Gaeltacht Bill 2012: Report and Final Stages

Go raibh míle maith agaibh, fáilte roimh cách. Táimid ag leanúint ar aghaidh le Bille na Gaeltachta Report Stage agus tá sé scríofa ós mo chomhair anseo agus caithfidh méé seo a léamh amach. Before we commence I remind Senators that they may only speak once on an amendment on Report Stage, except the proposer of the amendment. Amendments must be seconded.

I move amendment No. 1:

In page 8, lines 9 to and 10, to delete all words from and including "TO", where it firstly occurs, in line 9 down to and including "1997;" in line 10.

Go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh, agus fáilte roimh an Aire Stáit agus na feidhmeannaigh ar ais arís chun plé a dhéanamh ar an mBille tábhachtach seo. Tá go leor pléá dhéanamh ar an mBille seo taobh amuigh den teach seo agus fiú istigh sa teach seo agus sin mar ba chóir go mbeadh. Tá rudaí bunúsacha agam sa Bhille seo agus tá súil agam b'fhéidir go raibh deis ag an Aire agus ag na feidhmeannaigh machnamh a dhéanamh ar chuid den mhéid a bhí le rá againne. An lá faoi dheireadh, nuair a bhímid ag cur chun tosaigh pointí sonracha i dtaca leis an dóigh a chreideann muid-ne arbh fiú dul ar aghaidh leis an mBille seo a chur i bhfeidhm agus an Bille seo a chur san áireamh ins an dóigh go dtig leis an buntáiste is mó is féidir a chur ar fáil don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge sin sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar go mbaineann an Bille seo i ndáiríre le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht fosta agus tá sé tábhachtach go mbeidh an Bille láidir agus foirfe ins an dóigh go dtig leis na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis a chur i bhfeidhm. I dtaca leis an leasú seo a Leas-Chathaoirligh, is leasú teicniúil é seo agus baineann sé leis an ceannteideal atá sa Bhille i dtaca le, tá mé ag moladh go mbeidh na focail ar líne a hocht ó‘do leasú an tAcht um Údarás na Gaeltachta 1979 do leasú in Acht an Toghcháin 1992 agus do leasú Acht an Toghcháin 1997' go mbeidh sé sin bainte as an mBille. An réasún nó an fáth atá leis sin ná dá dtiocfadh linn na focail agus na línte sin a bhaint amach as an mBille chiallódh sé go mbeadh gá dul ar aghaidh toghchán daonlathach a reáchtáil do thoghcháin an Údaráis. M'urraim go mbaineann sé seo le cúrsaí daonlathais ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre seo. Cuireann sé amach an comhartha mícheart agus mí-fhéaráilte go huile is go hiomlán, má tá an Stát nó an Rialtas ag dul ag cur deireadh le toghchán thar oíche. Níl sé sin féaráilte do na grúpaí go léir sa Ghaeltacht do na daoine go léir sa Ghaeltacht. Cuid acu nach bhfuil fiú beo anois, a throid agus a chur feachtas i mbun a chéile sna 70dí chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta vóta a chaitheamh, ionas go dtiocfadh leo an cinneadh a dhéanamh ar cé ar mhaith leo-san a bheith mar ionadaíocht dóibh ar bhord Údarás na Gaeltachta. D'oibrigh an córas go maith ó 1980 nuair a bhí an chéad bhord tofa agus d'oibrigh séó shin i leith suas go dtí an toghchán deireanach i 2005. Ní ghlacaim-se leis an méid atá ráite i dtaca le airgead a shábháil anseo mura bhfuil aon toghchán ann. Ní ghlacaim-se leis sin agus ní ghlacann an pobal leis sin, mar go dtiocfadh leis an toghchán seo a bheith á reáchtáil ar an lá céanna le aon reifreann nó le aon toghchán eile. Is é an moladh a chur mise chuig an Aire Stáit an tseachtain seo caite nuair a labhair muid ar Chéim an Choiste den Bhille ná fiú mura mbeifeá in ann toghcháin a reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair, creidim-se go dtiocfadh linn dul ar aghaidh agus toghchán a reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair ní ghlacfadh sé i bhfad fiú i mí Lúnasa toghchán a chur ar bun agus deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta bord úr a thoghadh. Bheadh an bord sin, tá sé chun a bheith íslithe ó fiche go dosaen agus níl aon deacracht againn leis sin agus sábhálfadh sé sin airgead agus táimid uilig ag iarraidh a bheith ag dul síos an treo sin airgead a shábháil. Ach, tá an tÚdarás ag dul a bheith anois níos tábhachtaí ná riamh roimhe. Tá ról ag dul a bheith ag an Údarás ar phleanáil teanga ar thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht agus b'fhéidir taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá ról ag dul a bheith ag an Údarás ag cur i bhfeidhm na spriocanna atá leagtha síos san Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Beidh breis foirne ag teastáil ón Údarás chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh breis——

Pointe oird, a Chathaoirligh, táim ag ceapadh go bhfuil deacrachtaí leis an gcóras cluasáin arís.

An bhfuil aon duine anseo? Tá deacrachtaí agat ab ea? Tá siad ag obair ar an dtaobh seo, an bhfuil? Are they working on that side? Níl siad ag obair. An bhfuil aon cheann, is there anyone working at all?

An féidir liom a mholadh a Chathaoirligh go gcuirfear an suí ar athló ar feadh cúig nóiméad chun an fadhb a réiteach can we suspend the sitting until we fix the problem?

An bhfuil sé ag obair? No, níl sé. B'fhéidir go gcaithfidh mé sos beag a thógáil, cúig nóiméad a thógáil, molaim é sin. An bhfuil sé sin aontaithe.

Sitting suspended at 12.55 p.m. and resumed at 1.05 p.m.

Táimid ag caint ar an leasú sin, leasú teicniúil. Baineann sé leis an toghchán agus na focail atá istigh san Acht seo ag iarraidh deireadh a chur le toghchán an Údaráis. Measaim go bhfuil sé sin mí-fhéaráilte go huile is go hiomlán, ní dúinn mar pholaiteoirí, cé go bhfuil mise tofa ar bhord an Údaráis, dá mbeadh ann ar maidin ní bheinn ag dul chun tosaigh fá choinne an toghcháin sin. Mar a dúirt mé ag cruinniú a bhí agam roimhe, measaim-se fiú gur chóir don toghchán a bheith teoranta do choistí pobail nó ionadaithe neamhspleácha, ligean dóibh a bheith ag dul chun tosaigh mar iarrthóirí. Fiú páirtithe polaitiúla a fhágáil amach as an rud ar fad agus deis a thabhairt do ghrúpaí pobail sa Ghaeltacht daoine a chur chun tosaigh agus ansin iad a chur os comhair an phobail deis a thabhairt do gach duine den 96,000 duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht, cuid acu sin ní bheidís 18 ach iad siúd atá thar 18 vóta a chaitheamh agus sin an nós a bhí ann. D'oibrigh an nós sin agus ní fheictear domsa cén fáth a bhfuiltear ag iarraidh deireadh a chur leis an toghchán daonlathach. Níl fhios agam cén áit as a bhfuil sé seo ag teacht as agus ardaíonn sé seo ceist mhór faoin dóigh ina n-oibríonn Údarás na Gaeltachta cúraimí breise a bheith ag an Údarás níl na hacmhainní ag an Údarás leis na cúraimí sin a iompar agus beidh acmhainní breise de dhíobháil ar an Údarás chun aon bhreis cúraimí a iompar. Tá sé sin soiléir ó thaobh foirne agus ó thaobh acmhainní airgeadais de, mar go mbeidh costais mhór ag baint le aon phlean teanga a chur le chéile, é a dhréachtú nóé a chur i bhfeidhm. Ní fheictear dom sa Bhille go bhfuil sé sin leagtha síos go sonrach, in fact níl sé sa Bhille ar chur ar bith.

Ó thaobh bord an Údaráis, bhí bord Údarás na Gaeltachta i gcónaí ag comhoibriú le chéile ní dhéanfadh sé difir cén duine a bhí ar an bord, bíodh séó pháirtí an Lucht Oibre, nó Fine Gael nó Sinn Féin nó Fianna Fáil nó duine neamhspleách bhí comhoibriú maith i gcónaí ansin. Bhí an bord i gcónaí sásta na ceisteanna deacra a ardú agus a thógáil. B'fhéidir nach raibh sé sin sásúil go leor i gceantair éagsúla mar go raibh an bord ag cur an brú. Ach anois an dóigh a bheas an bord ná go mbeidh an bord ansin faoi cúram an Aire cibé cé a bheidh ann, agus níl mé ag cur aon lucht ar an Aire atá ansin faoi láthair. Caithfidh mé a rá go bhfuil an tAire Stáit MacFhionnlaoich an-dáiríre faoin Ghaeilge agus tá fhios agam sin, i bhfad níos mó taithí aige b'fhéidir a bheith ag plé leis na cúrsaí seo ná atá agamsa. Ach creidim-se go láidir, más Aire de chuid Sinn Féin nó an Lucht Oibre nó Fianna Fáil nó cibé an tAire a bheidh ann amach anseo, ní fheictear domsa cén fáth ar chóir an cúram iomlán a thabhairt don Aire agus ansin na comhairlí contae na comhaltaí a roghnú le bheith ar an bhord. Má amharcann tú air anois, na comhaltaí a bheidh tofa, glac Dún na nGall, Maigh Eo, Contae na Gaillimhe is é comhairleoir contae de chuid an Rialtais a bheidh tofa ar an Údarás ins na comhairlí contae sin go léir mar go bhfuil an tromlach acu, i gCiarraí an dóigh céanna. Ansin, go mbeidh an deis ag an Aire ansin seachtar breise a roghnú. Níl aon deacracht agam ag ligean don Aire, cibé an tAire atá ann, an Cathaoirleach a roghnú mar gur duine neamhspleách ba chóir a bheith ansin, duine le cúramaí sonracha speisialta. Ach cén fáth nach féidir linn deireadh a chur leis an seafóid seo faoin toghchán dul ar aghaidh leis an toghchán agus ligean do phobal na Gaeltachta, na daoine is láidre, na daoine is fearr a thoghadh. Mar, an rud atá ráite ins an Bhille seo i ndáiríre ná, nílimid sásta glacadh leis an chinneadh a bheas á dhéanamh ag pobal na Gaeltachta, táimid ag dul ag glacadh an chúraim sin uaibh-se agus táimid ag dul ag déanamh an chinnidh. Lig do na comhairlí contae duine a roghnú agus ansin déanfaidh an tAire an cuid eile de na daoine sin a roghnú agus déanfaimid cinnte cibé bord a bheidh ann go mbeidh an bord sin ag comhlíonadh na ndualgas mar atáimid ag iarraidh. Sin an rud a bheidh ag tarlú anseo mar cibé an duine a bheidh ceaptha ag aon Aire, bíodh sé Aire de chuid cibé páirtí nó duine gan pháirtí beidh an duine sin faoi chúram an Aire agus beidh siad ag iarraidh a bheith ag déanamh an rud ceart de réir an Aire agus ní an rud ceart de réir pobal na Gaeltachta. Sin an áit a fheicim go bhfuil an Bille seo lochtach. Má tá an tÚdarás le bheith láidir amach anseo tá sé tábhachtach go mbeadh an tÚdarás neamhspleách, láidir, ag éisteacht leis an bpobal, ag comhoibriú leis an bpobal, fite fuaite sna grúpaí pobail agus mar sin de. Ní fheictear domsa ag dul síos an treo seo go dtarlóidh sé sin. Fiú ag an bpointe deireanach seo, tá fhios agam go bhfuil an tAire Stáit iontach dáiríre faoin Ghaeilge agus an Ghaeltacht, rugadh agus tógadh é ansin tá an tAire Stáit ina chónaí in aice liom féin sa bhaile ach creidim-se ó mo chroí amach gur seo an bealach mícheart atáimid ag dul síos, má cuirfimid deireadh le toghchán an Údaráis. Táimid ag dul síos an bóthar ciotach, táimid ag cruthúÚdaráis a bhfuil faoi chúram na Roinne, faoi chúram an Aire ach níl na hacmhainní ansin ar fáil ag an Údarás. Beidh an bord ag iarraidh a bheith ag aontú le cibé Rialtas nó an tAire atá ansin ag an am agus ní bheidh aon cheistiú ann i dtaca leis an chiste a bheidh ar fáil don Údarás ag teacht ón bhord. Níl sé sin cothrom, neamhspleách, féaráilte agus ní oibreoidh sé. Cinnte ar pháipéar beidh gach duine ag aontú lena chéile, ach ní bheidh sé ag oibriú amach do phobal na Gaeltachta nó pobal na Gaeilge. Sin an áit a fheicim-se go bhfuil locht leis an dóigh a bhfuil an moladh ag teacht chun tosaigh sa Bhille. Déarfainn leis an Aire Stáit, fiú ag an am deireanach seo agus muid ag plé an méid seo den Bhille inniu gur chóir athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar seo. Fiú sula dtéann an Bille isteach go dtí an Dáil, dá mbeifear fiú ag moladh go d'fhéadfadh seachtar a bheith tofa ag pobal na Gaeltachta, duine ó gach aon Ghaeltacht agus ansin go mbeadh an cúram ag an Aire trí an choiste Oireachtais atá anseo na daoine eile a roghnú. Bheadh sé sin i bhfad níos féaráilte agus níos trédhearcaí ná an bealach seo. Glacaim leis go bhfuil go leor eagrais Stáit eile agus tá daoine cosúil leis an NRA agus an NTA agus na heagrais seo go léir áit a bhfuil comhairleoirí contae agus daoine eile ar na boird, tá sé sin ceart go leor. Bhí an difríocht i gcónaí idir an tÚdarás agus na heagrais sin, nuair a tháinig an brú agus is iad daoine ó Fhine Gael agus ón Lucht Oibre a d'ardaigh an cheist sin. Nuair a tháinig an brú, bhítí in ann idirdhealú a dhéanamh idir na heagrais sin agus an tÚdarás mar go rabhadar ag rá gur quangos a bhí i gcuid de na heagrais sin agus bhítí i gcónaí in ann a rá nach quango a bhí san Údarás. Ní maith liom ag úsáid an fhocail sin ach bhí sé in úsáid ag Seanadóirí de chuid Fine Gael agus an Lucht Oibre sa Teach seo nuair a bhí an Bille deireanach de chuid an Údaráis ag dul tríd ar an 6ú lá de mhí Iúil 2010. Rinne na Seanadóirí Fidelma Healy Eames agus Barrett tagairt do seo an t-am deireanach. Fiú tú féin a Aire Stáit, bhí mé ag léamh an méid a dúirt tú féin nuair a bhí an Bille ag dul tríd an Dáil ag an am agus bhí tú ag maíomh go láidir gur droch buile a bhí ann, síneadh ama a chur le am Bord an Údaráis agus bhí tú fosta ag rá gur buile don daonlathas a bhí ann. Síneadh ama a chur leis an bord a bhí ansin, sin bord a bhí tofa, ach sé an buile mór atá ann anois agus tú féin atá ag déanamh é, ná go bhfuil deireadh iomlán á chur leis na toghcháin sin, ní síneadh tá deireadh iomlán á chur leis na toghcháin sin agus níor chreid tusa sin dhá bhliain ó shin. Níor chreid túé dhá bhliain ó shin, mar sin níl fhios agam cad as a dtáinig an t-athrú seo amach as. Níor chreid na Seanadóirí a bhí ar an taobh seo den Teach ag an am é sin dhá bhliain ó shin, agus tá sé ráite anseo ag mar shampla urlabhraí Fine Gael ag an am, an Teachta Frankie Feighan, agus léifidh méé seo amach.

This is a very important point.

Fan nóiméad anois, táimid ag caint ar leasú Uimh. 1, agus de bhrí go bhfuil leasú Uimh. 1 saghas leathan tá mé ag tabhairt leathnú duit anois. Ach uimhir a dó, trí agus a ceathair, beidh tú an-chruinn mar tá an leasú seo an-leathan mar gheall ar an Acht, ach chuimhnigh ar sin, píosa beag eile más é do thoil é.

Nuair a bhí an Teachta Frank Feighan ag caint sa Dáil ar an 6ú lá de mhí Iúil 2010, labhair sé i nGaeilge agus ansin labhair sé i mBéarla. Ach, dúirt sé i mBéarla, "we believe it is anti democratic, to deny people in the Gaeltacht an opportunity to elect representatives to the body charged with steering the Gaeltacht regions out of this economic crisis"— sin iad na focail a dúirt sé sa Dáil ar 6 Iúil 2010, thart fá dhá bhliain ó shin, sa lá atá inniu ann. Obviously, d'athraigh rud éigin mór idir an lá sin agus an lá inniu, mar go bhfuil na focail sin inniu, ní fiú mórán iad, agus ansin, Alex White, agus é ag caint ar an taobh seo den Teach sa bhFreasúra ag an am, nuair a dúirt sé"tá an Rialtas ag teacht isteach anseo le rá nach mbeidh toghchán ann, go mbeidh an toghchán á chur siar". This is extremely serious, agus tá go leor eile samplaí anseo fosta. Mar sin, tá fhios agam nach gcreideann an Aire Stáit, mar go ndúirt sé féin ag an am, agus níl mé ag dul ag léamh amach an méid a bhí le rá aige féin, b'fhéidir nach mbeadh sé féaráilte, ach, tá sé ar an taifead, duine ar bith atá ag iarraidh é a léamh. Bhí sé an-soiléir go raibh sé ag iarraidh go mbeadh toghchán ann. Dúirt sé ag an am go raibh sé tábhachtach go mbeadh toghchán ann go dtiocfadh an toghchán a reáchtáil ag deireadh 2010 agus anois tá deireadh iomlán á chur leis na toghcháin sin. Níl fhios agam cad as a dtáinig an t-athrú amach as ach ba mhaith liom soiléiriú ní airgead atá i gceist anseo, b'fhéidir go mbeifeáá rá go bhfuil sábháil i gceist. Cuir an toghchán ar siúl ar an lá cheanna le toghcháin na comhairle contae nó le toghcháin le reifreann ar bith agus cuir bord úr isteach anois má tá tú ag iarraidh fá choinne tréimhse ama. Cuir bord úr isteach ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh go dtí go mbeidh toghchán ann, beidh go leor reifrinn ag teacht aníos, beidh na botháin vótála sa Ghaeltacht go léir oscailte nuair a bheidh reifreann ann, ní bheidh aon chostas breise ar an Stát ach amháin páipéarachas agus is féidir dul ar aghaidh agus an toghchán a reáchtáil agus dosaen a thoghadh nó b'fhéidir duine dhéag a thoghadh, agus ansin an Cathaoirleach a bheith roghnaithe agat féin. Sin an fáth a bhfuil mé ag moladh an leasaithe seo, a Leas Chathaoirligh, agus baineann sé leis an toghchán. Mar a dúirt tú féin tá sé leathan, tá an leasú seo istigh anseo mar go bhfuil sé tábhachtach. Táimid ag iarraidh na bhfocal sin a bhaint amach mar go gcuideodh sé le deireadh a chur leis an sprioc atá ag an Rialtas seo, an daonlathas a tharraingt óÚdarás na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeltachta.

An bhfuil Seanadóir Ó Clochartaigh ag cuidiú leis an rún?

Go raibh míle maith agat.

Ba mhaith liom cuidiú leis an leasú atáá dhéanamh ag mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Domhnaill agus i gcomhthéacs na díospóireachta go dtí seo, a Aire, agus tuigim go raibh roinnt uaireanta cloig againn ag plé cuid mhaith ceisteanna a bhaineann leis an mBille Gaeltachta agus cuid mhaith de na ráitis atá déanta agat sa Teach seo agus taobh amuigh dó.

