Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Jul 2012

Vol. 216 No. 8

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

SECTION 6

Tá súil agam go bhfuil cóip de na grúpaí nua ag gach éinne. Muna bhfuil, tá cóip ar fáil in aice leis an doras. Tá a lán leasuithe le déanamh againn agus tá súil agam go gcloífidh gach duine leis an ábhar agus go mbeidh siad cruinn agus gearr. Tosnóimid díreach mar tá os cionn 160 moladh le cur. Ar aghaidh linn mar sin. Táimid ag tosú le alt 6, leasú Uimh. 5.

I move amendment No. 5:

In page 8, between lines 29 and 30, to insert the following:

""Joint Oireachtas Committee" means Joint Oireachtas Committee of the Environment, Culture and the Gaeltacht;".

Tá an ceart ag an gCathaoirleach, b'fhiú dúinn a bheith chomh beacht agus is féidir agus b'fhiú dúinn cloí go teoranta leis na leasuithe chomh maith agus is féidir chun gur féidir linn dul tríd oiread den ghnó agus is féidir. Bheadh sin ciallmhar.

Baineann leasú Uimh. 5 leis na mínithe nó na definitions. Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag an Aire Stáit ar seo, ach déanann an leasú seo iarracht míniú a chur leis an mBille go gciallaíonn "Comhchoiste Oireachtais" an "Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht" agus gur sin an coiste a bheidh ag plé leis seo. An mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh leis sin?

Ar dtús, ba mhaith liom soiléiriú a dhéanamh ar phointe a thóg an Seanadóir Barrett an tseachtain seo caite agus a dheimhniú don Teach go bhfuil deimhnithe ag Oifig an Ard-Aighne nach bhfuil aon ghá tagairt a dhéanamh don Acht um Údarás na Gaeltachta 2010, mar tá sin clúdaithe faoi Chuid 4 de Acht Údarás na Gaeltachta 1979. Bhí beagáinín díospóireachta againn an lá eile faoi sin, ach tá sé deimhnithe anois nach bhfuil gá le aon leasú.

Maidir leis an leasú go ndéanfaidh an tAire comhaltaí a cheapadh don údarás i ndiaidh na gceapacháin a fhógairt go poiblí agus comhairle a ghlacadh ón gComhchoiste Oireachtais ar oidhreacht, oideachas agus Gaeltacht, beidh air fógra poiblí a dhéanamh go han luath chun iarratais a lorg ó dhaoine a bhfuil suim acu a bheith curtha san áireamh i gcóir ceapachán. Is é atá sa Bhille ná go gceapfaidh an tAire seachtar gcomhalta agus go gceapfaidh sé cúigear comhalta eile, ach ainmniúcháin chuí a bheith faighte ó na comhairlí contae éagsúla. Tá foráil sa Bhille fosta, nach gceapfaidh an tAire duine chun an t-údarás murar deimhin leis go bhfuil an taithí agus an cumas cuí aige nó aici, agus cumas chun feidhmeanna an údaráis a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge san áireamh chomh maith. Ciallaíonn sin go mbeidh an modh ceapacháin seo oscailte, trédhearcach agus i gcomhair leis an tslí atá ceapacháin do bhoird Stáit á ndéanamh ag an Rialtas. Beidh, ar ndóigh, ar chathaoirleach nua an údaráis dul os comhair chomhchoiste Oireachtais faoi réir ghnáth nósmhaireacht an Rialtais.

Tuigeann an tAire Stáit caidé atá i gceist anseo. Táimid ag iarraidh an míniú a chur isteach de bhrí go mbeimid, níos moille sa Bhille, ag iarraidh go mbeadh ról ag comhchoiste an Oireachtais tar éis na fógartha poiblí, agus níl an coiste ainmnithe sa Bhille.

Muna bhfuil an tAire toilteanach dul ar aghaidh le toghchán de chuid an údaráis, agus sin an chéad rogha a bheadh againn, molaimid go mbeadh, ar a laghad, seachtar tofa. I dtaca leis an cheathrar eile, molfaimís go bhfógrófaí na poist ar publicjobs.ie, go dtiocfadh le daoine cur isteach ar na poist agus ansin go mbeadh ról ag an gcomhchoiste Oireachtais na daoine sin a chur faoi agallamh, mar a rinneadh do bhord TG4 agus do bhord RTE chomh maith. Dá bhrí sin, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh míniú tugtha sa Bhille cén coiste a mbeadh an dualgas air. Tá sé tábhachtach go mbeadh an coiste Oireachtais a mbeadh an dualgas air, agus an dualgas céanna ar an Aire a bhfuil Údaras na Gaeltachta faoina chúram, ainmnithe istigh sa chuid seo den Bhille

Tá dhá fáth len é a chur isteach ansin. Níl a fhios agam an dearcadh atá ag an Aire Stáit i dtaobh na ndaoine a bheidh le ceapadh ar an bhord. Sa Rialtas roimhe seo, thug an tAire, Éamonn Ryan, dóigh úr isteach le daoine a thogha ar bhoird, agus bhí sé sin ceart. Bhí go leor daoine ag tabhairt amach ag an am. Bhí an Fhreasúra ag an am, Fine Gael agus an Lucht Oibre, ag tabhairt amach go raibh barraíocht ceapachán á dhéanamh ag Airí ag an am, agus aontaím leis sin gan aon deacracht. Ar an lámh eile de, tá i bhfad níos mó ceapachán déanta ar bhoird Stáit anois.

Thabharfadh an leasú seo ról sonrach don Aire Stáit agus chosnódh sé an tAire, cibé Aire a bheadh ann ag an am. Ag an am céanna chruthódh sé córas chun na daoine is oilte agus is oiriúnaí don phost a bheith ceaptha tré chóras trédhearcach, is é sin coiste an Oireachtais.

D'oibrigh sé go maith nuair a bhí mo chomhghleacaí anseo, an Seanadóir Labhras Ó Murchú, ina bhall den chomhchoiste deireanach. Bhí baint ag an Aire Stáit féin, tuigim, leis an gcomhcoiste deireanach nuair a ceapadh na daoine ar bhord TG4 nó ar bhord RTE. Is dócha gurb é an comhchoiste curmarsáide a bhí ag plé leis sin.

An coiste cumarsáide a bhí ann.

Is dócha go bhfuil mé mícheart air sin. Tá cuimhne agam go raibh an próiseas ansin. Bhí fo-choiste den chomhchoiste ann leis na hagallaimh sin a chur ar bun, agus d'oibrigh an córas iontach maith. Má bhí sé ag oibriú fá choinne na ceapacháin do bhord TG4 gus do bhord RTE ní fheicimse cén fáth go rachadh an tAire Stáit síos bóthar eile.

Caithfidh mé a rá go mbeidh mé ag brú an leasaithe seo muna ghlacann an tAire Stáit leis.

Cuirim fáilte ar ais roimh an Aire Stáit. Cuireann a bhfuil ráite ag an Aire Stáit go dtí seo, maidir leis an bpróiseas daonlathach ins na Tithe seo, beagáinín imní orm. Ó thaobh an soiléirithe atáá lorg ag Fianna Fáil maidir leis an gceist seo, níl aon locht againn per se go ndéanfaí soiléiriu ar cén comhchoiste atá i gceist, ach tá an tAire Stáit féin tar éis a rá go bhfuil sé i gceist aige an próiseas a thosú maidir le daoine a cheapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta tríd an bpróiseas ceapacháin phoibli. Tá Sinn Féin go láidir i gcoinne an mholta sin mar go bhfuilimid i gcoinne deireadh a chur leis na toghcháín do bhord Údarás na Gaeltachta.

Cuireann sí iontas orm go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a leithéid de ráiteas ag tús na díospóireachta inniu, ar Chéim an Choiste den Bhille, nuair nach bhfuil an Bille bailithe tríd an Teach seo nó tríd an Dáil agus nuair nach bhfuil sé sínithe ag an Uachtarán. Beag beann ar sin, tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé ag dul ar aghaidh leis an bpróiseas ar aon chuma.

Tá leasuithe thíos ag Sinn Féin, agus tá súil agam go mbeidh am againn dul chomh fada leo, a chuireann in éadan an mholta go bhfaighfí deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta. Ní léir go bhfuil sábháil mhór le déanamh agus tá moltaí eile á ndéanamh ag Sinn Féin agus ag go leor dreamanna eile taobh amuigh den Seomra seo, na heagrais Ghaeilge agus mar sin de agus, fiú, baill de pháirtí an Aire Stáit féin ina measc. Ritheadh rún ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Dé Luain seo caite ag rá gur cheart leanúint ar aghaidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Ní léir dom go bhfuil tacaíocht don mholadh go gcuirfear deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, ní ghlacaim leis an bpointe a rinne an tAire Stáit, go bhfuil sé i gceist aige leanacht ar aghaidh leis na ceapacháin tríd an bpróiseas poiblí sin. Tiocfaimid chuige sin ar ball beag, tá mé cinnte.

Cuirim fáilte ar ais roimh an Aire Stáit. Tá stádas faoi leith bainte amach ag comhchoistí an Oireachtais, agus is maith an rud go bhfuil sé sin ag tarlú. Nuair a bhí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur le chéile tháinig na heagrais uilig isteach chun ceist na Gaeilge a plé agus chuaigh an comhchoiste chomh fada leis an nGaeltacht chun bualadh le breis agus 30 eagras freisin. Taispeánann sé sin an stádas atá an an gcomhchoiste.

