Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit chuig an Seanad chun an díospóireacht thábhachtach seo a chur ar bun.

Tá mé ag súil go mór le díospóireacht dhearfach mar gheall ar an nGaeilge. Mar Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt sa Seanad faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus nithe gaolmhara. Beidh mé ag labhairt ar an ábhar céanna níos déanaí inniu. Ar ndóigh, tá an Taoiseach agus ceannairí na bpáirtithe polaitiúla eile ag tabhairt dea-shampla dúinn uile ó thaobh úsáid na Gaeilge sna Tithe seo. Is cinnte gur féidir linn uile féachaint ar an dóigh gur féidir linn níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa Seanad agus sa Dáil.

Ba dheas liom labhairt i dtús báire faoi Sheachtain na Gaeilge, atá ar siúl san am i láthair. Is ócáid sean-bhunaithe í Seachtain na Gaeilge atá fíorthábhachtach ó thaobh na teanga de. Cé go dtugtar Seachtain na Gaeilge ar an bhféile mar gheall ar an mbrandáil a bhaineann leis, is dea-scéal atá ann go maireann sé níos faide ná seachtain. Tá 17 lá d’imeachtaí spraíúla á n-eagrú timpeall na tíre i mbliana, ina measc oícheanta amhránaíochta, filíochta, comhrá simplí, céilithe sráide, léamh litríochta agus go leor imeachtaí eile. Ar ndóigh, tá na himeachtaí seo feiliúnach do gach aoisghrúpa chun go mbeidh deis ag gach duine blas a fháil ar spiorad na féile. Tréaslaim leis na grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus gach eagraíocht idir ceol, spóirt, ealaíon agus cultúrtha, a eagraíonn imeachtaí ina gceantair féin do Sheachtain na Gaeilge.

Ar ndóigh, an rud is fearr faoi Sheachtain na Gaeilge ná go dtugtar deis do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile ar shlite éagsúla - is cuma cén leibhéal cumais atá acu sa teanga - trí a bheith ag labhairt na teanga le cairde agus gaolta nó a bheith ag glacadh páirte sna himeachtaí. Airíonn daoine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte sna himeachtaí, scaoiltear le srian an chúthaileacht i labhairt na teanga agus ardaíonn leibhéal na féinmhuiníne. Bíonn gach aon dhuine bródúil agus spreagtha an Ghaeilge a labhairt an tseachtain seo. Tréaslaím le Seachtain na Gaeilge as a mana tarraingteach, "Croí na Teanga: It's You". Meabhraíonn sé seo dúinn go mbaineann féiniúlacht agus bród le labhairt ár dteanga.

Is ábhar bróid dúinn ar fad an sár obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge don teanga ó bunaíodh é don chéad uair sa bhliain 1893. Anuas tríd na blianta, is cuma cén dúshláin a caitheadh ina dtreo, tá lucht Chonradh na Gaeilge ag treabhadh leo ag cur na teanga chun cinn le fuinneamh agus díogras ar bhealaí éagsúla. Tá ardmholadh ag dul do na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall chun go mbeidh an Ghaeilge tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tuigeann muid ar fad nach bhfuil seo éasca, ach tugann ócáidí mar seo misneach dúinn gan ár maidí a scaoileadh le sruth. Dúisíonn sé suim sa teanga agus sa chultúr anseo in Éirinn agus thar lear.

Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, tá mé ag spreagadh daoine chun teacht liom ar m’aistear leis an Ghaeilge a fhoghlaim arís. Luann muid go minic an grá atá againn don teanga. Má tá spéis ag daoine í a fhoghlaim, nó í a athfhoghlaim, tá an cuireadh tugtha do dhaoine chun tosú anois le linn Seachtain na Gaeilge. I ndiaidh tréimhse a chaitheamh i rith an tsamhraidh i nGleann Cholm Cille, i dTír Chonaill, chuir mé roinnt pointí agus noda úsáideacha le chéile chun cabhrú le daoine. Tá siad le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne faoi mo bhlag. Is é atá ar intinn agam ná gur féidir le duine ar bith a bhfuil suim acu inár dteanga náisiúnta nádúrtha tabhairt faoin turas foghlama seo in éineacht liom. Tá súil agam go mbeidh daoine spreagtha dá bharr chun dul i ngleic leis an teanga.

Is iad seo roinnt pointí a d'fhoghlaim mé ó thosaigh mé ar an turas foghlama seo. Tá an Ghaeilge thart orainn i ngach aon áit, mar shampla ar chomharthaí bóthair agus ar na meáin chumarsáide. Is é an rud is tábhachtaí domsa ná a bheith ag smaoineamh as Gaeilge. Bíonn eagla orainn uilig botúin a dhéanamh. Is cinnte go ndéanfaidh mé botúin, ach ní ligfidh mé don eagla atá orm botúin a dhéanamh mé a choinneáil ar ais. Tá a lán áiseanna cabhracha ar fáil ar an suíomh gréasáin. Bainigí úsáid astu, agus bainigí sult as an turas foghlama. Beidh mé libh an bealach ar fad. Beidh mé ar an mbealach ceart.

Tá fíorshuim ag daoine ar fud na tíre san aistear seo, go háirithe daoine atá ag foghlaim na teanga iad féin. Fuair mé teachtaireacht le déanaí ó fhear san Astráil atá níos mó ná 80 bliain d’aois, agus a bhfuil an Ghaeilge á athfhoghlaim aige faoi láthair. Dúirt sé go bhfuil sé ag baint an-sult as. Níl sé riamh rómhall chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá a fhios agam freisin go bhfuil ciorcail chomhrá ar siúl i mbailte agus ag pobail éagsúla ar fud na tíre agus ba mhaith liom na grúpaí seo a mholadh go mór don chur chuige oscailte agus cairdiúil atá acu i leith daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt. Cuidíonn siad go mór leo siúd nach bhfuil mórán muiníne acu chun dul chun cainte le daoine eile as a gceantair féin. Is iad na daoine seo agus na grúpaí seo a bhí ar intinn agam nuair a thug mé faoin bhlag a scríobh. Tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú dóibh.

Tá mé féin ag tnúth go mór le freastal ar roinnt ócáidí atá ag tarlú timpeall na tíre do Sheachtain na Gaeilge.

Bhí seans maith agam an tseachtain a chuaigh thart. Thug mé cuairt ar mheánscoil i Luimneach agus ar bhunscoil i dTiobraid Árann agus tá spreagadh mór ar siúl sna ceantair sin.

Níos tábhachtaí ná sin, tá mé ag tnúth go mór leis an deis cumarsáid i nGaeilge a dhéanamh le daoine nua. Feictear dom go dtugann Seachtain na Gaeilge misneach do dhaoine triail a bhaint as an teanga. Déarfainn le duine ar bith a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim: "Lean ort, bain triail aisti mar níor chaill fear an mhisnigh riamh." Seans maith go bhfuil grúpa nó gréasán ar bun i do cheantar féin agus imeachtaí ar fáil cheana féin. Tá go leor cúnaimh, áiseanna agus tacaíocht amuigh ansin le cabhrú leat, mar shampla ranganna ar líne, mar aon le hirisí agus nuachtáin leictreonacha, foclóirí agus áiseanna eile. Go háirithe, is áis iontach iad seandaoine le Gaeilge sna ceantair.