Táim an-amhrasach i ndáiríre faoi cé mhéid atá tú ag éisteacht leis an díospóireacht atá ar bun agus sílim go bhfuil moladh áirithe anseo maidir le codanna áirithe a bhaint as an teideal den rud seo. Sé an rud a bheinn-se ag rá agus sé an rud a bheadh Sinn Féin ag rá ag an bpointe seo, ná gur chóir an Bille seo a tharraingt siar ar fad ag an bpointe seo. Ní léir dúinn go bhfuil aon tacaíocht amuigh ansin i bpobal na Gaeilge ná i bpobal na Gaeltachta don Bhille mar atá sé faoi láthair. Táim ag ceapadh go bhfuil sé tábhachtach go mbogfaí ar aghaidh le Bille Gaeltachta a mbeidh daoine sásta glacadh leis agus a mbeidh daoine sásta trasna an bhoird leis, níl sé sin soiléir domsa go bhfuil an tacaíocht sin ag an mBille seo agus ba bhreá liom fáil amach cé tá ag tacú leis an mBille. Mar shampla, bhí ráiteas agat linn an tseachtain seo caite, dúirt tú nuair a chuir mé ceist ort, maidir leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobail bhunaithe, dúirt tú go raibh do chuid feidhmeannaigh ag caint leo i gConamara agus i nGaoth Dobhair agus go rabhadar iontach sásta leis an méid a bhíá moladh agus na dualgais bhreise agus mar sin de a bhí orthu. Bhí mise ag tiomáint abhaile i mo charr maidin Dé hAoine agus bhí ráiteas ar Raidió na Gaeltachta ó dhuine de na feidhmeannaigh i gComharchumann i dTír Chonaill, i do Chontae féin a dúirt a mhalairt ar fad, go raibh an-imní orthu, nach raibh siad ag glacadh leis an méid a bhí ann, go raibh imní orthu faoi na dualgais bhreise agus go raibh imní orthu faoi na hacmhainní breise. Cuirim i do leith, a Aire, nach bhfuil tú ag éisteacht beag ná mór linne, nach bhfuil tú ag éisteacht beag ná mór le pobal na Gaeilge, nach bhfuil tú ag éisteacht beag ná mór le pobal na Gaeltachta agus an dream atá tú ag iarraidh orthu comhoibriú leat mar a deir tú féin, ó thaobh an straitéis 20 bliain a chur chun cinn. Ar an mbunús sin táim ag iarraidh ort an Bille seo a tharraingt siar inniu agus gan dul ar aghaidh chuig staid na Dála mar silim go bhfuil géarghá le próiseas comhairliúcháin ar an mBille féin agus go bpléifeadh muid na forálacha atá sa Bille agus teacht suas le Bille a bheadh níos foirfe agus níos in ghlactha. Más féidir sin a dhéanamh tiocfaimid isteach sa teach seo agus thacóimis lena leithéid de Bhille, ach ní bheimid ag tacú leis an gceann seo ar na cúiseanna atá luaite.

Ar na bun-cheisteanna atá ann, tá an cheist maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Táimid beagáinín difriúil ó thaobh tuigim cé as a bhfuil an Seanadóir Ó Domhnaill ag teacht go bhfuil sé sásta le laghdú ar an mbord agus mar sin de ar bhealach, mar go bhfuil sé soiléir nach bhfuil sibhse chun anstatus quo a fhágáil mar atá sé, de réir mar atá ráite agat. Ach sé dearcadh Shinn Féin de ná gur chóir toghchán Údarás na Gaeltachta a fhágáil mar atá sé. D’aontóinn leis an bpointe maidir leis na páirtithe polaitiúla, nár chóir go mbeadh baint ná páirt acu le bord Údarás na Gaeltachta. D’fhás Údarás na Gaeltachta, mar atá a fhios agat a Aire, amach as cearta sibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht pobail a tháinig aníos ón gcois mhuintir, a bhí ag iarraidh cearta maidir le cúrsaí saoráidí, cúrsaí teanga, cúrsaí oibre, cúrsaí eacnamaíochta agus mar sin de, sa Ghaeltacht agus an bun-choincheap a bhí taobh thiar den bhord ná gur daoine ón bpobal a bheadh ag suí ar an mbord a bheadh ag tabhairt treorach do na feidhmeannaigh san Údarás le go ndéanfaidís an ghníomh is fearr agus is fónta maidir le pobal na Gaeltachta. Sé an tAire Ó Cuív féin a rinne polaitíocht den toghchán sin nuair a chuir sé suntais na bpáirtithe polaitíochta ar na páipéir ballóide ins an toghchán in 2007 agus bhí mise an lochtach air ag an am. Mar shíl mise gur thoghadh daoine ag an am sin ar bhunús polaitiúil seachas ar bhunús pobail. Is maith feiceáil go bhfuil sé den tuairim anois gur chóir iad sin a bhaint den pháipéar ballóide agus d’aontóinn leis agus d’aontóinn leis gur chóir an toghchán a fhágáil mar atá sé mar tá sé deacair ag duine, is cuma cén Gaeltacht a dtiocfaidh tú as, bíodh tú as Gaoth Dobhair nó an Ceathrú Rua nó péáit é, eolas mhaith a bheith agat ar gach ceantar Gaeltachta. Tá ionadaíocht do roinnt daoine ó na ceantair éagsúla ag teastáil, le go mbeidh na cinntí atáá ndéanamh ar son pobal uile na Gaeltachta cothrom agus féaráilte, do gach ceantar Gaeltachta. Ní aontaím leis an ionadaíocht atá tú ag moladh ar bhord Údarás na Gaeltachta, ar an mbunús go bhfuil tú ag caint ar cheathrar a bheith roghnaithe ó na ceantair is mó Gaeltachta agus níó na príomh Ghaeltachtaí fiú, níl sé sin féaráilte. Tá muintir Mhúscraí, tá muintir na Rinne, muintir Ráth Chairn iontach iontach mí-shásta nach bhfuil ionadaíocht faoi leith acu. Ar bhealach is mó argónta a bheadh acu siúd gur cheart go mbeadh duine buan acu ar an mbord mar gur mó tacaíochta atá ag teastáil uathu siúd mar go bhfuil siad ina bpobail níos lú agus go bhfuil siad timpeallaithe ag an mBéarla gach taobh agus nach bhfuil an láidreacht céanna acu, mar sin tá argóint acu siúd go mb’fhéidir gur fearr go bhfágfaí duine iomlán acu siúd ar an mbord ná cuid de na ceantair eile. Is ag baint den daonlathas ins an gcinneadh sin atá i gceist leis sin.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill, ní fheicim go bhfuil aon sábháil airgid i ndáiríre gur fiú trácht air le déanamh leis an mBille seo, dá bhrí sin, ní fheicim cén buntáiste atá ann duit ó thaobh an toghcháin a bhaint. Sílim go bhfuil tú ag brú an Bhille seo tríd na tithe seo, a Aire. Sílim go bhfuil tú ag suí anseo, go bhfuil tú ag cloisteáil muid ag caint ach níl tú ag éisteacht leis an díospóireacht atá ann. Mar is léir ó na sé leasú déag a chuireadh chun cinn an tseachtain seo caite, nár ghlacadh le oiread agus ceann ón bhfreasúra, cuid acu a bhí réasúnta go maith. Sílim go léiríonn sé sin go bhfuil an tAire Stáit ag dul ag brú ar aghaidh beag beann, nach bhfuil sé ag dul ag athrú focal ar bith ar an mBille seo mura bhfeileann sé dó féin. Sílim gur droch-nós agus droch-chomhartha é sin ó thaobh Aire atá ag iarraidh a bheith ag tarraingt gach duine isteach sa phlé, ag iarraidh gach duine a thógáil ar bord agus ag iarraidh go mbeadh gach duine ag tacú leis ins na hiarrachtaí atá ar bun.

An pointe eile maidir leis an bplé atá déanta, d'airigh mé an tAire Stáit ag rá ar Raidió na Gaeltachta go bhfuilimid ag plé na ceisteanna seo le blianta, táimid ró-fhada ag caint faoi chúrsaí Gaeltachta, ag dul siar go dtí Coimisiúin na Gaeltachta an straitéis 20 bliain, an ráiteas Rialtais agus mar sin de. Aontaím leat bhí go leor leor plé ar na ceisteanna sin le riar mhaith blianta, ach ní raibh go leor leor plé ar an mBille seo. Tá an Bille seo foilsithe le beagán le cois coicíse agus tá an Bille ag dul i gcoinne cuid mhaith de na moltaí a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta dar liomsa agus níl sé ag tabhairt leis na moltaí ar fad a bhí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaetacht agus ní dóigh liom go bhfuil sé chun cuspóirí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Mar sin, níl sé sách maith go dtiocfadh an tAire Stáit isteach ag rá, táimid ag plé na Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil daoine amuigh ansin sa phobal a bhíonn ag vótáil ar son do pháirtí féin agus páirtí an Lucht Oibre nuair a chloiseann siad an tAire Stáit ag rá táimid ag plé na Gaeilge le blianta fada, tá. Ach ní hionainn sin agus an Bille seo, mar níl an Bille seo ag déanamh na rudaí a d'iarr pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Aire agus ar na hAirí a chuaigh roimhe a dhéanamh, tá sé ag déanamh a mhalairt dár liomsa. Sin an fáth go bhfuil díospóireacht ar an mBille áirithe seo ag teastáil ón bpobal, sin an fáth go bhfuil stocaireacht ag teacht ó na heagrais Ghaeilge, ó na Comharchumainn Ghaeltachta, ó na daoine atá ag oibriú ar an talamh ag rá linn, as ucht mac Dé oraibh, cuirigí i gcoinne an Bhille, mar nílimid sásta leis. Mura bhfuil an tAire Stáit sásta sin a thógáil ar bord uainne, bá chóir go dtógfadh sé ar bord éón dream seo a bhfuil seisean ag iarraidh a bheith mar rannpháirtithe leis ins an phróiseas seo le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Ceann de na cúiseanna eile a bhfuil amhras orainn maidir leis an mBille seo agus an fáth go bhfuil mé ag tacú leis an leasúáirithe seo, ná mar gheall ar an méid cumhachta a thugann an Bille nua seo don Aire ó thaobh limistéir na gceantar Gaeltachta. Ní léir ón díospóireacht a bhí againn an tseachtain seo caite agus léifimid giotaí móra fada amach as an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina bhfuil sé molta go roghnófaí catagóir A, B agus C ó thaobh ceantar Gaeltachta. Tá an tAire Stáit ag moladh ins an Bille seo iad sin a chaitheamh i mullach a chéile i gceantair pleanála teanga. Ní dóigh liom gurb í sin an straitéis a bhí molta agus ba bhreá liom fáil amach cén eolas teangeolaíoch ar a bhfuil sé bunaithe. Cá bhfuair an tAire Stáit an moladh seo, cé leis a raibh an tAire Stáit ag éisteacht, an iad feidhmeannaigh na Roinne atá tar éis é a chur chun cinn, an é do pháirtí féin atá tar éis é a chur chun cinn? Mar ní léir domsa go bhfuil aon staidéar idirnáisiúnta teangeolaíoch a sheasann leis an moladh atá an tAire Stáit ag cur chun cinn a deireann go mbainfidh sé na spriocanna amach de réir an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Is ag an Aire Stáit nó ag an Aire a thiocfaidh i do dhiaidh, bíodh siad ó Fhianna Fáil, Sinn Féin, Fine Gael, Lucht Oibre pé rud é a bheidh an cumhacht anois ceantar a bhaint as na ceantair Ghaeltachta. Mar tá an ballraíocht más féidir sin a rá, ó thaobh a bheith ins an Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht anois ag brath ar plean teanga a bheith ullmhaithe. Tá sé seo ag tabhairt an iomarca cumhachta, dar liom, muna bhfuil plean aontaithe le comhlacht atá roghnaithe ag an Aire gur féidir leis an Aire a rá, sin sin mar sin, tá sibh, beidh sibh amuigh as an Ghaeltacht. Ní bheidh aon phlé ag an leibhéal anseo. Faoi láthair táimid ag caint ar limistéir teanga ach silim go bhfuil an tAire Stáit mar atá luaite ag roinnt daoine ins na meáin, go bhfuil tú ag éalúón bun-phointe go bhfuil ceantair áirithe i ndáiríre, i láthair na huaire, atá go teicniúil sa cheantar tíreolaíoch Gaeltachta ach nach bhfuil ag feidhmiú mar Ghaeltacht bheo mar gheall ar go bhfuil siad báite ag na Béarlóirí atá ina gcónaí sna ceantair sin. Sílim go bhfuil fadhb bhunúsach leis sin, agus sin ceann de na cúiseanna eile a bheinn ag moladh don Aire Stáit an Bille a tharraingt siar le tuilleadh plé a dhéanamh air. Más í an cheist atá ann, agus síleann gach duine atá ag plé leis seo gurb é an brú atá ort ná go gcaithfidh sé seo a bheith rite tríd roimh bhriseadh an tsamhraidh, sa chaoi nach gá daoibh toghcháin Údarás na Gaeltachta a reáchtáil. Táim ag ceapadh go bhfuil gach duine ag admháil sin. Bheadh muid sásta go gcuirfí síneadh breise leis an mBord atá ann ar feadh bliana fiú. B'fhearr linn dá n-eagrófaí an toghchán, ach má deireann an tAire Stáit go mbeadh costas leis sin, b'fhearr linne fiú dá síneofaí an tréimhse atá ag an Bord reatha atá ann agus an Bille Gaeltachta a phlé in athuair, athdhréachtadh a dhéanamh air agus an Bille Gaeltachta seo a fháil i gceart seachas droch-Bhille atá fabhtach, nach bhfuil ag dul ag baint amach na spriocanna a d'aontaigh muid ar fad sa stráitéis 20 bliain.

Maidir leis an ionadaíocht ar bhord an Údaráis, aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill, go mbeidh an ionadaíocht anois an-chlaonta, má tá siad ainmnithe ag na comhairleoirí contae. Tá an cosúlacht ann ó thaobh an socruithe sin i láthair na huaire go mbeadh móramh mór millteach ag páirtithe an Rialtais ar bhord an Údaráis. An rud atá fíor-thábhachtach ó thaobh daonlathais agus go háirithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta, ná glórtha na mionlaigh, glórtha na bpobail, glórtha iad siúd nach n-aontaíonn leis an Rialtas, gur féidir na díospóireachtaí sin a bheith ag a leithéidí bord an Údaráis go mb'fhéidir nach bhfuil an freagra ag teacht anuas ón mbarr, nach bhfuil Baile Átha Cliath ceart i gcónaí. Smaoinigh ar sa chomhthéacs seo, má leantar ar aghaidh leis an moladh fabhtach seo ó thaobh duine a ainmniú as Gaillimh. As tríocha comhairleoir contae i gcontae na Gaillimhe, níl ach ceathrar ina chónaí sa Ghaeltacht.

Tá gach rud ráite agat anois.

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh, ach níl, tá neart eile le rá agam.

Faoi dhó táim ag ceapadh.

Níl. Ní dúirt mé aon rud faoi dhó inniu.

Níl. Táim ag rá mar gheall ar an stocaireacht atá déanta orainn ag na heagrais amuigh ansin. Tá an pointe seo fíor-thábhachtach ó thaobh an cheathrair. Tríocha atá ar chomhairle contae na Gaillimhe, tríocha comhairleoir contae, ceathrar acu sin ina chónaí sa Ghaeltacht agus tá tusa ag tabhairt cumhachta don fiche sé eile agus an móramh i gcomhairle contae na Gaillimhe duine a roghnú le ionadaíocht a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta. Níl sé sin ceart ná cóir ná daonlathach agus is cuma cé méid eolas atá ag an dream sin taobh amuigh den Ghaeltacht ar an gceantar, ní de bhunadh na Gaeltachta iad. Ní thuigeann siad na cúinsí ar fad a bhaineann le cónaí sa cheantar sin agus táim ag ceapadh má bhreathnaíonn tú ar na contaetha eile go mbeidh an fhadhb chéanna agat. Sílim go bhféadfadh fadhb dlíthiúil a bheith anseo chomh maith, mar ní léir go bhfuil ionadaíocht comhairle cathrach na Gaillimhe tógtha san áireamh. Má bhreathnaítear ar chomhairle cathrach na Gaillimhe bheadh muid féin lochtach go bhfuil ceantair i gcathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht oifigiúil faoi láthair go bhféadfadh a maíomh nach ceantair Ghaeltachta iad mar gur Béarla an teanga pobail don chuid is mó atá ann, ach tá daoine Gaeltachta ina gcónaí sna ceantair sin agus níl an tAire Stáit ag tabhairt ionadaíochta do na daoine atá i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe ar bhord an Údaráis mar níl an tAire Stáit ag roghnú aon duine ó chomhairle cathrach na Gaillimhe. So, d'fhéadfadh duine éigin sa cheantar sin dúshlán dlí a thógáil as Mionlach nó Tír Oileáin nó Cnoc na Cathrach atá ina chónaí sa cheantar Gaeltachta mar atá sí faoi láthair mar tá limistéar pleanála teanga ansin agus níl tú ag tabhairt aon ionadaíocht do na ceantar sin ag an bpointe seo. An é go bhfuil a intinn déanta suas ag an Aire Stáit na ceantair sin a bhaint as an Ghaeltacht go luath ar aon nós mar sin ní dhéanann sé aon difríocht. Ach, fiú má tá, tá sé de cheart ag duine as Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin nó Mionlach ionadaíocht a bheith acu ar bhord an Údaráis agus ní léir go bhfuil sé sin acu.

Dúradh freisin le linn na díospóireachta anseo an tseachtain seo caite, bhí caint ar Ghaeilge ar bhord an Údaráis agus luaigh Seanadóir amháin nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag gach duine ar an mbord agus tá an ceart aici. Tá sé fíor-thábhachtach gur Gaeilgeoirí paiteanta le tuiscint mhaith ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht atá ann. I ndáiríre bhí sé maslach go ndúradh a leithéid de rud anseo le linn na díospóireachta an tseachtain seo caite, go raibh daoine gan Ghaeilge ag feidhmiú ar bhord Údarás na Gaeltachta. Bheinn-se lochtach ar chuid den dream a bhí ar an mbord ar bhonn polaitiúla agus b'fhéidir ar bhonn na cinntí a bhí acu, ach ní bhfaigheann lucht orthu ó thaobh na Gaeilge de. Bhí Gaeilge ag gach duine a bhí ag feidhmiú. Mar sin, cé leis a bhfuil an tAire Stáit ag éisteacht, mar ní tháinig aon duine ag stocaireacht linne ag rá linn, bígí ag tacú leis an mBille seo. Níor airigh mise oiread agus duine amháin agus bím amuigh i saol na Gaeilge an lá ar fad, atá ag tacú leis an mBille. An bhfuil an tAire Stáit ag éisteacht leis na feidhmeannaigh? An iad na feidhmeannaigh a chur na moltaí nua seo chun cinn, mar ní léir go bhfuil siad bunaithe ar na moltaí a bhí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch? Ní léir domsa go bhfuil siad ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá an tAire ag tógáil cur chuigeà la carteó thaobh na straitéise cheanna féin, dar liom.

Ní dóigh liom fiú go bhfuil aontú iomlán i do pháirtí féin maidir leis na moltaí seo. Tá rún rite ag comhairle contae na Gaillimhe a bhfuil móramh ag Fine Gael air atá i gcoinne an Bhille. Mar sin cá bhfuil an tacaíocht ina pháirtí féin? An é go mbeidh an dream anseo sa Seanad agus sa Dáil ag vótáil ar nós caoire beaga mar go ndeireann sibh leo é, go gcaithfeadh siad an whip a leanúint ach nach n-aontaíonn sibh leis na moltaí atá ann. Mar is léir go bhfuil cois mhuintir Fhine Gaeil agus an Lucht Oibre an-imníoch faoin mBille. So, an impí atá agam ar an Aire Stáit ag an bpointe seo ná, tarraing siar an Bille. Ná lean ar aghaidh ag cur deireadh leis an Stát choiste inniu. Tóg am i rith an tsamhraidh, cuir síneadh le toghcháin bhord an Údaráis más gá. Pléadh muid i gceart é, pléadh muid leis na páirtithe leasmhara é seo, faigheadh muid Bille Gaeltachta atá ag dul a bheith ag feidhmiú ar mhaithe le chuile dhuine sa Ghaeltacht agus atá ag dul ag déanamh an jab ceart. Ná déan praiseach agus ná bíodh sé mar oidhreacht ag an Aire Stáit, nuair a imíonn sé as oifig go ndéarfar leis gur thug sé isteach Bille Gaeltachta ach gur thug sé droch-Bhille Gaeltachta isteach atá ag dul ag déanamh dochar don Ghaeilge amach anseo. Mar tá daoine den tuairim go bhfuil agenda amuigh ansin atá ag iarraidh Údarás na Gaeltachta a lagú de réir a chéile, acmhainní agus maoiniú a bhaint de Údarás na Gaeltachta agus na heagrais atá ag plé le cúrsaí Gaeilge. Laghdú a dhéanamh ar na deontais a bhaineann le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht ar nós fáil réidh le scéim na gcúntóirí teanga agus laghdú a dhéanamh ar thraenáil múinteoirí tríú leibhéal le Gaeilge a fhoghlaim ins na ceantair Ghaeltachta, rud eile atá laghdaithe ag an Aire Stáit. Tá daoine áirithe atá i bpáirtí an Aire Stáit féin an-ard sa pháirtí ag iarraidh fáil réidh leis an Ghaeilge ar leibhéal na hardteistiméireachta. Tá tuairimíocht láidir ann, go bhfuil daoine atá taobh thiar den Aire Stáit ag iarraidh an chláir sin a bhrú ar aghaidh tríd an Aire Stáit agus níl sé sin maith go leor níl aon ghlacadh againn leis ó thaobh na Gaeltachta de. Mar a deirim arís, an rud is fearr le déanamh ag an bpointe seo ná an Bille a tharraingt siar agus dul ar ais agus plé an rud arís ar ais leis an bpobal agus faighimis i gceart é. Go raibh maith agat.

