Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Nov 2011

Vol. 211 No. 12

Adjournment Matters

Oifig an Choimisinéara Teanga

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus tá mé thar a bheith buíoch dó as bheith chomh foighneach agus as fanacht linn. Tá ceist fhíor-thábhachtach ardaithe againn, ceist atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis an scéal a chuireadh amach an tseachtain seo caite faoi na hathruithe sa seirbhís poiblí, go háirithe an t-athrú atá molta go ndéanfaí cónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ardaím an cheist seo anocht chun soiléiriú a fháil ar seo. Tá thart ar seisear daoine fostaithe go lán-aimseartha in Oifig an Choimisinéara Teanga, atá lonnaithe sa Spidéal agus tá an obair atá ar bun acu bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé fógartha ag an Aire Stáit go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an Acht céanna. Is cosúil gur tháinig an scéal seo anoir aduaidh ar an gcoimisinéir féin agus nach bhfuair sé an scéal go dtí an tráthnóna roimhré ón tAire Stáit agus feidhmeannach sa Roinn ag rá go raibh an cónascadh seo le déanamh. Níl sé soiléir domsa ná don phobal fiú an raibh an Ombudsman ar an eolas go raibh an t-athrú seo molta.

Ó thaobh an staidéir atá déanta ag pobal na Gaeilge ar an cheist, tá feachtas Ghuth na Gaeltachta, Aontas Phobal na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus eagrais eile tagtha amach go láidir i gcoinne an mholta atá déanta. Ní léir go mbeidh coigilt ollmhór i gceist anseo. An imní atá ar an bpobal ná go bhfuil an Rialtas ag cur cuma ar an scéal go bhfuiltear ag gearradh siar ar quangos, ach i ndáiríre nach bhfuil bunús ná ciall leis an gcinneadh atá molta, mar tá an dream atá fostaithe in Oifig an Choimisinéara Teanga fostaithe go buan ag an Státchóras ar aon nós agus beidh siad fós fostaithe. De réir mar a thuigim ó thaobh an choimisinéara teanga é féin, níl sé i bhfad ó cheap an tAire don athuair é mar choimisinéir teanga ar feadh tréimhse sé nó seacht mbliana. Ní dóigh liom gur féidir é a bhriseadh as a phost gan sin a chur tríd Tithe an Oireachtais. Níl ach trí chúis gur féidir coimisinéir teanga a bhriseadh as a phost agus leis sin a dhéanamh caithfear é a chur tríd Tithe an Oireachtais. Dá bhrí sin, tá an coimisinéir le fanacht ins an oifig in a bhfuil sé nó ag feidhmiú mar choimisinéir. Mar sin, cén fáth nó cén bunús atá leis an gcinneadh. Cén idirphlé a ndearnadh roimhré? Ar pléadh an cinneadh leis an Ombudsman agus leis an gcoimisinéir roimhré ar bhealach nach bhfuil fhios againn? Cén coigilt atá i gceist a dhéanamh agus cén chaoi a fheidhmeoidh an cinneadh seo? An bhfuil an fhoireann le bogadh go Baile Átha Cliath le feidhmiú taobh istigh d'Oifig an Ombudsman? Má tá, an bhfuil costais ag baint leis sin ó thaobh athlonnaithe as Conamara?