Maidir leis na baill, ní dóigh liom go bhfuil sé i gceist cigireacht a dhéanamh orthu, ach bheadh sé cabhrach dóibh féin go mbeadh orthu machnamh a dhéanamh ar an ról nua a bheadh acu. Chabhródh sé le neart na reachtaíochta dá mbeadh orthu teacht isteach agus cúrsaí a phlé go hoscailte agus go poiblí. B'fhéidir go mbeadh suim ag na meáin cumarsáide ansin chomh maith.

Nuair a bhí stiurthóir á cheapadh ar an gCeoláras Náisiúnta, tháinig sé os comhair an choiste céanna agus bhí seans againn cúrsaí a phlé leis. Déarfainn gur thugamar cabhair dó, mar thosaíomar ag caint faoi chiste an cheolárais, airgead a bhailiú, urraíocht agus rudaí den tsaghas sin. Chabhraigh sé sin go mór agus déarfainn go gcabhródh sé dá bhféadfaimis cur leis an leasú seo agus leis na smaointe atá taobh thiar de.

I would like to respond, briefly, to what the Minister of State said about the views I expressed last week. I thank the Minister of State for that and he is welcome to the Seanad. Before this debate began, we had been saying two Gaeltacht counties, his own and County Meath, had performed splendidly at the weekend. A good atmosphere has been set for the debate.

My points related to section 5. I asked why the Údarás na Gaeltachta (Amendment) Act 2010 is not referred to in the Schedule. There is also the Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 2) Act 1999, which refers to the evaluation committee and the regional committees. Contrary to what the Attorney General said, my legal advice is that a Bill should list all the related legislation affected by it in the Schedule.

It would certainly help parliamentarians to know where we are coming from. When I dug through the previous legislation which is not mentioned in the Schedule, I found that a total U-turn is being attempted, virtually in secrecy because of it not being referred to in the documentation given to Members. Less than two years ago, the Fine Gael Party, including the Minister of State, strongly opposed a two year delay in elections. Now they are choosing a substitute for elections. I can quote what the Minister of State said at that time, and I believed him then, but I do not know what has happened to convert the Fine Gael Party away from the democratic system towards an appointments system.

The time limit, which the Attorney General said does not matter, would still allow us to have democratic elections before 30 September, which is what the 2010 Act said. I would not like us to slip into discussing various ways of nomination and abolishing democratic elections so casually, especially as the Minister of State spoke so strongly in 2010. Senator Buttimer also spoke strongly against deferring the elections and Fine Gael Senators voted against it at that time. If the deferment of democracy by Fianna Fáil two years ago was anathema to the Minister, why is the ending of democracy now his policy? People have said to me that if we were doing this to Travellers, The Irish Times and RTE would be outraged. This is an incredible thing to do to Gaelic speakers. They are being deprived of their language rights. I agree with the Minister of State that regardless of who is appointed, they will not be democratically elected. It may be implicit in this section that those to be appointed will be nice people who have PhDs in Irish but I do not regard that as a substitute for allowing people to be democratically elected, as advocated previously by the Minister of State and the Fine Gael Party in this House. Fianna Fáil was castigated for delaying democracy for two years because it was a bad thing, but we are now being asked to abandon democracy altogether. I will not do that. It is crucial for the survival of our language that it has spoken heirs. We must do nothing to undermine the rights of those heirs.

The Minister of State will be aware that a representative of the Orange Order addressed this House yesterday. He wants the rights of his people to be vindicated. Equally, we should vindicate the rights of Irish language speakers, rather than taking away their voting rights. I believe, on the basis of my reading of the Doherty decision, that those rights are being infringed. The Minister of State will recall the case in question, which was taken when the previous Government postponed the holding of a by-election in his constituency. We have obligations under the Convention on Human Rights. The Minister, Deputy Shatter, is there to vindicate them. We have signed up to international agreements on language rights. It should mean more than the Department of Foreign Affairs and Trade getting an extra €400 to buy a nice suit for the person signing an agreement. It is actually supposed to mean something. The speakers of our minority language have language rights, just as the speakers of minority languages in Spain do. If the successors of General Franco were attempting to do to the Basque Country what we are doing to Gaeltacht areas, we would be protesting about it. I ask that we do not slide so readily into a debate on the kind of people we want to replace the democrats.

Hear, hear. Tá an ceart ar fad ag an Seanadóir.

The Minister of State was the great defender of democracy two years ago. If he examines the voting lists, he will see that all of his Fine Gael colleagues in this House and the other House supported these democratic rights and were most reluctant to delay them for two years. Now they are being abolished entirely, which is a shame.

I suggest this section of the Bill has exercised the House a little more than the Minister of State might have anticipated. It allows me to draw the attention of the House to an article that appeared in yesterday's The Irish Times. The article was written by Donncha Ó hÉallaithe, who worked until recently as a maths lecturer at Galway-Mayo Institute of Technology. Over the last ten years, he has conducted independent research into the use of Irish in Gaeltacht and non-Gaeltacht areas. I am not sure whether the Minister of State is familiar with the article, in which Mr. Ó hÉallaithe makes a number of interesting points. I would certainly commend it to him and to his officials. In the section of the article referring to the reasons the Government is not going ahead with the Údarás na Gaeltachta elections, Mr. Ó hÉallaithe notes that “the reason advanced for abolishing direct elections to Údarás na Gaeltachta, under the terms of this Bill, is to save some money”. I think the Minister of State has made it clear from the outset that this is what this is about. The article continues:

The irony is that the Údarás elections cost much more than they should because of the failure of the Government to redraw the Gaeltacht boundaries. As well as that, the Government continues to pay a Gaeltacht allowance of €3,000 per annum to many teachers who happen to work in official Gaeltacht areas which are no more Irish-speaking than Clondalkin or Carlow. More realistic boundaries for the Gaeltacht would save money for the Government. More importantly, they would allow the language planning process being promoted in this Bill to concentrate efforts and resources on those few areas in which Irish has managed to survive as a community language for the last 2,000 years, and allow the promotion of Irish language networks in urban areas outside the traditional Gaeltacht.

We will have an opportunity to tease out some of the other points made by Mr. Ó hÉallaithe with the Minister of State in due course. I certainly think there is an obligation on the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht to consider this alternative approach. If it is about saving money and nothing else, surely the redrawing of the boundaries is an obvious answer. According to other elements of the argument Mr. Ó hÉallaithe makes regarding this legislation, there will be no change to the status quo in the absence of the drawing up of a language plan, which is another issue entirely. I do not want to stray away from section 5. I suggest that the specific points made by Mr. Ó hÉallaithe deserve an answer. Does the Minister of State not agree?

The argument highlighted by Senator Mooney is not really relevant to amendment No. 5. Some of the amendments that have been tabled relate specifically to the borders of Gaeltacht areas. Perhaps we should concentrate on the amendment at hand at this stage and wait until we get to those amendments before we discuss the issue of democracy or lack of democracy within the proposed board. Ba mhaith liom a rá gurb é sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt deis do na comhairlí contae to nominate five of the 12 members of the board. I have every confidence that the members of the local authorities will be very responsible and practical when they are choosing their representatives on these boards. Some specifications are laid down in that regard. We will probably get to them when we consider other amendments. The board will consist of five members nominated by local authorities and seven appointed by the Minister.

Things have changed. The economic situation has changed. Others have changed. We know there are difficulties in the Gaeltacht. I want the board to be well balanced, to have a democratic input and to have certain expertise. The new údarás will not focus on industrial development alone. It will also focus on availing of the last chance we have to save the language itself in Gaeltacht areas. That is why I want to have a well-balanced board that includes specialists, experts and linguists and has a democratic input, rather than an ordinary board with some expertise. That is the balance I am seeking. I am simply trying to save the Gaeltacht. Maidir leis an rud a dúirt an Seanadóir Barrett, all I can say is that we have received the advice of the Attorney General that what we are doing is covered by the Údarás na Gaeltachta Act 1979. I understand it will be covered until 30 September next. Níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

I would like to remind the Minister of State of some comments he made in the Dáil as an Opposition Deputy. Speaking on 6 July 2010 about the Bill that provided for the two-year delay, he said "ní féidir liom fáilte a chur roimh an mBille". I agree with the position he took at that time. He continued:

Is Bille an-ghairid é agus níl ach fáth amháin gur tugadh isteach é, is é sin ionas gur féidir leis an Rialtas an toghchán atá dlite ó mhí Aibreán seo caite a sheacaint agus é a chur siar bliain, dhá bhliain nó trí bliana. Is cuma cad a déarfaidh an tAire nó an Rialtas, níl sin daonlathach. Tá siad ag teitheadh ón daonlathas.

What did the current Minister of State see at that time as the advantage of having democratically elected people? He said:

An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an údarás. Tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid baill a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidireachtaí atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó chuireadh ar bun iad.

He continued:

Is cuma mar gheall ar an mBille seo. Cuirfidh an Rialtas tríd é mar tá tromlach ag an Rialtas. Ní bheidh aon toghchán ann ar feadh dhá nó trí bliana agus is olc an rud é sin.

