dteangacha féin á labhairt acu. Ní hé nach bhfuil fáilte roimh na Sasanaigh freisin, tá ar ndóigh, ach más féidir linn a thaispeáint nach gcaithfidh gach siopa athrú go Béarla chun freastal ar thurasóirí, is amhlaidh is fearr é. Ní dhéanann said é sin sa Fhrainc nó in aon tír eile do Bhéarlóirí. Caithfimid a bheith cúramach go bhfuil polasaí i bhfeidhm againn chun cabhrú le turasóirí a thagann chun na Gaeltachta toisc gur áit ann féin í le hatmasféar dá cuid féin. Caithfimid freisin a thaispeáint gur féidir le muintir na Gaeltachta leanúint ar aghaidh le Gaeilge agus seirbhís a thabhairt ag an am céanna. Ní chóir cur isteach ar na turasóirí mar is cabhair an-mhór don Ghaeltacht iad.

Bille an-dearfach é seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus is cruthú é go mbeidh rudaí eile ag tarlú amach anseo a léireoidh go bhfuil ré nua i bhfeidhm ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus go mbeidh an Rialtas lánsásta tacaíocht a chur ar fail. Beidh a fhios ag an Aire agus an Roinn agus ag an Rialtas go mbeidh tacaíocht acu ó mhuintir na hÉireann le haon iarracht mar sin. Léiríonn gach suirbhé go bhfuil trí cheathrú de mhuintir na tire báúil leis an nGaeilge. Is iontach an dul chun cinn é sin agus ba chóir go gcabhródh sé sin leis an Aire agus leis an Rialtas a bheith misniúil ar son na Gaeilge. Tréaslaím leo mar tugann sé dóchas dúinn go léir Bille den saghas seo a fheiceáil.

Fáiltím chomh maith roimis an mBille seo agus roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. An rud is tábhachtaí chun tacaíocht a thabhairt don teanga ná go mbeadh tuiscint againn ar conas mar atá sna Gaeltachtaí. An locht is mó atá agamsa ar pholasaithe teanga Rialtais i ndiaidh Rialtais ó bunaíodh an Stát ná go bhfuilid dírithe níos mó ar na Galltachtaí ná ar na Gaeltachtaí. Arís agus arís eile tagaimse ar chabhair atá le fail don Ghaoluinn agus a bhaineann leis an nGaoluinn sna Galltachtaí agus nach bhfuil ar fáil sna Gaeltachtaí. Dúirt mé leis an Aire Stáit ar a céad chuairt anseo chomh tábhachtach is atá sé díriú ar mhuintir na Gaeltachta agus gach cabhair is féidir a thabhairt dóibh. Is tobar ár n-oidhreachta í an Ghaeltacht agus foinse na teanga.

Tá bóithre, poirt agus aerophoirt thar a bheith tábhachtach agus rudaí mar IT ar ndóigh. Ach chun go mbeadh bunús ceart againn sna Gaeltachta an cineál triantán cúnaimh atá ag teastáil ná tithíocht, fostaíocht agus scolaíocht trí Ghaoluinn, nó cúnamh do na cúrsaí sin ar a laghad.

Cúpla bliain ó shin scríobh Frank McDonald alt san Irish Times tar éis dó turas a thabhairt ar Chonamara, más cuimhin liom. Bungalow blitz sna Gaeltachtaí an ceannteideal a bhí aige agus bhí sé ag fáil locht ar an méid a chonaic sé, fiú amháin an dath a bhí ar na tithe. Agus cuireann an tig bán isteach orm féin, níor chóir go dtabharfaí cead dath bán a chur ar theach.

Is cuimhin liomsa agus mé ag dul ar scoil sa Daingean daoine ag teacht isteach ó na Gaeltachtaí. Is beag a bhí ag na daoine sin an uair sin – ní raibh obair ná airgead acu – agus is i mbotháin a bhí cónaí ar a lán acu. Tá an tuiscint sin ag gach duine againn a chónaigh timpeall ar na Gaeltachtaí agus b'fhearr na bungaló a fheiceáil lá ar bith thar na botháin. Is ceart agus is cóir go ndéarfaí é sin agus go mbeimis sásta leis sin.