Rud eile, má táthar le cónascadh na seirbhísí a chur i bhfeidhm tríd Oifig an Ombudsman, cén cumas atá in Oifig an Ombudsman le tacú le seirbhís an choimisinéara teanga nó ó thaobh cumas Gaeilge agus mar sin de agus cén saineolas atá ann i réimsí teanga? Tá sé ráite agam go minic ar an taifead anseo sa Seanad go bhfuil mé díomách maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas a bhí ann romhainn agus an Rialtas reatha maidir le cur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dar liomsa, níl dóthain comhoibriú á fháil ag an gcoimisinéir teanga ó na Ranna Stáit agus ó na heagrais a thagann faoi scáth an Achta. Go deimhin, tá sé ráite ag tuairisceoirí áirithe agus daoine a bhfuil eolas acu ar shaol na Gaeilge agus pobal na Gaeilge go gceapann siad go bhfuil go leor feidhmeannaigh agus Státseirbhísigh naimhdeach go leor maidir le hobair an choimisinéara. In aon turas, níl na scéimeanna éagsúla a tharlaíonn faoi scáth an Achta á chur i bhfeidhm acu. Tá doicheall á léiriú acu. Luaigh an coimisinéar ina thuarascáil tamall ó shin nach raibh sé in ann chomhoibriú a fháil ó dhá eagras Stáit — Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte — maidir le cásanna a chuireadh os a chomhair. Ghlan sé a lámha dóibh agus dúirt sé go raibh sé in am do Thithe an Oireachtais an chéad chéim eile a thógáil agus déileáil leo. Tá mé den tuairim go bhfuil buille tubaisteach beartaithe d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an oifig lárnach sa straitéis agus i ndul chun cinn na teanga. Má leantar ar aghaidh leis an gcinneadh seo, beidh sé tubaisteach ar fad do shaol agus do phobal na Gaeilge. Chreid muid go láidir in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Nílimid chun scaoileadh leis an gcoimisinéir chomh réidh sin. Ba bhreá liom soiléiriú a fháil uaidh. An bhfuil bunús dáiríre nó ciall ar bith leis an gcinneadh seo? Muna bhfuil, an bhfuil an Rialtas sásta dul siar air?

Ba mhaith liom buíochas a ghabhail leis an Seanadóir Ó Clochartaigh as an gceist seo a ardú. Bhí díospóireacht den chineál céanna againn ar an ábhar seo cúpla uair sa Dáil cheana féin, agus cuireadh ceisteanna freisin. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil deis agam freagra a thabhairt maidir leis an imní atá ar an Seanadóir.

I dtús báire, ba mhaith liom a bheith an-soiléir nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh ar chor ar bith. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas ná go ndéanfar feidhmeanna na hoifige a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair. Tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga".

Tuigfidh an Seanadóir nach bhfuil aon fhreagracht reachtúil orm ná ar mo Roinn maidir le hOifig an Ombudsman. Tuigtear dom nach ndeachaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil chomhairle le hOifig an Ombudsman nó Oifig an Choimisinéara Teanga sular fógraíodh plean an Rialtais d'athchóiriú na seirbhíse poiblí seachtain ó shin. Ós rud é go dtagann Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth mo Roinne, labhair mé féin leis an gcoimisinéir teanga ar bhonn cúirtéise sular fógraíodh plean an Rialtais an tseachtain seo caite.

Is léir ó theideal na díospóireachta seo go bhfuil go leor ceisteanna curtha ag an Seanadóir maidir le cur i bhfeidhm an chónasctha idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ní miste a rá go dteastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm. Diomaite de leasuithe reachtaíochta, déanfar na mionsonraí maidir leis an gcónascadh a oibriú amach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht Teanga.

Maidir leis na himpleachtaí don fhoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga, mar a dúirt mé sa Dáil níos luaithe, is Státseirbhísigh iad an fhoireann, cé is moite den choimisinéir teanga féin. Dá bhrí sin, níl aon chailliúint post i gceist. Maidir leis an gcoimisinéir teanga féin, mar atá ráite ag an Seanadóir agus ag Teachtaí sa Dáil inniu, athcheapadh don dara téarma é i 2010 agus maireann a théarma go dtí 2016.

Beidh mo Roinn ag plé na himpleachtaí a eascraíonn ón gcónascadh leis an gcoimisinéir teanga agus leis an bhfoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga sa tréimhse amach romhainn. Tá sé intuigthe go mbeidh sé riachtanach a chinntiú go leanfar le seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge do shaoránaigh an Stáit mar thoradh ar an gcónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.