Aontaím leis an Aire Stáit gur olc an rud é go bhfuil an daonlathas á chur ar ceal. Is mór an náire é go bhfuil sé tar éis a thuairim a athrú. Bhí an ceart aige dhá bhliain ó shin nuair a chríochnaigh sé a leanas, "an dream is fearr a thuigeann an dóigh is fearr le obair a thabhairt isteach sa Ghaeltacht anois náÚdarás na Gaeltachta". The Minister of State was full of praise for Údarás na Gaeltachta then. I agree with what he said on that occasion. Speaking from this side of the House, I would like to be able to support him again. He cannot expect anybody to support a U-turn on democracy. Voting is too precious. We heard in recent weeks that we will have eight fewer Deputies. We are now being asked to provide for 17 fewer democratically elected members of Údarás na Gaeltachta. We will be asked to agree to 60 fewer Senators in the years to come. I do not like this tendency at all.

I extol the virtues of democracy — as the Minister of State did — and do not know why this has been changed. It seems that the Department changed the election interval repeatedly and extended it to five years and then seven and a half years. That is way above any period set in the Doherty judgment as an acceptable interval between elections. Now the Department says there will be no elections at all and has persuaded people, who when they were on the Opposition side of the House were great champions of democracy, to go along with them. It will be a tragedy for an teanga and for democracy if this happens. In the 1979 regulations, it is quite clear that the democratically-elected people are completely different from those appointed. The Minister cannot get rid of the democratically-elected people. Therefore, to undermine democracy, as this Bill does, is appalling.

Fine Gael Senators should reflect on this. Why have they changed their minds now? Why were they so strong against the then Minister of State, Pat Carey, when he was delaying calling democratic elections for two years. Having opposed him on that, they now propose to abolish the elections altogether. It is for this reason I wanted a full account of all the legislation on this. The story is a sorry one for many of the people involved. They have changed their minds, but will not give us the reasons. Senator Mooney is correct that it is not an issue of cost. The elections could have been held in conjunction with referendums or with the presidential election. We have no evidence any money will be saved nor have we any evidence on the travel expenses.

Donncha Ó hÉallaithe was mentioned earlier as being totally against the involvement of the county councils. The Minister of State spoke strongly about people of the Gaeltacht electing their own people. Does that mean somebody from Portumna represents Carraroe?

Cloí leis an bpointe, más é do thoil é.

Molaim an tslí daonlathach agus ba mhaith liom dá mbeadh an tAire Stáit ar aon intinn liom.

D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Barrett. Tá an obair bhaile déanta aige agus bhí sé in ann an dearcadh ag an am sin agus an t-athrú intinne a tharla ó shin a chur i láthair sa Teach anseo inniu. Is mór an trua é nach bfhuil baill bhoird Stáit a bhí ceaptha go daonlathach ag pobail na Gaeltachta in ann maireachtáil mar a bhí nó mar atá. Is cuimhin liom am roimh an toghchán deireanach nuair a bhí na páirtithe atá sa Rialtas anois ag iarraidh deiridh a chur leis na quangos. Ní maith liom an focal quango, ach sin an t-ainm a thug an Freasúra ag an am ar eagrais Stáit. An t-aon difríocht a bhí idir an t-údarás agus quango ná go raibh an bord ceaptha go daonlathach ag pobail na Gaeltachta.

Deirtear go bhfuil sábháil airgid i gceist anseo agus glacaim leis go mbeidh sábháil airgid ann. Ach, ní fhaca muid na figiúirí ar chad é an tsábháil airgid ansin nó cé mhéad atá i gceist. Tá obair bhaile déanta ag grúpaí Gaeltachta agus grúpaí Gaeilge i dtaca leis seo agus deir siad linn nach bhfuil i gceist ach páipéarachas anseo, mar dá mbeadh an toghchán á reachtáil ar an lá céanna le toghcháin na gcomhairlí contae nó le reifrinn, ní bheadh de dhíobháil ach páipéar breise. Sin an méid. Ní bheadh foireann bhreise de dhíobháil, mar bheadh na daoine istigh sna botháin vótála ar aon chuma. Ní bheadh i gceist ach páipéar ballóide breise. An mbeadh costas mór leis sin? An gcosnódh sin €500,000? Ní chosnódh agus tá a fhios sin againn uilig.

Fuair mo chomhghleacaí, an Teachta Dála Dara Calleary, freagra ar an gceist seo sa Dáil an tseachtain seo, ach ní fheicim go ndéanann sé aon chiall. Chuir sé an cheist maidir leis an tsábháil agus go raibh an Roinn ag rá go mbeadh sábháil de €500,000 i gceist muna mbeadh toghchán don údaras ar siúl agus nach mbeadh aon difríocht idir sin agus é a chur ar fáil ar an lá céanna le toghchán don chomhairle chontae. Chuir an freagra a fuair sé iontas orm. An freagra a fuair sé ná, nuair a thógtar san áireamh na costais iomlán a bhaineann le toghchán a reachtáil d'Údarás na Gaeltachta, ar a n-airítear costais foirne, fógraíochta, taistil, iompair, aistriúcháin agus clódóireachta, chomh maith le costais chonartha leis na húdaráis áitiúla, meastar nach bhfuil an oiread sin difríochta idir an costas a bhaineann le toghchán Údarás na Gaeltachta a reachtáil as féin agus a bhaineann lené a reachtáil ar an lá céanna le toghchán áitiúil.

Tá seo tábhachtach.

Tá seo tábhachtach freisin. Tá obair le déanamh anseo agus ní bhaineann leasú Uimh. 5 le costais ar chor ar bith. An leasú atá ann ná: "ciallaíonn "Comhchoiste Oireachtais" an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht;". Sin an cheist. Tá an Seanadóir ag dul tríd an siopa ar fad le seo. Beidh neart ama againn nuair a bheidh muid ag caint faoi na toghcháin na rudaí atá ardaithe ag an Teachta a phlé. Tá siad pléite anois ag an Seanadóir. Iarraim air cloí leis an bpointe ar mhaithe lena chomhaltaí.

Freagra an-simplí ar sin. Nuair a mhol mise an rún seo, ní dhearna mé aon tagairt do na toghcháin. Is é an tAire Stáit a tharraing isteach an rud faoi na toghcháin ina fhreagra. Nílim ag trarraingt anuas ar an Aire Stáit. Bhí an ceart aige, mar go mbaineann an leasú seo le leasuithe eile.

Ceart go leor. Baineann sé le leasuithe eile. Ar an bpointe le do thoil.

Beimid ábalta seo a phlé arís le leasuithe eile agus glacaim le sin. An fáth go bhfuil mé ag iarraidh go nglacfar leis an leasú seo ná go bhfuil moltaí istigh ag cuid de na Seanadóirí neamhspleácha, na heagrais Ghaeilge, Fianna Fáil agus ón bhFreasúra ag lorg go mbeidh toghchán ar siúl. Ag an am céanna, iarraim, má tá daoine le toghadh tríd córas nó le ceapadh ag an Aire, in áit iad a ceapadh ag an Aire, go mbeadh ról ag an gcomhchoiste Dála. Tá sé seo fíor-thábhachtach Má tá an tAire Stáit sásta a rá inniu go mbreathnóidh sé ar seo idir seo agus Céim na Tuarascála, bheinn sásta an rún a tharraingt siar ar an bhonn sin. Muna bhfuil an tiomantas sin ann, ar an drochuair, caithfidh mé an rún a bhrú.

Os rud é gur luaigh Seanadóirí na toghcháin, ba mhaith liom rud éigean a rá, ach beidh mé cruinn. Ní dóigh liom go bhfuil easpa daonlathais i gceist sa chás seo, mar tá vóta ag gach duine sna Gaeltachtaí sna toghcháin chontae agus sna toghcháin náisiúnta, cosúil linn go léir. Tá barúil difriúil ag daoine mar gheall ar na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta. An rud is tábhachtaí domsa ná go mbeidh Bille nua againn don Ghaeltacht agus go mbeidh limistéir pleanála teanga Gaeltachta chun an teanga a shábháil, mar tá sí ag fáil bháis. Ní dóigh liom gur rud an-mhór é nach mbeadh toghchán ann don údarás. Beidh an t-údarás ann go fóill agus de réir an Aire Stáit beidh daoine maithe ann. Creidim é sin agus mar sin tacaím leis i dtaca leis an gceist sin. Mar adeir an cathaoirleach anseo, bheadh sé níos fearr am a chaitheamh ar na leasuithe gan am a chur amú.

Ní aontaím ar chor ar bith leis an méid atá ráite ag an Seanadóir D'Arcy. Dúirt an tAire Stáit agus é ag caint — tá seo tábhachtach i gcomhthéacs an chomhchoiste mar tá sé ag rá gurb iad a bheidh ag ainmniú na baill nua — that he wants a board that is well balanced. Beidh sé well balanced i dtreo Fine Gaelers, sin í an fhadhb a bheidh ann.

Tá sin suarach.

Tá sé fíor. Má bhreathnaíonn an Seanadóir ar an gcóras ceapacháin atá molta nó ar an chomhdhéanamh atá ar na comhairlí contae——

Tá sin suarach. Cén claonadh ar a bhfuil an Seanadóir ag smaoineamh?

Dá n-éisteodh an Seanadóir liom, thuigfeadh sé an pointe atá mé ag iarraidh a dhéanamh.

Cainteoir amháin, le bhúr dtoil.

Go raibh maith agat. Is deacair smacht a chur ar an Seanadóir D'Arcy. An pointe atáá dhéanamh agam ná má tá daoine le n-ainmniúón seacht gcomhairlí contae a bhfuil Gaeltachtaí sna contaethe sin faoi láthair, tá tromlach ag Fine Gael ar chuid mhaith de na comhairlí contae sin. Séard a fheicfidh muid ná daoine atá tofa ag Fine Gael, jobs for the boys, cronyism den chéad scoth.

