Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Mar 2013

Vol. 222 No. 3

An Straiteis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Statements

I welcome the Minister to the House for statements on the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an chuireadh a bheith i láthair sa Seanad inniu chun labhairt faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Is cinnte go bhfuil sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam agus Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Is cinnte chomh maith go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ón uair gur labhair mé anseo sa Seanad cothrom an ama seo anuraidh.

Sula labhraím faoin dul chun cinn sin, ba mhaith liom, i dtús báire, tréaslú le lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge agus leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag glacadh páirte sa cheiliúradh ar ár dteanga dhúchais agus ag tacú leis an cheiliúradh sin. Is fiú go mór an raon leathan imeachtaí atá ar bun mar chuid de Sheachtain na Gaeilge chun an teanga a cheiliúradh mar theanga bheo bhisiúil agus chun í a chur i lár an aonaigh. Mar a deir an seanfhocal, mura bhfuil agat ach pucán gabhair bíodh sé i lár an aonaigh agat, agus is cinnte gur rud i bhfad níos luachmhaire ná pucán gabhair atá á phlé againn anseo inniu, a Leas-Chathaoirligh.

Ba mhaith liom fosta aitheantas a thabhairt do na Teachtaí ar fad a ghlac páirt i Lá na Gaeilge sa Dáil an tseachtain seo a chuaigh thart. Ach an oiread le Lá na Gaeilge in 2012, d'éirígh thar cionn leis an lá. B'údar dóchais agus misnígh a bhí ann an oiread sin Gaeilge a bhí le cloisteáil agus an oiread sin Teachtaí a bhí le feiceáíl ag léiriú a gcumas agus a mbá don Ghaeilge ar an mbealach is praiticiúla atá ann, is é sin an teanga a labhairt.

Is siombal an-tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Ós rud é go bhfuil sí ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, tá géarghá lena caomhnú agus lena forbairt. Mar is eol domsa go maith mar Aire Stáit de bhunadh na Gaeltachta, is teanga bheo pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht í. Ina theannta sin, labhraítear í go forleathan taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais. Ní miste a nótáil gur díol suntais é go bhfuil tacaíocht tugtha ag gach Rialtas don Ghaeilge ó bunaíodh an Stát 90 bliain ó shin agus ní haon áibhéil a rá nach mbeadh sí chomh láidir agus atá sí inniu in éagmais na tacaíochta sin.

Agus mé ag labhairt libh inniu, ba dheas liom léargas gairid a thabhairt ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn i láthair na huaire chun cuidiú le buanú agus le neartú na Gaeilge ar fud na tíre agus, ach go háirithe, sa Ghaeltacht. Mar a thuigfidh sibh, tá an obair atá idir lámha fite fuaite go dlúth leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú go substaintiúil ar bhonn céimnithe thar shaolré na straitéise.

Aithnítear sa straitéis go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm ag úsáid na hacmhainní atá ar fáil. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar mo Roinn don straitéis, táimid ag obair as lámh a chéile ar fheidhmiú na straitéise le go leor páirtithe leasmhara, lena n-áirítear, ach go háirithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Tugadh faoi chéim an bhunaithe den straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta faoina dtugtar bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus faoina dtugtar ról faoi leith chomh maith d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge sa phleanáil teanga.

Mar thoradh ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn le páirtithe leasmhara na straitéise, táthar ag súil go mbeidh na páirtithe sin ag foilsiú a gcuid pleanama forfheidhmithe faoin straitéis níos moille i mbliana. Ina theannta sin, tá sé i gceist tuarascáil a fhoilsiú níos moille i mbliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoin straitéis go dtí seo. Mar sin, táimid ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn córasach seachas ar bhonn ad hoc. Is dóigh liom go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach, go háirithe ó thaobh na n-athruithe beartais atá idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoina straitéis litearthachta agus uimhearthachta atá ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus a rachaidh chun sochair don Ghaeilge san fhadtréimhse.

Le hAcht na Gaeltachta, tá céim shuntasach tógtha chun dúshraith reachtúil chuí a chur ar fáil faoina mbeifear in ann díriú ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Le cur i bhfeidhm an Achta, beidh ról ceannaireachta ag na heagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus iad ag obair i gcomhar leis an phobal agus i gcomhpháirtíocht leis an Stát chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Tá obair idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chomh fada is a bhaineann sé leis na céad chéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an reachtaíocht thánaisteach a shíniú i dtaca leis an phróiseas pleanála teanga faoin Acht.

Tá obair ar bun chomh maith ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le mo Roinn, maidir le hathshainiú na Gaeltachta mar limistéir pléanála teanga faoi leith. Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an údarás chomh maith chun córas cuí a aimsiú faoina roghnófar eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmliú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an phobal sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Ina theannta sin, tá obair ar bun ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun a chinntiú go ndéantar cúram cuí do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta.

Mar aitheantas ar an riachtanas faoi leith a bhaineann le hoiliúint i réimse na pleanála teanga, is fíú a lua go mbeidh dioplóma sa phleanáil teanga á sholáthar ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú san fhómhar i mbliana. Le soláthar an chúrsa sin, tabharfar deis oiliúna i réimse na pleanála teanga d'eagraíochtaí éagsúla, lena n-áirítear na heagraíochtaí Gaeltachta, ar ndóigh, agus do pháirtithe leasmhara eile. Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an chur chuige úr seo.

Ceann de na céimeanna tábhachtacha a ghlac mo Roinn chun cur i bhfeidhm praiticiúil na straitéise sa Ghaeltacht a chinntiú ná an clár tacaíochta teaghlaigh a thionscnamh. Faoin chlár seo, a sheol mé i mí Aibreáin 2012, tá raon beart idir lámha ag mo Roinn a bhfuil sé mar aidhm acu tacú níos fearr le teaghlaigh Gaeltachta atá ag súil le páiste agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. I measc na mbeart faoi leith atá curtha ar siúl cheana féin, is fíú a lua go bhfuil ardú suntasach ceadaithe san allúntas a chaitear faoi scéim na gcúntóirí teanga. Leis an infheistíocht bhreise seo, fágann sé go bhfuil allúntas ar fiú tuairim is €750,000 é curtha ar fáil sa bhliain reatha ag mo Roinn chun díriú ar dheiseanna saibhrithe teanga a chur ar fáil do pháistí bunscoile sa Ghaeltacht, chomh maith le deiseanna sealbhaithe teanga, áit a raibh an bhéim go dtí seo.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil éileamh maith ar an phacáiste tacaíochta teaghlaigh atá forbartha ag mo Roinn mar chuid den chlár atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt go sonrach do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil páistí réamhscoile le Gaeilge nó gur mhaith leo a bpáistí réamhscoile a thógáil le Gaeilge. Go dtí seo, tá 639 pacáiste dáilte ar theaghlaigh, lena n-áirítear 173 chuig seoltaí poist sa Ghaeltacht, 450 chuig seoltaí poist eile in Éirinn agus 16 seolta chuig teaghlaigh thar lear. Tá mé ag súil leis go mbeidh ar chumas mo Roinne cur leis an phacáiste sin sa tréimhse amach romhainn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Mar is eol don Teach, tá feidhm nua faoi Acht na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht, chomh maith leis an fheidhm sheanbhunaithe a bhí ag an údarás ó lá a bhunaithe maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá an dá fheidhm seo chomh tábhachtach lena chéile agus an Rialtas ag tabhairt tús áite do chruthú fostaíochta, chomh maith le haitheantas a thabhairt do chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Cinntíonn soláthar an Státchiste gur féidir leis an údarás leanúint air ag mealladh infheistíochta chun na Gaeltachta, ag tacú le bunú agus le buanú post sa Ghaeltacht agus ag tabhairt cúnaimh do phobail Ghaeltachta maidir le tograí teanga-lárnaithe, lena n-áirítear an phleanáil teanga.

Mar is eol don Teach, tá ról reachtúíl ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn. I measc na mórthionscadal atá idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair, tá an foclóir nua Béarla-Gaeilge agus an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Le linn mhí Eanáir, bhí ócáid stairiúil ann nuair a foilsíodh an chéad fhoclóir mór náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh foclóir de Bhaldraithe sa bhliain 1959. Ag díriú ar na riachtanais chomhaimseartha ón tús, is foclóir ar líne atá anseo. Tuigim go gcuirfear leis an ábhar ar líne ar bhonn leanúnach agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an leagan clóite a fhoilseofar sa bhllain 2015.

Dúshlán eile atá os comhair Fhoras na Gaeilge i láthair na huaire ná an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Tuigim go rí-mhaith an chonspóid a bhaineann leis an mórathrú seo, ach is é bun agus barr an scéil nach léir an bhfuil pobal na Gaeilge, Thuaidh ná Theas, ag fáil na seirbhíse is fearr ón chóras atá ann san am i láthair. Is deacair a rá go bhfuil an córas reatha inmharthana nuair atá 37%, nó €6.5 milliún, de bhuiséad an fhorais caite in 2012 ar 19 eagraíocht bhunmhaoinithe. Is deacair a rá fosta go bhfuil luach ar airgead á fháil nuair atá 77% den bhuiséad seo á chaitheamh ar chostais riaracháin agus gan ach 23% dírithe ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge. Dá bhrí sin, shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, ag ár gcruinniú san fhormáid teanga níos túisce an mhí seo, go gcuirfear pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe don bhunmhaoiniú a thabhairt isteach, samhail a chuimseoidh na straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh ar a dhéanaí. Socraíodh fosta síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go deireadh na bliana.