Cé go bhfuil sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá i gceist le cur i bhfeidhm an phlean athchóirithe don tseirbhís phoiblí, ní miste liom a chur ar thaifead an tSeanaid gurb é €670,000 soláthar an Státchiste d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana agus go mbaineann thart ar €450,000 den tsuim seo le costais phá don fhoireann.

Sílim go mbeadh sé cabhrach dá bhféadfainn cinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh seo a chur i gcomhthéacs don Seanad. Rinne an Rialtas soiléir ón tús ina chlár Rialtais go raibh sé tiomanta do leasuithe suntasacha a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, go háirithe ar an mbealach a dhéantar seirbhísí a sheachadadh don saoránach.

Is í an phríomhaidhm atá le plean athchóiriú an tseirbhís phoiblí ná a chinntiú go mbeidh seirbhís níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit. Ní hamháin chun costais a ghearradh a bhfuil cinntí tógtha ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Creideann an Rialtas go mbeidh buntáistí le baint as líon na gcomhlachtaí poiblí a laghdú, ní hamháin i dtéarmaí laghdú costais ach freisin i dtéarmaí timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann.

Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais maidir leis an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla a bhfuil feidhmeanna Ombudsman acu a chónascadh, ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáit.

Tá sé soiléir ó phlean an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Oifig an Choimisinéara Teanga, chomh maith leis na feidhmeanna cúloifige a bhaineann le hOifig Ombudsman na Leanaí, le cónascadh le hOifig an Ombudsman. Ó thaobh an tsaoránaigh de, luíonn sé le réasún go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ann mar thoradh ar dhaoine a bheith in ann triall ar Oifig an Ombudsman in ionad iad a bheith ag triall ar oifigí éagsúla ombudsman.

Mar atá raite agam, cuirfear cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman i bhfeidhm i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne mé féin an t-athbhreithniú seo a lainseáil ag féile an Oireachtais i gCill Airne i gContae Chiarraí ag tús na míosa seo. Tá an t-athbhreithniú seo ar siúl ag mo Roinn i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gclár an Rialtais. Baineann an t-athbhreithniú ar an Acht teanga leis na forálacha uile atá san Acht, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le ról Oifig an Choimisinéara Teanga.

Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht teanga a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ag mo Roinn faoi láthair mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tar éis don athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, déanfar breithniú ar an gcás do leasú na reachtaíochta agus cuirfidh an tAire a chuid tuairimí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais.

Idir an dá linn, bheinn ag moladh do dhaoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí faoin athbhreithniú ar an Acht teanga. Tá gach eolas maidir leis an athbhreithniú ar an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie. Ba mhaith liom a threisiú uair amháin eile nach gciallaíonn cinneadh an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tá sé sin le déanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht teanga.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an fhreagra a thug sé. Treisíonn an méid atá ráite aige an imní atá orm. Dúirt sé go soiléir "nach ndeachaigh" an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i dteagmháil le hOifig an Ombudsman nó Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé sin dochreidte nuair atá an Rialtas ag caint ar chónascadh a dhéanamh. Cén eolas a bhí sé seo bunaithe ar? An raibh an Rialtas ag plé leo siúd a dhéanann an obair ó lá go lá? Ní léiríonn na figiúirí atá luaite ag an Aire Stáit — €450,000 agus €670,000 — go mbeidh aon coigilt airgid i gceist. Dúirt an tAire Stáit gurb é príomhaidhm an Rialtais, ó thaobh athchóiriú an tseirbhís phoiblí de, ná a chinntiú go mbeidh seirbhís "níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit". An gciallaíonn sé sin go bhfuil an Rialtas ag rá nach raibh an tseirbhís a chur an coimisinéir teanga ar fáil go dtí seo trédhearcach, cuntasach nó éifeachtach? Más ea, ní aontóidh daoine leis.

A question, please.

