Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

SECTION 7

Tosóimid anois ar leasú Uimh. 10.

Nach bhfuil muid fós ar leasú Uimh. 9?

Chríochnaigh muid le leasú Uimh. 9. We voted on it and the amendment was lost.

Government amendment No. 10:
In page 10, subsection (2)(b), line 2, to delete “part” and substitute “a part”.

On a point of order, ba mhaith liom ceist a chur faoi an bhfuil leasú Uimh. 10 in ord, mar deireann sé: "Níl gá le leasú comhréireach ar an téacs Gaeilge anseo." Ní thugann sin aon mhíniú ar chén téacs Gaeilge atá i gceist. An bhfuil sé ag caint faoin mBille ar fad, ar alt faoi leith nó céard atá i gceist ann.

I have been advised it has been deemed in order.

An bhféadfadh an cathaoirleach a mhíniú dom cén téacs atá i gceist?

Baineann sé le leathanach 10, subsection (2)(b), line 2.

Is leasú teicniúil é seo. Baineann an rud atá i gceist leis an leagan Béarla amháin. Sa leagan Gaeilge deirtear: "(b) cuid de limistéar Gaeltachta,”. Sa leagan Béarla deirtear: “(b) part of a Gaeltacht area,” agus táimid ag cur isteach an focal “a” chun “a part of a Gaeltacht area” a rá. Táimid díreach ag cur isteach litir amháin. Tá an leagan Gaeilge ceart go leor mar atá sé.

A gceart don Aire Stáit, níor léigh mise an leagan Béarla den cháipéis, mar ní léann mé leaganacha Béarla. Mar sin, nuair a léann duine an leagan Gaeilge, léann sé ag Uimh. 10, "Níl gá le leasú comhréireach ar an téacs Gaeilge anseo." Níor léigh mé an leagan Béarla agus ní thuigim cén téacs Gaeilge atá i gceist anseo. Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh nach bhfuil sé soiléir ón leasú atá i nGaeilge céard atá i gceist.

An bhfuil an Seanadóir sásta anois go bhfuil míniú tugtha?

Nílim sásta ar chor ar bith mar is dóigh liom go dtaispeánann sé drochmheas má táimid ag brath ar an leagan Béarla atá luaite ar an leathanach eile: In page 10, subsection (2)(b), line 2, to delete “part” and substitute “a part”. Taispeánann seo meon an Rialtais seo i leith na Gaeilge, rud atá feicthe againn ar maidin, gur tábhachtaí dóibh an leagan Béarla ná an leagan Gaeilge agus is mór an náire dóibh é.

Tá a fhios ag an Seanadóir nach féidir direct translation a chur isteach, but that the amendment is to allow the Irish version to agree with the English one and the Minister of State has explained that.

Amendment agreed to.

Tógfaidh muid leasuithe Uimh. 11 go dtí 14, iniata, le chéile. Amendments Nos. 11 to 14, inclusive, will be taken together. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 11:

In page 10, between lines 8 and 9, to insert the following subsection:

"(3) When designating a specified area undersubsection (2), the Minister shall be cognizant of the linguistic circumstances of the community who live in that area and will not designate an area which contains communities which are linguistically dissimilar to each other.”.

Tá imní mhór orm agus mé ag labhairt anseo inniu, de bhrí go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil Ceannaire an Tí agus an Rialtas ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd an Teach inniu agus gilitín a chur ar an am atá leagtha amach don Bhille, ag 4 i.n. inniu. B'fhéidir go rachaimid tríd na leasuithe go léir, ach b'fhéidir nach rachaidh. Is drochmheas é don Teach seo agus don daonlathas Billí mar seo a bhrú tríd an Teach.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chúpla focal adúirt an tAire Airgeadais sa Teach seo Dé Máirt nuair a thug sé freagra don Seanadóir Byrne. Dúirt sé: "If the Senator wants to ram the Insolvency Bill through during the next three weeks, without due consideration, I do not think this is the way to carry out legislative business. Bills need to be considered and given due consideration and time." That is exactly the opposite of what is happening here. Is náire é.

Gabh mo leithscéal, tá an Seanadóir ag caint faoin am atá againn don Bhille, ach tá an Seanadóir féin ag imeacht i bhfad ón bpointe.

Baineann seo leis an mBille go ginearálta.

Ní bhaineann. Ní bheidh muid críochnaithe go deo má leanann an Seanadóir ar aghaidh mar sin.

Tá sé soiléir go bhfuil brú ann an Bille seo a bhrú tríd an Teach seo gan deis a thabhairt dúinn na leasuithe go léir a phlé. Tá sé sin náireach agus scanallach.

Pléigh an leasú, le do thoil.

It is not the Acting Chair's job to stifle debate.

Gabh mo leithscéil, mar chathaoirleach, caithfidh mé——

Nach bhfuil cead agam a rá nach n-aontaím leis an dóigh atá an Bille seo á bhrú tríd an Teach? Tá a fhios agam nach bhfuil sin ceart. Nílim ag cur lochta ar an Aire Stáit ná ar an feidhmeannaigh, ach tá Ceannaire sa Teach seo agus tá sé ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd an teach inniu. Tá sin náireach, mar nach bhfuil deis againn é a phlé thar cheann pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is masla go huile agus go hiomlán é ar phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuiltear ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd an Teach gan deis a thabhairt dúinn na pointí sonracha a phlé.

This goes totally against the word of the Minister for Finance in this House last Tuesday. What has changed between Tuesday and today?

An bhfuil an Seanadóir chun caint ar an leasú os ár gcomhair?

Labhairfidh mé ar anois.

Mar chathaoirleach, caithfidh mé aird an tSeanadóra a dhíriú ar na leasuithe.

Tá seo tábhachtach fosta. An aontaíonn an cathaoirleach go bhfuil sé seo tábhachtach?

Tá sé an-tábhachtach, ach cloígh leis an leasú le do thoil. Tá an Seanadóir ag cur ama amú.

Rushed or guillotined legislation is not the way to do business. The programme for government and the Fine Gael and Labour Party manifestos suggested there would be a new way of doing politics and that legislation would be given due consideration and time for debate. That is not what is happening here. It is downright disgraceful.

Chaith muid trí cheathrú uair ag plé"shall" agus "may", neart ama.

Leanfaidh mé ar aghaidh. Tá fearg orm i dtaca le seo ach nílim ag cur lochta ar an Aire Stáit ná ar na feidhmeannaigh atá anseo. Tá an cinneadh déanta. Bhí vóta againn agus bhrú muid an pointe ar an taobh seo, ach ar an drochuair, tá an cuma ar an scéal go bhfuil brú ag teacht óáit éigin sa Rialtas i dtaca leis an mBille seo a bhrú tríd an Teach sa dóigh go mbeidh deireadh le daonlathas sa Ghaeltacht.

Tá ceithre leasú le chéile anseo, cúpla ceann ardaithe ag an Seanadóir Ó Clochartaigh agus ceann nó dhó i m'ainm féin. Séard atá i gceist le leasú Uimh. 11 ná go bhfuil muid ag iarraidh fo-alt breise a thabhairt isteach idir línte 8 agus 9 ar leathanach 11 le rá: "(3) Le linn don Aire limistéar sonraithe a ainmniú faoi fho-alt (2), cuirfidh an tAire san áireamh staid na Gaeilge sa phobal atá ina gcónaí sa limistéar sin, agus ní ainmneoidh sé nó sí limistéar ina bhfuil cónaí ar phobail atá neamhchosúil lena chéile go teangeolaíoch." Tá sin tábhachtach. De réir an staidéar teangeolaíochta i 2007, bhí an Ghaeltacht roinnte ina trí chuid — A, B agus C — agus leagadh amach moltaí sa staidéar i dtaobh todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tuigim ón mBille seo go bhfuil an Ghaeltacht anois á bhriseadh isteach i 19 ceantair agus go bhfuil cuid de na ceantair sin istigh le chéile, ach nach bhfuil na pobail ar fad sásta go bhfuil dhá pharóiste nó dhá cheantar le chéile. Mar shampla, tá Múscraí agus oileán amach ón chósta istigh le chéile, ach níl an pobal sa cheantar sin sásta go bhfuiltear ag brú an dá cheantar le chéile. Níl seo féaráilte ar na ceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de agus níl sé féaráilte ar na ceantair atá láidir ó thaobh na Gaeilge de má táthar ag iarraidh na gceantar sin a chur le chéile agus an sprioc amháin a bhaint amach. Má táimid le daoine a thabhairt linn agus má táimid le na daoine sna ceantair Ghaeltachta atá níos laige ná ceantair eile ó thaobh na Gaeilge de a tharraingt linn, a thabhairt le chéile agus tacaíocht a thabhairt dóibh, tá sé tábhachtach nach mbeidh na ceantair laga buailte ar na ceantair láidre. Cuirfeadh sin brú ar na ceantair láidre na ceantair laige a thabhairt go dtí caighdeán níos deacra ná mar a bhféadfadh siad a bhaint amach. Sin an méid atá i gceist leis an leasú seo agus tá sé tábhachtach maidir leis na pleananna teanga atá le haontú agus an obair a bheidh le déanamh maidir le plean teanga a chur le chéile.

Tá 95,000 duine ina chónaí sa Ghaeltacht agus má tá 19 ceantar ann, an bhfuil sé i gceist go mbeidh thart faoi 6,000 nó 7,000 duine, nó níos mó, ina gcónaí i ngach áit a bhfuil plean? Cuirfidh sin brú ar na coistí a mbeidh an dualgas orthu na pleananna seo a ullmhú. Cuirfidh sé brú orthu, b'fhéidir, limistéar an-mhór a tharraingt le chéile. Laige í a bheith ag amharc ar 19 ceantar in áit a bheith ag amharc ar pharóistí nó ceantair eile ar an gcaoi céanna le Cumann Lúthchleas Gael. Bheadh sé i bhfad níos fearr amharc ar bplean mar sin nó ar an phlean a leagadh amach sa staidéar teangeolaíoch 2007. Ar a laghad, má tá plean le hullmhú do cheantair le chéile, ba cheart go mbeadh an caighdeán Gaeilge thart ar an leibhéal céanna sna ceantair sin. Mar shampla, i nGort a'Choirce, mo cheantar féin, tá thart faoi 85% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil agus ní cheart an ceantar sin a chur isteach, mar shample, le ceantar i nach bhfuil ach 30% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil. Níl sin féaráilte ar cheachtar acu. Cruthódh sin deacrachtaí don cheantar lag agus don cheantar láidir. Caithfear idirdhealú a dhéanamh i gcásanna mar seo. Caithtfidh na spriocanna a bheidh sa phlean don cheantar lag a bheith difriúil ó na spriocanna atá sa phlean don cheantar láidir. Beidh dréachtú iomlán le déanamh ar na pleananna seo agus caithfidh difríocht a bheith eatarthu maidir leis na critéir agus na spriocanna a bheidh leagtha amach iontu. Sin an fáth go gcreidim go gcaithfear glacadh leis an leasú seo. Maidir le leasú Uimh. 14, baineann sé le hÚdarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí bunaithe ins na limistéir Ghaeltachta. Tá an leasú ag iarraidh na focail "or adjacent to" a bhaint amach as an mBille. Má tá an t-údarás i gceannas ar na pleananna seo a ullmhú, ba chóir don údarás a bheith i gceannas sa tír go hiomlán. Má tá an Bille ag moladh go mbeidh an t-údarás i gceannas sa Ghaeltacht leis an spriocanna agus na pleananna éagsúla a aontú agus a chur i bhfeidhm, ní fheictear domsa go bhfuil aon chiall leis na focail "an organisation based in or adjacent to", mar de réir an Bhille, tá an dualgas ar an údarás sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht tá Foras na Gaeilge i bhfeidhm. Níl an fhoclaíocht cruinn sa Bhille. Is féidir ciall a bhaint as sin go bhfuil an t-údarás freagrach taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Caithfidh sin bheith níos soiléire ná mar atá leagtha amach sa Bhille faoi fho-alt(4).

Tá mé ag tacú leis na moltaí atáá ndéanamh agus á bplé faoin ghné seo den Bhille. Nuair a bhí an tAire deireanach, Pat Carey, i mbun na Roinne, bhí plé idir an tAire Stáit agus é féin sa Dáil. Seo an rud a dúirt an tAire Stáit ag an am:

Aontaímid go léir go bhfuil an straitéis tábhachtach ach tá cur i bhfeidhm na straitéise níos tábhachtaí fós. Tá ceisteanna bunúsacha, tábhachtacha le freagairt ag an Aire. Má amharcann duine ar chaiteachas na Roinne don bhliain seo, agus don bhliain seo chugainn, agus na blianta amach romhainn, tá titim thubaisteach ann. In 2007, bhí€112 milliún ag an Roinn agus an bhliain seo chugainn tá€40 milliún, beagnach an rud a dúirt an Bord Snip Nua, a dúirt €36 milliún. Nach n-aontaíonn an tAire go mbeidh sé an-deacair ar fad freagracht a ghlacadh ar straitéis na Gaeilge agus ar rudaí eile a bhaineann leis an Ghaeltacht nuair atá titim chomh tubaisteach sin ar an chaiteachas atáá chur ar fáil don Roinn sa bhliain seo chugainn agus na blianta ina dhiaidh sin? Níl sin dodhéanta. Tá an Rialtas ag cleasaíocht, mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach nuair nach bhfuil sé ar intinn aige í a chur i bhfeidhm.

Cuirim i leith an Aire Stáit go bhfuil an chleasaíocht chéanna ar bun aige féin inniu. An bhfuil náire air bheith ina shuí anseo inniu tar éis an chinnidh atá déanta ag an Cheannaire sa Teach seo cosc a chur ar an díospóireacht ag 4 p.m. inniu ar ghnéithe fíorthábhachtacha den Bhille seo? Is léir go bhfuil an gilitín le himirt tráthnóna inniu agus go bhfuil Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag déanamh hatchet job ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus is mór an náire dóibh é.

Deirim sin sa chomhthéacs go bhfuil an tAire Stáit féin tar éis a rá an lá faoi dheireadh go bhfuil an próiseas le tosú maidir le daoine a roghnú le cur ar bhord Údarás na Gaeltachta, gan fiú Céim an Choiste rite sa Teach seo, gan é a bheith pléite sa Dáil, gan é a bheith sínithe ag an Uachtarán. Nach beag an meas atá ann don phróiseas daonlathach? Nach léiríonn sin an dearcadh atá ag an Rialtas i leith bhord Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil an meas céanna aige ar an Seanad, nach bhfuil sé sásta fiú go mbeadh an díospóireacht thart nuair atá na cinntí ag dul ar aghaidh? Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh na Roinne inné i gConamara le baill agus ionadaithe ó na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe nuair a dúradh leo go gcuirfí an Bille i bhfeidhm ar an bhealach seo. Níl an Bille fiú pléite agus críochnaithe sa Teach seo. Nach bhfuil náire ar bith ar an Aire Stáit, nach bhfuil meas ar bith aige ar an bpróiseas daonlathach sa Teach seo? Dá mbeadh an tAire Stáit ar an taobh seo Tí, bheadh sé ag rá rudaí cosúil leis an méid a dúirt sé go bhfuil an Rialtas ag cleasaíocht mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach nuair nach bhfuil sé ar intinn aige í a chur i bhfeidhm.

Sin atá ar bun ag an Aire Stáit anseo, cleasaíocht le seachtain go leith, ag ligean air féin go bhfuil meas aige ar an Teach seo agus go bhfuil suim aige sa straitéis a chur i bhfeidhm. Dá mbeadh suim aige sa straitéis a chur i bhfeidhm, chuirfeadh sé na hacmhainní cuí ar fáil agus níl sé ag déanamh sin. Dá mbeadh suim aige sa daonlathas, bheimis ag leanúint ar aghaidh le toghchán Údarás na Gaeltachta ach is léir nach bhfuil suim ag an Aire Stáit ná ag a chomhghleacaithe a vótáil ar maidin leis an ghilitín a thabhairt isteach.

Can I ask the Senator to stick to the amendment, the Order of Business has been agreed?

Baineann sé go dlúth leis an leasú agus míneoidh mé cén fáth. Tá mise ag tagairt, mar a bhí an tAire Stáit ag tagairt, do chur i bhfeidhm na straitéise. Tá an Bille seo bunaithe ar na limistéir teanga ina bhfuil an straitéis le cur i bhfeidhm. Tá grúpaí le bheith ainmnithe sna ceantair sin leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus tá an Rialtas ag rá gur féidir sin a dhéanamh gan acmhainní. Seo iad na ceantair phleanála teanga atá i gceist: i gCorcaigh, Múscraí agus Oileán Cléire, i gCiarraí, tá Ciarraí thiar agus Ciarraí theas, i nDún na nGall, tá tuaisceart Dhún na nGall — Fánaid, Ros Goill, an Tearmann, na Dúnaibh agus ceantar eile, tá Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, ansin tá Cloch an Fhaola, Gort an Choirce, Toraigh, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. Ina dhiaidh sin, tá Na Rosa, an Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Arainn Mhór agus Leitir Mhic an Bhaird, tá an Ghaeltacht Láir agus ansin tá Dún na nGall theas. I nGaillimh, tá an tEachréidh agus ansin tá Maigh Cuilinn, Bearna, Cnoc na Cathrach curtha le chéile. I gCois Fharraige, táimid ag caint faoin cheantar ó Na Forbacha siar go Ros an Mhíl agus faoin Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán curtha le chéile, Iorras Aithneach agus Corr na Móna, atá na mílte óna chéile, curtha le chéile agus Oileáin Árann. I Maigh Eo, tá Acaill and Tuar Mhic Éadaigh agus Iorras. I gContae na Mí, tá Ráth Chairn agus Baile Ghib agus tá Na Déise i bPort Láirge.

