Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Oct 2012

Vol. 217 No. 12

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

I welcome the Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputy Dinny McGinley, to the House.

Sections 1 and 2 agreed to.
SECTION 3

Amendments Nos. 1 to 3, inclusive, have been ruled out of order.

On a point of order, we were not notified of this in advance. Ní bhfuair muid aon scéal go raibh sé seo le tarlú. Go hiondúil, faigheann muid rabhadh má tá rud rialaithe as ord. We are normally given notification and I seek clarification as to why the amendments were ruled out of order.

I will read the briefing as to why the amendments are deemed to be out of order. Amendment No. 1 proposes the functions provided by the Houses of the Oireachtas Commission be expanded to include translation services for Bills made by a Minister and by any other person, and that the Bills should be available in each official language in advance of the debate on the Bills commencing. This would involve a potential charge on the Exchequer in the form of additional resources required to undertake this additional translation work.

Amendment No. 2 is ruled out of order for the same reason, namely, that it would involve a potential charge on the Exchequer, and likewise amendment No. 3.

I dispute that and would like to hear what the Minister of State has to say on the issue. It has been said that this Bill will centralise the translation facilities within the Houses of the Oireachtas and that staff are available. I would contend that no additional resources are needed for the Bills to be translated because it is obvious that the staff have already been brought over from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht into the roinn aistriúcháin i dTeach Laighean. I argue that the ruling is incorrect and that we be allowed to discuss the matter with the Minister of State.

We cannot debate the matter. If the Senator has any issue, he must take it up with the office of the Cathaoirleach.

I will seek leave to resubmit the amendments on Report Stage, which is only fair. The whole case being made by the Minister of State last week was that we are rationalising the translation facilities under the Houses of the Oireachtas Commission. He said that a number of translators had moved from the Department to the Houses of the Oireachtas and that they would be doing the ongoing translations. It follows, therefore, that such staff are already on the payroll and are being paid by the Houses of the Oireachtas Commission. They should be given the remit of translating these Bills.

It is only fair and proper that the Minister of State come back to us and outline any extra costs that might pertain. This is something that the Irish language community has been asking for. It is also something that would solve the problem of the backlog, because the Bills would be translated into Irish at the time of publication.

We cannot allow the Senator to debate this matter further. The ruling is as stated. I understand a letter was sent by the Cathaoirleach informing the Senator that the amendments were being ruled out of order. One of the Senator's colleagues may have received it.

On a point of clarification, can the amendments be resubmitted or may we have leave to submit amendments on Report Stage considering that these amendments have been ruled out of order at this late stage?

I understand they would still be out of order.

We should, therefore, be allowed to submit similar amendments on Report Stage to allow us to raise the point regarding Bills being translated into Irish.

On a point of order, we are dealing with Committee and Remaining Stages of the Bill this afternoon. Therefore, it will not be permitted to introduce amendments on Report Stage. The Order of Business was agreed to.

I accept that. I do not mean to be argumentative, but this is a valid and important point that has been raised with us by the Irish language community.

The amendments may be resubmitted, but they would still be out of order because they involve a charge on the Exchequer.

That argument does not stand up. In fairness, the argument being made by the Acting Chairman does not make sense in view of what the Minister of State said last week. We are very unhappy with the ruling made by the Chair. This is not a democratic way of dealing with the issue. We should at least be given leave to debate the amendment in question.

The Senator's objection is on the record.

Aontaím leis an Seanadóir. Dar liom ba chóir go mbeadh seans ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh na leasuithe seo a phlé nuair a bheidh muid ag caint maidir le alt 3. Is dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach plé a dhéanamh orthu ag an am sin.

As the ruling has been made in accordance with Standing Orders, we must proceed.

Ar phointe oird, sílim gurb í an cheist atá á chur ag an Seanadóir ná an mbeidh seans againn labhairt "on the section" maidir leis an ábhar seo. An bhfuil sé sin ceart go leor?

Amendments Nos. 1 to 3, inclusive, not moved.
Question proposed: "That section 3 stand part of the Bill."

Tá iontas orm gur rialaíodh na leasuithe as ord, ach glacaim le rialú an chathaoirligh. Baineann an bun cheist anseo le cearta teanga, cearta na Gaeilge agus cearta na Gaeltachta agus an dea-shampla atá muid in ainm agus a bheith ag léiriú anseo i dTithe an Oireachtais ó thaobh úsáid na Gaeilge de. Tá sé ráite agam cheana go molaim an tAire Stáit faoi an mBille seo a thabhairt chun cinn. Ceann de na heasnaimh a léiríodh dom sa Bhille seo ón dream a raibh mé ag plé leo ná gurb é an fáth go bhfuil an fhaillí ann cheana - ní ar aire an Aire Stáit a tharla an fhaillí seo ach ar faire an Rialtais roimhe seo - go bhfuil an oiread de riaráiste de na hAchtanna le n-aistriú go dtí seo, ná mar gheall nach mbíonn Billí á fhoilsiú go comhuaineach.

Céim ar gcúl a bhí ann nuair a tháinig reachtaíocht os ár gcomhair roinnt míonna ó shin a bhain den dualgas go gcaithfear na Billí a fhoilsiú go comhuaineach ar an Idirlíon. Cothaíonn sin easpa misnigh i measc pobal na Gaeilge ó thaobh na straitéise 20 bliain atá á chur chun cinn ag an Aire Stáit. Dá bhfoilseofaí Billí de réir mar a thagann siad chun cinn i nGaeilge agus i mBéarla, déarfadh sin go bhfuil an tAire Stáit, mar Aire Gaeltachta, ag rá go bhfuil sé ag seasamh go láidir ar son na Gaeilge mar an chéad teanga sa tír seo. Léireodh sé dea-shampla freisin ó thaobh Aontas na hEorpa de mar throid muid go láidir ar son stádais don teanga ann. Tá sé an deacair a bheith ag cur cháis chun cinn ó thaobh stádas na Gaeilge san Eoraip agus a bheith ag cuardach breis acmhainní agus mar sin ó thaobh na Gaeilge de san Eoraip muna bhfuil muid á dhéanamh anseo muid féin i dTithe an Oireachtais.

An rud gur dóigh liomsa gur cóir a bheith á dhéanamh againn agus an leasú gur bhreá liom a bheith feicthe tagtha chun cinn ón Aire Stáit féin ná go gcuirfear foráil isteach sa Bhille seo a dhéanfadh cinnte go ndéanfaí aistriúcháin ar na Billí a cuirtear os comhair Tithe an Oireachtais.

Sílim gur ait an rud é, i ndáiríre, go bhfuiltear ag rá go mbeidh costas breise le sin. Tá ciall áirithe ag baint le lárú na seirbhísí seo. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh na seirbhísí aistriúcháin a bhaineann leis an gcaighdéan oifigiúil agus le Billí Oireachtais istigh faoi Rannóg an Aistriúcháin. Dúirt sé go bhfuil foireann dóthanach sa rannóg, tar éis d'oifigigh teacht ón gcoiste a bhí ag oibriú sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus go bhfuil roinnt acmhainní sna Ranna eile chun aistriúcháin a dhéanamh. Bheadh sé tairbheach dá mbeimid in ann a chinntiú go gcuirfear an éagóir seo atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge ina cheart.

