Gaeltacht Bill 2012: Second Stage

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil má chuir mé aon mhoill ar an Seanad. B'éigean don Teach dúnadh síos ar feadh cúpla nóiméad agus tá an locht orm. Shíl mé nach mbeadh orm a bheith istigh go dtí 3 p.m.

Molaim go léifear an Bille don Dara hUair. Tá lúcháir mhór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 a thionscnamh i Seanad Éireann tráthnóna inniu. I dtús báire, ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt don Teach ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht leo. Ba thógáil croí domsa, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léirigh Seanadóirí agus an tacaíocht a thug siad do cheisteanna agus rúin a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, agus tá mé cinnte go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don mBille tábhachtachseo.

Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal. Mar sin féin, creidimse gur Bille cinniúnach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilgesa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn. Ní mór dúinncuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Is siombail an-tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge, agus mar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, tá géarghá lena caomhnú agus lena forbairt. Tá sí ina teanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht, mar shlabhra gan bhriseadh, le breis agus 2,000 bliain. Tá síá labhairt go forleathan ag na mílte daoine eile go laethúil, lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais, sa chuid eile den Stát. Is díol suntais é go bhfuil tacaíocht tugtha ag gach Rialtas don Ghaeilge ó bunaíodh an Stát 90 bliain ó shin agus ní haon áibhéil a rá nach mbeadh sí chomh láidir agus atá sí inniu in éagmais na tacaíochta sin.

Mar sin féin, aithnímid na dúshláin agus na constaicí a bhaineann leis an Ghaeilge a chosaint agus í ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga domhanda an Bhéarla. Tá na dúshláin seo le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, an áit a bhfuil an dátheangachas tagtha chun cinn go mór le blianta anuas agus úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir.

Ní inniu ná inné a tarraingíodh aird ar an gceist seo. Is i mí Aibreáin 1956 a d'úsáid an t-iar Aire Oideachais, an Teachta Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na díospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956:

Ní gá dom dul siar ar na hiarrachtaí a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nár éirigh leis na hiarrachtaí sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí. Deirtear linn go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhfíor-Ghaeltacht ag dul i laghad de réir míle duine sa bhliain.

Tá mise sásta a bheith anseo i gcomharbacht ar Risteárd Ua Maolchatha le Bille na Gaeltachta 2012 a thabhairt os comhair an Tí seo.

Tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an mBille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar llmistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga seachas as critéir gheografacha mar a bhíothas á dhéanamh roimhe seo. Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht, mar a léiríodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh sa bhliain 2007. Is é an toradh lom a bhíá thuar sa staidéar sin, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 bliana go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfaí gníomh práinneach ina leith seo.

Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga. Cuireann an cur chuige seo na pobail ag croílár an phróisis pleanála teanga, mar go dtugann sé an deis dóibh úinéireacht a ghlacadh ar a bplean féin ina bpobail féin.

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar limistéir phleanála teanga bunaithe cuid mhaith ar na limistéir phleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir phobail agus dlús daonra. Os rud é go bhfuil baint lárnach ag an údarás leis an fhorbairt pobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo. Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil deise páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga. Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.

Déantar foráil leis an mBille fosta maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a ainmniú. Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, nó taodhlach leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin. Chun go ndéanfar ainmniúchán mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus ní mór di an plean sin a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin. Is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus, ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Baineann alt 11 den mBille le pobail teanga, atá lasmuigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar líonraí Gaeilge. Is é atá sna líonraí Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith. Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i líonraí Gaeilge.

Sula ndéanaim tagairt don dara mórchuspóir atá ag an mBille seo, is é sin, leasú a dhéanamh ar reachtaíocht Údarás na Gaeltachta, measaim go mbeadh sé tairbheach léargas gairid a thabhairt ar na cineálacha critéir pleanála teanga a bheidh i gceist sna rialacháin a dhéanfar faoi alt 12 den mBille. Foráiltear leis an alt seo go ndéanfaidh an tAire, le rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith limistéar pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a fhorordú. Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na gcritéar a d'fhéadfaí a úsáid chun críche plean teanga a fhorbairt, áirítear, mar shampla, an céatadán den daonra atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais, de réir an daonáirimh is déanaí; coiste ionadaíoch i measc an phobail chun plean a ullmhú agus a chur chun cinn; oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal a bheith ar fáil do dhaltaí an cheantair; oideachas trí Ghaeilge ag an dara leibhéal a bheith ar fáil do dhaltaí an cheantair, áit gur féidir; seirbhísí tacaíochta teaghlaigh teangalárnaithe, ar a n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, grúpaí teaghlaigh, grúpaí tuismitheoirí agus páistí agus seirbhísí comhairleacha do theaghlaigh, a bheith ar fáil sa cheantar; seirbhísí réamhscolaíochta a bheith ar fáil sa cheantar; clubanna óige, campaí samhraidh, imeachtaí spóirt agus imeachtaí sóisialta eile don óige, chomh maith le himeachtaí agus cumainn do gach aoisghrúpa eile a bheith á riar trí Ghaeilge; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid i saol gnó an cheantair; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag an earnáil phoiblí sa cheantar; an Ghaeilge a bheith le feiceáil agus le cloisteáil sna meáin áitiúla; agus seirbhísí creidimh trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal an cheantair. Tá sé soiléir mar sin go mbeidh pleananna le hullmhú a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail agus a chuirfidh go mór le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge.

Tá creidiúint ag dul d'Údarás na Gaeltachta as an obair cheannródaíoch atá déanta acu ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. Tá mise cinnte go gcuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus go nginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge lárnaithe atáá bhfáil ag an údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht. Déantar na forálacha seo a leanas leis an mBille: (i) deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun Údarás na Gaeltachta; (ii) laghdú a dhéanamh ar an líon comhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh díobh, d'ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire; agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na seachtar gcomhalta eile; (iii) feidhmeanna breise a thabhairt don údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht; (iv) deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an údaráis; (v) laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil; (vi) a chumasú don Aire a ordú don údarás infheistíocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraíochta; agus (vii) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

Ba mhaith liom aird a dhíriú chomh maith ar na leasuithe ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 atá luaite in alt 17 den mBille seo. Eascraíonn siad seo as comhairle a fuarthas ó Oifig an Ard-Aighne maidir leis an ngá le soiléiriú a dhéanamh ar fheidhmeanna an údaráis faoi fho-alt 8(1) d'Acht 1979. De bharr na leasuithe ar alt 8, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

Tá a fhios agam go bhfuil spéis ar leith ag baill an Tí seo sa mheicníocht nua atá sa Bhille chun Bord an Údaráis a roghnú agus sa chinneadh atá tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin don bhord. Mar is eol do Sheanadóirí, tá traidisiún láidir an daonlathais ag baint leis an bhord seo agus teastaíonn ón Rialtas agus, ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, uaim fhéin chomh maith, an ghné dhaonlathach seo a choinneáil chomh fada agus is féidir. Chun é sin a dhéanamh, mar a luaigh mé níos luaithe, déanfaidh comhairlí contae a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaí tofa. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí chontae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain agus is é nóí a líonfaidh an t-ainmniúchán sin ná comhalta tofa arna ainmniú nó arna hainmniú ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, is iad san, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Is é nóí an tAire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an cathaoirleach.

Ba mhaith liom a lua chomh maith go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.

Le fo-alt (b) de alt 18 den mBille, lamháiltear don údarás, le toiliú na n-Airí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Post, Fiontar agus Nuálaíochta, cuideachtaí a bhí ag fáil cúnamh airgeadais roimhe seo ó ghníomhaireachtaí eile forbartha a mhaoiniú. De réir chinnidh Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, tá an t-údarás chun a chuid feidhmeanna fiontraíochta a choimeád, ach sin faoi réir, inter alia, meicníocht a fhorbairt chun a chumasú dó oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí eile fiontraíochta i ndáil le haon tionscadail shuntasacha Gaeltachta a bheidh ann agus a mbeidh ardphoitéinseal ag baint leo. Tá meicníocht riaracháin a thabharfaidh éifeacht don chinneadh sin á fhorbairt faoi láthair. Tá an leasú a beartaítear i bhfo-alt (b) ceaptha chun a chinntiú nach mbeadh cosc ar an údarás am éigin sa todhchaí maidir le cúnamh a thabhairt, faoin mheicníocht sin, do chuideachtaí a bhféadfadh sé bheith ina leith go bhfuair siad tacaíocht ón Údarás Forbartha Tionscail nóó Fhiontraíocht Éireann, ach sin faoi réir acmhainní dóthanacha a chur ar fáil.

Foráiltear le fo-alt (b) de alt 21 go dtabharfaidh an tAire ordúcháin don údarás chun forbairt earnálacha áirithe fiontraíochta a chur chun cinn ar mhaithe le huasmhéadú a dhéanamh ar luach ar airgead ó chaiteachas an údaráis ar chruthú fostaíochta agus ar thionscadail fhorbartha fiontraíochta.

Mar thoradh ar fhorálacha éagsúla atá sa Bhille, déantar foráil maidir le haisghairm alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956, maidir le haisghairm gnéithe áirithe den chorpas reachtaíochta a bhaineann le rialachas agus oibríochtaíÚdarás na Gaeltachta agus maidir le leasuithe ar na hAchtanna Toghcháin 1992 agus 1997 agus ar an Acht um Thruailliúó Bhruscar, 1997. Déantar foráil leis fosta maidir le cúlghairm roinnt orduithe limistéar Gaeltachta agus roinnt rialachán um thoghcháin Údarás na Gaeltachta.

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón mBille seo. Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den mBille a bhaineann le Bord Údarás na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana. Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den mBille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór á glacadh maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an mBille seo. Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach, leis an spreagadh ceart ón Stát, go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga teaghlaigh agus pobail don chéad ghlúin eile. Is ar scáth a chéile a mhaireann muid.

Molaim an Bille seo don Teach.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. As mo cheantar féin é. Tá lúcháir orm go bhfuil sé féin agus a chuid oifigigh anseo tráthnóna agus go bhfuil an deis seo againn plé a dhéanamh ar an mBille seo, atá fíor-thábhachtach, ní hamháin don Ghaeltacht ach don tír go hiomlán, mar tá impleachtaí agus buntáistí ag an mBille do chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di ins an am fada atá amach romhainn. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá an Bille ag teacht i gcomh-fhorbairt ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá fáiltithe, aontaithe agus pléite agus atá inghlactha ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge ar fud na tíre. Le haghaidh sin a chur i gcrích agus leis na pleananna éagsúla a bhí leagtha amach ins an straitéis, bhí sé tábhachtach go mbeadh reachtaíocht úr ag teacht i bhfeidhm.

Agus sin ráite ó thaobh an phlé oscailte agus iomlán a bhí ann i dtaca leis an straitéis, tá díomá orm, agus níl mé ag cur aon locht ar an Aire Stáit, faoin dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach. Táimid anseo tráthnóna ag iarraidh díospóireachta a dhéanamh ar an mBille. De ghnáth, téimse abhaile go Dún na nGall tráthnóna Déardaoin, ach caithfear leasuithe le bheith istigh againn, más mian linn leasú a mholadh, roimh 11 a.m. maidin amárach. Tá sin dodhéanta.

D'árdaigh mé an fhadhb seo ar Riar na hOibre ar maidin. Rinneadh vóta air ach, ar an drochuair, níor glacadh leis an moladh go dtiocfadh linn Céim an Choiste a chur siar, fiú cúpla lá an tseachtain seo chugainn, chun deis a thabhairt dúinn leas-uithe a ullmhú thar an deireadh seachtaine tar éis a bhfuil le rá ag an Aire Stáit a chlos. B'fhearr i bhfad seans a bheith ag Seanadóirí machnamh a dhéanamh thar an deireadh seachtaine, leasuithe a chur iseach Dé Luain nó Dé Máirt agus Céim an Choiste a phlé Déardaoin nó Dé hAoine seo chugainn. Níl an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach ag cuidiú le Seanadóirí nó leis na grúpaí nó na pobail éagsúla a bhfuil tuairimí acu i dtaca leis an mBille. Ar maidin inniu, labhair mé le daoine ó Chontaetha na Gaillimhe, Phort Láirge, Chiarraí, Chorcaí, ó Mhuscraí agus ó Oileán Cléire, atá an-mhíshásta leis an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach. Chuir Guth na Gaeltachta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas amach níos luaithe inniu ag cur sin in iúil.

