Tá áthas orm inniu an díospóireacht a oscailt sa Seanad ar an mBille seo. Is í príomhaidhm an Bhille ná leasú agus leathnú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá atá inniu ann. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht, go háirithe sa chomhthéacs nár reachtaíodh aon Acht ó 1979 go dáta. Cuirtear san áireamh sa Bhille úr chomh maith, cinntí a rinneadh le tamall anuas maidir le cúnamh atá ar fáil faoi na hAchtanna.
Tá aitheantas faoi leith tugtha ag an Rialtas don Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus ceann de na príomhchúraimí atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ná labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn – is í an Ghaeilge an acmhainn is luachmhaire atá ag muintir na Gaeltachta agus is sa Ghaeltacht amháin a labhartar í mar ghnáth-theanga phobail. Is í cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tír i gcoitinne, ceann de na príomh-aidhmeanna atá agam féin agus ag mo Roinn don mhílaois úr.
Ceann de na bealaí is fearr atá ann leis an nGaeilge a choiméad beo sa Ghaeltacht ná, na scéimeanna Gaeilge bainteach leis an teaghlach atá á reáchtáil ag mo Roinn le tamall maith anois – scéimeanna cosúil le scéim na hfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim labhairt na Gaeilge agus an scéim atá mar ábhar insan mBille seo, is í sin an scéim tithíochta sa Ghaeltacht. Tá tithíocht mar cheann de na riachtanais is bunúsaí atá ann, agus tá sé tábhachtach go dtabharfar gach cúnamh tithíochta do mhuintir na Gaeltachta, agus is féidir libh a bheith cinnte de go leanfar leis an gcúnamh sin.
Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-1979, íocann an Roinn deontais chun tithe úra a thógáil sa Ghaeltacht agus chun feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe cónaithe atá ann cheana féin. Chun caílíocht a bhaint amach ní mór d'iarratasóirí gnáthchónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga labhartha acu féin agus ag a dteaghlaigh.
Caitheadh £1.94 milliún faoin scéim i 2000 – meadú 25% ar 1999. Sa bhliain 2000 fuarthas 1,486 iarratas faoin scéim (méadú 10% ar líon na n-iarratas i 1999) agus críochnaíodh 121 teach úr maraon le 769 cás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin le cabhair deontais ó mo Roinn.
Is é an coinníoll is tábhachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ná, go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga theaghlaigh ag líon tí an iarratasóra sula gceadaítear deontas. Uaireanta bíonn deacrachtaí ag teaghlaigh an coinníoll áirithe sin a chomhlíonadh, mar shampla, má tá duine ón nGaeltacht pósta le duine taobh amuigh den Ghaeltacht gan Ghaeilge. Déileáiltear go tuisceanach agus go solúbtha le hiarratasóirí den tsórt seo. Is minic a thugtar tréimhse áirithe (trí mhí nó sé mhí de ghnáth) do na teaghlaigh sin, chun deis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáththeanga labhartha. Bíonn an Roinn sásta an t-iarratas a athmheas ina dhiaidh sin agus cúinsí uilig an teaghlaigh a chur san áireamh sula ndéantar cinneadh.
Is chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh mar seo, atá ag tógáil tigh úir sa Ghaeltacht, a bunaíodh scéim spreagtha na Gaeilge i 1980. I gcás nach bhfuil iarratasóir cáilithe faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ó thaobh riail na Gaeilge, is féidir iarratas a dhéanamh faoi scéim na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil. Má éirionn leo an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáth-theanga theaghlaigh ina dhiaidh sin, bíonn deis acu iarratas a dhéanamh ar chúnamh faoi scéim spreagtha na Gaeilge. Is fiú £800 an deontas sin laistigh de dhá bhliain, agus leis an gnáthdeontas ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil is féidir le hiarratasóir iomlán de £3,800 a fháil, i gcomparáid leis an gnáthdheontas Gaeltachta de £4,000.
Tá méadú substaintiúil déanta ar na deontais fheabhsúcháin agus sláintíochta faoi na hAchtanna le héifeacht ó 24 Deireadh Fómhair 2000 agus méadaíodh an deontas i leith méadú speisialta do chuairteoirí, agus an deontas chun díon tuí a athnuachan, i 1999. Bhí sé thar am na deontais seo a mhéadú, agus deontais réalaíocha a chur ar fáil, agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil sé sin déanta anois.
Bhí díospóireacht an-bhríomhar agus eolach ar an mBille seo ag gach céim nuair a bhí sé ag gluaiseacht tríd an Dáil agus tá áthas orm a rá gur cuireadh fáilte mhór roimhe ar gach taobh den Teach sin. Léiríonn sé seo gur Bille maith atá ann agus fosta go bhfuil an-suim ag Baill an Oireachtais i gcur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhorálacha atá ann ina n-ord cróineolaíoch.
Mar is ionduil sa reachtaíocht, ‘sé Alt 1 an fhoráil míniúcháin. Tá mínithe le fáil anseo ar an Príomh-Acht, sin é, Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus mínithe ar na hiar-Achtanna idir é sin agus 1979. Tá tuilleadh ábhar tís (housekeeping matters) ar siúl in Alt 2 chun an léiriú ar an bPríomh-Acht a leasú trí shainmhínithe éagsúla.