Cuireann Lá Fhéile Pádraig agus Seachtain na Gaeilge deiseanna dochreidte ar fáil don tír seo an príomh ról a ghlacadh ar stáitse an domhain don tréimhse sin. An teachtaireacht a bheadh agam do dhaoine thar lear atá ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Éirinn ná: "Tar anall, tá muid oscailte do ghnó agus cuirfear fearadh na fáilte romhat." Ba mhaith liom mo bhuíochas agus mo chomhgairdeas a dhéanamh leis na daoine a d'obair ar an gclár Fulbright sa tír seo agus thar lear.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal láidir labhartha Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an chloch is mó ar mo phaidrín. Os rud é gur foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010, beidh an straitéis cúig bliana ar an fhód ag deireadh na bliana seo. I bhfianaise a thábhachtaí is atá an straitéis mar chloch choirnéil don Ghaeilge, leanfaidh mé orm ag plé le mo chomhghleacaithe aireachta le cinntiú go dtugtar tosaíocht don straitéis sna Ranna ábhartha. Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn uirthi ag obair i gcomhpháirtíocht leis na Ranna sin chun na bearta éagsúla a bhaint amach thar shaolré na straitéise.

Mar is eol don Teach, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara éagsúla. Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil. Deirtear go dtógtar na caisleáin de réir a chéile agus tá sé i gceist againn go mbeidh dúshraith láidir faoin straitéis le gur féidir linn tógáil air de réir a chéile.

Léiríonn na tuarascálacha atá foilsithe ag na Ranna ábhartha, 12 acu san iomlán, go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le feidhmiú na straitéise a mbeidh tionchar dearfach aige ar an teanga san fhadtréimhse. Is údar sásaimh ar leith dom é go n-aithníonn na Ranna go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge i ngach aon Roinn agus go bhfuil gealltanas tugtha acu go n-aithneofar ina gcuid scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist nó na réimsí oibre lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

Don chéad uair riamh, cuireadh allúntas ar leith de €0.5 milliún ar fáil i mbuiséad na Roinne don bhliain 2014 le haghaidh bearta sonracha praiticiúla chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Baineadh leas as an allúntas sin anuraidh chun maoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí pobalbhunaithe a roghnaigh Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoin phleanáil teanga sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, agus chun gníomhaíochtaí úra a mhaoiniú chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise.

Is cúis áthais dom go bhfuil allúntas ar leith os cionn €500,000 curtha ar fáil arís i mbliana do mo Roinn chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Is léiriú follasach é an t-allúntas seo ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an dtalamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta.

Ní miste dom a dheimhniú don Teach gur scríobh mé i mí na Samhna 2014 chuig na hAirí uile sa Rialtas ag lorg cruinnithe déthaobhacha leo le plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá ag éirí go maith leis na cruinnithe déthaobhacha atá eagraithe go dtí seo. Is léir go bhfuil toil i measc na nAirí dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Cé go dtuigim go maith go bhfuil comhoibriú leanúnach ar siúl idir na Ranna i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na straitéise, tá mé ag machnamh go gníomhach, ó ceapadh mar Aire Stáit mé i mí Iúil seo caite, ar conas a d'fhéadfadh muid feabhas breise a chur ar an obair thábhachtach seo. Is sa chomhthéacs seo atá na cruinnithe déthaobhacha á reáchtáil agam.

Le hAcht na Gaeltachta 2012, tugadh céim shuntasach chun dúshraith reachtúil chuí a bhunú faoina mbeifear in ann díriú ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Cuireann Acht na Gaeltachta an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Faoin Acht seo, beidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú leis an Ghaeilge sna ceantair éagsúla atá agus a mbeidh aitheanta faoin Acht. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá áthas orm a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh faoin bpleanáil teanga faoi Acht na Gaeltachta. Tá tús curtha go hoifigiúil leis an bpróiseas pleanála teanga i 13 limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Tar éis don Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil, d’fhoilsigh mé liosta de na bailte is fóirsteanaí a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta i mí na Nollag 2014. Tá iarrtha agam ar Fhoras na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltachta tús áite a thabhairt do chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis. Tá Foras na Gaeilge ag lorg léirithe spéise faoi láthair ó eagraíochtaí i gceantair a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar líonraí Gaeilge amach anseo.

Mar is eol don Teach, rinne mo Roinn athbhreithniú ar an Acht Teanga a foilsíodh i mí Aibreáin 2014 in éineacht le ceannteidil an Bhille Teanga. Is é príomhaidhm an Bhille ná an tAcht Teanga a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht do gach duine ar mian leis seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Cuireadh na ceannteidil faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht, i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Tá tuarascáil faoin mBille foilsithe anois ag an gcomhchoiste agus tá moltaí na tuarascála á mbreithniú agam faoi láthair. Tá an próiseas dréachtaithe don Bhille ag leanúint ar aghaidh freisin agus an Bille ar liosta A de chlár reachtaíochta an Rialtais. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le cathaoirleach an fhochoiste, an Seanadoir Labhrás Ó Murchú, as an sár obaor atá déanta agus ag a chomhghleacaithe ar an gcoiste. Bhí na moltaí iontach dearfach agus táthar á meas faoi láthair.

Rinneadh roinnt moltaí fiúntacha le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí maidir le tionscnaimh pholasaí a meastar a chuirfeadh le stádas agus le húsáid na Gaeilge. Tá sé aontaithe ag an Rialtas go bhféachfaí leis na tionscnaimh pholasaí seo a thabhairt chun cinn chun tacú le cur i bhfeidhm an Acht Teanga. Tá plé ar siúl ag mo Roinn faoi láthair leis na páirtithe leasmhara maidir leis na tionscnaimh sin a fhorbairt ar an mbealach is éifeachtaí. I measc na dtionscnamh atá faoi chaibidil, tá: bearta réamhghníomhacha a thionscnamh chun an cohórt de státseirbhísigh atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla a mhéadú thar thréimhse ama. Tá idir bhearta earcaíochta agus oiliúna san áireamh anseo; seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú chun freastal ar riachtanais Ranna Rialtais; deasc lárnach um sheirbhís do chustaiméirí a bhunú chun soláthar feabhsaithe i seirbhísí Gaeilge a chinntiú don phobal; an Ghaeilge a bheith in úsáid go barréifeacht ar chomharthaí tráchta bóthair; agus an Ghaeilge a bheith in úsáid in ainmneacha comhlachtaí poiblí nua atá á mbunú.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais í úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill fhoirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus ar oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Anuas air sin, tá socruithe nua á gcur i bhfeidhm ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí do chomórtais earcaíochta don Státseirbhís.