Anois ní mór dúinn a bheith níos cúramaí faoin gcineál tithíochta atá á tógáil sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil sé sa Ghaeltacht ach ba chóir go mbeadh tacaíocht ailtireachta ar fáil do dhuine ar bith a bhí ag smaoineamh ar theach nua a thógáil le go bhféadfaí teacht ar an dearadh ab oiriúnaí don timpeallacht. Bhí mé ar imeall an Bhurren ag an deireadh seachtaine agus is fuirist a fheiscint na tithe a tógadh le cúnamh ailtire agus iadsan nár tógadh. Ba mhaith an rud é an cúnamh sin a bheith ar fáil sna Gaeltachtaí.

Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh na rialacha pleanála curtha in oiriúint do ghnó na nGaeltachtaí, le go dtuigfeadh na húdaráis áitiúla na deacrachtaí agus na cúraimí ar leith atá i gceist. Agus má tá gá le córas ann féin do na Gaeltachtaí, is mar sin ar chóir dó a bheith.

Fáiltím roimh an alt maidir leis na hoileáin Ghaeltachta. Is cuimhin liom nuair a bhog muintir an Bhlascaoid go dtí an mórthír i 1953 – bhí cuid acu ar scoil liom – go raibh an-deacrachtaí acu. Chuir an-chuid daoine i gcoinne an ionaid oidhreachta ar an mBlascaod Mór cúpla bliain ó shin agus níorbh mhuintir na háite a bhformhór. Ní raibh tuiscint ag na daoine sin ar na Gaeltachtaí. Agus dúradh ag an am muna bhfuiltear chun díriú isteach ar chúrsaí turasóireachta agus ionaid oidhreachta agus mar sin de a thógáil, agus an t-infrastruchtúr a fhorbairt, nach fada eile a bheas daoine ina gcónaí amuigh ar an leithinis sin. Níl aon fhostaíocht ann dóibh.

Muna bhfuil tithíocht den scoth ag muintir na Gaeltachta agus fáil acu ar oideachas den chéad, dara agus triú leibhéal sa Ghaeltacht – if we are not prepared to invest that type of money, the whole thing is a scam. Sin an rud is tábhachtaí. Is breá go mbeadh tuiscint mar sin ag an Rialtas – caithfear an tacaíocht sin a thabhairt ionas gur féidir le daoine saol iomlán a chaitheamh trí Ghaoluinn, le tithíocht, oideachas agus fostaíocht.

Is fuirist an dul chun cinn sin a dhéanamh i láthair na huaire mar go bhfuil an t-airgead againn chuige agus an teicneolaíocht chuige freisin. Is féidir teleworking agus cottage industries a bhunú ar an dteicneolaíocht nua.

Ba mhaith liom go mbeadh sé mar aidhm ag an Aire Stáit díospóireacht a thosú ar an gceist seo le taispeáint gur féidir a lán a dhéanamh anois go mór mór ó thaobh added value intleachtúil ó na hoileáin mar shampla. Dá mbeadh broadband IT ar fáil acu d'fhéadfaí obair ar bith a dhéanamh orthu agus a bheith i dteagmháil leis an domhan ar fad.

An uair dheiridh a labhair mé anseo dúirt mé go raibh sé tábhachtach go mbeadh rogha ag aos óg na Gaeltachta maidir le pop, roc, teilifís shaitilíte. Chonaic mé seachtain ó shin go bhfuil bainistíocht Sky TV tar éis dul chun cainte le TG4 chun TG4 a chur ar fáil trí shaitilít. Is maith ann an dul chun cinn sin mar ní féidir linn aon ghearradh siar a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil d'aos óg na Gaeltachta. Má tá rud ar fáil i lár na cathrach caithfidh sé a bheith ar fáil i lár na Gaeltachta freisin.