An rud is tábhachtaí a bhí ann maidir le toghchán bhord Údarás na Gaeltachta ná go raibh cead ag duine ar bith seasamh sna toghcháin, go raibh vótaí ag teacht ó mhuintir na Gaeltachta do phobal na Gaeltachta le seasamh suas do na mianta a bhí ag muintir na Gaeltachta le fócas ar cheisteanna Gaeltachta. Fiú má thógtar cás Conamara anseo, tá leath de Chonamara sa Ghaeltacht agus leath eile nach bhfuil. Sa chás sin tá comhairleoirí contae nach bhfuil as an nGaeltacht ná nach bhfuil Gaeilge acu as Conamara agus bheadh siad ag vótáil ar son daoine a chur ar aghaidh maidir leis an nGaeltacht. Tá sé fíor thábhachtach go mbeadh an fócas sin ann agus go mbeadh tuiscint an-mhaith ag an dream atá ag plé le bord Údarás na Gaeltachta, go háirithe i gcomhthéacs na hacmhainní teoranta a bheidh ag an údarás sna blianta atá romhainn, de réir an méid atá ráite ag an Aire Stáit.

Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil sé ag iarraidh "ordinary board". Tá bord Údarás na Gaeltachta chuile shórt ach "ordinary". Tá siad iontach neamhghnách, mar is é an t-aon bhord Stáit atá tofa. Is iontach an rud an daonlathas sin agus ba chóir é a choinneáil. Dúirt an tAire Stáit freisin go bhfuil sé ag iarraidh cothromaíochta, ach séard atáá dhéanamh aige ná baint den chothromaíocht ó thaobh na réigiúin de. Mar, má théann sé i dtreo an mholta atá aige, níl sé ag tabhairt cothromaíochta fiú. Faoi láthair, tá cothromaíocht ann ó thaobh thír eolais dhe agus líon an daonra atá ag cónaí sna ceantair, mar tá méid ionadaithe difriúil ag na ceantair éagsúla de réir an daonra atá acu. Tá an tAire Stáit ag baint den chothromaíocht atá ann do na ceantair bheaga ar nós Múscraí, An Rinn agus Contae na Mí, mar ní bheidh ionadaí acu sin ach uair chuile sé bliana.

Ní ghlacaim ar chor ar bith leis na hargóintí atá déanta ag an Aire Stáit. Tá sé an-deacair dom a fheiceáil cé atá ar son an mholta atá aige nó cé as a dtáinig sé. Ní fheicim go bhfuil aon cheann de na heagrais ná na grúpaí pobail sna Gaeltachta ag tacú leis an moladh fáil réidh leis an rud atá ann. Ní fheicim aon duine in ann míniú iomlán a thabhairt ar ché mhéid airgid a bheidh le sábháil. Dá bhrí sin, iarraim ar an Aire Stáit athmhacnamh iomlán a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an rud atáá moladh aige. Ba mhaith liom freisin tacú go hiomlán leis an méid a dúirt an Seanadóir Barrett roimh ré maidir leis an méid adúirt an tAire Stáit cheana.

Bhí an ceart ag an Aire Stáit go mbeadh seans againn daonlathas nó easpa daonlathais a phlé níos déanaí, nuair a bheidh na leasuithe eile os ár gcomhair agus tá sé tábhachach iad a chur agus a phlé. Is é an bunús atá leis an leasú os ár gcomhair ná fáil amach na cáilíochtaí nó an stádas atá ag na baill atá tofa le bheith ar bhord an údaráis.

The Minister made an important point when he said it would be appropriate to have experts on a board such as this one. Nobody can disagree with that but on the other hand we have a discerning and sophisticated electorate which punishes when punishment is due and rewards when reward is due. That is the way it works, and that is also true of the Gaeltacht areas. When people had the opportunity democratically to elect the members onto the Údarás, they would examine their record in terms of what they had achieved, their qualifications and so on.

We cannot be blamed either if sometimes we look on experts with a jaundiced eye. I know a man who is a small builder and he used to calculate the cost of a contract on the back of a cigarette box, and he is still in business. I know builders who had everything going for them, and all the paraphernalia——

Déan pointe, más é do thoil é.

It comes back to the point about the experts that the Minister raised. Some of those people who had all the paraphernalia are no longer around and therefore the difference between common sense and expert is not too wide. That is something we might have an opportunity of balancing, and that is the reason I thought comhchoiste an Oireachtais might play a role in that regard.

I may be missing something but we are discussing political reform in the Údarás area. We spoke about selecting people from the county councils to act in this regard, yet we are in a Chamber whose Members are selected in the same manner by councillors. The Minister's point is that it would be wrong to say that Senators are not democratically accountable to anyone because they are not directly elected. I do not live in a Gaeltacht area, and I accept the bona fides of the concerns expressed by both Opposition Members, and the Minister's concerns, but having been a member of Donegal County Council for many years I am aware that the parties are not as political as they used to be and would be responsible in appointing people to Gaeltacht and Údarás boards.

That was just their Fine Gael line.

Senator Ó Clochartaigh can say there is a bias towards Fine Gael but that is democracy. There is a bias towards Fine Gael in this Chamber but that is democracy. There was a bias towards Fianna Fáil when it had a majority.

Not when non-Gaeltacht people elect those people on behalf of people from the Gaeltacht. That is the point but the Senator does not understand it.

That is the point I want to make. It is the responsibility of the county councillors, and if they do not do it responsibly the electorate of Donegal or Galway can remove them at the next election but in my experience Donegal County Council will——

Will there be a next election? Is that not the purpose of the Bill? There will not be another election.

There will be county council elections.

Can I interrupt once more? I am getting tired interrupting, but Members are rambling. I hope that when we come to the actual amendment, where democracy and elections are on the table, we will not have a repeat of this discussion. I gave a lot of leniency to every Member to discuss democracy, the type of election or whatever even though that is not part of the amendment. As the Minister stated, the Senators are not speaking to the amendment. The amendment states that "Joint Oireachtas Committee" means Joint Oireachtas Committee of the Environment, Culture and the Gaeltacht". I understand what the Senator is saying——

I will conclude. I accept that Donegal County Council, like any other council in the Gaeltacht areas, will appoint councillors who will fulfil that role. Councillors appoint us as Senators because they have the experience. That is my point.

That is understood but I ask speakers to please speak to the amendment.

Deputy Alex White represented the Labour Party in this House two years ago and I ask my good friend, Senator Harte, to read what he said on this issue at that time because it is the opposite to what the Senator has just said, which is another volte face.

In terms of who we elect, the former Senator Jerry Buttimer, speaking in this House, stated:

Ba mhaith liom tréaslú le baill an bhoird. Molaim mo chuid chomhghleacaithe ó Fhine Gael — Ian Mac Aindriú, Mícheál Ó Scanaill, Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Pádraig Ó Dochartaigh — as ucht an méid oibre atáá dhéanamh acu ar son muintir na Gaeltachta. In praising the Fine Gael members of the board, I ask why are the elections being postponed.

The message we send to the people of the Gaeltacht, despite what Members on the Government side will say, is that the Government is afraid to hold elections. There is no need to postpone them

That was the policy of the Labour and Fine Gael parties then and I do not know what has happened since. We have bogus economic arguments that the Government is saving money. It is not; it is denying democracy.

Incidentally, the population of the Gaeltacht in these elections is about 2% of the State. The population of Ireland in the European Union is 1%. I hope they are not recording this debate in that they could abolish Irish elections on the basis that the Germans could run the country much better, and the Commission would appoint people to run a bankrupt country. This is a slippery slope and I object to this denial of democracy.

Tá beagnach uair a chloig caite againn ar seo. Glacfaidh mé leis an chainteoir deireanach anois.

I respect the comments made by my friend and colleague, Senator Harte. We are not questioning the role of county councillors. This is about giving a voice to the 95,000 people who are living in Gaeltacht areas and not taking their democratic right from them. This is about people like Moya MacNiallas in Gweedore and others who, in the 1970s, fought to ensure democracy was extended to the board of Údarás na Gaeltachta. They fought, and they succeeded. Going back on that now we are removing a democratic institution. What is to say that county councils will not be changed? We are fighting for our existence in this House because the people do not have a direct say on the way we are elected. I do not necessarily agree with the way we are elected but that is the way it is done. The process should be extended. In terms of the way we are elected, every citizen in the State should have a vote.

We have been debating this issue for the past 40 minutes. In terms of the argument that the justification for this was to save money, in the past 40 minutes one Department, the Department of Social Protection, has spent almost €50 million. We are removing democracy under this Bill. Regardless of whether the elections are held next week or next month, we are attacking democracy to save €400,000 while on the other hand a huge amount of money is being spent by just one Department. The reality is that it is a drop in the ocean to the Exchequer. Why deprive a people of a vote just because of a few measly euro? The argument will extend itself into future elections for town councils, county councils, city councils and for mayoral elections. We will not have elections. We will go back to the way it used to be. We do not agree with that, which is why we will be pressing this amendment if there is no give on it.

Amendment put.
The Committee divided: Tá, 13; Níl, 24.

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.
Tellers: Tá, Senators Thomas Byrne and Diarmuid Wilson; Níl, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe.
Amendment declared lost.