An rud atá ann, a Chathaoirligh, tá mise ag éisteacht leis an Seanadóir agus tá mise ag maíomh nach bhfuil mórán measa aige ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe nó comhairleoirí Tír Chonaill ach an oiread. Ach tá mise sásta go bhfuil na comhairlí sin agus na húdaráis sin, go mbeidh siad in ann na nionadaithe cearta a thoghadh don phost sin ar an Údarás. Is mór an trua, caithfidh mé a rá nach bhfuil meas ag an Seanadóir ar bhaill chomhairle contae na Gaillimhe.

Ní hé sin a dúirt mé chur ar bith.

A chontae féin, bhuel, tá mise ag rá gur mhaslaigh tú iad.

Is é a dúirt mé ná go bhfuil an Bille fabhtach.

Nach raibh siad ábalta duine a cheapadh mar ionadaí ar an Údarás. Iarraim ort an masla sin a tharraingt siar. Mar gheall ar an mBille i gcoitinne é a tharraingt siar agus é a fhágáil ar feadh 50 bliain eile.

Senator Jim D'Arcy to continue, without interruption.

Ní droch-Bhille, Bille maith is ea é agus nuair a bheidh na limistéir teanga faoi lánseol agus athbheochan na Gaeilge sa Ghaeltacht tosaithe i gceart beidh scéal eile. Nílim ag tacú ar chor ar bith leis an leasú sin.

Go raibh maith agat agus fáilte ar ais don Aire Stáit. I support the amendment as strongly as possible. Senator Jim D'Arcy asked for whom we have meas. I have meas for the people who won seats in Údarás na Gaeltachta. That is a fantastic achievement. In Gaeltacht na Mí,next door to Senator D'Arcy's home base, 87% of the electorate turned out to vote in that election. Some 96,000 people are being deprived of voting rights. In the Houses of democracy we must have respect for democracy. Edmund Burke, one of my predecessors, said, "A perfect democracy is, therefore, the most shameless thing." The alternative to democracy is what we call Toad Hall. A certain high-ranked person in Irish universities who does not believe in elections, appoints his friends to posts. The building in which these people live is called Toad Hall. I asked for a translation. The údarás will be known as Áras na gCnádán. I ask the Minister to go for the ballot box. In the last Government the Minister of State was a great defender of democracy, as was Deputy Jerry Buttimer, when a Member of this House, and Senator Paul Bradford, Senator Maurice Cummins, the Cathaoirleach, Senator Paddy Burke, Senator Paul Coghlan and Senator Fidelma Healy Eames. I do not know what happened to all those great people, whom I admire since becoming a Member, who have changed their mind against the ballot box. I am waiting for the scandal. Did somebody in the údarás make off with the money or somebody else's wife? Níl aon scannail ann.

I am not convinced that the voting rights of 96,000 people should be abolished. If this was done to the Travellers, another language group or an ethnic group,The Irish Times and RTE would be hopping mad. However, we are doing it to people whom we designated in 1956 as the inheriters of our great linguistic heritage and what a great job they have done.

I was speaking with Deputy Éamon Ó Cuív last night who told me about all the people who are learning Irish in the Gaeltacht. I am aware the Minister of State has an aspiration that will soon happen in Clondalkin but at present it happens in the Gaeltacht. The Gaeltacht is being weakened by weakening democracy. As pointed out on the first day, no regulatory impact analysis was done. People who keep our minority language going as part of our heritage have language rights and should have been respected. They were respected by every Government since elections were introduced in the údarás. It is an important part of our democracy and our linguistic heritage and I hate to see it weakened. There will be dire consequences as a result.

The last time there was an assembly of elected people and 17 of the 20 were elected we were abolishing Grattan's Parliament, the dire consequences of which are still evident. I ask that we respect the ballot box and democracy. This is not essential to the Bill. All the goods parts can be proceeded with but not on the basis of building an undemocratic body, filled with placemen, the Toad Hall people,we do not need that. That will weaken the language and make people even more than they have been. There has been a period of unfortunate decline in the number of people speaking Irish since the State was founded. I ask the Minister of State not to demoralise them further. He would have the support of everybody and handshakes all around andbualadh bos and celebrations as on the last day, were he to say he would leave this aside and move on to the positive aspects. This is so negative it is damaging the Bill and the credibility of the Houses of Parliament.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh agus na Seanadóirí a labhair go dtí seo. Ba mhaith liom a rá a Chathaoirligh, go bhfuil muid ag céim na tuairisce den Bhille anois agus go bhfuil 140 leasú curtha síos agus go bhfuil muid ag déileáil leis an chéad leasú anseo agus go bhfuil muid ag caint ar an chéad leasú le beagnach uair an chloig agus go bhfuil 139 leasú le dul go fóill. Baineann an chéad leasú le teideal an Bhille sin an rud a baineann sé leis agus an méid a dúirt na Seanadóirí, bord an Údaráis agus ballraíocht an bhoird agus gan aon toghchán agus easpa daonlathais agus mar sin de. Obviously, ní aontaím le aon chuid de sin. Tá ocht n-uaire caite cheana féin agam istigh anseo ag caint agus ag rá nach n-aontaím leis na rudaí atá sibh ag rá agus táimid ag cloisteáil an rud cheannann céanna inniu. Mar sin a Chathaoirligh, ní sé ar intinn agamsa ag an phointe seo déileáil leis na pointí maidir le daonlathas, bord an Údaráis, conas a roghnóidh tú iad, cé bheidh ann, toad hall. Níl sé ar intinn agam mar go bhfuil leasuithe eile thíos ins an mBille a bheidh ag déileáil leis sin. Beidh siad ag déileáil leis na rudaí atá na Seanadóirí ag iarraidh a rá agus má bhíonn ciall ag na Seanadóirí gheobhaimid chomh fada leis na leasuithe sin. Ach má táimid chun uair an chloig a chaitheamh ar leasú uimhir a haon agus dá mbeimis anseo gan Chathaoirleach bheadh sééasca daoibh.

Ba mhaith liomsa fanacht go dtí go dtiocfaidh mé go dtí an leasú atá ag díriú isteach ar an deacracht. Sílim go mbeidh díospóireacht níos fearr againn, in áit a bheith ag dul ar fud na háite agus ar fud an tí, ó chúinne go cúinne agus ó bhalla go balla, right around the house. Tá mé ag díriú isteach ar an teideal atá ar an mBille agus measaim go léiríonn an teideal atá ar an mBille, teideal fada atá ann, ach gur léiriú cruinn é ar a bhfuil san áireamh i bhforálacha an Bhille mar a foilsíodh é. Ag an bpointe seo níl aon intinn agam glacadh le leasú ag athrú an Bhille seo, Bille na Gaeltacht nó an méid atá ráite agaibh, níl sé ar intinn agam é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé, tá súil agam go mbeidh deis agam déileáil arís, arais, arís le bord an Údaráis agus le daonlathas do mhuintir na Gaeltachta. Táimid ag tabhairt cearta do mhuintir na Gaeltachta nach raibh acu go dtí seo, we are giving them a say in their own linguistic destiny which they never had before. We told them here in Dublin to learn Irish and speak it and we found out that they are not speaking it. Senator Barrett is talking about 96,000 people in a Gaeltacht area but is he aware that only 23,000 speak Irish daily? That is what I am trying to stop. I have lived there all my life and I want to give them a say in their linguistic destiny. How will we help people living in the Gaeltacht and speaking Irish on a daily basis prevent this outgoing tide? We will give them every opportunity and all the help we can. We have Údarás na Gaeltachta and people with masters degrees in linguistics. This will be a meithealbetween us, the Department and muintir na Gaeltachta. We are giving them a say. Údarás na Gaeltachta is not a county council but a State board. Whether one is living in Donegal or in Kerry, one has a responsibility to every part of the Gaeltacht. It is not a parish pump affair, although it may have been in the past. Grand for an engine here and grand for a bolt there. That is not how it is going to be. It will be a different údarás with different aims and objectives and saving the language in conjunction with the people of the Gaeltacht. Ag an phointe seo níl mé ag iarraidh níos mó a rá. Is é an t-aon rud atá mé ag rá ná nach bhfuil aon fhonn orm agus ní ghlacfaidh mé leis an leasú seo ar theideal an Bhille.

With respect, the Minister of State has not told us how withdrawing their voting rights promotes anything.

Senator Ó Domhnaill is the only one who can come back in on Report Stage.

Bhí mé ag éisteacht leis an Aire Stáit ansin agus ní aontaím ar chor ar bith leis an Aire Stáit. Mar atá ceann teideal an Bhille seo leagtha amach, na línte idir 8-10, má tá siad sin fágtha sa Bhille seo ní fiú dúinn fiú labhairt ar na leasuithe eile atáthar ag caint air. Go teicniúil má tá muid ag aontú ar seo anois na focail sin tá muid ag rá, bhuel tá muid ag cur deireadh leis an phróiseas daonlathach agus cén maith ar fiú glacadh le haon leasú eile amach anseo sa Bhille mura bhfuilimid ag dul a bheith dáiríre faoin cheann seo. Ní aontaím leis an Aire Stáit, an méid atá ráite ansin agus i mBéarla referring to Senator Barrett's point. Some 96,000 people live in the Gaeltacht and 23,000 people speak Irish on a daily basis. Will the ending of democratic elections to the board of Údarás na Gaeltachta improve the number of daily Irish speakers in the Gaeltacht from 23,000? No, it will not. Will it remove their feeling of being involved in, and being part of, the process? Yes, it will. It will impact on their feeling of belonging to the process, which is wrong.

Údarás na Gaeltachta is not a county council.

I said it was not one.

I will defend any official who works for Údarás na Gaeltachta and I will not cast a slur on them and say——

(Interruptions).

Senator Ó Domhnaill to continue, without interrpruption.

I did not cast a slur. I knew them before Senator Ó Domhnaill was born.

The Minister of State has a right to come back in.

I did not suggest the Minister of State did.

I do not know what the Senator was suggesting. He had better think before he speaks.

I did not suggest the Minister of State did.

The Senator should think before he speaks.

The Minister of State is getting excited. It is not personal.

I am being told not to take anything personally. God help us. I have been here for more than 30 years.

The Minister of State has the right to come back in. Senator Ó Domhnaill to continue, without interruption.

Údarás na Gaeltachta should have a role in providing support for fishermen and people who live in Gaeltacht areas. As long as I am a public representative, I will not stand up and say that any State agency should not provide for people, whether fishermen, farmers or people who live in a particular area, because they speak Irish. The problem we have with fishermen now is that they have to leave our islands and go abroad. I am not blaming the current Government for that because it has happened over many years and many Ministers are responsible, including ones from my party. I am big enough to say that.

Caithfidh mé a rá that the democratic deficit, which will be created and which was outlined by Senator Barrett last week, is something to which we cannot subscribe. Níl fhios agamsa cén fáth go bhfuil athrú intinne ann ó dhá bhliain ó shin agus an lá inniu. Bhí an Seanadóir D'Arcy ag rá go bhfuil muid ag rá nach bhfuil na comhairleoirí contae in ann an jab seo a iompar. Tá na comhairleoirí contae tofa fá choinne a bheith ina gcomhairleoir contae, níl siad tofa le bheith ar bord Údarás na Gaeltachta. Faoi láthair de réir mar atá an próiseas daonlathach ansin, tá daoine aonaracha tofa le bheith ina gcomhaltaí ar an údarás, cuid acu a bhfuil ina gcomhairleoirí contae ach na Gaeltachta a rinne an cinneadh sin agus ní an bainisteoir contae. Inniu Fine Gael nó Labour a bheadh ann b'fhéidir, mar go bhfuil an tromlach acu. Amárach, b'fhéidir gur Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheidh ann, níl sé sin ceart. Cén fáth nár chóir do Joe nó Nancy nó Biddy atá ina gcónaí i gConamara, i nGort an Choirce nó in aon áit eile mar sin a bheith ina gcomhaltaí ar an údarás?

The amendment is specific and relates to the Title of the Bill.

Some of the issues the Senator is raising are irrelevant to the amendment.

On the amendment.

Ar an leasú. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-soiléir agus muid ag tosú amach inniu nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh le haon cheann de na leasuithe seo. Bhí plé againn an lá deireanach, bhí 160 leasú ann. Rinne muid plé ar thart ar 10% díobh agus bhí gilitín curtha leis an mBille. Tá gach aon cheart againn seasamh suas anseo agus labhairt ar an mBille fá choinne uair nó trí huaire nó deich n-uaire nó cibé eile é agus creidimid go bhfuil paisean againn faoin gceist seo agus go gcreidimid go bhfuilimid ag iarraidh cuidiú leis an Aire Stáit. B'fhéidir nach bhfeiceann an tAire Stáit an dóigh sin é ach creidim-se go gcaithfidh an Bille seo a bheith níos láidre, go gcaithfidh sé a bheith daonlathach, go gcaithfidh buy-in a bheith ann má tá an tAire Stáit chun vóta a thógáil ó dhaoine. Is féidir liomsa dul isteach anois go dtí bothán vótála agus vóta a chaitheamh do cibé atá mé ag iarraidh a bheith tofa ar an bhord. Tá an tAire Stáit chun é sin a thógáil ó na daoine ansin. Ní buy-in atá i gceist ansin, tá sé ag rá leis na daoine nach bhfuilimid sásta leis na daoine atá siad ag dul a roghnú le bheith ar an bhord.

One cannot have buy-in when one is telling people one does not agree with the fundamental democratic decision they make in secret in the polling booth. It is wrong and it is going back to an era in this country's history which none of us want to revisit. Why should we go back to it? Táimid ag caint faoi thodhchaí na Gaeilge anseo. Táimid ag caint faoin daonlathas fosta agus mar a dúirt an Seanadóir Barrett is mór an trua go bhfuil an moladh sin sa Bhille seo mar go bhfuil sé ag tarraingt salach ar an mBille i mo thuairim. Sin an méid atá le rá, beidh mé ag cur an leasaithe seo, a Leas Chathaoirligh, mar mura bhfuil an fhoclaíocht bhunúsach tugtha sa Bhille ní bheimid i ndáiríre faoi na leasuithe eile atá istigh againn a mbeimid ag déanamh plé orthu, tá súil againn níos moille.

Bhuel, mar a dúirt mé ar dtús sílim gur léiriú ar a bhfuil sa Bhille thábhachtach seo gur sin an léiriú atá i dteideal an Bhille. Tá teideal fada ann mar léiriú ar a bhfuil san mBille agus ar an ábhar sin ní beidh mé ag glacadh leis an leasú sin.

Question put: "That the words proposed to be deleted stand."
The Seanad divided: Tá, 27; Níl, 15.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Donnell, Marie-Louise.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • O'Brien, Darragh.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • Walsh, Jim.
  • Zappone, Katherine.
Tellers: Tá, Senators Ivana Bacik and Paul Coghlan; Níl, Senators Ned O’Sullivan and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 2 not moved.

Amendments Nos. 3 to 8, inclusive, 11 to 25, inclusive, and Nos. 31 and 32 are related and in some cases alternative, and may be discussed together, by agreement. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 3:

In page 12, lines 31 to 39, to delete all words from and including "an" in line 31 down to and including "selection." in line 39 and substitute the following:

"organisations that have applied undersubsection (4) and that, in the opinion of Údarás na Gaeltachta, are the organisations that are the most capable of participating with an túdarás in the preparation of a plan the purpose of which is to provide for and encourage the increased use of the Irish language in the family, educational, public, social, recreational and commercial life of the area concerned (in this section referred to as an “Irish language plan”), in accordance with prescribed language planning criteria, and when it has done so, it shall notify the organisations in writing of this selection.”.

Ar phointe oird, as the amendments are grouped we were told at the beginning of the debate that the proposer of an amendment can come back in. Is that correct?

The proposer of the first amendment is the only Member who can come back in a second time.

We may oppose the grouping arrangement in future. I second amendment No. 3.

Tá cuid mhór leasuithe ansin; tá leasuithe Uimh. 3 go 8, 11 go 25 agus ansin 31 agus 32 curtha isteach ag Fianna Fáil agus ag Sinn Féin i dtaca leis an mBille. I ndáiríre an rud atá i gceist anseo againn, níl mé chun dul tríd gach leasú go sonrach mar go nglacfadh sé barraíocht ama agus táimid ag iarraidh díospóireacht a dhéanamh chomh maith agus is féidir ar fhormhór an Bhille seo. Baineann sé seo leis na cúraimí atá ar Údarás na Gaeltachta agus táimid ag lorg go mbeadh an príomh-chúram ar Údarás na Gaeltachta maidir le hullmhú agus feidhmiú na bpleananna teanga agus go gcaithfidh siad ansin a bheith ag comhoibriú agus ag oibriú i gcomhair leis na heagraíochtaí eile atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus tá cuid mhór eagraíochtaí deonacha. Tá eagrais cosúil le Guth na Gaeltachta mar shampla, tá go leor grúpaí pobail agus mar sin de. Mar shampla, tá moladh ansin ar leathanach 12 den Bhille, áit a deir sé‘déanfaidh Údarás na Gaeltachta i ndáil le limistéir is ábhar de fhógra faoi' in other words, go bhfuil deis ag an údarás eagraíocht amháin a roghnú. Táimid ag iarraidh go mbeadh deis ag roinnt eagras iarratas a dhéanamh chun plean teanga a ullmhú. In áit eagraíochta amháin a bheith in ann a bheith roghnaithe ag an údarás leis an phlean a dhéanamh go mbeadh deis ann ag roinnt eagras iarratas a dhéanamh chun plean teanga a dhéanamh. Ansin go mbeadh sé fágtha faoi chúram an údaráis mar atá leagtha síos sa Bhille, an grúpa is fearr a roghnú, de réir mar a bheidh leagtha síos ag feidhmeannaigh an údaráis i gcomhairle leis an phobal. Táimid ag iarraidh anseo nach mbeidh an ról teoranta don údarás. Tá sé fíor-thábhachtach, má tá an Bille seo le hoibriú, go mbeidh cibé acmhainní atá ag teastáil ar cibé grúpa pobail a bheidh ag cur na pleananna seo le chéile. Is é an moladh atá againn anseo ná go mbeidh sé sin déanta, go mbeidh cúram nó go mbeidh dualgas ar an údarás a bheith fite-fuaite agus páirteach sna hullmhúcháin a bheidh le déanamh ar na pleananna éagsúla seo. Gan sin ní oibreoidh sé, má tá an Stát ag athrú an chúraim chun na pleananna seo a tharraingt le chéile trasna go dtí na heagrais phobail-bhunaithe nó na grúpaí sa Ghaeltacht. Níl sé sin féaráilte nó praiticiúil mar go bhfuil costais ollmhór ag baint le pleanáil teanga. Tá go leor samplaí tugtha sa Teach seo ar na costais a bhaineann le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus rinne mé féin tagairt don phlean i gceantar an Spidéil, agus idir an plean a dhréachtú agus é a chur i bhfeidhm thar tréimhse, tá costas de beagnach €700,000 i gceist sa cheantar amháin sin.

Má ghlactar le paróiste cosúil le Gaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola, nó Na Rossa i mo chontae féin, cé atá ag dul an costas a iompar ansin? Mura bhfuil sé soiléir go bhfuil an cúram ar an údarás na pleananna seo a dhréachtú i gcomhairle leis an heagraíochtaí cuí nó a chur i bhfeidhm, beidh sé fágtha go huile is go hiomlán ag na coistí pobail an milleán airgeadais a bhaineann leis na pleananna seo a ullmhú a iompar agus níl sé sin féaráilte agus ní oibreoidh sé sin. Tá fhios againn go bhfuil go leor de na heagrais pobail bhunaithe seo maoinithe faoin chiste reatha atá ag Údarás na Gaeltachta agus tá an ciste sin tite le roinnt blianta anuas; thart faoi €3.7 milliún nó€3.8 milliún i mbliana. Tá na coistí ag iarraidh a bheith ag maireachtáil taobh istigh den bhrú airgeadais atá orthu agus tá siad ag iarraidh sin a dhéanamh le cúraimí atá orthu faoi láthair. Ach má tá dualgais bhreise curtha ar na coistí sin, le pleananna den chineáil seo a ullmhú, ní fheictear domsa cén dóigh a bheidh siad ábalta é a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an dualgas ar Údarás na Gaeltachta na pleananna teanga a réiteach i gcomhairle leis na heagraíochtaí. An dóigh atá sé leagtha amach sa Bhille ná go mbeidh t-údarás ag roghnú eagraíochta leis an phlean a réiteach. Ní oibreoidh sé sin agus tá sé sin ag cur milleáin an-trom ar na coistí pobail.