Caitheadh suas le €500,000 ar staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, a rinne saineolaithe ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ag comhoibriú le comhghleacaithe ó Ollscoil Mhá Nuad, ina rinneadh plé iomlán cuimsitheach trasna na tíre le daoine atá ag plé le hearnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, a chuir moltaí ar fáil, agus tá mé ag iarraidh fáil amach nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis na moltaí a rinne siad tar éis an staidéar sin ar fad a dhéanamh.

Tá mé tar éis a rá go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh beag is fiú den Teach seo, den díospóireacht agus de na leasuithe mar is léir ón méid leasuithe lenar nglac an tAire Stáit nach bhfuil sé ag tabhairt aird ar bith ar na leasuithe, ní amháin a chuir muidne síos ach a cuireadh síos ag eagraíochta agus daoine amuigh ansin atá ag plé le hearnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na blianta fada, a bhfuil saineolas acu ann chomh maith leis an Roinn.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil níos mó saineolais aige ar na ceisteanna seo ná na dreamanna eile ar fad? Bhí ionchur acu sin ar fad sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Moladh ansin go rangófaí na ceantair Ghaeltacha i rannóg A, B agus C ó thaobh na Gaeilge de. An rud atá ar bun ag an Rialtas sa Bhille seo ná ag cur na gceantar seo i mullach a chéile.

Léiríonn sin cúpla rud dom. Léiríonn sé, b'fhéidir, gur cuma leis an Aire Stáit sa diabhal faoi iad a bheith caite isteach i mullach a chéile nó nach dtuigeann sé go mbeidh sé an-deacair pleananna cuimsitheacha teanga a bheidh éifeachtach a chur i bhfeidhm sna ceantair sin mar gheall ar na codarsnachtaí atá ann ó thaobh leibhéal labhairt na Gaeilge sna ceantair féin. Tóg Cois Fharraige, ó na Forbacha siar go dtí Ros an Mhíl, ceantar uafásach leathan. Ní ionann an caighdeán Gaeilge agus an méid daoine atá ag labhairt na Gaeilge sna Forbacha agus atá thiar i Ros an Mhíl. Tá riachtanais iomlán difriúla acu agus tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeadh eagraíocht amháin as an gceantar sin ag cur an phlean teanga i bhfeidhm ar fud an cheantair sin ar fad. Cén saineolas a tugadh ar bord go ndeachaigh an Rialtas i gcoinne na moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch maidir leis na limistéir A, B agus C? An airgead amú a bhí sa méid airgid a chaith muid ar an staidéar sin nó an bhfuil an tAire Stáit ina Aire Stáità la carteó thaobh an staidéir de, ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd? Má tá an tAire Stáit ag déanamh sin, tá sé ag déanamh dearmaid agus tá sé ag dul buille an bháis a thabhairt don Ghaeilge seachas í a slánú mar a dúirt sé féin atá sé ag iarraidh a dhéanamh. An rud a dúradh sa staidéar cuimsitheach ón léamh a rinne mé air ná go raibh práinn leis na moltaí ach gur gá na moltaí ar fad a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Níl an tAire Stáit ag déanamh sin sa Bhille seo.

Sin an fáth go bhfuilimid ag cur leasuithe chun cinn maidir leis na limistéir atá an tAire Stáit ag ainmniú. Cén fáth sa diabhal go bhfuil an tAire Stáit ag cur áiteanna cosúil le Iorras Aithneach agus Corr na Móna, atá iomlán difriúl óna chéile, atá mílte óna chéile, isteach san áit amháin? Níl aon nasc traidisiúnta ag an dá cheantar sin lena chéile, ní bhíonn aon ghluaiseacht mhór pobail idir Corr na Móna agus Iorras Aithneach. Ansin, tá an tAire Stáit ag tógáil cheantar Thuar Mhic Éadaigh agus á chur isteach le hOileán Acaill. Is daoine breátha iad muintir Thuar Mhic Éadaigh agus muintir Acla ach is mó teacht le chéile a bhíonn ag muintir Thuar Mhic Éadaigh agus muintir Chorr na Móna lena chéile mar tá an dá cheantar buailte ar a chéile. Is pobal dhúiche Sheoigheach a bhíonn ansin a thagann le chéile.

Níl mórán céille ag baint leis an leagan amach atá déanta ach caithfidh an tAire Stáit tógáil san áireamh staid na teanga sna bailte éagsúla taobh istigh de na limistéir atá déanta ag an Roinn. Sin atá molta sna leasuithe atá a gcur chun cinn anseo: agus an tAire limistéir shonracha a ainmniú, cuirfidh an tAire san áireamh staid na Gaeilge sa phobal atá ina gcónaí sa limistéir sin agus ní ainmneoidh sé limistéir ina bhfuil cónaí ar phobal atá neamhchosúil lena chéile go teangeolaíoch.

Beidh na Seanadóirí Rialtais agus Seanadóirí eile san Fhreasúra ag rá"cén dochar?". Ag brath ar an eagraíocht atá le roghnúó thaobh chur chun cinn an phlean teanga sa cheantar sin, d'fhéadfadh leatrom a bheith ann ó thaobh amháin den phobal nóón taobh eile. Mar shampla, agus níl mé ag rá go dtarlóidh seo, ó thaobh na Forbacha go Ros an Mhíl, cén eagraíocht a roghnóidh an tAire chun an plean a chur i bhfeidhm? Abair go bhfuil tromlach ann ó thaobh an cheantair sin ina bhfuil an Béarla in uachtar, agus é ag teacht níos láidre. Luíonn sé le réasún go mbeidh daoine ón taobh sin ag troid go gcaithfear níos mó acmhainní ar an taobh sin, san áit ina bhfuil daoine ag foghlaim Gaeilge agus nach bhfuil an pobal chomh láidir, agus go mbeifear ag déanamh neamhshuim den dream atá láidir ó thaobh na Gaeilge, atáá labhairt mar theanga pobail agus mar sin de. Sin an cineál lochta a fuaireadh ar scéim na gcúntóirí teanga, scéim a raibh sibh in ainm agus a bheith ag déanamh athbhreithnithe air agus scéim nua a thabhairt chun cinn. Dúradh go raibh an scéim dírithe, nuair a thosaigh sé, go huile agus go hiomlán ar fhoghlaimeoirí Gaeilge, in áit a bheith ag díriú ar shaibhriú teanga ar an dream a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu sna tithe. Is dóigh liomsa gur sin an fáth gur mhol an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go gcaithfear sonrú a dhéanamh idir na limistéir A, B agus C. Sna limistéir A, tá an Ghaeilge i ndáiríre ina teanga pobail, á labhairt ag na teallaigh agus sna scoileanna agus le cloisteáil sa séipéal, sna siopaí agus sna gnóthaí agus mar sin de. Má chuirtear na ceantair eile isteach ina mullach orthu, ní bhfeifear in ann fócas mar is ceart a chur ar na hacmhainní teoranta atáá n-úsáid.

An cheist mhór eile ná an é go bhfuil an tAire Stáit ag magadh fúinn, ag ligean dúinn an díospóireacht seo a chur cinn agus ansin cruinnithe a eagrú leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe agus ag rá leo go mbeidh an buiséad níos lú, ach go mbeidh sé ag cur ualaigh breise oibre orthu? Ní bheidh siad in ann é a dhéanamh. D'admhaigh an tAire Stáit féin dhá bhliain ó shin nuair a bhí roinnt airgid fós fágtha, go raibh an buiséad gearrtha go feirc ag an údarás agus go raibh brú ar na comharchumainn. An bhfuil a chloigeann sna scamaill ag an Aire Stáit nó an bhfuil sé ag magadh fúinn? An gcreideann sé an rud atáá rá aige nó an ceap magaidh é seo? An bhfuil sé ina phuipéad ag an Aire Airgeadais agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá ag déanamh ciorruithe agus ag cur na gciorruithe sin i bhfeidhm, agus é ag déanamh iarrachta a chur ina luí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil siad dáiríre? Dá mbeadh siad dáiríre, bheadh siad ag cur an airgid ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Tóg mar shampla ceann de na limistéir pleanála teanga agus má tá, mar shampla, ranganna Gaeilge ag teastáil sna Forbacha, cé tá chun iad sin a chur i bhfeidhm? An hfuil daoine ón údarás nóón Roinn chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce mar gur státseirbhísigh iad? An dtiocfaidh siad trasna tráthnóna ag a seacht a chlog mar go bhfuil sé sa phlean teanga atá ag an gceantar sin go dteastaíonn ranganna Gaeilge? Níl an t-airgead ag na comharchumainn lena leithéid a chur ar bun. Má táimid ag iarraidh na Gaeilge a chur chun cinn, caithfear acmhainní a chur ar fáil.

Tá amhras orm go bhfuil cur i gcéill ar bun. Tá amhras orm go bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn chun ligean orthu go raibh díospóireacht fiúntach anseo agus gur phlé muid an Bille le huaireanta fada. Ach i ndáiríre, níl ar bun acu ach ag cur suas facade go bhfuil siad ar son na Gaeilge nuair atá fórsaí eile sa Rialtas, idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre atá diongbháilte ar deireadh a chur le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht, deireadh a chur leis an mhaoiniú agus ar mholtaí McCarthy agus an bord snip nua a chur i bhfeidhm, beag beann ar na riachtanais. Cuirfidh siad an milleán ansin ar an troika agus mar sin agus iad ag ochón nach bhfuil aon airgead againn agus go bhfuil orthu na ciorruithe a chur i bhfeidhm, ach iad ag rá go bhfuil an t-ádh linn go bhfuil údarás againn.

Throid muid ar son an údaráis. Throid daoine a chuaigh romham ar son an údaráis. Throid siad ar son an daonlathais agus troidfidh muid arís. Táimid chun na leasuithe atá curtha chun cinn agus táim ag súil go mór le freagraí an Aire Stáit ar na cheisteanna a d'ardaigh mé.

D'éist mé leis an bheirt Sheanadóirí. Bhí am agam éisteacht leis an méid a bhí le rá acu. Ó cheapadh mise i m'Aire Stáit, ceann de na ceisteanna is mó a tháinig aníos sa Dáil le linn tráth na gceist seachtain i ndiadh seachtaine, mí in ndiaidh míosa, ná cad atáá dhéanamh ag an Aire agus an Rialtas mar go bhfuil an straitéis 20 bliain ann agus go bhfuil bliain imithe gan faic na fríde déanta. Deirtear go bhfuil muid ag cur dallamullóg ar an bpobal, ar an nGaeltacht agus ar ghach éinne agus go bhfuil cleasaíocht ar siúl againn. Má tá cleasaíocht ar siúl ag éinne, is istigh anseo leis an bhFreasúra atá an chleasaíocht. Ní seo an chéad uair do chuid den bhFreasúra an chleasaíocht a chleachtadh, mar tá cleasaíocht ar siúl acu i ngach réimse de shaol na tíre, ní hamháin ar réimse na Gaeltachta. Le reifrinn agus gach rud eile, is í an chleasaíocht the lowest common denominator.

Tá mise bródúil agus mórtasach gur éirigh liom Bille Gaeltachta a thabhairt isteach. Ainneoin an méid adúirt na Seanadóirí, tá an Bille anseo anois. Tá plé leathan déanta ar na rudaí seo le blianta anuas, ar choimisiún Gaeltachta, suirbhé teangeolaíochta, teagmháil le pobal na Gaeltachta agus straitéis 20 bliain. Anois tá Bille Gaeltachta againn, agus táthar ag rá nach raibh aon seans acu anseo plé a dhéanamh air, nach raibh aon seans ag an nGaeltacht plé a dhéanamh air, go bhfuil muid ag brú rudaí agus go bhfuil gilitín ann agus mar sin de. Seo an chéad uair atá gilitín ann, ach tá plé an-fhada déanta ar an mBille cheana féin. Ar ndóigh, sílim go mbeidh tuilleadh plé an tseachtain seo chugainn ar an mBille. Fair play, beidh mise anseo. Tá mise sásta teacht isteach lá i ndiaidh lae agus é a phlé, chomh fada agus a fhanann muid taobh istigh de rialacha an Tí seo.

Deirtear nach bhfuil muid ag déanamh aon phlé leis na ceantair Ghaeltachta. Táimid ag déanamh plé leo. Tá an Seanadóir féin i ndiaidh a rá go raibh an Roinn amuigh le cúpla lá agus go raibh siad ag plé seo le muintir Chonamara agus muintir na Gaeltachta san iarthar. Táthar i mo cheantar féin, i dTír Chonaill, ag plé agus ag dul i gcomhairle leis na daoine thuas ansin. Beidh siad i gCúige Mumhan agus Cúige Laighean gan mhoill agus beidh siad i nGaeltacht na Mí gan mhoill. Tá siad ag dul timpeall na tíre. Tá siad amuigh ag plé leis na pobail agus níl an Bille reachtáilte agus nílim chun aon leithscéal a ghabháil maidir leis sin. Táimid ag ullmhú an talaimh. Muna raibh siad amuigh, bheadh an Seanadóir Ó Clochartaigh ag rá nach bhfuil muid dáiríre agus nach bhfuil muid i dteagmháil le pobal na Gaeltachta. Tá sé ag labhairt amach ó dhá thaobh a bhéil. Tá sé ag déanamh sin ó thosaigh sé anseo. Tá sé in am aige smaoineamh ar mhuintir na Gaeltachta, seachas a bheith ag déanamh political football den rud. Sin an méid a bhfuil séábalta a dhéanamh.

Tá cleachtadh maith ag an Aire Stáít ar sin a dhéanamh.

Labhair an Seanadóir faoi quangos an lá eile.

Ní raibh. B'shin an Seanadóir Ó Domhnaill.

Níl mise chun éisteacht le Trevor Ó Clochartaigh ag caint ar quangos anseo.

Ar phointe oird, ba mhaith liom a chur ar an taifead nár luaigh mise an focal "quango" aon uair a labhair mé an fhad agus a bhí muid ag labhairt ar seo an tseachtain seo caite. Tá dul amú ar an Aire Stáit agus ba chóir dó sin a tharraingt siar. Is é an Seanadóir Ó Domhnaill a luaigh quangos an tseachtain seo caite agus ba mhaith liom go dtarraingeodh an tAire Stáit siar an ráiteas, mar is léir go bhfuil——

The Senator should resume his seat.

Bhí an Seandóir ag caint faoi bhoird agus mar sin de. Dúirt mise go mbeidh bord ar Údarás na Gaeltacht as a mbeidh muid bródúil, má bhíonn an deis agam é sin a dhéanamh agus má théann an Bille tríd an dá Theach seo agus má shíníonn an tUachtarán é. Tá bord agus daoine i dTuaisceart Éireann, ach fiú amháin, muna bhfuil an creideamh ceart ag duine, ní gheobhaidh séáit ar an bloody board. Coinnítear daoine ó bhord ansin mar nach bhfuil an creideamh ceart acu, ní amháin polataíocht, mar shampla, an bord uisce thuas ansin. Scannal mór atá ansin. An é sin an rud atá i gceist ag an Seanadóir?

Cén fianaise atá ag Aire Stáit faoi sin? Tabhair an fhianaise dúinn má tá sé ann. Sin bréag.

Tá sé le léamh ar pháipéir na tíre.

Má chreideann an tAire Stáit chuile shórt a léann sé ar na páipéir——

Ar phointe oird, tá leasú tar éis teacht isteach ón Rialtas ar an ríomhphost díreach anois. Tá sé scanalach go bhfuil leasú ag teacht isteach anois. Caithfimid stop a chur leis an díospóireacht seo. Níl sé ceart dul ar aghaidh mar seo. Tá daoine sásta díospóireacht a dhéanamh ar an mBille, ach tá leasuithe ag teacht isteach chuig na hoifigigh. Tá sin scanalach agus náireach.

Is the Senator calling a quorum? No, just raising a point of order. With regard to those trying to listen to the translation, the volume has decreased in the past five minutes and I have asked for the volume to be raised. It is because of the lack of volume we are struggling with this.

Aontaím leis an Seanadóir Byrne. He has pointed out something very important. We are in here debating and do not have access to our e-mails or printers. We can get e-mails on our I-phones, but we do not have access to the additional amendments from the Government.

My understanding is that it is not an additional amendment, just a correction to the text. I understand there are not new amendments.

Is cuma más athrú atá ann, sin leasú.

We have not seen the changes. We are in here debating the Bill and Committee Stage is to be guillotined at 4 p.m. This is not the way to do business.

Cé nach n-aontaím go minic leis an méid a bhíonn le rá ag an Aire Stáit, sílim gur ceart go mbeadh a chomhghleacaithe anseo leis an meas atá acu ar Bhille na Gaeltachta a léiriú. Tá sé scanalach nach bhfuil níos mó acu anseo agus mar sin ba mhaith liom córam a ghlaoch.

Notice taken that 12 Members were not present; House counted and 12 Members being present,

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 11 go 14 go huile le chéile. Tá sé mar aidhm ag an mBille seo feidhm reachtúil a thabhairt don phróiseas pleanála sa Ghaeltacht trí dheis a thabhairt do na pobail éagsúla Gaeltachta plean——

On a point of order, I would like a ruling on amendment No. 143. The ruling I am seeking is that the amendment was not envisaged when the House made a decision on the Order of Business this morning to guillotine the Bill. I want a ruling, therefore, that the amendment is not part of the guillotine and cannot be considered by the House. If it is to be considered by the House, Committee Stage should be extended and the guillotine removed. We did not know this amendment would be before us when the House agreed the use of the guillotine.