Amendments Nos. 6 to 8, inclusive, are related and may be discussed together, by agreement. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 6:

In page 8, lines 30 to 32, to delete all words from and including "(whether" in line 30 down to and including "persons;" in line 32 and substitute the following:

"which will conform to standards and structures to be prescribed by the Minister;".

Fágfaidh mé faoin Seanadóir Ó Clochartaigh leasú Uimh. 7 a phlé.

Leasú teicniúil atá i leasú uimh. a 6 faoi na mínithe sa Bhille. De réir mar atá scríofa i líne 30, ciallaíonn "eagraíocht" comhlacht corpraithe, cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é, agus comhlacht neamhchorpraithe daoine. Nuair a déantar cuardach ar an idirlíon, to check out the term "body corporate", one finds the definition "a person, an association or group of persons legally incorporated, corporation". Má fhágtar an míniú atá sa Bhille mar atá sé, is é an trioblóid mhór atá ann ná go mbeadh grúpaí príobháideacha nó grúpaí corparáide atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta in ann cur isteach fá choinne na pleananna teanga a n-ullmhú agus a gcur ar fáil. Níl sé sonrach sa Bhille gur grúpaí pobalbhunaithe atá i gceist. Tá sé tábhachtach go mbéadh an dualgas sin ar ghrúpaí pobalbhunaithe, is é sin comharchumainn, coistí paróiste nó coistí a bhfuil baint acu le Cumann Lúthchleas Gael agus a leithéid.

A Leas-Chathaoirligh, the translation is not audible in my headphones.

Senator Landy is entitled to have a translation. There may be a technical problem.

I am hearing Senator Ó Domhnaill as Gaeilge.

Are you in the green zone, Senator?

Ta sé ag obair anois.

Is é cuspóir an leasaithe ná cumhacht a thabhairt don Aire Stáit go dtiocfadh leis féin an caighdeán agus an struchtúr a leagadh amach i bhfo-ordú i dtaca le grúpa nó le coiste pobalbhunaithe. Tá sé fíor thábhachtach go dtarlódh sé sin.

Níl an míniú atá scríofa sa Bhille sonrach go leor. Tá sé oscailte go mbeadh ar Údarás na Gaeltachta glacadh le hiarratas ó eagraíocht corparáide, cosúil le comhlacht, in aon cheantar.

De réir an chomhairle dlí atá faighte agam, agus ní dlíodóir mé, thiocfadh le comhlacht a rá go bhfuil sé pobalbhunaithe ach d'fhéadfadh cupla stiurthóir ón chomhlacht sin cur isteach fá choinne plean teanga a chur le chéile in aon cheantar Gaeltachta, nó fiú taobh amuigh den Ghaeltacht, Ansin bheadh ar an údarás, nó ar cibé dream a bheidh ag plé leis seo, glacadh leis an iarratas, mar iarratas atá ag comhlíonadh na gcritéir atá leagtha síos sa reachtaíocht.

B'fhiú an cumhacht a bheith ag an Aire. Molaim go mbeadh an cumhacht aige an struchtúr agus an caighdeán a bhaineann leis na heagraíochtaí cuí seo a leagadh síos. Tá sé tábhachtach, cibé eagrais a mbeadh an dualgas orthu, i gcomhairle leis an údarás, na pleananna teanga seo a ullmhú, go mbeadh baint ag na heagrais sin ag an bpobal, ag an leibhéal is ísle. In other words, they must be community based organisations from the grassroots up.

The argument concerning resources is entirely different. I will not go into that now because this amendment does not deal with resources, na hacmhainní a bhaineann leis na pleananna a chur ar fáil.

Beidh sé sin á phlé againn níos moille. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh sé seo deimhnithe sna mínithe a bhaineann leis an mBille seo.

Tá pointe tábhachtach ardaithe ag an Seanadóir Ó Domhnaill. Tá mé ag labhairt i dtreo leasú Uimh. 7, a mholann go gcuirfear an focal "comharchumann" isteach sa Bhille. B'fhéidir gur pointe dlíé seo. B'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit in ann é a shoiléiriú. Is comharchumainn iad cuid mhaith de na heagrais phobail Ghaeltachta atá ag feidhmiú taobh istigh de na 19 ceantar atá roghnaithe ag an Rialtas mar limistéir teanga. Níl sé iontach soiléir an bhfuil comharchumainn clúdaithe faoin bhfoclaíocht atá i gceist. Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte go bhféadfadh comharchumainn cur isteach ar an gcóras seo. Creidim go mbeidh deacrachtaí síos an bóthar i dtaobh an mhúnla atáá thógáil ag an Aire Stáit, os rud é go bhfuil ceantair éagsúla ina bhfuil dhá nó trí eagraíocht pobailbunaithe nó comharchumainn ag feidhmiú. Beidh na deacrachtaí sin soiléir nuair a déanfar iarracht plean teanga a chur i bhfeidhm sna ceantair sin. Mar shampla, tá Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ag feidhmiú sa cheantar ina bhfuil mé i mo chónaí. Tá Comhairle Ceantar nan-Oileán ag feidhmiú i gceantar na n-oileán. Tá ceann eile i Leitir Mealláin.

Is é an pointe atáá dhéanamh agam ná go mbeidh ar an Aire rogha a dhéanamh ar cén eagraíocht pobailbunaithe atáá roghnú aige nó aici chun an plean teanga a ullmhú. Ní chlúdaíonn an comharchumann ar an gCeathrú Rua, mar shampla, ach leath den cheantar atááirithe mar cheantar teanga agus níl sa cheantar sin ach ceann amháin as 19 ceantar. Sa chás sin, b'fhéidir go mbeidh ar an Aire comhchoiste de ghrúpaí eágsúla, a chlúdaíonn an cheantar ar fad, a chur le chéile mar atá déanta i gceantar Iorras Aithneach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoclaíocht uilíoch sa chás seo. Má deireann an Aire síos an bóthar gur mhaith an rud é go dtiocfadh Comhairle Ceantar nan-Oileán agus Comharchumann Mhic Dara le chéile chun plean teanga a ullmhú don cheantar iomlán sin — ceantar na n-oileán agus an Cheathrú Rua — b'fhéidir gur coiste comhoibríoch a bheadh ann agus go rachfadh an t-airgead, an maoiniú nó an tacaíocht tríd ceann nó ceann eile acu. Tá sé tábhachtach an cheist a riaradh. Bhí deacrachtaí anuas tríd na blianta leis na struchtúir éagsúla sna ceantair éagsúla, idir polaitíocht áitiúil agus cúrsaí praiticiúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh na roghanna oscailte don Aire ionas go mbeidh sé nó síábalta obair le comharchumainn, go háirithe, má tá comharchumainn i gceist. Ba cheart go mbeadh deis ag an Aire, má tá dhá eagraíocht ag obair i gceantar, iad a thabhairt le chéile ionas go mbeidís in ann obair i gcomhair lena chéile. Ní chóir go mbeadh bac sa reachtaíocht a chuireadh stop ar an Aire é sin a dhéanamh.

Tá an sainmhíniú ar an bhfocal "eagraíocht" de réir an chomhairle atá faighte againn ón Ard-Aighne. Tá sé mar ghnáth-nós riaracháin ag an Roinn seo agus ag Údarás na Gaeltachta a chinntiú go bhfuil struchtúr agus caighdeán gach eagraíocht a fhaigheann tacaíocht ón Roinn nóón údarás in ord sula gcuirtear an tacaíocht sin ar fáil. Ar ndóigh, tá brí leathan leis an bhfocal "eagraíocht". Tá sé leathan go leor sa sainmhíniú. Beidh an t-údarás ag roghnú na n-eagraíochtaí agus ag tabhairt aird ar na critéir a bheidh leagtha síos sna rialacháin. Beidh sé oscailte don údarás an chineál struchtúr atáá lorg acu a leagadh síos ansin. Tá mé sásta go gclúdaíonn an focal "eagraíocht" na comharchumainn agus na gluaiseachtaí eile — más féidir liom é a chur mar sin — atá luaite ag an mbeirt Sheanadóirí. Da bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh le leasuithe Uimh. 6 agus 7.

Ba mhaith liom pointe gairid a dhéanamh. Glacaim go huile agus go hoimlán leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Aontaím leis. B'fhéidir nach raibh an pointe a bhí mé ag iarraidh a chur i láthair soiléir go leor. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo sonraithe ag an údarás, ag an Roinn agus ag an Stát faoin chóras atá leagtha síos agus i gcomhthéacs an chomhairle dlí atá faighte. Níl aon cheist agam faoi sin. Tá mé ag iarraidh a léiriú go bhfuil an míniú iontach leathan ar fad. Níl sé sonrach go leor. Tá sé ró-leathan. Bíonn an t-údarás ag plé le comhlachtaí príobháideacha agus coistí pobail go minic. Is é sin an fáth go bhfuil an sainchúram leathan seo tugtha don údarás. Tá mé ag smaoineamh ar chúpla comhlacht leath-príobháideach sa Ghaeltacht atá ag plé le cúrsaí pobail, ach níl aon bhaint acu leis na pobail. An féidir leo iarratas a dhéanamh faoin bplean seo? Más féidir, an mbeidh ar an údarás glacadh leis an bplean ar an mbunús nó an dóigh ina bhfuil sé leagtha amach in áit an struchtúr a bheith teoranta d'eagraíochtaí pobailbunaithe amháin?