Níl mé ag cur an locht ar an Aire Stáit, ach b'fhiú go mór do féin agus do Cheannaire an Tíéisteacht leis na grúpaí atá ag labhairt, deis a thabhairt do Sheanadóirí an Bille a phlé go ciallmhar agus go siosmaideach agus am a thabhairt dúinn aon tuairimí atá againn a chur i bhfoirm leasuithe.

Cuirim fáilte roimh an mBille féin. Táimid ag fanacht air le fada. Tá an Bille tábhachtach ó thaobh bealach chun tosaigh a leagadh amach do Údarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge, spriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm, pobal na Gaeilge a fhás go dtí 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain agus na pleananna teanga agus gréasáin a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím go hiomlán le gach rud ansin agus le gach rud atá sa Bhille. Ní aontaím go ginearálta leis an dóigh atá siad ag iarraidh sin a chur i bhfeidhm, sin an difríocht idir sinn féin ar an taobh seo Tí agus an dóigh atá an Bille leagtha amach ag an Aire Stáit.

Ó thaobh Údarás na Gaeltachta de, tá mé féin tofa ar bhord an údaráis ach níl mé ag fáil aon táillí do mo chuid oibre ansin mar is Comhalta den Teach seo mé agus níl aon táillíán-íoc. Tá comhaltaí ar an údarás, áfach, atá ansin le 30 nó 32 bliain ag obair go dícheallach thar ceann na Gaeltachta. Aontaím leis an Aire Stáit ar an bpointe gur cóir an bord a laghdúó 20 go 12 duine, a choigleodh thart fá€500,000 thar cúig bliana. Ní aontaím, áfach, leis an dóigh atá an Bille leagtha amach chun guth phobail na Gaeltachta a bhaint díobh. Na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ó 1969 nuair a bhí an chéad toghchán oifigiúil ann agus bhí cead acu vóta a chaitheamh go daonlathach ar son na ndaoine a bhí siad ag iarraidh a chur ar an bhord. Bheinn breá sásta dá mbeadh an Rialtas ag iarraidh deis a thabhairt toghchán a bheith ann agus coinníoll a chur leis nach dtiocfadh le haon pholaiteoir dul isteach leis an toghchán agus go gcaithfeadh na grúpaí pobail teacht le chéile chun daoine a ainmniú agus a chur os comhair an phobail agus ligean don phobal vóta a chaitheamh.

Tá an Bille seo ag dul in éadan an daonlathais. Glacaim leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit i dtaca leis an chúis mura mbeadh toghchán ann go mbeadh coigilt de €500,000. Níl sin iomlán fíor mar dá mbeadh an toghchán ar siúl ar an lá céanna le reifreann nó toghchán áitiúil, de réir oifigigh an údaráis a rinne fiosrú air seo, ní bheadh ach idir €10,000 agus €15,000 mar chostais. Tá bealaí eile ann gan an daonlathas a chur ar siúl.

An imní atá orm ná go bhfuil cúigear le roghnú ag na comhairlí contae — Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo agus Ciarraí. Déanfar sin ar bhonn polaitiúil mar má ghlactar na comhairlí contae, comhairleoirí de chuid an Rialtais den chuid is mó atá i gcumhacht ansin agus roghnóidh siad a gcomhairleoirí féin. Dá mbeadh Fianna Fáil nó Sinn Féin i gcumhacht ar chomhairle contae, tharlódh an rud céanna. Níl sin cothrom; b'fhiú an toghchán a reáchtáil chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta daoine a ainmniú.

Beidh mé ag tairiscint leasuithe air seo. Beidh an tAire Stáit ag ainmniú seachtair é féin. Glacaim leis gur ceart dó bheith in ann an cathaoirleach a roghnú ach cén fáth nach féidir an seisear eile bheith roghnaithe ar an bhonn chéanna agus a roghnaítear bord TG4, leis na folúntais fógartha arpublicjobs.ie agus go gcaithfidh daoine iarratas a chur isteach leis agus chuirfeadh coiste Oireachtais ilpháirtí agallamh ar siúl. B’fhearr i bhfad sin.

Tá an plean teanga fíorthábhachtach. Cuirim fáilte roimh an dóigh a leagtar amach éó thaobh na Gaeltachta de agus an deis a bheidh ann pleananna teanga a chur i bhfeidhm i gceantair éagsúla. Nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain ar dtús, bhí a fhios ag gach aon duine go mbeadh airgead de dhíth leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhaint amach. Sa Bhille seo, tá cuma ann go bhfuil an dúshlán iomlán le cur ar na coistí pobail leis an obair a dhéanamh agus nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Fuair mé scairt gutháin ar maidin faoi phlean teanga cuimsitheach a cuireadh le chéile sa Spidéal a chosain €35,000 agus tá níos mó oibre le déanamh go fóill. Tá costais mhóra ag baint le plean teanga a chur i bhfeidhm. Ní fheicim sa Bhille seo cá háit a bhfuil an t-airgead leis sin.

Tá buiséad Fhoras na Gaeilge ag laghdú gach bliain. Conas mar a bheidh an foras in ann na spriocanna seo a chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil an t-airgead aige? De réir an Bhille seo beidh an chumhacht ag Foras na Gaeilge na pleananna sin a aontú le coistí ionadaíochta. Táimid ag caint faoi fhoras a bhí faoi smacht ag Aire Aontachtach de chuid na Sé Chontae. Dá mbeadh Aire Aontachtach de chuid na Sé Chontae ag coinneáil suas baile éigin sa Stát atá ag iarraidh plean Gaeilge a chur le chéile toisc go mbeadh sé ag iarraidh cinneadh a dhéanamh nach mbeadh an t-airgead ar an fhoras. Caithfear teacht ar dhóigh níos fearr chun stiúradh a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do phleananna taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá eagrais eile ansin a d'fhéadfaidís an obair sin a dhéanamh.

Níl mé ag iarraidh bheith diúltach, tá mé ag iarraidh tacú leis an Aire Stáit. Tá leasuithe agam le haghaidh Chéim an Choiste agus tá brú orainn anois na leasuithe sin a ullmhú.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus roimh fhoilsiú an Bhille. Is tráthúil an níé doiciméid den sórt seo a chur le chéile ós rud é gurb é an dara Bille Gaeltachta ón mbliain 1956 é. Ar ndóigh, is iomaí athrú ar chustaim agus ar chultúr ó shin i leith. Tháinig meath agus fás ar úsáid na Gaeilge agus ní mór athrú chun é sin a leigheas.

In effect, the Bill has two primary aims, to provide for a statutory language planning process to support the Irish language, within the Gaeltacht and nationally, and to provide for amendments to the board and functions of Údarás na Gaeltachta. On the first point, this will be achieved in part by redesignating current Gaeltachtaí in seven counties as 19 new Gaeltacht language planning areas that must draw up and implement a language plan if they are to remain strongholds of native Irish speakers. This is a positive move. It presents challenges to people in those areas but they must prove their viability as Gaeltachtaí and I see no reason this should not happen. The designation of Gaeltacht should mean something. With this development, we should see growth in Gaeltacht areas. There will be more strategic thinking and more benefits should flow from that.

The Minister of State is right when he says it is time for action. Action in this area is long overdue and I want to see action that consults with all relevant stakeholders and then takes the necessary steps in the interests of all concerned. I join with Senator Ó Domhnaill in expressing concern that all relevant stakeholders be properly consulted in the legislative process.

I have no doubt there will be dissenting voices but action must be taken and I am confident the vision outlined in the Bill is the correct vision. It is essential, as the Minister of State pointed out, that the Gaeltacht is based on linguistic, not geographical, areas, although geography will always be relevant. For some this is a serious issue and it may not be politically palatable but we must think of the national interest and that interest lies in sustainable Gaeltachtaí where the language is actually spoken.

The Bill also introduces new ideas to promote language usage both within and outside of the Gaeltacht. Under the Bill, towns can be designated Gaeltacht service towns and urban areas will be able to join Irish language networks where the language is widely used in the community. This will be welcome in Dublin. I am concerned, however, about the exact measures that will be used to define an Irish language network. How will that be measured and what are the metrics of success?

I welcome the progress being made with this Bill. While there will be critics, I am glad to see the Minister of State is bringing a much needed sense of dynamism and rejuvenation to the Department and I am glad to support the Bill.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is ócáid bhróidúil, stairiúil, thábhachtach agus, dar ndóigh, leochaileach í seo dó agus don Roinn. Molaim an tAire Stáit sa mhéid go bhfuil sé ag obair go crua agus go bhfuil neart réamheolais agus réamhoibre déanta aige agus an Bille seo á chur faoi bhráid an Oireachtais. Molaim sin agus cuirim fáilte roimhe.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill — ní haon locht é seo ar an Aire Stáit ach ar Cheannaire an Tí— go bhfuil fíor-bheagán ama againn le é seo a phlé. Má táimid ag caint faoi daonlathas agus faoi úsáid cheart a bhaint as díospóireacht faoi chúrsaí reachtaíochta, ba cheart go mbeadh níos mó ama againn é seo a phlé. Foilsíodh an Bille Dé Máirt, tá séá phlé inniu agus táimid in ainm agus leasuithe agus athbhreithniú a bheith déanta againn roimh a haon déag a chlog amárach. Tá an-díomá ormsa faoi sin. Ní dóigh liom gur sin an tslí cheart plé le cúrsaí teanga, cúrsaí pleanála teanga, an Bille Gaeltachta ná cúrsaí oibre sa Teach seo. Cuireann sé blas searbh i mo ghoile, agus mé ag déanamh iarrachta teacht ar mo chuid nótaí agus ag iarraidh moltaí a dhéanamh agus feabhas éigin a chur ar an mBille agus tacaíocht a thabhairt don Aire Stáit, go bhfuil fíor-bheagán ama againn. Ba mhaith liom é sin a chur faoi bhráid Cheannaire an Tí agus na páirtithe Rialtais.

Molaim spiorad an Bhille seo sa tslí go bhfuil sé lonnaithe i bpleanáil teanga agus go bhfuil sé i bhfealsúnacht na teanga, is é sin gurb í an phleanáil agus an scéim teangeolaíochta is mó atáá bhrú.

Táim i mo sheasamh mar Sheanadóir neamhspleách agus muid ar chiumhais na haille, last chance saloon ar bhealach, agus muid ag plé na reachtaíochta nua seo. Níor mhaith liom go mbeadh polaitíocht pháirtí ceangailte leis an díospóireacht seo agus tá a fhios agam nach bhfuil an Seanadóir Ó Domhnaill agus Seanadóirí eile chun é sin a dhéanamh. Tá moltaí gur mhaith liom a chur roimh an Aire Stáit agus ba bhreá liom dá mbeadh níos mó ama againn chun seo a dhéanamh. Níl a fhios agam an féidir seo a dhéanamh, ach ba mhaith liom moladh a chur faoi bhráid an Tí gur féidir linn an dáta scoir a leathnú ar aghaidh. Faoi láthair, fágfaidh an Bille an Seanad an tseachtain seo chugainn, ach cuirfear an milleán orainn muna bhfuil muid tar éis cíortha nó anailíse ceart a dhéanamh air sara dtéann sé chuig an Dáil. An fuadar atá ar an Aire Stáit, ná gur mhaith leis Cuid 3 den mBille a chur faoi bhráid an Oireachtais toisc go bhfuil toghchán in ainm is a bheith ag tarlú ag an údarás. Braithim go bhfuil easpa misnigh ag baint leis an fhuadar atá leis an mBille seo a chur tríd an Seanad.