Ní fheicim cén fáth an bhfuil leasú Uimh. 2, a deir "cinnteoidh an Coimisiún go ndéanfar an reachtaíocht atá gan aistriú agus ar gá fós í a aistriú isteach i dteanga amháin nó i dteanga eile de na Teangacha Oifigiúla, amhail ar mhí Dheireadh Fómhair 2012, a aistriú amhlaidh tráth nach déanaí ná mí na Nollag 2014.", rialaithe as ord. Tá an tAire Stáit ag rá go ndéanfar é sin ar aon chuma. Dúirt sé go rachfaidh an coimisiún i ngleic leis an méid Achtanna atá le foilsiú go fóill, ach tá an moladh atá déanta againn go gcuirfí spriocdáta le sin rialaithe as ord. Go bunúsach, táimid ag iarraidh go ndéanfaí é seo roimh dheireadh mí na Nollag 2014. Tá sé deacair a thuiscint conas is féidir a rá go gcuirfidh an leasú atá curtha chun cinn agam costas ar an Stát, ach nach gcuirfidh an Bille atá curtha chun cinn ag an Aire Stáit costas breise ar an Stát. B'fhearr gan dul sa mhéarfhadachas leis na riaráistí atá ann ó thaobh na nAchtanna. Ba cheart na hacmhainní cuí a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin le go ndéanfar cinnte go mbeidh na hAchtanna seo aistrithe in am trátha. Cén fáth nach ndéanfaí é seo? Cén fáth nach gcuirfí spriocdáta le seo? Ba cheart mí na Nollag 2014 a leagadh síos mar spriocdháta. Nílimid ach ag plé le leasuithe Uimh. 1 agus 2 sa chás seo. An bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach ag rá go bhfuil leasú Uimh. 3 as ord chomh maith?

Sa leasú sin, bhí muid ag moladh go ndéanfar "aon aistriúcháin den sórt sin arna gcur i gcrích ag duine seachas an Coimisiún a tharchur chuig an gCoimisiún lena mbreithniú agus lena gceadú" agus nach bhfoilseofar "na haistriúcháin sin go dtí cibé tráth a bheidh ceadú i dtaobh an aistriúcháin deonaithe ag an gCoimisiún". D'aontaigh mé leis an Aire Stáit an lá faoi dheireadh nuair a dúirt sé gur chóir go mbeadh aon chineál caighdéan amháin ann ó thaobh na haistriúcháin ar na hAchtanna. Ag an am céanna, tá an Bille seo ag rá go bhfuil daoine áirithe i gcuid de na Ranna eile - an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, mar shampla - ag déanamh aistriúcháin.

Bhí leasú Uimh. 3 ag iarraidh go gcaithfear rudaí a bheidh aistrithe ag na Ranna eile a chur faoi bhráid Coimisiún Thithe an Oireachtais le breathnú orthu agus a chinntiú go bhfuil siad de réir an chaighdeáin a bhíonn á húsáid ag Rannóg an Aistriúcháin ó lá go lá. Sa chaoi sin, bheadh gach éinne ar an bport céanna maidir le haistriú na nAchtanna. Má dhéanann feidhmeannach éigin sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais aistriú ar reachtaíocht, ba cheart é a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin le dearbhú go bhfuil na n-aistritheoirí san oifig sin sásta leis an gcaighdeán atá ann. Níl mé ag cur aon smál ar éinne atá amuigh ansin ag aistriú, ach bíonn seacht leagan déag ar amhrán, mar is eol don Aire Stáit. Tá a fhios aige go bhfuil díospóireachtaí ar bun ó thaobh caighdeán na Gaeilge de, srl. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an caighdeán céanna á húsáid sna Billí ar fad agus go mbeadh sé sin láraithe. Ní fheicim cén chaoi go gcuirfeadh sé sin breis costais ar Thithe an Oireachtais. Molaim don Aire Stáit é sin a thógáil ar bord. Má tá aistriú á dhéanamh ag daoine seachas na hoifigigh i Rannóg an Aistriúcháin, ba cheart an téacs a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin le sórt séala a chur air ionas go mbeimid in ann a rá go bhfuilimid sásta leis agus go bhfuil sé ar an gcaighdeán céanna. Is iad sin go bunúsach na moltaí a bhí á gcur chun cinn againn. Ní dóigh liom go bhfuil aon chonspóid mhór ag baint leo. Is féidir na leasuithe seo a dhéanamh gan aon chostas breise a chur ar an Stát.

Measaim go bhfuil an méid atá ráite ag an Seanadóir ceart go leor. Muna bhfuil dáta faoi leith chun an aistriú a chríochnú leagtha amach, nach bhfuil dainséar ann go rachfaidh daoine áirithe go dtí na cúirte mar gheall ar sin? Is gné an-tábhachtach den mhéid atá ráite ag an Seanadóir Ó Clochartaigh é sin.

Ar dtús, rialaíodh an leasú seo as ord ag údarás an tSeanaid, an Cathaoirleach, agus mar sin, níl fonn orm dul isteach go domhain ins na pointí atá déanta ag na Seanadóirí. Mar sin féin, táim i ndiaidh iad a nótáil. Ba mhaith liom a rá gurb é an cuspóir atá ag an Bhille ná go mbeidh freagracht iomlán ar rannóg amháin maidir le cúrsaí aistriúcháin. Mar a bhí go dtí seo agus mar adúirt muid ar an Dara Céim, bhí an cúram sin idir dhá Roinn. Níl sin inghlactha mar ní féidir linn coinneáil suas le dhá chaighdeán scríofa in aon teanga amháin. Tá muid ag iarraidh go mbeidh caighdeán amháin againn.

Tá lán-mhuinín agamsa i Rannóg an Aistriúcháin atá ag gníomhú sna hoibreacha seo ó bhunaíodh an Stát sna fichidí. Tá an stair acu agus chuir siad amach an chéad Chaighdeán Oifigiúil i 1958. Tá an Caighdeán Oifigiúil leasaithe á chur amach acu i mbliana agus beidh leasú eile chun é a thabhairt suas chun dáta le déanamh taobh istigh de sheacht mbliana, ach de réir an méid atá ráite acu, déanfar seo taobh istigh de trí bliana. Tá muinín iomlán agam astu.

Is cinnte go bhfuil oidhreacht mhór ansin sa rannóg, mar atá ráite ag Seanadóirí. Tá oidhreacht mhór ansin ó 2002. Tá go leor rudaí le haistriú na hionstraimí reachtúla, IR, agus Achtanna agus mar sin de. Táim dóchasach agus muiníneach go dtabharfaidh an rannóg faoi an obair sin a dhéanamh de réir a chéile. Tá an dá eagraíocht le chéile anois agus tá beagnach 20 duine ag obair i Rannóg an Aistriúcháin anois. Tá dualgais agus dúshláin rompu, ach tá mise iontach dóchasach go n-éireoidh leo na freagrachtaí agus na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir leo.