Fóralann Alt 3 gurb í an Ghaeltacht, [chun críocha na nAchtanna ná,] na limistéir oifigiúla Gaeltachta a shonraítear faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Mar thoradh ar an leasú seo, beidh sainmhíniú oifigiúil amháin i bhfeidhm don Ghaeltacht, rud atá ag teastáil do na Ranna Stáit agus na comhlachtai Stáit a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht ar bhonn rialta.
Ar ndóigh, bhí na hAchtanna i bhfeidhm, i bhfad sular leagadh síos na limistéir oifigiúla Gaeltachta i 1956. Nuair a déanadh é sin, leanadh, chun críocha Achtanna na dTithe, le haitheantas do na seanlimistéir a leagadh síos i 1929. Aon deontas úr a tugadh isteach áfach tar éis 1956, bhí sé teoranta do na limistéir oifigiúla agus ó thaobh na Gaeilge de, ba rud ciallmhar é sin. Beidh na deontais uilig faoi na hAchtanna teoranta do na limistéir oifigiúla anois – is beag cás a bhí i gceist lasmuigh de na limistéir sin ar aon chuma.
Tá tábhacht faoi leith ag baint le hAlt 4 agus sé sin nach mbeidh gá d'iarratasóirí ar dheontais do thithe úra a bheith ina gconaí sa Ghaeltacht fad a bhíonn an teach á thogáil. Tugann an leasú áirithe atá i gceist anseo deis do theaghlaigh le Gaeilge, iadsan atá ag iarraidh filleadh go dtí an Ghaeltacht, teach a thogáil dóibh féin sa Ghaeltacht, roimh theacht abhaile dóibh. Roimhe seo bhíodh ar iarratasóirí a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht ag am an iarratais, agus nuair a bhí an teach á thógáil. Leigheasann an leasú seo an fhadhb a chothaigh sé sin d'iarratasóirí áirithe. D'fhéadfaí a rá go bhfuil an leasú seo tráthúil anois os rud é go bhfuil go leor teaghlaigh le Gaeilge ag filleadh ar an nGaeltacht de thoradh an borradh eacnamaíochta atá againn faoi láthair. Ar ndóigh ní bheidh sé i gceist aon deontas a íoc go dtí go mbeidh gnáthchónaí ar pé iarratasóirí a bheidh i gceist sa teach úr sa Ghaeltacht.
Baineann Alt 4 fosta leis an deontas le haghaidh díon tuí a dheisiú nó a athsholáthar. Tá an deontas seo le fáil sa Ghaeltacht ó 1990 ach ní raibh aon soláthar chuige ins na hAchtanna go dtí seo. Measaim féin go bhfuil an teach ceann tuí mar íomhá thábhachtach de thraidisiún agus radharc tíre na hÉireann. Is nasc láidir é lenár stair agus cabhraíonn sé le tionscail na turasóireachta. Tá áthas orm a rá gur mhéadaigh an Roinn an deontas áirithe seo dhá uair ó 1990, i 1996 agus arís i 1999.
Níl i gceist ag Alt 5 ach cead a thabhairt don Aire na mionathruithe a bhíonn ag teastáil ó am go ham ar leagan amach an fhoirm iarratais a chur i gcrích gan ionstraim reachtúla a dhéanamh. Leagann Alt 6 amach nach mbeidh deontas ceadaithe i leith na n-oibreacha céanna atá ag fáil cúnaimh as airgead poiblí nó as airgead ó institiúid an Chomhphobail Eorpach. Cé go raibh coinníoll cosúil leis seo ins na hAchtanna cheana ní raibh na Comhphobail Eorpacha luaite sa choinníoll áirithe sin. Níos tábhachtaí fós, is deontas i leith an tí féin a bhí luaite cheana in ionad deontas i leith oibreacha áirithe. Tugann an leasú seo deis don Aire deontas feabhsúcháin a íoc i leith tí má tá cás tuillteaneach ann, fiú go mbíonn deontas i leith oibreacha eile sa teach céanna i gceist chomh maith, mar shampla ón mbord sláinte nó ón gcomhairle contae. Cabhraíonn an leasú seo le daoine i ndrochthithe atá ag fáil cúnamh tithíochta sosialach ó na heagrais éagsula, sa mhéid go mbeidh siad ábalta tairbhe deontais faoi na hAchtanna Gaeltachta a fháil chomh maith.
Athleagann Alt 6 amach fosta riail na seacht mbliana, sé sin an treimhse feithimh idir deontais feabhsúchain. Beidh eisceacht ann i gcás cúlchoire nó fearas dóite breosla sholadaigh a fheistiú, eisceacht atá ann cheana féin ó Acht 1979, chomh maith le heisceacht i leith oibreacha riachtanacha chun téarmaí Acht Seirbhisí Dóiteáin, 1981, a chomhlíonadh, atá á chur isteach anois don chéad uair. Tugann an eisceacht bhreise seo deis do theaglaigh Ghaeltachta atá ag coinneáil foghlaimeoirí Gaeilge deontas feabhsúcháin a fháil i leith oibreacha bainteach le sábháilteacht dóiteáin sa teach gan fanacht tréimhse seacht mbliana ó fuair siad deontas feabhsúchain cheana. Tugann Alt 6 fosta discréid don Aire deontas a dhiúltú i gcás tithe a fuair deontas ó fhoinsí eile, mar shampla, ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil nó faoi chlár cosúil le Leader, sa treimhse seacht mbliana roimhe sin.