An t-aon dóigh eile a n-oibreodh sé ná dá mbeadh an Roinn nó an Rialtas sásta an costas a bhaineann leis na pleananna a réiteach a iompar agus ligean do na coistí pobail tairiscintí a dhéanamh air. D'oibreodh sé sin mar go mbeadh an costas ar an Stát agus sin an áit go mba chóir don chostas a bheith - ar an Státchiste. Sin an áit atá an mhórchuid de na moltaí seo. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé soiléir cén ról atá ag an údarás, go mbeidh ról níos lárnaí ag an údarás, agus le haghaidh sin a bhaint amach, beidh breis foirne ag teastáil óÚdarás na Gaeltachta agus chomh maith leis sin, beidh acmhainní nó airgead breise ag teastáil ón údarás. Gan sin ní oibreoidh an Bille seo. Mura bhfuil an t-airgead ar fáil, ní oibreoidh an Bille agus má tá an Stát le leanúint leis na moltaí atá sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, tá sé tábhachtach go mbeidh airgead á chur ar fáil chun é sin a dhéanamh. Níl mé ag rá gur shíl duine ar bith nó Teachta nó Seanadóir ar bith a bhí ina shuí ar an gcoiste, a bhí ag plé leis náó cheantar Gaeltachta nó a raibh suim acu sa straitéis nach mbeadh airgead ag teastáil leis na spriocanna sin a bhaint amach. Tá sé indéanta a bheith ag iarraidh ar choistí pobail an Bille seo a chur i bhfeidhm agus na pleananna seo a réiteach. Níl sé féaráilte an milleán iomlán a aistriúón Stát go dtí na coistí pobail gan an tacaíocht chuí a bheith ar fáil. Táimid ag caint ar choistí deonacha, daoine atá ag obair go deonach, go leor acu nach bhfuil ag saothrú pá ar bith, nó ar duine ar bith atá ag obair i gcomharchumann nóáit mar sin a bhfuil ag saothrú an bun leibhéal pá. Níl sé féaráilte an milleán trom seo a aistriú anonn nó trasna do dtí na coistí sin. Sin an áit a bhfuil seo ag teacht as. Measaim go bhfuil na moltaí seo praiticiúil, tá siad pléite againn le Guth na Gaeltachta agus le Conradh na Gaeilge agus le dreamanna eile. Aontaíonn na heagrais sin atá ag plé leis an Ghaeilge go laethúil gur seo an dóigh ceart le dul. Aontaíonn pobail na Gaeltachta gur seo an dóigh ceart le dul agus tuigim go bhfuil an tuairim chéanna ag bord an údaráis gurb é seo an dóigh cheart le dul. Mar, má tá sé fágtha faoi na coistí gan airgead, gan tacaíocht agus gan acmhainní, milleáin i bhfad ró-throm a bheidh ann agus ní oibreoidh sé. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta glacadh leis na moltaí seo. Ní athraíonn sé an Bille an oiread sin, ach le rá go bhfuil an cúram nó na cúraim faoin reachtaíocht ar an údarás amháin i gcomhairle leis na coistí in áit go bhfuil an cúram ar na coistí tar éis don údarás glacadh le cibé tairiscint. Ní fheictear domsa cén dóigh a n-oibreoidh sin.

Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh agus a Aire Stáit. I gcomhthéacs na leasuithe seo, ba mhaith liom na leasuithe atá ag Sinn Féin anseo ar fad a mholadh agus tacú leis an cuid atá ag an Seanadóir Ó Domhnaill agus aon dream eile a bheidh á gcur chun cinn. Má théimid siar, go dtí an méid a dúirt an tAire Stáit nuair a bhí sé san Fhreasúr sa Teach eile leis an Aire, an Teachta Pat Carey, mar a bhí ann ag an am. Labhair sé faoi Údarás na Gaeltachta agus an buiséad atá aige. Dúirt sé: "Nuair a amharcaimid ar Údarás na Gaeltachta, a bheas cúraimí breise air maidir le straitéis na Gaeilge agus cúraimí fiontraíochta tá titim sa chaiteachas ansin ó€22 milliún in 2007 go dtí€6 mhilliún an bhliain seo chugainn. Deir an tAire go mbeidh dualgais bhreise ar an údarás. Conas is féidir leis an údarás na dualgais bhreise sin a chomhlíonadh nuair atá titim mar sin sa chaiteachas, níl sé indéanta agus ní chreideann aon duine. Tá an Rialtas ag cleasaíocht leis an nGaeilge, leis an teanga, leis na Gaeltachtaí agus leis na hoileáin." Sin é an port a bhí ag an Aire Stáit féin nuair a bhí sé san Fhreasúra agus tá a phort athraithe go hiomlán ó tá Bille na Gaeltachta foilsithe. Níl fhios agam céard a tharlaíonn nuair a shiúlann duine isteach tríd an doras i dtithe an Rialtais. An é go dtéann sé tríd meaisín éigin a athraíonn a intinn nó a ghlanann a intinn ó na rudaí a dúirt sé nuair a bhí sé san Fhreasúra agus go deir sé tú pé rud a deirtear leis a rá, ach is athrú iomlán, is U-turn aisteach é sin ar an ghealltanas a bhíá thabhairt ag Fine Gael nuair a bhí sé san Fhreasúra? Téann sé sin go croí na ceiste anseo maidir leis an Acht agus ceann de na laigí móra eile i measc na laigí móra atá sa Bhille dar linne. Arís, ceann de na húdair a bhfuilimid ag fíorú den Aire, an Bille a tharraingt siar agus athmhachnamh a dhéanamh air thar an samhradh.

Sa phlean atá beartaithe, maidir le Bille na Gaeltachta, tá an Rialtas ag roghnú 19 ceantar pleanála teanga ar fud na Gaeltachta. Tá siad sin leagtha amach ar bhealach aisteach go leor dar liom agus dar leis na pobail atá ina gcónaí iontu. Mar shampla, má bhreathnaíonn duine ar cheantair ina bhfuil Iorras Aithneach agus Dúiche Sheoigheach curtha isteach lena chéile, luaigh mé cheana leis an Aire Stáit nach bhfuil aon luí nádúrtha ag na dreamanna sin le chéile. Cé go bhfuil aithne ar na daoine sna ceantair éagsúla ar a chéile agus go mbíonn beagáin teagmhála agus caidrimh ann, is mó luí a bheadh ag muintir Corr na Móna le muintir Thuar Mhic Éadaigh ó thaobh pobail de agus is mó dlúthú pobail atá idir an dá cheantar sin ná atá idir muintir Thuar Mhic Éadaigh agus muintir Acla atá curtha isteach i mullach a chéile mar cheantar pleanála teanga. So, sílim go bhfuil lochtaí ansin, ó thaobh cuid de na hionaid agus na háiteanna atá curtha i mullach a chéile ag an Rialtas sna limistéir phleanála teanga agus ba cheart, bunaithe ar na moltaí maidir le catagóir A, B agus C sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta, athmhachnamh a dhéanamh ar chuid de na ceantair phleanála teanga ansin. Ach fiú dá nglacfaimis leis an leagan amach sin atáá dhéanamh ag Roinn an Aire Stáit, tá fabhtaí. Sílim, agus d'fhéadfadh fadhbanna oibríochta bheith leis an leagan amach atá sé ag moladh, gurb é an t-údarás a bheidh ag moladh eagraíochta amháin i ngach ceantar acu seo, le plean a ullmhú agus le plean a chur i gcrích. Ag dul ar ais go dtí an rud a luaigh an tAire Stáit féin nuair a bhí sé san Fhreasúra, cá bhfuil na hacmhainní? Cén chaoi is féidir a bheith ag súil go mbeidh ant-údarás ag déanamh na cúramaí breise seo gan acmhainní breise. Cén chaoi is féidir a bheith ag súil go mbeidh na heagraíochtaí atá ar an talamh ag déanamh na cúramaí breise seo gan acmhainní breise? Tá an tAire Stáit ag rá go mbeidh neart airgid ann, agus mar sin de. Ach má tá, an é go bhfuilimid ag cur airgid amú le roinnt blianta agus gurb é go raibh dul amú air nuair a labhair sé leis an Aire, Teachta Pat Carey mar a bhí ann ag an am, go raibh an iomarca airgid sna ceantair Ghaeltachta? Dá bhrí sin, an raibh muid ag tabhairt an iomarca airgid do na comharchumainn agus go bhfuil airgead le spáráil acu anois leis an plean teanga a chur i bhfeidhm? Ní dóigh liom é.

Bhí mise ar bhord comharchumann Mhic Dara go dtí le bliain. Nuair a bhí muid ag plé le bunú an chomharchumainn sin bhí orainn troid go láidir leis an údarás le deontas reáchtála a fháil. Ar nós cuid mhaith de na comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe eile, clúdaíonn an deontas reáchtála, ar éigin b'fhéidir, bainisteoir a fhostú agus má tá an t-ádh leo rúnaí agus roinnt de na costais riaracháin. Tá siadsan ag clamhsán le ceithre nó cúig nó sé de bhlianta anuas go bhfuil an titim atá tagtha ar na deontais reáchtála do na comharchumainn agus na comhlachtaí pobail-bhunaithe tubaisteach don obair atá ar bun acu, go bhfuil sé fíor dheacair acu cheana féin coinneáil ag imeacht, go bhfuil siad, mar a deir an duine, ar life support ag an méid a fhaigheann siad. Tá siad ag coinneáil ag imeacht ar éigin, ach gur deacair a bheith ag súil go ndéanfaidh siad ualach breise oibre gan bhreis acmhainní leis sin a chur i gcrích. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh go mbeadh airgead breise ná foirne ná tada mar sin ann. Táim ag rá má théann duine go dtí na rudaí is bunúsaí a bheidh ag teastáil leis an straitéis 20 bliain a chur chun cinn, má deirimid go dtagann sé chun cinn, go dteastaíonn ranganna bunúsacha Gaeilge i gceantar nó go dteastaíonn grúpa máthar agus linbh a bhunú nó go dteastaíonn airgead le haghaidh club óige a reáchtáil nó go dteastaíonn airgead le haghaidh imeachtaí sóisialta a chur ar bun. Ní féidir sin a chur ar siúl gan acmhainní breise, agus tá an tAire Stáit ag iarraidh dallamullóg a chur orainn anseo ag rá nach mbeidh aon acmhainní breise ag teastáil don Bhille seo. Má tá an tAire Stáit ag rá sin, tá ceann de dhá rud ar siúl. Uimhir a haon, tásé ag cur dallamullóg orainn nó uimhir a dó níl tuairim aige céard a bhfuil ag caint faoi agus ní dóigh liom gurb é an dara ceann é. Mar sílim go dtuigeann sé féin ó thaobh fear a bhí lonnaithe sa phobal le blianta fada. Is cuma cén imeacht atá sé ag eagrú, má tá sé ag dul é a eagrú i halla pobail nó in ostán nó rud ar bith mar sin tá costas ag baint leis agus le go mbeadh sé in ann a rá linn anseo gur féidir an Bille Gaeltachta seo a chur chun cinn gan acmhainní breise is dóigh liom gur dearg-sheafóid é sin, i ndáiríre píre. So, caithfear athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí, caithfear cur ina luí, má tá sé ag rá linn nach bhfuil na hacmhainní ar fáil, caithfear é a rá amach go breá croíúil. Má tá sé ag rá linn is mar gheall ar an ghéarchéim airgeadais sa Stát é, má tá sé ag iarraidh milleán a chur an sean-Rialtas gurb é a d'fhág sinn sa chás sin, abair amach díreach é. Ar a laghad is féidir linn ar fad ansin a bheith ionraic faoi cá seasaimid ach ná bí ag cur dallamullóg orainn ag rá go bhfuil Bille Gaeltachta den chéad scoth againn, mar níl. Ní aontaíonn aon duine amuigh ansin leis an Aire Stáit agus na comharchumainn agus na comhlachtaí pobail bhunaithe a luaigh sé. An tseachtain seo caite dúradh, "Ó bhí mo chuid feidhmeannaigh ag caint leo agus tá siad ar fad sásta leis na dualgais bhreise", ní sin atá siad ag rá liomsa, níl siad sásta. Tá orthu glacadh leo nó caillfidh siad an deontas reáchtála nó sé sin an imní atá orthu. Mura n-imríonn siad de réir na rialacha atá an Roinn agus an t-údarás ag leagan síos, go gcuirfear deireadh leo nó go gcuirfear deireadh leis na deontais reáchtála. Tá cineál gunna lena gcloigeann ag an Rialtas, agus ní hé sin an bealach leis an rud seo a chur chun cinn.

Luaigh mé freisin an phraiticiúlacht a bhaineann le cur chun cinn na straitéisí seo. Cuirim i gcás an leagan amach atá déanta le Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh a chur isteach lena chéile. Tá na mílte míle idir an dá cheantar sin, tá siadsan faoi aon limistéar teanga amháin acu, beidh siad ag roghnú eagraíochta amháin ann é sin a chur chun cinn. Now is é nádúr an tsaoil é má roghnaítear eagraíocht atá lonnaithe in Acaill go mbeidh sí b'fhéidir ag coinneáil súil níos fearr ar rudaí in Acaill ná mar atá sí i dTuar Mhic Éadaigh nó dá ndéanfaí an bealach eile timpeall é ní bheadh sí chomh minic in Acaill agus a bheadh sí i dTuar Mhic Éadaigh. Fiú má thógfar cuid de na ceantair láidre Gaeltachta, mar shampla an ceantar ina bhfuil mé féin i mo chónaí ann, tá An Ceathrú Rua agus Ceantar na n-Oileán isteach lena chéile. Tá roinnt eagraíochtaí ansin a d'fhéadfadh cur isteach ar an jab seo le haghaidh plean teanga a ullmhú. Tá an comharchumann ar An gCeathrú Rua, tá dhá chomharchumann i gCeantar na n-Oileán. Is é nadúrtha an rud é go mbeidh duine ag iarraidh go mbeidh siad sin ag comhoibriú lena chéile, má tá plean teanga cuimsitheach le cur chun cinn don cheantar ar fad. Dá bhrí sin, an bhfuil an tAire Stáit ag tógáil san aireamh gur cóir an trí ghrúpa acu sin a thabhairt le chéile le comhoibriú ar phlean comhtháite don cheantar sin, nach mbeadh níos mó céile leis sin?

Ach sé an imní atá ormsa, ná na dualgais seo atá an tAire Stáit ag cur ar na heagraíochtaí sin. Má bhreathnaímid síos an bóthar, b'fhéidir i gceann deich mbliana agus go dtagann sé chun cinn gur roghnaíodh eagraíocht i gceantar acu seo, gur chuir siad plean teanga an-mhaith le chéile ach ar ámharaí an tsaoil gur dúirt an t-údarás agus an Roinn leo, go gcosnódh €600,000 an plean sin a chur i gcrích, agus níl sé sin againn mar sin ní féidir linn an t-airgead a chur ar fáil. Ach an dualgas a bhí orthu ná plean a réiteach, an dualgas atá ar an Roinn agus ant-údarás ná acmhainní a chur ar fáil ach síos an bóthar, b'fhéidir go mbeadh Aire sa suíochán atá ag an Aire Stáit anois nach bhfuil chomh fabhrach don Ghaeilge ná don Ghaeltacht agus breathnóidh sé siar agus déarfaidh sé, bhuel, bhí plean ansin níor cuireadh an plean i gcrích. Dé réir an Bhille seo mura bhfuil an dream ag cur an plean i gcrích, tá cead agamsa iad a bhaint as an Ghaeltacht agus d'fhéadfadh sé go mbainfí ceantair amach as an Ghaeltacht. Ach bhainfinn amach agus chuirfinn an milleán ar an gcomhlacht a fuair an conradh leis an bplean a réiteach. Déarfadh an Stát iadsan is ciontaí mar níor chuir siad an plean i gcrích. Ach is é bun is barr an scéil ná nach mbeidh an Stát tar éis an tacaíocht cuí a chur ar fáil acu le haghaidh na pleananna sin a chur i bhfeidhm, agus sin an bun rud atá taobh thiar de seo. Tá an tAire Stáit ag ligean air féin go bhfuil acmhainní ar fáil, gur leor iad leis an straitéis 20 bliain a chur i gcrích. Níl agus ní aontaíonn aon duine eile leis, taobh amuigh den Teach seo maidir leis an bpointe seo tar éis an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh le haghaidh na pleananna sin a chur i bhfeidhm, agus sin an bun rud atá taobh thiar de seo. Ba bhreá linne agus cuid de na leasuithe atáimid ag moladh anseo ná b'fhéidir an athmhachnamh a dhéanamh ar an múnla seo agus sna ceantair phleanála teanga sin go labhródh sé leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Bhí sampla dó sin in Iorras Aithneach, nuair a thit ceann de na comharchumainn a bhí i gceantar Iorras Aithneach óna chéile. In áit comharchumann nua a bhunú, tugadh coiste le chéile bunaithe ar na hionadaithe ó na coistí pobail agus mar sin de. B'fhéidir gur bealach níos fearr chun cinn é sin. Mar shampla, go dtógfaí na heagraíochtaíéagsúla agus ionadaithe uathu sin a thabhairt le chéile ar chomhchoiste de chineál éigin leis an bplean a réiteach, ach gur ar an údarás, agus ar Údarás na Gaeltachta a bheas an dualgas an plean a réiteach agus gur ar an údarás a bheidh sé an t-airgead a chur ar fáil leis an saineolas a fháil agus an obair a fháil déanta leis an bplean sin a chur i dáil a chéile. D'fhéadfadh sábháil a bheith ansin mar go bhféadfadh duine, duine a bheadh lonnaithe agus fostaithe san údarás a bheith ag obair ar phleananna do chúpla ceantar as lámha a chéile. Ach ar a laghad ar bith, bheifí ag baint an dualgas sin síos an bóthar, is ar an údarás a bheadh an dualgas plean cuimsitheach foirfe a bheith réitithe agus is air a bheadh an dualgas mura gcuirfí an plean i bhfeidhm agus sílim go mbeadh sé sin i bhfad níos féaráilte ar na pobail atá i gceist, dá dtiocfaí síos an bóthar sin.

Tá roinnt leasuithe molta againn anseo sna leasuithe atá grúpáilte maidir le hacmhainní mar níl aon tagairt ag an Aire Stáit do hacmhainní i ndáiríre sa Bhille agus tá tagairtí sonracha déanta againn anseo go gcuirfeadh an t-údarás acmhainní cuí ar fáil. Nach mbeimid ag roghnú comhlachtaí, comharchumainn nó comhlachtaí pobail bhunaithe ag rá leo, caithfidh tú plean a réiteach anois, cuirfimid saineolas ar fáil a chuirfidh comhairle ort ach ansin nuair a bhíonn an plean réitithe nach bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil? Táimid ag iarraidh go mbeadh sé luaite go sonrach sa Bhille go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil. Tá sé sin luaite i roinnt de na leasuithe atá molta againn, ní dóigh liom go bhfuil sé sin mí-réasúnach agus is dóigh liom gur leasuithe iad sin go bhféadfadh an tAire Stáit féin glacadh leo. Mura bhfuilimid chun na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun na pleananna a chur i gcrích cén mhaith dúinn a bheith ag suí anseo, cén mhaith dúinn a bheith ag plé an Bhille seo beag ná mór? So, ná bíodh an tAire Stáit ag cur dallamullóg orainn, más é sin atá i gceist. Mura bhfuil an Rialtas sásta na hacmhainní cuí a chur ar fáil abair amach díreach é is bímis díreach faoin rud ar fad agus díreoimid arís ar cheist na Gaeilge is na Gaeltachta. Ach, má tá sé dáiríre faoi, agus má tá sé ag iarraidh go mbeadh na hacmhainní ar fáil bíodh sé luaite sa Bhille agus bíodh sé sonrach sa Bhille go gcaithfear sin a dhéanamh. Ar a laghad ar bith ansin tá teacht ar ais ag na heagraíochtaí pobalbhunaithe sin a fhaigheann an conradh le rá, ar laghad ar bith, bhí múide sásta plean a réiteach, rinne muid ár míle dícheall, rinne muid den chéad scoth é, fuair muid an taithí ag an comhairle ach ant-aon chúis nach raibh muid ábalta é a dhéanamh ná níor cuireadh na hacmhainní ar fáil. Sa chás sin amach anseo, má táthar ag iarraidh iarrachta a dhéanamh ceantar a bhaint as an nGaeltacht ar a laghad tá siad in ann an chás sin a chur chun cinn. Rinne muid ár gcuid den socrú ach ní dhearna an Stát a chuid féin agus bheadh cás ansin go gcoinneofaí duine nó grúpa sa Ghaeltacht ar an mbunús nár cuireadh na hacmhainní cuí ar fáil dóibh. Sílim go bhfuil an pointe sin an-tábhachtach nach féidir an milleán a chur ar an gcosmhuintir mar bheadh faitíos orm gurb é sin a tharlódh amach anseo.