Mar is eol don Teach, bhain an Ghaeilge aitheantas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 1 Eanáir 2007. Tiocfaidh deireadh leis an mhaolú atá i bhfeidhm don Ghaeilge ag deireadh 2016. Is maolú é seo d'institiúidí an Aontais Eorpaigh ón dualgas atá ann gach téacs dlíthiúil a aistriú go Gaeilge. Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs seo, tá plé ar bun ag mo roinn ealaíon, i gcomhar le Roinn an Taoisigh, le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an mhaolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha. Mar ghné lárnach de mholtaí maidir leis an mhaolú, tá an fáil a bheadh ar dhaoine leis na scileanna riachtanacha chun dul i mbun poist in institiúidí an AE, chomh maith le giniúint téarmaí i gcomhair a n-úsáide in aistriú cáipéisí oifigiúla. Agus é sin tugtha san áireamh, tá dhá thionscnamh maoinithe ag mo Roinn le roinnt blianta anuas, tionscnamh téarmaíochta agus tionscnamh ardscileanna Gaeilge.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt don Seanad ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Is gnéithe fíorthábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú, daingniú agus forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.

Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leasa as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Ag deireadh an lae, beatha teanga í a labhairt.

Tá mé an-bhuíoch den Seanadóir Ó Murchú as mé a scaoileadh roimhe ar an róta. Tá aiféala orm go gcaithfidh mé rith tar éis dom labhairt mar go bhfuil cruinniú eile ar siúl atá orm freastal air.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire Stáit ó thaobh an fheabhais atá tagtha ar a chuid Gaeilge agus as ucht labhairt as Gaeilge liom gach uair a chasaimid ar a chéile sna Tithe seo agus in aon áit eile. Tá sé ag tabhairt dea-shampla do chuile dhuine a chasann sé leo agus molaim é as sin. Tá mé cáinteach go leor ar an Rialtas seo ó thaobh an pholasaí i leith na Gaeilge. Tá difríocht idir obair an Aire Stáit go pearsanta agus polasaí Rialtais agus tá go leor ceisteanna agam fós. Is maith liom go bhfuil an tAire Stáit ag tógáil ar bord na moltaí a rinne an comhchoiste maidir le cúrsaí Gaeilge. Tá siad iontach dearfach ach tá siad dúshlánach. Beidh jab mór ag an Aire Stáit cur ina luí ar na Ranna agus ar a Státseirbhísigh iad a thógáil ar bord. Muna n-éiríonn leis, caillfidh sé misneach phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Molaim go láidir dó iad a thógáil ar bord agus iad a chur san áireamh.

Tá ceist mhór ann i láthair na huaire maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Tá an t-am ag rith an-ghearr faoi láthair agus muna bhfuil an Rialtas sásta an maolú a chur ar ceal, ní mór don Aire Stáit insint dúinn cén fáth. Tá daoine cosúil leis an Dochtúir Pádraig B. Ó Laighin tar éis cur ina luí orainn cén fáth gur cheart deireadh a chur leis an mhaolú. Táthar ag úsáid cuid mhaith leithscéalta gan é a dhéanamh ach seo í an t-am agus ba cheart go bhfágfaidh an tAire Stáit marc, go mbeadh sé in ann a rá gurb eisean a rinne seo. Cheapfainn go mbeadh gach duine buíoch de as ucht sin. Tá mo chomhghleacaí Liadh Ní Riada ar stailc teanga san Eoraip faoi láthair ar an gceist seo agus molaim í as sin. Léiríonn an obair atá ar bun aici na deacrachtaí atá aici a cuid oibre a dhéanamh nuair nach bhfuil a cearta iomlána aici.

Tá mé féin ag triail cearta teanga an tseachtain seo sna Tithe seo. Táim ag labhairt Gaeilge amháin sna Tithe agus sna coistí a bhfuil mé ag freastal orthu. Tá ag éirí liom go pointe áirithe ach ní fhéadfainn a rá go bhfuil gach rud ag tarlú go huathoibríoch, mar ba chóir dó tarlú agus ní fhéadfainn a rá go bhfuil gach duine eile sna Tithe ag glacadh páirte sa díospóireacht nuair a labhraím Gaeilge mar is beag duine a chuireann na cluasáin orthu seachas an dream a bhfuil Gaeilge acu. Níl mé ag cáineadh aon duine ach tá mé díreach ag insint na fírinne. Thug mé faoi deara freisin go raibh deacracht inné ann mar nach mbíonn cluasáin ag na Státseirbhísigh a bhíonn ar chúl an Aire. Mura bhfuil Gaeilge acu, ní thuigeann siad mar níl córas comhuaineach acu. Is pointe beag é sin gur chóir dúinn breathnú air.

Tá deacracht ann maidir le bord an Údaráis mar gheall ar an easpa daonlathais. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinneadh maidir le bord an Údaráis agus dul ar ais go dtí toghcháin díreacha. Tá sé fós i bponc ó thaobh cúrsaí maoinithe de. Tá sé ar "life support", mar a déarfá. Tuigim gur thug an tAire Stáit €1 milliún breise dó i mbliana ach laghdaíodh an buiséad caipitil ó €26 milliún go €5 mhilliún agus tá sé ar ais go €6 mhilliún anois. Ní leor sin le haghaidh an obair atá le déanamh aige. Tá sé sin soiléir ach go háirithe maidir leis an obair phobail a theastaíonn léi an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, go háirithe tríd na comharchumainn, atá ag déanamh sároibre ar an talamh. Teastaíonn tuilleadh maoinithe uathu chun imeachtaí a chur ar siúl agus a obair a dhéanamh.

Tá mé imníoch maidir le cúrsaí oideachais. Ní fheicim go bhfuil móran dul chun cinn á dhéanamh ar an taobh oideachais den straitéis. Níl a fhios agam cén chaoi gur féidir leis an Aire Stáit oibriú ar an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Jan O'Sullivan, maidir leis an gceist seo ach tá géarchéim ann maidir le hoiliúnt múinteoirí. Tá caighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí uafásach lag agus tá sé ag lagú de réir a chéile. Bhí muid in ainm is curaclam nua Gaeilge a bheith againn ag an dara leibhéal agus ní fhaca muid fós é. Teastaíonn breis tacaíochta don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, atá ag déanamh sároibre chomh maith céanna.

Luaigh an tAire Stáit féin líon na Státseirbhíseach agus an gá atá ann an méid daoine le Gaeilge sna Státseirbhísí a ardú. Níl an plean atá an Rialtas ag cur i bhfeidhm chun oibriú dar leis na saineolaithe agus go háirithe an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Dúirt sé gur cheap magaidh a bhí ann. D'fhéadfadh ról a bheith ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis an straitéis freisin. Is é sin ceann de na moltaí a rinne an comhchoiste ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis, mar ní dócha go bhfuil aon sórt póilíneachta mar is ceart á dhéanamh ar céard atá á bhaint amach agus céard nach bhfuil á bhaint amach. Ba mhaith liomsa go mbeadh an ról sin ag an gCoimisinéir Teanga, a bheadh neamhspleách, féaráilte agus cothrom.

Fadhb eile a thug muid faoi deara ná go bhfuil easpa acmhainní ag an gcomhchoiste sin maidir le coinneáil súil ar an straitéis. Níl dóthain fóirne ann le tuairisc mar is ceart a dhéanamh. Sin a dúradh linn ó thaobh dul chun cinn na straitéise. Theastódh taighdeoir faoi leith ón gcoiste. Smaoineamh a chuireadh chun cinn ná go mb'fhéidir gur fiú coiste buan don Ghaeilge a chur ar bun sa chéad Dáil eile agus sa chéad Rialtas eile, rud a thabharfadh stádas níos airde don teanga.