Mar adúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam labhairt ar seo mar go bhfuil sé as ord. Ach mar sin féin, mar chúirtéis do na Seanadóirí a d'ardaigh é, theastaigh uaim na focail sin a rá.

Question put and agreed to.
Section 4 agreed to.
NEW SECTION

I move amendment No. 4:

In page 10, before section 5, to insert the following new section:

“5.—The Commission may appoint such and so many persons to be members of the staff of the Commission (an adequate number of whom should be competent in the Irish language so as to provide service through Irish as well as English) as it may determine with the consent of the Minister and the Minister for Finance.”.

Séard atá molta againn sa leasú seo ná go bhféadfaidh "an Coimisiún cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin (a mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach díobh chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon) a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais"

Is leasú é seo ar son na Gaeilge a bheidh muid ag cur chun cinn ar Bhillí éagsúla agus séard atá muid ag iarraidh ná gur chóir go mbeadh na Ranna Stáit éagsúla ábalta feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus gur chóir go mbeadh foireann acu a mbeadh ábalta an obair sin a dhéanamh go cumasach. Nuair a bhí Micheál D. Ó hUigínn ina Aire, chuir sé an cineál seo forála isteach i roinnt mhaith de na hAchtanna a bhain le leithéid an Músaem Náisiúnta agus mar sin de a dúirt gur chóir go mbeadh foireann acu a bheadh in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is cosúil go bhfuil an cleachtadh sin imithe in éag le riar blianta, ach ba mhaith liom an méid a rinne sé a mholadh. Tá muid ag iarraidh an rud céanna a chur chun cinn anseo.

Tacaíonn muid leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cé go gceistíonn muid dáiríreacht an Rialtais maidir leis na hacmhainní atá á chur ar fáil ina leith sin. Ceann de na rudaí gur féidir leis an Rialtas seo a dhéanamh, nach gcuirfeadh aon chostas breise ar an Stát, ná glacadh le leasú den chineál seo, a dheireann go mbeidh go leor daoine ag obair ar fhoireann Choimisiún Thithe an Oireachtais - an phríomh-pharlaimint atá againn - atá ábalta oibriú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.

Is féidir le duine atá ábalta oibriú trí mheán na Gaeilge oibriú trí mhéan an Bhéarla chomh maith céanna. Níl aon chostas breise don Stát sa mhéid sin. Nílimid ag iarraidh ach go dtabharfar cineál tosaíochta dóibh siúd a bheadh ag obair i dTithe an Oireachtais. Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt do chuid mhaith den fhoireann anseo. Níl mise anseo ach cúpla lá fliuch, mar a déarfadh an tAire Stáit. Tá sé feicthe agam go bhfuil an-bhá i dTithe an Oireachtais don Ghaeilge. Tá cuid mhaith oifigigh anseo a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Déanann siad an-iarracht go deo agus mar sin de. Tá sé soiléir i gcomhthéacs meath na Gaeilge nach féidir linn brath ar dea-thoil amháin. Tá sé riachtanach go mbeadh foráil mar seo i gcuid mhaith de na hAchtanna a thagann chun cinn a bhaineann le foireann na Ranna Stáit. Ba cheart go ndéarfadh an foráil sin go bhfuil dualgas ar na Ranna sin a chinntiú go bhfuil foireann acu atá ábalta déileáil le pobal na Gaeilge. Ní fheicim go gcuirfeadh sé as d'aon ghné den Bhille - láidreodh sé an reachtaíocht mar chiallódh sé go mbeadh níos mó daoine sna Ranna éagsúla agus i dTithe an Oireachtais ábalta leaganacha Gaeilge na Billí agus na hAchtanna a thuiscint, ábalta na díospóireachtaí a leanúint agus ábalta ár gcuid comhfhreagrais a láimhseáil trí mhéan na Gaeilge. Táimid ag iarraidh a bheith moltach agus dearfach anseo. Sílim gur leasú chun tairbhe an Bhille a bheadh i gceist anseo. Ba bhreá linn dá mbeadh an tAire Stáit sástá é a thógáil ar bord. Tá mé ag súil lena fhreagra ar an méid atá ardaithe agam.

D'éist mé arís leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir. Ag an bpointe seo, bheadh sé níos oiriúnaí an leasú atá á mholadh ag an Seanadóir a athardú i gcomhthéacs Bille eile atá le tíolacadh níos moille i mbliana. Bainfidh an Bille sin le cúrsaí rialacháin agus rialachais Coimisiún Thithe an Oireachtais i gcoitinne. Socrófar buiséad an choimisiúin do na trí bliana amach romhainn, i gcomhréir le polasaithe an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, sa reachtaíocht sin. Is Bille níos teoranta an Bille atá á phlé againn faoi láthair, a bhfuil sé mar aidhm aige foráil a dhéanamh maidir le leathnú ról Coimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge. Ní miste dom a mheabhrú don Teach go bhfuil scéim teanga faoi réir théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 daingnithe i gcás Coimisiún Thithe an Oireachtais. Clúdaíonn an scéim seo na seirbhísí atá á soláthar trí mheán na Gaeilge ag Coimisiún Thithe an Oireachtais. Tá monatóireacht á chur i bhfeidhm agus á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Teanga. In alt 3(2) den Acht 2003, foráiltear go gcaithfidh comhlachtaí poiblí, agus iad i mbun scéimeanna a dhreachtú, "a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla". Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tréaslú le Coimisiún Thithe an Oireachtais, agus Rannóg an Aistriúcháin ach go háirithe, as na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann siad ar fáil. Aontaím ar fad leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil seirbhís den scoth a sholáthar acu. Tá lúcháir orm gurb é sin an tuiscint atá ag an Seanadóir, chomh maith agus atá sé agamsa ó tháinig mé isteach anseo roinnt blianta ó shin. Mar a dúirt mé roimhe, tá foireann iomlán de bhreis agus 20 duine fostaithe anois ag Rannóg an Aistriúcháin. Is dócha gurb é sin ceann de na huimhreacha is mó a bhí acu riamh. Is saineolaithe ar an Ghaeilge, ar chúrsaí Gaeilge agus ar ghramadach na Gaeilge iad go léir. Dá bhrí sin, ní shílim gur féidir liom glacadh leis an leasú seo. Mar a dúirt mé, beidh Bille eile maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais á phlé againn níos moille sa bhliain. Sílim go mbeadh leasú den chineál seo níos oiriúnaí ag an bpointe sin.

D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit. Cé go bhfáiltím roimh a fhreagra, tháinig "mair, a chapaill, agus gheobhair féar" chugam nuair a d'éist mé leis. Tá sé suntasach gur ardaigh sé ceist Oifig an Choimisinéara Teanga. Is mar gheall ar an dea-obair atá ar bun ag an oifig sin go bhfuil an fhoráil seo á moladh againn. Tá a fhios ag an Aire Stáit go maith gur bhain ceann de na tuarascálacha bliantúla a d'fhoilsigh an oifig le déanaí le Ard-Mhúsaem na hÉireann. Thóg an coimisinéir cás faoi os comhair Tithe an Oireachtais mar gheall nach raibh eagraíocht Stáit ag comhlíonadh a gcuid dualgais, díreach ar an mbunús seo. Bunaithe ar an fhoráil áirithe seo, dúirt sé nach raibh an eagraíocht ag fostú dóthain daoine le Gaeilge agus go raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á shárú acu. Fáiltím roimh an fhógra go bhfuil scéim teanga gar a bheith réitithe ag Tithe an Oireachtais.