I ndeireadh an lae, is éard atá uainn uilig ná earnáil dheonach atá ag feidhmiú go héifeachtach, atá ag tabhairt luach ar airgead agus atá ag soláthar na seirbhísí atá de dhíth ar phobal na Gaeilge ar bhealach a thacóidh leis na stráitéisí ábhartha teanga, Thuaidh agus Theas.

Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair chun moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i dtaca le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin phróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha. Mar atá ráite i gclár reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh i mí Eanáir, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar thoradh ar an athbhreithniú atá déanta ag mo Roinn ar an Acht. Braitheann an t-amscála ar go leor tosca, lena n-áirítear an plé cuí leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus an sceideal reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Mar atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an acmhainn foirne chuí a bheith sa Státseirbhís chun freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo agus chun tógáil ar an obair a rinne an foras oiliúna Gaeleagras anuas tríd na blianta, ní miste dom an comhaontú leibhéil seirbhíse, atá aontaithe idir mo Roinn féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cúrsaí oiliúna agus creidiúnaithe sa Ghaeilge do Státseirbhísigh, a lua. Le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe seo, déanfar treisiú ar chumas na Státseirbhíse a cuid dualgas reachtúil a chomhlíonadh chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeilge. Is céim shuntasach eile í seo a thacaíonn le cur i bhfeidhm na straitéise.

Ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála i mí na Nollag 2012, tá beagnach €57 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i mbliana ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, lena n-áirítear an Foras Teanga, Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga. Ní miste a nótáil gur figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastacháin Athbhreithnithe a bheith faofa go han-luath.

Cé go bhfuil laghdú idir 4% agus 5% tagtha ar an bhuiséad reatha agus laghdú 10% tagtha ar an bhuiséad caipitil sna réimsí a thagann faoi mo chúram, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chomhlíonadh taobh istigh den soláthar atá againn.

Ní thógtar san áireamh sna figiúirí seo, ar ndóigh, an caiteachas a dhéantar i réimsí eile ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí craolacháin, gan trácht ar an raon leathan seirbhísí eile a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge.

Ag deireadh an lae, is rogha don duine aonarach é an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Leanfaidh an Stát ag cuidiú ar gach uile bhealach is féidir chun cur le heolas an phobail ar an Ghaeilge, chun deiseanna a chruthú leis an Ghaeilge a úsáid agus chun dearcadh dearfach i leith úsáid na Gaeilge a chothú i measc an phobail, mar atá ráite faoin straitéis. Is faoi gach uile dhuine agus faoi gach uile eagraíocht atá sé a chinntiú go leanfaimid orainn ag obair i gcomhar lena chéile chun spriocanna na straitéise a bhaint amach.

Beatha teanga í a labhairt. Má dhéanann an duine aonarach an rogha laethúil an Ghaeilge a labhairt, dhéanfadh sé sin difríocht shuntasach don teanga. Má leanaimid ag obair le chéile sa treo seo, is féidir linn an fhís a fhíorú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn níos forleithne. Is féidir le Seanadóirí a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, le gach iarracht, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, i dtreo a chinntiú go dtreisítear an Ghaeilge agus go dtéann sí ar aghaidh go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach as deis a thabhairt dúinn anseo sa Seanad, dara Teach an Oireachtais, an t-ábhar seo a phlé an tseachtain speisialta seo nuair atáimid ag ceiliúradh féile na hÉireann. Tá lúcháir orm mar Aire Stáit go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil anseo inniu mar a bhí sa Teach eile i rith na coicíse seo. Táim anseo le breis agus 30 bliain agus chonaic mé an Ghaeilge á labhairt agus chonaic mé nuair nach raibh an Ghaeilge láidir ach sa Dáil atá againn i láthair na huaire, agus sa Seanad i láthair na huaire, tá níos mó Gaeilge sa dá Theach. Tá níos mó Gaeilge ag na ceannairí, ag na hurlabhraithe, ag na cathaoirligh, ag gach duine ná mar a bhí le fada an lá. Tá an dul chun cinn atá á dhéanamh istigh anseo mar scáthán ar an dul chun cinn a fheicim agus mé ag taisteal ar fud na tíre, ó Dhún na nGall go Tiobraid Árann go Corcaigh agus Ciarraí, Ceatharlach, Cluain Dolcáin, go Ros Comáin, áit a raibh mé le deanaí.

Agus go Contae Laoise.

Fiú i gColáiste na Trionóide. Bhí mise sa choláiste ansin agus mé i mo bhuachaill óg ag scéalaíocht. Cé a thug cuireadh isteach dom chun sin a dhéanamh ná Máirtín Ó Cadhain, a bhí ina ollamh ansin ag an am. Bhí mé an-óg ag an am agus bhí eagla orm ag dul ann de bharr na haeráide a bhí ann ach cuireadh fearadh na fáilte romham.

Gabhaim buíochas le Seanadóirí, Teachtaí agus gach duine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge chomh minic sin agus chomh fonnmhar sin. Is scáthán é, mar a dúirt mé, it is a mirror, ar an méid atá ag dul ar aghaidh ar an taobh amuigh. Is féidir linn bheith iontach diúltach sa tír seo, ag caitheamh anuas faoi rudaí, ach tá amanna gur féidir linn bheith deimhneach agus moltach chomh maith agus is é seo an t-am chun é sin a dhéanamh chomh fada agus a bhaineann sé le labhairt agus le húsáid na Gaeilge.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Molaim go hard é de bharr a shaothair féin ag saothrú chultúr na Gaeilge. Níl aon amhras ná go bhfuil a chroí san áit cheart agus tá a theanga san áit cheart freisin, i lár an aonaigh. Is maith an rud go bhfuil Aire Stáit againn leis an Ghaeilge ar a thoil aige agus ní gá ach féachaint ar "Primetime" cúpla oíche ó shin - bhí an t-ádh linn go raibh an tAire Stáit ar fáil chun an Ghaeilge a chosaint an oíche sin.

Tá an ceart ag an Aire Stáit. Tá sé tráthúil an straitéis a phlé agus Seachtain na Gaeilge a ceiliúradh againn mar tá sé cruthaithe ag Seachtain na Gaeilge le blianta anuas nuair a dhírítear ar an Ghaeilge go poiblí, tá daoine ann a bhfuil sé ag teastáil uathu bheith páirteach sa ghníomh sin. Tréaslaím leis na heagrais atá i mbun na hoibre sin mar tá an obair ag tarlú i measc an phobail agus tá sin thar a bheith tábhachtach.

Le blianta anuas tá dea-thoil ann don Ghaeilge. Má amharcaimid siar ar na 1950dí agus 1960dí, bhí an díospóireacht ag an am ní hamháin diúltach ach nimhneach chomh maith. Bhí dúshlán ann don Ghaeilge ag an am le dreamanna ar nós LFM ach sheas daoine an fód nuair a bhí na díospóireachtaí sin ar siúl.

Sin cuid de stair na teanga anois, nuair a bhí daoine diúltach faoin Ghaeilge. Cuid den díospóireacht, ní raibh sí ró-chiallmhar nuair a smaoinímid uirthi. Bhí daoine ag cur ceiste cén mhaith an Ghaeilge agus imirce i ndán do dhaoine. Ní hionann an dá rud ar chor ar bith. Seasann an Ghaeilge ann í féin. Is rud luachmhar í an Ghaeilge mar tá traidisiúin agus stair agus gach uile rud ceangailte léi. Anois, aithníonn daoine é sin, níl an díospóireacht diúltach ann a thuilleadh.

Anois, tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge atá acu, beag nó mór, a húsáid. Chun sin a dhéanamh, ní cóir féachaint ar an Ghaeilge mar ábhar scoile amháin. Caithfimid smaoineamh ar an timpeallacht lasmuigh agus ceann de na ceisteanna a thagann chun tosaigh go minic ná conas is féidir le daoine freastal ar scoil go ceann 14 de bhlianta agus gan mhuinín acu an Ghaeilge a labhairt tar éis sin. Bhí mé ag caint ag ócáid aréir a bhain leis an Ghaeilge ag dream a thagann le chéile chun Gaeilge a labhairt, agus luaigh mé na daoine a deir nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Dá mbeadh an méid chéanna Fraincise acu, bheinn lán-chinnte go ndéarfaidís go bhfuil siad líofa sa teanga sin.

Caithfimid díriú isteach air sin - tá Gaeilge ag daoine a d'fhreastal ar scoil. Molaim an Seanadóir Brennan ansin mar le blianta fada anuas anois, tá an bheirt againn ag cleachtadh na Gaeilge agus tugann sé dea-shampla nach gá líofacht ná Gaeilge acadúil a bheith ag duine, ach an méid atá ag duine a úsáid go ginearálta.

Sa Teach seo, bíonn na huiséirí lán-sásta i gcónaí Gaeilge a labhairt. Nuair a thosaíonn duine ag labhairt leo as Gaeilge, tá sé nadúrtha leanúint ar aghaidh leis sin. Tugaim i gcónaí "the breaking of the sound barrier" air sin mar sin atá i gceist. Uaireanta bíonn daoine cúthaileach agus neirbhíseach tosú ach nuair a thosaíonn duine amháin, tagann an rithim isteach.

Tá súil agam nach fada uainn an lá nuair nach mbeimid ag caint faoin Ghaeilge ar chor ar bith ach go mbeimid ag caint faoi an-chuid ábhar i nGaeilge. Tarlaíonn sin sa Teach seo, déanann an Seanadóir Ó Clochartaigh é sin beagnach gach maidin. Tosaíonn sé leis an Ghaeilge maidir le gach ábhar atá á phlé. Dúirt mé an rud céanna leis an ghrúpa a luaigh mé. Nuair a thagann siad le chéile gach mí, níl an Ghaeilge á plé acu, bíonn aoi-chainteoir acu ar ábhair éagsúla, agus cuid acu iontach ard-nósach, ach tá siad á bplé tríd an Ghaeilge. Caithfimid díriú ar úsáid na Gaeilge go nadúrtha.