Ní gá aon sceoin a bheith orainn. Má tá rogha ag na daoine óga, ní chuirfidh SKY TV isteach nó amach orthu. Sin an taithí atá againn ó na háiteanna sin.

Is cruthaíoch an moladh é go mbeidh deontais ar fáil as seo amach ní amháin ag muintir na Gaeltachta ach ag daoine atá ag iarraidh teacht isteach sna Gaeltachtaí. Thabharfadh sé sin instealladh daonra don Ghaeltacht – daoine nua a bhfuil bá acu leis an teanga. Ní chuirfeadh sé amach ormsa – and I would be a strong supporter of human rights in many forms – dá mbeadh sé mar bye-law do dhaoine a bhí ar tí teach a thógáil, go mbeadh Gaeilge ar a dtoil acu. Chaomhnódh sé sin ár n-oidhreacht.

On another issue altogether dúirt mé cheana go bhfuilim sásta a bheith liobrálach faoin gcineál cáilíochtaí atá ag múinteoirí atá ag múineadh sa tír seo. Ach ar an dtaobh eile chaithfeadh múinteoir a bheadh ag múineadh sa Ghaeltacht Gaoluinn a bheith ar a toil nó ar a thoil aici nó aige. An rud céanna atá idir láimhe anseo againn. Má táimid chun an Ghaeltacht a chaomhnú – and I do not mean keeping people in a zoo situation – is ceart agus is cóir go mbeadh rialacha agus reachtaíocht againn chun gach seans a thabhairt do na Gaeltachtaí forbairt ina slí féin.

Is maith freisin go bhfuiltear ag tarraingt siar freisin ón dara teach agus ón chalet saoire. Ní raibh na Gaeltachtaí go ró-olc maidir le tithe samhraidh go dtí seo ach tá Acla agus áiteanna eile scriosta acu. Ní raibh aon todhchaí don Ghaeltacht sna tithe saoire.

Ní gá falla a thógáil chun daoine a choimeád amach ach ní chóir dúinn tacú le daoine a thioc fadh ar feadh cúpla seachtain in aghaidh na bliana.

Nílim ró-thógtha leis an díon tuí ach nílim ag cur ina choinne ach oiread.

Fáiltím roimis an mBille seo mar go dtugann sé tacaíocht don Ghaeltacht, go gcuirfidh sé feabhas ar infrastruchtúr na háite le tithíocht fheabhsaithe agus is maith go bhfuil sé dírithe ar na daoine seo. Tá píosa in Alt 10 agus Alt 11 maidir le haisíoc deontais. Nach féidir le hAire é sin a dhéanamh gan é a chur isteacht sa Bhille? Tuigim. Tá overpayments bunaithe ar errors in fact níos mó ná errors in law. Cheap mé go raibh sé á athrá anseo.

Fáiltím roimis an mBille agus tá súil agam go dtabharfaidh sé instealladh nua don Ghaeltacht. Tá jab an-mhaith á dhéanamh ag an Aire Stáit agus comhairle mhaith á cur orthu.

Fáiltím roimh an Aire Stáit go dtí an Teach. Seo é an tríú Bille Tithíochta – bhí ceann ann i 1929 agus ceann eile i 1979. Ach tá athruithe millteanacha tagtha ar shaol na Gaeltachta ón am sin i leith. I 1929 b'í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí ag muintir na Gaeltachta ach anois tá siad chomh líofa céanna sa Bhéarla. Cuid de na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, níl Gaeilge ar bith acu.

B'fhéidir go gcuirfidh mé isteach ar dhaoine nuair a deirim gur mealladh tionsclaíocht isteach sa Ghaeltacht i gceantair mar Ghaoth Dóbhair ach mheall sé freisin daoine nach raibh aon Ghaeilge acu isteach sa cheantar. Bíonn Donncha Ó Baoill ón údarás ag caint faoi chúrsaí pleanála agus tuigim an rud atá i gceist aige.