Tá an scéim a bhí ann imithe in éag le fada an lá cé go bhfuil sé fós i bhfeidhm. Thóg sé píosa fada orthu scéim nua a réiteach agus bhí siad ag tarraingt a gcos leis an gceart a rá. Ní hiad féin amháin a bhí sa gcás céanna, mar tá cuid mhaith eagraíochtaí Stáit atá ag tarraingt na gcos agus ag tógáil a gcuid ama ag daingniú scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tugann sin droch-chomhartha amach.
Ní dóigh liom go gcuirfeadh an leasú atá á moladh againn aon rud as don Bhille eile atá le teacht. Léireodh sé dáiríreacht an Aire Stáit, mar Aire Gaeltachta, agus go bhfuil sé dáiríre maidir le cúrsaí Gaeilge sna Tithe seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí "ghettoisation" ar an Ghaeilge taobh istigh de Rannóg an Aistriúcháin sna Tithe seo ach an oiread. Tá sin feicthe againn cheana. Mar shampla, go minic nuair a bhíonn daoine ag fáil lochta ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, Roinn a bhfuil go leor freagrachta uirthi maidir le cúrsaí Gaeilge, ceaptar gurb é an rannóg Gaeilge taobh istigh den Roinn sin amháin a bhíonn ag plé le Gaeilge agus go bhfuil líon na nGaeilgeoirí sa Roinn sin titithe go mór agus go bhfuil sé an deacair cothrom na féinne a fháil do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta de bharr sin mar gheall ar an easpa fóirne le Gaeilge atá ann.
Sílim go bhfuil an scéal amhlaidh sna Tithe seo, cé go bhfuil pearsana áirithe atá iontach láidir ó thaobh na Gaeilge de. Níor mhaith liom go bhfeicfí meath ag teacht ar sin de réir a chéile, agus nuair a bheidh cuid de na daoine atá láidir ó thaobh na Gaeilge ag imeacht ar phinsean nach gcuirfear daoine ina n-áit a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Sin an t-aon fáth go bhfuil muid ag cur an leasaithe seo chun cinn. D'éist mé leis an bhfreagra a thug an tAire Stáit, ach bheadh amhras orm i dtaobh an "Mair a chapaill agus gheobhair féar" a bhainfeadh le sin. Cé go dtuigim go bhfuil an tAire Stáit féin an-diongbháilte ó thaobh na Gaeilge de, ní fheicim sin ó thaobh an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin, go dtí seo sna cinntí atá déanta aige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Tá amhras orm freisin ó thaobh cuid den chur chuige de maidir leis an seirbhís phoiblí. Is fiú a lua cén fáth nach mbeinn chomh muiníneach sin as an Aire, an Teachta Howlin, ar an cheist seo; baineann seo leis an cheist i dtaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Táim féin ar an choiste forbhreithniú agus maoirseoireachta nua atá bunaithe faoi scáth an Aire, an Teachta Howlin. Chuir an Coimisinéir Teanga cás os ár gcomhair i dtaobh scrúdaithe faoi leith a thóg sé i gcoinne An Roinn Coimirce Sóisialaí mar gheall nach raibh an Roinn ag cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla nuair a bhain sé le hardú céime a thabhairt do dhaoine a bhí fostaithe sa Roinn sin. An freagra atá tugtha ag an Roinn sin ná go bhfuil treoir faighte acu ón Aire, an Teachta Howlin gur féidir leo, go bunúsach, neamhaird a dhéanamh de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar go bhfuil siad ag cloí le treoirlínte ó Roinn an Aire.
Dá bhrí sin, níl an tAire, an Teachta Howlin, ag léiriú domsa go bhfuil sé diongbháilte ó thaobh na Gaeilge de. Ní bheadh muinín agam as ó thaobh an Bhille atá á lua ag an Aire Stáit. Níl an Bille sin feicthe againn agus níl a fhios againn céard atá ann. Mar sin, b'fhearr liomsa dá bhféadfaí an leasú a chur isteach anseo agus déanamh cinnte de go mbeidh an fhoráil seo ann. B'fhearr liom a dhéanamh cinnte go bhfuil sé an-soiléir ón Aire Stáit go bhfuil sé ag iarraidh leasa na Gaeilge a chur chun cinn anseo i dTithe an Oireachtais. Ní fheicim aon chostas breise le sin ná ní fheicim cén chaoi a bhféadfadh daoine a chur ina choinne. Táim ag súil go mór le freagra an Aire Stáit.

Arís, tá an méid atá ráite ag an Seanadóir nótáilte agam. Mar a dúirt mé cheana, is Bille teoranta go leor an Bille seo. Tá dhá chuspóir leis - aistriúchán a dhéanamh i ndáil le reachtaíocht agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar An Caighdeán Oifigiúil. Sin go díreach an méid lena bhfuil sé ag plé.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an méid a bhí le rá aige. Mar adúirt mé, beidh an Bille eile, Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais ag teacht tríd an Teach sa bhliain amach romhainn agus níl fáth ar bith i mo thuairim nach ndéanfaí scrúdú ar leasú den chineál seo ag an phointe sin. Anois, leis an Bhille teoranta atá againn agus na cuspóirí atá taobh thiar de, cé gur éist mé leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir agus go bhfuil sé nótáilte againn, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Tá an-díoma orm an freagra sin a fháil, ach tógaim ar bord an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Cé gur Bille teoranta é, is leasú teoranta a bheadh i gceist anseo agus ní dóigh liom go gcuirfeadh sé as do aon rud. Bheadh muinín agam as an Aire Stáit, go gcuirfeadh sé san áireamh é agus go dtógfadh sé ar bord é. Ach ní bheadh an oiread muiníne agam go nglacfaí le leasú den chineál seo ó fhoinsí eile sa Rialtas nó ó Airí eile. Freisin, níl an Bille eile sin feicthe againn agus ní bheinn ag tnúth go nglacfaí lena leithéid sin ann.

Rud eile, táimid ag tagairt don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin. Caithfear an leasú a chur sa chomhthéacs leis na rudaí eile atá ar bun aige faoi láthair, mar shampla, maidir leis na liúntais atá á ngearradh aige ó thaobh cúrsaí Gaeltachta agus mar sin de.

Léiríonn sé sin easpa muiníne nó easpa tuisceana ar an Aire maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is duine mise a bheadh i bhfábhar na liúntas Gaeltachta. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh siad ann, mar má tá duine, mar shampla, ag múineadh sa Ghaeltacht, tá ábhar faoi leith le réiteach acu agus obair bhreise orthu agus mar sin de, mar chuala muid ar na meáin le cúpla lá anuas. Ba bhreá liom fáil amach cén seasamh atá ag an Aire Stáit féin, mar tá a fhios agam go bhfuil daoine áirithe ina pháirtí atá -----

Speak to the amendment.