Bíonn díomá orm nach bhfuil níos mó Gaeilge ar RTÉ. Tá sár-obair á déanamh ag TG4, atá tar éis spreagadh mór a thabhairt don Ghaeilge, agus ag Raidió na Gaeltachta, ach ní hionann sin agus a rá go mbeadh ghettoisation a dhéanamh leis an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil.

Le déanaí, chuala mé cúpla abairt as Gaeilge ag deireadh na nuachta Béarla. Tá sé sin á dhéanamh i rith Seachtain na Gaeilge. Is sampla é sin den Ghaeilge ag teacht amach. Is cuimhin liom go mór nuair a tháing an Pápa chun na tíre seo. Nuair a labhair sé cúpla focal as Gaeilge, fuair sé bualadh bos ó na mílte duine a bhí i láthair. Tharla sé sin mar go bhfuil mórtas cine go smior i ngach duine. Níl aon amhras faoi. Bíonn áthas ar dhaoine nuair is léir dóibh go bhfuil ómós á thabhairt don Ghaeilge, go mórmhór nuair a thagann an t-ómós sin as daoine lasmuigh d'Éirinn.

Ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn san Oireachtas. Tá súil agam nach mbeidh aon easaontas riamh eadrainn. Tá géarghá le aontas maidir leis an nGaeilge anseo. Ní cheart dúinn cnámh spairne polaitiúil a dhéanamh as an teanga. Caithfimid a rá go bhfuilimid go léir ar son na Gaeilge. Má táimid i bhfábhar na Gaeilge, caithfimid cabhrú le chéile. Bhí sé tábhachtach gur chuireamar an straitéis 20 bliain chun cinn d'aon ghuth. Bhíomar go léir sásta a rá go raibh géarghá le straitéis. Ní leor rialacha agus coinníollacha, i mo thuairim. Muna bhfuil dearcadh dearfach - positive attitude - ag an duine i dtaobh na Gaeilge, is cuma faoi reachtaíocht mar ní dhéanfar aon dul chun cinn.

Baineann sé seo leis an méid atá ag tarlú sa Státseirbhís. Tá sé de dhualgas ar 600 comhlacht poiblí seirbhís dhátheangach a sholáthar. Ní maith liom féachaint ar mar dhualgas, áfach. Ba cheart go mbeadh na comhlachtaí sásta é a dhéanamh go dearfach. Muna dtarlaíonn sé sin, tabharfaidh na daoine gur mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge faoi ndeara go bhfuil leisce ar Státseirbhísigh an tseirbhís sin a sholáthar. Tá an-chuid Státseirbhísigh maithe ann. Déanaim formhór mo chuid gnó leo trí mheán na Gaeilge. Mar shampla, déanaim mo chuid gnó leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Ghaeilge. Uaireanta bíonn sé deacair na foirmeacha a thuiscint, ach is féidir é a dhéanamh.

Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na hoibrithe sna Ranna Stáit in ann gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Is ionann é sin agus a rá go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu. Muna bhfuil, ba chóir go mbeadh traenáil ar fáil dóibh. Cloisim go bhfuil sé i gceist traenáil a chur ar fáil do na gardaí. Aon uair a rinne mé iarracht gnó a dhéanamh leis na gardaí i nGaeilge, bhíodar sásta é a dhéanamh. Is ceart a rá nach raibh sé i gceist acu mé a chur i bpriosún nó aon rud mar sin. Nuair a stopann na gardaí mé ar an mbóthar, labhraím an Ghaeilge leo go minic agus bíonn siad lán-sásta í a labhairt liom. Tá súil agam go ndíreoidh an Rialtas isteach ar an Státseirbhís.

Tá an córas oideachais mar bhunchloch eolas na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint agus struchtúr críochnúil ann maidir leis an nGaeilge ar gach leibhéil. Ba mhaith liom go mbeadh labhairt na Gaeilge chun tosaigh ar an mbunleibhéal. Tá léamh na Gaeilge agus scríobh na Gaeilge thar a bheith tábhachtach freisin. Tá súil agam go mbeidh béim curtha ar na rudaí atá luaite sa straitéis maidir le cúrsaí oideachais. Tá laige de shaghas ag múinteoirí bunscoile maidir le húsáid agus tuiscint na Gaeilge. Níl sé ar a gcumas ag cuid acu obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá an fhadhb sin ag fás diaidh ar ndiaidh.

Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis an straitéis. Tá súil agam go dtiocfaidh tuarascálacha ar ais ag léiriú cén dul chun cinn atá á dhéanamh, go mórmhór ag na comhlachtaí poiblí agus an Státseirbhís. Is seachtain í seo chun an Ghaeilge a cheiliúradh. Tá súil agam go n-úsáidfidh an pobal an Ghaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. Cé go bhfuil tábhacht ag baint le rialacha, coinníollacha agus reachtaíocht, ní dhéanfaimid go leor dul chun cinn muna dhéanann daoine iarracht an Ghaeilge a labhairt.

Tá an focal "grá" thar a bheith tábhachtach. Thóg mé faoi ndeara gur úsáideadh an focal "grá" i litir a scríobhadh chuig an Irish Independent inniu: "I was delighted to see that quite a few people still have a great 'gra' for our native language". Is é "grá" an focal is tábhachtaí. Nuair a théann daoine ar laethanta saoire agus tógann siad faoi ndeara go bhfuil teangacha eile á labhairt i dtíortha eile, is minic a dhéanann siad iarracht cúpla focal Gaeilge a úsáid. Bíonn an grá agus an tíorghrá i gceist ansin.

Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an Aire Stáit. Molaim arís an obair atá ar siúl aige. Is fiú éisteacht leis an nGaeilge atá aige. Tugann sé spreagadh dúinn go léir, díreach cad atá ag teastáil i láthair na huaire. Caithfear an náisiún ar fad a spreagadh le grá a thaispeáint don Ghaeilge agus an teanga a úsáid.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Seanadóir Norris.

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá brón orm, ach caithfidh mé caint as Béarla. As I mentioned privately to the Minister of State, I prepared my speech in English yesterday because I did not feel confident to prepare a speech in Irish. I thought I would be able to have it translated, but I was told that could not be done because it is not a piece of legislation. I find it disappointing that we do not have the facility to translate a speech into Irish.

I would probably have been able to put a speech together in Irish if more time had been available to me. I simply did not have the time this week. I was disappointed to learn I could not have it translated for me. I ask the Minister of State to do something about the matter. I am embarrassed to have to speak in English about the Irish language. I am afraid that if I tried to speak in Irish, I would come out with Italian, French or German. I am an honours graduate who spoke very good Irish in school and spent a great deal of time in the Gaeltacht. I have spent a great deal of time in Europe in more recent years. Whenever I try to speak Irish, I am inclined to come out with Italian because I have a degree in that language. These are my own problems. I thought I would mention them. Perhaps I should spend a few weeks in the Gaeltacht when time allows to try to improve my Irish. I would be proud to speak Irish.

I welcome the Minister of State and thank him for his work. I welcome this timely discussion on the Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Seachtain na Gaeilge is a good time to assess where we are at with regard to the strategy. I note with interest that an Irish language programme is being created for gardaí. We have heard about that in recent days. I was also interested to hear the recent comments of the Irish language commissioner who claims that this country's Irish language policy is in crisis. A report recently commissioned by his office notes a 5% increase in complaints about problems dealing with State services through the medium of Irish. Some 734 new complaints were made in the year covered by the report. The 5% increase I have mentioned equates to an additional 37 complaints by comparison with the previous year. When one considers the relative ease with which communication is conducted and complaints are received nowadays, this is hardly a foundation on which to describe something as a crisis. My office receives approximately 30% more correspondence than it did a year ago. This sort of inflammatory language does nothing to help us to draw up a calm and well thought-out policy in this area.

Much of the report and much of what Mr. Ó Cuirreáin says is borne of a defensiveness that has no place in a debate that is taking place at a time when we are cutting spending across the board. We are attempting to decrease our spending by another €8 billion. We are trying to decrease costs while keeping services intact. Beyond this, there is a need to focus on the positive, for example by focusing on the Gaelscoileanna movement, which was discussed in this House during our last debate on the Irish language. Gaelscoileanna are continuing to thrive in Ireland, as evidenced by the increase of 13% in the number of children attending such schools. Across the country, sentiment with regard to the idea of Gaelscoileanna is continuing to rise. We must also look to the Irish language arts, which are continuing to thrive in a challenging environment, as the arts always do.

We must continue to encourage the next generation to embrace the language and to find it a useful conversational tool. I should include my generation in this also. This is a challenge that has eluded us for a number of generations, but the Minister of State has grasped it.

As we know, this 20-year strategy for the Irish language is built on the foundation of the constitutional status of the language and follows on the Government statement on the Irish language published in December 2006. Things have changed utterly since then, yet we are doing everything possible to uphold the strategy and to ensure the Irish language prospers between now and 2030. That statement set out 13 policy objectives to that end. In objective 1, the special status given to the Irish language in the Constitution and in legislation, such as the Official Languages Act 2003, the Education Act 1998, the Planning and Development Act 2000 and the Broadcasting Act 2001, will be upheld. This is being done.