Cé go nglacaim leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit, bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar seo agus é a phlé arís ar an Tuarascáil. Measaim gur pointe tábhachtach é seo. Tá a fhios agam go bhfuil an cheist chéanna á ardú ag grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta. B'fhéidir gur b'fhiú don Aire Stáit dul i dteagmháil leis an Ard-Aighne arís agus a rá gur chóir go mbeadh an reachtaíocht seo níos sonraí. Ní cheart dúinn ligean do chomhlachtaí príobháideacha bheith in ann cur isteach ar na pleananna seo a ullmhú agus a chur ar fáil fosta. An chéad rud eile ná go mbeidh comhlachtaíá chur le chéile sa Ghaeltacht chun na hiarratais seo a chur isteach. Tá eagla mór orm go dtiocfaidh triúr nó ceathrar dóibh le chéile chun gnó maith a dhéanamh amach as seo, agus go mbeidh ar an údarás glacadh leis na hiarratais a bheidh á dhéanamh acu. B'fhéidir nach dtarlóidh sé sin, ach tá mé ag iarraidh go mbeidh cosaint ar fáil, agus scríofa sa reachtaíocht, chun a chinntiú nach dtarlóidh sé. Tá an leasú seo curtha síos agam os rud é gur b'fhiú breathnú ar sin.

Glacaim leis go bhfuil leasuithe Uimh. 6, 7 agus 8 á phlé le chéile. Ba mhaith liom ceist a ardú faoi leasú Uimh. 8, atáá moladh ag an Aire Stáit. Molann an leasú go gcuirfear an focal "agus" in áit an focal "nó". Má ghlactar leis an leasú, is é an sainmhíniú a bheidh ar "eagraíocht" ná"comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine". Is é an leagan Béarla atá ar sin ná"an unincorporated body of persons". Úsáidtear an focal "comhlacht", ach is é"company" an leagan Béarla a bheadh agam ar "comhlacht". Dá bhrí sin, céard atá i gceist leis an frása "an unincorporated body of persons" seachas "an unincorporated company of persons"? Caithfidh mé a rá nár chuala mé caint riamh ar "an unincorporated body of persons". Níl mé soiléir, ó thaobh an dlí de, ar céard a chiallaíonn sé.

Tá pointe iontach tábhachtach ardaithe ag an Seanadóir Ó Domhnaill maidir le tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla. I gceantair áirithe, tá na coláistíá riaradh ag comhlachtaí príobháideacha atá ag déanamh fíor-jab. I gceantair eile, tá na coláistí pobailbunaithe agus á riaradh ag comharchumainn agus eile. Tá forálacha sa reachtaíocht seo a thabharfaidh cead don Aire comhlachtaí eile a roghnú muna bhfuil sé sásta leis an bplean atáá chur chun cinn ag na comhlachtaí atá i gceist. Má rachfaimid an bóthar sin, b'fhéidir go ndéarfaidh an tAire go bhfuil na comharchumainn ag troid lena chéile — nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh acu — agus go bhfuil sé ar intinn aige nó aici grúpa eile a fháil isteach agus conradh a thabhairt dóibh an plean a réiteach. Sílim ón bhfoclaíocht atááúsáid anseo go bhféadfadh gur comhlacht príobháideach a bheadh i gceist.

Tá sé tábhachtach go bhfaighfimid soiléiriú ar an gceist seo. Níl mé ag rá go bhfuil an Aire Stáit ag iarraidh dul an treo seo, ach tá a fhios againn, nuair a thagann Airí eile isteach, go mbreathnaíonn siad ar an rud atá i gceist. D'fhéadfadh comhlacht príobháideach dúshlán a thabhairt mar nach bhfuil cead acu cur isteach ar chonradh atáá riaradh ag an Stát. An bhfuil ceist le h-ardú anseo ó thaobh cúrsaí iomaíochta, nó competition law, de. Má tá conradh le haghaidh plean forbartha a réiteach ar an gCeathrú Rua agus i gceantar na n-oileán, mar shampla, á fhógairt ag Aire, an mbeidh sé de cheart agam — má tá comhlacht príobháideach agus cáilíochtaíó thaobh pleanáil teanga de agam — daoine a roghnúón bpobal atá chun tuairimí an phobail a thabhairt dom, coiste a chur le chéile chun comhairle a chur orm agus mo chomhlacht a chur isteach ar an gconradh? Sílim gur chóir go mbeadh na ceisteanna dlíthiúla fiosraithe sula leanann muid ar aghaidh.

Tá sé níos fearr brí leathan, seachas cúng, a fhágáil sa sainmhíniú ar eagla go mbeadh éinne fágtha amuigh de thairbhe sin. Nuair a bheidh Údarás na Gaeltachta ag roghnú na n-eagraíochtaí, beidh siad ag tabhairt aird ar na critéir a bheidh leagtha síos sna rialacháin a bheidh ann. Ar an ábhar sin, ní shílim go bhfuil aon bhunús leis an imní atá ar na Seanadóirí go dtarlóidh aon rud. De bharr sin, ní ghlacfaidh mé le leasuithe Uimh. 6 agus 7. Is leasú teicniúil é leasú Uimh. 8. Tá sé molta ag an Dréachtóir Parlaiminte. Molaim go nglacfaimid leis an leasú seo. It is a technical amendment.

Gabh mo leithscéal.

Tá leasuithe Uimh. 6, 7 agus 8 grúpáilte.

They are all together.

Tá siad le chéile.

Tá siad á phlé le chéile, ach tá leasú Uimh. 6 faoi bhráid an Tí faoi láthair.

Amendment put and declared lost.

We come now to amendment No. 7.

Amendment No. 7 cannot be moved.

Tá sin ceart. It cannot be moved as amendment No. 6 has not been agreed.

Níor ghlacadh le leasú Uimh. 6. Nílimid á bhrú go dtí vóta ag an bpointe seo.

Amendment No. 7 cannot be moved as it was already discussed with amendment No. 6.

I raise a point of order. Amendment No. 7 was discussed with amendment No. 6 ach ní shin le rá nach féidir é a bhrú.

If amendment No. 6 had been passed amendment No. 7 could not be moved. If amendment No. 6 had failed amendment No. 7 could be put.

On a point of order, má fhágtar an fhoclaíocht díreach mar atá sí ní bheadh á dhéanamh ag leasú Uimh. 7 ach na focail "nó comharchumann" a chur sa bhreis ar an méid atá ann. Ba mhaith liom an leasú a bhrú, mar sílim go bhfuil sé tábhachtach é a chur isteach. Níl mé chun é a bhrú le haghaidh vóta ach ní ghlacaim leis nach féidir é a chur chun cinn, mar níl sé ach ag déanamh leasaithe ar an bhfoclaíocht atá coinnithe, in áit a bheith a déanamh leasaithe ar an bhfoclaíocht nár glacadh leis i leasú Uimh. 6.

Amendment No. 6 was that the words not stand. That amendment was lost. The House has agreed that the words stand and there can be no further amendment.

Amendment No. 7 not moved.
Government amendment No. 8:
In page 8, line 31, to delete "and" and substitute "or".

Leasú teicniúil é seo.

On a point of order, má glacadh le leasú Uimh. 6, go bhfanfadh na focail mar atá siad, cén chaoi ar féidir glacadh le leasú Uimh. 8, mar táimid tar éis glacadh le rún a deir nach bhfuil an fhoclaíocht le hathrú?

Acting Chairman, you have to read out the words you have there, relating to amendment No. 8, which is a Government amendment.

What was agreed was the wording down as far as and including the word "sole" in page 8. It is called a saving provision.

I gcead duit, a Chathaoirligh, baineann an dá leasú, Uimhreacha 6 agus 8, le líne 31. Glacadh leis go gcoinneofar an fhoclaíocht mar a bhí, mar gheall gur bualadh ar leasú Uimh. 6. Is pointe teicniúil é seo ach ní fheicim cén chaoi gur féidir a bheith ag brú leasaithe ar aghaidh atá ag dul i gcoinne an chinnidh a rinneadh maidir le leasú an tSeanadóra Ó Domhnaill.

It was always my understanding that amendments were grouped for the purpose of debate only and not for purpose of voting. We should vote on amendment No. 6 and proceed to debate amendments Nos. 7 and 8. That is my understanding.

Tá nóta ansin mar gheall ar leasú Uimh. 6. Read out the note, Acting Chairman.

It only applies if amendment No. 7 can be moved, but it cannot be moved. If the question on amendment No. 6 is agreed, amendment No. 7 cannot be moved.

I am asking how can amendment No. 8 be moved if amendment No. 7 cannot be moved. They relate to the same line.

There was a saving provision.

Acting Chairman, read out the saving provision at amendment No. 6. Read it out again for them, if they want to hear it.

"That the words proposed to be deleted down to and including "sole" in page 8, line 31 stand". Only those words.

Only those words. It is a saving provision.

Amendment agreed to.
Section 6, as amended, agreed to.
SECTION 7

I move amendment No. 9:

In page 8, subsection (2), line 43, to delete "The Minister may" and substitute "The Minister shall".

Táimid ag caint anseo ar leathanach 9, fo-alt (2), líne 41, sa leagan Gaeilge, áit a deirtear go bhféadfaidh an tAire, le hordú, limistéar sonraithe a ainmniú faoi threoir toghrann, is limistéar ab éard atá ann (a) limistéar Gaeltachta, (b) cuid de limistéar Gaeltachta, (c) níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, (d) codanna de níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, nó (e) limistéar, nó cuid de limistéar, is ábhar d'ordú faoi fho-ailt (5), (10)(b) nó (13)(b), chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta de réir an ailt seo.