Baineann seo leis an Aire, An Teachta Howlin. Tá an tAire Stáit ag iarraidh ormsa muinín a chur ins an Aire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe leasú a ghlacadh i mBille nach bhfuil feicthe agam. Táim ag rá go bhfuil an rud atá á dhéanamh ag an Aire le seachtain anuas tar éis buille a thabhairt maidir le liúntais atá á n-íoc le muintir na Gaeltachta. Dar liomsa nach bhfuil mórán measa nó ómóis ag an Aire sin do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, gan mórán iniúchtha a bheith déanta.

The Senator objects to allowances, on the one hand, and then, on the other, objects to them being removed.

The point I am making is -----

This is outside the scope of the Bill.

Dá n-éisteodh an Seanadóir Heffernan liom, an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil an tAire Stáit - an tAire Gaeltachta - ag rá go mb'fhearr leis an leasú seo a fhágáil ar lár go dtí go dtiocfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, An Teachta Howlin, isteach le Bille eile nach bhfuil feicthe againn. Táim ag rá nach bhfuil aon mhuinín agam as an Aire sin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta de. An sampla atáim ag úsáid ná go bhfuil sé ag dul amach ag gearradh liúntas Gaeltachta ar scoileanna agus daoine eile gan mórán scrúduithe a bheith déanta ar an cheist agus go bhfuil daoine ag rá nach bhfuil mórán tuisceana aige ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is mó muiníne a bheadh agam as an Aire Stáit, an Teachta McGinley, tuiscint a bheith aige ar chéard atá ag tarlú sna Gaeltachtaí. Sin an fáth gur mhaith liom go nglacfadh sé leis an leasú.

Baineann an leasú seo le reachtaíocht a bheidh ag teacht faoi an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ach baineann an Bille seo le rud atá difriúil ar fad. Sin an fáth go gcaithfimid idirdhealú a dhéanamh idir an dá cheann. Tá an Bille a bhaineann le Coimisiún Thithe an Oireachtais á dhréachtú i láthair na huaire. Tá na pointí atá déanta ag an Seanadóir nótáilte againn anseo agus beidh deis ag an Seanadóir, am éigin sa ghearr thréimhse, na ceisteanna seo a phlé arís ag díospóireacht ar Bhille a bheidh ag plé le rudaí mar sin.

Maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an dualgas atá ar ghach Roinn agus eagraíocht Stáit, tá sé de dhualgas agus de fhreagracht orthu seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá sin clúdaithe i láthair na huaire. Caithfimid cur suas le sin go dtí go dtiocfaidh an chéad Bhille eile tríd an Teach. Feicfidh muid cad a tharlóidh ansin. Mar adúirt mé, níl sé ar intinn agam dul isteach i réimsí eile polasaí Rialtais nach bhfuil aon bhaint acu leis an Bhille áirithe seo, Bille atá teoranta go leor agus Bille a rachaidh chun sochar don Ghaeilge sa Teach seo agus, tá súil agam, ar fud na tíre, nuair a bheidh sé reachtaithe - nuair a bheidh caighdeán scríofa amháin againn ó cheann amháin den tír go dtí an ceann eile agus go mbeidh muid ábalta na haistriúcháin a fháil de réir mar a éilítear iad anseo sa Teach agus breith suas ar an méid atá caillte againn le deich mbliana nó níos mó anuas.

Thug mé éisteacht don méid a bhí le rá ag an Seanadóir agus dúirt sé go bhfuil mise dáiríre. Tá sé féin dáiríre chomh maith. Níor shamlaigh mé riamh gur rugadh i dtír eile é agus gur tháinig sé isteach sa tír seo. Níl a fhios agam cén tír ar a dtáinig sé.

Nílim in éadan sin. Is iomaí duine maith a tháinig ó Shasana ach b'fhéidir nach n-aontaíonn an Seanadóir le sin.

D'fhoghlaim an Seanadóir a chuid Gaeilge agus tá ardmheas agam air dá bharr sin. Ach ag an phointe seo áfach, nílim ábalta glacadh leis an leasú mar gur Bille teoranta atá anseo. Beidh deis againn arís amach anseo ceist mar seo a phlé i gcomhthéacs polasaí níos leithne maidir leis an Ghaeilge sa Státchóras.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is maith liom go n-aithníonn sé an cúlra spéisiúil atá agam. Bheinn sásta an leasú a tharraingt siar dá mbeadh an tAire Stáit sásta a dhearbhú dom, in áit mise a bheith ag cur leasuithe chun cinn ar Bhille nach bhfaca mé go fóill - go mbeadh sé sásta dul chuig an Aire, an Teachta Howlin faoi seo. An aontaíonn an tAire Stáit i bprionsabal leis an smaoineamh atá agam anseo, go gcuirfí foráil den chineál seo insan Acht? An mbeidh an tAire Stáit sásta dul chuig an Aire agus fiafraí dó an mbeidh sé sásta an t-alt seo a chur isteach sa reachtaíocht atá sé ag tabhairt chun cinn, os rud go bhfuiltear á dhréachtú faoi láthair?

Tá na pointí atá déanta ag an Seanadóir nótáilte agus cuirfear in iúl iad sna háiteanna cuí.

Go raibh míle maith agat.

Níl aon eagla orm go ndéanfaidh an tAire, an Teachta Howlin, aon rud chun cúrsaí airgeadais a réiteach.

Amendment put and declared lost.

Amendments Nos. 5 and 6 are out of order as they involve a potential charge on the Exchequer. Amendment No. 7 is out of order because it is not relevant to the subject matter of the Bill. Amendment No. 8 is out of order because it involves a potential charge on the Exchequer.

Amendments Nos. 5 to 8, inclusive, not moved.
Question proposed: "That section 5 stand part of the Bill."

Is dona an lá é seo don Ghaeilge os rud é go bhfuil na leasuithe seo rialaithe as ord. Chuir muid chun cinn iad ar mhaithe le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ionas go mbeadh seirbhís níos fearr ar fáil sna Tithe seo. Bhí muid ag iarraidh go ndéanfaí aisiompú ar an droch-chinneadh a ghlac an Rialtas seo tamall ó shin maidir le Billí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Is cosúil nach bhfuil an Rialtas sásta é sin a dhéanamh. Ní fheicim cén costas breise a bhainfeadh leis. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá 20 duine ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Tá an-mhuinín agam go mbeidh siad ábalta coinneáil suas leis an obair ó lá go lá. Ní fheicim cén fáth nach féidir a chinntiú go mbeidh na Billí ar fáil go comhuaineach. Sílim go bhfuil sé fíor-thábhachtach go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil. Táimid freisin ag lorg soiléirithe go mbeidh na hacmhainní cuí agus dóthain daoine ar fáil le déileáil leis na riaráistí. Bhí muid ag iarraidh i leasú eile cur leis an líon Gaeilge a úsáidtear sna Tithe. Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt do na Seanadóirí a bhíonn anseo le haghaidh na díospóireachtaí trí Ghaeilge agus atá i láthair arís inniu. Tá Seanadóirí áirithe a úsáideann an Ghaeilge go rialta. Ní chuirfinn locht ar dhuine ar bith a úsáideann fiú cúpla focal. Muna bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis. Tacaím gur cheart do gach éinne pé cúpla focal atá acu a úsáid. Bhí na moltaí seo le cur chun cinn againn sa chomhthéacs sin. Tá a fhios agam gur mhaith le Seanadóirí agus Teachtaí áirithe comhfhreagras a chur ar fáil i nGaeilge ó am go chéile. B'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. B'fhéidir nach bhfuil siad sásta go bhfuil a gcuid Gaeilge cruinn go leor le litir nó comhfhreagras a chur ar ais ag duine. Sílim gur cheart go gcuirfeadh Rannóg an Aistriúcháin bunseirbhís ar fáil dóibh.