Tógfaidh mé na leasuithe mar atá ráite Uimh. 3, 4, 5, 6, 7, 8, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 31 agus 32 le chéile.

Ag éisteacht leis an méid a bhí le rá sílim gur dhá mhór-phointe atá ag teacht trasna anseo. Ceist acmhainní, tá sé tábhachtach, admhaím féin é sin, ní fhéadfaí rudaí a choinneáil ar siúl múna bhfuil na hacmhainní ann. Ar ndóigh maidir le hacmhainní is tríd an phróiseas Meastacháin a bheas ar siúl idir seo agus deireadh na bliana. Sin an áit a mbeimid ag déanamh cháis fá choinne na n-acmhainní. Ar dtús ag an phointe seo ar ndóigh ní fhéadfainn-se a rá cad iad na hacmhainní a bheas le fáil, beimid á bplé sin sna Meastacháin leis na hAirí cuí. Ar an lámh eile ar ndóigh, níl sé ar intinn agam léacht a thabhairt faoin staid eacnamaíoch ina bhfuilimid. Caithfimid gníomhú taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil ach déanfaimid ár ndícheall. Tá acmhainní fiúntacha á chur ar fáil i láthair na huaire, tá€60 milliún ar fad á chur ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge sa tír seo, agus ní suim shuarach é sin. Má amharcann duine ar chur i gcás beidh Ranna eile ag teacht isteach anseo tá ionchur mór ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa straitéis seo. Deir an Roinn go bhfuil €500 milliún á chur ar fáil ó thaobh na Gaeilge i láthair na huaire. Tá cúrsaí cumarsáide, cúrsaí teilifíse, cúrsaí raidió, cúrsaí tréimhseacháin, beidh siad sin ar fad le cur san áireamh. Ach admhaím go bhfuil na hacmhainní tábhachtach agus má dhéanfaimid ár ndícheall na hacmhainní a chur ar fáil chomh fada agus is féidir taobh amuigh de na laincisí eacnamaíochta agus geilleagracha atá orainn. Dála an scéil, ní shílim go bhfuil guth aontaithe ag teacht ó Iarthar na hÉireann maidir le teorainn na Gaeltachta ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Tá an Seanadóir ag rá gur rud an-tromchúiseach chomhluadar nó pobal a chaitheamh amach as an Ghaeltacht; is rud tromchúiseach é admhaím é. Bhí mé ag plé na ceiste seo inné le comhghleacaí de do chuid i bhfóram eile, agus bhí seisean ag rá an laige mór sa Bhille seo nach bhfuilimid ag déanamh sin. An chéad rud go mba chóir dúinn a dhéanamh a dúirt sé ná na teorainn a athrú láithreach agus na teorainn a chúlú go dtí na háiteanna go bhfuil pobail láidre agus an cuid eile a fhágáil amach agus na hacmhainní teoranta atá againn a dhíriú isteach ar Ghaeltacht atá i bhfad níos lúó thaobh daonra de nó an Ghaeltacht atá ann. Mar sin, tá an dá thaobh ann: duine amháin ag rá go gcaithimid tuilleadh ama a thabhairt dóibh nach féidir é a dhéanamh agus sílim féin nach féidir é a dhéanamh ag an phointe seo agus duine eile ag ráé a dhéanamh sula ndéfar aon rud agus na hacmhainní a chur isteach sa Ghaeltacht úr in áit nach bhfuil ach Gaeilge taobh istigh den bhaile sin. Mar sin, caithfidh mise a bheith réadúil agus caithfidh mé a bheith tomhaiste, agus cothromaíocht a chur i bhfeidhm.

Sé an pointe eile, croí an phointe eile a bhí ag na Seanadóirí, Údarás na Gaeltachta agus na pobail, gurb é sin an iomaíocht. Tá na Seanadóirí ag rá gur ar an údarás ba chóir go mbeadh an fhreagracht agus gur chóir go mbeadh sé air sin na pleananna seo a dhéanamh amach i gcomhréir leis na pobail. Ach sé an rud atá mise ag rá nó an fhealsúnacht atá agamsa ná go bhfuilimid chun é a thabhairt do na pobail atá ina gcónaí ansin leis na cianta agus a bheas ann. Ní ar an údarás a bheimid ag brath an teanga a labhairt ins an Ghaeltacht. Beimid ag brath ar na pobail atá lonnaithe ansin an Ghaeilge a labhairt ins an Ghaeltacht. Sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt ionchuir go deimhneach agus go cinnte do na pobail Ghaeltachta iad féin. Beidh an t-údarás ansin le cuidiú, le comhairle agus le tacaíocht. Beidh an Roinn ansin agus beidh saineolaithe eile ansin fá choinne cuidiú leo é sin a dhéanamh. Caithfidh sé seo teacht ón phobal agus mar a dúirt mé cheana féin, thug mé cuairt ar chúpla pobal le déanaí, mar a bhí mé i mBeanntraí tá trí seachtainíó shin. Tá pobal ansin nach bhfuil sa Gaeltacht ach a thoil Gaelscoil a bheith acu. B'fhéidir nach bhfuil aon Ghaeilge ag na tuismitheoirí ach is mian leo a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé sin ag tarlú agus tá sé ag teacht ón phobal. Bhí mé i gCluain Dolcáin dhá seachtain ó shin an lá inné. Bhí mé i mo chónaí in aice le Cluain Dolcáin uair amháin agus chuala mé go minic an toradh atá ansin ag Áras Crónáin agus imeachtaí Gaeilge agus Gaelacha ann gach lá den tseachtain, gach oíche den tseachtain, agus scolaíocht á cur ar fáil ansin do 1,200 duine. Ní raibh údarás ná duine ar bith eile ag cur brú orthu sin amuigh ansin. Tháinig séón phobal iad féin. Tá dea-mhéin agus dea-thoil don Ghaeilge ansin agus más féidir linne é sin a chur le chéile, to harness it mar a déarfá, é a úmadh mar a dhéanfá le capall nó b'fhéidir le hasal, agus an dea-mhéin agus dea-thoil a thabhairt chugainn agus oibrú le chéile, sílim-se gurb é sin fuascailt na ceiste. Tá muintir na Gaeltachta i mo thuairim-se tuirseach le daoine ag rá leo, déan siúd agus déan seo agus tá fhios againn cad é atá ag tarlú, tá an teanga ag trá.

Sílim-se gur seo an deis anois. Cad é a thig linn a dhéanamh? Cad é bhúr mbarúil? Cad iad na spriocanna atá sibh ábalta leagan síos? Cad iad na spriocanna is maith libh a bhaint amach sa trí bliana amach romhainn nó sna cúig bliain amach romhainn. Beirimid gach cuidiú daoibh? Mar sin de, sin an dá phointe atá ann agus sílim go mbeadh sé ag dul in éadan fhealsúnacht an Bhille féin dá nglacfainn leis na moltaí seo. Mar sin, a Chathaoirligh, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Tuigim an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit, tuigim cén áit a bhfuil sé ag teacht as ach ní aontaím leis, ach tuigim cén áit a bhfuil sé ag teacht as. Ní fheictear dom cén dóigh a thiocfadh leis an phróiseas seo oibriú. An dóigh atá sé leagtha síos sa Bhille faoi Alt 7(7), caithfidh na pobail, mar shampla, na pleananna a ullmhú, a chur le chéile, a dhréachtú agus ansin a chur faoi bhráid an Aire chun iad a bheith ceadaithe. I ndáiríre an rud atá ag tarlú anseo, cé go bhfuil an túdarás luaite sa Bhille, tá an túdarás luaite sa Bhille le comhairle a thabhairt do na pobail agus chun glacadh le hiarratas ó dhream éigin. Caithfidh an grúpa nó an coiste ansin dul agus an plean a ullmhú, a dhréachtú a dhéanamh, agus a leagan amach chun é a chur i bhfeidhm agus ansin é a chur faoi bhráid an Aire le bheith ceadaithe. Tá ról ag an údarás anseo ach tá an ról iontach, mar a deir siad sa Bhéarla, hands-off, mar atá scríofa sa Bhille. Níl sé sonraithe sa Bhille cad é an ról praiticiúil go laethúil a bheidh ag an údarás agus an rud atáimid ag iarraidh a chinntiú leis na leasuithe seo atá ullmhuithe againn ná go mbeidh an ról atá ag an údarás an-soiléir, soiléir do gach duine don údarás féin agus do na coistí ina bhfuilimid ag iarraidh na pleananna seo a ullmhú. Ach ceann de na leasuithe fosta atá istigh anseo, mar shampla, má tá aon cheantar ann nach bhfuil grúpa ag feidhmiú atá in ann plean a tharraingt le chéile, go mbeidh an dualgas ansin fágtha ar an údarás dul isteach i gcomhairle leis an phobal — an pobal, ní coistí— an plean a chur le chéile iad féin. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé sin ann. Tá an Ghaeltacht briste síos i 19 ceantar ag an Roinn ach tá mise cinnte de go bhfuil ceantair sa Ghaeltacht nach dtiocfadh b'fhéidir aon eagraíocht chun tosaigh chun plean a ullmhú. Feicim sin ag tarlú. Cén fáth? Tá fáth mór leis mar nach bhfuil an t-airgead acu chun na pleananna seo a ullmhú. Bheadh eagla orthu. Bheidís ag dul isteach i bhfiacha dá mbeadh orthu an tromlach seo a iompar i dtaca le plean a chur le chéile. Tá fhios agamsa go bhfuil an próiseas Meastacháin ag teacht aníos agus beidh gach Aire ag troid fá choinne a sciar féin agus tá fhios againn go bhfuilimid inár gcónaí in am deacair. Tá sé deacair ar aon Aire a bheith ag iarraidh airgead breise a fháil ach measaim go láidreodh sé lámh an Aire Stáit agus é ag dul go dtí an príomh Aire nó an Rialtas ag iarraidh airgid a fháil dá mbeadh sé istigh sa Bhille seo go gcaithfí an t-airgead sin a chur ar fáil. Bhéarfadh sé láidreacht mór don Aire Stáit agus é ag iarraidh an airgid sin a fháil. Cuideodh sé leis.

Táimid ag iarraidh a bheidh cuidiúil anseo. Táimid ag cur na moltaí seo chun tosaigh mar go bhfuilimid ag iarraidh an lámh is láidre a bheith ag an Ghaeltacht más Dinny McGinley nóÉamonn Ó Cuív nó cibé an tAire atá ag dul ag iarraidh airgid a fháil. Má tá sé scríofa sa Bhilla go gcaithfidh airgead a bheith ag an údarás, an chéad cheist a bheidh á chur ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ná cé mhéid a chosnóidh sé seo, tá sé sa Bhille. Caithfidh Roinn an Aire ansin sin a ullmhú de réir mar atá scríofa sa Bhille, mar go bhfuil sé dlíthiúil ansin. Abair go mbeidh €30 milliún i gceist; so be it, caithfidh an t-airgead sin a bheith ar fáil don Ghaeilge. Má théann an tAire Stáit ar aghaidh leis an mBille an dóigh atá sé leagtha amach faoi láthair agus mura bhfuil sin scríofa go soiléir sa Bhille agus má chuireann an Roinn chéanna an cheist chéanna, beidh freagra difriúil ann. Sin an áit atá an laige sa Bhille seo nuair atá an oiread iomaíochta fá choinne cent agus airgead beidh an Roinn ag rá: "It is not legal and we do not have to provide it. It is not in the legislation. We will pass it on to the coistí pobail. They will carry for it. They were doing it for years and they have enough people to carry out these assessments and plans. They will pay for it some way, but it will not have to come from the Exchequer."

That will not work. Ní oibreoidh sé sin agus dá bhrí sin ar an drochuair, bheinn breá sásta an rún seo a tharraingt siar inniu dá mbeadh an tAire Stáit féin sásta athbhreithniú a dhéanamh ar seo idir seo agus an chéad Chéim eile sa Dáil. Ach mura bhfuil an leid sin á thabhairt aige, beidh mé ag brú an rúin. Tá mé cinnte go mbeidh lucht Shinn Féin ag brú. Tá siad cosúil lena chéile na leasuithe atá istigh againn. Ar an drochuair níl mé ag iarraidh seo a bhrú, ach má creidim go gcaithfidh mé, déanfaidh mé sin mar gur seo bun agus barr chur i bhfeidhm na moltaí seo. Sílim go bhéarfadh sé láidreacht don Aire Stáit dá mbeadh sé leagtha síos sa Bhille. Sin an tuairim atá agam féin.

Tá mé ag tabhairt buíochais don Seanadóir agus do na Seanadóiríéile as an méid a bhí le rá acu. Mar a dúirt mé cheana féin, tá na hacmhainní a bheidh á gcur ar fáil an-tábhachtach maidir le cur chun cinn na straitéise. Caithfimid gníomhú taobh istigh des na hacmhainní teoranta atá againn. Beimid á bplé ins na Meastacháin idir seo agus deireadh na bliana agus ar ndóigh beidh an Roinn agus oifigí na Roinne ag déanamh an cháis sin go láidir leis na rannóga caiteachais sa Stát seo fá choinne an oiread acmhainní agus is féidir linn a fháil leis seo a chur i bhfeidhm. Ní gá go gcuirtear agus ní shílim, leis an fhírinne a rá, go gcuirtear laincis ar Rialtais nó ar Airí go gcaithfear an oiread seo a chur ar fáil i mBillí. Rachaidh an Bille tríd, tá jab le déanamh agus caithfimid dul isteach ansin, cosúil le gach duine eile, cosúil le gach Aire eile, cosúil le gach dream eile, agus ár gcath a throid istigh ansin. Tá sé de throid againn, ná bíodh aon dabht faoi sin. Sílim nuair a bheidh an Bille tríd agus nuair atá fhios againn cad iad na himpleachtaí atá aige agus nuair atá sé mar pháirt de pholasaí an Rialtais, ní polasaí páirtí ach polasaí an Rialtais é seo go bhfuil an straitéis le chur i bhfeidhm chomh mór agus is féidir. Sílim go bhfuil sé sin le tabhairt cúpla cara láidir dúinn. Déanfaimid an troid sin, nuair atá an Bille tríd agus ins an am cuí, agus tá sé ag dul ar aghaidh ó lá go lá. Beimid ag déanamh amach na tosaíochtaí sin. Ar ndóigh caithfimid tosaíocht a thabhairt, mar atá an Rialtas ag tabhairt do straitéis na Gaeilge. Sin an fáth, ar ndóigh, go bhfuilimid ag tabhairt tosaíochta do na laethanta seo ins an Seanad agus an tseachtain seo chugainn ins an Dáil. Níl mé ag dul isteach ins an méid a dúirt mé an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe sin nó an méid a dúirt mé inniu. Ach, d'éist mé leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir agus ní aontaím. Caithfimid troid leis na hacmhainní chomh maith agus chomh fiúntach agus gur féidir linn a fháil.

Question put: "That the words proposed to be deleted stand."
The Seanad divided: Tá, 26; Níl, 15.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Harte, Jimmy.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • MacSharry, Marc.
  • Mooney, Paschal.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O'Brien, Darragh.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • Reilly, Kathryn.
  • Zappone, Katherine.
Tellers: Tá, Senators Ivana Bacik and Paul Coghlan; Níl, Senators Ned O’Sullivan and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 4 not moved.

I move amendment No. 5:

In page 12, line 40, to delete "The organisation concerned" and substitute the following:

"Údarás na Gaeltachta in collaboration with the organisations concerned".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 6 not moved.

I move amendment No. 7:

In page 12, to delete lines 44 and 45.

I second the amendment.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 8 not moved.

Amendments Nos. 9, 10, 54 and 55 are related and may be discussed together, by agreement. Is that agreed?

Is the Senator proposing to treat them individually?

I move amendment No. 9:

In page 14, line 3, after "subsection (3)," to insert the following:

"up to a maximum period extending no longer than two years from the date of the notice referred to in subsection (1)".

Tá mé ag iarraidh a bheith chomh gasta agus is féidir liom a bheith anseo ar an leasú seo. Baineann sé seo le spriocdháta a chur leis na pleananna. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé sin curtha isteach anseo chun a chinntiú nach dtéann an próiseas ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh, go mbeidh teorann ama dhá bhliain i gceist agus go gcuirthfidh an tÚdarás agus na heagraíochtaí eile aontú ar phlean laistigh den tréimhse ama sin. Measaim go bhfuil sé sin tábhachtach mar thiocfadh leis seo dul ar aghaidh agus ar aghaidh leis agus ní bheadh sé sin féaráilte do na coistí pobail ach go háirithe. An rud atáá mholadh anseo ar leathanach 15, líne 4 ná na focail seo a chur isteach, agus sin gan dul thar dhá bhliain ó dháta an fhógra atá leagtha amach de réir fo-alt (1). Caithfidh sprioc ama a bheith leis an rud seo. Ní féidir plean teanga a bheith ansin agus é a bheith amuigh ansin san aer áit éigin. Caithfidh spriocdháta a bheith leis seo má táimid chun a bheith dáiríre. Má tá ceantar le plean teanga a ullmhú, obair a chur isteach ann agus é a bheith fágtha ansin tá sé tábhachtach go mbeidh sprioc ama ag baint leis sin. Sin an méid atá sa rún.

Aontaím leis sin, a Chathaoirligh freisin. I second the amendment. Tuigimid go léir dar ndóigh go bhfuil géarghá le pleanáil ach más rud é go bhfuil sé fágtha chomh hoscailte sin tá gach seans ann go leanfaidh sé ar aghaidh agus ar aghaidh. Tá an leasú atáá chur os comhair an chruinnithe inniu i mo thuairim-se ciallmhar agus réasúnta agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann athmhachnaimh a dhéanamh ar sin freisin.