Tá ag éirí go maith leis an scéim atá i bhfeidhm ó Thuaidh, Líofa, le Carál Ní Chuilín. Tá 11,000 cláraithe leis an scéim sin. Phlé muid an scéim sin leis an iar-Aire Stáit, an Teachta McGinley. D'fhiafraigh muid de cén fáth nach leanófaí é sin ar fud an oileáin mar go bhfuil ag éirí go maith leis. Ní raibh sé ina choinne ach ní dhearnadh aon rud faoi sin. Is moladh é sin gur fiú a thógáil san áireamh. Tá próiseas chomharliúcháin tosaithe maidir le hAcht na Gaeilge ó thuaidh. Bheadh sé an-dearfach dá ndéanfadh an Rialtas ráiteas dearfach go bhfuil sé ar son Acht Gaeilge ó Thuaidh. Tá sé mar chuid de na comhaontaithe atá ag seasamh amach de bharr an phróiseas síochána. Thuigfeadh an tAire Stáit é sin de bharr an róil a bhí aige sa choiste ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá sé an-tábhachtach go dtiocfadh Westminster agus an Rialtas i mBaile Átha Cliath taobh thiar den éileamh sin, go mbeadh Acht na Gaeilge ann ó Thuaidh chomh maith céanna.

Tá géarchéim sa Ghaeltacht againn ó thaobh líon na ngasúr atá ag labhairt na Gaeilge agus caighdeán na Gaeilge atá acu. Baineann sin leis an gcóras oideachais agus le cúrsaí maoinithe.

Tá mé amhrasach maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá sé faoi láthair. Feictear dom nach bhfuil comhoibriú á fháil ó na Ranna éagsúla. Is léir ón méid scéimeanna atá á ndaingniú agus ón gcineál meoin atá ag na Ranna nuair a thugann an Coimisinéir Teanga treoir dóibh rud éigin a chur i bhfeidhm nach dtugann siad mórán airde air i ndáiríre píre agus tá amhras orm faoi sin. Tá amhras orm dá bhrí sin faoin bhealach gur tugadh an ról dóibh siúd na poist a aithint taobh istigh den Roinn a raibh gá le daoine le Gaeilge iontu. Sílim go raibh cuid de na hAirí a tháinig ar ais - muna bhfuil dul amú orm bhí an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ina measc - a dúirt nár theastaigh duine ar bith le Gaeilge sna róil tosaigh. Tá sin mícheart. Ba chóir, b'fhéidir leithéid an Choimisinéara Teanga a úsáid arís le na róil a aithint sna heagraíochtaí a theastaíonn daoine le Gaeilge iontu.

Tá na pleananna teanga go breá ar pháipéar agus tá na bailte seirbhíse go maith ar pháipéar, ach táthar an-mhall á rolláil amach. Níl a fhios agam an cheist acmhainne í sin, nó céard atá i gceist? Níl na ceantair ar fad sa Ghaeltacht fós ligthe ar aghaidh agus níl na heagraíochtaí atá chun na pleananna a dhéanamh ainmnithe. Is gá sin a dhéanamh go tapaidh.

Aontaím leis an Aire Stáit maidir leis an obair atá ar bun ag Fulbright agus an ICUF thar sáile. Tá an obair sin feicthe agam agus tá na micléinn a thagann go hÉirinn ag foghlaim na Gaeilge an-tábhachtach agus tá an dul chun cinn á dhéanamh acu.

Ba chóir dúinn dul ar ais go dtí córas éigin ina mbeadh oiliúint ar fáil do státsheirbhísigh. Caithfidh mé ardmholadh a thabhairt do chuid mhaith den fhoireann anseo sna Tithe. Na daoine go bhfuil Gaeilge acu, labhraíonn siad í agus úsáideann an dream go bhfuil cúpla focal acu iad. Bhíodh córas ann ina bhíodar ábalta cúrsa Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht. Airíonn siad uatha é sin go mór agus sílim gur fiú breathnú ar sin arís. Tuigim freisin nach bhfuil cead acu suaitheantas a chaitheamh a léireodh go bhfuil Gaeilge acu. Is mór an trua í sin, mar dá mbeadh siad ábalta an fáinne nó rud éigin eile a chaitheamh a léiríonn go bhfuil Gaeilge acu, bheadh a fhios againn cé atá in ann Gaeilge a labhairt.

De réir mar a thuigim, nuair a bunaíodh UTV Ireland, an stáisiún nua teilifíse, de réir an cheadúnais a tugadh dó, níl dualgas ar bith air clár ar bith as Gaeilge a chraoladh. Sílim gur botún é sin. Is ceist í gur gá a ardú leis an Aire Cumarsáide. Ní dóigh liom go bhfuil seo féaráilte ar na stáisiúin eile. Níl sé féaráilte go mbeadh orthu dualgas na Gaeilge a chomhlíonadh agus go mbeadh UTV Ireland in ann leanacht ar aghaidh gan an dualgas Gaeilge a chomhlíonadh. Nuair a d'ardaigh muid an cheist leo, níor thaithin sin leo.

Bheadh muid criticiúil faoin obair atá déanta, ach táimid sásta deis a thabhairt don Aire Stáit dul chun cinn a dhéanamh. Sílim go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh aige, ach tá muid fós criticiúil mar tá an t-am ag éirí gearr agus tá an obair ag teastáil go práinneach.

Tá sé deacair labhairt i ndiaidh an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ba mhaith liom óráid bheag a dhéanamh trí Ghaeilge inniu le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá brón orm nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach ar chor ar bith, ach is iontach an deis í Seachtain na Gaeilge le daoine cosúil liomsa a spreagadh i dtreo na Gaeilge agus chun cúpla focal a úsáid le linn an lae, ar nós "Go raibh maith agat" a rá sa siopa agus "Dia dhuit" a rá le daoine anseo i dTeach Laighean.

Ach ní dóigh liom gur leor seo. Ba chóir don Rialtas níos mó a dhéanamh do lucht labhartha na Gaeilge ar bhonn laethúil, seachas le haghaidh seachtain amháin i mí Márta. Ba mhaith liom an deis seo a thapú aird a tharraingt ar staid na Gaeilge sa Státseirbhís. Caithfimid dul i ngleic le seo.

Tá brón orm nach bhfuil mé ábalta m'óráid ar fad a thabhairt as Gaeilge, but I have tried to pay my tribute through my small contribution for Seachtain na Gaeilge. I wish I could speak more Irish and wish we had more opportunities to do so. This morning, I visited a Gaelscoil on my way to the House and was bowled over, not only by the amount of Irish of those in the school but by the amount done to provide classes for parents of children. We could all learn from that example. In particular, we should follow this example in the context of non-nationals in our schools, so as to encourage them to speak Irish. Recently I attended a sixth class debate in Irish and two of the students involved were born outside of this country and could put me to shame with their Irish. We have scope to do a lot more to promote Irish. I welcome Seachtain na Gaeilge, but we have scope to do a lot more to promote Irish.