Objective 2 states the Official Languages Act will be fully implemented. Despite recent breaches, ongoing efforts are being made to fulfil this objective. Objective 3 states the Irish language community, inside and outside the Gaeltacht, will be encouraged and supported to transmit the Irish language to the next generation as a living household language. As we have seen recently, the Minister has undertaken significant measures in this regard. Objective 4 provides for the Gaeltacht to be given special support as an Irish-speaking area. Objective 5 provides that Irish will be taught as an obligatory subject from primary to leaving certificate level. The curriculum will foster oral and written competence in Irish among students and an understanding of its value to us as a people. This is ongoing.

Objective 6 states a high standard of all-Irish education will be provided to school students whose parents or guardians so wish. Gaelscoileanna will continue to be supported at primary level and all-Irish provision at post-primary level will be developed to meet demand. Despite challenges on resources, the school building programme continues undiminished, underlining the investment we are undertaking in our future, highlighting that for the Government, education is a priority. We endeavour to uphold this objective.

Objective 7 has proved challenging, given the current circumstances. It states Irish language preschool education will continue to be supported and third level education through Irish will be further developed. Objective 8 states the State will continue to support Foras na Gaeilge in the context of the British-Irish Agreement Act 1999. Objective 9 sets out that high quality broadcast services through the medium of Irish will be ensured, particularly through the continuous development of RTE - I note Senator Labhrás Ó Murchú's comments in this regard - Raidió na Gaeltachta and TG4. Our investment in this area has continued and will continue for the lifetime of the Government. The Minister of State may want to look into this further, particularly with regard to RTE.

Objective 10 states every support will be given to the European Union in implementing the decision to make Irish a working and official language of the Union from 1 January 2007. This has happened. Objective 11 adds that in order to promote Irish nationally and to preserve and strengthen it in the Gaeltacht, the work being done by the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht and by agencies and bodies under it will be reinforced. This is a vague objective and needs to be tightened up if we are to have any idea of how to measure its success.

Objective 12 relates to the use of the Irish language by An Garda Síochána. I am interested in hearing the Minister of State's comments on the recent revelation indicating An Garda Síochána was found to be among the bodies at fault in this regard. An investigation found that eight out of nine gardaí assigned to servicing Gaoth Dobhair in the Donegal Gaeltacht were unable to carry out their duties through Irish. As a result, an Irish language programme is being created for gardaí in Gaeltacht areas.

While we face challenges in meeting the 13 objectives, the challenging environment must be acknowledged. We must also acknowledge the committed effort of the Minister of State to navigate a difficult terrain in terms of funding. While I believe we are on course to meet many of the 13 objectives, we should look at correcting our course now and at amending some of these objectives to make them more practical.

Tá trí rudaí le rá agam ar dtús. Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Noone agus gabhaim leithscéal ó na Seanadóirí eile mar nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach agam anois. Nuair a bhí mé óg agus i mo mhacléinn san Ardscoil i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath bhí múinteoir ann, Prionsias MacPadar, ó Chorcaigh agus tar éis ceachtanna a fháil uaidh thit mé i ngrá leis an Ghaeilge agus fuair mé onóracha sa mheánteist agus san ardteist -----

----- agus thit mé i ngrá leis an litríocht, go mórmhór na scríbhneoirí ón Bhlascaod Mór, oileán beag amach ó chósta na hÉireann. Just think about it, three masterpieces from one tiny island; "Fiche Bliain ag Fás" le Muiris Ó Súilleabháin, a beautiful title, "Peig" and "An t-Oileánach" le Tomás Ó Criomhthain. Agus tá na dánta nó an fhilíocht go hiontach ar fad. It is wonderful how appropriate the poetry is and how natural it is. Some of us were talking the other day and Raifteirí and Lá Fhéile Bríde were mentioned.

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh,’S tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol,

It is wonderful to think of raising one's sail.

"Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche

Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.

I gClár Chlainne Mhuiris bheas mé an chéad oíche

’S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól;

Gabh mo leithscéal, I am taking the Senator's time.

Tá mé aosta anois agus ní maith liom an Ghaeilge nua. Mar shampla, b'fhearr liom an cló Gaelach. D'úsáid mé an cló Gaelach nuair a bhí mé óg agus ag scríobh agus it was absolutely wonderful. Le críoch, tharla a lán rudaí deasa le linn an toghchán uachtaránach deireanach, but one of the best of those was the debate as Gaeilge on Teilifís na Gaeilge in Indreabhán. The hacks, whom I loathe and despise, uniquely and severally, did one lovely thing for me then, they awarded me a tied first place in that debate with Michael D. Higgins. It came as such a surprise to them that a the little Protestant fairy from Coláiste na Trionóide could waltz in and speak Irish, even haltingly. Trinity College Dublin has a glorious record in that regard, going back as far as the great Bishop Bedell who translated the Book of Common Prayer into Irish, and Queen Elizabeth provided the first Irish print font there.

The final thing I will say - this is a secret and not many people know it; I probably should not even say it - is that a number of my colleagues in the presidential race, not the current President who is very fluent in Irish, had no Irish at all. They had to have their Irish written up on screens phonetically for them. It was obvious from the way they spoke, they did not have a clue what they were saying. That is rather sad. Is fíor é an seanfhocal "Tír gan teanga, tír gan anam".

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach. Tá brón orm nach mbeidh mé ag caint i nGaeilge. I really wish I could and feel embarrassed that I cannot.

I would like to take up a point raised by Senator Labhrás Ó Murchú about the importance of Irish and how we all studied it. I studied Irish and loved it. It was one of my favourite subjects from the age of four until I left school.

I felt that I left school with a high level of competency in Irish but since then I have not spoken it publicly because of a lack of confidence. I know the Irish department here offers excellent services throughout the Oireachtas and it is something I intend to follow up. It is such a beautiful language and I commend Senator Trevor Ó Clochartaigh for the Irish he uses every morning on the Order of Business. I have a problem translating it, I admit, but I envy his dialect and pronunciation.

The main objectives of the 20-year plan are to increase the number of daily Irish speakers outside the education system from 83,000 to 250,000, to increase the number of Irish speakers in the Gaeltacht by 25% and to increase the number of people who use State services through Irish and who can access television radio and print media through the language. I welcome the fact that under the Gaeltacht Act 2012, the Gaeltacht will in future be based on linguistic criteria instead of the geographic areas, which had been the position to date. When I first read this, as someone who had travelled to the Gaeltacht often, I could see the logic behind it. It will further safeguard the areas where 66% of the population are daily Irish speakers and increase the concentration of Irish speakers in the area. In places outside the Gaeltacht, statutory provisions are being drawn up for Irish language networks. There will be a particular focus on urban areas where there is already a support system in place for progressive plans for the language within schools, communities and a concentration of population, as well as State support.

This will bring a wonderful opportunity to towns like Dundalk, that has a vibrant and enthusiastic Irish speaking community and a strong link with the Gaeltacht region of Rann na Feirste in Donegal. I sent all of my children to Rann na Feirste and they have built up a huge love of Irish, with one of them now studying Irish at third level because of that love and her experience of speaking Irish all the time in Rann na Feirste. That has had an influence on the whole family. I sent them to the Gaeltacht because I never got the opportunity to study there but I recognise the importance of acquiring a second language at a young age, which is crucial in a child's education. I agree with Senator Ó Murchú's remarks that if we could all speak French half as well as we speak Irish, we would definitely say we are fluent in that language. We all have some Irish to an extent.

It is welcome that a language plan will be drafted for every Gaeltacht. This shows the Government's dedication to the straitéis 20 bliain. This move is an acknowledgement of the decline of the use of Irish in the Gaeltacht and a realistic approach to finding a solution. These language plans, once approved, will be monitored, reviewed and observed by the Department to ensure the highest uptake of the language in each area.

I particularly welcome the family language support programme to support parents from the Gaeltacht who are raising their children through Irish, or Irish speakers who wish to raise their children through Irish inside and outside the Gaeltacht. If this programme is continually supported, it will give rise to a new generation of bilingual speakers who will be better able to communicate with their peers, have a deeper sense of self, not to mention the academic benefits that are associated with the introduction of a second language in the early years of a child's life. I welcome the fact Dundalk's first meánscoil will open in September, Coláiste Lú, which will be run by County Louth VEC. Having spoken to Dr. Pádraig Kirk, the CEO of Louth VEC, I know there has been a fantastic uptake on enrolment, not only for this September, but for future years. That is wonderful to see. Recently the school held its open day, which was a huge celebration for Irish. This is a completely new venture for Dundalk and County Louth and I welcome it wholeheartedly.

We are still very much in the establishment years of this strategy, but there is an enthusiasm and energy for the Irish language. Organisations such as Foras na Gaeilge and Conradh na Gaeilge are firm pillars of support in the promotion of Irish in an academic and a social context. Before I was a Senator, I was a music teacher. I had a great love of teaching traditional Irish music in my spare time. I was very involved with Slógadh and competitions run by Gael Linn. That was the only time I used my Irish after leaving school because it was a great opportunity for all of us. Perhaps we could revive Slógadh. I know there are many similar competitions but within the school setting it was a brilliant way to get through. This was before cooperation between different subject areas and it gave a great opportunity for the Irish department and music department in the school to come together. Sometimes we entered larger competitions and sometimes we composed and went to agallaimh and cabarets. It was a lovely way to encourage students to speak Irish.

Both 2012 and 2013 have seen great progress in the field terminology of Irish. With the publication of the revised Caighdeán Oifigiúil in 2012, and An Foclóir Nua English-Irish dictionary, which went live online at the beginning of the year. These advances in the terminology of Irish will ensure the future of the language as the work means the language will remain as contemporary as possible and will be better able to serve its speakers.