Mar a dúirt mé cheana féin a Chathaoirligh, an fhealsúnacht atá sa phlean ná deis a thabhairt do na pobail sa Bhille teacht aníos lena bplean forbartha teanga féin. Mar a dúirt mé roimhe, seo an leasú deireanach go mba chóir go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag ullmhú an phlean le cuidiú an phobail. Táimid ag rá an pobal féin, sin an fhealsúnacht atá taobh thiar de, arís an pobal féin, a bheidh ina gcónaí sa Ghaeltacht agus a mbeimid ag brath orthu leis an teanga a labhairt agus a choinneáil beo, gurb iad sin a bheidh ag cur an phlean le chéile agus beidh a ndearcadh siúd agus a meon siúd agus a dtaithí siúd go mbeidh sé sin ag dul isteach sa phlean ach go mbeidh an chuidiú le fáil óÚdarás na Gaeltachta. Ní rud éadrom seo, is rud tromchúiseach go leor é agus is imeacht úr é. Táimid ag iarraidh deireadh a chur leis an taoide atá ag trá, chomh maith agus is féidir linn agus rinne muid an-chuid smaointe ar seo agus táimid ag súil go dtiocfaidh na pobail linn. Tá an Roinn amuigh cheana féin, ar a labhair an Seanadóir Ó Clochtartaigh, tá oifigigh amuigh agus tá siad ag plé leis na pobail agus leis na heagraíochtaí agus caithfidh mé a rá b'fhéidir go mbíonn urlabhraí ansiúd agus anseo ach tá daoine i dteagmháil liomsa chomh maith. Tá mé sásta go bhfuil plé iontach á dhéanamh agus go bhfuil freastal maith ar na cruinnithe seo. Sílim go raibh grúpa ionadúil i nGaillimh nuair a bhí ceann acu i gConamara, bhí grúpa an-mhaith thuas againn féin. Sílim go bhfuil siad i gCúige Mumhan anocht thíos i nGaeltacht na Mumhan, Ciarraí is dóigh liom. Táimid ag dul thart agus ag insint don phobal cad é atá ag dul ar aghaidh agus á dtabhairt isteach sa lúb, más féidir liom é a chur mar sin, téarma iascaireachta dála an scéil. Ach sílim go mbeadh sé ag dul céim ró-fhada a rá dhá bhliain agus níl mé ag rá sin mar go bhfuil moilleadóireacht i gceist, níl mé ag rá sin ar chor ar bith. Tá súil agamsa go mbeidh na pleananna seo á n-ullmhú agus á gcur i láthair chomh luath in Éirinn agus a bheidh an Bille seo tríd. Go mbeimid ag dul chuig na ceantair agus go mbeidh siad ag teacht isteach de réir a chéile agus bheinn ag súil faoi cheann dhá bhliain go mbeadh siad istigh ach níl mé ag iarraidh laincise a chur orm féin nó ar an Roinn, ba mhaith liom go mbeadh discréid bheag againn. Sin an fáth nach bhfuil mé ag iarraidh ceangal na cúig gcaol a chur orm féin nó ar aon duine eile. Ach é sin ráite, tá mé ag súil agus ag brath agus ag tnúth go mór go rachfar ar aghaidh leis na pleananna gan an laincis sin a chur orainn agus gan an discréid sin a fhágáil agam. Sílim go bhfuilimid ar aon intinn faoi seo leis an fhírinne a rá, ach mar a dúirt mé ag iarraidh an ceangal sin a chur orm agus an discréid sin a fhágáil agam ach tá mé iontach dóchasach nach gcuirfidh sé isteach ar chor ar bith in aon dóigh ar tráthchlár nó cur i láthair na bpleananna. Ar an ábhar sin, a Chathaoirligh, sílim nach féidir liom glacadh leis an leasú sin.

An rud a bhí i gceist anseo againn leis an leasú ná nach rachadh sé ar aghaidh go dtí"infinity and beyond" mar a dúirt Buzz Lightyear am amháin. B'fhéidir go bhfaca an tAire Stáit sin in "Toy Story" nó b'fhéidir nach bhfuil sé aosta go leor go fóill. An rud a bhí i gceist anseo ná go bhfuil sé faoi dhiscréid an Aire an t-am a chur siar nó am nó am spriocdháta a leagan amach anseo agus táimid ag iarraidh a rá nach mbeadh an cúram sin ag an Aire an t-am a chur siar níos faide ná dhá bhliain. Is féidir cuid mhór oibre a dhéanamh in dhá bhliain agus is é an eagla a bheadh anseo ormsa ná go mbeadh tionchar polaitiúil anseo. Mar shampla, dá mbeinn in Fine Gael mar shampla bheadh Aire Stáit na Gaeltachta in Fine Gael agus dá mbeadh mo pharóiste ag iarraidh síniú ama nó dá mbeimis ag iarraidh an rud a chur siar agus gan na spriocanna sin a bhaint amach bheimis ag dul chun an Aire Stáit ag iarraidh brú a chur ar an Aire an t-am a chur siar chomh fada agus is féidir agus ní sin an rud is fearr le déanamh anseo.

Táimid ag moladh an chuid eile de na leasuithe a bheidh ag teacht os comhair an tí gan mhoill, faoin ról go mba chóir a bheith ag an gCoimisinéir Teanga. Ach ba chóir é seo a bheith leagtha síos sa dóigh go mbeidh cosaint ag an Aire, go mbeidh cosaint ag an mBille agus nach féidir é a chur siar níos mó ná dhá bhliain. Má bhíonn sé oscailte beifear in ann seo a úsáid chun bhrú a chur ar Aire nó cibé an tAire Stáit nó Aire sinsearach a bheidh ann ag an am sna blianta amach anseo agus go mbeifear in ann brú a chur, discréid an Aire a úsáid agus an spriocdháta sin a chur siar. Sin an fáth go bhfuil mé ag cur an rúin seo chun tosaigh. Tá fhios agam go bhfuil cúpla rún eile atá iontach cosúil leis seo agus beimid ag aontú leo. Mheas mé féin go láidreodh sé an Bille agus go ndéanadh sé sonrach an Bhille i dtaca leis an sprioc ama agus sin an fáth go raibh mé ag súil go dtiocfá glacadh leis an mholadh sin. Ní moladh mór é, níl aon chostas breise ar an Stát i dtaca leis an moladh seo nó rud ar bith mar sin. Sa rún deireanach bhí mé ag iarraidh teacht isteach ag an phointe dheireanach, tá fhios agam de réir an dóigh atá Céim na Tuarascáila den Bhille leagtha síos nach féidir sin a dhéanamh. Ach ceist amháin nach raibh freagra ar bith air bith uirthi go dtí seo ná cén fáth nach raibh regulatory impact analysis leis an Bhille seo. Dé ghnáth bíonn sin ar fáil le haon Bhille a thagann os comhair Thithe an Oireachtais i dtaca leis an chostas a bheadh ar aon Bhille a chur i bhfeidhm. An t-aon fhigiúr a bhí luaite ná coigilt de €450,000 i dtaca leis an Bhille seo. Níl aon RIA i dtaca leis an chostas a bheas ar an Stát na moltaí seo a chur i bhfeidhm, shílfeá go mbeadh sé sin ar fáil agus cuireann sé iontas orm nach bhfuil sé sin ar fáil mar níl fhios agam cén fáth, b'fhéidir go bhfuil fáth leis sin. B'fhéidir go dtabharfadh an tAire Stáit freagra ar sin.

An dá bhliain arís. Ar ndóigh, mar a dúirt mé níl mé ag iarraidh an laincis a chur orm, táim ag iarraidh go mbeadh an discréid sin againn. Ar ndóigh má tá aon mhoilleadóireacht i gceist, beidh deis ag na Seanadóirí a theacht isteach anseo agus ormsa nó cibé Aire ar a mbeidh an fhreagracht mura bhfuil na pleananna curtha chun críche agus beidh deis ag na Seanadóirí teacht isteach anseo agus ceist a chur cén fáth nach bhfuil na pleananna seo go léir curtha i gcrích faoi cheann dhá bhliain agus beidh ar an Aire a theacht isteach agus freagra a thabhairt. Sílim go gcosnaíonn sé an feachtas seo ar fad go mbeidh an fhreagracht ar an Aire agus go gcaithfidh sé teacht isteach anseo agus go gcaithfidh sé seasamh suas agus freagra a thabhairt, más rud é go bhfuíll moilleadóireacht agus a insint cén fáth go bhfuil. Sílim go mbeidh Aire ar bith a bhfuil freagracht Aire air nó Aire Stáit go mbeadh siad ábalta glacadh le freagracht den chineál sin. Go pearsanta beidh mise thar a bheith sásta glacadh leis agus tá mé iontach dóchasach mar a dúirt mé go dtiocfaidh na pleananna ar aghaidh. Ach má tá ceantar acu seo, ceann de na ceantair phleanála teanga a deir nach bhfuil suim acu ann, ní dhéarfaimid ‘tá sé sin ceart' rachaimid i dteagmháil leo arís agus béarfar deis dóibh.

Ní bheidh polaitíocht ag teacht isteach ann nó aon rud mar sin mar sílim go bhfuilimid tar éis shiúl thar an ré sin agus gur mhaith linn gach ceantar a thabhairt isteach. Ach má tá ceantar daingnithe ina n-intinn nach bhfuil suim acu ann agus mar sin de, agus sin an rud a bhfuil sibh go léir mar gheall air, teorainn na Gaeltachta ag deireadh thiar thall. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, tá am agus caithfear seans a thabhairt do dhaoine. Mar a dúirt comhghleacaí de do chuid inné ba chóir go ndéanfaimid na teorainn a athrú, an chéad rud iad a athrú agus ansin an Bille a thabhairt isteach, muna bhfuil cuartaí agat, táim ag déanamh go bhfuil sé sin ag dul ró-fhada. Go raibh muid ag cur claíocha mar a deir sibh féin agus ballaí thart ar cheantar iar-Ghaeltachta mar a deir siad nach bhfuil aon rud eile ann ach Gaeilge. Cad é atá fágtha. Caithfimid seans a thabhairt dóibh uilig, éirí le chéile cosúil leis an taoide, ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Nílimid ag iarraidh, mar a dúirt an Seanadóir a bhí anseo an lá eile, ní aontaím leis an fhealsúnacht streaming a dhéanamh orthu. Táimid ag iarraidh orthu uilig cuidiú le chéile agus is dúshlán é agus níl mé ag rá nach dúshlán é ach tá mé dóchasach gur seo an cur chuige a chuirfidh stad leis an taoide agus a bhfuasclóidh an tsuim agus an tacaíocht atá ansin i measc an phobail don teanga. Tá an spriolladh sin de dhíth orthu ag an phointe seo. Mar atá ag tarlú i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, is iontach an rud é go bhfuil rudaí ag tarlú taobh amuigh den Ghaeltacht mar atá fhios ag na Seanadóirí iad féin. Luaigh mé cúpla áit inniu cheana féin agus tááiteanna eile luaite, tá sé ag tarlú taobh amuigh den Ghaeltacht an dea-mhéin sin. Tá sé le feiceáil agus cén fáth nach féidir linn an spiorad sin agus an dea-mhéin sin agus an dea-thoil sin a spreagadh istigh i gceart lár na Gaeltachta, cé acu ceantar láidir Gaeltachta atá ann nó ceantar lag Gaeltachta? Ba mhaith liomsa an seans sin a thabhairt dóibh. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leo mar go sílim go bhfuil an cuspóir céanna agus an aidhm chéanna ag an dá thaobh agus sílim go bhfuil sé seo níos réadúla agus níos praiticiúla ó mo thaobh féin de agus ó thaobh an ruda atáimid ag iarraidh a dhéanamh.

An bhfuil na Seanadóirí ag brú leis an leasú?

Mar gheall ar leasú Uimh. 9, an bhfuil sibh ag brú leis an vóta?

Níl, iarrfaimid ar an Aire Stáit breathnú air.

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 10:

In page 14, line 4, after "submitted" to insert the following: ", but without exceeding two years from the date of the notice referred to insubsection (1)”.

Go raibh míle maith agat. Ba mhaith liom an leasú seo a mholadh, tá fhios agam go bhfuil sé cosúil leis an cheann a chuaigh roimhe ach an rud a bhí mé ag iarraidh grúpála dhe, ná deis freagra a thabhairt ar ais don Aire Stáit ar na pointí a ardóidh sé agus sílim go bhfuil sé rí-thábhachtach go ndéanfaimid sin. Chuala mé an méid atá ráite aige, go dtéann an leasú go croí lár na ceiste arís, b'fhéidir gur gá céim siar bheag a thógáil. Bhuel, céard faoi a bhfuil siad ag caint. Táimid ag caint ar mhion-sonraí anseo, leasuithe anseo is leasuithe ansiúd. Tá bun-cheist anseo, cén buntáiste atá do dhuine a bheith ina chónaí sa Ghaeltacht agus ceann de na buntáistípraiticiúla ná an tacaíocht a fhaigheann siad óÚdarás na Gaeltachta nóó Roinn na Gaeltachta agus baineann an t-alt seo leis an chumhacht atá ag an Aire ceantar a bhaint as ceantar Gaeltachta? D'fhéadfadh sé go mbeadh duine ag iarraidh campa samhraidh a bhunú, go mbeadh sé ag iarraidh comhlachta a bhunú atá ag plé le foilsitheoireacht nó gnóthaíéigin sa Ghaeltacht. Má tá sé sa Ghaeltacht tá tacaíocht le fáil aige óÚdarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, má tá sé taobh amuigh de, níl an tacaíocht sin ar fáil dó. Sin é an buntáiste is mó atá ag pobal na Gaeltachta as Roinn na Gaeltachta agus as Údarás na Gaeltachta agus caithfimid féachaint anseo ar céard iad na cumhachtaí agus na critéir atáimid ag úsáid leis an deis sin a thabhairt do dhaoine nó a bhaint díobh.

Now, tá cuid mhaith comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht atá ag déanamh sár-obair le blianta fada agus ard mholadh ag dul leo, cuid mhaith daoine ag obair go deonach ar na coistí is mar sin de agus na bainisteoirí agus na rúnaithe atá ag feidhmiú iontu. Ach, d'fhéadfainn liosta a thabhairt don Aire Stáit de chomhlachtaí agus chomharchumainn ar thit an tóin astu, nár éirigh leo i gceantair áirithe agus fiú le blianta beaga anuas agus bhí iliomad cúis leis sin. Bhí cúiseanna áirithe: cuid acu fuair siad ró-pholaitiúil, cuid eile acu fuair siad isteach i ndeacrachtaí airgeadais, cuid eile acu tharraing siad an iomarca cúraimí orthu féin, cuid eile acu díreach thit siad óna chéile. Tá fhios ag an Aire Stáit go bhfuil na samplaí sin ar fáil ar fud na gceantar Gaeltachta. Ach an critéar atá an tAire ag leagan síos sa Bhille seo, tá sé ag dul i gcoinne an méid a bhí molta sa straitéis nó sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Bhí sé leagtha amach go soiléir sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go raibh critéar faoi leith i gceist le ceantar A, B agus C ó thaobh a bheith ina ceantar Gaeltachta. So, is ceantar Gaeltachta a bheadh i gcatagóir A, más féidir a léiriú go raibh 67% de phobal an cheantair sin ag labhairt na Gaeilge mar theanga laethúil, go raibh na seirbhísí eaglasta, go raibh siopaí agus seirbhísí pobail agus mar sin de ar fáil i nGaeilge. Dá bhrí sin bhí critéir shoiléire leagtha síos ó thaobh céard is ceantar Gaeltachta agus céard nach ea. Faoi láthair is éard atá leagtha síos ó thaobh ceantar Gaeltachta ná líne ar mapa agus aontaím leis an Aire Stáit gur gá sin a leasú. Ach, an leagan nua, an critéar nua, an t-aon chritéar amháin a bheas agat anois as seo amach le háit a bheith ina ceantar Gaeltachta, ná gur réitigh comhlacht nó comhlacht pobalbhunaithe nó comharchumann, plean Gaeltachta nó nár réitigh.

Ceistím cé chomh ciallmhar agus atá sé, gurb é sin an t-aon slat tomhais atá ag an Aire Stáit le rá go bhfuil áit ina ceantar Gaeltachta nó nach bhfuil. Má tá mise mar shampla ag fáil tacaíochta óÚdarás na Gaeltachta i mbliana, ag cónaí i gceantar atá mar Ghaeltacht agus an bhliain seo chugainn go dtógtar an ceantar sin amach as an Ghaeltacht de bhrí nach raibh an comhlacht a bhí in ainm is an plean a réiteach á dhéanamh mar is ceart. Má tá mise ag déanamh mo chuid oibre ar fad trí Ghaeilge, má tá an pobal atá timpeall orm ag labhairt na Gaeilge agus mar sin de cad faoi sin? Fós féin d'fhéadfadh an tAire an ceantar sin a bhaint as an Ghaeltacht díreach mar gheall ar nár réitigh an comhlacht an plean, mar a bhí beartaithe. Tá an slat tomhais agus an critéar atá ag an Aire Stáit ó thaobh rangú Gaeltachta an-fhabhtach sa chás seo, mar gheall nach bhfuil sé ag úsáid na gcritéar a leagadh síos sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Táim ag rá arís eile, gur fiú an Bille a tharraingt siar ag an bpointe seo agus athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo.

Tógfaidh daoine dúshlán cúirte, dar liom amach anseo, daoine atá faoi láthair ag feidhmiú agus ag fáil tacaíochta óÚdarás na Gaeltachta i bhfoirm deontais chaipitil. Tá comhlachtaí atá i gceantar Gaeltachta faoi láthair a d'fhéadfadh a bheith imithe as faoin gcritéar atá ag an Aire Stáit, a chaillfidh an tacaíocht a bhí siad ag fáil ó thaobh deontais chaipitil, deontas fostaíochta, staidéir féidearthachta, cúrsaí teanga agus mar sin de, daoine a chaillfeadh tacaíocht atá ag plé le campaí samhraidh, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus mar sin de ó Roinn na Gaeltachta. Sin é an buntáiste atá ag daoine ó thaobh stádas Gaeltachta, go bhfaigheann siad tacaíocht ón dáeagraíocht siúd. An pointe atá mé ag déanamh ná, cé gur pléadh cúrsaí Gaeilge agus ceist na Gaeilge gur chaith an Roinn €500,000 ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta, tá an tAire Stáit ag caitheamh i dtraipisí na moltaí a rinneadh ansin ó thaobh rangú a dhéanamh ar céard is ceantar Gaeltachta ann agus níor mhínigh an tAire Stáit dúinn cé ar a bhfuil an critéar atá aige bunaithe. Mar an t-aon chritéar a fheicim-se sa Bhille seo agus go ndeir sé: "déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge a ullmhú i leith limistéir lena mbaineann agus déanfaidh séé laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar agus cuideoidh an tÚdarás leis" agus deir an tAire Stáit sna fho-alt, mura mbíonn sé sin déanta ag an eagraíocht gur féidir leis an Aire scríobh ar pháipéar le rá ceart go leor tá sibhse anois amuigh as an Ghaeltacht.

An rud atá mise ag rá ná, smaoinigh ar na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe atá amuigh ansin, cuid acu thar barr, cuid acu ar fheabhas, cuid acu ag feidhmiú le 30 bliain ach cé méid acu freisin gur thit an tóin astu, cé mhéid ceann acu nach bhfuil ionadaíoch ar an bpobal iomlán ina bhfuil siad ag feidhmiú na limistéir pleanála teanga? Mar shampla, níl aon eagraíocht forbartha pobail atá ag freastal ar Acaill agus ar Thuar Mhic Éadaigh le chéile. Níl aon eagraíocht forbartha pobail, ná comhlacht pobalbhunaithe atá ag freastal ar cheantair Iorras Aithneach agus Chorr na Móna, agus Dúiche Sheoigheach ar an taobh sin. Níl aon eagraíocht forbartha amháin ag freastal ar An Cheathrú Rua agus ar Cheantar na n-Oileán ar fad. So, má tá plean le hullmhú ag comhlacht amháin i ngach ceantar acu sin agus muna bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas d'fhéadfadh an ceantar ar fad a bheith thíos leis go gcaillfidís an stádas Gaeltachta. Dúirt an tAire Stáit rud ar ball beag a chur imní orm, bhí sé ag rá, ná bíodh imní oraibh fág fúmsa é, caithfidh sibh brath ar an Roinn, beimid ag déanamh cinnte, beidh sibh in ann muid a tharraingt isteach anseo mura bhfuil na pleananna a gcur i bhfeidhm agus sin an fáth go bhfuil an dá bhliain tábhachtach, beidh sibh in ann an tAire a tharraingt isteach anseo is ceisteanna a chur air, cén fáth nach bhfuil na pleananna réitithe, cén fáth nach bhfuil an obair ag dul chun cinn?

Ach, cuirim i leith an Aire Stáit go bhfuilimid tar éis sin a dhéanamh le Acht na dTeangacha Oifigiúla go mion agus go minic gurb é sin plean ar reachtaíocht Stáit eile atá ag plé le dualgais na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus i dtuarascáil bhliantúil dhurcanach an Choimisinéara Teanga deir sé: "san iomlán tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo ach faoi dheireadh na bliana 2011 bhí 66 acu sin tar éis dul in éag. D'fhág sin nach raibh an dara scéim daingnithe i gcás dhá thrian de na comhlachtaí sin, gníomh a mhéadódh an soláthair seirbhíse trí Ghaeilge a bhféadtaí a bheith ag súil leis ó na comhlachtaí poiblí sin. Bhí 20% de na scéimeanna sin imithe in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad agus 20% eile acu in éag le breis agus dhá bhliain. Sa bhreis ar sin bhí 28 comhlacht poiblí eile ann."

Gabh mo leithscéal, mar gheall ar an dá bhliain agus an leasú ansin, maidir leis sin.

Baineann sé seo go díreach leis.

Labhair faoi seo. Tá an Seanadóir ag labhairt fan leasú a 10.

Tá agus sin an fáth go bhfuil an dá bhliain fíor-thábhachtach, seo é croí na ceiste, a Chathaoirligh.

Bhuel, níor thóg na Seanadóirí leasuithe a 9, 10 agus 35, 45 le chéile mar gheall ar an leasú.

Ach má ligeann an Cathaoirleach gníomhach dom míUimh. 10tú nó sibhse Uimh. niú, míneoidh mé cén fáth go bhfuil sé seo tábhachtach.