The amendment to amendment No. 143 is a technical correction to the Irish version and we will deal with it when we come to amendment No. 143. I suggest we continue and listen to the Minister of State. We are now dealing with amendments Nos. 11 to 14.

With all due respect, can I make a point about technical corrections? Every amendment to legislation is a technical correction, that is the whole point. That is not an excuse. This is a disgrace and an abuse of democracy.

I have noted the Senator's point.

Are the tactics of the Government to ensure we never get near amendment No. 143? That is what the Government is doing.

Beidh 19 limistéar pleanála teanga i gceist dá réir. Beidh na pleananna ullmhaithe faoi réir rialachán a tharraingeoidh suas na critéir le haghaidh pleanála teanga. Tá an 19 ceantar bunaithe cuid mhaith ar na limistéir le haghaidh pleanála atá in úsáid ag Údarás na Gaeltachta cheana féin. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús maith daonra sna ceantair éagsúla agus beidh mórphlean teanga le réiteach ina leith.

Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla taobh istigh de na limistéir le haghaidh pleanála teanga. I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge iontu, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail, agus i gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.

Is cur chuige praiticiúil é seo a thugann aitheantas don phrionsabal gur faoin bpobal atá sé, i ndeireadh na dála, cinneadh a thógáil maidir le todhchaí na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail agus beart dá réir a dhéanamh le tacaíocht chuíón Stát. Beidh deis ag na pobail teanga atá níos láidre ag limistéar pleanála teanga spreagadh a thabhairt do na pobail teanga eile nach bhfuil chomh láidir sin. Ar scáth a chéile a mhairfidh siad. Níl sé beartaithe mar sin agam idirdhealú a dhéanamh faoin reachtaíocht idir catagóirí A, B agus C, mar a rinneadh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo dá réir.

Tá dul amú ar an Aire Stáit maidir leis an gcur chuige atá aige. Nuair a rinneadh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, rinneadh go leor staidéir agus baineadh úsáid as go leor fíricíéagsúla a bhain le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, ceann amháin acu sin ná scéim labhairt na Gaeilge.

Thug scéim labhairt na Gaeilge le fios cé mhéad duine óg a chur isteach ar an deontas áirithe sin. Tá an tAire Stáit ag iarraidh fáil réidh leis an scéim mar bhraith sé nár chóir go mbeimis ag íoc airgid le daoine sa Ghaeltacht le bheith ag labhairt na Gaeilge. Sin díospóireacht le haghaidh lá eile. An rud eile a bhíúsáideach maidir le scéim labhairt na Gaeilge ná gur thug sé slat tomhais dúinn ar cé mhéad Gaeilge a bhíá labhairt sna ceantair éagsúla agus tá sin imithe anois.

Luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill go ndéanfar áireamh ar staid na Gaeilge sna ceantair. Cén chaoi go bhfuil sé i gceist ag an Aire an cuntas sin a dhéanamh maidir le dul chun cinn nó easpa dul chun cinn atá a dhéanamh ar na pleananna teanga sna limistéir éagsúla? Cén chaoi go bhfuil sé ag dul a mheas go bhfuil níos mó nó níos lúá labhairt iontu agus dá bhrí sin, cén slat tomhais atá aige go bhfuil plean ag obair nó nach bhfuil ag obair? An mbraitheann sé ar cén ghiúmar atá ar an Aire Stáit maidin Luain nó chuaigh sé chuig coisir sa Spidéal agus bhí an-chraic ann agus labhair daoine an Ghaeilge leis, nó a mhalairt, go ndeachaigh sé go dtí na Forbacha agus go raibh sé ina sheasamh taobh amuigh den údarás agus gur áirigh sé roinnt daoine ag siúl thairis suas an bóthar agus iad ag Béarlóireacht eatarthu? An mbeadh an tAire Stáit ansin ag déanamh a chinnidh féin go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun cinn nó nach bhfuil? Cá bhfuil na critéir? Cén phróiseas atá le measúnú leanúnach a dhéanamh ar dul chun cinn na bpleananna? Tá sin tábhachtach sa chás seo mar ní hé an slat tomhais céanna a bheidh in úsáid sna ceantair éagsúla. Cuirim i gcás, agus an tAire Stáit ag cur Thur Mhic Éadaigh isteach le hAcaill, má thiteann an tóin as Gaeltacht amháin acu ó thaobh labhairt na Gaeilge, an bhfuil an tAire Stáit chun an ceantar iomlán a tharraingt anuas?

In éagmais scéim labhairt na Gaeilge, cén slat tomhais atá ag an Aire Stáit? An mbeimid ag fanacht leis an daonáireamh chuile roinnt blianta? Má táimid, beidh an Ghaeilge básaithe go maith faoin am a bheidh an straitéis curtha i bhfeidhm. Má tá orainn fanacht leis an daonáireamh chuile uair a thagann sé chun cinn, ní bheidh an Roinn in ann measúnú leanúnach a dhéanamh ó sheachtain go seachtain maidir le dul chun cinn na bpleananna sna ceantair éagsúla.

Baineann seo leis an 19 limistéar. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis an saineolas ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge? Cén fáth nach bhfuil sé ag glacadh leis an saineolas a bhí ag Ollscoil Mhá Nuad, a raibh ionchur láidir aici maidir leis an staidéar teangeolaíoch? Dúirt an tAire Stáit féin go raibh muid blianta fada go dtí go raibh coimisiún na Gaeltachta ann, agus bhí, go dtí go raibh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch againn, bhí, go dtí go raibh ráiteas Rialtais againn i leith na Gaeilge, bhí, agus ansin go dtí go raibh an straitéis 20 bliain ann. Bhí go leor plé ann agus rinneadh ant-uafás moltaí ach tá an tAire Stáit ina Aire Stáità la carte ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd. Tá seo déanta aige leis an straitéis 20 bliain agus anois le Bille na Gaeltachta. Níl sé ag cur na straitéise ina hiomláine nó na moltaí uilig sa staidéar cuimsitheach i bhfeidhm. Tá sé ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd. Bhí go leor plé ann; sin an fáth go bhfuil an díospóireacht seo chomh tábhachtach, mar faoin chur chuige atá ag an Rialtas, ni chuirfear i bhfeidhm na moltaí a rinneadh.

Bhí na moltaí sin bunaithe ar shaineolas acadúil, ionchur ó na pobail agus ionchur ó na páirtithe polaitíochta ar fad. Tá an tAire Stáit ag déanamh beag is fiú díobh agus tá a chomhghleacaithe Rialtais ag aontú leis agus fiú, mar a rinne siad an lá faoi dheireadh, ag tabhairt bualadh bos dó as an dea obair, mar dhea, atáá dhéanamh aige. Ar ndóigh, ní thuigeann siad an dochar atáá dhéanamh acu agus is mór an náire dóibh é sin.

I remind Senators that they should stick to the amendments before us.

D'éist mé go cúramach leis an bhfreagra a thug an tAire Stáit. An fhadhb a fheicim anseo ná má tá sé chun ceantair atá níos laige ná ceantair eile a chaitheamh le chéile, ní oibreoidh sin. Níl aon bhunús eolaíochta ná teangeolaíochta le é sin a dhéanamh. Sa bhliain 2007, chuir an Rialtas ag an am staidéar teangeolaíoch ar fáil ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht. Staidéar proifisiúnta a bhí ann ina raibh moltaí sonracha faoin nGaeltacht a bhriseadh suas i ranna A, B agus C, ach tá cuma ar an scéal anois go bhfuil na moltaí agus an obair sin curtha ar leataobh agus go bhfuil slat tomhais úr ann anois.

Tá ceisteanna agam faoi seo. Cén fáth an bhfuil an staidéar sin fágtha ar leataobh? Cén fáth nach bhfuil na moltaí sa staidéar i dtaca le ceantair Ghaeltachta á chur san áireamh sa Bhille seo? Cad iad na critéir atá in úsáid ag an Roinn agus an Rialtas leis an 19 ceantar atá molta a tharraingt le chéile? Cé a rinne an cinneadh na ceantair sin a tharraingt le chéile? An raibh aon phlé leis an gCoimisinéir Teanga i dtaca leis an 19 ceantar seo? An raibh aon phlé le Údarás na Gaeltachta agus an rannóg pleanála teanga san údarás i dtaca leis an 19 ceantair atáá tharraingt le chéile. Muna bhfuil freagraí le fáil ar na ceisteanna bunúsacha seo, taispeánfaidh sin na laigí le seo, ach fanfaidh mé anois leis na freagraí.

Maidir leis an 19 ceantar Gaeltachta, tá siad go léir lonnaithe taobh istigh de cheantair aitheanta Gaeltachta. Ní smaoineamh úr é 19 ceantar Gaeltachta a bheith ann, mar táÚdarás na Gaeltachta ag plé ar bhonn teanga leis na 19 ceantar seo le 30 bliain anuas. Táimid anois ag díriú isteach ar cheantair ansin a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le chéile agus a bheith ag comhoibriú leis an údarás. Ar ndóigh, cinnteofar na ceantair sna rialacháin a dhéanfar nuair a rachaidh an Bille tríd an Teach. Tá a fhios agam go bhfuil ceantar anseo agus ceantar ansiúd agus gur mhaith leo athruithe beaga. Sin an fáth go bhfuil oifigigh na Roinne amuigh i láthair na huaire ag dul ar fud na tíre agus ag éisteacht le muintir na Gaeltachta agus leis na heagraíochtaí. Más gá leasuithe a dhéanamh anseo agus ansiúd, beidh sin sna rialacháin. Níl insan mBille ach deis dúinn na rialacháin a thabhairt isteach agus iad a chur i bhfeidhm.

Labhair an Seanadóir faoin staidéar teangeolaíoch agus na ceantair teanga A, B agus C agus mar sin de. Níl a fhios agam an aontódh fiú an Seanadóir é féin leis na catagóirí go léir a rinne an staidéar teangeolaíoch. Tá aithne mhaith aige ar cheantar Rann na Feirste. Tá mé féin im chónaí in aice leis. Ní shílim go bhfuil duine ar bith nach n-admhódh go bhfuil scoth na Gaeilge i Rann na Feirste, ach ní raibh sé i gcatagóir A ar chor ar bith. Bhí sé i gcatagóir B nó C agus bhí raic uafásach ann de bharr sin. Rud amháin é a rá linn cloí leis sin, ach bhí deacrachtaí le sin a dhéanamh, ní hamháin i Rann na Feirste ach in áiteanna eile. Tá na feidhmeannaigh amuigh anois. Tá siad thuas i dTír Chonaill inniu agus bhí siad thiar inné. Tá siad ag dul thart le dearcadh an phobail a fháil. Maidir leis na pleananna teanga seo, is pleananna an phobail iad. Ní pleananna Údarás na Gaeltachta iad, pleananna an phobail féin.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi scéim labhartha na Gaeilge. Níl an scéim sin ann a thuilleadh mar rinneadh cinneadh deireadh a chur leis an scéim. Rinneadh an cinneadh sin sular tháinig mé féin isteach sa Roinn. Déarfaidh mé seo áfach, dá ma rud é gur éirigh leis na scéim sin, a bhí ar bun le idir 60 agus 70 bliain, an cuspóir a bhí aige a bhaint amach, ní bheadh aon ghá inniu le Bille Gaeltachta mar bheadh muintir na Gaeltachta go léir ag labhairt na Gaeilge. Mar atá a fhios againn anois, sa daonáireamh deireanach tá 96,000 duine ina chónaí sna ceantair Ghaeltachta — chuaigh an méid in airde — ach ní labhraíonn ach 23,000 acu sin Gaeilge go laethúil, duine as gach ceathrar. Tá a fhios againn go léir go bhfuil ceantair sa Ghaeltacht atá níos laige ná ceantair eile agus ceantair atá níos láidre ná ceantair eile. Táimid ag iarraidh na ceantair aiceanta a thabhairt le chéile ionas go mbeidh an taobh láidir, an áit ina bhfuil an Ghaeilge fréamhaithe, in ann tionchur a imirt ar an dream eile agus an caighdeán a thabhairt aníos de réir a chéile. Sin an rud atá i gceist againn. Tá seanfhocal sa Ghaeilge: "Ar scáth a chéile a mhaireann na sléibhte." Is cinnte gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus gur ar scáth a chéile a mhairfidh an Ghaeilge agus muintir na Gaeltachta. Tá mise lán sásta.

Inné chaith mé cúpla uair a chloig i gCluain Dolcáin, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuala mé trácht ar Chluain Dolcáin agus an obair iontach atáá dhéanamh acu ansin maidir leis an nGaeilge agus an teanga. Chuaigh mé amach ansin inné le cuid d'oifigigh na Roinne agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh an méid atá ar siúl amuigh ansin i bhfeidhm go mór orm. TáÁras Chrónáin ansin ag freastal ar an bpobal, ó na daoine óga go dtí na daoine meán aosta agus seandaoine. Tá imeachtaí Gaeilge ar siúl, ceol, cultúr, traidisiún agus teanga ag dul ar aghaidh ansin seacht lá na seachtaine. Níor tháinig éinne ann as an nGaeltacht nó as aon áit eile ach ó phobal Chluain Dolcáin agus chuaigh siad agus an áras i bhfeidhm go mór orm de bharr an méid Gaeilge a bhí le feiceáil agus na comharthaí Gaeilge a bhí ann. Tá 1,200 dalta ansin, there are 1,200 boys and girls in that area of Clondalkin. Bhí mé ag caint le fear ó Chonradh na Gaeilge faoi seo agus d'aontaigh sé liom go bhfuil an-obair á dhéanamh ansin, gan brú orthu óéinne. D'fhéadfaí a rá go bhfuil Gaeltacht ansin. Tá líonra Gaeilge ann agus tá na buachaillí agus na cailíní ansin ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm.

Ní raibh na daoine seo ag brath ar Bhille na Gaeilge, ní raibh siad ag brath ar Bhille na Gaeltachta, ní raibh siad ag brath ar an Rialtas ná ní raibh siad ag brath ar Dinny McGinley, Pat Carey náÉamon Ó Cuív. Rinne siad féin an rud atá déanta acu. Caithfidh muid anois féachaint an féidir linn an dea-thoil agus an dea-mhéin sin don teanga atá ar fud na tíre a thabhairt linn. We must harness that good will, that understanding and that sympathy for the language that I found in Clondalkin. We must try to harness that, but not through coercion. We must ask the people to make up their own minds, while offering them all the advice and help we can, and let them do it themselves. That has been proved.

Bhí mé i mBeanntraí trí seachtain ó shin ag oscailt Gaelscoile, cé nach bhfuil Beanntraí sa Ghaeltacht. Tá 200 dalta sa scoil sin agus bhí na tuismitheoirí ag an oscailt. Níor thug éinne ordú dóibh Gaeilge a labhairt, ach fós dúirt na tuismitheoirí go raibh siad ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Fuair siad scoil úr agus bhí daltaí ann ó thrí nó ceithre bliana d'aois suas go dtí 12 agus iad ag labhairt na Gaeilge go nádurtha. Ní raibh coercion ná brú orthu. Tháinig siad go deonach as a stuaim féin. Tá an rud atá ag dul ar aghaidh i gCluain Dolcáin agus Beanntraí ag dul ar aghaidh ar fud na tíre. Tá idir 150 agus 200 Gaelscoil ar fud na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na líonraí sin ann agus níl siad chun éisteacht le brú, caithfimid iad a mholadh. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Mol na daoine seo agus tiocfaidh siad linn, ná cuir brú orthu.

Tá mé ag imeacht ón bpointe ach níl Seanadóir amháin anseo a chloígh leis an bpointe ó tháinig mé isteach. Ba mhaith liom an oiread seo a rá faoi acmhainní. We are in a different country. Bhí an Seanadóir ag caint faoi rudaí mar a bhí siad trí bliana ó shin. Tá a fhios aige go maith cad a tharla le trí bliana anuas; tá acmhainní teoranta againn, níl dabht faoi sin. Dá n-éistfimis le Sinn Féin cúpla seachtain ó shin, agus dá votálaimis "No" sa reifreann, ní bheadh aon acmhainní ann ar a chor ar bith. We would be the beggar men of Europe. Buíochas le Dia, níor éist muintir na hÉireann le Sinn Féin.

Fan go bhfeicfimid an toradh a bheidh ar an reifreann.

Níor éist siad leis an phraiseach agus leis an amaidí a bhí ar siúl ag Sinn Féin. Anois, táimid ag fáil cuidiúón Eoraip agus tá mise dóchasach sna blianta amach romhainn, le cuidiú Dé, go mbeidh níos mó acmhainní le fáil againn leis an phlean seo a chur i bhfeidhm.

É sin ráite, agus tá mé ag diriú mo shúl ar an economist atá inár measc, an Seanadóir Barrett ó Choláiste na Tríonóide, táimid chun €60 milliún i mbliana a chur isteach sa Ghaeilge sa tír seo. Ní suim bheag í sin. Táimid ag cur €500 milliún isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna le teagasc na Gaeilge a chur chun cinn. Níl mise sásta go bhfuilimid ag fáil luacha ar ár gcuid airgid agus sin an fáth go bhfuil comhráití ag dul ar aghaidh idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i láthair na huaire. Beidh athruithe móra ag teacht ar theagasc na Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Táimid ag cur acmhainní isteach sna meáin chumarsáide, TG4. Moladh go deo le hUachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus le Fine Gael nuair a bhí siad i gcumhacht, gur bhunaigh siad TG4.

Ar phointe oird, nuair a rialaigh an Cathaoirleach Gníomhach ar ball beag go raibh muid ag imeacht ón bpointe, stopadh sinn. Tá an tAire Stáit imithe ar strae ar fad ón bpointe. Ba cheart a rá leis coinneáil leis an bpointe.