The demand for education through Irish is increasing year on year and has expanded from primary and secondary school education into third level courses that are now being provided through Irish by Fiontar in DCU and Acadamh in NUIG. My own daughter obtained her degree through Fiontar in DCU, an excellent course. It is fantastic to see so many students there and she is now pursuing further studies in léann teanga in Acadamh in NUIG. The Irish language comes to her so naturally that when I speak to her on the phone, she will start to speak Irish and I will have to tell her that I had no idea what she had said and she will reply that she does not know the English for what she is saying. That sense of belonging and pride is wonderful.

The course that was developed this year to meet the increasing demand for skilled Irish speakers who are highly trained in the language to act as translators and interpreters shows the importance, respect and status enjoyed by Irish in recent years. This status is recognised and supported by the 20 year strategy and will be nurtured throughout the process.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Molaim na Seanadóirí Ó Murchú, Noone agus Moran, agus molaim an Seanadóir Ó Clochartaigh go háirithe, as an Ghaeilge líofa atá aige.

Mhol an tAire Stáit Máirtín Ó Cadhain agus tá an traidisiún sin ann go fóill le Cathal Ó hÁinle, Eoghan Mac Cárthaigh agus Máire Ní Bháin. Bhunaigh Henry Flood, ball Pharlaimint Grattan an traidisiún sin. Chuir sé airgead isteach i roinn na Gaeilge sa choláiste ansin agus tá an t-airgead ag teacht isteach go fóill 200 bliain ina dhiaidh sin.

Bhí imní orm faoi alt amháin i scríbhinn an Aire Stáit inar dhúirt sé go raibh 77% den bhuiséad á chaitheamh ar chostais riaracháin, agus gan ach 23% dírithe ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge.

Aontaím leis an Aire Stáit gur cheart an figiúr de 77% a laghdú. Tabharfaidh mé cabhair dó é sin a dhéanamh. Tá an figiúr sin ró-ard.

Ba mhaith liom a rá i dtosach báire, agus muid ag caint faoin straitéis 20 bliain, nach dtaitníonn an focal "straitéis" liom. Níl aon chiall ag baint leis. Níl ann ach leithscéal le haghaidh cur amú ama. Is dócha gurb é aidhm na straitéise ná an teanga a chaomhnú, ach is baolach go bhfuil mo mhuinín san ábhar seo ag laghdú ó thosaíomar ag déileáil leis. Tá brón orm a dhearbhú arís gur droch-chinneadh a bhí ann deireadh a chur le toghadh na n-ionadaithe Gaeltachta chuig bhord an údaráis. Go simplí, tá meas agus cearta vótála tuillte ag an mionlach sin, de réir ghnáthchearta an duine, agus ní chóir iad a bhaint uathu. Ní raibh níos mó ná cúpla líne faoi Údarás na Gaeltachta in óráid an Aire Stáit.

Is í an Ghaeltacht an mhór-áit bunúsach a forbraíonn an teanga go nádúrtha, faoi mar a dhéanann a leithéid de Wayne Rooney nó Roddy Doyle leis an mBéarla. Is í an Ghaeltacht an áit ina bhfaightear teanga dúchasach an lae inniu. Foghlaimíonn daltaí an Ghaeilge ó leabhair, ach níl aon mhaitheas leis an teanga muna éalaíonn siad os na leabhair anois is arís. I mo bharúil, tá an Ghaeltacht chomh mór le rá san obair seo mar go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann. Tá sé riachtanach go bhfuil áit ar fáil inar féidir le scoláirí an teanga a labhairt agus a chleachtadh. Is í an Ghaeltacht an áit beoga seo. Tá mé buartha go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeltacht de bharr an rogha a rinneadh maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Nuair a chuaigh mé go dtí Loch an Iúir agus Rann na Feirste, a thagair an Seanadóir Ó Móráin, chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm. D'éist mé leis an nGaeilge agus labhair mé an teanga freisin.

Barainneacht bréagach a bhí ann nuair a rinne an Rialtas an cinneadh seo - toghcháin Údarás na Gaeltachta a chur ar ceal - agus é bunaithe ar coigilt airgid. Bhí seans againn na toghcháin Gaeltachta a eagrú in éineacht leis na toghcháin áitiúla, Eorpacha nó uachtaránacha, nó fiú le reifreann. Ní raibh deis ag muintir na Gaeltachta an polasaí i dtaobh 40% iarrthóirí baineann a chuir i bhfeidhm. It would have been superb if a Gaeltacht election had taken place with 40% of the candidates being women. A major oppotunity was missed when we abandoned the Gaeltacht election. It was a blow for women and a blow for an teanga. An bhfuil polasaí amháin i bhfeidhm do formhór na tíre agus polasaí eile i bhfeidhm don Ghaeltacht? Bhí reachtaíocht na bliana seo caite soiniciúil agus neamh-dáiríre. Rinne sé lobhair as muintir na Gaeltachta, go háirithe mná na Gaeltachta. Chun na fírinne a rá, d'fhulaing mé easpa muiníne i ndiaidh na reachtaíochta sin. D'iarr Seanadóirí orm cén fáth nach raibh mé ag labhairt na Gaeilge chomh minic.

Ábhar éadóchais a bhí ann dom nuair a chur an Rialtas na toghcháin ar ceal. Is dóigh liom gur dearmad mór a bhí ann. Ba léir nach raibh éinne ag éisteacht linn. Ní raibh an Státseirbhís nó an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag éisteacht linn. Bhí an Gailearaí folamh. An bhfuil a fhios ag an móramh faoin damáiste atá déanta anseo? Ní mise amháin atá tar éis teacht ar an tuairim seo. De réir The Irish Times i rith na seachtaine, dúirt an Coimisinéir Teanga ina dtuarascáil bhliantúil nár "sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl". Ba cheart go mbeadh an tír seo ag lorg daonlathaigh seachas postacháin nó placemen. Bhí bearna ann idir deireadh an t-údarás daonlathach i mí Meán Fómhair agus tosach an replacement údarás i mí na Samhna nuair nach raibh priority á thabhairt ag an Aire Stáit nó an Rialtas don Ghaeltacht. Is fearr liom daoine a toghadh i dtoghcháin ná postacháin. Rinneadh dearmad mór sa chás seo.

Tá sé riachtanach go mbeadh seans ag muintir na Gaeltachta páirt a ghlacadh i saol daonlathach na tíre seo agus an teanga a choimeád beo. Ba cheart go mbeadh deis ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht chun an teanga a fhoghlaim. Tabharfaidh sé sin seans don teanga forbairt go nadúrtha, ionas nach mbeimid chomh gafa le Gaeilge na leabhair as seo amach. Is fiú an teanga a chaomhnú, ar ndóigh. Is léir nach bhfuil an córas seo ag obair. Níor thug an Rialtas cothrom na féinne do mhuintir na Gaeltachta. Go mormhór, níor thug an Rialtas cothrom na féinne do mhná na Gaeltachta. Is mór an trua é sin. Gabhaim buíochas arís leis an Aire Stáit.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, atá ar ais sa Seanad inniu le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Ní bhfuair mé onóracha nuair a bhí mé ar scoil. Tá mé an-bhródúil gur thug an máistir a bhí agam sa scoil náisiúnta mo theanga féin dom. Tá mo chuid Gaeilge ina codladh faoi láthair ach tá mé ag iarraidh í a chleachtadh ionas go dtiocfaidh sí ar ais. Ag deireadh an lae, is rogha an phobail é an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Cuideoidh an Stát ar gach bealach ar féidir leis cur le heolas an phobail ar an nGaeilge, deiseanna a chruthú an Ghaeilge a húsáid agus dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú, mar atá ráite sa straitéis 20 bliain. Ní féidir leis an Stát gach uile rud a dhéanamh, áfach.

Má dhéanann pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta rogha laethúil an Ghaeilge a labhairt, déanfaidh sé sin difríocht mhór. Má oibríonn muid go léir le chéile sa treo seo, is féidir linn an fhios a bheith againn go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go forleathan sa tír seo. Tá seanfhocal a chuala muid go léir fadó, "Ní neart, go cur le chéile." Is é mo thuairim go bhfuil muid ábalta níos mó a dhéanamh le chéile chun ár dteanga fhéin a chur chun cinn. Mar shampla, caithfidh tuismitheoirí cabhrú le leanaí agus iad ag déanamh a gceachtanna. Is féidir leo na leabhair Ghaeilge a léamh leo agus iad ag déanamh a gceachtanna. Bheadh sin an-tábhachtach ar fad do leanaí atá ag freastal ar scoileanna náisiúnta. Iarraim ar thuismitheoirí ar fud na tíre cabhair mar seo a thabhairt do leanaí óga anois agus arís. Cothóidh sé sin an-suim i bpáistí óga ina dteanga dhúchais.

Maidir le múinteoirí sna scoileanna náisiúnta, iarraim orthu spraoi a chothú le na páistí óga agus iad ag múineadh na Gaeilge. They should make it fun to learn Irish. Ba cheart go mbeadh an-spórt ag na páistí agus iad ag labhairt Gaeilge. Dhéanfadh sin difríocht mhór agus thabarfadh sé dearcadh níos fearr do na páistí i leith na Gaeilge. Maidir le réaltaí spóirt, ba mhaith liom comhghairdeas a thabhairt do roinnt réaltaí spóirt, mar shampla an dornálaí iontach Bernard Dunne atá ag déanamh a fiche dhícheall a theanga fhéin a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá iarracht maith á dhéanamh ag peileadóir rugbaí idirnáisiúnta, Luke Fitzgerald. Chonaiceamar sa pháipéar é cúpla lá ó shin agus tá Gaeilge líofa aige. Duine eile ná Seán Óg Ó hAilpín agus tá neart daoine eile atá páirteach i gcúrsaí spóirt ag déanamh a ndícheall. Tá daoine spóirtiúil eile atá an Ghaeilge go flúirseach acu agus iad bródúil í a úsáid chomh minic agus is féidir, agus tá daoine nach bhfuil ach cúpla focal acu sásta an rud céanna a dhéanamh.