I would like to pay tribute this week to the many translators operating behind the scenes who have a difficult job translating our sometimes limited Irish. I am also grateful for the opportunities the Houses of the Oireachtas provide to Members to improve their Irish. I wish there were more hours in the day for us to avail of that, but it is a wonderful facility. I also thank Gaeilgeoirí in the House, like Senators Ó Murchú and Ó Clochartaigh. We have many fluent Irish speakers here. Senator Keane is also a very good Irish speaker. It is wonderful to have that here. I thank Senator Ó Clochartaigh, Rónán Ó Domhnaill and Harry McGee for the opportunity they provided to Members of the Oireachtas last year by providing Irish conversation classes which were of great benefit to the effort to improve our Irish.

As the Minister of State said, Seachtain na Gaeilge provides a fantastic opportunity to show our Irishness and culture through music, song and dance and is a wonderful opportunity to promote our country. However, we could do more to keep it going. I welcome the changes the Minister of State has pointed out. Some of them have come about unbeknown to us, like the change in our road signs. It is only when we meet people from another country that we realise we have more Irish around us now. Perhaps we suffer a little from a lack of confidence. I know that is the situation in my case. If I am on holidays or somewhere else, I have no bother conversing in Irish with members of my family, but I feel the lack of confidence when speaking Irish here. I thank the Oireachtas for the opportunities we get to improve our Irish and believe there is more we can do.

Tá áthas an domhain orm fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach an tseachtain seo, Seachtain na Gaeilge. Ní raibh an tAire Stáit anseo linn an bhliain seo caite, ach bhí sé anseo linn go minic ó ghlac sé a phost mar Aire Stáit sé mhí ó shin. Seo an chéad uair atá sé sa Seanad le haghaidh Sheachtain na Gaeilge agus cuirim fáilte roimhe.

Tá dualgas agus freagracht ar gach duine, ar gach Éireannach, an Ghaeilge a chur chun cinn chomh minic agus is féidir. Labhair cúpla focal agus beidh an teanga slán. Sin adúirt Daithí Ó Sé sa pháipéar inniu. Tá an ceart aige. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh cúpla focal Gaeilge a labhairt anois agus arís, go mórmhór an tseachtain seo. Ní raibh an tAire Stáit anseo anuraidh le haghaidh Seachtain na Gaeilge agus ba mhaith liom scéal beag a insint maidir leis sin.

Nuair a bhí mise ag freastal ar an scoil náisiúnta - cúpla bliain ó shin - bhí gach buachaill agus cailín sa scoil ábalta a dteanga féin a labhairt. Bhí an teanga go flúirseach acu. Bhí an-suim ag na múinteoirí sa teanga.

D'fhoghlaimíomar stair, tíreolas, matamaitic, reiligiún agus gach ábhar eile, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge ó rang a 2 go dtí rang a 6. Sin mar a bhí sé sna scoileanna náisiúnta a bhí in aice linn. Bhí cúig nó sé scoileanna náisiúnta i mo cheantar agus sin mar a bhí sé i ngach scoil. Ní sin mar atá sé anois, áfach. Caithfidh na múinteoirí sna scoileanna náisiúnta níos mó béime a chur ar na hainmfhocail, na haidiachtaí, na briathra, an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an modh coinníollach. Níl siadsan ag na páistí anois. Bím ag caint leo go minic. Níl siad acu. Níl fios agam cén fáth. Is páistí óga iad seo atá ag fágáil na scoileanna náisiúnta. Ní bhaineann sé seo leis na scoileanna náisiúnta go léir, ach cuid dóibh. Muna mbíonn buntús ag páistí óga agus iad ag fágáil na scoileanna náisiúnta, beidh siad an-lag sa Ghaeilge agus iad ag dul go dtí an mheánscoil. Bíonn siad an-lag agus go minic cailleann siad a dteanga féin. Ní bhíonn áthas orthu a dteanga féin a labhairt. Ní gach duine acu ach an chuid is mó dóibh. Tá brón orm é sin a rá sa tSeanad an tseachtain seo agus í Seachtain na Gaeilge.

Tá Gaeilge an-mhaith ag an chuid is mó de na Seanadóirí sa Teach seo. Nílimid chomh maith leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú nó an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, ach tá Gaeilge mhaith ag an chuid is mó againn. Níl mise in ann labhairt chomh maith leosan ach táim ag déanamh iarrachta agus sin mar a bheidh sé as seo amach. Déanfaidh mé mo dhícheall chomh minic ach is féidir liom sa Teach seo. Ba chóir dúinn bheith bródúil as ár dteanga agus as í a labhairt. Tá níos mó le déanamh againn go léir chun ár dteanga a chur chun cinn. Tá oibligeáid orainn go léir.

Tá scéal beag eile agam. Bhí mé ag caint le cailín óg cúpla mí ó shin. Cailín álainn ab ea í. Tá sí i rang a sé sa scoil náisiúnta áitiúil. Dúirt mé léi nárbh as an tír seo í. Rugadh agus tógadh í san Úcráin. Tháinig a clann go dtí an tír seo deich mbliana ó shin. Bhí fios aici cad is brí leis an bhfáinne óir ar mo chóta. D'iarr mé uirthi na teangacha a bhfuil sí ábalta labhairt. Tá an Ucráinis, an Rúisis, Laitvis agus teangacha eile aici - ní chuimhním liom iad go léir. D'iarr mé uirthi cad a cheapann sí maidir leis an nGaeilge. Dúirt sí liom gurb í an duine is fearr sa scoil ag labhairt na Gaeilge. Is í an duine is fearr, idir bhuachaillí is chailíní, sa scoil agus níor tháinig sí go dtí an tír seo ach deich mbliana ó shin. Bhí áthas an domhain orm é sin a chloisteáil. There is a message in that. Déanaim comhghairdeas leis an scoil náisiúnta sin mar tá an-suim ag an chailín sin sa teanga.

Tá níos mó le déanamh againn go léir. Tosaím liom féin agus gach aon Seanadóir eile chun ár dteanga féin a chur chun cinn. Le cúnamh Dé, déanfaimid ár ndícheall í a choiméad agus í a chur chun cinn.

I dtosach báire, tréaslaím leis an Seanadóir mar níl aon amhras faoi ach go léiríonn sé grá don Ghaeilge agus cumas sa Ghaeilge go rialta sa Teach seo. Tá sé ag feidhmiú ar an gcomhcoiste freisin agus é sin á dhéanamh aige go rialta agus go héifeachtach chomh maith. Tréaslaím leis an tAire Stáit agus cuirim fáilte roimhe. Tréaslaím leis de bharr na n-iarrachtaí agus an dul chun cinn atá déanta aige maidir le snas a chur ar a chuid Gaeilge.

An rud atá déanta aige, bhí géar-ghá leis. Thug sé dóchas do dhaoine ar fud na tíre a bhí ar bheagán Gaeilge nó b'fhéidir a raibh easpa muiníne acu maidir le Gaeilge a úsáid. Cloisim é sin i ngach áit. Sheas an tAire Stáit an fód, rinne sé iarracht agus d'éirigh go hiontach leis. Bail ó Dhia air. Chruthaigh sé chomh maith go bhfuil freagraí ann maidir le stádas na Gaeilge i measc an phobail. Cruthaíonn Seachtain na Gaeilge díreach an rud céanna. Tá an Ghaeilge i lár an aonaigh don tseachtain agus don choicíos seo. Tá Gaeilge san aeir i rith Sheachtain na Gaeilge. Molaim lucht eagraithe na seachtaine seo agus molaim dar ndóigh, mar an gcéanna leis an Aire Stáit, Conradh na Gaeilge a sheas an fód i gcónaí ar son na Gaeilge.