Dúirt an tAire Stáit i gcomhthéacs an Achta agus tá sé ráite anseo, gurb é sin a bheas á chur i bhfeidhm. Seo Acht eile atá faoina chúram nach bhfuil sé ag cur i bhfeidhm mar sin níl aon mhuinín agam as, eisean mar Aire nó in aon Aire a thiocfaidh ina dhiaidh, leis seo a chur i bhfeidhm mura mbeidh an rud seo faoin dá bhliain curtha i scríbhinn. Mar is léir nach bhfuil Roinn na Gaeltachta féin tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla a dhaingniú, cén fáth go nglacfadh muid le focal an Aire Stáit go ndéanfar an daingniú céanna ó thaobh na pleananna teanga mura mbeidh an fo-alt seo ann ó thaobh an dá bhliain? Ar a laghad baineann an dá bhliain, cuireann sé brú ar an Aire go gcaithfear rud éigin a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain ach mar a dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill roimhe seo má chuirtear polaitíocht áitiúil i bhfeidhm agus má théann na polaiteoiríáitiúla i gceantair áirithe ag rá"..ah sure tabhair bliain eile dúinn, nó tabhair tréimhse ama breise dúinn le plean a réiteach", is féidir an cur isteach sin a bheith ann.

Táimid ag iarraidh go mbeadh rudaí níos daingnithe agus go gcuirfear forálacha an Bhille i bhfeidhm má tá sibh le bheith dáiríre faoi. Téann sé sin go dtí croí lár na ceiste, cumas na Roinne, níor tharraing Roinn an Aire féin an scéim atá acu féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ach an oiread. Tá an tAire Stáit tagtha isteach, tá sé tarraingthe isteach ann, tá sé ceistithe againn ach fós féin ní fheicimid aon fheabhas ag teacht ar an chaoi a bhfuil an Roinn ag cur Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Tá an imní céanna orm faoi Bhille na Gaeltachta, go scaoilfear na maidí le sruth agus go bhfuil na maidí rámha scaoilte le sruth cheana féin.

Was the amendment seconded?

Ba mhaith liom cur leis sin.

Sílim go bhfuil sé mí-réalaíoch, thar a bheith mí-réalaíoch ag déanamh comparáide idir na 600 comhlacht sa tír seo atá ag gníomhú faoi Acht na dTeangacha. Tá 600 comhlacht ann, tá deacracht ansin, tá 191 de na comhlachtaí clúdaithe cheana féin, tá plean úr teanga na Roinne i ndiaidh teacht amach tá coicís ó shin, sin an Roinn úr Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ní shílim gur comparáid cheart é, a Chathaoirligh, a bheith ag déanamh comparáide idir 600 comhlacht a bhfuil pleananna teanga déanta amach agus 19 ceantar pleanála sa Stát. Tá difir mór eatarthu, fiú amháin chomh fada is a mbaineann sé le huimhreacha

Maidir leis na critéir beidh an plean bunaithe ar na critéir a bheidh leagtha síos faoi rialacháin, sé sin alt 12 den Bhille, beidh na rialacháin ansin agus beidh na critéir leagtha síos. Beidh na critéir a bheas leagtha síos sna rialacháin bunaithe ar na cinn atá sa staidéar teangeolaíoch. Sílim agus tá mé cinnte, tá fhios agam go bhfuil mar chonaic mé iad agus tá samplaí de na critéir sin le fáil ar shuíomh Idirlíon na Roinne. Mar a dúirt mé arís táimid ag plé seo agus na pobail agus mar sin de, ach arís is Bille spreagtha é seo. Seo Bille leis na pobail Ghaeltachta a spreagadh agus iad a tharraingt agus a gcomhoibriú a fháil agus muid ag oibriú le chéile, sé sin an fhealsúnacht atá taobh thiar de. Nílmuid ag caitheamh pleananna ar na pobail, táimid ag iarraidh orthu-san teacht lena gcuid smaointe féin agus tá mé iontach dóchasach go dtiocfaidh sin ós na 19 ceantar Gaeltachta. Mar a dúirt mé, má tá aon dream, aon cheantar nach dtagann isteach ag an tús beimid ábalta dul i dteagmháil leo siúd agus gach dícheall a dhéanamh. Níl muid ag iarraidh aon cheantar a chailliúint. Ach sa deireadh thiar thall má tharlaíonn sin, tarlóidh sé agus beidh an tAire freagrach mar atá i láthair na huaire. Tá freagracht ar an Aire i láthair na huaire teorainn na Gaeltachta a athrú, beidh tú ag caint ar bhruach bhailte agus mar sin de. Bhí Aire ag Fianna Fáil le tamall fada, níor tharla aon rud thiar ansin nó aon áit eile sa tír. Tá straitéis le bheith sa Bhille seo, tá cumasú le bheith sa Bhille seo é a dhéanamh ar bhonn eolaíochta agus tá sé ag brath ar na pleananna. Mar sin, a Chathaoirligh, ní bheidh mé ag glacadh leis na moltaí ar an ábhar sin.

An bhfuil cead agam teacht ar ais de bharr an ruda? Sílim gur chaill an tAire Stáit an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é an rud a bhí mé ag míniú ansin ná tá an dualgas póilíneachta ar Roinn an Aire maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar a Roinn maidir le daingniú scéimeanna. Is léir nuair atá fáillí chomh mór sin á dhéanamh ar dhaingniú scéimeanna agus gur thóg sé chomh fada fiú ar a Roinn féin an scéim a chur chun cinn go gcaithfeadh sé go bhfuil easpa acmhainní sa Roinn chun obair atá bainteach le Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur chun cinn. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuilimid ag plé le 19 ceantar ó thaobh limistéir teanga ó thaobh Bille na Gaeltachta beidh obair bhreise ag baint le cur chun cinn Bille na Gaeltachta. Mar sin má tá an oiread sin brú cheana féin ar acmhainní na Roinne, agus tá siad ag rá linn nach dteastódh acmhainní breise le haghaidh Bille na Gaeltachta a chur chun cinn. Caithfidh mé a rá nach gcreidim an tAire Stáit agus go bhfuil amhras orm nach mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil do na heagrais. Sílim go bhfuil sé féaráilte an chomparáid sin a dhéanamh maidir leis an rud seo mar gur baineadh na hacmhainní de Roinn na Gaeltachta le roinnt blianta anuas agus go bhfuil an rud céanna ag tarlúó thaobh Údarás na Gaeltachta go bhfuil an deontas laghdaithe, mar a dúirt an tAire féin dhá bhliain ó shin le hiar-Aire Pat Carey, ó€32 milliún go dtí€6 mhilliún. Is cinnte nach féidir an méid sin a dhéanamh, caithfear an méid chéanna a ráó thaobh na ndeontas reáchtála atáá n-íoc ag Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhuinaithe.

An pointe a bheinn ag rá ansin ná, i gceantair áirithe beidh b'fhéidir eagraíochtaí atá sásta an obair a dhéanamh agus a déarfaidh, ar son an deontais reáchtála a choinneáil déanfaimid an obair agus beimid sásta leanúint ar aghaidh leis. Ach mar dhuine a bhí ar bhord comharchumainn le déanaí, bheadh drogall ormsa ualach breise oibre a tharraingt ar an mbainisteoir a bheadh fostaithe ansin mar, mar a deir an Béarla, tá duty of care agat mar fhostóir. Má tá mise ar bhord eagraíochta pobaibhunaithe den chineál sin, caithfidh mise déanamh cinnte nach bhfuil mé ag cur ualaigh mí-réasúnta oibre ar an té atá ag obair dom. Ó thaobh an chaoi a fheicim-se na comharchumainn ag feidhmiú faoi láthair tá na bainisteoirí agus na rúnaithe atá ag obair ann faoi bhrú mar atá. Táimid ag caint ar ualach an-mhór breise oibre leis na pleananna teanga a réiteach gan aon acmhainní breise. Bheadh mise drogallach agus b'fhéidir go mbeadh cuid mhaith eagraíochtaí pobalbhunaithe a dhéarfadh, ní fiú an tairbhe an trioblóid, an rud breise seo a tharraingt orainn féin mar gheall ar an chontúirt a bheadh ann nach mbeimid in ann na dualgais ar fad a chomhlíonadh agus go gcuirfear milleán orainn muna mbeidh sé déanta. D'fhéadfadh cásanna áirithe a bheith i gceist go mbeadh ceantair áirithe ann a dhéarfadh nach bhfuil siad sásta iarratas a dhéanamh ar an bplean. Tá ceantar eile atá luaite sna limistéir pleanála teanga nach bhfuil aon eagraíocht forbartha pobail iontu beag ná mór agus céard a tharlóidh sa chás sin, atá ag plé leis an gcineál seo oibre? Mura ndéantar iarratas, tá cead ag an Aire an ceantar sin a bhaint as an Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh go mbeadh an tréimhse dhá bhliana ann chomh maith le sonrú go gcaitheadh an tAire gníomhú gan an rud a chur ar an mhéar fhada.

Sílim go mbeinn ag moladh go n-éistfeadh an tAire agus arís go dtarraingeodh an tAire siar as seo. Sílim go bhfuil go leor bun-cheisteanna leis seo agus gur fiú an chuid eile den samhradh a chaitheamh ag tarraingt na ceisteanna seo amach agus go háirithe díospóireacht a dhéanamh leis na pobail agus leis na comhlachtaí pobalbhunaite ar na himpleachtaí do na rudaí atá sé ag moladh sa Bhille.

An bhfuil aon rud eile le rá, a Aire, agat?

Ag an phointe seo arís, níl mé ag glacadh leis an leasú nó na leasuithe.

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 11:

In page 14, line 5, to delete "the organisation selected" and substitute the following: "Údarás na Gaeltachta and the organisations selected".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 12:

In page 14, lines 9 and 10, to delete "the organisation" and substitute "an tÚdarás".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 13 not moved.

I move amendment No. 14:

In page 14, lines 12 to 14, to delete all words from and including "to" in line 12 down to and including "(4)” in line 14.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 15:

In page 14, lines 18 and 19, to delete all words from and including "if" in line 18 down to and including "plan," in line 19.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 16:

In page 14, line 30, to delete "the organisation concerned" and substitute "Údarás na Gaeltachta".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 17:

In page 14, line 35, to delete "the organisation concerned" and substitute "an tÚdarás".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 18 not moved.

I move amendment No. 19:

In page 14, to delete lines 38 to 43.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 20:

In page 14, lines 44 and 45, to delete all words from and including "if" in line 44 down to and including "plan," in line 45.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 21:

In page 16, to delete lines 4 to 7.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 22:

In page 16, lines 12 and 13, to delete "the organisation selected" and substitute the following: "Údarás na Gaeltachta in collaboration with the organisations selected".

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 23 not moved.

I move amendment No. 24:

In page 16, to delete lines 16 to 18.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 25 not moved.

Ar aghaidh linn le leasú Uimh. 26; tá leasuithe Uimh. 26, 30, 33 to 39, inclusive, 70, 74, 76, 78 to 85, inclusive, 90, 91, 93, 95 agus 97 to 103, inclusive, mar an gcéanna agus tógfaimid iad go léir lena chéile. An bhfuil sé sin aontaithe?

Senators

Níl.

Tá trioblóid againn, níl. Leanfaimid ar aghaidh le leasú 26, ina aonar.

I move amendment No. 26:

In page 16, line 19, to delete "The Minister" and substitute "An Coimisinéir Teanga".

Baineann sé seo agus na leasuithe go léir sin a bheas deis againn plé a dhéanamh orthu níos moille leis an ról a ba chóir a bheith ag an Choimisinéir Teanga i mo thuairim-se ins an Bhille seo. Bhí Oifig an Choimisinéara Teanga bunaithe faoin Acht 2003 agus ról thar a bheith suntasach ag an Choimisinéir ó shin i leith. Measaim go n-aontódh gach duine sa Ghaeltacht agus fiú taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil obair iontach déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag an Choimisinéir féin ó cheapadh é in 2003 agus na dualgais atá chomhlíonta aige tá siad ag cuidiú go mór leis an Ghaeilge ar fud an Stáit go léir. Cuireann sé iontas ormsa nach bhfuil an Coimisinéir Teanga mar sin atá bunaithe agus go dlíthiúil ina phost, ról lárnach aige i gcur chun cinn na Gaeilge sa tír, ag déanamh machnaimh agus mar sin de, nach bhfuil sé luaite ar chur ar bith sa Bhille seo. Fiú nuair a chur mé ceisteanna an tseachtain seo caite maidir leis an bplé a bhí leis an Choimisinéir Teanga go dtí seo ní raibh aon fhreagra. So glacaim leis nach raibh aon phlé leis an Choimisinéir Teanga i dtaca leis an mBille go dtí seo, sé sin plé oifigiúil, nach raibh aon chruinniú idir feidhmeannaigh na Roinne leis an Choimisinéir, nach raibh aon chruinniú ag an Aire leis an Choimisinéir, chun an Bhille seo a phlé nó chun tuairimí an Choimisinéara a fháil i dtaca leis an mBille seo agus sin laige mór mura tharla sé sin. Mar go bhfuil an ról atá ag an Choimisinéir thar a bheith suntasach agus ba chóir go mbeadh an ról sin aitheanta sa Bhille seo, agus níl sé aitheanta sa Bhille seo. Sin an fáth go bhfuil oiread leasuithe istigh againn i dtaca leis an ról a chreidim-se agus an Seanadóir Ó Clochartaigh, mo chomhghleacaí anseo an Seanadóir Ó Murchú, na heagrais Ghaeilge, ár bpáirtí féin creidimid gur chóir ról lárnach a bheith ag an Choimisinéir Teanga i dtaca leis an mBille seo. Anois níl mé ag dul isteach ins na leasuithe eile, mar go bhfuilimid ag plé leasaithe Uimh. 26. Baineann sé sin leis an chúram atá ar an Aire faoin Acht in leathanach 17 den Bhille líne 18 cífidh sé ansin go bhfuil "seo faoi na pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i limistéir pleanála teanga Gaeltachta". Tá sé seo tábhachtach sa phíosa seo den Bhille i dtaca leis an implementation nó chur i ngníomh na bpleananna teanga agus an cúram atá sé sin fágtha faoi. In alt (8), fo-alt (3) tá sé leagtha amach ansin, i dtaca le cur i bhfeidhm na bpleananna seo, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna ceadú faoi alt (7) fo-alt (11) a chur i ngníomh i gceann cibéáitreabh, tá sin actually faoi 27, so déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta. Níl mise ag ceistiú an Aire nó cibé an tAire a bheidh ansin ach tá mé ag rá gur chóir dúinn próiseas trédhearcach atá cineáil neamhspleách a bheith anseo ins an dóigh gur féidir an machnamh a bheith déanta ag earnáil neamhspleách ón Údarás, neamhspleách ón Roinn agus neamhspleách ón Aire. Tá sé sin tábhachtach fá choinne stádas níos proifisiúnta a thabhairt don chóras seo atá ag dul a bheith leagtha síos. Sin an fáth a bhfuil muid ag moladh gur chóir don Choimisinéir Teanga, gur sin an duine neamhspleách, eise nóé, a bheith luaite sa Bhille agus a bheith ansin mar an machnamh sin a dhéanamh. So in áit, "déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge", táimid ag moladh gur chóir an ról sin a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Teanga agus gur chóir don Choimisinéir Teanga athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge.

Tá fhios agam go bhfuil moladh déanta ag an Rialtas, Oifig an Choimisinéara Teanga a thabhairt isteach go Baile Átha Cliath agus é a bheith istigh san oifig chéanna leis an Ombudsman agus ní aontaím leis sin. Measaim go bhfuil sin ag cur isteach ar neamhspleáchas agus ar ról an Choimisinéara Teanga agus is mór an trua é sin. Tuigtear dom fiú nach bhfuil aon airgead le sábháil i dtaca leis an bhfreagra Dála a fuair Teachta sa Teach eile nach bhfuil aon airgead le sábháil nuair atá sé sin déanta, is mór an trua go bhfuil sé sin ag tarlú. D'fhéadfadh ról iontach mór a bheith ag an Choimisinéir Teanga, ról neamhspleách trédhearcach a bheith ag an Choimisinéir Teanga agus a oifig anseo i gcur chur cinn an Bhille.

Tá pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, tá misneach maith acu as an obair atá ar siúl ag an Choimisinéir, tá siad breá sásta go bhfuil an Coimisinéir ag déanamh jab maith agus bheadh sé ina aitheantas maith don Choimisinéir é a bheith luaite sa Bhille seo. Tá súil agam go mb'fhéidir go mbeidh an tAire sásta nó toilteanach glacadh le cuid de na moltaí seo mar go bhfuil siad tábhachtach agus go bhéarfaidh siad stádas úir don Bhille go bhéarfadh sé stádas neamhspleách do na pleananna, go mbeadh an machnamh déanta ar bhunús neamhspleách ach ag deireadh an lae go mbeadh an focal deireanach fágtha ag an Aire fosta agus go gcaithfeadh an Coimisinéir moltaíáirithe a dhéanamh. In other words, go mbeadh an tÚdarás i gcomhairle leis an heagraíochtaí cuí ag leagan amach na pleananna go mbeadh an Coimisinéir teanga ansin ag déanamh machnaimh ar na pleananna sin agus síos an bóthar go dtiocfadh leis na moltaíáirithe a dhéanamh nó léi moltaí a dhéanamh chuig an Aire. So go mbeadh ról ag an Aire, níl aon cheist faoi sin ach go mbeadh an neamhspleáchas cruthaithe de bhrí go mbeadh an ról tugtha don Choimisinéir Teanga. Anois sin an moladh sonrach sin, i dtaca leis an ról a thabhairt don Choimisinéir an t-athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhaineann leis na pleananna seo. Tá súil agam gur féidir glacadh leis sin.

Ba mhaith liom cuidiú leis an leasú atá molta agus tacaím le cuid mhaith dá bhfuil ráite ag an Seanadóir Ó Domhnaill. Sílim go bhféadfadh Bille na Gaeltachta go leor achrainn a tharraingt síos an bóthar agus d'fhéadfadh sin a bheith go maith nó d'fhéadfadh sé sin a bheith go dona. Tá muid ar fad ag iarraidh go mbeadh cibé ceantair Ghaeltachta ag feidhmiú go praiticiúil mar cheantar Gaeltachta go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha inti agus go bhfuil an pobal inti ag gníomhú dá réir. An áit a éireoidh an achrann ar fad agus b'fhéidir gurb é seo an fáth nár athraíodh na teorainn le 56 bliain, ná nuair atá ceantar i maol a bheith caite amach as an Ghaeltacht. B'fhéidir go mbeidh údar leis sin, b'fhéidir go mbeidh sé féaráilte ach an rud atá tábhachtach agus an rud atá molta anseo ná go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil sórt próiseas achomhairc trédhearcach agus féaráilte ins an gcás go dtarlódh a leithéidí sin.

Tá sé an-deacair nuair atá an ról lárnach ag Roinn an Aire tríd an Údarás ag leagan amach na pleananna teanga. Má tá saoránach amuigh ansin nach bhfuil sásta leis an mbealach atá an tÚdarás ag feidhmiú maidir leis na pleananna teanga ná an chomhairle atá tugtha ag Aire nó ag an Roinn tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh bealach achomhairc ag an saoránach sin nó ag grúpaí pobail sin, atá neamhspleách a thabharfaidh éisteacht don chás atá acu. Mar shampla, sa chás amach anseo go mbeadh eagraíocht á chur amach agus b'fhéidir nach n-éireodh an cheist seo go dtí go mbeadh ceantar le baint as ceantar Gaeltachta, le nach dtitfeadh an Bille féin, le nach dtitfeadh an tóin as ó thaobh cás cúirte a thógfadh duine éigin amach anseo, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil na próisis atá leagtha síos sa Bhille sách láidir le go seasfaidís dúshlán a thabharfaí i gcúirt maidir le ceantar a bheadh á bhaint as an Ghaeltacht. Sílim-se gurb é sin an fáth go mbeadh sé ciallmhar ról a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir leis na pleananna atá ann, agus an t-athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta. Mar is féidir leis an Aire ansin a rá, bhuel cuirfeadh ar aghaidh é go dtí an próiseas neamhspleách seo, bhreathnaigh an Coimisinéir Teanga ar na hacmhainní a cuireadh ar fáil, ar an plean a bhí i gceist, ar an ról a bhí ag an Aire, an ndearna muid gach rud mar a bhí ráite agus nuair a bheas tá seasamh níos láidre ag an Aire, dar liom.