Tá níos mó Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht anois ná mar atá lastigh de – in áiteanna mar Bhéal Feirste, Iúir Chinn Trá, Doire Cholmcille agus Dún Lóiche i gContae Aontroma. Sna fiche sé contae tá Gaeilge á labhairt i nDún Laoghaire agus in a lán áiteanna eile, agus tá gaelscoil mór i bPort Laoise agus in a lán áiteanna eile.

Caithfimid aire a thabhairt don Ghaeltacht agus í a choinneáil daingean nó titfidh an tóin as an rud ar fad. Caithfimid an Ghaeilge a spreagadh. Bhuaileamar le toscaireacht ó Ghael Uladh le déanaí, coiste atá ag déanamh sárobair chun an Ghaeilge a chothú i measc na scoileanna sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Ach tháinig scéim na gcúntóirí teanga isteach mar ní raibh an Ghaeilge láidir go leor sna scoileanna náisiúnta fiú amháin sa Ghaeltacht. Sin athrú mór.

Tá lá an bhata mhóir imithe. Rud sóisialta, pléisiúrtha agus faiseanta é anois a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Ní cheart daoine a bheith faoi bhrú chun Gaeilge a fhoghlaim. Bhí a lán teaghlaigh ina gcónaí sa bhaile ina rugadh mé nach raibh Gaeilge acu ach bhí múinteoirí breátha againn agus chuir siad brú orainn Gaeilge a labhairt agus a fhoghlaim. Bhí brú orm ón mbaile freisin. Bhí orm dul go Rann na Feirste go dtí an coláiste Gaeilge agus nuair a amharcaim siar air anois, deirim gurb in an rud ceart ag an am ach níor chreid mé ann ag an am. Tá an Ghaeilge is binne sa tír le cloisteáil i Rann na Feirste agus tá lúcháir orm anois gur cuireadh go dtí an coláiste sin mé.

Mar gheall ar an mbrú agus an bata mór níor labhair mé Gaeilge go ceann tríocha cúig bliana ina dhiaidh sin. Ní raibh seans agam mar bhí mé ag obair ag rudaí nach raibh Gaeilge ag teastáil dóibh agus ní raibh mé ag casadh le daoine ón nGaeltacht. Ach tá lúcháir orm anois go bhfuil Gaeilge agam agus cé nach bhfuil gach focal teicniúil agam is féidir liom Gaeilge a labhairt le duine ar bith a labhrann Gaeilge liom.

Déanann an Bille seo leathnú agus leasú ar Acht na dTithe (Gaeltacht) chun é a dhéanamh níos feiliúnaí don lá inniu. Ní raibh athrú ar bith sa reachtaíocht ó 1979 go dtí seo agus dá bhrí sin tá an Bille iontach tábhachtach don Ghaeltacht.

Fáiltím roimh na hathruithe ach tá rudaí nach bhfuilim sásta leo agus luafaidh mé iad ar deireadh.

Cuirfidh an Bille seo go mór le héifeacht na scéime tithíochta sa Ghaeltacht agus bainfidh bunadh na Gaeltachta tairbhe níos fearr as dá bharr. Léiríonn an Bille go bhfuil an Rialtas lándáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Nuair a d'fhoilsigh an tAire Stáit Ó Cuív an Bille seo, d'fhógair sé méaduithe substaintiúla i méid na ndeontas tithíochta i leith obair fheabhsúcháin agus eile. Ní raibh méadú ar na deontais seo le fada an lá agus bhí sé in am iad a mhéadú.

Tá méadú 200% ar dheontais do na hoileáin – méadú 50% a bhí ann roimhe seo. Rud iontach tábhachtach é sin do na hoileáin mar tá míbhuntáistí móra ag baint le teach a thógáil ar oileán.

Rinneadh méadú ar an ndeontas do theach úr ar na hoileáin agus ar an ndeontas do fheabhsúcháin riachtanacha – suas le £12,000 sa dá chás. Sin ardú £8,500. Tá na gnáthdheontais imithe ó £3,500 go £4,000 agus tá ardú chomh maith ar na deontais fá choinne séarachas, seomraí folctha agus soláthar uisce ar na hoileáin agus ar an mórthír.