Níl ag an Aire Stáit ach é féin agus tá iallach air freagra a thabhairt do gach duine.

Táimid ag cur acmhainní isteach i Raidió na Gaeltachta. Táimid ag cur acmhainní isteach sna foilseacháin Ghaeilge. Déarfainn go mbeadh €1 billiún sa bhliain curtha isteach againn. B'fhéidir nár leor é ach táimid ag brath ar dhaoine an t-airgead a thabhairt dúinn. Nuair a gheobhaimid ár neamhspleáchas eacnamaíochta, when we regain our economic and financial independence, tá súil agam go mbeidh níos mó airgid le cur isteach.

Níl, áfach, airgead chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais. No, people cannot be bought to speak a language, it has been proved again and again. Mar a dúirt mé, níl ach dóigh amháin leis an nGaeilge a choinneáil slán sa Ghaeltacht agus le daoine a chuidiú taobh amuigh den Ghaeltacht: iad a mhealladh agus a mholadh, agus comhairle agus cuidiú a thabhairt dóibh. Dá n-éireodh leis an straitéis a bhí againn ó bunaíodh an Stát, ní bheadh aon fhadhb agam inniu agus sinn go léir ag labhairt Gaeilge agus ní bheadh deacracht ag éinne. Tá mise ag iarraidh tarrtháil a thabhairt ar an nGaeltacht, tá mé ag iarraidh cuidiú leis an nGaeilge ar fud na tíre agus sin an fáth go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an mBille atá againn ag an bpointe seo. Sin an fáth nach mbeidh mé ag glacadh le haon cheann de na leasuithe seo, leasuithe Uimh. 11, 12, 13 nó 14.

Listening to the Minister of State on the reason so many people do not speak Irish in the country, 60 or 70 years of bad language, I am a victim of that, I am the classic case, coming from an area in Donegal.

No different from anyone else in the country.

I went through national school and secondary school and had an Irish class every day for 15 years. I am embarrassed to say that I have more French than Irish, and I do not speak French very well. We should be in a situation where I could speak Irish comfortably because I spent 15 years learning it at school. If we continue to do this, the next generation will have the same Irish ability as I have. My own bean chéile, my wife, is fluent, from west Donegal, and that rubbed off on my children, who had good academic results in Irish. As well as that, they went to the Gaeltacht every summer, and that was a massive help.

Sinn Féin, which espouses the Irish language, has shown less than glorious commitment in Northern Ireland. On top of that, the MLAs all come to their holiday homes in west Donegal but refuse to pay the local charge in the Gaeltacht areas.

On a point of order. Tá an Seanadóir ag vafláil faoi rudaí nach bhfuil baint dá laghad acu leis na sonraí. Má tá sé ag iarraidh a bheith ag tabhairt amach faoi Shinn Féin, ligtear dó, ach níl sé ag labhairt ar na leasuithe.

I would ask the Senator to stick to the amendment.

I am making a valid point.

I would like Senators to stick to the amendments before us. We are on Committee Stage and discussing amendments Nos. 11 to 14.

I want to reiterate the Minister of State's remarks that the previous Administrations' policies, even the previous Fine Gael-Labour Governments in the 1970s and 1980s, did not deliver the Irish language tuition all children in this country should have. I spoke recently to a Polish person in Poland, and I was told they learn Russian first.

That is not relevant to the amendment.

It is relevant because they were not taught Polish, they had to learn Russian.

I am trying to apply the same rules to all Senators.

Tá mé ag éisteacht go cruinn. Dúirt an tAire Stáit go leor ach níor fhreagair sé aon cheist a cuireadh air maidir leis na leasuithe áirithe seo. Labhair sé faoi scéim labhairt na Gaeilge agus an chaoi a cuireadh deireadh leis. An cheist a chuir mise faoin scéim ná bhí na figiúirí don dream a bhí ar an scéim sin á n-úsáid le slat tomhais a bheith ann maidir le húsáid na Gaeilge agus bhí daoine in ann a fheiceáil tríothu an raibh níos mó nó níos lú daoine óga ag labhairt na Gaeilge. D'iarr mé cén phróiseas atá ann le measúnú leanúnach a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge in éagmais a leithéid agus an bhfuilimid ag brath ar an daonáireamh amháin.

Luaigh an tAire Stáit an €60 milliún atáá chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bheadh sé go breá dá dtabharfadh an tAire Stáit briseadh síos dúinn ar cad go díreach ar a bhfuil an €60 milliún sin á chaitheamh agus an bhfuil sé ar fad á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit agus ar gach duine ar bhinsí an Rialtais. Tá achoimre agam anseo ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cén fhad a chaith an tAire Stáit á leamh? Ar léigh aon duine eile dá chomhghleacaithe ar bhinsí an Rialtais an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht?

Seo an moladh a rinneadh, agus tá seo ag tagairt go sonrach do na limistéir Ghaeltachta, go ndéanfar leasú maidir leis na limistéir Ghaeltachta:

Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur limistéar Gaeltachta de chuid:

(i) Chatagóir A iad limistéir shainithe phleanála teanga a bhfuil mórchuid an phobail ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu mar a léirítear i bhfaisnéis an Daonáirimh agus i bhfaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal an iar-bhunoideachais agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta [mar a bhíodh] ina leith le príomhpháirtithe leasmhara na bpobal sin chun críche buanú a dhéanamh ar an nGaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh agus phobail na limistéar atá i gceist.

(ii) Chatagóir B iad limistéir shainithe phleanála teanga, a bhfuil líon suntasach den bpobal ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu, mar a léirítear i bhfaisnéis an Daonáirimh agus i bhfaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal an iar-bhunoideachais, agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ina leith le príomhpháirtithe leasmhara na bpobal sin chun críche buanú agus forbairt a dhéanamh ar na gréasáin Ghaeilge atá ar marthain sna limistéir atá i gceist.

(iii) Chatagóir C iad limistéir shainithe phleanála teanga, a bhfuil líon beag don phobal ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu, mar a léirítear i bhfaisnéis an Daonáirimh agus i bhfaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal an iar-bhunoideachais, agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ina leith le príomhpháirtithe leasmhara.

Sin an méid atá sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, agus tá súil agam go bhfuil sé léite ag an Aire Stáit agus na Seanadóirí ar fad.

Sin croílár an phlean, go mbeadh muid ag sainiú ceantar sna gcatagóirí A, B agus C. Tá cúis le sin, mar tá na cuspóirí atá sna catagóirí A, B agus C — de réir na saineolaithe pleanála teanga — difriúil agus is gá acmhainní difriúla a bheith againn le dul i ngleic leo agus is gá cur chuige difriúil ins na catagóiríéagsúla. Duine ar bith a mbeadh an staidéar léíte aige, thuigfeadh séé sin.

An cheist a chuir mise agus an Seanadóir Ó Domhnaill ar an Aire Stáit ná, os rud é nach bhfuil sé ag glacadh leis an saineolas seo, cén saineolas lena bhfuil sé ag glacadh? Cad air ar bhunaigh sé a chinneadh gan bacadh le A, B agus C? Tá na catagóirí bunaithe ar staidéar idirnáisiúnta déanta ar fud na cruinne maidir le teangacha neamhfhorleathana agus iad ag dul i léig agus seo an slat tomhais is fearr atá againn maidir leis an nGaeilge a tharrtháil. Tá an tAire Stáit ag briseadh síos na ceantair Ghaeltachta i 19 ceantar pleanála ach moladh sa staidéar go ndéanfaí iad a chur i gceantair A, B agus C. Tá an tAire Stáit ag tógáil cur chuige difriúil ar fad agus mar sin táimid ag iarraidh a fháil amach — tá sé féaráilte fiafraí dó— cad ar a bhunaigh sé a thuairim, cén fáth ar bhunaigh séé agus an bhfuil sé in ann seasamh leis ó thaobh staitisticí, staidéar idirnáisiúnta agus ó thaobh cur chuige a úsáideadh i dtír éigin eile. An bhfuil sampla den chur chuige seo in aon tír eile ina bhfuil miontheanga á labhairt, mar shampla, An Bhreatain Bheag, Ceanada nó Albain? An bhfuil an cur chuige seo in úsáid in aon áit eile ar fud na hEorpa? Má tá, glacfaidh mé leis sin. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chéard ar a bhfuil tuairimí an Aire Stáit bunaithe.

Bhí cuid mhaith den staidéar bunaithe ar an daonáireamh agus staitisticí scéim labhairt na Gaeilge agus an fáth ar bhriseadh síos na ceantair i gcatagóirí A, B agus C ná mar gheall ar na héagsúlachtaí eatarthu. Ach sa bhriseadh síos atá déanta maidir leis na limistéir atá roghnaithe, tá an tAire Stáit tar éis A, B agus C a chur isteach i mullach a chéile. Ní dhéanann sin ciall nó réasún. Ní chuirfidh sé an Ghaeilge chun cinn ar an mbealach is cóir í a chur chun cinn agus ní bhaineann sé an leas is fearr as na hacmhainní teoranta atá ar fáil. In áit a bheith ag déanamh ráitis mhóir drámatúil dá lucht féachana anseo, atá breá sásta bualadh bos a thabhairt dóó am go chéile, ba bhreá liom dá bhfreagródh an tAire Stáit na ceisteanna atáá chur air againn.

I agree with much of what the Minister of State said about "Mol an óige" and I fear the consequence of what we are doing to the Gaeltacht in this Bill is the exact opposite. We need spoken language as in the language of Wayne Rooney and the broken English we use in international conferences. That is spoken in the Gaeltacht. If we undermine the Gaeltacht, Irish becomes the book language, the philology so that children learn it for ten years and as Senator Harte said, they cannot speak it. I plead with the Minister of State not to damage the Gaeltacht and undermine it. That is why I am in the Chamber for all of this debate.

By withdrawing voting rights, the Minister is doing serious damage. The Minister of State referred to fooling the public. That is deeply ironic I presume because on 6 July 2010, two years ago, he gave that great speech in the Dáil about people who were merely postponing voting rights in the Gaeltacht. He was the fear daonlathach that day and he should still be that man. The then Senator Jerry Buttimer gave a fantastic speech here in favour of democratic elections in the Gaeltacht. The fooling of the public is being done by the members of Fine Gael and the Labour Party. Two years ago there were expressions of completely different policies from the then Senators, Deputies Alex White, Frank Feighan, Jerry Buttimer and the Minister of State. I do not know what changed the opinions of these Members.

Do the Fine Gael Members who have a Gaeltacht in their constituency agree with what is going on? Jerry Buttimer mentioned the Fine Gael Deputies who do very well in elections. Have they been brought on board? The Minister of State mentioned the President. How will the President, who was a distinguished Minister for the Gaeltacht, feel when he is asked to sign this Bill into law? Did the Minister of State refer to Conradh na Gaeilge? It wrote to me saying it was against the Bill. Donncha Ó hEalaithe has stated inThe Irish Times that he is against the Bill. There is significant public opinion against this Bill. One has to reply when the Minister of State states that Conradh na Gaeilge and Donncha Ó hEalaithe are in favour of the Bill, because they are not and have written about their opposition to it. I suspect one of the reasons for the guillotine is that the Minister of State knows this opposition will grow. How can the views of the Minister of State change from being a proponent of voting rights for Gaeltacht people two years ago to being part of a guillotine today?

That is fooling the people.

Is the Senator pressing the amendment?

I will press the amendment, but I wish to say a few words. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Seanadóir Harte. I agree with Senator Harte when he spoke about the education system, the importance of education, and people leaving school without being fluent in the Irish language. We know that even happens in Gaeltacht areas, but it happens outside of Gaeltacht areas as well. It is unfortunate that this happens. One of the major reasons, if we are absolutely honest, is the flippant regard of the Department of Education and Skills for the Irish language. An organisation established in the State called COGG deals with Gaelscolaíocht — oideachas trí mheán na Gaeilge and they are not even recognised in this Bill. We say it is important to mol and óige, an óige a thabhairt linn agus a dhéanamh cinnte go mbeidh an Ghaeilge á fhorbairt. COGG is not recognised, so education is not really formally recognised in this Bill. That is a major mistake. Senator Harte has raised a point that is important and that viewpoint should be reflected upon before the enactment of this legislation.

I dtaca lena bhfuil muid ag tagairt, d'ardaigh mé roinnt ceisteanna ach ní bhfuair mé freagra orthu. Tugadh freagraí ginearálta maidir leis an dóigh atá an Bille seo á chur i bhfeidhm, ach níor tugadh aon fhreagra maidir leis na critéir eolaíochta nó teangeolaíochta atá in úsáid leis an 19 ceantar a roghnú. Beidh plé againn agus beidh rialacháin ag teacht i bhfeidhm ach tá na ceantair seo roghnaithe cheana. Cad iad na critéir a bhí in úsáid leis na ceantair sin a roghnú? Ceist bhunúsach í sin. Freisin, an raibh aon phlé leis an gCoimisinéir Teanga? Cad é an plé a bhí ann leis an gCoimisinéir teanga go dáta i dtaca le Bille na Gaeilge?

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil cruinnithe poiblíá reachtáil ar fud na Gaeltachta ag an Roinn. Tá cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair inniu i dtaca leis an mBille seo. Cén fáth go bhfuil an cruinniú ar siúl inniu? Tá an Bille á phlé sa Seanad inniu agus tá 160 leasú i dtaca leis an mBille á phlé. Mar sin, cén fáth nach raibh an cruinniú sin ann trí nó ceithre mhíó shin nuair a bhí an Bille á dhréachtú, in áit an Bille a bheith scríofa. Tá an cuma air nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh le leasú ar bith uainn, ach tá na cruinnithe poiblí seo ar siúl chun tuairim an phobail a fháil. Tá tuairim an phobail an-soiléir ó thaobh na ngrúpaí agus na pobail atá ag labhairt linne. Tá sin soiléir ó chuid de na leasuithe atá istigh againn.

Ó thaobh plé leis an bpobal, a bheith ag iarraidh daoine a mhealladh agus cuidiú a thabhairt don bpobal, tá sin uilig ceart agus aontaím go huile agus go hiomlán leis an Aire Stáit faoi sin, ach cén dóigh an dtig leis sin a dhéanamh ar lámh amháin agus ar an lámh eile, an vóta daonlathach atá ag pobal na Gaeltachta a bhaint díobh sa Bhille seo.

The provisions of the Bill are contradictory. The Minister of State is trying to bring people with him and trying to ensure people sign up, support, play a role and feel they are part of the process. On the other hand the Bill takes away the one thing they have, namely, a democratic voice for elections to the board of Údarás na Gaeleachta, an organisation which under this legislation will be given the authority to define the language plans for each area, yet the people who will be on the board, making the executive decisions will be placed——

Cronies, one can call them whatever — councillors.

That is an insult to councillors.

A Senator

Seven place men

Seven members will be placed on the board by the Minister. I am sure they will be respectful people and will do their best. It is not about who they are or what they represent, it about taking away the voice of the people. I refer to the person in Bun A Leaca or Rossaveal who may not be listening to today's debate but will be implicated by this legislation in not being allowed to cast his or her vote at the local booth for the next údarás elections because the Minister will appoint the person instead. That is fundamentally wrong. That is why I feel — má tá an tAire Stáit ag iarraidh daoine a thabhairt leis agus ar an lámh eile ag baint cearta bunúsacha ar shiúl uathu nach bhfuil sin ceart. Níl sé ceart. Tá sin sa Bhille seo agus dá bhrí sin, beidh mé ag brú an leasaithe.

Mar gheall ar ainmneacha na limistéar atá neamhchosúil do theangeolaithe. Tá an cheist seo tábhachtach. Ceist oideachais agus ceist faoin teanga a chur chun cinn atá ann agus ba cheart é a dhéanamh i gceart. Tá ceist agam. Tá dhá scoil ann faoin dóigh is fearr Béarla nó matamaitic a mhúineadh. Tá scoileanna ann freisin, chomh maith leis an méid atá ráite ag na SeanadóiríÓ Clochartaigh agus Ó Domhnaill ar na leasuithe, a dúirt gur meascán caighdeán ar gach leibhéal an chaoi is fearr gach ábhar a fhoghlaim. Tá ceist oideachais ann faoi sin. Tarraingíonn na daoine láidre na daoine laga. Sin í an cheist. Sin an tslí atá ag an Aire Stáit, sin a dhéanamh, na daoine laga a tharraingt leis na daoine láidre. Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil scoil cinnte áirithe faoi mhúineadh sna scoileanna, streaming, atá ag dul amach, agus meascán ag teacht isteach. Sin í an cheist. Níl an ceart ag éinne. Tá dhá scoil oideachais ann agus tá mé ag ceapadh go bhfuil an staidéar déanta ag an Aire Stáit leis an mBille seo. Níl a fhios agam ach is mian liom, nuair atá an tAire Stáit ag tabhairt an Bhille seo tríd an Dáil, go ndéanfaidh sé an cheist sin a phlé i gceart agus an feidhm cheart chun an teanga a chur i gceart, más meascán an rud ceart nó gan é a mheascadh agus cosúil le chéile a chur le chéile. Sin ceist. Tá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit breathnú arís air agus nuair atá sé sa Dáil á dhéanamh, an cheist sin a freagair dom.

We must stick to the amendments.

That is what the amendment is about.

It is about choosing particular areas.