Ar an gcuma chéanna, d'fhéadfadh Rannóg an Aistriúcháin cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh cúpla focal Gaeilge a rá sa Seanad nó sa Dáil. B'fhéidir go mbeadh an rannóg in ann cabhrú leo a gcuid óráidí a aistriú, mar shampla. Ní dóigh liom go bhfuil an t-uafás á lorg againn sa mhéid sin. Deireann Seanadóirí agus Teachtaí áirithe liom gur bhreá leo an cúpla focal atá acu a úsáid, ach níl siad compordach nó muiníneach go leor chun é sin a dhéanamh. B'fhéidir nár cheart dom cúnamh a thabhairt dóibh an méid atá le rá acu a aistriú go Gaeilge mar níor mhaith leo go mbeadh a fhios agam roimh ré céard atá le rá acu. Dá mbeadh a fhios acu go raibh cead acu dul go dtí Rannóg an Aistriúcháin - faoi dhiscréid - chun fiú an chéad alt d'óráid éigin a aistriú go Gaeilge, b'fhéidir go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid sna Tithe. Sílim gur teachtaireacht iontach tábhachtach a bheadh ann. Cé go mbíonn sáraíocht pholaitiúil maidir le go leor cúrsaí sa Teach eile go minic, ar a laghad tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an Taoiseach, an Tánaiste, ceannaire Sinn Féin, ceannaire Fianna Fáil agus cuid mhaith de na Teachtaí neamhspleácha. Úsáideann siad an Ghaeilge go rialta. Tá an t-áthrú iontach suntasach sin tagtha chun cinn le riar blianta. Nuair a fheictear níos mó Gaeilge á húsáid sna Tithe anseo, bíonn níos mó measa ar an Ghaeilge. Ba cheart an teachtaireacht iontach láidir sin a chur amach. Bíonn doicheall agus drogall ar na Seanadóirí a deireann liom go bhfuil faitíos orthu go ndéarfaidh siad rud éigin seafóideach nó amaideach. Dá mbeadh seirbhís den chineál seo ar fáil, bheadh siad in ann aistriúcháin bhunúsach ghearr a fháil trí Rannóg an Aistriúcháin. Ba iontach an deis a bheadh ann do Sheanadóirí, srl.

Ba mhaith liom labhairt faoi rud eile a bhí molta againn. Ní thuigim cén fáth an raibh sé rialaithe as ord. Mhol muid go mbeadh sé ceadaithe d'fhoireann Tithe an Oireachtais an fáinne nó a leithéid de mhacasamhail a chaitheamh. Níl mé ag rá gurb é an fáinne an suaitheantas a chaithfí a úsáid. Tá mé le feiceáil ar an scáileán nuair atá an Ghaeilge á labhairt agam. Labhrann na daoine a bhfuil an teanga acu an Ghaeilge liom. Uaireanta, ní bhíonn a fhios agam go dtí go labhrann siad liom go bhfuil an Ghaeilge acu.

Tá daoine ag obair sna bialanna, mar uiséirí agus i go leor áiteanna sna Tithe seo nach shamhlóinn go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Dá mbeadh cead acu suaitheantais a chaitheamh, le taispeáint gur Gaeilgeoirí iad, bheadh a fhios againn gur Gaeilgeoirí muid ar fad agus d'fhéadfaimis an Ghaeilge a labhairt lena chéile. Nuair a rinne mé fiosrúchán faoi seo, d'iarr mé an mbeadh cead ag uiséirí an suaitheantas a úsáideann Gaillimh le Gaeilge a chaitheamh. Deireann an dá suaitheantas beag atá in úsáid ag Gaillimh le Gaeilge "tá Gaeilge agam" agus "tá beagán Gaeilge agam". Nuair a rinneadh fiosrúchán ar an ábhar, dúradh liom go mbeadh sé in aghaidh rialacha an Tí dá mbeadh cead ag na huiséirí a bhfuil Gaeilge acu a leithéid de shuaitheantas a chaitheamh. Is é sin an fáth ar mhol mé i leasú Uimh. 7 go ligfeadh muid d'fhoireann an Tí suaitheantais éigin a chaitheamh ar lapel nó áit éigin eile a dhéarfadh linn gur Gaeilgeoirí iad. Munar féidir é a dhéanamh tríd an reachtaíocht seo, ba bhreá liom go dtabharfaí an cead sin do dhaoine atá fostaithe anseo i dTithe an Oireachtais i slí éigin eile ionas go mbeadh deis againn an Ghaeilge a úsáid ar bhonn níos forleithne.

That is a matter for the Committee on Procedure and Privileges. I think it has been decided on by that committee.

Níl mé ag rá go bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach mícheart. B'fhéidir go bhfuil toil Aire Stáit na Gaeltachta i bhfábhar cineál den chineál sin. Go minic, nuair a thagann moltaí ó Shinn Féin go dtí an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí, ní éisteann na páirtithe eile linn. Os rud é nach bhfuil ann ach an triúr againn, níl aon ionadaíocht againn ar an gcoiste agus ní féidir linn aon mholadh a chur chun cinn. Fiú má tá moladh maith á dhéanamh againn, caitear i dtraipisí é. Dá dtiocfadh an moladh ón Aire Stáit, d'éistfí leis. Ní dóigh liom gur moladh radacach, a dtarraingfidh anuas na ballaí orainn, atá i gceist anseo. Ní dócha go mbeadh 3,000 duine taobh amuigh na Tithe ag argóint ina choinne agus ag déanamh raice. Bheadh sé ar leas na Gaeilge agus bheadh sé go maith. Táimid ag iarraidh rudaí bunúsacha beaga den tsórt seo a chur chun cinn. Ní dóigh liom go bhfuil an chéad leasú eile - Uimh. 8 - rialaithe as ord go fóill.