Níl aon dabht ann ach go mbeidh an dul chun cinn ann ó thaobh tithíochta na Gaeltachta agus go mbeidh caighdeán maireachtála níos fearr ag na daoine ann.

An t-athrú is mó sa Bhille seo ná nach mbeidh gnáthchónaí sa Ghaeltacht mar choinníoll feasta d'iarrthóirí ar dheontas do theach nua. Cabhraíonn sé seo le teaghlaigh le Gaeilge atá ar imirce agus ag iarraidh filleadh abhaile. Cabhróidh sé chomh maith le daoine atá ag obair. Tharla rudaí cosúil le tionscalaíocht a mhealladh isteach sa Ghaeltacht agus tá eastát tionscalaíochta mór i nGaoth Dóbhair. Ba mhaith an rud é sin ach mheall sé daoine fosta isteach sa Ghaeltacht nach raibh aon Ghaeilge acu. Nílim ag iarraidh cur isteach ar Dhonncha Ó Baoill ón údarás. Cabhróidh sé freisin le daoine atá ag obair i rith na seachtaine cosúil le daoine i mo Dháilcheantar féin atá ag obair i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh ar feadh na seachtaine agus ar mhaith leo gnáthchónaí a bheith orthu ina gceantar féin. Ní íocfar an deontas go dtí go mbeidh siad ina gcónaí sa teach.

D'ardaigh an Teachta Mac Fhionnlaoich ceist mar gheall air seo agus aontaím leis seo nach bhfuil an cheist seo réitithe go fóill. Is iomaí duine a bhí i dteagmháil liomsa faoi, daoine óga nach raibh sásta teach a cheannach san áit a bhfuil siad ag obair mar go bhfuil siad ag filleadh abhaile ag an deireadh seachtaine ar an mbus. Ba mhaith leo cónaí sa Ghaeltacht.

Beidh cabhair acu leis an mBille seo teach a thógáil sa bhaile ach má phósann siad sa chathair seans nach mbeidh Gaeilge ar bith ag an duine a phósann siad. Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh seans ag an duine sin an Ghaeilge a fhoghlaim thar sé mhí nó mar sin agus go bhféadfadh siad ansin cur isteach ar scéim spreagtha na Gaeilge. Ach féach chomh deacair atá sé ar dhaltaí scoile an Ghaeilge a fhoghlaim le linn trí bliana déag ag dul ar scoil. Ní chreidim gur féidir Gaeilge a fhoghlaim laistigh de shé mhí.

Tá mé an-bhuíoch den Aire Stáit agus den Aire Stáit Ó Cuív as ucht déileáil leis an deacracht seo cé nach bhfuil sé ach leathréitithe fós.

Is scéim iontach tábhachtach é seo – anuraidh tháinig méadú de 31% ar lion na n-iarratais a bhí ann ó 1998 agus i mbliana tá ardú eile de 10% ann. Bhí 1,300 ann anuraidh agus tá ardú ar sin anois. Chímid an tábhacht atá leis an athrú seo mar nuair a tugadh an deontas isteach don teas lárnach bhí méadú mór ar na hiarratais.

De réir Acht Airí agus Rúnaí 1956 is ea a leagtar amach teorainneacha na Gaeltachta. In alt 4 deir sé go mbeidh fáil ar dheontas chun díon tuí a dheisiú. Cé go raibh sé ansin ní raibh an reachtaíocht ann le déileáil leis. B'fhéidir go soiléireodh an tAire Stáit an fhoráil seo.

In alt 6 luaitear an riail seacht mbliana idir iarratais ar dheontais. Déarfaidh daoine áirithe go bhfuil sé sin ceart go leor ach leis na hathruithe a tharla le blianta anuas agus an teas lárnach á chur ar an liosta – is dóigh liom gur luaigh an tAire Stáit go mbeadh eisceacht ann do chúl choire – ach ba cheart go ndéanfaí eisceacht go háirithe do sheandaoine a fuair deontas laistigh de na seacht bliana deiridh do chóras teasa.