Maidir leis na Seanadóirí sa Teach seo, tá Gaeilge an-mhaith ag an chuid is mó díobh. Nílimid ar fad chomh maith ag labhairt na Gaeilge le mo chara an Seanadóir Ó Clochartaigh, a thug cabhair dom réitiú don díospóireacht seo, ná leis an Seanadóir Ó Murchú. Is é mo thuairim go bhfuil oibleagáid orainn go léir cúpla focal a labhairt chomh minic agus is féidir linn sa Seanad agus a bheith bródúil as an Ghaeilge. Inné, sa Teach seo, bhí mé ag caint le buachaillí agus cailíní ó scoil náisiúnta Choillte Maghach i gContae Mhaigh Eo. Thosaigh buachaill amháin ag caint liom mar chonaic sé m'fháinne óir. Ba chóir go mbeadh siombail á caitheamh ag gach éinne ag a bhfuil Gaeilge acu, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu. Nuair a fheicim an fáinne agus nuair a bhfeiceann daoine eile an fáinne, labhraíonn muid cúpla focal Gaeilge.

Tá an t-am caite.

Mar fhocal scoir, an t-aon difríocht atá idir Éire agus aon tír eile ná ár dteanga fhéin. Seo seachtain na Gaeilge agus caithfimid go léir níos mó a dhéanamh don Ghaeilge. Rugadh agus tógadh an tAire Stáit, an Teachta McGinley, sa Ghaeltacht agus tá sé ina chónaí sa Ghaeltacht freisin. Níl aon Aire eile san Oireachtas a bhfuil an fios céanna aige nó aici ar chéard atá le déanamh againn dár dteanga in the next 20 years. Tá croí an Aire Stáit san obair agus tá sé ag déanamh a dhícheall. Tá sé san áit cheart.

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Tá cuid mhaith le rá agam faoin mhéid atá faoi chaibidil againn. Sílim gur é an rud is suntasaí a dúirt an tAire Stáit ná go bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn córasach seachas ar bhonn ad hoc. Ba bhreá liom fáil amach céard atá i gceist aige le sin. Sílim go bhfuil An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge againn, ach ní dóigh liom gurb í an straitéis céanna atá an Rialtas seo ag cur i bhfeidhm. Sílim gur ráiméis 20 bliain don Ghaeilge atá ar bun ag an Rialtas i ndáiríre píre.

Táim chun dul tríd an straitéis agus an méid atá aontaithe inti go pointeáilte. D'aontaigh gach páirtí leis an straitéis, ach ní fheictear dom go bhfuil an Rialtas ag leanacht na straitéise chéanna a d'aontaigh muid. Ba bhreá liom dá ndéanfadh an tAire Stáit soiléiriú dom faoi sin. Luadh cheana cuid de chuspóirí na straitéise. Cuspóir amháin ná go seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an Ghaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an tAcht Oideachais etc. Is léir nach bhfuil an Rialtas ag seasamh le Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a léitear tuairisc oifig an Choimisinéara Teanga.

Deirtear sa straitéis go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Cén chaoi is féidir leis an Aire Stáit suí ansin agus a rá liom go bhfuil sé ag aontú leis an straitéis ó thaobh chuspóir a dó de agus an scéal atá nochta i dtuairisc an Choimisinéara Teanga, a labhraíonn faoi na scéimeanna teanga a bhfuil Roinn an Aire Stáit freagrach astu atá ceaptha a bheith á dhaingniú aige, os ár gcomhair? As 104 scéim teanga a bhí daingnithe ó thús aimsire, tá 79 díobh in éag. Is é an Roinn atá freagrach as seo. Is é an Roinn atá ceaptha le bheith ceannródaíoch ó thaobh cur chun cinn na straitéise. Tá dhá thrian de na scéimeanna teanga sna Ranna Rialtas nach bhfuil daingnithe ag an Aire agus a Roinn agus ní féidir iad a chur i bhfeidhm dá bhrí sin.

Chuir freagra a thug comhghleacaí an Aire Stáit sa Dáil inné alltacht orm. Bhí sé ag freagairt ceiste maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur mo chomhghleacaí, an Teachta Peadar Tóibín, faoi cén fáth go bhfuil an méid a nochtaigh an Coimisinéir ag tarlú. Go bunúsach, dúirt sé go bhfuil na hAirí eile ag rá leo nach bhfuil siad sásta na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm. Má tá sin ag tarlú, tá sé scanallach. Tá na hAirí ag briseadh dlí na tíre agus tá an tAire agus an tAire Stáit ag suí agus níl siad ag déanamh tada faoi. Ba bhreá liom fáil amach céard atá siad chun a dhéanamh faoi sin.

Deir cuspóir a trí go gcuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Céard iad na seirbhísí breise atá i gceist le sin? Deir cuspóir a cúig go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta. D'ardaigh an Seanadóir Noone é seo, ach tá sé an-soiléir go ndúirt Ceannaire Fhine Gael féin, sular toghadh é, go raibh sé i gceist aige deireadh a chur le Gaeilge éigeantach ag leibhéal na hardteiste. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom go soiléir céard é polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. An bhfuil an Rialtas ag seasamh le cuspóir a cúig go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta? Má tá, an bhfuil athrú déanta ag an Taoiseach ar an seasamh a ghlac sé?

Deirtear go ndéanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le soláthar téacsleabhar agus acmhainní. Céard atá ag tarlú ó thaobh na coláistí oiliúna de? Céard atá ag tarlú maidir leis an ionad barr feabhais a bhí le tógáil i mBaile Mhúirne maidir le oiliúint múinteoirí? Is léir gurb é an Roinn Oideachais agus Scileanna ceann de na príomh imreoirí sa chluiche seo ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus nach bhfuil an tAire Stáit ag fáil tacaíocht dá laghad óna chomhghleacaithe sa Roinn sin maidir le cur chun cinn na straitéise. Is léir gur gearradh an deontas do na daltaí a théann go dtí na cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is léir freisin nach bhfuil plean dá laghad ag an Rialtas seo ionad oiliúna múinteoirí a bheidh ag díriú ar an nGaeloideachas a bhunú i mBaile Mhúirne. Dá bhrí sin, céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh?

Déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá. Cén fianaise atá dó sin? Cuspóir 7 - Déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge. Tá gearradh siar de €700,000 déanta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua a bhí ag cur breis cúrsaí Gaeilge ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cén chaoi is féidir leis an Rialtas a rá go bhfuil sé ag seasamh leis an straitéis nuair atá an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna go háirithe, ag gearradh siar as éadan ó thaobh seirbhísí tríú leibhéal oideachais?

Faoi chuspóir 10, tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus oifigiúil san Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007. Cá bhfuil na haistritheoirí atá in ainm 's a bheith oilte le cur anonn go dtí an Eoraip le hoibriú leis an AE? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag cur tuilleadh brú iad siúd a chur anonn agus na poist a chruthú a bhí in ainm is a bheith á gcruthú?

Faoi chuspóir 12, leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta. Is léir ón tuairisc ag an Choimisinéir Teanga agus tuairisc na bliana seo caite go bhfuil fadhbanna sa Gharda Síochána maidir le húsáid na Gaeilge.

Faoi chuspóir 13, aithníonn an Rialtas an ról fíor-thábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di sin.

Ba mhaith liom pointe a dhéanamh faoi rud a dúirt an tAire Stáit agus an Seanadóir Barrett, fear lena n-aontaím go minic ach ar an gceann seo, ní aontaím leis. Tá an bheirt ag breathnú ar an méid caiteachais atá á dhéanamh ar thuarastail sna heagrais dheonacha. Ní thiocfainn leo ar an argóint go bhfuil céatadán an-mhór á chaitheamh ar thuarastal riaracháin. Is obair fhorbartha atá ar bun ag cuid mhaith de na daoine atá fostaithe sna heagrais sin, ní amháin go bhfuil siad ag forbairt na teanga agus ag eagrú imeachtaí agus mar sin, tá an Rialtas ag fáil maoiniú breise isteach de bharr na hoibre atá ar siúl acu trí chomh-mhaoiniú.

Tá nóiméad amháin fágtha ag an Seanadóir.

Sílim gur cheart beagáinín solúbthachta a thabhairt dom ar an gceist seo.

Is gá "normalú" na teanga chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Baineann tábhacht ar leith le scoileanna toisc an tionchar a bhíonn acu ar fheasacht na teanga agus ar iompraíocht teanga. Tá an Rialtas tar éis gearradh siar ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí agus deireadh a chur leis an tacaíocht a bhí ann do mhúinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge.

Dearcthaí diúltacha i leith úsáid na Gaeilge a athrú ar ais sa réimse oideachais. Tá fadhb an-mhór, is léir, ón méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis an nGaeilge sa Státchóras - tá ag teip go hiomlán ar an gcóras atá ann maidir le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge sa Státseirbhís. Cén plean atá ag an Rialtas níos mó Gaeilge a mhealladh ó thaobh na Státseirbhíse de?

Dár leis an straitéis, leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ag cur le forbairt chóras na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Is ag gearradh siar atá an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ghearr an Roinn an deontas do na coláistí samhraidh agus tá sí ag gearradh siar ar na deontais do na mic léinn a théann ina n-ábhar oide. Cén chaoi is féidir leis an Aire Stáit a rá go bhfuil an Rialtas ag seasamh leis an straitéis?