Labhróidh mé air go dtí go gcuirfidh an Cathaoirleach Gníomhach stop liom. Beidh cuimhne ag an Aire Stáit-----

As it has been ruled out of order, the Senator cannot-----

Tá mé ag labhairt ar an alt. Bhíomar ag ócáid fíor-thaitneamhach leis an Seanadóir Ó Murchú i rith an tsamhraidh, nuair a bhí cúrsa oiliúna ar siúl sa Cheathrú Rua. Bhain cuid den dream a bhí ann le Gaeleagras, mar a bhí sna blianta roimhe seo. Chaith siad blianta fada ag plé le Gaeleagras, a thug seirbhís tacaíochta do Státseirbhísigh a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ba mhaith liom go dtógfadh an tAire Stáit ar bord an moladh go smaoineofaí ar a leithéid a chur ar bun arís, ionas go mbeadh tacaíocht ar fáil do Státseirbhísigh gur mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht, feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus an teanga a choinneáil in úsáid acu. Sílim gur céim mhór ar gcúl a bhí ann nuair a fuarthas réidh le Gaeleagras. Tá an Státseirbhís á lagú ó thaobh na Gaeilge ó shin i leith. Is ar an mbunús sin a chuireamar na leasuithe seo chun cinn. Táimid ag iarraidh bheith dearfach ar son na Gaeilge. Sílim go bhfuil na moltaí seo ag teacht leis an straitéis 20 bliain atá curtha chun cinn. Má tá an Rialtas dáiríre faoin dteanga, tabharfaidh an tAire Stáit gealltanas dom go bhfuil sé sásta na moltaí seo a thógáil ar bord agus go dtógfaidh sé céimeanna chun cinn ó thaobh na straitéise de.

That is outside the scope of the Bill.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá i dtaobh an méid atá ráite ag an Seanadóir Ó Clochartaigh mar gheall ar an fháinne. B'fhéidir go mbeimid ábalta an t-ábhar a chur ar chlár an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí agus é seo a dhéanamh. Tá rud den chineál seo ceadaithe sna Tithe seo fós. Tá sé ar an liosta. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a dhéanamh. B'fhéidir go ndéanfaidh an Aire athbhreithniú ar an méid sin. Ní cheapaim go dtiocfadh deireadh leis an domhan dá mbeadh an fáinne á chaitheamh sa Seanad. B'fhéidir go mbreathnóimid ar an gceist arís.

Aontaím leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí Cáit Keane agus Trevor Ó Clochartaigh. Is dócha go bhfuil dualgas orainn mar Bhaill an Oireachtais an Ghaeilge a chur chun cinn. Cabhródh caitheamh an fháinne go mór leo siúd nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach acu. Níl ach Gaeilge na hardteistiméireachta fágtha agam.

Caithfimid seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil flúirse Gaeilge acu úsáid a bhaint aisti agus feabhas a chur ar an Ghaeilge atá acu. Mar sin, aontaím go hiomlán le caitheamh an fháinne sna Tithe seo agus leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí eile.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair anseo inniu agus a chur síos moltaí, cé nár glacadh leis na moltaí mar bhí an chuid is mó díobh as ord. Bhí ceann amháin in ord agus sílim gur thug mé freagra chomh maith agus a d'fhéadfainn a thabhairt air. Chomh maith le buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair anseo inniu, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair an tseachtain seo caite nuair a tugadh an Bille isteach. Labhair cuid acu i nGaeilge agus cuid i mBéarla, agus mar adúirt an Seanadóir, bíonn fáilte i gcónaí roimh an cúpla focal.

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh i dtaobh na Gaeilge anseo agus aontaím leis go bhfuil dea-mhéin agus dea-thoil don Ghaeilge anseo. Táim anseo le tamall fada agus le cúpla bliain anuas tá níos mó Gaeilge le cloisteáil i gcúrsaí na Dála agus an tSeanaid ná mar a bhí le blianta fada. Níl aon lá sa tseachtain a mbíonn an Dáil ina suí nach labhartar Gaeilge - nuair a bhíonn ceisteanna ann don Cheannaire, nó ar Riar na hOibre. Fiú amháin inniu, bhí mé istigh agus bhí Gaeilge á labhairt ag an Taoiseach agus ag na ceannairí eile. Is rud úrnua é sin agus cuirim fáilte roimhe. Is rud é sin freisin a théann i bhfeidhm ar an phobal taobh amuigh, mar go gcraoltar cuid mhór de na díospóireachtaí seo ar TG4 agus uaireanta ar Raidió na Gaeltachta. Tuigeann muintir na hÉireann a bhíonn ag éisteacht leis na cláir seo ar maidin go bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa Dáil. Tá an dea-shampla sin thar a bheith tábhachtach.

Maidir le Seanadóirí nó Teachtaí nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, ach go bhfuil dea-mhéin acu don Ghaeilge, sílim gur cóir go mbeadh comhairle, cuidiú agus tacaíocht le fáil acu le óráidí beaga a thabhairt nó le tús a chur le óráid i nGaeilge nó cúpla alt deiridh a chur lena nóráid agus mar sin de. Níl a fhios agam an gnó é sin do Rannóg an Aistriúcháin, ach tá a fhios agam go bhfaigheann gach páirtí san Oireachtas airgeadú agus maoiniú ón Stát. Ba chóir go mbeadh sé de chuspóir ag gach páirtí daoine a fhostú ina oifigí le Gaeilge. Tá rúnaithe againn go léir agus oifigí poiblí. B'fhéidir go bféadfadh na páirtithe iad féin suim bheag den airgead a chuirtear ar fáil dóibh gach bliain a úsáid le haghaidh sin le déanamh cinnte de go bhfuil an tacaíocht ansin do bhaill a bpáirtí féin an Ghaeilge a úsáid. Nílim cinnte gur gnó é sin do Rannóg an Aistriúcháin ná do Roinn ar bith. Aontaím gur chóir féachaint ar sin.

Maidir le Gaeleagras, bhí sé ann, ach níl sé ag gníomhú le roinnt blianta anuas. Mar sin féin, nuair a bhí mise mar chathaoirleach agus mar bhall de Choiste na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin, chuireamar ranganna Gaeilge ar bun do na daoine atá ag obair san Oireachtas - idir Baill an Oireachtais agus fostaithe an Oireachtais. Chomh fada agus is eol dom, tá na ranganna sin ar fáil go fóill. Nuair a bhí mé istigh anseo an tseachtain seo caite, dúirt beirt Sheanadóirí go raibh siad ag fáil ceachtanna iad féin go príobháideach sa Ghaeilge. Is rud fiúntach é sin. Feiceann na Baill ar fad anseo na ceannairí ag labhairt Gaeilge agus daoine eile ag dul go dtí na Gaeltachtaí, cuid acu ina nAirí, agus iad ag labhairt Gaeilge. B'fhéidir mar sin go bhfuil an dearcadh ann anois más mian le Ball a bheith ina cheannaire, go gcaithfidh sé nó sí an Ghaeilge a labhairt chomh maith.

Beidh an tAire Stáit ina cheannaire amach anseo.

Táim breá sásta san áit ina bhfuil mé, agus tig liom é sin a dhearbhú don Seanadóir. Tá dea-thoil agus dea-mhéin ann don Ghaeilge agus tá ranganna ar fáil. Freisin, b'fhéidir go bhféadfadh na páirtithe iad féin cuidiú a thabhairt dá gcuid urlabhraithe níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge. Caithfidh mé buíochas a ghabháil leis na meáin a thugann clúdach dúinn, Raidió na Gaeltachta a chraolann cuid de na himeachtaí a bhíonn againn anseo i nGaeilge, TG4 - bíonn tuairisc acu ar an Dáil beagnach gach tráthnóna nuair a bhíonn an Teach ina shuí - agus na meáin eile a thagann amach go seachtainiúil a thugann aird ar an mhéid a bhíonn le rá anseo chomh maith.