Tá pointe an-tábhachtach déanta ag an Seanadóir Keane a bhaineann leis na leasuithe. Ag dul ar ais chuig an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, tá go leor leor cainte ar chúrsaí oideachais agus tá go leor cainte ó thaobh na limistéar éagsúla agus ó thaobh na gcatagóiríéagsúla, sin ceann de na cúiseanna gur moladh catagóirí A, B agus C sa staidéar, mar gheall ar an gcaighdeán oideachais trasna na gceantar éagsúla. Na critéir a moladh sa staidéar ná go ndéanfar catagóir A a rangú mar gheall go mbeadh 66% den daonra ina gcainteoirí líofa Gaeilge, úsáid na Gaeilge a bheith in uachtar i nósmhaireachtaí sóisialta agus institidiúideach an limistéir, an teagasc ar fad, cé is móite de ranganna Béarla, ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal a riaradh trí Ghaeilge ón gcéad lá scoile agus go mbeidh polasaí iompar teanga á fheidhmiú go héifeachtach sna scoileanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga sóisialta lasmuigh den seomra ranga. Moladh chomh maith curaclam na scoileanna a bheith á fheidhmiú ar bhealach a fheileann na riachtanais daltaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga. Luaitear socruithe faoi leith a chur i bhfearas na limistéar seo chun tacú le leanaí nach bhfuil an Ghaeilge acu an teanga a shealbhú sula bhfreastalóidh siad ar naoínra, ar bhunscoil nó ar iar-bhunscoil.

Déanann an staidéar sonrú difriúil ó thaobh catagóirí B agus C, bunaithe ar shaineolas idirnáisiúnta. Sin go breá. Glacadh leis an staidéar ach tá an tAire Stáit ag caint faoi oideachas agus cá bhfuil oideachas luaite sa Bhille? Cé mhéad úair atá oideachas luaite sa Bhille. Agus an Rialtas ag caint ar oideachas, tá súil agam go dtacóidh Seanadóirí Rialtais leis na leasuithe atá leagtha síos againn a deir gur cóir ról a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn an oideachais mar níl sin luaite ag an Aire Stáit sa Bhille.

Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an t-oideachas iontach tábhachtach, "mol an óige agus tiocfaidh sí", a deir an tAire Stáit, ach níl se ag tabhairt na gcumhachtaí chuig an údarás dul i ngleic leis sa Bhille. Cén chaoi is féidir, mura bhfuil na cumhachtaí tugtha chuig an údarás sa Bhille, sin a chur a bhfeidhm sna limistéir agus sna pleananna atáá gcur chun cinn? Sin an fáth go bhfuilimid ag rá go bhfuil an Bille fabhtach agus lochtach — mar gheall nach bhfuil an Rialtas ag tógáil an tsaineolais atá ann ar bord agus nach bhfuil oideachas luaite sna háiteanna cuí sa Bhille, go háirithe ó thaobh feidhmeanna a thabhairt don údaras, rud atá molta dála an scéil sa leasú gur cóir a dhéanamh ar chumhachtaí an údaráis dar leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch.

Tacaím leis an méid atá an Rialtas ag rá ach caithfidh me fiafraí arís ar léigh an tAire Stáit agus na Seanadóirí Rialtais an staidéar. Má tá sé léite acu, inis dom cén áit sa Bhille cén áit ina bhfuil an rud atá siad ag iarraidh baint amach, cén áit go bhfuil na cumhachtaí sin tugtha leis sin. Ní léir dom go bhfuil sé ann.

Chuir an Seanadóir Ó Domhnaill ceist faoin gCoimisinéir Teanga. Tá ról soiléir aige ó bunaíodh a oifig maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Baineann cuid de fheidhmeanna an choimisinéara le cur i bhfeidhm an Achta sin agus na forálacha atá san Acht sin. Ar ndóigh, tá saor-chead ag an gCoimisinéir Teanga, cosúil le gach éinne eile, moltaí a dhéanamh. Tabharfar aird ar aon mholtaí a thagann isteach. Níl aon chosc air é sin a dhéanamh. Sin an ról atá aige de réir na reachtaíochta a cuireadh tríd an Oireachtas in 2003 nuair a bunaíodh a oifig. Táimid ag déanamh aithbhreithnithe ar Acht na dTeangacha i láthair na huaire. Níl an t-athbhreithniú críochnaithe go fóill. Táimid ag déanamh anailíse ar na moltaí agus na tuairimí a tháinig isteach ach sin ceist do lá eile.

Maidir leis an daonlathas, mar a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, agus ag freagairt go speisialta ar an Seanadóir Barrett, atá den bharúil nach bhfuil aon daonlathas ann do mhuintir na Gaeltachta, this is the most democratic approach to the situation regarding Irish in the Gaeltacht areas. If we allow things to continue as they are, the Senator's worries, and my concerns, will be a reality; there will be no native Irish speakers. The surveys have indicated that. Sin an fáth go bhfuil daoine inné, inniu agus amárach, sna Gaeltachtaí ag labhairt le muintir na Gaeltachta atá ag iarraidh an teanga a chur ar aghaidh. Tá siad ag insint dóibh cad tá sa Bhille seo. Bhí próiseas fada comhairliúcháin againn mar ullmhúchán ar an mBille seo. Táimid ag coinneáil na ndaoine ar an eolas, níá gcoinneáil sa dorchadas. Nuair a bheidh an reachtaíocht rite, beimid ag dul ar ais chuig na pobail seo agus ag cur in iúl cad tá le déanamh. Beidh siad ag ullmhú, ag cuimhneamh agus ag smaoineamh.

Tá pointe tábhachtach sa méid a bhí le rá ag an Seanadóir Keane. Bhí mé i mo mhúinteoir scoile le tamall fada chomh maith. Bhí an rud seo againn ag an am, streaming. Bhí na páistí maithe leo féin agus na páistí nach raibh go maith leo féin. Tá a fhios againn go raibh toradh uafásach leis sin. Anois, tá dearcadh úr ag teacht isteach, gur cóir do na páistí le hard-intleacht a bheith istigh leis na páistí nach bhfuil na buanna céanna acu agus go dtógann siad a chéile. Tá sin go maith ó gach taobh de agus san fhealsúnacht agus san eolas is nua-aimseartha atá againn, moltar meascán cumais. Is féidir linn an rud céanna a rá faoi na ceantair. Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta níos láidre ná na ceantair eile. Tá méábalta cuimhneamh orthu i mo dháilcheantar féin agus an dearcadh atá agam ná iad a thabhairt le chéile go mbeidh na ceantair láidre in ann na ceantair nach bhfuil chomh láidir sin a tharraingt aníos leo. Sin an rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh, go mbeidh an comhoibriú sin ann agus na ceantair nach bhfuil chomh láidir, go bhfeicfidh siad cad é atáá dhéanamh ag na ceantair láidre, go mbeidh siad ag cuidiú lena chéile, cosúil leis an mheitheal a bhí ann sna blianta fada ó shin.

Rinne an Seanadóir Ó Clochartaigh tagairt arís do scéim labhairt na Gaeilge. Thug mé freagra do sin roimhe.

Níor thug. Luaigh méé go sonrach i gcomhthéacs slat tomhais ar cé mhéad páiste atá ag labhairt na Gaeilge.

Tá mé chun freagra a thabhairt ar sin má thugann an Seanadóir deis dom

Ba bhreá liom dá dtabharfadh.

Is dócha gur thug an scéim slat tomhais de chineál éigin dúinn. Níl fhios agam cé chomh cruinn is a bhí an slat tomhais sin. Ba é an dearcadh a bhí ag na saineolaithe agus na daoine eile a thagair an Seanadóir ná nach raibh an scéim ag baint amach na spriocanna a bhí ar intinn faoin scéim. Chosain scéim labhairt na Gaeilge €700,000 in aghaidh na bliana. Caithfidh mé a rá gur slat tomhais an-chostasach a bhí ann.

Cén slat tomhais a bheidh againn ina háit?

Is féidir dóigheanna níos fearr a fháil chun úsáid a bhaint as €700,000 ná pobalbhreith a dhéanamh ar conas mar atá ag éirí leis an nGaeilge sa Ghaeltacht bliain in aghaidh bliana. Nuair a bheidh na ceantair pleanála teanga ar bun agus monatóireacht an-chúramach á dhéanamh orthu, coinneoimid súil ar conas mar atá rudaí ag dul ar aghaidh i gcomhthéacs spriocanna trí bliana, cúig bliana nó seacht mbliana. Beidh a fhios againn go díreach cad atá ag dul ar aghaidh. Tá sé ag tarlú i gCluain Dolcáin cheana féin. Níl siad ag brath ar Acht teanga nó Bille na Gaeltachta — tá siad á dhéanamh iad féin.

Cén slat tomhais atááúsáid i gCluain Dolcáin?

Is é atá i gceist inár straitéis ná an pobal a thabhairt linn agus mar sin de. D'fhéadfainn plé a dhéanamh ar leasuithe Uimh. 11, 12, 13 nó 14 go dtí meánoíche. Tá mé i ndiaidh mo thuairim a chur in iúl. D'éist mé go cúramach leis na Seanadóirí. Sílim go bhfuil an rud atáá dhéanamh agam thar a bheith réasúnta. Molaim é arís gan glacadh leis na leasuithe seo.

Níl sé ar intinn agam dul siar ar an méid atá ráite roimhe seo. D'ardaigh an tAire Stáit pointe an-tábhachtach nuair a duírt sé gur tharla próiseas fada comhairliúcháin nuair a bhí an reachtaíocht seo á ullmhú. Ba bhreá liom a fháil amach cén próiseas fada comhairliúcháin atá i gceist aige. Ní fhaca mé aon chruinniú poiblí i gConamara. Bhí cruinniú gearr ginearálta againn leis an Aire Stáit agus an tAire, an Teachta Deenihan, ceart go leor. Ní thuigim go raibh aon chruinniú poiblí fógartha ar Raidió na Gaeltachta, Gaelscéal nó Foinse. An bhfuil an tAire Stáit ag rá gur leagadh amach na moltaí a bhí le cur chun cinn i mBille na Gaeltachta mar chuid de phróiseas comhairliúcháin? Ní dóigh liom gur tharla sé sin. Labhair sé freisin faoi chruinnithe poiblí a tharla le cúpla lá anuas. De réir mar a thuigim, is cruinniú dúnta a bhí ann i gConamara. Tugadh cuireadh do chuid de na dreamanna atá ag obair leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe. Ní thabharfainn "cruinniú poiblí" ar sin. Dá mba rud é gur cruinniú poiblí a bhí i gceist, bheadh sé fógartha go hoscailte. B'fhéidir go ndéanfaidh an tAire Stáir cur síos ar an bpróiseas fada comhairliúcháin, a luaigh sé nóiméad ó shin, a tharla nuair a bhí an reachtaíocht seo á ullmhú. Tá mé cinnte go mbeadh spéis ag na heagrais Ghaeilge sa mhéid sin. Ní dóigh liom go bhfuair siad cuireadh páirt a ghlacadh in aon phróiseas comhairliúcháin fada poiblí.

Bhí mé ag éisteacht le blianta mar gheall ar cad a dhéanfadh an choimisiún. Rinneadh plé poiblí ar sin agus ar an staidéar teangeolaíoch. Nuair a tháinig tuairiscí eile amach, rinneadh plé orthu sna meáin Ghaeilge. Níl aon rud ar Raidió na Gaeltachta, lá i ndiaidh lae, ach plé ar phleanáil teanga agus Bille na Gaeltachta, srl. Go minic, bíonn na daoine céanna ag déanamh a gcuid pointí. Ba bhreá liom bheith air níos minicí ná mar atá mé anois. Tá pointí déanta agus athdhéanta sna meáin Ghaeilge, na nuachtáin ina measc. Is rud leanúnach é an plé seo. Is dócha go mbeadh daoine áirithe sásta coinneáil ar aghaidh leis ar feadh 15 bliain eile. Má tharlóidh sé sin, beidh an Ghaeilge marbh. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas an Bille seo a chur tríd. Is é seo an rud is fearr gur féidir linn a dhéanamh. Táimid ag iarraidh muintir na Gaeltachta agus na daoine taobh amuigh den Ghaeltacht a thabhairt linn. Sa daonáireamh is déanaí, dúirt formhór an 96,000 duine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht go labhraíonn siad an Ghaeilge. Dúirt 1.77 milliún duine taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil eolas acu ar an nGaeilge. B'fhéidir nach bhfuil mórán eolais ag cuid acu, ach dúirt siad go bhfuil eolas éigin acu ar an teanga. Nuair atá an straitéis 20 bliain ag teacht chun críche, ba mhaith linn go mbeidh 250,000 duine as an 1.77 milliún duine sin ábalta a rá go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. Maidir leis an nGaeltacht í féin, táimid ag iarraidh go dtiocfaidh méadú de 25% ar líon na ndaoine sna Gaeltachtaí a labhraíonn an Ghaeilge i rith an lae. Nílimid chun an domhan mór a athrú. Más féidir linn na spriocanna seo a bhaint amach, sílim gur fiúé seo. D'fhéadfaimis coinneáil ag labhairt faoi na leasuithe seo ar feadh an chuid eile den lá. Tá leasuithe eile ag teacht aníos. Ba mhaith liom a rá arís nach bhfuil sé ar intinn agam leasuithe Uimh. 11, 12, 13 nó 14 a ghlacadh.

Sitting suspended at 1.45 p.m. and resumed at 2.20 p.m.

I welcome the Minister of State back to the House. We will resume our consideration of the Bill on amendments Nos. 11 to 14, inclusive.

Bhí plé leanúnach againn ar na leasuithe seo roimh an mbriseadh. Níl mé chun mórán níos mó a rá fúthu, ach tá mé chun iad a bhrú. Tá sé soiléir sa Bhille seo go bhfuil neamhaird iomlán déanta ar an staidéar teangeolaíoch a bunaíodh in 2007 agus a leag amach critéir chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, agus os rud é nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú seo, iarraim ar an Teach vótáil a dhéanamh air.

Amendment put.
The Committee divided: Tá, 15; Níl, 26.

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Norris, David.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • van Turnhout, Jillian.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Bacik, Ivana.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.
Tellers: Tá, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson; Níl, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe.
Amendment declared lost.

Before we move on to the next amendment, it might be worth noting that Senator Leyden entered the Oireachtas 35 years ago today.

I congratulate the Senator.

It is a special occasion. I took my seat this day 35 years ago, having been elected in June 1977. It has been a very enjoyable period. I was out of the Oireachtas for ten years. I am glad to be back. I am delighted to have such great colleagues in this House. I would like the Seanad to be retained because it is a great outlet.

I would like to extend congratulations to Senator Leyden from the Chair.

I was a month old at the time.

Lunch will be served in the Members' restaurant in ten minutes, compliments of Senator Leyden.

We will move on to amendment No. 12, which has already been discussed.

I move amendment No. 12:

In page 10, between lines 8 and 9, to insert the following subsection:

"(3) When designating a specified area undersubsection (2) of this section the Minister shall take into account the state of the Irish language in the community living in that area, and he or she shall not specify an area where linguistically dissimilar communities live.”.

Amendment put.
The Committee divided: Tá, 15; Níl, 29.

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Norris, David.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • van Turnhout, Jillian.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.
Tellers: Tá, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Kathryn Reilly; Níl, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 13:

In page 10, subsection (3)(a), line 15, after “concerned” to insert the following:

"and in which the communities that live in them are linguistically similar".

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 14:

In page 10, subsection (4), line 23, to delete "or adjacent to".

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 15:

In page 10, subsection (4), line 24, after "concerned" to insert the following:

"and in which organisation Irish is the working language".

Baineann an leasú beag seo leis na heagraíochtaí a bheidh ag plé leis na pleananna teanga sna limistéir pleanáil teanga. Táimid ag iarraidh aguisín beag atá réasúnta ciallmhar a dhéanamh leis an leasú seo. Níl aon dochar sa leasú seo — déanfaidh sé leas — atá ag plé leis an bunprionsabal a bhaineann l'éiteas an Achta. Sílim ón méid atá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé ag iarraidh é sin a bhaint amach. De réir alt 7(4) den Bhille, a bhaineann leis na heagraíochtaí atá chun na pleananna teanga agus mar sin de a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, "féadfaidh eagraíocht a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta lena mbaineann, nó tadhlach leis, iarratas a dhéanamh chun Údarás na Gaeltachta chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (6)". Níl uainn ach "agus ar eagraíocht í arb í an Ghaeilge an teanga oibre inti" a chur leis sin. Tá ciall leis sin. Beidh an tAire ag roghnú comhlacht amháin i ngach ceann de na 19 limistéar ina mbeidh plean teanga a fhorbairt i gcomhar leis an údarás. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar teanga oibre ag an gcomhlacht sin. Tá a fhios againn go bhfuil comhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ábalta seirbhísíáirithe a chur chun cinn. D'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill ceist a bhaineann leis seo nuair a d'iarr sé ar an Aire Stáit soiléiriú a dhéanamh ar na critéir a chuirfidh sé chun cinn i dtaobh cén sórt comhlacht a bheidh ceadaithe cur isteach ar an gcóras seo. D'fhéadfadh sé tarlú— go teicniúil — nach í an Ghaeilge teanga oibre an chomhlachta.