Is daoine óga i ndáiríre atá chun tosaigh maidir le feachtas na Gaeilge i láthair na huaire. Is chuimhin liom nuair nach raibh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge san Eoraip. Ba dhaoine óga ag an am sin a chuaigh chun tosaigh. Caithfidh mé a rá chomh maith gur oibrigh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile sa Teach seo. Bhí Brian Hayes mar cheannaire ag an am. Labhraíomar lena chéile agus chuireamar comh-rún le chéile. Ritheadh an rún seo maidir le stádas na Gaeilge san Eoraip. Chuaigh sé ar aghaidh chun na Dála agus ritheadh é d'aonghuth arís. Sin díreach cad tá ag teastáil uainn - an obair á dhéanamh go traspháirtí. Ní le haon pháirtí an Ghaeilge. Is leis an bpobal agus leis an náisiún an Ghaeilge. Bhí sé sin sa straitéis 20 bliain na Gaeilge chomh maith. Ritheadh é d'aonghuth agus an reachtaíocht chomh maith. Sin rud stairiúil agus is rud nua a bhí ann. Is daoine óga go minic a chothaigh an t-atmaisféar nua sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach an t-aontas sin a chosaint agus a chothú amach anseo.

Chomh maith le sin, dar ndóigh, tuigimid go léir go bhfuil dea-thoil amuigh i measc an phobail. Léiríodh é sin san daonáireamh deireanach, an census deireanach, a bhí ann. D'fhreagair beagnach 2 milliún duine, 1.7 milliún, go raibh Gaeilge acu. Tá sé sin go hiontach ar fad. Déanadh suirbhé le déanaí. An chóir seirbhís iomlán dhátheangach a bheith ag gach saoránach? Beagnach 80% a d'aontaigh leis an rud sin. Sin na figiúir atá amuigh i measc an phobail. Tá dea-toil ann anois i gcomparáid leis na 60dí agus na 70dí, nuair a bhí díospóireachtaí nimhneacha ar siúl ag an am. Níor chabhraigh sé seo leis an nGaeilge in aon tslí. Is a mhalairt atá ann inniu. Is fíor-bheagán litreacha anois a bhíonn sna páipéir ag cáineadh na Gaeilge nó ag cáineadh thacaíocht don Ghaeilge. Is féidir linn a rá aon rud a bheidh déanta sa Teach seo nó sna comhlachtaí poiblí ar fad, beidh na gnáthdaoine taobh thiar den iarracht sin freisin.

Luaigh an tAire Stáit an tuarascáil a d'fhoilsigh an comhchoiste. Ba mhaith liom féachaint siar ar an gcur chuige a bhí againn nuair a bhí an tuarascáil sin á cur le chéile. D'éirigh linn finnéithe a bhreith isteach ó na heagrais agus ó ghníomhaireachtaí eile. Labhair siad linn go díreach mar gheall ar na rudaí a bhí ag teastáil, na buanna a bhí ann don Ghaeilge agus an dúshlán a bhí ann. Mar is eol do Sheanadóirí, d'éistíomar leis na rudaí a bhí ráite. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm gur tháinig daoine óga isteach ó na heagrais. Bhí cur i láthair faiseanta acu. Bhí siad proifisiúnta, cúirtéiseach agus dea-bhéasach ag na cruinnithe, rud a bhí thar a bheith tábhachtach. Chuaigh siad i bhfeidhm ar na baill. Is iad na rudaí atá sa tuarascáil sin na tuairimí a nochtaigh na daoine a tháinig isteach. Dar ndóigh, tháinig oifigigh ón Roinn isteach mar fhinnéithe freisin. Tá na nithe sa tuarascáil na rudaí is bunúsaí atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh an reachtaíocht éifeachtach agus láidir agus go mbeidh an straitéis lárnach i ngach rud a bheidh ag tarlú.

Tugann na himeachtaí atá ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge sa chathair seo agus ar fud na tíre deis dúinn an cur chuige gur chóir a bheith ann a mheas. Ba cheart dúinn féachaint ar na samplaí sin, atá le tabhairt faoi deara ar an teilifís agus i ngach gnó atá thart timpeall orainn. Cabhróidh siad linn tuiscint conas is féidir an timpeallacht a Ghaelú gan an iomarca brú a chur ar aon duine. Má bhíonn an grá don Ghaeilge agus dár bhféiniúlacht náisiúnta taobh istigh den iarracht, ní thabharfaidh aon duine aon bhrú faoi deara ar chor ar bith. Tá sé sin cruthaithe anois ag Seachtain na Gaeilge. Ba chóir dúinn féachaint ar sin mar chur chuige ann féin.

Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Tá sé inspioráideach dóibh siúd atá seans acu freastal ar an nGaeltacht an Ghaeilge a chloisteáil mar ghnáththeanga labhartha. Má tá aon easpa muiníne orthu i dtaobh na Gaeilge sa ghnáthshaol, beidh siad sásta iarracht a dhéanamh nuair atá siad i gcomhthéacs nádúrtha na Gaeltachta. Cé go bhfuilimid thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta, tá an-chuid ceachtanna le foghlaim. Thug an Seanadóir Ó Braonáin sampla amháin do dhuine a rinne iarracht speisialta. Is féidir liom sampla eile a thabhairt. Yuri is ainm don rúnaí atá ar chraobh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Moscó. Tá an Ghaeilge ar a thoil aige. Tá an Ghaeilge níos fearr aige ná mar atá an Béarla. Cruthaíonn sé sin conas is féidir é seo a dhéanamh.

Caithfimid bheith cúramach maidir le stádas na Gaeilge san Eoraip. Is é seo mo phointe deireanach. Bhí mé sa Bhruiséil coicís ó shin nuair a bhí duais saoránach na hEorpa á bronnadh ar an gcomhaltas. Bhí mé ag caint le roinnt mhaith daoine. Tá maolú ar an stádas sin. Tá seans iontach ag an Aire, ag an Rialtas agus ag gach éinne a chinntiú go daingean nach mbeidh aon chúlú ann ar chor ar bith maidir le stádas na Gaeilge.

Is fíor é an ráiteas "tír gan teanga , tír gan dúchas", cibé duine a chum é. Seoladh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí na Nollag 2010. Leagann an straitéis amach cuid mhaith rudaí atá le déanamh maidir leis an nGaeilge. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, caithfimid comhoibriú le chéile chun aidhmeanna na straitéise a chur i gcrích. Caithfimid líon na dteaghlach ar fud na tíre ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga caidrimh a mhéadú. Ba chóir dúinn seans níos fearr a thabhairt do dhaoine a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, go háirithe leis an Státsheirbhís. Nuair a bhí mé i dteagmháil le Roinn áirithe le déanaí, ba léir dom go bhfuil sé níos éasca anois a leithéid a dhéanamh. Ba cheart dúinn níos mó a dhéanamh ar an dóigh sin.

Nuair a dúirt an Seanadóir Ó Murchú gurb "í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge", smaoinigh mé gur bhuail mé le páiste cúpla lá ó shin nuair a bhí mé i scoil áirithe. Dúirt mé leis "Dia dhuit" agus dúirt sé "tobar" ar ais liom. Caithfimid cosc a chur ar Google. An dtuigeann na Seanadóirí?