On a point of order, can we do anything about this?

The time allowed was agreed on the Order of Business this morning.

That is a shame, because this language may not survive to the end of this century — over bloody 24 hours notice. It is an absolute disgrace.

Senators

Hear, hear.

Whatever chance it has to survive, it needs——

The House will agree on this at the end of Second Stage.

We need time. Gabhaim leithscéal leis an Aire Stáit, nílim ag cur an mhilleáin air in aon chur, ach tá sé náireach agus díomách. Tá mé trína chéile ar fad faoi seo.

The House will decide at the end of Second Stage when it will take Committee Stage.

Táimid díreach in aghaidh clár oibre an Rialtais.

Ba mhaith liom go mbeadh leasú ar ghnó an Tí seo agus go mbeadh an deireadh seachtaine againn le plé leis an reachtaíocht seo.

The Senator cannot move an amendment to the Order of Business at this stage. That is a matter for the Leader of the House.

Does the Chairman agree there is a deficit of democracy here when we have less than 24 hours after Second Stage to submit amendments for Committee Stage? We have heard an excellent speech from the Minister of State, an extraordinary speech of emotion, passion and vision, yet we cannot respond as the clock is ticking.

The time was allocated on the Order of Business this morning.

We were to deal with this business at 4 p.m. I heard about this debate quite by accident. Who changed it to 2.30 p.m.? The translation system was not working on this side of the House either. The debate started at 2.15 p.m., but that was not announced.

It was not to be taken at 4 p.m. It was to be taken on the conclusion of the previous item.

Pointe oird, tá clár Rialtais ag an Rialtas agus deirtear sa chlár go mbeidh seachtain idir gach Céim de reachtaíoct sa Teach seo agus sa Dáil. Níl sin ag tarlú leis an reachtaíocht seo. Níl sin ceart agus is dóigh liom nach bhfuil sé dlíthiúil ach an oiread.

That is not a point of order.

Ní bheidh muid in ann an t-am ceart a thabhairt do seo. Tugadh an phribhléid dom a bheith i mo Sheanadóir le go mbeinn in ann cabhair a thabhairt don Aire Stáit agus a bheith ar a thaobh agus athbhreithniú ceart agus staidéar ceart a dhéanamh ar seo, ach tá mé an-trína chéile ar fad faoi anois. Dar ndóigh, tosóidh mé ag labhairt anois ar feadh ocht nóiméid, mar nílim ag iarraidh briseadh isteach ar mo chuid ama leis seo a phlé i gceart.

Sin ráite, ba mhaith liom cúpla pointe eile a lua. Molaim an tslí go bhfuil an Roinn ag pleanáil agus ag leagan amach na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Dar ndóigh, tá an-chuid cumhachta ag an Aire Stáit sa Bhille seo. Deirtear go mb'fhéidir go bhfuil an iomarca cumhachta aige, ach tuigim an spiorad taobh thiar den mBille, ná go gcaithfimid rudaí a dhéanamh go tapaidh agus go beacht agus nach bhfuil mórán ama fágtha againn ó thaobh beocht na teanga. Aontaím leis sin, ach tá ceist agam faoi na heagraíochtaíáitiúla ar fad agus faoi conas gur féidir linn tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh. Deireann an tAire Stáit go mbeidh critéir áirithe i gceist, ach tá easnamh sa Bhille go baileach faoi conas gur féidir linn cabhair níos fearr a thabhairt do na grúpaíáitiúla. Má bhíonn gá le trí ghrúpa, an mbeidh siad in iomaíocht le chéile don phlean teanga seo. Conas is féidir linn níos mó eolais a fháil faoi sin, go háirithe roimh an chéad Chéim eile faoi seo? Molaim an togra i dtaobh na mbailte seirbhísí Gaeltachta, mar tugann sin seans agus sprioc do na bailte seo, bailte ar nós Uachtar Ard nó An Daingean, dul i ngleic leis an Ghaeilge ar bhonn dearfach. Beidh siad in ann dul ag plé leis an teanga agus tacaíocht a thabhairt do na pobail Gaeltachta.

An rud is mó a bhfuil deacracht agam leis sa mBille ná an taobh daonlathach de na leasuithe atá ar siúl maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá díomá orm go luann an tAire Stáit airgead maidir le daonlathas. Tá díomá orm go luann sé go bhfuil sábhailt airgid i gceist agus gur sin ceann de na fáthanna a thug sé toisc athrú a dhéanamh ar chonas comhaltaí ar bhord an údaráis a athrú. Ní cheart go mbeadh praghas in aon chor ar dhaonlathas. Aontaím leis ó thaobh dáréag a bheith ar bord, ach ní aontaím leis maidir le gan aon toghchán a bheith i gceist agus go bhfuil seachtar de na comhaltaíá roghnú ag an Aire Stáit. Tá seacht nGaeltacht ann agus ba cheart go mbeadh comhaltaíó na seacht nGaeltacht ar bhord an údaráis. Ní cheart go mbeadh apartheid ann. Ní cheart go mbeadh Contae Phort Láirge, Contae Chorcaí agus Contae na Mí in easnamh ó díospóireachtaí agus ó chinntí tábhachtacha. Mholfainn don Aire Stáit, go mbeadh cúigear comhaltaí le hainmniú ag an Aire Stáit agus go mbeadh an seachtar eile roghnaithe.

Níl, mar thosnaigh mé mall. Bhí mé ag plé cúrsaí ama.

Gabh mo leithscéal, the Senator has had the floor for 8 minutes and 54 seconds.

Gabh mo leithscéal. An moladh a thabharfainn don Aire Stáit ná go mba cheart go mbeadh comhalta ó chuile Gaeltacht ar an bhord agus nár cheart dóibh sin a bheith tofa ag an chomhairle contae.

Táim beagnach críochnaithe. Ba cheart go mbeadh cineál rolling membership ann do chomhaltaí agus ní cheart go mbeadh tosach agus deireadh cinnte ag baint le fad tréimhse. D'fhéadfadh beirt nó triúir a bheith ath-mholta, nó ath-cheaptha, tar éis, b'fhéidir, cúig mhí, ionas nach mbeadh bord iomlán nua ag tosú ar an dáta céanna agus go mbeadh leanúnachas áirithe i gceist.

Tá athrú mór meoin sa Bhille maidir leis an gcuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. An bhfuil saineolas ar phleanáil teanga taobh istigh de fhoireann Údarás na Gaeltachta? Athrú feidhme corparáideach mór millteach é dul ó phleanáil tionscail go dtí pleanáil teanga.

Sin iad mo chuid pointí. Fáiltím roimh an Aire Stáit agus tréaslaím leis maidir leis an mBille.

Ba mhaith liom pointe oird a árdu agus mo chuid focal féin a cheartú. Luaigh mé€35,000 fá choinne plean teanga a chur i bhfeidhm i gceantar an Spidéil.

Ní pointe oird í sin, a Sheanadóir.

Is iad na figiúirí cearta ná€35,000 chun an plean a dhréachtú agus €650,000 chun é a chur i bhfeidhm. Cá háit a bhfuil an t-airgead luaite sa Bhille?

Ba mhaith liomsa pointe ghnó a árdú. Ní cosúil go bhfuil na cluasáin ag obair ar an taobh seo den Teach. Cuirim seo in iúl, díreach ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh éisteacht leis an díospóireacht.

I call Senator James Heffernan.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Níl na cluasáin ag obair anseo ach oiread.

(Interruptions).

Tá mé ag déanamh an phointe chéanna leis an Seanadóir Heffernan. Níl na cluasáin ag obair agus tá daoine ag déanamh a ndícheall éisteacht leis andíospóireacht.

It is very unfair that we cannot participate.

Molaim go gcuirfear an Teach ar athló ar feadh cúig bhomaite go dtí go bhfeicimid. I propose that the House suspend for five minutes. We cannot have Members not knowing what is being said. It is not fair.

Acting Leader, I ask that the sitting suspend for five minutes. There is a difficulty.

I propose that the sitting suspend for a number of minutes.

Sitting suspended at 3.15 p.m. and resumed at 3.25 p.m.

Senator James Heffernan was in possession.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach chun Bille na Gaeltachta 2012 a phlé. The Bill makes provision for the potential geographic redefinition of the Gaeltacht and will, for the first time, provide for a statutory language planning process for the Gaeltacht, towns in or adjacent to the Gaeltacht that service Gaeltacht areas and communities outside the Gaeltacht that have made progress in restoring Irish as a community language. Mar atá a fhios ag gach duine anseo inniu, tá a lán fadhbanna leis an teanga. Despite the census last year that showed an increase of 7.1% in the number who can speak Irish, with 1.77 million people able to speak the language, the comprehensive linguistic study of the use of Irish in the Gaeltacht has found results that are worrying for the language. Nuair a bhí mé ar mo laethanta saoire i mbliana, bhí mé ar Oileán Acla i gConamara agus sa Daingean. Bhí an-díoma orm mar níor chuala mé a lán Gaeilge. The study has shown a continued language shift towards English in the Gaeltacht and concluded that, without urgent remedial action, the Irish language may only have a lifespan of 15 to 20 years as a community and household language in the Gaeltacht. This is a very worrying development and I hope this Bill will help to retain and vigorously encourage the use of Irish not only in the Gaeltacht but in the island of Ireland as a whole.

The first aim of the Bill is to provide for a statutory language planning process which will designate the existing Gaeltachtaí as a number of Gaeltacht language planning areas, as referred to by Senator Noone. These GLPAs will comprise electoral divisions in which a significant proportion of the population are active Irish speakers and in respect of which language plans have been agreed by the communities concerned with the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht. The ultimate aim of this language planning process is to strengthen the use of the Irish language which must be welcomed.

I would have to ask Minister of State, however, why this Bill will place all GLPAs on an equal footing when it is clear that there are large differences in the vitality of the language among different areas within the Gaeltacht. The comprehensive linguistic study recommended that resources should be focused on areas based on their specific needs. In these difficult economic times it is incumbent upon us to use resources efficiently in order to get the best value for money. By placing all GLPAs on an equal footing, we are not offering the best value for money to the electorate.

The Bill refers to Gaeltacht service towns, towns that are in or adjacent to GLPAs and deliver public services to these areas. The Bill envisages language plans being put in place for these Gaeltacht service towns also.

A commendable provision in this Bill is the designation of Irish language networks, which are Irish language communities that are outside the existing Gaeltacht. It is clear that there are a number of areas outside what is currently regarded as the Gaeltacht in which Irish is used as a community language and it is this type of initiative that should be encouraged. Tá aiteanna ann sna bailte móra cosúil le Clondalkin and Ballymun ina mbíonn a lán daoine ag labhairt na Gaeilge gach lá and they need to be encouraged to continue using the Irish language. I hope this Bill will help to maintain the use of the Irish language in these areas. Ennis in County Clare aims to be a bilingual town by 2017. This is a fantastic endeavour and I hope the Minister will see that sufficient resources are given to Ennis and other areas that are striving to become bilingual.

The second aspect of this Bill relates to Údarás na Gaeltachta, and this was referred to by Senators Ó Domhnaill and Mac Conghail. The purpose of Údarás na Gaeltachta is to "develop the Gaeltacht economy to preserve and enrich the Irish language as its principal language." I know from the time I spent when I was a young lad in Gaeltacht areas how important Údarás na Gaeltachta can be, how it provided services and established cooperatives, helping people to develop their own industries. However, in reviewing the role of Údarás na Gaeltachta in 2005, the former Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs received some startling submissions from the public which included allegations that the údarás was in fact contributing to the demise of the Irish language by not ensuring that companies it supported actually implemented their obligations towards the Irish language. There was a consensus that the údarás was not sufficiently focused on language affairs. This is clear when you look at the findings of one Irish language commentator, Donncha Ó hÉallaithe, who stated: "Sara reáchtáladh an toghchán deireanach don údarás in Aibreán 2004 rinne mé mionscagadh ar mhiontuairiscí na gcruinnithe a bhí ag an údarás thar tréimhse bliana agus fuair mé amach nár ardaíodh ceist na Gaeilge ach aon uair amháin." Is rud an-truamhéalach é sin, agus feicimid nach bhfuil an t-údarás ag déanamh oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

This Bill will make a number of changes relating to Údarás na Gaeltachta. lt abolishes the requirement for direct elections to Údarás na Gaeltachta and replaces it with a new system. That system has received a mixed reception from Gaeltacht residents and Irish language commentators. Both Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta are against the abolition of the electoral process and I can understand their frustrations to a degree. The new process would also see the board reduced from 20 members to 12 members.