Baineann tábhacht breise leis an leasú seo i gcomhthéacs rudaí eile atá ag tarlú sa Ghaeltacht le bliain nó bliain go leith anuas. Tháinig deireadh tubaisteach le Meitheal Forbartha na Gaeltachta, a bhí ag feidhmiú ar bhonn uile-Gaeilge le cúrsaí forbartha pobail a chur chun cinn. Bhí socrú le déanamh maidir le cé a chuireadh na cláir a bhíá chur i bhfeidhm ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta — an clár Leader agus an clár LCDP — sna ceantair Ghaeltachta ó shin i leith. Thóg sé tamall, ach tá socrú déanta anois. Fáiltím roimh an socrú sin. Tá na cláir sin á chur ar fáil ag eagras atá tadhlach leis na ceantair Ghaeltachta, cosúil leis an rud atá luaite sa Bhille seo. I nGaeltacht Conamara theas, mar shampla, tá seirbhísí clár Leader anois á sholáthar ag an gcomhlacht FORUM Conamara Teo, atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Is socrú sealadach réasúnta é sin, maith go leor, ach ní socrú fad-téarmach sásúil é. Má tá seirbhísíá sholáthar sa Ghaeltacht — seirbhísí pleanála teanga nó rud ar bith a bhaineann le cur chun cinn na teanga — ba chóir go mbeidís á sholáthar sa Ghaeltacht ag muintir na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge, más féidir, nó ag daoine le Gaeilge atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ba cheart go gcuirfeadh pobal na Gaeltachta na seirbhísí sin ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Táimid ag breathnú ar an gcás anois nach bhfuil cuid mhaith de na comhlachtaí teaghlach atá ag plé leis na cláir a bhí faoi Meitheal Forbartha na Gaeltachta in ann a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Glacaim leis go bhfuil duine nó beirt fostaithe anseo is ansiúd leis na seirbhísí seo a chur ar fáil trí Ghaeilge. Má táimid chun brí na straitéise agus brí mianta an Rialtais ó thaobh na seirbhísí seo a chur ar fáil sa Ghaeltacht, sílim gur rud bunúsach é an méid atá léirithe agam. Dá mbeadh sé leagtha síos mar bhunchritéir na gcomhlachtaí seo go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na n-eagraíochtaí, bheadh sé thar a bheith dearfach agus thabharfadh sé láidreacht don Aire agus d'Údarás na Gaeltachta nuair atá na comhlachtaíá roghnú acu.

Má táimid ag breathnú arís ar na limistéir pleanála teanga seo, tá sé soiléir dúinn nach bhfuil cuid de na ceantair seo láidir ó thaobh na Gaeilge de. D'fhéadfadh sé a tharlú i gceantar níos laige — mar shampla, i gcatagóir B nó C — go bhfaighfeadh comhlacht atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a bhfuil cúpla duine le Gaeilge iontach acu an conradh leis an bplean a fhorbairt, cé nach í an Ghaeilge an teanga oibre sa chomhlacht. An bhfuil comhlacht forbartha pobail ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge faoi láthair i gceantar an Eachréidh, mar shampla, atá luaite mar cheann de na ceantair? Níl mé cinnte go bhfuil. Ceist a bheadh ansin. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag comhlacht atá ag iarraidh an mian atá ag an Aire Stáit a chur i bhfeidhm? Ba chóir go mbeadh sé sin ag teacht tríd an Roinn, anuas tríd an údarás, tríd na comhlachtaí, isteach sa phobal agusvice versa. Ní dóigh liom go bhfuil dochar ar bith sa leasú seo. Sílim gur leasú chun feabhais é. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta glacadh leis.

Aontaím leis an leasú seo. Tá ciall agus réasún leis. Baineann sé leis an eagraíocht a chuirfidh plean teanga le chéile agus faoi bhráid an údaráis le bheith ceadaithe. Labhraíomar inné mar gheall ar an bhfoclaíocht faoi Cuid 2 den Bhille, go háirithe an sainmhínithe atá sa reachtaíocht ar "eagraíocht" agus "comhlacht corpraithe". Rinne muid moltaí i dtaca leis sin. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh athrú ansin fá choinne é a bheith sonrach do choistí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht. Níor ghlacadh leis sin. Tá an moladh seo fíorthábhachtach chun a chinntiú go gcuirfidh cibé eagraíocht a bheidh i gceist faoin reachtaíocht seo a gcuid gnó chun cinn trí mheán na Gaeilge. Cuireann sé iontas orm nach raibh a leithéid de riachtanas in alt 7(4) den Bhille nuair a bhí sé foilsithe agus sular tháinig sé go dtí an Teach seo. Ní fheictear dom cén fáth nach bhfuil sé sa Bhille cheana féin. Glacaim leis go mbeidh an tAire Stáit sásta glacadh leis an moladh seo. Tá súil agam go mbeidh. Luíonn sé le ciall gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an eagraíocht a bheidh ag cur plean den chineál seo le chéile.

Aontaím ar fad——

I ask the Minister of State to give way to Senator Barrett.

I hope I did not interrupt the Minister of State as he was about to say he agrees completely with this amendment. I agree completely with what the Senators have said. He will be aware that the fine digest that was prepared for us quotes Mr. Liam Ó Cuinneagáin as saying "ní féidir linn póilíní teanga a chur isteach i monarchana". Perhaps the "póilíní teanga" could be installed in the body the Minister of State is about to speak about. His statement of agreement is very welcome. I agree completely with it. I look forward to hearing the rest of the sentence.

Aontaím ar fad leis an triúr Seanadóirí——

——gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre sna ceantair phleanála teanga. Tá sé praiticiúil agus loighciúil gur mar sin a bheidh. Tá sé de nós agus de thraidisiún fada ag Údarás na Gaeltachta bheith ag plé, ag cur agus ag cúiteamh i gcónaí leis na heagraíochtaí Gaeilge ar fud na Gaeltachta a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge, mar a dhéanann an t-údarás é féin. Aontaím leis sin. Tá sé soiléir in alt 17 den Bhille seo go gcaithfidh an t-údarás a chinntiú"gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann" ag dream ar bith. Silim go gclúdaíonn alt 17, a bhaineann leis na ndualgais atá ar an údarás, an imní atá ar na Seanadóirí.

Tá mé ar aon intinn leo gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus teanga labhartha na n-eagraíochtaí seo. Tá mé lán-chinnte go gclúdaíonn an reachtaíocht an gné sin den ábhar seo. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Bhí sé de cheart againn an tAire Stáit a chur i gcló níos túisce, mar bhí sé ag aontú linn nuair a tháinig sé ar ais. Tá an-iontas orm nach bhfuil sé sásta glacadh leis an leasú. Ní thugann an fhoclaíocht san alt a luaigh an tAire Stáit —"cinnteoidh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann"— an oiread sin misnigh dom i gcomhthéacs an track record atá ag cuid mhaith de na comhlachtaí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais óÚdarás na Gaeltachta. Tá comhlachtaí ann atá thar barr chun a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, ach tá cuid mhaith eile nach ndéanann iarracht an-mhór agus nach úsáideann an Ghaeilge mar theanga oibre, cé go bhfaigheann siad tacaíocht ón údarás. Tá difríocht idir "teanga oibre" agus "a mhéid is féidir". Cad a tharlóidh má fhostaíonn an comhlacht duine nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil acu, mar shampla, nó má chineann an tAire — mar is féidir leis nó léi faoin reachtaíocht seo — nach bhfuil aon chomhlacht feiliúnach i gceantar Iorras Aithneach, mar shampla arís, leis an bplean a fhorbairt agus b'fhearr an conradh a bhronnadh ar Forum, atá lonnaithe i Leitir Fraic, mar atá déanta leis an gclár Leader? Níl foireann le Gaeilge líofa ag Forum. Ní hí an Ghaeilge an teanga oibre atá ag oibrithe Forum. Dá mbronnfaí an conradh seo orthu, d'fhéadfaidís a rá go bhfuil an Ghaeilge á húsáid "a mhéid is féidir" acu agus iad ag brath ar na daoine atá fostaithe acu. Nuair nach bhfuil foireann le Gaeilge acu, ní féidir leo mórán Gaeilge a úsáid. Is é sin an pointe ata á dhéanamh agam. B'fhéidir go gceapfaidh daoine áirithe go bhfuilimid ag dul síos an bóthar idir "déanfaidh" agus "féadfaidh" arís, ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí gurb í an Ghaeilge an teanga oibre.

Tá an leasú seo ciallmhar. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre an chomhlachta. Ciallódh sé sin go mbeadh foireann le Gaeilge ag obair sa chomhlacht. Is é sin an difríocht idir an méid atá le rá ag an Rialtas agus an taithí atá againn. Chun a cheart a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta, tuigim gur beag duine gan Ghaeilge atá ag feidhmiú sna comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht. Má tá titim amach i gceantar áirithe — b'fhéidir nach bhfuil na comharchumainn ag tarraingt le chéile — agus níl an plean riachtanach á fháil ag an Aire, tá seans ann go mbeidh air nó uirthi comhlacht eile a roghnú. Más gá dul go dtí comhlachtaí i gceantair thadhlach, ar nós Forum i gConamara, Tuatha Chiarraí nó Donegal Local Development Company, is léir nach mbeidh foireann le Gaeilge acu go léir. Bheadh sé sin in éadan brí an Bhille seo agus an obair atáá dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo á moladh agam. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar. Sílim go bhfuil an bheirt againn ag iarraidh an rud céanna a bhaint amach ar deireadh. Thabharfadh an t-athrú seo deis breise don Aire Stáit a chinntiú go mbeidh daoine le Gaeilge fostaithe ag aon chomhlacht a chuirfidh isteach ar an scéim seo. Muna bhfuil éiteas Gaelach agus Gaeltachta sa chomhlacht a roghnófar chun próiseas a chur i bhfeidhm chun airgead a roinnt, saineolaí a fhostú, staidéar a dhéanamh agus plean a chur le chéile, caillfimid leath den brí a bhaineann le ceantar Gaeltachta beo bríomhar ina bhfuil tuiscint ar na ceisteanna éagsúla atá ann ó thaobh oideachais, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíochta agus mar sin de. Is é sin an moladh atáá dhéanamh agam.

Sílim go bhfuil cur chuige réasúnta agus praiticiúil san alt atá sa Bhille faoi láthair. Is léir dom, ón eolas agus ón taithí atá agam ar an údarás, go ngníomhóidh sé leis na heagraíochtaí pobail ar fud na Gaeltachta agus go mbainfidh siad úsáid as an nGaeilge i gcónaí. Sílim, agus é sin curtha san áireamh, go gclúdaíonn an t-alt seo, mar atá sé, an chúis imní atá ag an mbeirt Sheanadóirí. Níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú atá molta.

Nil mé sásta leis sin. Tá mé chun an leasú a bhrú.

Amendment put.
The Committee divided: Tá, 16; Níl, 29.

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Norris, David.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • van Turnhout, Jillian.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.
Tellers: Tá, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Brian Ó Domhnaill; Níl, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe.
Amendment declared lost.

As amendments Nos. 16 and 31 are related, they may be discussed together.

I move amendment No. 16:

In page 10, subsection (5), line 29, after "area" to insert the following:

"but only after An tÚdarás arranges to hold a public forum on the issue".

Tá na leasuithe Uimh. 16 agus 31 gaolta agus baineann siad le rud amháin an-simplí. Faoi alt 7(5) sa Bhille, mura gcuireann eagraíocht isteach plean teanga i gceantar ar leith, is féidir leis an Aire an ceantar sin a bhaint amach as an nGaeltacht. Ní fheictear dom go bhfuil sin ceart. Sin tar éis don údarás fógra a chur amach mura bhfuil aon iarratas déanta. Tá 19 ceantar ann agus tá go leor grúpaí iontacha díograsacha sna ceantair sin ach tá an Bille seo ag cur milleáin iontach trom ar na grupaí sin plean teanga a ullmhú, a réiteach agus a chur i bhfeidhm. Níl a fhios agam cá háit a gheobhaidh siad an t-airgead leis na pleananna seo a ullmhú.

Má ghlactar leis an plean teanga sa Spidéal, áit a raibh an dréacht ag cosaint €25,000, agus de réir ollamh san ollscoil i nGaillimh go gcosnóidh sé thart ar €650,000 an plean sin a chur i bhfeidhm thar tréimhse, cén coiste a bheidh in ann costais den chineál sin a iompar. Níl aon choiste i nDún na nGall a bheadh in ann costais mar sin a iompar, fiú an costas a bhaineann leis an dréachtú. Má tá plean teanga le cur le chéile, tá daoine proifisiúnta de dhíth leis an phlean a ullmhú, a phlé agus a chur i láthair. Tá próiseas comhairliúcháin i gceist leis an bpobal sa cheantar. Ní mór spriocanna agus critéir a leagan amach sa phlean. Tá cuid mhór oibre i gceist leis an phlean a tharraingt le chéile ar dtús agus a chur i bhfeidhm thar tréimhse agus na spriocanna atá ann a bhaint amach. Tá sé ráite anseo mura chuireann eagras isteach ar phlean teanga a dhéanamh, tá cead ag an Aire an ceantar a bhaint amach as an nGaeltacht. Níl sin ceart. Tá me ag moladh líne breise a chur isteach ", ach sin amháin i ndiaidh don Údarás socrú a dhéanamh chun fóram poiblí a thionól maidir leis an tsaincheist". Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag an bpobal cad tá ag dul ar aghaidh roimh aon chinneadh a bheith déanta i dtaca le todhchaí ceantar Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeidh fóram, agus ba chóir do na fóraim phoiblí seo a bheith ann chun deis a thabhairt don phobal go ginearálta seo a phlé agus ba chóir don údarás na fóraim seo a reachtáil i ngach ceantar. Má tá an 19 ceantar le bheith ann, ba chóir don údarás dul amach agus na fóraim phoiblí seo a reáchtáil roimh-ré, plé a dhéanamh agus ansin fógra a chur amach ag iarraidh coistí a bhunú tar éis an tacaíocht a bheith ar fáil.

Má tharlaíonn nach gcuireann aon eagras isteach ar an obair seo, d'fhéadfadh an t-údarás fóram poiblí a reachtáil chun an cás a phlé agus bheadh sé in ann tuairim an phobail a fháil ag an fhóram sin sula nglacfaidh an tAire aon chinneadh. Tá seo tábhachtach. Dúirt an tAire Stáit féin go gcaithfimid daoine a mhealladh agus a thabhairt linn. Seo dóigh amháin chun sin a dhéanamh, le fóram oscailte poiblí a bheith ann do gach duine, ní hamháin do ghrúpaí nó coistí ach do gach duine sa cheantar.

Téann alt 7(5) go croí na ceiste maidir leis an gcur chuige atá ag an Aire Stáit. I gcás nach ndéanann aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh lena ndearbhaítear nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d'fhógra faoi fho-alt (3), agus lena ndearbhaítear an dáta nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dáéis. Tá an rud seo contúirteach. Táimid ag tabhairt an-chuid cumhachtaí don Aire. Níl mé ag caint faoin Aire Stáit féin, ach Aire ar bith a bheadh ann.

Cuir i gcás go bhfuil na comhlachtaí pobalbhunaithe nó na comharchumainn atá lonnaithe sna ceantair ag breathnú ar an obair atá an Rialtas ag iarraidh orthu a dhéanamh, go ndeir an Rialtas go bhfuil sé ar lorg eagraíochtaí forbartha pobail as ceantar den 19 ceantar chun an obair seo a chur chun críche, plean teanga a chur i bhfeidhm, agus mura n-éiríonn leis an bplean teanga sin, an toradh a bheadh air sin ná go dtógfaí an ceantar sin amach as an nGaeltacht. Dá mbeinn i mo stiúrthóir ar an gcomharchumann nó ar an gcomhlacht pobalbhunaithe sin, chuirfinn ceist orm féin an fiú dom cur isteach ar an jab seo, cad tá le fáil as seo? An mbeimid in ann ár spriocanna féin a chur chun cinn, an mbeimid in ann an Ghaeilge a chur chun cinn inár gceantar? An mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil? Mura ndéanfaimid é, cén toradh a bheidh air? Tá an Rialtas ag cur an ualaigh ar fad anuas ar na comhlachtaí agus na comharchumainn phobalbhunaithe ach níl sé ag tabhairt na n-acmhainní cuí leis sin a chur i gcrích.

D'fhéadfadh i gceantair áirithe go ndéarfadh cuid de na comhlachtaí nach mbeidís ag cur isteach air mar an t-aon bhuntáiste a bheadh ann mar gheall air ná tuilleadh brú oibre sa chois ar an méid atá ann cheana féin. Ní bheidh buíochas dá laghad againn, fiú má dhéanfar plean foirfe mar níl na hacmhainní ann lena chur i bhfeidhm de réir mar is ceart.

Má fhaigheann comhlacht sa Cheathrú Rua an conradh leis an jab seo a dhéanamh, agus cuireann sé plean an-chuimsitheach le chéile. B'fhéidir go n-aontódh fiú an t-údarás leis an gcomhlacht go dteastódh €500,000 chun é a chur i bhfeidhm. Thiocfadh an freagra ar ais ón Roinn nach mbeadh na hacmhainní cuí ar fáil leis sin a dhéanamh, mar gheall ar gach atá ag tarlú sa domhan mórthimpeall orainn. Cé air a bhfuil an milleán sa chás sin? Bhí an plean foirfe ach ní raibh na hacmhainní ar fáil. D'fhéadfadh an tAire sa chás sin an ceantar a bhaint as an nGaeltacht. Dá mbeinn i mo stiúrthóir ar an gcomhlacht, chuirfinn ceist orm féin mura n-éiríonn linn an plean a chur i bhfeidhm, fiú ar na hacmhainní teoranta, is orainn a chuirfear an milleán má bhaintear ceantar na Ceathrún Rua as an nGaeltacht. D'fhéadfadh go mbeadh comhlachtaíáirithe ann atá ag plé le forbairt teanga bunaithe sna ceantair a déarfaidh nach mbacfaidh siad leis seo agus, leis an méid atáimid ag cloisteáil faoin nglacadh nach bhfuil ag na pobail leis an mBille mar atá sé faoi láthair, nach mbeidh siad ag iarraidh cur isteach ar an bplean mar ní bheidh buíochas dá laghad le fáil dá bharr.