Bhí sé ag iarraidh "well" a rá.

B'shin a dúirt sé liom.

Go bhfóire Dia orainn.

Bhí sé ag foghlaim trí Google.

Ní freagra ceart ar bheannacht an Seanadóra a bhí ann in aon chor.

Ní freagra ceart a bhí ann.

Níor fhiafraigh an Seanadóir dó cén chaoi a raibh sé.

Tá an t-am nach mór istigh. Tá dhá nóiméad fágtha ag an Seanadóir.

Tá a lán le rá agam, ach ní bheidh mé in ann é go léir a rá. Caithfimid scéim nua a chur ar bun sa Ghaeltacht chun na páistí a mhealladh chun cainte nuair a bhíonn siad ag súgradh. Tá a fhios agam go bhfuil scéim áirithe ann, ach is léir don Aire Stáit agus dúinn go léir go bhfuil fadhb sa chomhthéacs seo.

Beidh an Ghaeilge ar ais mar theanga caidrimh agus mar ghnáththeanga na tíre seo, b'fhéidir i gceann 300 bliain, 100 bliain nó 50 bliain. Tá a fhios agam go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh an Ghaeilge ar ais anseo. Bhí mé ag iarraidh an téarma "tiocfaidh an lá" a shá isteach i mo ráiteas. Tiocfaidh an lá nuair a bheidh an Ghaeilge i mbarr a réime arís.

Nuair a bhí mé amuigh leis na Coirdínigh cúpla mí ó shin, bhuail mé le cailín gleoite ar bhruach na Tígrise. D'fhiafraigh mé di ar cheap sí go mbeadh bean riamh mar Uachtarán na Tuirce agus d'fhreagair sí leis an bhfocal inshallah, a chiallaíonn "that will be the day" sa Choirdis. Is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge. Tá an focal céanna le haghaidh "day" sa Choirdis is atá sa Ghaeilge. Ma tá na Coirdínigh ábalta a dteanga a choimeád agus a chothú, is féidir linn an Ghaeilge a chaomhnú freisin.

Mar focal scoir, iarraim ar an Aire Stáit cúpla punt eile a fháil don iris An tUltach ó Fhoras na Gaeilge. Níl ach €10,000 acu faoi láthair. Thosaigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh an iris stairiúil seo sa bhliain 1923. Scríobh Seosamh Mac Grianna, Séamus Ó Grianna agus an t-uafás údar eile don chéad uair san fhoilseachán sin. Caithfimid é a choimeád. Dá mbeinn chun rud amháin a iarraidh ón Aire Stáit, bheadh sé chun An tUltach a chothú mar iris Ghaeilge sa tír seo.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is maith an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl inniu. Is dócha go dtuigeann gach duine anseo cás na Gaeilge.

Tá grá againn don Ghaeilge agus tá spéis faoi leith againn uilig anseo i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga Eorpach agus mar theanga phobail. Dar ndóigh, táimid buartha, i ndáiríre, faoi cheist conas an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn phoiblí. Tá sé tábhachtach é seo a dhéanamh i ngach réimse de shaol na tire seo. Toisc mé ag cur fúm ar imeall na Gaeltachta, sa Ghaillimh, ní bhíonn leisce orm an Ghaeilge a chur chun cinn pé deis a fhaighim. Is cuma ag plé cúrsaí réigiunda agus áitiúla ar RTE, Raidió na Gaeltachta, ar TG4 nó ag scríobh agus ag díospóireacht sna meáin Ghaeilge ar cheisteanna pobail, reachtaíochta, réigiúnacha nó ceisteanna a bhfuil tábhacht faoi leith leo ó thaobh thodhchaí na hÉireann ar bhonn náisiúnta agus go hidirnáisiúnta atáim. Táimid uilig anseo gafa leis an obair sin. Le déanaí bhí mé páirteach i ndíospóireacht thábhachtach ar an nuachtán is nua sa Ghaeilge - tuairisc.ie - maidir leis an mBille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí. Is maith an nuachtán é tuairisc.ie agus tréaslaím le gach duine ann.

Tá an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn inniu agus a bhí sí riamh. Is comhartha láidir féinaitheantais í i sochaí Éireannach ilchultúrtha ina labhartar breis is 150 teanga ar bhonn laethúil. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh ár dteanga i mbaol a báis ag deireadh na 19ú aois, is geall le míorúilt é go bhfuil an Ghaeilge chomh láidir is atá sí an lá atá inniu ann. Is sna Gaeltachtaí a chónaíonn formhór mór na gcainteoirí dúchais agus is iontu, sna Gaeltachtaí, a labhartar an Ghaeilge go fóill mar theanga phobail. Ábhar díomá i gcónaí é go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha agus na Gaeltachtaí ag creimeadh. Is ag creimeadh atá siad an t-am ar fad agus ar luas nach raibh súil againn leis.

Cé go luann daoine an dul chun cinn eacnamaíoch a rinneamar mar Éireannaigh le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh, ní luaitear chomh minic céanna an athbheochan a tharla do chultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta agus an dul chun cinn a rinne an Ghaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta leis. Tá idir chumais agus dhúshláin i gceist nuair a bhíonn muid ag plé cheist na Gaeilge agus todhchaí na Gaeilge. Feictear d'fhormhór na ndaoine go bhfuil an dul chun cinn a tharla imithe i léig go mór le blianta beaga anuas, agus ní bhaineann an fhadhb seo leis na ciorruithe siar móra a cuireadh i bhfeidhm le cúpla bliain anuas sa réimse cultúrtha amháin. Baineann sé le cúrsaí polasaí agus stádas na teanga. I mí an Mheithimh 2005, d'aontaigh Comhairle Airí na hEorpa go mbeadh an Ghaeilge, ón 1 Eanáir 2007 ar aghaidh, ar an 20ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach.

Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ar an 1 Eanáir 2007. Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse cúig bliana go dtí 2012 agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, ionas nach gá ach líon an-bheag de na cáipéisí a aistrítear go gach teanga oifigiúla eile a aistriú go Gaeilge toisc easpa saineolaithe Gaeilge ag an am. Sin an fáth a tharla sé. Níl an easpa sin ann a thuilleadh. Anuas air sin, níl an deis chéanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí. Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta is gá idir seo agus 2017 le riaradh i gceart.

Tá daoine á bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair. Beidh níos mó ná 180 post breise le líonadh nuair a thagann deireadh leis an mhaolú. Ach cad chuige nach bhfuil an deis seo á thapú ag an Rialtas seo againne? Ní hamháin go mbeadh deiseanna fostaíochta nua do mhuintir na hÉireann, gan aon chostas ar an Rialtas, ach bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile den 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, Máltais, Eastóinis agus Laitvis ina measc. Anuas ar sin, bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de réir mar a théann líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go poist a bhaineann le réimsí polasaí san Aontas Eorpach. Chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge ín Éirinn agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéil. Cad faoin éileamh a bhí ann, agus atá i gcónaí ann, ag muintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí i gcoitinne go mbeadh gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge? Ní hamháin sin ach cad faoin éileamh atá ann le fada an lá go mbeadh ar a laghad 10% d'fhostaithe sa Státseirbhís in ann cumarsáide sásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge?