Maidir le COGG, is léir go raibh ról sainiúil le bheith aige ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil an Rialtas ag tarraingt siar uaidh sin. Cad is féidir leis an Aire Stáit a rá faoi sin?

Ó thaobh oideachais, seirbhísí comhairle agus tacaíochta sa straitéis, maidir le leanaí arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga agus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna a bhfuil an Ghaeilge mar mheán iontu, tabharfar breis tacaíochta dóibh sin. Ní léir dom go bhfuil sin ag tarlú. Déanfar athbhreithniú ar an scéim scoláireachtaí Gaeltachta a fheidhmíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna. Rinneadh athbhreithniú air agus gearradh go hiomlán é. De réir na straitéise, déanfar beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhúirne agus ní léir go bhfuil plean ag an Rialtas leis sin.

Leanann an straitéis ar aghaidh ag rá go ndéanfar forbairt ar aonad sealbhaithe teanga ag an mbunleibhéal i ngach ceann de na trí phríomh-réigiún Gaeltachta. Cá bhfuil sin? Déanfar soláthar freisin do dhianchúrsaí samhraidh/tráthnóna do dhaltaí iarbhunscoile sa Ghaeltacht.

Leanann sé ar aghaidh agus leanann sé ar aghaidh. Ó thaobh pleanála teanga agus an dualgas breise faoi scáth Údarás na Gaeltachta, an bhféadfadh leis an Aire Stáit soiléiriú dúinn ón 19 ceantar cé mhéid acu an bhfuil sé i gceist acu dul ar aghaidh leis láithreach ó thaobh na bpleananna teanga a fhorbairt iontu? Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag Tóstal na Gaeilge gur trí cheantar atá roghnaithe. Má tá an oiread deifre agus brú ann anois an Ghaeilge a tharrtháil, cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoin 19 ceantar? Cá bhfuil na hacmhainní sin á dhéanamh?

Ba bhreá liom bheith in ann seasaimh anseo agus moladh a thabhairt don Aire Stáit ach ní féidir sin a dhéanamh. Ní léir dom go bhfuil an Rialtas ag tarraingt le chéile ó thaobh na Gaeilge agus ní léir go bhfuil an tAire sinsearach sa Roinn féin ag tacú linn ó thaobh na Gaeilge agus níl sin maith go leor. Ráiméis 20 bliain na Gaeilge atá ag an Rialtas seo, seachas straitéis agus ba cheart dó athscríobh a dhéanamh a inseoidh dúinn go díreach cad iad na píosaí as an straitéis faoina bhfuil an Rialtas i ndáiríre le cur i bhfeidhm agus cad iad nach bhfuil. Cén uair atá an Rialtas leis na moltaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú go mbeidh plé ann fúthu?

Tá míle ceist faoi seo. Tiocfaimid ar ais chuig an ábhar seo agus cuirfidh mé chuig an Aire Stáit i scríbhinn na ceisteanna eile atá le hardú mar ní léir go bhfuil an Rialtas ag cur na straitéise i bhfeidhm agus is mór an náire dóibh é i ndáiríre píre. Tá neart raiméise agus baothchainte ach, faraor, ní dhéanann an Rialtas beart de réir a bhriathar atá sa straitéis féin.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit ar ais chuig an Teach seo. Tá an tAire Stáit ag déanamh sár-jab ar son na Gaeilge agus mar a dúirt sé, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an nGaeilge ón am seo anuraidh.

Bhí mé ag éisteacht leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, fear stuama agus fear mór ar son na Gaeilge, ach bíonn sé ag síor-cheol an phoirt chéanna an t-am ar fad, port na linne duibhe, agus níl sa phort sin ach gearán, gearán, gearán. Is mór an trua é sin mar tá a lán ann gur féidir leis an Seanadóir a dhéanamh don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit ina ráiteas gur cheart dúinn na heagrais Ghaeilge a mholadh, eagrais ar nós Chonradh na Gaeilge. Labhair an Seanadóir Labhrás Ó Murchú agus is laoch é féin ar son na Gaeilge, cé go bhfuil sé sa pháirtí mhícheart, ach is cuma faoi sin an lá seo. Chaith mé lá leis agus leis na boic mhóra i gComhaltas Ceoltóirí Éireann ag dul thart ar Dhroichead Átha, nuair a chuir an baile isteach chun Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil don bhliain seo chugainn. Ní bhfuair muid é ach tá súil agam go bhfaighimid é in 2015. Tá daoine mar sin ag déanamh obair iontach ar son na Gaeilge. Is ceart dúinn cuimhneamh air sin agus iad a mholadh an tseachtain seo.

Deir an tAire Stáit gur siombal tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Is maith is cuimhin liom blianta ó shin, nuair a bhí mé in St. Peter’s Square don Urbi et Orbi Domhnach na Cásca. Bhí 2,000,000 duine ann agus bhí scaifte liom agus ní riabh muid in ann dul tríd an slua bhí sé chomh plódaithe sin. Bhí muid ag rá “excuse me” agus mar sin as Béarla. Tháinig mé suas le seift agus thosaigh mé féin ag béicigh i nGaeilge, agus bhí an slua cosúil leis an Red Sea, d’imigh sé ar an dá thaobh, agus chuaigh muid tfríd an scata go dtí an Vatacáin féin agus thug na Bráithre Críostaí cead dúinn dul ar an mbalcóin ansin agus éisteacht le ráiteas an Phápa. Ina dhiaidh sin, chuaigh muid isteach sa Vatacáin agus d’ól muid tae leis an Swiss Guard. Sin í an chumhacht atá ag an nGaeilge.

Nuair atáimid ag moladh na hoibre atá á déanamh ag daoine áirithe ar son na Gaeilge, caithfimid smaoineamh ar na huiséirí istigh anseo. We have to pay tribute to the ushers in Leinster House who give tours. Tá mé ag caint faoi na daoine a sholáthraíonn turais trí Ghaeilge.

Nóiméad amháin, a Sheanadóir.

Is mór an trua é sin. Shíl mé go raibh níos mó ama fágtha agam. Ní raibh cúpla rud a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh ró-olc. Bhí mé ag éisteacht leis. Ba mhaith liom ceist amháin a chur ar an Aire Stáit. Cén uair a bheidh na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi lánseol?

Níor shamhail mé go mbeadh deis agam freagra a thabhairt ar an méid a dúradh. Caithfidh mé fáilte a chur roimh an deis seo plé a dhéanamh ar an ábhar tábhachtach seo le linn Seachtain na Gaeilge agus Seachtain na Féile Pádraig. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí - naonúr ar fad - a labhair anseo. Rinne siad go léir a ndícheall, cuid acu atá líofa sa Ghaeilge agus cuid acu nach bhfuil. Níl taithí acu ar an nGaeilge a úsáid ó rinne siad an ardteistiméireacht. Is scáthán é sin ar an méid atá ag tarlú taobh amuigh. Tá daoine amuigh ansin atá líofa sa Ghaeilge agus daoine nach bhfuil. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaimid aitheantas don iarracht atá á dhéanamh.

D'éist mé leis an Seanadóir Ó Braonáin. Aontaím ar fad go dtéann sé sin i bhfeidhm go mór ar dhaoine amuigh ansin, go háirithe daoine óga, nuair a chuireann daoine mór le rá atá i mbéal an phobail timpeall na tíre - daoine spóirt ar nós Luke Fitzgerald agus Bernard Dunne, mar shampla, a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus ar fud an domhain - an meas, an seasmhacht agus an grá atá acu don Ghaeilge, agus a líofacht sa teanga, in iúl. Cuirim fáilte mór roimh an mholadh agus an sampla atá ag teacht ó dhaoine mar sin. Tá tionchar níos mó acu ar aos óg na tíre seo agus muintir na tíre seo ná mar atá ag na polaiteoirí go léir istigh anseo. Tá muintir na hÉireann tuirseach agus tinn ag éisteacht le polaiteoirí le 90 bliain ag iarraidh orthu an Ghaeilge a labhairt.

Táimid ag rá leis an bpobal sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre "tar linn agus cuirigí bhur gcuid pleananna ar aghaidh" seachas bheith ag rá leo "caithfidh sibh an Ghaeilge a labhairt". Táimid ag soiléiriú go mbeidh comhairle agus tacaíocht ar fáil dóibh. Beimid ag tabhairt gach cuidiú gur féidir linn dóibh os na hacmhainní teoranta atá againn. Ba mhaith liom a rá leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, agus muid ag caint faoi acmhainní, dá mba leor airgid leis an Ghaeilge a shábháil ní bheadh aon díospóireacht anseo inniu - beimid go léir ag labhairt na Gaeilge. Tá sé faighte amach againn nach leor acmhainní a chur ar fáil. Mar is eol don Seanadóir agus do dhaoine eile sna Gaeltachtaí, sna blianta roimhe seo thugamar íocaíochtaí do theaghlaigh faoi scéim labhairt na Gaeilge leis an teanga a labhairt. Fuaireamar amach nár oibrigh an scéim a bhí bunaithe ar "labhair Gaeilge agus gheobhaidh sibh deontas". Caithfimid teacht ar dóigheanna eile.

Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, is leis an phobal an teanga. Ní le Fine Gael, Fianna Fáil nó fiú amháin Sinn Féin an teanga. B'fhéidir gur dóigh le Sinn Féin sa Tuaisceart gur leo an teanga. Ní thagann sé sin le mórán maitheasa. Ní libh an teanga.

Ní dúirt muid riamh gur linne an teanga.

Bhuel, bhí sibh-----

Tá sé sin iomlán míchruinn.