The first issue with this is that there are seven county councils within Gaeltacht areas but only five members of the board to represent them. The proposal is that four members would be nominated from the county councils of Donegal, Mayo, Galway and Kerry and the final county council nomination would be filled in rotation every two years by a member nominated by one of the county councils of Cork, Waterford and Meath. There are two issues with this: the counties of Cork, Waterford and Meath will only have representation on the board of Údarás na Gaeltachta for two years out of every six, and the term of the board is five years so the last member in the rotation would serve one year on one board and the second year on the next board.

The Bill allows for the Minister to appoint the other seven nominees to the board provided they possess a level of expertise and experience that is necessary. Can the Minister of State outline cén sórt taithí agus scilleanna a bheidh riachtanach le bheith tofa? B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr na poist seo a chur arpublicjobs.ie, mar a dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill.

I am sure the Minister of State will address those questions in this response.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit ach ní chuirim fáilte roimh an mBille seo. Easnamh daonlathach — democratic deficit, that is what this Bill represents. Quoting the wikipedia reference to Údarás na Gaeltachta:

Údarás na Gaeltachta is run by a board. A unique feature of Údarás na Gaeilge is that 17 members of the 20 member board are directly elected from constituencies in Gaeltacht areas. This is in contrast to every other State-sponsored body in Ireland, where the board members are appointed directly by the relevant Minister, with the result that most are party political members.

That is what appears on websites globally and today we are being asked to do away with that. It is a shame and I ask the Minister of State not to proceed with that. The Gaeltachtaí are extremely weak and will not be adequately represented by those from outside the Gaeltacht. Can the people of the Gaeltacht in Ráth Chairn be represented by people from Bettystown? These are vital linguistic communities that have kept a spoken language going when we have nearly destroyed it by excessive emphasis on grammar and a rigid approach. The Béarla briste people speak in the European Union and the soccer players speaking where people do not correct their grammar has made English a language spoken by 1.5 million people.

We are trying to keep a language that is now down to 77,000 people. If we undermine the Gaeltachtaí by denying them their democratic representation, that will be the death knell of our language. These are vital linguistic communities and I cannot see the language surviving outside the Gaeltacht. I was in An Spidéal at the weekend as my daughter is studying there and I noticed that the situation has weakened there over the past 20 years. If the Gaeltacht is undermined and An Spidéal is allowed to be represented by somebody from Portumna or somebody from 80 miles away, the connection will be lost with the Irish speaking community on which we depend. Any revival of the Irish language must be based on the Gaeltacht and I believe it is a shame that somebody has advised the Department to do away with that democratic representation.

We should not allow Irish be lost as a spoken language as it is such a complicated written language, with strict rules which most young people find appalling. We do not use the "mol an óige" approach with regard to the language but are extremely critical with regard to this complex language. Therefore, undermine the Gaeltacht and the language will disappear quickly. I urge the Minister of State please to keep the democratic representation. It is unique and worth praise. The fact the Government will not tolerate even one board with a majority of democratically elected people says something about the public administration which brought this country to its knees in the past number of years, something the Minister of State and his colleagues are trying to solve now. Bureaucratic people abolishing democracy is something that is damaging in itself. It is particularly damaging where it affects a fragile linguistic community, as is any Gaeltacht area. I have submitted an amendment in this regard — I met the deadline — but I urge the Minister of State to reconsider the issue over the weekend because this proposal will do the language no good at all.

Other aspects of the Bill should be addressed, such as the budget. Some half of the budget, over €9 million out of €18 million, of the údarás goes on administration. Capital grants came to €5 million and current expenditure came to €3 million. Could we not look at the budget to see whether it is possible to make changes? The analysis done on the Bill by the Oireachtas Library shows that the bulk of the money is spent in the category C areas, not category A, which are the ones we are trying to promote. Can we not do this better and retain the democratic element?

I apologise for not speaking in Irish. I was getting a lesson in Irish and had been told this debate would be at 4 p.m., but because it was changed, my preparation was less than I would have wanted it to be. The debate was changed three times, from 4 p.m. to 3 p.m. and then to 2.30 p.m. However, the important point is that these linguistic communities are essential if the language is to survive. We would like to see it extend into language development areas, but to remove democratic representation from the people who have kept our language going would be a serious mistake. I ask the Government to reconsider.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus é a mholadh as an mBille seo a thabhairt os ár gcomhair. Tá scaifte breá Seanadóirí anseo inniu agus iarraim orthu obair le chéile ar an mBille seo. Tá cruinniú ar siúl thall i Rio an tseachtain seo ag a bhfuil an timpeallacht á phlé mar go bhfuil an timpeallacht i mbaol báis. Tá an Ghaeilge i mbaol fosta. Deireann siad thall i Rio go bhfuil 20 bliain ag an chine daonna leis an timpeallacht a shábháil agus deirtear anseo go bhfuil 20 bliain leis an Ghaeilge a shábháil. Tá sin suimiúil. Tá súil agam nach dtiocfaidh deireadh leis an timpeallacht roimh meath iomlán na Gaeilge.

Ba mhaith liom a mhaíomh go n-oibreodh muid le chéile gan barraíocht argóinte. Tóg mar shampla Údarás na Gaeltachta. Cé gur údarás maith é, an bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh sé tofa nó go mbeadh sé ainmnithe sa deireadh thiar thall? Aontaím leis an Seanadóir Mac Conghail nuair a mholann sé don Aire Stáit athsmaoineamh a dhéanamh faoi an seachtar ball a toghfar ó na comhairlí contae agus gur cóir iad a thoghadh ó na Gaeltachtaí. B'fhéidir go bhféadfadh sé an cúigear eile a ainmniúé féin. Molaim dó smaoineamh ar sin, mar tá fiúntas leis an mholadh sin.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaidh an t-údaras an obair atá le déanamh aige go maith. Luaigh an Seanadóir Barrett an cur síos a dhéantar ar an údarás ar Wikipedia agus moltar an cur chuige sin — daoine ó na Gaeltachtí a thoghadh ar an mbord. Nílim cinnte faoi seo, ach b'fhéidir ó am go ham go raibh an t-údarás ró-pholaitiúil. Nílim ag maslú duine ar bith atá ar an údarás mar dhuine, ach b'fhéidir go raibh an t-údarás, mar údarás, ró-pholaitiúil. Tá 90,000 duine ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta, ach ní labhrann ach 23,000 an Ghaeilge an t-am ar fad. Níl na páistí ag labhairt Gaeilge sna scoileanna agus níl siad ag labhairt Gaeilge sa bhaile fiú. Sílim go mbeadh sé i bhfad níos tábhachtaí aird a thabhairt ar sin ná a bheith ag caoineadh mar gheall ar Údarás na Gaeltachta agus céard atá ag tarlú ansin.

Tá an tAire Stáit ag tabhairt an Bhille seo isteach tar éis 56 bliain agus molaim é ar an ábhar sin. Caithfimid seans a thabhairt don Aire agus caithfimid cuidiú leis chun an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm.

Lá náireach don Oireachtas, don Seanad agus don Rialtas seo an lá atá inniu ann. Tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm le clár oibre Rialtais, ach níl an clár Rialtais sin ar fáil as Gaeilge. An t-aon chlár Rialtais atá ar an Idirlíon ná an clár a bhaineann le Bertie Ahern, Mary Harney agus Trevor Sargent. Ní féidir liomsa aon chlár Rialtais as Gaeilge a aimsiú ar an Idirlíon. Mar sin féin, sa chlár Rialtais tugadh gealltanas go mbeadh seachtain ar a laghad idir gach Céim de reachtaíocht san Oireachtas seo. Sa chlár oibre sin bhí gealltanas go mbeidh seachtain ar a laghad idir na céimeanna ag reachtú san Oireachtas seo ach níl sin ag tarlú ar chor ar bith, tá an Rialtas ag maslú an phobail agus ag maslú an ghealltanais a rinneadh maidir le hathchóiriú an chórais pholaitiúil sa tír seo. Is cuma leis an Rialtas. Má leanaimid ar aghaidh mar seo, ní mór deireadh a chur leis an Seanad láithreach. Ba cheart go mbeadh reifreann ar an Seanad, nó fiú ar an Oireachtas ar fad, mar is cuma leis an Rialtas faoi agus tá an pobal ag fáil amach. Is cuma leis an Rialtas faoin daonlathas sa tír seo. Bhí ionadaithe ar bhord Údarás na Gaeltachta tofa ag an bpobal agus tá an Rialtas ag baint an chirt sin díobh. Toghadh an Seanadóir Ó Domhnaill d'Údarás na Gaeltachta, agus toghadh duine an-mhaith as Contae na Mí freisin. As seo amach beidh duine as Contae na Mi, Contae Phort Láirge nó Contae Chorcaí ar an mbord ar son na dtrí chontae sin. Ní muintir Chontae na Mí, Phort Láirge nó Chorcaí a bheidh ag roghnú an duine sin, go háirithe ní muintir Ghaeltacht na gcontaetha seo a bheidh á roghnú ach comhairleoirí de chuid pháirtí an Aire Stáit sin. Ba cheart go mbeadh náire ar an Aire Stáit go bhfuil sé ag tabhairt cumhachta mar sin do na daoine sin. Power grab dá pháirtí féin atá ann gan amhras, ag iarraidh jobs a thabhairt do na buachaillí. Sin í an fhírinne.

That is rich coming from Fianna Fáil.

Cén fáth go bhfuil eagla ar an Rialtas roimh thoghchán? Is tír dhaonlathach í an tír seo. Cheap mé go raibh na Gaeltachtaí daonlathach ach anois beidh daoine as Contae Phort Láirge agus as Contae Chorcaíá gceangal le chéile le hionadaí a chur ar bhord an údaráis. Ní bheidh aon tionchar ag Contae na Mí ag baint leis sin. Tá sé mícheart agus táimidne díreach ina aghaidh. Dúirt mé gur power grab atá ann agus níl mórán coigilt airgid i gceist. Beidh an tAire Stáit a dhaoine féin a chur ar an mbord seo. Rinne mo chara, an Seanadóir Ó Domhnaill, pointe tábhachtach maidir leis an bhealach go bhfuil an tAire in ann daoine a chur ar an mbord. Ní bheidh aon ról ag coistí Oireachtais leis seo agus is cúis náire í sin. Beidh níos lú spéise ag muintir na Gaeltachta i gcúrsaí an údaráis. Bhí an Rialtas ag rá go bhfuil sé chun athchóiriú a dhéanamh ar na boird seo agus ar an Státseirbhís go ginearálta ach tá a mhalairt fíor anois. Fáth amháin sin go mbeimid an-dian in aghaidh an Bhille seo. Iarraim ar an Aire Stáit smaoineamh arís faoin daonlathas agus athsmaoineamh a dhéanamh faoin reachtaíocht seo a bhrú tríd an Oireachtas go scioptha. Caithfimid bheith in ann smaoinimh air seo agus machnamh a dhéanamh ar an díospóireacht a bheidh againn. Caithfidh an t-am a bheith againn leasuithe a chur le chéile. Ní rud mór é don Rialtas éirí as seo. Deirtear i gclár an Rialtais go mbeadh seachtain ann idir gach Céim agus bheimis sásta leis sin ach ní thabharfaidh an Rialtas an seal sin dúinn.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is breá bheith ag éisteacht leis an Ghaeilge bhreá, líofa, flúirseach atá aige. Tá an fear ceart i gceannas ar an mBille seo agus é ag dul tríd an Oireachtas. Ba cheart dúinn an rud ceart a dhéanamh agus tá confidence agam san Aire Stáit atá againn anseo. Dúirt duine éigin ansin gur in 1956 a cuireadh an Bille deireanach i bhfeidhm. Tá a lán bliana caite ó shin agus céard a bhí déanta chun an teanga a choimeád beo?

Tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille seo — foráil a dhéanamh le próiseas reachtúil phleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh chun an bord agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leasú. I dtaca leis an phróiseas sin, déantar foráil sa Bhille maidir le hainmniú na nGaeltachtaí láithrí mar roinnt limistéar scoite pleanála teanga Ghaeltachta, agus úsáid a bhaint as critéir phleanála seachas as critéir thíreolaíoch mar a bhí ann go dtí seo.

Tá an cur chuige bunaithe ar staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht inar taispeánadh go bhfuil aistriú suntasach teanga ó Ghaeilge go Béarla tar éis tarlú sa Ghaeltacht agus is é atá sa chonclúid ná go bhféadfadh sé, mura ndéantar gníomh práinneach, nach mbeidh ach 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail. Caithfimid rud práinneach a dhéanamh chun í a choimeád beo.

There is a provision which amends the functions of Údarás na Gaeltachta agus bhí a lán daoine ag labhairt faoi thoghchán and the democratic process being removed. Democracy must play its role and it is good we have elections to boards but because this is a specialised area for language planning, it is vital we get the right people on boards. A methodology of appointments like the system used by TG4, where recommendations would be made to the Minister by those qualified in language planning, would be of benefit. Donncha Ó hÉallaithe carried out a study that pointed out that enterprise takes pride of place, and rightly so, in Údarás na Gaeltachta, and that the language was only discussed once at a meeting before the elections in 2004. If the language is not a priority with the board, it is important to have the right people on boards, not just people sitting on boards for electoral purposes.

Under the strategic language planning process, the Bill provides for the designation of existing Gaeltachtaí as a number of direct Gaeltacht language planning areas using language planning criteria rather than geographical criteria. I understand provision for amendments to the functions of Bord na Gaeilge are necessary to support the proposed statutory language planning process. I presume there is other legislation to address that.

The Bill makes provision for areas within the existing Gaeltacht to be designated Gaeltacht language planning areas. It would be important to define the role of Údarás na Gaeltachta and Foras na Gaeilge. Údarás is answerable to the Oireachtas while Foras na Gaeilge is answerable to the North-South Ministerial Council. We must marry the two and ensure the competences and areas of responsibility for both are not duplicated. Údarás should not be left trailing, particularly in the designated areas. Can the Minister overrule or choose particular enterprises?

Abolition of the regional councils weakens Údarás na Gaeltachta and I ask the Minister of State to consider that again. The Bill provides that the Minister may designate a Gaeltacht planning area by order. What process would this involve and what would be the criteria? It is based on the language planning process published in April and 19 is a large number. Perhaps smaller areas should be considered. Will those smaller areas be represented on the board?

The approach taken in the Bill differs from that recommended in the linguistic study and is not classified by linguistic vitality. What was the basis for that decision?

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. An staidéar cuimsitheach teangeolaíoch laid out a rather stark scenario for the future of the language and stated there was approximately from 15 to 20 years to save the Irish language as a living household language in the Gaeltacht. This is the case, particularly in smaller Gaeltachtaí around the country. In my county of Waterford, An Rinn Gaeltacht needs support. It needs economic and social support. It needs support in terms of job creation, so as to stem outward migration and it needs support in terms of investment in language planning, not just from the údarás, but from the State.

Many of the provisions of this Bill, such as the language planning provisions, are to be welcomed. The most contentious issue, borne out by the representations made to us from people who live in Gaeltacht areas, from people who support the language and its development and from Irish language advocacy groups, is the removal of the representation of people elected to the boards. That is the critical issue.

I am not aware of any organisation that advocates on behalf of the language that supports what the Minister of State is doing. Today, we got the formal publication of the Constituency Commission report and I am sure politicians, political anoraks and all sorts of people are poring over its findings. It is interesting that while that report and whatever legislation follows on it is being considered, this legislation does away entirely with democratically elected representation for Gaeltacht communities.

Senator D'Arcy asked what difference it makes and whether it is really important for each Gaeltacht area to have a representative on the board of the údarás and whether it is more important for them to be elected or appointed. What people want is critically important. That is what democracy is about. I made the point, in the context of a different Bill, on the need for localism rather than more centralisation and the creation of more democratic deficits. We have far too much of that when we consider what is happening in Europe and Ireland. We need as much localism and democratic representation as we can get.

The issue here is that we want a bottom-up approach, rather than the top-down approach where people are appointed. I already referred to my own county and the Gaeltacht area of An Rinn and An Sean Phobal. We will now see the people in these and other such areas being unable to elect somebody to represent them and their interests and the needs of their community on the board. The county councils will have a say, but the county council representatives are not the right people to make the call for the Gaeltacht areas. It should be the people who live in those communities. Already, they do not have representation for the full six years, only for two of the six years of the board's lifetime. Therefore, it is understandable why these communities have genuine concerns with regard to the provisions of this Bill.

There is a democratic deficit at the heart of the Bill. Senator Heffernan made the point that the board of the údarás was more than just about protecting the language. I am aware of that from all of the engagements I have had with people who live in the Gaeltacht in Waterford, and I am sure the situation is similar throughout the country. The board and Údarás na Gaeltachta has done a significant amount for those communities and has a lot to offer, beyond supporting the language. It is about economic development and job creation, or at least it should be. It is also about social development. The people who understand this best are the people who live in these communities. It is a bad move on the part of the Government to go down this road. It is undemocratic and farcical and for those reasons Sinn Féin will oppose the Bill.

Senator Ó Clochartaigh will go into more detail with regard to other provisions with which Sinn Féin has a difficulty. My concern today does not just relate to County Waterford and its Gaeltacht, although it is important. It is that this proposal has an impact on all Gaeltacht areas. It is about local democracy and defending local democracy. It seems that what the Government is doing with regard to political reform is simply cutting numbers, as if that is the real solution. It proposes to cut the number of local councils, merge Waterford City and County Council, get rid of the elected representative from the bord of the údarás and to cut the number of Dáil Deputies. However, it is not really dealing with the powers and responsibilities of any of these boards, local authorities, the Dáil or the Seanad. The cuts are being made to save money although they may not even do that. However there are no real reforms coming and there is no real reform with regard to the needs of the communities in this Bill either.

These are the reasons I will oppose this Bill. I cannot support a Bill which creates even more of a democratic deficit in this country. There is already far too much of a deficit. We need more localism and more democratic input into decisions being made.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus fáilte roimh an mBille freisin. Tá cúpla ceist tábhachtach agam. This Gaeltacht Bill must be a major step towards saving our language, which has been under threat for some time, despite the discussion and trial and error approaches we have had over the years. This Bill provides an opportunity for a debate and we must see that opportunity and not rush the legislation. I urge the Cathaoirleach to convey that message to the Leader of the House. This is too important an opportunity to mess up. Therefore, for amendments to be submitted by tomorrow morning is too short a time.

The Bill focuses on the linguistic rather than the geographic areas, which is quite a different policy from the current approach. Will the proposed 19 new planning areas be called Gaeltachtaí? Will there be Gaeltacht areas? Senator Barrett raised an important point about the concept of linguistic communities. Of the 90,000 people living in Gaeltacht areas, we have 23,000 people speaking the language daily currently. Do those 23,000 speakers need the Gaeltacht area to legitimise and support their use of the Irish language? What evidence is available on that? I used to teach Irish, yet I am not delivering my contribution through Irish, because I do not think I can properly express the importance and complexity of this issue through Irish. Shame on me. I have always pointed out that while schools and Gaelscoileanna teach Irish, we live in communities. It is the communities we need to speak Irish, not individuals spread throughout the country. Language is interactive and it needs community legitimacy to support it. What will the 19 planning areas be called? Will they be called Gaeltachtaí?

I would be delighted if all the deontais the Department gives Connemara currently were spread around the 19 Gaeltachtaí. I often point out how generous the Minister of State is to west Connemara.

Níl an t-airgead aige.

Will we, through this Bill, now reward language usage as opposed to rewarding geographic area? This will be a massive change.

I like the idea there will be language planning. The plans each linguistic planning area will formulate will bring some new dynamism into the development and life of the Irish language. This will be organic, bottom-up and good and may be better than any democracy. It is not the approach of the Bill to increase the number of speakers of the language.

That is part of the straitéis and has nothing to do with the Bill.

This should be the goal and I support whatever format achieves that. I am quite democratic, but some of the údarás elections I have seen have been a bit of a joke.

Senator Healy Eames should explain. I will not have anyone, in this House or anywhere else, challenge the right of the people to vote. The Senator said the people have voted wrongly.

The Senator said the people voted wrongly in Connemara, Donegal and everywhere else. That is an outrageous remark, just because they do not vote the way the Senator wants them to vote.

Senator Ó Domhnaill, you have already spoken on Second Stage. Please resume your seat.

I would like to explain. I have seen people elected to the údarás without any Irish. That is a joke.

I raise a point of order. That claim is unsubstantiated.

What is the point of order?

Senator Healy Eames should name the person about whom she is talking.

That is not a point of order.

There is no history of anyone being elected to the board of Údarás na Gaeltachta who cannot speak Irish.

The Senator should name the people. They are not here to defend themselves. She has made an allegation about people who are on the board of Údarás na Gaeltachta. It is a disgrace. Is the Senator referring to someone in her own party or mine?

Senators, please respect the Chair. Senator Healy Eames, you have 30 seconds remaining.

If that is all I have left I had better keep going. How many of the 23,000 who speak Irish daily currently live in Gaeltacht areas? Scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltacht schools and small rural schools in Gaeltacht areas are an important resource. How will the Bill be supportive of them?

I hear the point regarding changes to the údarás. I support democracy, but the ultimate purpose of the Bill should be to ensure that the Irish language grows. I will support whatever methodology will achieve that. I ask the Minister of State to keep this matter under review. If the proposed format, with a focused and more driven board and people nominated to it who will ensure that the language grows, does not work, the Minister of State should review it after a three year period.

I also like the point about Irish language networks outside the Gaeltacht. At the briefing, the Minister of State mentioned a new family support programme so that mothers who want language support would receive it, from the day their child is born. Will that support be statutory and how will it be resourced? Will special incentives attach to the new údarás format in the 19 language planning areas around the country?

Tá céad fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mise ar dhuine den dream is mó a bhí ag bagairt air, an Bille a thabhairt chun cinn, agus fáiltím roimhe. Tá sé 56 bliain ó bhí a leithéid ann cheana agus bhí sé thar am teacht. Ach cuireann sé déistin orm an brú atá an Rialtas ag cur ar an Teach, an Bille a bhrú tríd chomh tapaidh sin, nuair atá ceisteanna tromchúiseacha le plé. Mar adúirt an tAire Stáit go minic sa Teach, thóg sé píosa fada le meicníocht an Bhille agus na forálacha a bhainfeadh leis a oibriú amach. Anois, cé gur 56 bliain a tógadh chun an Bille a thabhairt chun cinn, tá sé ag iarraidh orainn na leasuithe a chur ar aghaidh taobh istigh de 12 uair an chloig. Níl sé sin inghlactha, beag nó mór. Níl sé ceart nó cóir do Sheanadóirí nó do mhuintir na Gaeltachta agus ní ghlacfaimid leis.