Labhair an tAire Stáir mar gheall ar an athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá mé iontach míshásta leis an bhfreagra a fuair mé. Ní aontaím leis an gcur chuige atá ag an Rialtas. Má léiríonn an t-aiseolas a fhaigheann an Rialtas ón bpobal i leith Oifig an Choimisinéara Teanga, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl i leith Acht 2003, gur cheart go bhfanfadh an neamhspleáchas atá ag an oifig sin mar atá sé faoi láthair, an mbeidh an Rialtas sásta dul siar ar an gcinneadh seo?

I ask the Senator to conclude.

Tá mé ag iarraidh a bheith soiléir go dtuigeann an tAire Stáit an méid atá i gceist agam. Faoi láthair, tá Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ón Ombudsman. Tá an coimisinéir ábalta seasamh ar a chosa féin. Má léiríonn an t-aiseolas a fhaigheann an Rialtas maidir leis an athbhreithniú ar an Acht go gceaptar go bhfuil sé níos fearr go bhfanfadh Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách, mar atá sé faoi láthair, an mbeidh an Rialtas sásta athrú a dhéanamh ar an gcinneadh atá glactha?

Maidir leis an gcoimisinéir féin, is cinnte go bhfuil meas agam agus againn uilig ar a chuid oibre. Rinne sé go héifeachtach é. Ach, mar a thuigeann an Seanadóir, tá cúrsaí eacnamaíochta na tíre mar atá agus tá cinneadh déanta an an Rialtas, a chuaigh os comhair an phobail, go bhfuil go leor eagraíochtaí, fo-eagraíochtaí agus boird a gcaithfear a thabhairt le chéile mar go raibh seirbhísí an Stáit ró-scaipthe iontu féin.

Tá an cinneadh déanta ag an Rialtas ach cuirfear i bhfeidhm é ag cur san áireamh an t-athbhreithniú atá á dhéanamh, agus a bheidh á dhéanamh ins na seachtainí agus an cúpla mí amach romhainn, maidir leis an Acht teanga. Tá sé ar chlár an Rialtais go ndéanfar an t-athbhreithniú seo. Beidh cead ag na heagraíochtaí uilig, agus an Seanadóir san áireamh, a gcuid achoimrithe, a gcuid comhairlithe agus a gcuid barúlacha a chur isteach, agus beidh fáilte mhór rompu.

Tá an cinneadh déanta ag an Rialtas an t-athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí agus is páirt dó é seo. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ag gníomhú agus ag féidhmiú anois, mar atá a fhios ag an Seanadóir go maith, ó bhí 2003. Thugamar go léir tacaíocht dó nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil, mar a thugamar tacaíocht don bhfeachtas an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre ag leibhéal na hEorpa chomh maith. Tá an t-Acht ag gníomhú agus tá rudaí á ndéanamh go maith ach b'fhéidir go bhfuil rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh níos fearr nó níos saoire. Tá an tréimhse comhairliúcháin agus athbhreithnithe seo ar siúl i láthair na huaire sa dóigh go dtiocfaimid ar rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh níos fearr. Níl aon rud a déantar ar an tsaol seo nach féidir a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba ait an duine thú dá ndéarfá nach bhféadfaí aon rud a dhéanamh níos fearr nó níos cuimsithí.

Níl déanta ach an cinneadh agus tá na sonraí uilig a bhaineann leis an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm le socrú go fóill.

Ach an cheist a chur mé ná——

Senator, a question may not be put at this stage.

The Minister of State did not answer the question. An cheist a chuir mé ná——

I cannot make a Minister answer a question.

You cannot, a Chathaoirligh, but I will ask it. Má léiríonn an t-aiseolas——

Senator, there is no provision for a first question, never mind a second one.

Má léiríonn an t-aiseolas gur cheart go bhfanfadh Oifig an Choimisinéara neamhspleách an mbeidh an Rialtas sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh?

Rud ar bith a cuirfear isteach cuirfear ins an áireamh é nuair a bheifear á chur i bhfeidhm.

The Seanad adjourned at 9.35 p.m. until 6 p.m. on Monday, 28 November 2011.
Barr
Roinn