Molaim go gcuirfear isteach an focal "Déanfaidh" in áit "Féadfaidh". Ceann des na deacrachtaí móra atá againn, agus a bhfuil luaite linn ag eagrais atá ag plé an Bhille, ná an méid cumhachta a fhágann sé i láimh an Aire cinneadh a ghlacadh nó gan a ghlacadh.

Tá práinn leis seo. Táimid ag caint ó 2002 ar aghaidh, maidir le Coimisiún na Gaeltachta, an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, ráitis an Rialtais i leith na Gaeilge agus an Sraitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil sé tábhachtach go gníomhófaí iad san ar fad leis an Ghaeilge a tharrtháil. Síleann Sinn Féin go bhfuil an focal "féadfaidh" an-scaoilte, mar féadfaidh an tAire rud a dhéanamh nó gan é a dhéanamh. Glacaim leis gurb é atáón Aire Stáit atá againn faoi láthair ná bogadh ar aghaidh leis na limistéir phleanála teanga a ainmniú, ach táimid ag iarraidh go mbeadh an focal níos deimhnitheach, go mbeadh gá le gníomh níos sonraí nuair atá an Bille féin aontaithe. Bheadh air gníomhú i bhfad níos tapúla leis an rud seo a dhéanamh.

Táimid ag moladh leasaithe bhig, atá tábhachtach dar linne, go gcuirfí"déanfaidh" in áit "féadfaidh". Taimid ag iarraidh sin a dhéanamh leis an bhrú agus an phráinn atá leis an obair seo a dhéanamh i gceart a chur in iúil.

I omitted to say at the outset that amendments Nos. 9 and 28 are related and may be discussed together, by agreement. Is that agreed? Agreed.

I support my colleague's amendment. I do not want to reopen the past, but I fear removal of the voting rights will demoralise the Gaeltacht even further than it is now. There should be no discretion. I appreciate the Minister of State's urge to go and do things, and the House must require him to do that. I agree that is his instinct. I agree that the word "may" should be substituted by the word "shall".

As the Minister of State himself has said, there are about 20 years left in the language and it is being reduced by the other provisions of the Bill. There should be no discretion. It is the Minister of State's natural instinct to be up and doing this. We need these language plans yesterday. There should be no discretion and no more lethargy. We have all agreed that this language must live on in Gaeltacht areas where we all want to go to learn it. It is vital that we take positive measures to support it. That would at least act as a counter-balance to the negative sections in the Bill. The Minister of State should accept this amendment.

Aontaím le leasú Uimh. 9 mar tá ciall leis agus tugann sé cumhacht don Aire bheith soiléir agus cinnte sa ról atá aige faoin mBille. Tá an leasú sin gaolta le leasú Uimh. 28, agam féin agus ag an Seanadóir Ó Clochartaigh, a bhaineann le cumhachtaí an Aire i gcás nach ndéanann eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse a bheidh sonrach san fhógra. Táimid ag iarraidh go leasófar anseo in áit go mbeadh cumhachtaí ag Aire anseo, tá cúpla rogha tugtha dó, "go ndéanfaidh sé" in ionad "go bhféadfaidh sé", go ndéanfaidh sé a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeadh iarratas déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur i láthair agus ansin faoi (b), mura mbeadh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta é, an ceantar a bhaint amach as an Ghaeltacht.

In áit "féadfaidh an tAire", "the Minister may", bheadh "go ndéanfaidh an tAire" ann, "the Minister shall". Tá sin tábhachtach don Bhille chun cumhacht a thabhairt dó. Má fhágtar é sé nó deich mbliana eile, thiocfadh leis go dtiocfadh an tAire ó cheantar Bhaile Átha Cliath taobh amuigh den Ghaeltacht nach bhfuil an meas céanna aige ar cheantair Ghaeltachta. Mar gheall air sin ba mhaith linn cumhachtaí a thabhairt dó le cinntiú go mbeidh sé soiléir faoin Acht go bhfuil dualgais an Aire leagtha síos agus go bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoi seo. Má tá Aire ansin de chuid Fhianna Fáil nó de chuid Sinn Féin agus daoine ag cur brú ar an Seanadóir Ó Clochartaigh gan cheantar ar leith a thógáil amach as an Ghaeltacht cionn is nach raibh plean ullmhaithe nó nach raibh an tAire sásta glacadh leis agus an Seanadóir ag cur brú ar an Aire agus sinn ag iarraidh ar an Aire cinneadh polaitiúil a dhéanamh, níl sin ceart. Ní fiú an chumhacht sin a bheith ag aon Aire.

Beidh leasuithe eile i dtaca leis na cumhachtaí a ba chóir a bheith ag an Choimisinéir Teanga ach ba chóir go mbeadh na dualgais seo sonrach agus nach mbaineann siad le polaitíocht nó brúón phobal. Má táimid dáiríre faoin mBille, tá sé criticiúil go mbeadh an chumhacht sa Bhille le rá mura bhfuil an plean suas chun dáta, ceart, foirfe, stuama, seo an rud a tharlóidh. Tá sé tábhachtach go mbeidh sin san Acht. Tá mé ag iarraidh cuidiú leis an Aire agus measaim go bhfuil seo fíor-thábhachtach go mbeidh tacaíocht ag an mBille seo nuair a chuirfear i bhfeidhm é.

Is rud teicniúil é seo ach tá sé tábhachtach mar tabharfaidh sé tacaíocht don Acht. Nílimid ag iarraidh polaitíocht a chur chun tosaigh, táimid ag iarraidh nach mbeidh seo ag aon pholaiteoir ach ag an phobal cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta an Ghaeilge a labhairt agus tacaíocht a thabhairt chun plean a ullmhú. Má tá, mairfidh an Ghaeilge. Mar a dúirt an tAire Stáit féin, táimid ag céim chriticiúil, tá an Ghaeilge ag crosbhóthar agus caithfimid a chinntiú go mbeidh an bóthar a leanfaimid an-soiléir agus nach bhfágfar í faoin sean-nós polaitiúil, nod and wink. Ní leor sin. Caithfimid é seo a fhágáil chomh soiléir agus is féidir go dtuigfidh gach duine go bhfuil seasamh ag an mBille seo. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach na focail bheaga sin "go bhféadfaidh" a athrú go dtí"go ndéanfaidh". Tabharfaidh sin níos mó cumhachta don Aire fosta agus ní bheidh an oiread sin brú air nuair a thiocfaidh an Coimisinéir Teanga chuig an Aire le moltaí. Níl le déanamh ag an Aire ansin ach dhá rud: iarr ar an údarás plean eile a ullmhú nó an ceantar a bhaint amach as an Ghaeltacht. In áit go bhféadfaidh an tAire sin a dhéanamh, táimid ag rá go mbeidh air sin a dhéanamh.

Feicim go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh macnaimh domhain ar an cheann seo. Tá mise den tuairim go mbeadh sé cabhrach don Aire, más rud é go bhfuil cinnteacht i gceist sa chás seo, agus cé nach bhfuil ach focal amháin i gceist, go mbeadh sé níos fearr don Aire go mbeadh an chumhacht ann agus nach mbeadh folúntas fágtha. B'fhéidir go smaoineodh an tAire Stáit ar an leasú ar an mbonn sin.

Tá mé ag déanamh macnaimh ar gach leasú a cuireadh ag na Seanadóirí. Ag éisteacht leis na Seanadóirí, luíonn sé liom sa Bhille seo gurbh í an phríomhaidhm atá againn ná daoine a spreagadh, daoine, pobail agus eagraíochtaí a tharraingt linn. Ar an ábhar sin, is é an dearcadh is cóir a bheith againn. Níor mhaith liom go mbeadh laincis ar an Aire taobh istigh de chonstaicíáirithe, déanfaidh an tAire siúd, seo agus eile. Tá mé ag iarraidh daoine a mhealladh liom, níl mé ag iarraidh iad a bhrú, I do not want to compel them, I want to encourage them. Ar an ábhar sin, tá an focal "déanfaidh" ró-dhaingean don fhealsúnacht atá taobh thiar den Bhille. Is fearr "féadfaidh" an tAire mar tugann sé beagáinín scóip dúinn go léir. Tá mé ag iarraidh daoine a mhealladh linn. B'fhéidir san am a chuaigh thart bhí an iomarca béime ar dhaoine bhrú chun tosaigh. Tá a fhios againn go léir nach maith leis na hÉireannaigh nó leis na Gaeil nó fiú le muintir na Gaeltachta a bheith brúite ar aghaidh. Sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt na deise dóibh sna ceantair phleanála teanga go mbeidh siad féin rannpháirteach ansin agus gur plean mhuintir na Gaeltachta a bheidh ann agus go mbeidh tacaíocht agus cuidiú agus comhairle le fáil ón údarás agus ón Roinn. Cé gur éist mé leis an méid a bhí na Seanadóirí ag rá, agus an dearcadh atá agam féin, ní fhéadainn glacadh leis an leasú. Tá súil agam go dtuigeann na Seanadóirí an dearcadh atá agam, daoine a mhealladh agus a thabhairt linn, "féadfaidh an tAire", ní"déanfaidh an tAire" nó"déanfaidh an pobal".