Tá chuid mhaith le moladh sa Bhille. Caithfear an díospóireacht seo a chur i gcomhthéacs. Ní féidir an Bille a léamh gan an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a léamh. Mholfainn do Sheanadóirí ar fad é sin a léamh thar an deireadh seachtaine. Tá cúpla céad leathanach ann agus b'fhéidir nach bhfaigheadh siad deis an rud ar fad a léamh, ach mholfainn na moltaí agus mar sin de a léamh.

Arís eile, tá cur chuigeà la carte tógtha ag an Rialtas maidir leis na moltaí a cuireadh ar fáil dó. Rinneadh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch sa bhliain 2007. Dúradh ag an am go raibh idir 15 agus 20 bliain leis an Ghaeilge a tharrtháil. Sin cúig bliana ó shin. Fágann sin go bhfuil deich nó 15 bliana againn leis an Ghaeilge a tharrtháil. Tá práinn leis an obair seo, ach caithfear an reachtaíocht a chur i gceart. Tá an bhrí ghinearálta tógtha as an staidéar teangeolaíoch ach ní théann an reachtaíocht leis an rud ar fad.

Chomh maith le tacú leis na pointí atá déanta ag daoine eile ba mhaith liom roinnt pointí breise a ardú. An rud is suntasaí a tháinig trasna ón staidéar teangeolaíoch, agus a bhfuil a fhios againn ar fad é, nach bhfuil daoine óga ag labhairt na Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge á cailleadh ag an aos óg. Ceann des na moltaí is mó a déantar sa staidéar teangeolaíoch ná go mbeadh plé de chineál éigin ag Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí oideachais. Níl mé ag rá gur cheart go mbeadh an t-údarás ag tógáil ról na Roinne Oideachais agus Scileanna, ach nuair atáthar ag breathnú ar na cumhachtaí breise a thógfaidh an t-údarás air féin, caithfear cúrsaí oideachais a thógáil san áireamh, mar sin croí na faidhbe. Munar féidir linn dul i bhfeidhm ar an aos óg, agus maidir le cúrsaí oideachais, tá an cath caillte.

Tá sé molta ins an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go mbeadh na catagóirí ann. Tuigim go bhfuil an Rialtas tar éis cur chuige eile a roghnú ach ba bhreá liom an smaointeoireacht a chuaigh taobh thiar den chinneadh sin a chlos. Cén fáth ar caitheadh amach an smaoineamh seo faoi na catagóirí? Níl mé ag rá go bhfuil sé ceart nó mícheart ach ba bhreá liom sin a oibriú amach.

Cén chaoi a bhfuilimid chun meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ar an straitéis? Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh bealach againn lena rá go bhfuil na pleananna ag oibriú nó nach bhfuil. Ceann des na slait tomhais a bhíodh againn ná scéim labhairt na Gaeilge, scéim a fuair an Rialtas réidh léi. Moladh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch an scéim a úsáid mar theist an bhfuil níos mó nó níos lú daoine ag úsáid na Gaeilge go laethúil, go háirithe imeasc an aoas óig. Cén chaoi a bhfuilimid ag dul é sin a theist má táthar tar éis fáil réidh le scéim labhairt na Gaeilge, ceann des na slait tomhais is fearr a bhí againn. Molaim go dtabharfaí sin ar ais.

Tá ról tugtha san mBille do Fhoras na Gaeilge. Tá sé i gceist go mbeadh baint aige leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge. De réir mar a thuigim, agus tar éis dom labhairt leis an Aire, Carál Ní Chuilín, MLA, níl aon phlé déanta ag an Rialtas le Carál Ní Chuilín, cé go bhfuil próiseas chomh chinntitheach ann maidir leis an ghné sin den mBille. Céard a tharlóidh má thagann Aire ón DUP, b'fhéidir, nach bhfuil fabhrach don Ghaeilge agus ag bheadh ag iarraidh cos a chur san mbealach orainn nó tuisle a bhaint asainn agus muid ag iarraidh bailte Gaeltachta nó líonraí Gaeilge a cheadú? Níl an plé sin déanta ag leibhéal na hAireachta.

An rud is tábhachtaí atá lé plé ná achmhainní. Táimíd tar éis breathnú ar an straitéis agus tá an Rialtas ag tógáil cur chuigeà la carteó thaobh na straitéise chomh maith. Táthar ag tógáil píosaí aistí anseo is ansiúd. Ní oibreoidh cur chuige den chineál sin. Tá 19 ceantar roghnaithe cheana féin mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta ach níltear ag tosú ach le sé cheantar ó thaobh obair fhorbartha ar phleanáil teanga. Tá na comharchumainn, nó na comhlachtaí pobal-bhunaithe, in ainm is na pleananna teanga seo a ullmhú nó comhordú a dhéanamh orthu, ach tá an Rialtas ag baint na n-achmhainní díobh sin cheana féin. Ní féidir leo coinneáil suas leis an gclár oibre atá acu nó leis an obair atá le déanamh acu. Ní féidir an obair nua seo a dhéanamh gan achmhainní a chur in áit.

Beidh lán charr asail againn de mholtaí ar Chéim an Choiste. Beimid ag iarraidh athraithe a dhéanamh ar an mBille. Aontaím leis na pointi ar fad a rinneadh maidir le cúrsaí daonlathais. Níl aon duine ag tacú leis an moladh atáá dhéanamh ag an Rialtas. Feictear dom gur ón Aire Stáit féin atá an moladh maidir leis na comhairli contae ag teacht. Níl i gceist ach sábháil €100,000 sa bhliain muna reachtálfar an toghchán. Tá an Rialtas ag íoc €187,000 san mbliain le comhairleoir speisialta amháin, agus tá lán charr asail de chomhairleoirí speisialta ann. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom go bhfuil an comhairleoir speisialta sin níos tábhachtaí ná cúrsaí daonlathais ar bhord Údarás na Gaeltachta? Ní ghlacaim leis go bhfuil agus ní ghlacaim leis an argóint nach mbeadh toghchán ann.

Cuartaigh mé leagan Gaeilge ar an bhfocal "cronyism" ar focal.ie. "Cairdeas fábhar" a fuair mé. Cronyism den chéad scoth a bheidh i gceist le toghchán Údarás na Gaeltachta. An dream a bheidh á roghnú tríd na comhairlí contae tiocfaidh siad ó Fhine Gael nóó Fhianna Fáil.

(Interruptions).

Beidh an seachtar eile á roghnú ag an Aire Stáit féin. Beidh an glór á bhaint ó na daoine neamhspleácha agus ó na páirtithe beaga. Beidh na daoine a bhí sásta labhairt amach nuair a bhí Fianna Fáil ag déanamh ciorraithe le blianta anuas ar fad imithe ó bhord an údaráis. Tá an Rialtas chun fáil réidh leis na glórtha a bheadh criticiúil den Rialtas. Beidh an reachtaíocht á bhrú as seo go ceann coicíse. Tá sin scannalach agus náireach. Mar fhear adeir go bhfuil meas aige ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ba chóir don Aire Stáit am a thabhairt chun plé ceart a dhéanamh ar an reachtaíocht agus an jab a dhéanamh i gceart.

Beimid ag cur i gcoinne na reachtaíochta agus beimid ag súil gur féidir síneadh ama a thabhairt maidir le leasuithe a mholadh ar Chéim an Choiste.

Ar dtúis, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat féin, a Chathaoirligh, agus leis na Seanadóirí go léir a tháinig isteach tráthnóna inniu agus a labhair ar an mBille. Cuirim fáilte roimh an méid a bhí le rá ag gach duine acu. Thug mééisteacht chúramach agus fhaichilleach dá raibh le rá ag gach duine acu. Aon Seanadóir déag ar fad a tháinig isteach. Ba mhaith liom é sin a rá.

Bhí mé beagáinín trí chéile go raibh deacrachtaí teicneolaíochta againn nuair a thosaigh an díospóireacht, ach tá sin curtha i gceart agus tá súil as Dé agam gur thuig gach Seanadóir, cé acu Béarla nó Gaeilge nó aon teanga eile atá aige nó aici, cad a bhí ar siúl anseo. Táimid uilig ar aon intinn maidir le cúrsaí cumarsáide agus go dtuigfimid a chéile. Sin an fáth go bhfuil teanga ann. Tá súil as Dé agam gur réitíodh na deacrachtaí.

D'éist mé go cúramach leis na gearáin a bhíá dhéanamh ag Seanadóirí go raibh an Rialtas chun an Bille a bhrú tríd an Seanad agus, ina dhiaidh sin, tríd an Dáil gan seans a thabhairt díospóireacht cheart a dhéanamh agus, go speisialta, leasuithe a chur síos. Tuigim ó oifigigh an Tí go bhfuil réiteach faighte air sin agus go mbeidh go dtí Dé Luain seo chugainn ag Seanadóirí leis na leasuithe seo a chur síos. Tá súil as Dé agam go bhfuil sé sin sásúil ó thaobh gach duine.

Bille iontach tábhachtach é seo. Mar atá ráite ag an Seanadóir Healy Eames, b'fhéidir gur seo an seans deireanach a bheidh againn Bille Gaeltachta a chur tríd. Caithfimid déanamh cinnte go dtabharfaimid éisteacht dos na moltaí atá ag teacht chun tosaigh agus go ndéanfaimid an rud ceart.

Bhí Bille Gaeltachta ann i 1956, nuair a cuireadh Roinn na Gaeltachta ar bun. An bhféadfadh éinne a rá gur éirigh an teanga níos láidre nó níos laige ins na Gaeltachtaíó 1956 go dtí 2012? Dúirt an fear a thug isteach Bille na Gaeltachta i 1956, an Ginearál Richard Mulcahy, go raibh an Ghaeltacht ag cailleadh 1,000 chainteoir in aghaidh na bliana. Má amharcann duine ar an méid cainteoirí laethúla a bhí ins na Gaeltachtaí i 1956 agus an méid atá ann anois, is cinnte gur cailleadh níos mó ná 1,000 chainteoir dúchasach Gaeilge in aghaidh na bliana ins na Gaeltachtaí i rith an ama sin. De réir an daonáirimh deireanach i 2011, tá 96,000 duine ina gcónaí ins na Gaeltachtaí, ach deir 23,000 duine, duine as gach ceathrar, go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil.

Nílimid ag brú an Bhille seo tríd. Níl cuimhne agam ar aon Bhille a raibh aon bhaint aige leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht a raibh níos mó réamh-oibre déanta air ná mar atá ar an mBille seo. Bhí tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta againn deich mbliain ó shin. Bhí an staidéar teangeoíaíochta agus suirbhéanna eile againn. Ansin, thainig an straitéis amach. Chuamar ar fud na tíre leis an straitéis agus d'éisteamar le muintir na Gaeltachta, i ndáilcheantair na Seanadóirí féin. Bhí comhchoiste an Oireachtais ag plé leis ó bhliain go bliain. Tá deich mbliana imithe. Le cuidiúó oifigigh na Roinne, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus daoine eile a thug comhairle dom, tá mise tar éis an Bille seo a thabhairt isteach. Ní Bille é tháinig anuas as féin. Baineadh úsáid as na suirbhéanna, as tuarascáil an choimisiúin agus as na foilseacháin go léir. Tá mé ag iarraidh fíor-iarrachta a dhéanamh méid na Gaeltachta atá ann a chaomhnú.

Tá mise san Oireachtas níos faide náéinne eile anseo, a bhuíochas sin do mhuintir Dhún na nGall, agus do mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall, a chuir anseo mé go mion agus go minic. Tá mé bródúil go ndearna siad é sin. Níor mhaith liomsa aon rud a dhéanamh, mar Aire Stáit, nó go mbeadh sé mar oidhreacht agamsa, fá chionn 20 bliain nó 50 bliain go raibh mé marbh, gur mharaidh mé an Ghaeltacht. Níl sé sin ar intinn agamsa.

Senators

Hear, hear.