Go minic, baineann Sinn Féin úsáid as an teanga sa Tuaisceart ar mhaithe le cúrsaí polaitiúla amháin.

Ar phointe oird, ba mhaith liom go dtarraingeodh an tAire Stáit an ráiteas sin siar. Níl bunús ar bith leis. Tá sé ag caint ráiméis, mar is ghnáth, maidir le polasaithe Sinn Féin sa Tuaisceart.

Ní cheart úsáid a bhaint as an teanga ar mhaithe le cúrsaí polaitiúla. Aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú gur linn go léir an teanga. Baineann an Ghaeilge le muintir na hÉireann uilig.

Táimid ag iarraidh daoine a spregadh an teanga a labhairt. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag tosú sa Ghaeltacht. Tá deacrachtaí teanga sa Ghaeltacht. Labhrann 24,000 duine as an 90,000 duine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht an Ghaeilge go laethúil. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an Seanadóir, a chónaíonn sa Ghaeltacht, go bhfuil deacrachtaí sna ceantair sin. Caithfimid díriú isteach ar na pobail sin. De thairbhe Acht na Gaeltachta, 2012, is féidir linn dul isteach chuig na pobail agus iad a thabhairt le chéile. Táimid in ann iarraidh orthu cad a shíleann siad, an bhfuil siad ar mhaithe leis an teanga, ar mhaith leo fanacht sa Ghaeltacht, an bhfuil siad chun plean teanga a chur le chéile, cad iad na cuspóirí atá acu, cad iad na seirbhísí atá de dhíth orthu agus cén cuidiú is féidir linn a thabhairt dóibh.

Táimid ag rá le muintir na Gaeltachta "is libhse é". Tabharfaimid cuidiú, tacaíocht agus eolas dóibh. Beidh an t-údarás ann chun é sin a dhéanamh. Tá freagracht úr ag an údarás na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Tá cinneadh déanta ag an údarás tosú láithreach. Thosaigh an t-údarás le trí cinn. Ní féidir linn 19 cinn a dhéanamh in aon seachtain amháin. Déanfar triúr agus triúr agus triúr. Geallaim go mbeidh go leor de na pleananna ar bun ar fud na tíre taobh istigh de bhliain. Is é sin an tiomantas atá ag an údarás. Thug mé comhairle don chathaoirleach agus do bhaill an bhoird díriú isteach ar an obair seo chomh tapaidh agus is féidir, trí dul i dteagmháil agus i gcomhairle leis na pobail agus na pleananna seo a chur ar fáil, más mian leis na pobail iad a chur ar fáil.

Labhair go leor Seanadóirí faoi chúrsaí oideachais. Bhí baint agam leis an oideachas sular tháinig mé isteach anseo. Tá baint agam leis go fóill. Aontaím go mbeidh páirt lárnach ag cúrsaí oideachais i gcur chun cinn na straitéise agus i sábháil na teanga. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach bhfuil aon rud ag tarlú i gcúrsaí oideachais, ach ní fíor é sin. Tá an-chuid rudaí ag tarlú, nó le tarlú, i gcúrsaí oideachais agus mé ag labhairt. Tá curaclam ag siollabas úr á gcur ar fáil. Tá siad dírithe ar labhairt na teanga sa chóras bunoideachais. Tá sé sin ag tarlú i láthair na huaire. Beidh curaclam úr sa chóras meánoideachais freisin. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá sciar na marcanna a bhaineann leis an scrúdú béil ag méadú go dtí 40%. Tá béim á chur ar labhairt na teanga. Tiocfaidh an litríocht agus cúrsaí acadúla ina dhiadh sin.

Don chéad uair, beidh monatóireacht á dhéanamh go rialta agus go seasta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chóras bunoideachais. Beidh monatóireacht á dhéanamh sa chóras meánoideachais freisin. Caithfidh duine éigin monatóireacht a dhéanamh.

An mbeidh Gaeilge ag na múinteoirí?

Tá sé sin á dhéanamh maidir leis na múinteoirí. Tuigim go bhfuil deacrachtaí sa chomhthéacs seo. Aithníonn an Roinn agus an Rialtas é sin. Tá coiste Rialtais againn. Aithnímid ansin é. Bhí an Roinn istigh againn ag an gcruinniú is déanaí agus beidh siad istigh arís faoi cheann cúpla seachtain. Caithfimid díriú isteach ar sin. Tá aitheantas á thabhairt do chúrsaí Gaeilge sa straitéis úr litríochta agus uimhríochta atá á chur ar fáil ag an Roinn.

Táimid ag cur leis an tréimhse a chaitheann ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht - in ionad trí seachtain a chaitheamh le chéile, beidh coicís acu bliain amháin agus coicís acu bliain eile. B'fhéidir nach leor é sin. B'fhéidir gur chóir dóibh níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht. Seasann an deontas atáimid ag cur ar fáil do na múinteoirí. Chomh fada agus a bhaineann sé le mo Roinn, beidh na mná tí ag fáil €9.50 le haghaidh gach ábhar múinteora a théann go dtí an Ghaeltacht, mar a fhaigheann siad i dtaobh gach dalta a théann go dtí an Ghaeltacht. Tá scéim a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna curtha siar de bharr deacrachtaí airgid.

Mar sin féin, beidh aon ábhar múinteora atá ag fáil na táillí díolta ag an triú leibhéal ábalta dul i dteagmháil le SUSI agus deontas chomh hard le €700 a fháil fá choinne an téarma a chaitheann sé nó sí sa Ghaeltacht.

Tá an-chuid cainte déanta ach caithfimid a bheith níos deimhnitheach agus níos misniúil faoi seo. Dúirt duine éigin gur cur chun cinn céimneach atá sa straitéis. Is straitéis 20 bliain í agus tá muid i ndiaidh na bunstruchtúir a leagan síos. Beimid á gcur i bhfeidhm anois sna blianta amach romhainn agus glacfaidh sin 20 bliain. Ní féidir linn an straitéis a chur ar bun i mbliain amháin. Mar adúirt mé, tá na bunstruchtúir leagtha síos agus tá na coistí ansin agus iad ag obair le chéile. Beidh tuairisc ag teacht amach i rith na bliana seo ar an mhéid oibre atá déanta againn go dtí seo agus beidh tuairisc eile ag teacht amach ar an mhéid oibre atá le déanamh sa dhá bhliain nó trí bliana amach romhainn. Beidh an plean céimnithe ó bhliain go bliain agus ó trí bliana go trí bliana, go dtí go mbeidh na 20 bliain bainte amach.

Táim an-dóchasach i leith na cuspóirí atá againn agus an méid cainteoirí dúchasacha sa Ghaeltacht a ardú 5%. Ag dul ar fud na Gaeltachta, tugann sé misneach dom an méid daltaí, na céadta díobh, atá ag freastal ar réamhscolaíocht sna Gaeltachtaí. Is comhartha maith é sin. Tá cúntóirí teanga ann agus sílim go bhfuil an plean indéanta. Maidir le 250,000 cainteoirí Gaeilge ar fud na tíre, de réir an daonáireamh deireanach, tá 1.7 milliún duine sa tír a deireann go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge. Más féidir linn céatadán acu sin a fháil leis an teanga a labhairt, ní shílim go bhfuil sin dodhéanta agus sílim gur féidir linn an sprioc a bhaint amach.

Maidir leis an Coimisinéir Teanga, tá ardú ar an méid daoine atá ag déanamh gearán. Cuirim fáilte roimhe sin agus roimh daoine ag déanamh gearán nach féidir leo seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Is maith an rud é sin. Mura beadh aon ghearán ag teacht isteach, ní bheinn chomh ró-shásta ach táthar ag teacht isteach.

Cad atá an tAire Stáit chun a dhéanamh fúthu?

Is é an dualgas atá orainne anois ná freagra a thabhairt ar na gearáin sin agus iarracht a dhéanamh iad a chur i gceart. Luaigh duine éigin An Garda Síochána. Bhí gearán mór ag an Choimisinéir anuraidh faoi ghardaí i gceantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam ó mo cheantar féin go bhfuil feabhas iontach ar rudaí. Chuala mé ar Raidió na Gaeltachta maidin inniu go bhfuil siad ar tí sáirsint a cheapadh gur cainteoir líofa Gaeilge é. Tá rudaí ag tarlú agus cuirim fáilte roimh "constructive suggestions" ón Choimisinéir Teanga.

Caithfear na scéimeanna a dhaingniú.

The Minister of State to continue, without interruption.

Níl aon scéim teanga ligthe i léig. Níl ansin ach cur amú daoine. Aon dream, aon eagraíocht ná aon Roinn a bhfuil scéim teanga acu, tá an scéim teanga ag gníomhú go dtiocfaidh ceann úr chun cinn.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar scéim na dteangacha. Tá sé ar chlár an Rialtais don bhliain seo go mbeidh muid ag tabhairt isteach Acht leis an t-athbhreithniú a chur i bhfeidhm. Foilseofar na moltaí agus -----

Ba mhaith leis an Seanadóir Ó Clochartaigh dá mbeadh gach rud tar éis tarlú inné.

Bhuel, tá an tAire Stáit suite orthu le bliain.

Tá inniu go maith agus tá amárach ann fosta. Go minic, tá an aimsir fháistineach, amárach, níos tábhachtaí ná inné.

Uair éigin, lá éigin an ea?

Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac.

Mair a chapaill agus gheobhair féar, a deirtear freisin.

Is féidir é sin a chur i bhfocal amháin - foighne. Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac.

Tá na moltaí ag an Aire Stáit le bliain.

When is it proposed to sit again?

Ar 2.30 an Chéadaoin seo chugainn.

Barr
Roinn