I láthair na huaire, tá fadhb againn. Tá an ceantar Gaeltachta ina líne ar an léarscáil agus glacaim leis go bhfuil fadhb ansin. An réiteach a bhí le déanamh ná féachaint ar na critéir a bhain leis na ceantair teanga agus na háiteanna nach bhfuil ina nGaeltachtaí atá ag feidhmiú a bhaint as an gceantar Gaeltachta. Níl sin á dhéanamh san Acht.

Tá sé tábhachtach go bpléifear seo leis an bpobal. Tá ciall leis an moladh atáá dhéanamh. Ní aontaím leis an bhealach atá an tAire Stáit ag tabhairt faoi ach is léir nach bhfuil sé ag dul aon leasú a ghlacadh ar aon chuid den Bhille, fiú má tá siad ciallmhar. Tá an moladh ag an Seanadóir Ó Domhnaill ciallmhar.

Téann seo ar ais chuig an cheist a chuir mé níos túisce. Sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, na slata tomhais a bheadh ann ná go bhfuil Gaeilge á labhairt sna scoileanna, go bhfuil na seirbhísí eaglaise trí Ghaeilge, go bhfuil na comhlachtaí ag feidhmiú trí Ghaeilge agus mar sin de sa cheantar. An critéar atá an tAire Stáit ag úsáid le ceantar a bhaint as an nGaeltacht ná nár chuir aon chomhlacht isteach ar an gconradh. Níl sé sin maith go leor chun ceantar a bhaint as an nGaeltacht ach sin an chumhacht atáimid ag tabhairt don Aire. Ní dóibh liom gurb iad na critéir gur cheart dúinn a leagan síos do na glúine atá ag teacht inár ndiaidh ó thaobh cad is Gaeltacht ann agus cad nach Gaeltacht ann. Tá an Bille fabhtach agus bheinn ag iarraidh ar an Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh air.

Sin cad tá sé ag rá, go bhféadfadh an tAire ordú a dhéanamh lena ndearbhaítear nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, i gcás nach ndéanfadh aon eagraíocht faoi alt 7(4). Cuirim i gcás in Uibh Ráthach nach bhfuil aon chomhlacht pobalbhunaithe ann. Bhí mé ag caint leis an Seanadóir Coghlan agus tá seo ag tabhairt cumhachta don Aire Stáit, ar scríbe pinn, ceantar Uibh Ráthaigh a bhaint as ceantar Gaeltachta ní de bharr nach bhfuil a dhóthain oibre á deanamh ar an talamh ag eagrais phobail, ní de bharr múinteoirí nach bhfuil ag déanamh míle díchill ó thaobh an Ghaeilge a labhairt sna scoileanna, ach mar gheall nach bhfuil eagraíocht forbartha pobail ann a chuir isteach ar an jab, jab atá an tAire Stáit ag déanamh dodhéanta mar níl aon chinnteacht ann go mbeidh acmhainní ar fáil an jab sin a dhéanamh. Sílim go bhfuil athmhachnamh iomlán le déanamh faoin alt seo. Dá mbeimid in aon réimse eile den saol — dá mbeimid ag caint faoi sholáthar seirbhísí sláinte nó fiaclóireachta, seachas seirbhísí pleanála teanga — an mbeadh an Rialtas ag lorg iarratais ó chomhlachtaí pobalbhunaithe chun iad a chur ar bun i gConamara, ach gan aon acmhainní breise a chur ar fáil? Is iomaí comhlacht a chinneadh nárbh fhiú dóibh a leithéid a dhéanamh taobh istigh de na hacmhainní atá acu cheana féin, os rud é go dtarraingeodh sé tuilleadh oibre agus achrainn orthu. Bheadh siad buartha go gcuirfidís an pobal trína chéile agus go mbeadh daoine ag rá nach bhfuil dóthain á dhéanamh acu as na n-íocaíochtaí a bhfaigheann siad. Sa chás sin, déarfadh oifigigh na Roinne nach orthu atá an milleán nach bhfuil an Ghaeilge ag teacht chun cinn, ach ar an gcomhlacht nach bhfuil ag cur an phlean i bhfeidhm. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfabht mór bunúsach seo sa Bhille. Molaim go ndéanfar athmhachnamh iomlán ar an gcuid seo den Bhille idir an Chéim seo agus an Tuarascáil.

I suggest that Údarás na Gaeltachta should arrange a public forum on the issue. Such consultation is needed. The issue of language rights has been ignored in this Bill. No elected member of Údarás na Gaeltachta has been heard in the Oireachtas. No regulatory impact assessment has been presented. The 27,904 people who voted in the last Údarás na Gaeltachta election are being ignored. Elections represent the ultimate form of consultation. I ask the Minister of State to accept this amendment, which attempts to deal with the appalling democratic deficit in this Bill.

D'éist mé leis an méid a bhí le rá ag na Seanadóirí. Ba mhaith liom a rá gurb é croílár na straitéise seo ná spreagadh a thabhairt dos na pobail cur isteach ar na pleananna teanga. Tabharfar gach spreagadh agus gach seans dóibh cur isteach orthu. Muna bhfuil fonn ar éinne in aon cheann de na pobail seo cur isteach ar na pleananna teanga, b'fhéidir go gheobhaidh siad cabhair ón taobh amuigh. Beidh comhairle, cuidiú agus tacaíocht le fáil ón údarás sna ceantair Ghaeltachta chun gach deis a thabhairt do dhaoine cur isteach ar phlean teanga, nó chun iad a spreagadh chun plean a chur i láthair. Mar Aire Stáit, níl sé ar intinn agam an tua a luascadh agus an Ghaeltacht a scoilt mar sin. Tá sé ráite go gcaithfidh an Ghaeltacht bheith teanga-lárnaithe as seo amach. Tuigimid go léir go mbeidh an Ghaeltacht a bheidh againn amach anseo mar scáthán ar an teanga atáá labhairt ag an am sin. Nílimid anseo chun éinne a bhrú. Nílimid anseo leis an tua. Tabharfaimid gach uile deis agus gach uile tacaíocht do mhuintir na Gaeltachta. Caithfidh an spreagadh chun plean teanga a chur i láthair teacht ón bpobal féin.

Chomh fada agus is eol dom agus mé ag amharc ar an ábhar seo — tá súil agam go bhfuil an ceart agam — beidh gach ceantar sásta a phlean teanga féin a chur le chéile. Is leor sin. Is é seo an rud a bhfuil le déanamh. Má dhéanann siad é sin, beidh se go breá. Má deireann ceantair atá sa Ghaeltacht i láthair na huaire "níl suim againn sa phróiseas seo agus nílimid chun é a dhéanamh", is cinnte go mbainfidh impleachtaí leis sin. Táimid chun gach uile seans a thabhairt dóibh. Ní shílim gur cheart go mbeadh sé sa reachtaíocht gur gá go mbeidh fóram eile poiblí eile ann. Cén fáth nach mbeidh fóram poiblí ann má oireann sé? Níl aon rud sa Bhille a deireann nach féidir fóram poiblí a bheith ann. Ní gá dúinn é a chur sa reachtaíocht go caithfidh fóram poiblí a bheith ann. Tá fóram poiblí maidir leis an teanga ag dul ar aghaidh i nDún na nGall inniu. Bhí fóram poiblí eile i nGaillimh inné. Beidh fóraim phoiblí i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean i gceann cúpla lá eile. Tá an t-ábhar seo á phlé lá i ndiaidh lae ar Raidió na Gaeltachta. Is féidir díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta a fheiceáil ar TG4 aon oíche sa tseachtain. Baineann an rud céanna leGaelscéal, Foinse nó aon irisleabhar. Tá an oiread sin cainte déanta againn, agus 3.30 tráthnóna Déardaoin taobh thiar dúinn, go bhfuilimid tar éis an Bille seo a phlé for ten long hours. Beimid anseo an tseachtain seo chugainn chun ceithre huaire eile a chaitheamh ar an ábhar seo. Muna leor é sin, rachfaidh an reachtaíocht go dtí an Dáil le haghaidh díospóireacht lá i ndiaidh lae ansin. Is deas an rud é go bhfuilimid ábalta é a phlé. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí atá sásta teacht anseo chun a gcuid tuairimí a chur in iúl. Níl easpa díospóireachta, easpa plé nó easpa forám sa chás seo.

Tá iarracht á dhéanamh a chinntiú go mbeidh sé sa Bhille go gcaithfidh fóram a bheith ann. Caithfidh mé a rá nach bhfuil sé sa Bhille nach mbeidh fóram ann. Tá an cheist fós oscailte. Níl mé chun aon rud drastic a dhéanamh gan gach rogha agus seans a thabhairt don phobal. Má táimid dáiríre, caithfaimid díriú isteach ar deacrachtaí agus na laigí a léirigh na saineolaithe agus an tsuirbhé teangeolaíoch. Roinnt blianta ón lá inniu, beidh a fhios againn cén áit ina bhfuil an Ghaeltacht. Ag an am sin, beidh an Ghaeltacht a bheidh ann mar léiriú agus mar scáthán ar labhairt na teanga, lá i ndiaidh lae, i measc an phobail. Sílim go bhfuil na forálacha sa Bhille mar atá sééifeachtach go leor chun na Seanadóirí a chur ar a suaimhneas i dtaobh aon imní atá acu.

D'éist mé leis an Aire Stáit. Bhí go leor le rá aige, ach níl a fhios agam an bhfuil gach rud a dúirt sé cruinn. Luaigh sé fóram poiblí a bhí ar siúl i gConamara inné agus fóram poiblí atá ar siúl i dTír Chonaill inniu. Dé réir mar a thuigim, ní fóraim phoiblí iad ach cruinnithe a d'eagraigh Údarás na Gaeltachta le bainisteoirí agus stiúrthoirí na comhlachtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn. Ní ionann sin agus fóram poiblí. Níor fógraíodh go poiblí na cruinnithe sin. Ní dóigh liom go bhfuair na hionadaithe tofa as Gaillimh Thiar cuireadh go dtí an cruinniú a tharla i nGaillimh inné. Bheadh sé níos poiblí dá mbeadh cuireadh faighte againn. Dá mba rud é go mbeadh an reachtaíocht á plé anseo nuair atá an fóram poiblí ar siúl — más fóram poiblíé— ní bheadh aon chiall leis.

Dúirt an tAire Stáit níos túisce go bhfuil próiseas fada plé ar an mBille déanta roimhe seo. Foilsíodh an reachtaíocht seo coicís ó shin. Cé go raibh go leor plé ar an staidéar cuimsitheach, an straitéis agus mar sin de, ní hionann iad sin agus an Bille seo. Tá an t-uafás ar bith sa straitéis nach bhfuil sa Bhille. Mar a luaigh mé níos túisce, tá go leor sa staidéar cuimsitheach nach bhfuil sa Bhille. Ba chóir go mbeadh an reachtaíocht seo foilsithe go poiblí sé mhíó shin ionas go mbeadh deis againn plé poiblí a dhéanamh le pobal na Gaeltachta, a bheidh an-tionchar aige seo orthu. Ba cheart go mbeadh sé sin tarlaithe roimh an Chéim seo. Tá an próiseas lochtach ar fad. Tá an tAire Stáit ag iarraidh tabhairt le fios go bhfuil plé iomlán ar an mBille seo déanta, ach níl sé sin fíor. Tá an Rialtas fós ag iarraidh an Chéim seo a bhrú chun cinn agus gilitín a chur leis an bplé atáá dhéanamh againn inniu.

Mar fhocal scoir ar an leasú seo, ba mhaith liom a rá gur oibrigh mé mar bhainisteoir ar cheann de na heagraíochtaí pobalbhunaithe. Chaith mé tréimshe freisin ar an mbord de cheann de na comharchumainn atá ag plé le gnóthaí Gaeltachta. Bhéinn an-drogallach a leithéid de ról a thógáil sa chás seo. Tá freagrachtaí corporáideacha ag baint le bheith i do stiúrthóir ar chomharchumann nó ar chomhlacht pobalbhunaithe. Caithfidh an stiúrthóir dualgas cúraim a thaispeáint do na fostaithe agus rialacha áirithe ó thaobh airgid, srl., a leanúint. Caithfidh sé nó sí a chuid oibre a dhéanamh de réir na hacmhainní atá ar fáil. Tá dúshlán an-mhór á chur os comhair na n-eagraíochtaí seo. Chuala muid figiúirí níos túisce faoin ghearradh siar atá déanta ar bhuiséad an údaráis san earnáil seo le cúig bliana anuas, faoin Rialtas seo agus an Rialtas roimhe. Tá a fhios agam, ó bheith ag caint le bainisteoirí comharchumainn——

Ní bhaineann an leasú seo le buiséad an údaráis. Baineann sé le fóram a chur ar fáil. Dúirt an tAire Stáit go mb'fhéidir go gcuirfí fóram ar fáil.

Baineann sé le cumas na n-eagras a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta a dhéanfaidh iarratas ar seo. Tá na comharchumainn maointhe go díreach ag an údarás. Tá an buiséad sin gearrtha siar. Tá mise ag déanamh an phointe nach bhfuil ar a gcumas sin an plean atá ag an Aire Stáit a chur i bhfeidhm. Dá mbeinn mar stiúrthóir, mholfainn gan iarratas a dhéanamh ar an airgead breise seo. Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil gunna á chur le cloigne na gcomharchumann ag rá, "Tá an deontas reachtála bunaithe ar a bheith páirteach anseo". Mura bhfuil siad sásta an plean teanga a chur i bhfeidhm, ní bhfaighidh siad an deontas reáchtála in aghaidh na bliana. Caithfidh siad an obair bhreise a dhéanamh má tá siad ag súil leis an deontas reáchtála a choinneáil. Sin atá ag tarlú ar an talamh go praiticiúil, sin atá an Rialtas ag déanamh leis na comharchumainn Ghaeltachta, bímis iomlán fírinneach faoi sin.

Sa chás sin, mar stiúrthóir ar chomhlacht den chineál sin, d'iarrfainn an mbeadh sé ciallmhar cur isteach air seo agus glacadh leis an deontas reáchtála mar tá an Rialtas ag iarraidh orm m'fhoireann oibre a chur faoi bhrú, na hacmhainní a bheinn ag caitheamh ar áiseanna oifige nó soláthairtí pobail a athrú uaidh sin le haghaidh an phlean teanga a chur i bhfeidhm. Mura mbeinn sásta sin a dhéanamh, tá forálacha anseo a deir gur féidir stádas na háite mar cheantar Gaeltachta agus gach a mbaineann leis sin a chailleadh. Sin atáimid ag rá anseo. Tá ceisteanna tábhachtacha dlí ag baint leis an leasú seo.

Tógfaidh mé an ceantar go bhfuil mé féin i mo chónaí ann. Tá trí eagras pobalbhunaithe a fheictear dom a d'fhéadfadh cur isteach ar an bpost seo: Comharchumann Mhic Dara ar an Cheathrú Rua, tá Comhairle Ceantar na n-Oileán lonnaithe i dTír an Fhia agus tá Comhar Chuigeál Teo. Seans go bhfuil tuilleadh ann ach d'fhéadfadh aon cheann acu siúd cur isteach ar an gconradh áirithe seo. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom mura bhfuil aon duine acu sásta dul ar aghaidh mar gheall go gceapann siad nach bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil, go bhféadfadh le hAire ar bith a rá go mbeadh sé chun an ceantar sin, mar gheall nach bhfuil na comhlachtaí pobalbhunaithe ag comhoibriú agus nach bhfuil siad sásta an rud a dhéanamh ar an deontas reáchtála atá siad ag fáil, a bhaint amach as an Ghaeltacht. Ní cheart ná cóir sin gan dul amach chuig an bpobal agus a dtuairimí a fháil faoin rud ar fad. B'fhéidir fiú go ndéarfadh an pobal nach mbeadh an comhlacht ag feidhmiú mar is ceart ar aon nós. Chonaic muid é sin i gcomhthéacs MFG. Ní raibh sin ag feidhmiú mar is ceart ar an talamh ach bhí sé mar dheá ag feidhmiú mar chomhlacht pobalbhunaithe ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta. Ní raibh an comhlacht á dhéanamh. D'fhéadfadh cuid de na heagrais eile faoina a bhfuil an tAire Stáit ag labhairt an rud céanna a dhéanamh.

Beimid anseo go dtí mí na Nollag, nílimid ag dul ar aghaidh ró-thapaidh. Tá seanfhocal sa Laidin, festina lente, more haste, less speed.

Is fearr rud a dhéanamh i gceart.

Tá an tAire Stáit san áit cheart. Rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht é. Tá a chroí sa Ghaeltacht agus táim cinnte go bhfuil sé ag déanamh a dhíchill do gach duine a chónaíonn sna Gaeltachtaí agus na daoine a chónaíonn sa Ghalltacht.

Dúirt mé seo sa Teach seo cúpla uair agus déarfaidh mé arís é. Bhí mé ag labhairt le príomhmhúinteoir scoile cúpla bliain ó shin agus dúirt sé go raibh ár dteanga ag fáil bháis agus nach raibh sé ag déanamh faic chun sin a athrú. Bhí mé ar buille. Is é mo thuairim féin go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis sna Gaeltachtaí. Tá brón orm sin a rá. Nuair a bhí mé féin ag freastal ar scoil, bhí an Ghaeilge go flúirseach ag gach duine sa scoil. Ní raibh aon sruthú ann sa scoil. Thóg an máistir gach páiste, lag agus flúirseach, suas le chéile, measctha le chéile. Bhí an-suim aige ina theanga dhúchais. Caithfimid tús a dhéanamh sna scoileanna náisiúnta.