Is fear Gaeltachta mise agus tá a fhios agam cad atá ag dul ar aghaidh ins an Ghaeltacht. Rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht mé. Fuair mé mo chuid oideachais i nGaeilge. Ní raibh aon Bhéarla agam go raibh mé 20 bliain d'aois. Níor mhaith liom go mbeadh éinne ag rá go bhfuil mise chun an scian a chur ins an Ghaeltacht nó i gcainteoirí dúchais, nó in aon rud eile.

Ach feicim céard atá ag dul thart orm. Tá an Seanadóir Ó Domhnaill ina chónaí i gContae Dhún na nGall, contae a bhfuil Gaeltacht mhór ann. Tá 20,000 duine ina gcónai i nGaeltacht Dhún na nGall agus deir idir 6,000 agus 7,000 duine go labhrann siad an Ghaeilge. Bhí an ceart ag an suirbhé teangeolaíochta. I gcionn 20 bliain eile ní bheidh aon Ghaeilge ar chor ar bith ins na Gaeltachtaí. Sin an rud atáimid ag tabhairt faoi ins an mBille seo. Mar chéad rud, táimid ag díriú isteach ar na ceantair Ghaeltachta. Tá 19 ceantar déanta amach. There are 19 language development areas within the Gaeltacht, ó Dhún na nGall go Contae Chorcaí, Contae Chiarraí, Contae Phort Láirge agus Contae na Mí. Beidh seans ag gach ceantar dóibh sin plean forbartha teanga, a language development plan, a dhéanamh amach. Ní bheidh sin ag teacht ó Dinny McGinley, ó Enda Kenny, ó Trevor Ó Clochartaigh nóó Fhine Gael, ó Shinn Féin, ó Labour nóó aon dream eile. Beidh an plean ag teacht ó mhuintir na Gaeltachta.

Táimid ag rá le muintir na Gaeltachta, "Labhair Gaeilge agus labhraíonn gach éinne anseo Béarla". Táimid ag rá le muintir na Gaeltachta, "Over to you. Sin bhur dteanga". Táimid chun seans a thabhairt dóibh plean forbartha teanga a dhéanamh amach, ní fá choinne 20 bliain, trí bliana, cúig bliana nó deich mbliana. Seo an seans deireanach. Tá oidhreacht acu a tháinig anuas 2,000 bliain agus táimid ag tabhairt seans dóibh an oidhreacht seo a thabhairt don chéad ghlúin eile. Sin an rud atá ins an phlean Gaeltachta. Ní don Ghaeltacht amháin an plean, ach don tír ar fad taobh amuigh den Ghaeltacht, ach táimid chun déileáil leis an nGaeltacht ar dtúis.

An fáth go bhfuilimid ag tabhairt breis tacaíochta, cumhachta agus freagraíochta do Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil sé ag gníomhú ins an nGaeltacht le 30 bliain. Tá níos mó eolais ag Údarás na Gaeltachta ar cad atá ag titim amach ins an Ghaeltacht ná ag aon dream eile. Tá níos mó taithí ag an údarás ar céard atá ag titim amach ins an Ghaeltacht ná ag Conradh na Gaeilge nó ag na heagraíochtaí eile atá thuas ansin. Molaim an obair atá déanta ag na heagraíochtaí deonacha, tá an Rialtas ag tabhairt tacaíochta dóibh agus caithfidh siad leanúint ar aghaidh leis, ach caithfimid seans a thabhairt do mhuintir na Gaeilge a rá, "An bhfuil Gaeilge le bheith ann ins an Ghaeltacht nó nach bhfuil".

Sin an spiorad.

Beimid ag tabhairt na n-achmhainní do Údarás na Gaeltachta chun cuidiú le muintir na Gaeltachta——

Tá an Rialtas ag baint na n-achmhainní de Údarás na Gaeltachta.

——agus chun comhairle agus tacaíocht agus treoir a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta plean a dhéanamh amach ar conas atá an Ghaeilge anois agus conas a bheidh sí an bhliain seo chugainn agus ins na blianta ina dhiaidh sin ionas nach mbeimíd ag rá an rud adúirt Richard Mulcahy 56 bliain ó shin, go bhfuilimid ag cailleadh 1,000 chainteoir as an Ghaeltacht gach bliain.

Deir daoine liomsa, daoine atá ins an Ghaeltacht agus atá ag obair ar son na Gaeilge, gurb é an deacracht is mó atá ins an Ghaeltacht anois nach mbeidh cainteoirí dúchais againn. Na buachaillí agus na cailíníóga atá ag teacht ar an tsaol ins an Ghaeltacht, tá Béarla á labhairt ag 90% acu. An bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil?

Níl na figiúirí agam. Níl a fhios agam.

Tá a fhios ag an Seanadóir ach níl sé sách ionraic chun é a rá.

Let us be honest and face reality. Tá mise ag tabhairt an Bhille seo fá choinne cosc a chur leis sin. Luadh deontas labhairt na Gaeilge. Dúirt gach dream, fiú eagraíochtaí na Gaeilge, nár éirigh leis an deontas. Dá n-éireofaí le deontas labhairt na Gaeilge, if it was successful, ní bheinn anseo inniu ag tabhairt isteach Bille Gaeltachta. An bhfuil gach duine sa Ghaeltacht ag labhairt Gaeilge? Níor éirigh leis na deontais.

Cén fáth nár lean an tAire moltaí an staidéar teangeolaíochta?

Chuir an deontas feabhas ar infreastruchtúir na Gaeltachta.

Níor chuir mé isteach ar an Seanadóir nuair a bhí sé ag caint. Thug mé cead cainte do gach duine. Shuígh mé ins an chathaoir agus d'éist mé le gach duine. Tá súil as Dé agam go dtabharfaidh an Seanadóir Ó Clochartaigh an deis céanna domsa.

Bhí daoine as an Bhreatain Bheag abhus agus d'inis mé dóibh go dtugaimid cúpla céad punt in aghaidh na bliana do na teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Ní fhéadfaidís é a chreidiúint. "What?" ar siad. An labhraíonn siad Gaeilge? Níl mé cinnte, b'fhéidir go labhraíonn. Cad atáimid ag dul a dhéanamh anois? Táimid chun díriú isteach ar na teaghlaigh. Níl mé chun deireadh a chur le deontas labhairt na Gaeilge, incidentally. Níor chuir mé ina éadan, mar fuair mé deontas labhairt na Gaeilge; fuair mé féin agus mo mhuintir é ach níor éirigh leis. Dán-éireodh leis mhairfeadh an Ghaeilge ar fud na Gaeltachta. Ach táimid chun díriú isteach ar na teaghlaigh. Táimid ag dul go dtí na hotharlanna a dtagann na páistí ar an saol iontu agus cuirfimid ceist ar na tuismitheoirí, na haithreacha agus go speisialta na máithreacha a bhfuil an oiread sin tionchair acu ar na páistí cad atá siad chun déanamh, an bhfuil siad chun labhairt leis na páistí i nGaeilge nó i mBéarla. Tá buntáistí móra ann labhairt leis an pháiste sa Ghaeilge mar nuair a théann an páiste ar scoil, tá an chéad teanga sealbhaithe agus sin an rud a chaithfimid a dhéanamh; caithfimid na cainteoirí dúchais a chothú sna tithe, ní sna scoileanna. Tá ról tábhachtach ag an oideachas agus ag na scoileanna ach má tá cainteoirí dúchais le bheith againn, caithfidh siad teacht amach as na tithe, as na hotharlanna an lá a thagann siad ar an saol. Mura dtarlaíonn sin, beidh teanga againn a bheidh á labhairt ag daoine nach mbeidh mar chéad teanga ach cosúil leis an Laidin. Tá a fhios againn cad a tharla leis an Laidin, rinne mé féin an Laidin agus an Ghréigis agus nílimid ag iarraidh go rachaidh an Ghaeilge an bóthar sin. Sin an rud ar a bhfuil mé ag díriú isteach agus sin an fáth go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta.

Acmhainní— resources. Tá€60 milliún sa bhliain á chur ar fáil ag an Roinn seo ina bhfuil mé ar mhaithe leis an Ghaeilge, do na heagraíochtaí Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na gluaiseachtaí Gaeilge agus d'Fhoras na Gaeilge. Ní beag an tsuim í sin. Tá ollamh san eacnamaíocht as Coláiste na Tríonóide anseo agus tá a fhios aige nach bhfuil €60 milliún ag fás ar gach crann sa tír seo. Táimid ag cur €60 milliún isteach agus níl trácht dá laghad go bhfuilimid ag cur €500 milliún isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna gach bliain chun an Ghaeilge a choinneáil sa chóras oideachais. Níl mé ag rá go bhfuilimid ag fáil an luach is fearr ar an airgead atáimid ag cur isteach. No way, nílimid ag fáil an luach is fearr; sin a fáth go mbeidh ról ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa straitéis 20 bliain agus sa Bhille seo. Sin an fáth go bhfuil coiste idir mo Roinn agus ardoifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna ag plé leis seo. Sin an fáth sa straitéis litríochta agus uimhríochta a tháinig amach go bhfuil scrúdúá dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar cad é an dóigh gur féidir linn feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais. Tá na hacmhainní ansin. Dá leigheasfadh airgead cás na Gaeilge, dá mbeadh athbheochan na Gaeilge ag brath ar airgead, b'fhada an Ghaeilge athnuait.

Bímse ag dul ar fud na tíre. Seachtain ó shin bhí mé i mBeanntraí i gCorcaigh agus d'oscail mé Gaelscoil. Bhí sé de phribhléid agam dul ann. Scoil bhreá€3.6 milliúin, 200 dalta ag dul go dtí an scoil sin agus Gaeilge ar fad ann agus níl sí fiú amháin sa Ghaeltacht. Cén fáth? Tá Gaeilge ag na tuismitheoirí agus ba mhaith leosan na páistí a thógáil le Gaeilge, ba mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge ag a mic agus a n-iníonacha. Tá sin ag dul ar aghaidh ar fud na tíre. Níl siad á dhéanamh mar tá an Rialtas ag iarraidh orthu, go minic ní thugann an Rialtas ach an chabhair atá tuilte acu. Bhí mé i gCeatharlach cúpla míó shin agus tá beagnach 1,000 dalta ansin ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste ag fáil a gcuid oideachas trí Ghaeilge. Ní bhfuair siad deontas chun é a dhéanamh. Níl siad sa Ghaeltacht ach tá siad ag foghlaim na Gaeilge agus tá Gaeilge chomh líofa ag na daltaí sin agus atá ag daltaí in aon cheantar Gaeltachta sa tír. Tá an rud ceannann céanna ag tarlú i ngach Gaelscoil ar fud na tíre. Sin an dea-mhéin atá amuigh i measc an phobail a chaithfimidne a thabhairt linn, ní"Dúirt Baile Átha Cliath, ‘Labhair Gaeilge.'" Get lost. Caithfidh sé teacht ón phobal agus sin an rud atá taobh thiar de sin. Is féidir bheith ag gáire agus ag rá go bhfuil seo amaideach ach seo an seans deireanach atá againn.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, níl mise chun mo leithscéal a ghabháil le duine ar bith as ballraíocht Údarás na Gaeltachta a laghdúó 20 go dtí 12. Tá deich mball ar bhord General Motors agus tá níos lú fós ar bhord Toyota agus Audi. Cén fáth nach mbeadh Údarás na Gaeltachta maith go leor le dosaen? Fair enough.

Ag caint ar na Gaeltachtaí beaga, dá mbeadh 100 duine ar Údarás na Gaeltachta, an mbeadh Gaeltachtaí beaga san ionadaíocht? Beidh 12 ar bhord Údarás na Gaeltachta. Fá choinne an daonlathas a choinneáil tá mé ag tabhairt cuiridh do chomhairlí contae ina bhfuil Gaeltachtaí ina gceantair ainmneacha a chur isteach. D'fhéadfadh na daoine sin bheith ar an chomhairle chontae ach ní gá dóibh ach caithfidh na cáilíochtaí a bheith acu. Ceann de na cáilíochtaí nach mór a bheith ag gach duine acu sin ach ná bheith ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní bheidh aon smacht agam ar cad a dhéanfaidh na comhairleoirí contae. Ná bí duine ar bith ag rá go mbeidh Fine Gael ag cur isteach a chuid féin agus Sinn Féin ag cur isteach a chuid féin, mar a dhéanann an páirtí i dTuaisceart Éireann dála an scéil. It happens in Northern Ireland, Sinn Féin puts its own in.