Tá difríocht ann maidir leis an méid a dúirt an tAire Stáit. Táimid ag caint faoin Aire sa chás seo, ní ar an bpobal, "go ndéanfaidh an tAire" an rud atá i gceist. Baineann sé leis na cearta atá ag an bpobal go mbeadh rud éigin ag gníomhú maidir leis an teanga. Mura bhfuil an rud ag bogadh ar aghaidh sách sciobtha, mura bhfuil an t-údarás ag feidhmiú de réir mar is cuí, tá deis ag an bpobal teacht ar ais agus a rá nach bhfuil siad sásta, go gcaithfear an rud seo a dhéanamh, agus go gcaithfear é a bhrú ar aghaidh. Tá an focal "déanfaidh" tábhachtach sa chás sin. Tá an tAire Stáit ag baint mí-bhrí as an mholadh atáimid ag déanamh. Nílimid ag iarraidh an brú a chur ar an bpobal, táimid ag rá"féadfaidh" an pobal, ach sa chás seo, táimid a rá go gcaithfidh an tAire an beart a dhéanamh de réir briathair. Sin an moladh sna leasuithe, nílimid ag iarraidh go mbeadh tarraingt na gcos ann ó thaobh an Rialtais de, mar tá daoine ann a shíleann go bhfuil an Rialtas ag tarraingt na gcos go maith mar atá sé cheana féin.

Aontaím go hiomlán leis an Aire stáit go gcaithfimid daoine a mhealladh agus a thabhairt linn. Má théimid síos go dtí fo-alt (12) ar an leathanach céanna, sé an rogha a bheadh ag an Aire, mura bhfuil an focal "déanfaidh" ann in áit "féadfaidh", nó go dtiocfadh leis an Aire an ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht ar aon chuma. Tá an chumhacht sin ag an Aire ar aon nós. Is éard atá i gceist anseo, níl aon bhaint aige seo leis an phobal a tharraingt nó a mhealladh, baineann seo le cinnteacht a chur isteach go mbeidh seo leagtha síos agus go mbeidh ar an Aire, mura bhfuil sé sásta leis an phlean a cuireadh os a comhair, tar éis comhairle a fháil, dul ar ais chuig an údarás agus a rá leis go gcaithfidh sé eagraíocht eile a fháil nó go dtiocfaidh leis an ceantar a thógáil amach as an Ghaeltacht. Tig leis sin a dhéanamh faoi fho-alt (12) cibé ar bith. Tá an rogha sin ag an Aire fiú mura nglacann sé leis an leasú seo.

Tá sé tábhachtach go bhfuil cinnteacht ann. Bhí muid ag plé bodies corporate níos luaithe. Abair go raibh an comhlacht corparáideach nó na stiúrthóiríéagsúla ag a bhfuil baint leis an phobal ag cur plean le chéile. Mura bhfuil an plean sin ceart go leor, agus tá trí nó ceithre ghrúpa pobail eile sa cheantar atá sásta plean a chur le chéile fosta, mar atá an Bille anois, mura bhfuil an tAire sásta leis an phlean sin, thig leis dé réir fho-alt (12) faoi láthair an plean sin a chaitheamh amach agus an ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht. Sin a fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh idirdhealú go gcaithfidh an tAire ansin, mura bhfuil an plean maith go leor, dul ar ais chuig an údarás agus plean eile a éileamh. Táimid ag iarraidh go mbeidh sin soiléir. Ní thuigim cad chuige nach meallfadh sin daoine, ag cinntiú go mbeidh an dara deis ag an cheantar plean eile a chur le chéile.

Aontaím leis an Aire Stáit. Caithfidh cinnteacht a bheith sa Bhille ach sa rud seo, dá mbeadh rud éigin ag baint le gnáthdhaoine na comharsanachta, ní fhéadfaidh an tAire sin a thabhairt faoi deara cionn is go bhfuil "déanfaidh" sa Bhille. Caithfidh an tAire na rudaí atá scríofa sa Bhille a dhéanamh ach féadfaidh an tAire rannpháirtíocht na ndaoine sa chomharsanacht a mhealladh dá mbeadh "féadfaidh" ann. If we leave it as "may", the broader community will have a better chance of having its wishes incorporated into the Act. If, however, the Minister "shall", he can only do what is in the Act and it is written in stone. I prefer the community to have a say that it is then open to the Minister to accept that. Bheadh "féadfaidh" níos fearr ná"déanfaidh".

I support what the Minister of State is trying to do but I cannot support the form of the Bill as proposed. He said in his speech on 21 June that the Bill will give a statutory function to the language planning process. If we leave in "may", he can opt out of that. The "shall" ensures that the statute is observed. It ensures people who are dissatisfied with the decline in the language could have a legal case against him. The Minister "may" is too like the light touch bank regulation that left the country on the rocks because no one was doing anything. It is the Minister of State's own intention to make a statutory function of the language planning process, that he should take on these duties. We would support the Minister of State in that. It is too late for "mays", for Ministers to say it was discretionary and he could opt out. There will be no redress in such a case if we do not accept this amendment.

Tá sé tábhachtach, cé go ndéarfadh daoine go bhfuilimid ag caint faoi rud beag anseo. Tá seo suntasach agus baineann sé le brí an Achta. An sampla is fearr atá againn ná má bhreathnaímid ar scéim eile iontach cosúil leis faoi chúram an Aire, Acht na dTeangacha Oifigiúla, a bhfuil go leor cáineadh déanta ar an Roinn mar gheall ar an gcaoi go bhfuil síá chur i bhfeidhm. Sin an áit a bhfuilimid ag teacht as, bhí an fhadhb sin ann sula raibh an tAire Stáit ann, bhí fadhb ann le hAirí a chuaigh roimhe. Más féidir liom tagairt a dhéanamh don tuarascáil bhliantúil a bhí ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ag breathnú ar eagraíochtaí agus comhlachtaí Stáit, a bhí in ainm pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus nach raibh siad dáiríre faoi, níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga nua amháin le linn na bliana 2011. San iomlán tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí ach faoi dheireadh na bliana 2011, bhí 66 acu sin tar éis dul in éag. Sin a tharlaíonn nuair atá"má" agus "dá" i gceist. D'fhág sin nach raibh ach an dara scéim daingnithe i gcás dá thrian de na comhlachtaí poiblí sin, gníomh a bhfágfadh ar lár an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a bhféadfaí a bheith súil leis ó na comhlachtaí poiblí sin. Bhí 20% de na scéimeanna teanga sin in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad agus 20% eile acu in éag le breis agus dhá bhliain.

Níos faide ar aghaidh, deir sé go raibh 28 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréacht-scéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe nó daingnithe fós mar scéimeanna ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Leanann sé ar aghaidh: "Faoi dheireadh na bliana ní raibh aon scéim teanga daingnithe fós i gcás na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Roinn a bunaíodh go foirmiúil ar 1 Meitheamh, 2011. Bhí Roinn an Aire Stáit féin faillíoch sa chás sin, ní amháin ó thaobh scéimeanna a dhaingniú, ach ó thaobh scéim a chur i bhfeidhm sa Roinn féin." Sin a tharlaíonn nuair atá"féadfaidh" ann in áit "déanfaidh" i gcás an Aire. Caithfimid brú a chur ar an Aire mar phobal. Má thugann an Rialtas conradh tríÚdarás na Gaeltachta go dtí comharchumann nó comhlacht pobal-bhunaithe nach bhfuil ag déanamh a chuid gnó i gceart, b'fhéidir go bhfuil pobal na Gaeilge sa cheantar ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ach níl an comhlacht ag gníomhú mar is ceart faoi. Mar atá ag tarlú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá Ranna Stáit, ar nós an Ard-Mhúseaim agus ar nós Thithe an Oireachtais, nach bhfuil ag daingniú scéimeanna. Tá mise anseo ag feidhmiú mar Ghaeilgeoir ag iarraidh mo chearta a bhaint amach ach níl na Tithe ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Acht. Má chuirimid "déanfaidh an tAire", ciallaíonn sin go gcaithfidh an tAire feidhmiú agus sin a chur ina cheart. Sin an difríocht idir "déanfaidh" agus "féadfaidh" agus sin an fáth, dar linn, go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcuirfear "déanfaidh" isteach in ionad "féadfaidh", mar sé an track record ná go bhfuil Roinn an Aire Stáit faillíoch ag comhlíonadh a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Nílimid ag iarraidh go dtarlódh amhlaidh le Bille na Gaeltachta.

Beidh discréid ag pobal na Gaeltachta agus tá sin tábhachtach ach tá sé lán chomh tábhachtach go mbeidh discréid ag an Aire féin. De bharr cinntí a bheidh le déanamh ag an Aire, de bharr chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna Gaeltachtaí, is cinnte go mbeidh cinntí le glacadh, go speisialta mura gcuirtear pleananna i bhfeidhm. Mar sin féin, ba chóir nach mbeadh sé chomh daingean le "déanfaidh". B'fhearr liom go mbeadh díschreid ag cibé Aire a bheidh ann agus go bhfágaimid isteach an focal "féadfaidh". Mar sin, ar an ábhar sin, leis an tsolúbthacht sin a thabhairt dúinn agus díscréid a thabhairt dúinn, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Question put: "That the words proposed to be deleted stand."
The Committee divided: Tá, 26; Níl, 14.

  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe; Níl, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Diarmuid Wilson.
Question declared carried.
Progress reported; Committee to sit again.
Barr
Roinn