Tá an-mheas agam ar an Seanadóir agus ar a chuid Gaeilge ach níl sé ag labhairt ar an leasú.

Níor labhair an Seanadóir Brennan go fóill agus thug mé slat leathan don Seanadóir Ó Clochartaigh agus don Seanadóir Ó Domhnaill. Tá mé chun beagáinín slaite a thabhairt don Seanadóir Brennan.

Ní bhaineann seo leis an leasú.

Bhí mé sa suíochan sin cúpla láó shin agus sin a rinne mé le gach duine a bhí ag labhairt ón taobh seo agus ón taobh eile.

Bhí an-suim ag mo mhúinteoir ina theanga dhúchais. Caithfimid tús a dhéanamh sna scoileanna náisiúnta ar fud na tíre. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh ar maidin, "mol an óige agus tiocfaidh sí". Tá a lán le déanamh againn go léir, tuismitheoirí, múinteoirí agus páistí, chun daoine a spreagadh an teanga a labhairt chomh minic agus is féidir. Is é an tAire Stáit an fear ceart san áit cheart chun an teanga a chur chun cinn sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh díobh.

Tugaim aitheantas don Seanadóir Brennan as labhairt i nGaeilge. Fair play dó, níl sé chomh furasta sin nuair nach as ceantar Gaeltachta é. Tá a fhios agam go mbíonn sé i nDún na nGall anois is arís agus tá fáilte roimhe ansin i gcónaí.

Is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú. Ní fheictear dom cén fáth nach dtiocfadh leis glacadh leis. Mar a dúirt an Seanadóir Barrett, tá easnamh daonlathas sa Bhille seo agus dá mbeadh an dualgas ar an údarás dul ar aghaidh leis na cruinnithe poiblí a reáchtáil, ar a laghad bheadh sé ar eolas ag gach duine go mbeidh ar an údarás dul síos an bóthar sin. Tá a fhios againn uilig gur beag foireann atá ag an údarás. Níl rud ar bith sa Bhille chun acmhainní breise a thabhairt dó chun duine le taithí agus scileanna sa phleanáil teanga a earcú. Ní fheictear dom cén dóigh a bheadh an t-údarás in ann an Bhille seo a chur i bhfeidhm gan na hacmhainní cuí agus ar a laghad 20 duine breise a fhostú chun na spriocanna seo a chur le chéile agus a bhaint amach.

Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil sé sásta glacadh leis an leasú agus b'fhéidir go mbeadh na fóraim phoiblíá reáchtáil agus b'fhéidir nach mbeadh. Seans go gcuirfidh sé fearthainn amárach agus seans nach gcuirfidh, sin atá le rá aige. Ní thuigim cad chuige nach bhfuil sé sásta glacadh leis na focail atá anseo. Thabharfadh sé cosaint don Bhille, chuideodh sé leis an Aire Stáit agus leis an údarás, agus bheadh glór ag an bpobal a dtuairim a chur in iúl i bhfóram oscailte poiblí.

Tá a fhios agam go bhfuil na cruinnithe seo á reáchtáil, tá cruinniú inniu i nGaoth Dobhair. Ní bhfuair mé féin cuireadh chuig an fhóram sin agus ní raibh eolas ar bith agam faoi go dtí maidin inniu. Tá a fhios agam nach bhfuair na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht cuireadh. Fuair roinnt coistí cuireadh go dtí an fóram ach tá an chuma ann go bhfuil an Bille á bhrú tríd na Tithe. Tá a fhios againn cén fáth go bhfuil gilitín anseo tráthnóna, mar go bhfuil deireadh á chur leis an daonlathas a bhaineann leis an údarás. Tá an Rialtas ag iarraidh go rithfear an Bille sa Dáil roimh sos an tsamhraidh. Tá tréimhse comhaltaí an údaráis thart ag deireadh mhí Mheán an Fhómhair.

Tá dóigh eile déileáil leis seo; an Bille a chur siar go dtí mí Mheán an Fhómhair, plé a dhéanamh leis na pobail eágsúla i rith an tsamhraidh agus Bille leathanaigh amháin a thabhairt isteach chun síniú ama a thabhairt do bhord an údaráis. Ní bhainfeadh aon chostas leis sin go dtí deireadh na bliana. D'fhéadfadh an tAire Stáit bord idirmhéanach a chur isteach fá choinne tréimhse trí mhí. Bheadh sé in ann feidhmeannaigh na Roinne, nó oifigigh de chuid eagrais ar nós Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, a chur ar bhord an údaráis go dtí deireadh na bliana. Bheadh sé ar ár gcumas neart ama a ghlacadh chun an reachtaíocht seo a phlé sa Teach seo, sa Teach eile agus ag cruinnithe poiblí ar fud na Gaeltachta. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh an tAire Stáit agus a chuid feidhmeannaigh in ann camchuairt a dhéanamh ar fhóraim phobail a reáchtálfar ar fud na Gaeltachta. Tá a fhios agam go mbeadh an pobal i ngach Gaeltacht sa tír sásta freastal ar chruinnithe den chineál sin. Ba cheart go mbeadh ionchur acu sula mbeidh an reachtaíocht ceadaithe nó pasáilte ag an Oireachtas. Ní fiú mórán cruinnithe poiblí a reáchtáil inniu, inné nó an tseachtain seo chugainn nuair atá a fhios ag gach éinne go bhfuil an reachaíocht seo ag dul tríd. Tá an cuma air nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit glacadh le haon cheann de na leasuithe atá molta againn. I ndáiríre, is cur amú ama é aon chruinniú a reáchtálfar anois. Ní bheidh le déanamh againn ach insint le daoine go bhfuil an Bille ag dul ar aghaidh agus nach féidir leo aon ionchur a dhéanamh ag na cruinnithe sin. Ní fiú dóibh pointí a chur chun tosaigh mar nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh le haon cheann dóibh. Is léir go bhfuil an reachtaíocht seo ag dul ar aghaidh de réir mar atá sé scríofa. Níl mésásta leis sin. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo curtha faoi bhráid an tSeanaid. Muna bhfuil an tAire Stáit toilteanach glacadh leis an leasú seo, nó fiú a rá go bhfuil sé sásta breathnú air agus teacht ar ais an tseachtain seo chugainn, beidh me ag brú an leasú. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit breathnú ar an leasú thar an deireadh seachtaine, smaoineamh air agus a chuid tuairimí a nochtú ar an Tuarascáil an tseachtain seo chugainn. B'fhéidir go ndéanfaimid athrú ag an bpointe sin.

Cé go bhfuil cúram iontach tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh na hoibre seo, ní dóigh liom go bhfuil aon gá leis an leasú seo, a bhaineann leis an obair atá le déanamh ag muintir na gceantar Gaeltachta, nó na limistéir teanga. Ní raibh mé in ann bheith i láthair don díospóireacht seo ar fad, ar an drochuair, os rud é go raibh mé ag cruinniú den Chomhchoiste um Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh leo siúd a labhair as an obair atá déanta acu ar an reachtaíocht seo. Cé gur mór an trua é nach mbeimid ábalta na leasuithe uilig a phlé, caithfidh mé a rá go bhfuil gach gné den reachtaíocht luaite i rith na díospóireachta. Is dócha go mbeidh raic agus ruaille buaille againn i gceann nóiméad no dhó. Caithfidh an Freasúra é sin a dhéanamh. Tá gach rud luaite acu. Aontaím leis an Aire Stáit i dtaobh an leasaithe seo. Ní bheidh mé ag tacú leis an leasú.

Caithfimid buíochas a ghabháil leis an Seanadóir D'Arcy as an moladh atá tugtha aige don phlé atá déanta againn. Aontaím go raibh díospóireacht an-mhaith againn ar Bhille na Gaeltachta 2012 go dtí seo. Níl deireadh leis an bplé fós. D'fhéadfadh an Ceannaire rún a chur os comhair an Tí a thabharfadh deis dúinn leanúint leis an díospóireacht. Geallaim don Seanadóir D'Arcy go bhfuil na Seanadóirí ar an taobh seo den Teach breá sásta leanúint ar aghaidh inniu, amárach nó lá ar bith is gá an tseachtain seo chugainn chun na leasuithe breise a phlé. Tá an-tionchar ag na ceisteanna tromchúiseacha seo ar shaol agus saothar na Gaeltachta. Is é sin an fáth go bhfuil na ceisteanna seo á dtarraingt anuas againn. Is ábhar díoma é nach raibh an tAire Stáit sásta glacadh le leasú ar bith, fiú na leasuithe beaga fánacha, go dtí seo. Tá an buncheist a bhaineann leis an daonlathas fíor-thabhachtach sa chomhthéacs seo.

Caithfidh mé a rá, tar éis an méid díospóireachta atá déanta againn, go bhfuil cineál deachtóireacht ar bun ag an Aire Stáit ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de. Níl a fhios agam an bhfuil na smaointe atá leagtha amach againn i rith na díospóireachta á dtógáil ar bord ag an Aire Stáit, i ndáiríre píre. Le linn an phróisis seo, muna bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis go mbeidh fóram pobail faoi scáth Údarás na Gaeltachta ann, an ghlacfaidh sé le tuairimí an pobail ar an gceist seo? Is léir go bhfuil clár faoi leith ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge. Is é an bealach seo an t-aon bhealach a bhfuil an Rialtas sásta a leanúint. Téann sé sin i gcoinne an bunphrionsabail a bhí ann maidir le cearta sibhialta na Gaeltachta, mar shampla nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus TG4, srl. Tháinig an feachtas aníos ón bpobal. Tá feachtas ar bun ó foilsíodh an Bille seo ag iarraidh gach duine againne a chur ar an eolas nach bhfuil pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta sásta leis an mBille. Tá an-iontas orm nach bhfuil an tAire Stáit sásta é sin a thógáil ar bord. Ní hé gur cluiche polaitiúil é seo. Táimid ag caint faoi thodhchaíár ngasúir, ár gclann agus clann á gclainne. Táimid ag caint faoi thodhchaíár dteanga agus ár gceantair. Cuireann sé an-imní orm go bhfuil an tAire Stáit chomh diongbháilte maidir leis na leasuithe atá curtha chun cinn againn agus na hargóintí atá déanta ag Seanadóiríón taobh seo den Teach.

Glacaim leis go bhfuil dea-mhéin ann. Níl mé ag iarraidh cur isteach ar an Seanadóir Brennan. Tá ard-mheas agam ar an gcaoi ina úsáideann sé an Ghaeilge sa Teach seo. Tá sé sin fíor-thábhachtach. Caithfimid a bheith ceannródaíoch agus misniúil. Mar a dúirt mé níos túisce, caithfimid an saineaolas sa staidéar cuimsitheach a thógáil ar bord. Thóg sé tamall fada an staidéar sin a chur le chéile. Bhí plé iomlán ann. Tá cuid mhaith saineolais caite i dtraipisí, áfach. Ba cheart an méid ama atá againn chun an reachtaíocht a phlé ar an gCéim seo a shíneadh, ionas go mbeidh deis againn teacht ar ais chuig na moltaí eile, a bhaineann le cumhachtaíÚdarás na Gaeltachta, an bord, an comhlíonadh agus an maoiniú, srl. Cén dochar a dhéanfadh coicís eile le seo a fháil i gceart? Dúirt an tAire Stáit níos túisce sa díospóireacht go bhfuilimid 56 bliain ag fanacht leis seo. Ba chóir dúinn é a dhéanamh i gceart an uair seo. Dá mbeadh an tAire Stáit oscailte agus sásta glacadh le cuid de na moltaí ata á dhéanamh againn, b'fhéidir go mbeimid uilig in ann tacaíochta a thabhairt do Bhille na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeimid uilig bródúil as. Ní shin atá ag teacht as an méid plé atá déanta againn thar go leor uaireanta an chloig.

Go dtí seo, níor ghlac an tAire Stáit le haon cheann de na tuairimí atá léirithe againn. Tugann séár ndúshlán, agus muide a dhúshlán féin. Tá sé ag éisteacht linn, ach ní ghlacaim go bhfuil sé ag tógáil ar bord aon chuid den saineolas nó na moltaí seo. Níl mé ag rá gurb éár saineolas atá i gceist. Tháinig na leasuithe atáá chur chun cinn againn chugainn ó eagrais eile Gaeilge agus Gaeltachta. Tá saineolas acu, os rud é go bhfuil siad ag obair ar an talamh, agus tá siad ag caint linn ó lá go lá. Ní cheart go mbeadh an tAire Stáit cosúil leis na hAirí eile sa Rialtas, a fhanann suas anseo i mBaile Átha Cliath — i dTeach Laighean — gan bheith i dteagmháil leis an méid atá ag tarlú ar an dtalamh. Ní bhainfidh a leithéid de cur chuige amach na spriocanna sa straitéis 20 bliain. Ní bheidh sé ar leas na Gaeilge. Tá sé fíor-thábhachtach go ndéanfaidh an tAire Stáit athmhachnamh ar an ábhar seo. Ba cheart síneadh ama a thabhairt dúinn, seachas deireadh a chur le Céim an Choiste. Tá mé ag moladh go dtabharfar seans dúinn teacht ar ais agus níos mó ama a chaitheamh ar na leasuithe ar fad atá le plé.

Ní shílim go bhfuil mé ag cailliúint teagmhála leis na ceantair Ghaeltachta. Tá ceantar an-leathan Gaeltachta i mo dháilcheantar féin. Bhí mé i gceantar an Seanadóir Ó Clochartaigh i gConamara ar a laghad deich n-uaire — b'fhéidir 20 uair —ó ceapadh mé. Bhí mé sna Gaeltachtaí ar fad — An Rinn, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cúil Aodha i gCúige Mumhan agus Gaeltacht Contae na Mí ina measc — níos mó na uair amháin. Tá mé ag caint le muintir na Gaeltachta lá i ndiaidh lae. Sílim go dtuigim an dearcadh atá acu.

An bhfuil siad ag rá leis an Aire Stáit go bhfuil siad ag tacú leis an mBille?

Ba mhaith liom díriú isteach ar an dá leasú seo, a bhaineann le fóraim phoiblí a eagrú i gceantair má dhiúltaíonn siad ar phlean teanga a chur isteach. Muna bhfuil siad ag iarraidh bheith páirteach, tar éis gach seans a thabhairt dóibh, an bhfuil sé i gceist a rá leo ag na fóraim seo go bhfuil siad ag dul amach as an nGaeltacht? Níl aon rud sa Bhille a deireann nach mbeidh fóram poiblí ann. Tá go leor fóraim againn. Tá siad tosnaithe cheana féin. Caithfidh mé a ra go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an eolas atá ag teacht ar ais ó na cruinnithe a bhí againn go dtí seo. Tá na comharchumainn agus na heagraíochtaí lena bhfuilimid ag plé, ar a bheidh an t-ualach agus an cúram na pleananna seo a dhéanamh, an-dearfach faoin mhéid atá sa Bhille agus na freagraí atáá thabhairt dóibh. Tá sé soiléir dóibh go bhfuil dúshlán mór os a gcomhair amach agus jab mór le déanamh acu ar mhaithe leis an teanga.

Maidir le hacmhainní, táthar ag cur acmhainní ar fáil agus ar mhaithe leis an teanga agus leis an straitéis, caithfear tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na straitéise agus na bpleananna leis na hacmhainní teoranta atá againn.

Mar a dúirt mé, tá mé iontach dóchasach ón eolas atá ag teacht ar ais go bhfuil na daoine ag éisteacht. Táimid ag déanamh ár ndíchill an t-eolas a thabhairt dóibh. Mar sin féin, ní dhéanfar aon rud i ngan fhios; beidh gach rud oscailte agus beidh seans ag gach duine. Níl méag rá nach mbeidh fóram poiblí ann ach ní shílim gur gáé a chur isteach sa Bhille. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe.

Tá sé scannalach, náireach amach is amach that the guillotine is being used on this Bill. We only got to amendment No. 16 of 160 amendments, 10% of the amendments. Democracy is being denied to people and we cannot even discuss the other amendments. Tá sé náireach agus scannalach go bhfuil Bille mar seo á bhrú tríd an Teach seo. Níl sé maith go leor agus nílimid sásta ar an taobh seo den Teach. Is mór an náire go bhfuil an Rialtas ag iarraidh guth a bhaint ó phobal na Gaeltachtaí gan fiú bheith sásta éisteacht linn. We are willing to sit all night if we get the opportunity. It is democracy denied.

As it is now 4 p.m., I am now required to put the following question in accordance with an order of the Seanad of this day: "That amendment No. 16 is hereby negatived, that the Government amendments undisposed are hereby made to the Bill, each of the sections undisposed or, as appropriately, each of the sections, as amended, is hereby agreed to, the Schedule is hereby agreed to and the Title is hereby agreed to, and that the Bill, as amended, is hereby reported."

Question put.
The Committee divided by electronic means.

Faoi Bhuan-Ordu 71(3)(b), iarraim go ndéanfar an vótáil arís ar shlí seachas trí mheán leictreonach.

Question put.
The Committee divided: Tá, 27; Níl, 15.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Crown, John.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe; Níl, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.

When is it proposed to sit again?

At 2.30 p.m. next Tuesday.

No.

The Seanad divided by electronic means.

Under Standing Order 62(3)(b) I request that the division be taken again other than by electronic means.

Question put: "That the Seanad do now adjourn until 2.30 p.m. next Tuesday."
The Seanad divided: Tá, 24; Níl, 14.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Landy, Denis.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Keeffe, Susan.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Crown, John.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O’Keeffe; Níl, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.