Bhí mé ag amharc ar na rudaí a dúradh nuair a bhí an Bille seo sa Dáil. Luadh breacGhaeltachtaí agus an é nach mbeidh an deontas ar fáil ag daoine atá ina gcónaí sa limistéar sin?

Léigh mé amach liosta na mbreacGhaeltachtaí agus ní raibh iarratas ar bith uathu i dTír Chonaill leis na blianta.

Sin an dóigh a bhfuil an Ghaeilge ag dul mar níl sí á foghlaim acu ar scoil.

Má tá deontas faighte ag duine do dhoirse nó d'fhuinneoga taobh istigh de na seacht mbliana an féidir cur isteach ar dheontas eile d'obair eile cosúil le facia boards nó rud mar sin muna bhfuair tú ach £900 ach an t-uasmhéid a bhí ann ná £2,300. Ón méid a dúirt an Teachta Ó Cuív liom thuig mé go mbeadh duine ar bith in ann £2,400 a fháil anois fá choinne an teas lárnach. An fíor sin do dhaoine nach bhfuair ach suim bheag do fheabhsúcháin eile?

Ba cheart an deontas feabhsúcháin a thabhairt do achan duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht. Nílim ag iarraidh an deontas £4,000 a thabhairt do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu ach ba cheart an deontas eile a thabhairt do dhaoine nach bhfuil ag teacht isteach ach atá ina gcónaí ann. Níl deontas ar bith ag an Roinn Comhshaoil fá choinne feabhsúcháin. Discrimination atá ann i gcoinne daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Ar a laghad tá gá ní amháin le scéim do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fheabhsú ach do dhaoine atá ag tosú ar Ghaeilge a fhoghlaim. Ba chóir go mbeadh trí nó ceithre chéim ann agus ní dhá cheann amháin.

Bhí deacracht ag duine i mo Dháilcheantar féin arbh as an mBreatain Bheag di. Cheap mise go bhfaigheadh sí an deontas mar gur teanga Cheilteach í sin ach ní bhfuair sí an deontas mar ní raibh Gaeilge na hÉireann aici.

Tá súil agam nach gcaillfear aon chuid den Ghaeltacht nuair a gheofar torthaí an scrúdaithe atá ar bun ag Coimisiún na Gaeltachta mar scriosfadh sé sin an Ghaeltacht.

Luadh na breacGhaeltachtaí agus go raibh Ardraha mar chuid de. Ba cheart d'áiteacha ar nós Ardraha, na Gleanntaí, an Fhachain agus Ros Beag a bheith sa Ghaeltacht. Tosnaíonn Gaeltacht Thír Chonaill i nGleann Cholmcille, tá bearna ann agus ansin tagaimid go dtí Gaeltacht na Rosann, Gaoth Dóbhair agus Cloch an Fhaola. Ba cheart go mbeadh an áit go léir ceangailte suas. Tá Gaeilge chomh maith ag daoine sna ceantair sin is atá acu i gceartlár na Gaeltachta i nGaoth Dóbhair. Fágfaidh mé go dtí an chéad uair eile mo chuid tuairimí faoi cad is teaghlach sa Ghaeltacht. Ní aontaím ar chor ar bith leis an méid atá sa Bhille.

Guím gach rath ar an Aire Stáit agus táim an-bhuíoch den méid a rinne an tAire Stáit O Cuív as an oiread sin rudaí a thabhairt ar ais fad a bhí sé ina Aire Stáit, cosúil le scéim na mbóithre áise. An tseachtain seo d'fhógair an tAire Stáit arduithe sna híocaíochtaí leis na mná tí. Tá a lán rudaí eile a ba mhaith linn a fheiceáil sa Ghaeltacht agus beidh mé ag feitheamh ar na deontais eile a bheas á fhógairt ag an Aire Stáit.

Debate adjourned.
Barr
Roinn