An bhfuil ainm ag an Aire Stáit don duine atá i gceist aige?

Fág an clár ar an phota, leave the lid on the pot.

Tá an tAire Stáit ag vaifleáil.

Leave it on the pot.

Ní hí sin an cheist anseo.

Tá seachtar agam le cur air agus is féidir liom insint do na Seanadóirí anseo go mbeidh sé arpublicjobs.ie. Beidh cead ag gach duine a shíleann go bhfuil rud éigean aige le tabhairt don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, go bhfuil na cáilíochtaí aige, a ainm a chur isteach agus cuirfimid daoine ar an údarás a bhfuil buanna acu, b’fhéidir bua na teanga, nó bua na tionsclaíochta, bua an chultúir nó bua sa phleanáil teanga. Déarfaidh mé rud amháin. Tá Seanadóirí ag caint ar údarás polaitiúil. Chomh fada agus a bhaineann sé liom, údarás úr a bheidh ann, ní bheidh sé leath chomh polaitiúil leis an údarás a bhí ann. Níl aon drochmheas agam ar pholaiteoirí, is polaiteoirí sinn go léir, tá muid go léir ag obair chomh maith agus is féidir linn.

Beidh siad uilig faoi smacht an Rialtais. Níl aon sárú air sin ann.

Tá daoine eile sa tír nach dtéann isteach i bpáirtithe polaitiúla. B'fhéidir nach síleann siad go bhfuil siad oiriúnach dóibh ach tá go leor le tabhairt acu. Má tá daoine mar sin amuigh ansin agus má chuireann siad iad féin in iúl, ní dhéanfar neamhaird orthu.

Ní bheidh aon rogha ag pobal na Gaeltachta na comhaltaí a thoghadh.

Níl mé chun dul isteach ansin, tá an cinneadh déanta.

Sin bun agus barr an scéil.

Níl mé chun leithscéal ar bith a dhéanamh gan toghchán a bheith ann agus €500,000 a choigilt.

Níor chuir mé isteach ar éinne a bhí ag caint.

The Minister of State without interruption.

Chuir an tAire Stáit isteach orm nuair a bhí seisean ag caint.

Níor chuir mise isteach ar éinne nuair a bhí mé ag caint. Dúirt an Seanadóir Barrett €500,000. Tá a fhios agam go leor rudaí a d'fhéadfainn a dhéanamh sa Ghaeltacht le €500,000. D'fhéadfainn halla deas a thógáil do Naomh Fionán san Fhál Charrach dá mbeadh €500,000 agam, d'fhéadfainn páirc pheile a thabhairt don Cheathrú Rua dá mbeadh an t-airgead sin agam. Tá mé sásta go mbeidh údarás againn a bheidh teann agus dírithe isteach ar an jab atá tugtha dó— déanamh cinnte go mbeidh an phleanáil teanga ag dul ar aghaidh. Beidh cumhacht ag an Aire monatóireacht a dhéanamh air sin ó bhliain go bliain. Caithfidh duine éigin sin a dhéanamh. Ní mise a dhéanfaidh go pearsanta é, beidh oifigigh mo Roinne á déanamh.

Tá an tAire Stáit in ann monatóireachta a dhéanamh air sin.

Níl aon uisce fágtha agam, caithfidh mé suí síos.

Jesus, the man deserves a drop of water after that.

Tá mé ag reachtáil amach as artola. Tá súil agam nár cuireadh aon rud fríd an uisce.

Níl aon sprioc ama leis an díospóireacht tráthnóna ar aon nós.

Ag dul taobh amuigh den Ghaeltacht, baineann an straitéis leis an tír ar fad. Tá pobal taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag déanamh an-chuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn. Sin é an fáth go luaimid líonraí Gaeilge. Thug mé cuairt ar go leor acu, áiteanna ina bhfuil na bunscoileanna, na Gaelscoileanna, áiteanna cosúil le Ceatharlach, Cluain Dolcáin agus cathair na Gaillimhe. Beidh Foras na Gaeilge, a bhfuil cúraimí uile-Eireann air, ag déileáil leis seo agus dul ar aghaidh leis an obair atá idir lámha aige. B'fhéidir go mbeidh fócas níos fearr ann ach tá air dul ar aghaidh leis an obair atáá déanamh aige. Táimid ag iarraidh go mbeidh 250,000 cainteoir leathúil Gaeilge sa tír faoin straitéis 20 bliain. Tá sé uaillmhianach ach má chuirimid chuige, is féidir é a dhéanamh.

San daonáireamh deireanach in 2011, bhí 96,000 ina gcónaí sa Ghaeltacht agus 23,000 a labhraíonn Gaeilge gach lá. Sa chuid eile den tír, bhí 1.77 milliún a deir go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge. Caithfimid tacaíocht, cuidiú agus comhairle a thabhairt dóibh siúd chomh maith.

D'fhéadfainn dul ar aghaidh. Níl a fhios agam an mbeidh freagra agam ar an méid a bhí le rá ag gach cainteoir. Cuirim fáilte mhór roimh an méid a dúirt Seanadóirí; tá sé go léir scríofa síos agam.

Luaigh mé cúrsaí airgid an údaráis agus luadh an méid airgid atáimid ag cur isteach sa riarachán agus mar sin. Tá€3.8 milliún den airgead sin ag dul fá choinne pinsean a íoc, agus tá€6.1 le híoc do lucht oibre an údaráis. Sa Roinn agam féin, tá daoine le sár-cháilíochtaí pleanála teanga, ní hamháin céimithe a bhfuil pleanáil teanga mar ábhar céime acu, ach tá iarchéimithe a bhfuil scileanna pleanála teanga acu. Tá an rud céanna ann in Údarás na Gaeltachta. Más gá dúinn breis daoine a fháil a bhfuil scileanna den chineál sin acu, gheobhaimid iad. Tá ról an-tábhachtach acusan.

Bhí script agam agus ba chóir dom an script a léamh amach. B'fhéidir go ndéanfaidh mé botún, níl mé cinnte.

Tá an tAire Stáit i bhfad níos fearr gan script.

B'fhéidir gur thug mé hostages to fortune.

Ba chóir don Aire Stáit bheith ar stáitse Amharclann na Mainistreach.

Dúirt mé an rud a bhí le rá amach ó mo chroí. An méid a bhí le rá ag an Seanadóir Mac Conghail bhí sé thar a bheith cabhrach.

Tá mé anseo níos faide náéinne eile sa Teach seo agus beagnach sa Teach eile. An rud a thug mé faoi deara ó tháinig mé isteach anseo, tá dháábhar ar leith ann — Tuaisceart Éireann agus teanga na Gaeilge. Tá mé sa Fhreasúra le 26 bliain ach déarfaidh mé rud amháin: aon Bhille teanga a chuaigh tríd an Oireachtas, cé acu a bhí baint aige le hÚdarás na Gaeltachta nó teangacha oifigiúla nó an Ghaeilge mar theanga oibre ag leibhéal na hEorpa, thug mé i gcónaí mar urlabhraí agus thug mó pháirtí i gcónaí iomlán tacaíochta don Rialtas as a raibh le déanamh aige.

Tá sin fíor.

Tig liom seo a rá go hionraic, aon uair a bhí muid ag plé cheist Thuaisceart Éireann, thug mé féin agus mo pháirtí tacaíocht i gcónaí don Rialtas, is cuma cén Rialtas a bhí ann.

Tá mé buartha nach dtig liom an rud céanna a rá faoin Fhreasúra i láthair na huaire. Nuair a tháinig an Comhaontú Angla-Éireannach amach in 1985, cuireadh státseirbhísigh ón Stát seo den chéad uair isteach go Maryfield. Chuaigh an Freasúra go Meiriceá agus dúirt baill an Fhreasúra go raibh sé míbhunreachtúil. In 1987, tháinig an Freasúra sin i réim agus lean sé ar aghaidh leis an chóras sin. Opposition for the sake of opposition agus ní fiúé sin san fhadtréimhse.

Tá súil agam agus sinn ag dul tríd Chéim an Choiste an tseachtain seo chugainn go mbeidh seans ag gach Seanadóir a chuid leasuithe a chur isteach idir seo agus an Luan. Beidh deis againn ansin iad a phlé anseo. Má ghlacaimid seachtain bhreise, b'fhearr liom an jab ceart a dhéanamh agus gan bheith ag rá i gceann cúpla bliain gur mór an trua é nach ndearna muid rud éigin ag an am.

Tá súil agam go mbeidh aontacht taobh thiar den reachtaíocht seo. Táimid ag iarraidh gach páirtí, gach eagras agus dream sa tír a thabhairt isteach mar níl páirtí amháin chun an Ghaeilge a shábháil nó níl an Rialtas amháin in ann an Ghaeilge a shábháil. Is í muintir na hÉireann a shábhálfaidh an Ghaeilge agus ‘sí muintir na Gaeltachta a shábhálfaidh an Ghaeltacht agus tá an Bille seo chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a bpleananna a chumadh agus a chur i bhfeidhm le cuidiú agus le tacaíocht.

Tá mé dóchasach nuair a fheicim an rud atá ag dul ar aghaidh sa chuid eile den tír, na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Seo an seans deireanach ach tá mé dóchasach ón méid a fheicim. Níl aon Ghaeltacht sa tír nár thug mé cuairt ann cúpla uair le bliain anuas, ó Chiarraí go Tír Chonaill, ó Mhálainn go Carn Uí Néid, agus gach Gaeltacht istigh eatarthu, agus an chuid is mó de na hoileáin, agus tá mé dóchasach. Tá athrú mór ar aigne na ndaoine le glúin anuas agus tuigeann muintir na hÉireann go bhfuil rud luachmhar acu, le teilifís, raidió, foilseacháin agus aitheantas san Eoraip, nach bhfuil ag éinne eile agus ón stair atá ag muintir na hÉireann a théann siar na céadta, ní dóigh liom go bhfuil siad chun an Ghaeilge a chaitheamh amach.

Má chuidíonn an Bille atáimid ag plé anseo inniu leis an aisling sin a thabhairt chun críche agus 2016 thart an coirnéal uainn, má tá an Bille rite agus na ceantair phleanála teanga roghnaithe agus sinn ag obair ar an chuid eile den tír, leis an spreagadh a thabharfaidh an bhliain sin do mhuintir na hÉireann, tá mé dóchasach mar fhear Gaeltachta a raibh éadóchas orm go minic, go mairfidh an teanga agus tá mé ag brath ar na Seanadóirí a ngualainn a chur leis an roth agus cuidiú liom sin a dhéanamh.

Is Second Stage agreed?

We could not vote for anti-democracy.

Question put.
The Seanad divided: Tá, 26; Níl, 12.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Healy Eames, Fidelma.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Leyden, Terry.
  • Mac Conghail, Fiach.
  • MacSharry, Marc.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • O'Donnell, Marie-Louise.
  • Power, Averil.
  • van Turnhout, Jillian.
  • Walsh, Jim.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.
Question declared carried.

When is it proposed to take Committee Stage?

Question put: "That Committee Stage be taken next Tuesday."
The Seanad divided: Tá, 29 9; Níl, 9.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Healy Eames, Fidelma.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Mac Conghail, Fiach.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Donnell, Marie-Louise.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • van Turnhout, Jillian.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Leyden, Terry.
  • MacSharry, Marc.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Power, Averil.
  • Walsh, Jim.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.
Question declared carried.

When is it proposed to sit again?

Next Tuesday at noon.