Baineann Alt 7 leis an gcumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoi na hAchtanna i leith oibreacha déanta le cúnamh deontas ar bith faoi na hAchtanna. Roimhe seo bhí an chumhacht sin teoranta d'obair a bhain le tógáil, feabhsúcháin nó méadú.
Mar thoradh ar Alt 8 agus le toiliú an Aire Airgeadais, beidh an tAire in ann rialacháin a dhéanamh chun deontais faoi na hAchtanna a mhéadu, i leith oibreacha ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta. Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (leasú), 1979, tugadh cead don Aire deontais faoi na hAchtanna a mhéadú 50% i gcás oileáin Gaeltachta. Tugann an leasú áirithe seo solúbthacht don Aire chun na deontais sin a mhéadú suas go 200%. Tá an méadú sin i bhfeidhm cheana féin i gcás deontais do thithe úra agus deontais feabhsúcháin.
Tugann Alt 9 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais tógála nó feabhsúcháin úra a cheadú faoi na hAchtanna. Is deontais iad seo nach bhfuil clúdaithe cheana féin faoi na hAchtanna agus d'fhéadfadh a leithéid a bheith i gceist má tá gá leo sa Ghaeltacht amach anseo. I gcás Alt 10 féadfaidh an tAire deontais a ghnóthú ar ais má fuarthas iad trí chalaois, trí mhífhaisnéis no trí ró-íocaíocht. Ba chóir go mbeadh an chumhacht seo ag an Aire cheana ach ní mar sin atá, agus tá leigheas á chur ar an easnamh sin anois.
Tugann Alt 11 an chumhacht don Aire chun na riaráistí i gcás iasachtaí tithíochta atá ag seasamh amach a ghnóthu ar ais, a díscríobh nó a laghdú de réir mar is cuí, le toiliú an Aire Airgeadais. Leagann Alt 12 amach go mbeidh na freagrachtaí uilig bainteach le iasachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le n-aistriú ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dti mo Roinn. Chinn an Rialtas go ndéanfaí é seo nuair a bhí scéim nó Bille á ceadú acu. Is í an Roinn a bheidh freagrach as seo amach as na hiasachtaí atá ag seasamh amach.
Deanann Alt 13 aisghairm ar na hAchtacháin a luaitear sa sceideal don Bhille, sé sin aisghairm forálacha a mbaineann le deontas seallaí saoire, iasachtaí faoi na hAchtanna, forálacha a bhain le limistéir Ghaeltachta faoi Acht 1929 agus forálacha a bhain le seandeontais nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh. Is mian liom a chur in iúl go bhfuil an deontas do thógáil dara teach curtha ar ceal chomh maith, sin é, an deontas a bhí ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht a raibh tithe maithe acu sa Ghaeltacht cheana féin agus a bhí ag iarraidh an dara teach a thógáil. Níl an aisghairm seo luaite go sonrach sa sceideal, mar gheall ar an ionadaíocht iomlán déanta ag Alt 4 den Bhille seo ar alt 3(7) den PhríomhAcht a chuireann deireadh leis an bhforáil a bhí ann don dara teach.
Mar eolas, bhí an deontas do thógáil dara teach agus sealla saoire ar fionraí le blianta agus déanadh cinneadh iad a aisghairm go foirmeálta agus an t-airgead a bhí i gceist a dhíriú ar dhaoine a bhí ag tógáil tithe don chéad uair sa Ghaeltacht. Is fearr ar fad cúnamh tithíochta breise a chur ar fáil i bhfoirm deontais méadaithe, rud atá déanta agam sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas.
Tá tábhacht na n-iasachtaí a bhí ar fáil faoi na hAchtanna titithe go mór le blianta agus ní bhíonn ach líon an-bheag iarrataisí i gceist. Tógadh an cinneadh na hiasachtaí a chur ar ceal mar nach slí éifeachtach iad a thuilleadh le teacht i gcabhair ar mhuintir na Gaeltachta, go háirithe ag cur san áireamh a laghad éilimh atá orthu, gur suim bheag airgid atá i gceist i gcomparáid le méid agus costas na hoibre riaracháin a bhaineann leo, na deacrachtaí móra atá ann le riaráistí agus cúinsí eile. Níl san alt deireanach, Alt 14, ach leagan amach gearrtheideal, comhlua agus forléiriú an Bhille.
Ba mhaith liom iarradh ar an Seanad tacaíocht a thabhairt don mBille seo, atá an-tábhachtach do muintir na Gaeltachta, go mórmhór mar go bhfuil sé i bhfad níos oiriúnaí ag an am seo do shaol na Gaeltachta. De bharr sin, molaim an Bille seo don Teach.