Sin é anois é an fáth go mbeadh sé fíor úsáideach go mbeadh ról athbhreithnithe ag an gCoimisinéir Teanga. Chomh maith leis sin, sílim go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh an Choimisinéara Teanga féin. Tá fhios agam go bhfuil athbhreithniúá dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus fáiltím roimhe sin. Tá súil agam mar chuid de sin gurb é a bheas mar thoradh air ná go bhfanfar agus go bhfágfar Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách mar atá sé faoi láthair na huaire. Ach sílim go gcuirfeadh ról mar seo leis an oifig atá ag an gCoimisinéir Teanga. Sílim go bhfuil, trasna na bpáirtithe ar fad go bhfuil ard mholadh ag daoine don obair atáá dhéanamh ag an gCoimisinéir Teanga agus an méid atá bainte amach aige agus chuideodh an cúram breise seo le daingniú na hoifige sin sílim, agus an ról neamhspleách athbhreithnithe sin atá ag an oifig sin.

Mar chuireann sé díomá orm le cuid mhaith de na Ranna Stáit an cur chuige atá acu maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla mar shampla agus tá gá le reachtaíocht le daoine a tharraingt suas. Mar shampla i bhfreagra Dála a fuair comhghleacaí Peadar Tóibín ar maidin ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus cuirim i gcuimhne daoibh nuair a d'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga an tuarascáil bhliantúil a bhí aige le déanaí bhí trí imscrúdú déanta aige. Ceann amháin a bhaineann leis na Gardaí i dTír Chonaill agus luaigh sé féin ag an gcomhchoiste Dála go raibh sé réasúnta sásta go raibh siad ag dul i ngléic leis sin. Ceann eile a bhain le Ardmhúsaem na hÉireann nach raibh ag cur seirbhísí as Gaeilge ar fáil agus ceann eile a bhain leis an Roinn Coimirce Sóisialaí mar gheall ar an phróiseas earcaíochta. An fáth go bhfuil siad sin ceangailte leis an gCoimisinéir Teanga ná an ról atá aige, bhain sé sin leis an phróiseas ó thaobh na pointí a gheobhadh duine a bheadh ag déanamh agallaimh go bhfaighidís pointí breise ó thaobh na Gaeilge de gurb é sin atá leagtha síos. Ach ins an bhfreagra a fuair muid ar maidin ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar, cén fáth nach raibh siad ag cur moltaí an Choimisinéara Teanga ins an tuarascáil i bhfeidhm dúradar go raibh siad ag feidhmiú go huile is go hiomlán ar threoir an Roinn Caitheachais Phoiblí. An fáth go bhfuil sé seo tábhachtach, agus tá fhios agam go mb'fhéidir go bhfuil mé ag dul timpeall ar phointe anseo ná, go bhfuil Roinn Rialtais amháin ansin, an Roinn Caitheachais Phoiblí más fíor an freagra atá faighte againn ón Roinn Coimirce Sóisialaí a chur treoir ar an Roinn eile an dlí a bhriseadh, dar liom. Mar, tá siad ag rá leo, ní gá daoibh moltaí an Choimisinéara Teanga atá bunaithe ar an léamh atá aige-san ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm, tá treoirlínte eile againn lean iad sin agus tá sibh ceart go leor. Cuireadh sé sin an imní orm, dá dtarlódh sé in aon réimse eile den saol a bhaineann le dlí agus cirt agus mar sin de. Bheadh cogadh dearg mar gheall ar, ach sin na treoracha atá an Roinn Caitheachais Phoiblí ag cur ar an Roinn Coimirce Sóisialaí, déan dearmad ar an méid atá an Coimisinéir Teanga ag rá agus lean na treoirlínte atá againn, beag beann ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Sílim go dtagann sé sin go dtí croí na ceiste anseo, gur féidir le polaiteoirí is cuma cén páirtí dár taobh iad, nuair atá siad in oifig treoir mí-chuí nó treoir mí-chruinn a chur ar Ranna Stáit agus ar Airí eile, sin an fáth go bhfuil a leithéid an Coimisinéir Teanga iontach tábhachtach. Tá sé taobh amuigh den phróiseas agus níl mé ag rá gurb é an tAire Stáit a dhéanadh é, ach b'fhéidir Aire éigin eile amach anseo a chuireadh treoir mí-chuí ar an Údarás nó ar an Roinn maidir leis na pleananna teanga, maidir leis an stádas Gaeltachta agus mar sin de. Tá sé fíor-thábhachtach leis an bpróiseas trédhearcach agus go mbeadh an freagracht sin ins an bpróiseas seo ar fad, go háirithe ó thaobh Bille Gaeltachta de agus rud chomh tromchúiseach le ceantar a choinneáil nó a fhágáil as ceantar Gaeltachta, go mbeadh an léargas ón taobh amuigh neamhpleách sin ó a leithéidí an Coimisinéir Teanga agus sin an fáth go bhfuilimid ag cuidiú go láidir leis seo. Sílim go mba aitheantas iontach é dá mbeadh an tAire Stáit sásta fiú glacadh ag an bpointe seo leis an leasú airithe seo agus go dtabharfadh sé misneach do dhaoine go bhfuil dul chun cinn áirithe á dhéanamh againn ins an díospóireacht ar fad.

Is cuimhin liom nuair a chéad ceapadh an Coimisinéir Teanga don chéad uair agus do thug sé an-mhisneach agus an-mhuinín ar fad do lucht tacaíochta na Gaeilge. Mar go dtí sin an rud a bhí ag tarlú ná go raibh na céadta gearráin ag teacht isteach toisc nach raibh seirbhísí le fáil trí Ghaeilge. Ní hamháin sa Ghaeltacht ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith agus is beag freagra a bhí le fáil ar sin ag an am. Nuair a cheapadh an Coimisinéir Teanga ansin bhí stádas reachtúil ag an gCoimisinéir is ionann é sin agus a rá más rud é gur tháinig gearrán isteach agus bhí na gearráin ag teacht isteach go tiubh ag an am. Bhí ar an gCoiminiséir Teanga ag an am sin aitheantas a thabhairt don ghearrán sin, taighde a dhéanamh agus fiosrú a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar ais. Is minic a leigheas sé sin ábhar na ngearrán a bhí ag teacht isteach. Mura bhfuil a leithéid ann, fós beidh deacracht ann. Maidir le Bille na Gaeltachta agus is maith an rud go bhfuil Bille na Gaeltachta ann cé go bhfuil an-chuid rudaí ann nach bhfuil ró-shásúil. B'fhéidir amach anseo, b'fhéidir go mbeidh sé le feiceáil nach bhfuil an ceart againn ach ceapaim féin gur trua i slí nach raibh comhpháirtíocht níos mó eadrainn go léir, maidir leis an mBille seo le cinntiú go mbeadh an Bille is fearr atá le fáil. Is fís nua í seo agus tá athrú bunúsach ag teacht ar an scéal i gcomparáid leis an Ghaeltacht mar a thuigeamar í agus na dualgais Ghaeltachta mar a thuigeamar iad go dtí seo. Tá gach seans ann, go mbeidh an-chuid díospóireachta ann amach anseo, tá gach seans go mbeidh an-chuid gearrán ag teacht isteach agus sa lá atá inniu ann tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith oscailte. Ní hamháin cothrom na féinne a thabhairt do dhaoine ach a thaispeáint go soiléir go raibh cothrom na féinne le fáil. Bhí an t-ádh linn sa choimisinéir a bhí ann ó thús fear óg, bríomhar, macánta, ní raibh sé polaitiúil in aon slíó thaobh páirtithe de. Is cinnte gan aon amhras go raibh sé dáiríre agus proifisiúnta ins an obair agus toisc gur rud nua é seo atá i gceist againn. Maidir leis an Ghaeltacht, tá sé thar a bheith tábhachtach arís go mbeadh stádas reachtúil ag an duine a bheidh ag plé le deacrachtaí agus gearráin a bheidh ag teacht chun tosaigh. Ní hionann é sin agus a rá, nach bhfuil muinín againn as Aire agus níl mé ag caint faoi an Aire atá ann ach as aon Aire.

Ós rud é go bhfuilimid ag caint faoi trédhearcacht maidir le gach Roinn go dtí seo caithfidh an scéal a bheith amhlaidh maidir leis an Ghaeilge, maidir leis an Ghaeltacht freisin. Thabharfadh sé i mo thuairim gradam agus stádas níos fearr don Bhille más rud é go raibh an coimisinéir luaite ann, mar do chruthódh sé sin go raibh neamhspleáchas i gceist, tá géarghá leis an neamhspleáchas sin. Chruthódh sé freisin go raibh proifisiúntacht i gceist, tá géarghá leis sin chomh maith. Bheadh dul chun cinn déanta i mo thuairim dá mbeadh an tAire sásta athmhachnamh a dhéanamh ar sin agus ról faoi leith a thabhairt don choimisinéir. Ní dóigh liom gur rud as an ghnáth atáá lorg, toisc an leasú anseo a bheidh ag teacht chun tosaigh ach táim lán-chinnte go mbeidh an fhís agus an Bille níos laige de bharr an easnaimh sin a bheith ann. Tá seans b'fhéidir go mbeadh an tAire fós sásta machnamh a dhéanamh ar sin. Is cuma cad a tharlaíonn tá súil agam go mbeidh ar ár gcumas neamhspleáchas an choimisinéara a chosaint, ní hamháin maidir leis an mBille seo ach go ginearálta freisin. Is cuimhne liom istigh sa Teach seo agus ní ró-fhada ó shin go raibh daoine ó gach taobh den Teach seo ar an tuairim céanna go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh neamhspleáchas an choimisinéara fós ann amach anseo. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin.

I welcome the Minister. There is a list of amendments on Report Stage. Having been present for the Committee Stage debate, I realise everything is being sandwiched in the same democratic process that is now being afforded to the Gaeltacht.

Not everything is being sandwiched. We are dealing with amendment No. 26.

We will not have an opportunity to deal with all the amendments, nor did we discuss all of the Committee Stage amendments. Several people in my area said to me — I know people throughout the country have said it to the Minister — that the fundamental problem with the Bill is that we are returning to appointing people to boards, a system that never worked. People protested at such appointments, seeking the right to have a democratically elected board and when that was done, there was a significant improvement to the services, employment record and the quality of life afforded to those in the Gaeltacht. We all know this is a step back to the past and that it will not work. It will be a quango.

The Senator would know all about that.

We were supposed to get rid of quangos. People from outside who have no knowledge of the issues on the ground could be appointed. This retrograde step is disastrous in so many ways. It is hard to comprehend that we will return to a system that does not work. The fact that we did not discuss all sections of the Bill on Committee Stage shows the direction in which we are going.

We will be reading in the newspapers about the appointments to the new board, which will be nothing short of scandalous. People who are democratically elected to the Dáil or Seanad are accountable. The issue is that appointments to the board will be a matter for the Minister or any future Minister.

We are discussing the appointment of AnCoimisinéir Teanga.

I realise that but as we did not get to the amendment I wished to speak on during the Committee Stage debate——

I am using the opportunity to debate the issue I was not allowed debate the last time. When we come to the sections dealing with Údarás na Gaeltachta, we will not be allowed to debate them.

I must abide by the rules. The Senator must stick to the fact and address the amendment.

I am speaking on the facts. The fact is that this undemocratic system will fail. As the Minister knows undemocratic systems fail all over the world. We see this happening in the Middle East. However, I do not think this is on the same scale but it is a disaster.

An bhfuil an Coimisinéir Teanga ansin freisin?

This is a small issue on the grand scale of this Bill. It is unfortunate that it is being rammed through. I know these points were made to the Minister. The people in the Gaeltacht area are not happy with the fact that their democratically elected representatives are being removed and their voice is being taken away from them. That is disastrous. The fact that those appointed need no necessary qualifications will lead to future problems. There were headlines in the newspapers, and this happened previously with the Minister's party where their party spokesperson on the Gaeltacht could not speak Irish.

I am sorry for breaching the rules ever so slightly.

I support a role for the language commissioner as expressed so well by my colleagues. The Coimisinéir Teanga is needed to restore some independence. What we have seen, and it is shameful, is a power grab by the Department, by the Minister and the senior civil servants to get rid of democratically elected people, as Senator Daly has just said. At least putting in the commission required some balance. Modern governance requires checks and balances. The centralising tendency in the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht has to be counteracted repeatedly in this House. That is the reason I am supporting An Coimisinéir Teanga. This grabbing of all power into the Department is not good for democracy and it is certainly not good for Oifig An Coimisinéara Teanga.

Díreoidh mé anois ar na leasuithe atá molta maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille seo. Cé go dtuigim an bunús atá leis na moltaí seo, go mbeidh an tAire scartha ón bpróiseas forfheidhmithe a bhaineann le gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála a chur i bhfeidhm tá mé sásta atá rianaithe sa Bhille, cóir, réasúnta agus oiriúnach. Sa chéad áit tá deighilt an-soiléir déanta maidir le Ról na Roinne agus ról Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Is é an tÚdarás agus Foras na Gaeilge mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna a ullmhú i gcomhar limistéir pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhísí Gaeltachta agus líonraí Gaeltachta. Is é an tAire a bheith freagrach as na pleananna sin a aontú faoi réir critéir sainiúla. Ar an dara dul síos, is é an tÚdarás agus Foras na Gaeilge mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire athbhreithniú tréimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus chun na críche sin rachaidh an tAire i gcomhairle le Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, tabharfar deis aon laigí a aithneofar sna pleananna a leigheas thar thréimhse. Tá deighilt shoiléir anseo maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na n-áisíneachtaí. Creidim go bhfuil sé cuí go mbeadh freagrachtaí sonracha ar an Aire maidir le hordaithe a dhéanamh faoi na limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Beidh na cinntí seo bunaithe ar phróiseas atá soiléir agus trédhearcach, níl sé i gceist agam dá bhrí sin feidhm achomhairc a thabhairt don Choimisinéir Teanga sna gnóthaí seo. Caithfear a chur san áireamh an fheidhm reachtúil atá ag an Aire maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus ag deireadh an lae tá an tAire freagrach do Thithe an Oireachtais agus cibé cinntí a dhéanann sé. Ní shílim go bhfuil mórán is féidir a bheith níos daonlathaí ná sin. Ar ndóigh tógann Airí cinntí gach lá sa tseachtain agus bíonn orainn próiseas trédhearcach a leagan síos sula dtógtar na cinntí sin. Is i bhfíor-bheagán cásanna a ghlacann daoine cásanna cúirte, Ard-cúirte in éadan cinntí a ndéanann Airí. Tá mise cinnte agus tá lán-chinnte go n-oibreoidh na sonraí atá ins an Bhille seo, go bhfuil siad trédhearcach agus go n-oibreoidh siad agus nach bhfuil gá ról a thabhairt don Choimisinéir. Tá an Coimisinéir ansin agus tá ról reachtúil ag an Choiminiséir, sé sin cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha. Tá sé ag déanamh sin chomh héifeachtach agus is féidir leis, ach sílim gur ról dó féin é sin agus maidir le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga gur ról don Aire é sin, go bhfuil freagracht reachtúil air chur chun cinn na Gaeilge ins an tír agus go mbeadh sé freagrach don teach seo nó don teach eile má theipeann air é sin a dhéanamh. Mar sin a Chathaoirligh, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú sin.

Tá brón mór orm nach bhfuil an tAire sásta athbhreithniú a dhéanamh agus gníomh a dhéanamh agus glacadh leis an leasú seo. Mar a dúirt na Seanadóirí eile ar an taobh seo den teach, tá ról an Choimisinéara Teanga fíor-thábhachtach agus fá choinne struchtúr seasmhach, struchtúr neamhspleách, struchtúr trédhearcach a thabhairt don Bhille seo. Bille a chuirfidh deireadh leis an phróiseas daonlathach, mar a dúirt an Seanadóir Barrett, ar a laghad tabhair deis dúinn a chinntiú gurb é nóí an Coimisinéir Teanga Seán Ó Curreáin atá ansin faoi láthair, a bheidh i mbun dualgais i dtaca leis an phíosa seo den Bhille ó thaobh machnaimh a dhéanamh ar na pleananna. Is mór an trua nach bhfuil an Roinn nó an tAire sásta glacadh leis sin. Measaim gur chóir ról a thabhairt don Choimisinéir. Níl fhios agam cén plé oifigiúil a bhí agat féin nó ag na feidhmeannaigh nó leis an Choimisinéir go fóill, de réir cuma ní raibh aon phlé agus cuireann sé sin iontas orm. Beidh mé ag brú an leasaithe seo, mar go gcreidim go láidir go gcaithfimid neamhspleáchas a thabhairt isteach sa phróiseas seo é a iompar ar shiúl ó chúrsaí polaitiúil cibé an tAire atá ansin nó cibé an dath polaitiúil atá air nó uirthi. B'fhiú go mór dúinn má tá muid dáiríre faoin Ghaeilge, tá an Ghaeilge i bhfad níos tábhachtaí ná aon pháirtí polaitiúil nó aon pholaiteoir sa teach seo nó an teach eile agus ba chóir dúinn an neamhspleáchas atá ag teastáil ón mBille seo a thabhairt dó agus a chinntiú go mbeidh an próiseas trédhearcach, go mbeadh an trédhearcacht sin tugtha isteach ann. Measaim agus tá fhios agam go n-aontaíonn an tAire Stáit féin agus na daoine atá ar an taobh eile den Teach, an obair atá déanta ag an Choimisinéir Teanga go dtí seo bhí sé go hiontach, rinne sé obair iontach. Is mór an trua nach bhfuil an Roinn anois toilteanach é sin a aithint, ról lárnach a thabhairt don Choimisinéir sa Bhille seo agus a chinntiú go mbeidh todhchaí oifig an Choimisinéara Teanga slán sábháilte i gConamara nó cibéáit sa Ghaeltacht ina bhfuil sé lonnaithe. In áit an cúram atá aige a laghdú am in dhiaidh ama agus é a bundaláil isteach le Oifig an Ombudsman. Tá deis anseo ag an Roinn gníomh a dhéanamh agus tá brón orm nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú seo. A Leas-Chathaoirligh, tá mé ag moladh an leasaithe go dtí an Teach.

Question put: "That the words proposed to be deleted stand."
The Seanad divided: Tá, 28; Níl, 17.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • MacSharry, Marc.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O'Brien, Darragh.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • van Turnhout, Jillian.
  • Walsh, Jim.
  • Zappone, Katherine.
Tellers: Tá, Senators Ivana Bacik and Paul Coghlan; Níl, Senators Ned O’Sullivan and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.
Amendment declared lost.

As it is now 4 p.m.——

I wish to make a point of order.

As it is now 4 p.m., I am required to put the following question in accordance with an order of the Seanad of today, "That Report Stage is hereby concluded, that the Bill is hereby received for final consideration and that the Bill is hereby passed."

I indicated a point of order.

I am putting the question.

Question put.
The Seanad divided by electronic means.

Faoi Bhuan-Ordu 71(3)(b), iarraim go ndéanfar an vótáil arís ar shlí seachas trí mheán leictreonach.

Question again put.
The Seanad divided: Tá, 29; Níl, 17.

  • Bacik, Ivana.
  • Bradford, Paul.
  • Brennan, Terry.
  • Burke, Colm.
  • Clune, Deirdre.
  • Coghlan, Eamonn.
  • Coghlan, Paul.
  • Comiskey, Michael.
  • Conway, Martin.
  • Cummins, Maurice.
  • D’Arcy, Jim.
  • D’Arcy, Michael.
  • Gilroy, John.
  • Harte, Jimmy.
  • Hayden, Aideen.
  • Heffernan, James.
  • Henry, Imelda.
  • Higgins, Lorraine.
  • Keane, Cáit.
  • Kelly, John.
  • Landy, Denis.
  • Moloney, Marie.
  • Moran, Mary.
  • Mulcahy, Tony.
  • Mullins, Michael.
  • Noone, Catherine.
  • O’Neill, Pat.
  • Sheahan, Tom.
  • Whelan, John.

Níl

  • Barrett, Sean D.
  • Byrne, Thomas.
  • Cullinane, David.
  • Daly, Mark.
  • Leyden, Terry.
  • MacSharry, Marc.
  • Mooney, Paschal.
  • Mullen, Rónán.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O'Brien, Darragh.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Power, Averil.
  • van Turnhout, Jillian.
  • Walsh, Jim.
  • Zappone, Katherine.
Tellers: Tá, Senators Ivana Bacik and Paul Coghlan; Níl, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Brian Ó Domhnaill.
Question declared carried.