Ag teacht ar ais go dtí an Bille, is Bille teoranta atá ann maidir le reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus maidir leis An Caighdeán Oifigiúil a thabhairt aníos chun dáta gach cúpla bliain. Is iad sin na príomh chuspóirí atá leis an mBille agus sílim go gcomhlíonann sé na cuspóírí sin. Táim iontach dóchasach, nuair a bheidh seo reachtaithe - tá an-mhuinín agam i Rannóg an Aistriúcháin agus an stair atá acu - go ndéanfaidh an rannóg na dualgais reachtúla atá orthu maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh san am amach romhainn, mar a rinne siad san am a chuaigh thart.

Mar sin, níl aon doicheall orm an Bille a mholadh don Teach.

Question put and declared carried.
Title agreed to.
Bill reported without amendment and received for final consideration.
Question proposed: "That the Bill do now pass."

Phlé muid cúrsaí anonn is anall anseo tráthnóna, ach i bprionsabal ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt mé ar an Dara Chéim den Bhille seo, go bhfáiltíonn Sinn Féin roimh an Bhille seo. Síleann muid go bhfuil cuid mhaith céille ag baint leis mar go bhfuil sé ag tabhairt le chéíle seirbhísí éagsúla. Ag an am céanna, nótáilim go raibh coiste comhairleach ag plé le cúrsaí Gaeilge faoi scáth Roinn an Aire Stáit. Daoine iad a bhí ag obair go deonach agus ba mhaith liom an obair mhór a rinne siad maidir leis an gcaighdeán oifigiúil a nótáil. Tuigim ó chómhfhreagras atá faighte againn ar fad, gur mhaith leo go bhféadhfadh ról a bheith ag an obair a rinne siad agus go dtógfaí ar bord í. Tuigim go bhfuil an Aire Stáit ag rá go ndéanfar sin sa chéad eagrán nua eile. Ach mar a luaigh mé ar an Dara Chéim, b'fhiú ról leanúnach a shamhlú do ghrúpa den chineál sin.

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil sé ar nós a bheith taobh istigh de "bubble" anseo uaireanta i dTithe an Oireachtais. Táim cinnte gurb amhlaidh do Rannóg an Aistriucháin, is cuma cé chomh maith agus atá sé. Ní dochar ar bith ó am go chéile, saineolas seachtrach atá amuigh ansin sa phobal ón saol acadúil, ó na meáin chumarsáide, ón saol poiblí agus ón bpobal a fháil. Sin é an cineál saineolais a bhí ar an gcoiste comhairleach. Tuigim go bhfuiltear míshásta go leor maidir leis an comhfhreagras nó an easpa cumarsáide idir an Roinn agus iad maidir leis na moltaí a rinne siad. Níl mé cinnte den stair a bhaineann le sin ach ba mhaith liom go dtógfaí a gcuid tuairimí ar bord go cinnte. B'fhéidir gur fiú aitheantas de chineál éigin a thabhairt don obair mhaith a rinne siad.

Rinne muid go leor tagairtí anseo maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Thagair muid don tábhacht atá le foireann anseo i dTithe an Oireachtais atá ábalta a chuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, ní hamháin ó thaobh aistriúcháin de ach ó thaobh gnóthaí ginearálta, is cuma cén áit sna Tithe ina bheadh muid. Arís, ba mhaith liom moladh a thabhairt don dream atá anseo a úsáideann an Ghaeilge, fiú an dream a dhéanann iarracht bheag. Níl aon drochmheas ar iarracht bheag; is cuma cén iarracht a dhéanann daoine. Thug mé faoi deara nuair a bhí muid ag plé Chéim an Choiste gur labhair an tAire Stáit ar an obair mhaith a rinne Gaeleagras agus faoi ranganna Gaeilge agus mar sin de atá ar siúl anseo. Is maith ann iad agus tá cuid mhaith de mo chomhghleacaithe ag freastal ar ranganna. Tá ardmholadh ag dul do Chonradh na Gaeilge as an obair leanúnach a dhéanann sé anseo, ó thaobh an maidin caifé i dTithe an Oireachtais anseo a thugann deis do dhaoine bualadh le chéile, agus a bhíonn ar fáil, duine ar dhuine, le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine. Tá sár obair ag baint leo seo.

Ach, mar atá a fhios ag an Aire Stáit, ní bhualadh aon rud tréímhse sa Ghaeltacht le buanú agus sealbhú a dhéanamh ar an teanga.

Is é sin an fáth a mhol muid go ndéanfaí athmhachnamh ar an gcoincheap sin ó thaobh Gaeleagras de. An rud a bhí ansin ná go dtógfaí na státseirbhísigh síos go dtí na ceantair Ghaeltachta ar feadh seachtaine, coicíse nó trí seachtaine, ionas go mbeidís ábalta saol na Gaeltachta a fheiceáil agus a thuiscint. Tá a fhios againn go maith go bhfuil an teanga beo beithíoch sna siopaí, tithe ósta, scoileanna agus oiread. Ba mhaith an rud é dá mbeadh an deis sin ar fáil.

Luaigh muid freisin an amhras atá orainn maidir le feirmeoireacht amach a dhéanamh ar na seirbhísí aistriúcháin. Tuigim go bhfuil sé glactha, de bharr go bhfuil móramh ag an Rialtas, go dtabharfar cead do Ranna éagsúla aistriúcháin a dhéanamh de réir mar atá daoine ar fáil sna Ranna sin. Bheinn amhrasach faoi sin. B'fhéidir gur fiú don Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar sin. Is dóigh liom go mbeadh sé níos fearr dá dtiocfadh an t-aistriúchán ar ais faoi bhráid Coimisiún Thithe an Oireachtais.

Aontaím go hiomlán leis an mholadh eile atá déanta ag an Aire Stáit. Ní bheadh aon dochar ann dá mbeadh Rannóg an Aistriúcháin in ann píosaí d'óráidí mo chomhghleacaithe a aistriú. Tá oifigeach Gaeilge fostaithe againn i Sinn Féin. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid fostaithe go lánaimseartha ag na páirtithe eile. Glacaim le moladh an Aire Stáit go gcaithfear airgead na bpáirtithe ar dhaoine le Gaeilge a chur ar fáil le haistriúchán a dhéanamh ar na rudaí éagsúla atá ar bun againn. Mar thoradh ar sin, tá mé ag súil go mór leis na hóráidí breátha Gaeilge a bheidh le cloisteáil ó na Seanadóirí eile anseo agus na Teachtaí Dála. Beidh muid ag súil leis an ngeallúint atá déanta ag an Aire. Tá mé cinnte go seasfaidh sé le sin, go háirithe ó thaobh Fine Gael de, agus go labhróidh sé le Páirtí an Lucht Oibre faoi. Sa chaoi sin, beidh muid ag Gaeilgeoireacht linn go paiteanta sna Tithe amach anseo.

Question put and agreed to.

When is it proposed to sit again?

At 10.30 a.m. tomorrow.

Barr
Roinn