Díol suntais go bhfuil cúrsaí Gaeilge ag feabhsú ó thuaidh san am céanna agus go bhfuileadar ag creimeadh agus ag dul in olcas ó dheas. Maíonn gach pobalbhreith a tiomsaíodh riamh go measann 90% de mhuintir na hÉireann tábhacht náisiúnta nó tábhacht phearsanta faoi leith a bheith leis an nGaeilge. Tá an Ghaeilge mar chuid d'oidhreacht náisiúnta agus domhanda atá thar a bheith tábhachtach. Agus deich mbliana na gCuimhneacán 1916 á gceiliúradh ag an Stát seo, tá sé thar am go dtugadh muid gach tacaíocht gur féidir linn ar bhonn sóisialta, teangeolaíoch agus eacnamaíochta don teanga dhúchais is sine san Eoraip.

I welcome the Minister of State to the House. It is probably one of my biggest regrets that I did not put more into the learning of the Irish language. I envy all of the contributors here who spoke so eloquently. However, I found that the Irish language in school for the likes of myself was a very difficult language with which to get to grips. When I married my wife from Gaoth Dobhair in Donegal, who happened to be a fluent Irish speaker, we had a pact that I would teach her English and she would teach me Irish. I taught her English but that is as far as it went. Thankfully, because she is a fluent Irish speaker, she has instilled the Irish language in my three children and they have a very good command of the Irish language. This is to be welcomed. It seems to be easy for someone who comes from a Gaeltacht area to continue the tradition of speaking the Irish language. However, outside of those areas, it can be quite difficult.

Senator Moran mentioned Irish culture. Irish culture can be defined as including the spoken language, song and dance. I have a son who does Irish dancing. He is four times world champion. We will travel to Montreal at the end of this month for the world championships again. I mentioned this to another Minister in the past. The point I wish to make is that it is very expensive to continue to demonstrate the Irish culture because of the cost factor involved. Whereas I can just about afford to bring my family out to the likes of Montreal, there are many families who on this occasion will not send their children to Montreal because of the cost. I encourage the Minister of State to look at the possibility of some kind of funding for dance schools. These schools are doing so much to promote the Irish language and Irish culture and they should get some recognition. The Minister of State might consider this matter further down the road.

Labhróidh mé go tapaidh mar tá an t-am beagnach imithe agus mar a deirtear, tír gan teanga, tír gan anam, nó tír gan dúchas mar a dúirt Senator D'Arcy. Táim cinnte go bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt tosaíochta don Ghaeilge agus aird mór á tabhairt di agus í á chur chun cinn. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht na ranganna agus an iarracht atá déanta aige. Tá flúirseach Gaeilge aige anois. Is teanga oifigiúil í an Ghaeilge agus is í an teanga is aosta san Eoraip. Ba cheart gach uile dhuine againn í a chosaint agus í a chur chun cinn. Tá an teanga mar theanga oibre san EU ó 2007. Chuala mé cúpla focal ann. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun í a choiméad ann mar theanga oibre.

Tá a lán déanta againn ó thaobh an mhodh oideachais de. Tá 40% de na marcanna le fáil sa scrúdú cainte. Caithfimid súil a choiméad ar sin freisin. Fágann a lán daltaí na scoile le blas uafáscach, a bad taste, ina mbéil acu. Mar a dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, caithfimid an grá don teanga a mhúscailt. We cannot be compelled to repel. Ba cheart dúinn smaoineamh ar sin - daltaí a spreagadh gan phíonós.

Táim ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí scoile an tseachtain seo. Ní féidir labhairt faoin teanga gan labhairt faoi na Gaelscoileanna. Tá sé ráite san EU go bhfuil an an-chuid teanga i gcontúirt nó extinction. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh ionas nach mbeidh an teanga Gaeilge ina measc. Molaim tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus an obair atá á dhéanamh i leith mná tí. Ó thaobh the economics de, bíonn €50 milliún ar fáil sa Ghaeltacht gach bliain. Baineann se seo leis na mná tí. Tugann sé seo seans do dhaltaí taobh amuigh den Ghaeltacht dul ann.

Ba cheart dúinn aitheantas a thabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus an obair atá á déanamh ansin ó thaobh an cheoil agus an damhsa de. Déanaim comhghairdeas leis an Seanadóir Ó Murchú maidir le sin.

B'fhéidir go mbeidh ranganna damhsa anseo againn sa tSeanad nó san Oireachtas don fhoireann agus do na Seanadóirí. Aithním na comhairlí contae agus an obair atá á déanamh acu chun an teanga a chur chun cinn freisin.

Tá trácht sa straitéis ar new urban Gaeltacht areas or networks. Tá níos mó Gaelscoileanna bunaithe i mBaile Átha Cliath, i Clondalkin agus Tallaght, ná in aon áit eile sa tír. Dúirt mé é seo anuraidh freisin. B'fhéidir the Minister would look at Tallaght and Clondalkin mar pilot projects ó thaobh na straitéise de agus a new urban Gaeltacht area no network a bhunú ansin chun an teanga a chur chun cinn. Tá teach breá againn i dTeach Mealóg atá folamh anois. B'fhéidir go mbreathnódh an tAire Stáit ar sin agus ar Áras Chrónáin freisin agus áit dóibh sa language plan.

Dúirt an Seanadóir Brennan an-chuid maidir le cailín álainn. Tá amhrán breá ann, "An Cailín Álainn". Tá teanga álainn againn agus ba cheart dúinn í a choiméad.

Bhí mórán moltaí ann ansin ó gach aon Seanadóir. Gabhaim míle buíochas as ucht na teachtaireachtaí dearfa a bhí ag na Seanadóirí inniu. Tá sé soiléir go bhfuil caidrimh mhaith idir na daoine anseo sa Teach seo. Is é sin an bealach ceart ó thaobh an teanga Gaeilge de. Tá taithí mór agam ar obair le daoine sa Teach seo. D'oibrigh mé leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú agus daoine éagsúla eile sa Teach seo in 2003 ar son Acht na dTeangacha Oifigiúla agus chomh maith le sin, i 2007, ar son an aitheantais a tugadh don Ghaeilge san Eoraip. Sin an bealach ceart - na daoine ag obair lena chéile.

Tá an ceart ag na Seanadóirí agus go háirithe Seanadóir Brennan. Tá dualgas ar gach duine againn sa Teach seo, sa Dáil agus sa tír seo ó thaobh na teanga Gaeilge de agus í á cur chun cinn. Táim ag súil go mór leis an am a bheidh an teanga Gaeilge an teanga ba nadúrtha dúinn agus nach mbeimid ag iarraidh deiseanna ar nós Sheachtaine na Gaeilge chun í a labhairt. Táim ag súl go mór le sin. Táim cinnte gurb é an rud is tábhachtaí maidir leis an teanga Gaeilge ná í a choiméad, a chosaint, a dhaingniú agus a chur chun cinn.

Is léir go bhfuil athbheochan ann maidir leis an teanga Gaeilge, an chultúr, an drámaíocht agus an stair. Tabharfaidh mé tacaíocht dóibh siúd a bhfuil ag obair go crua ar son na teanga. Labhair an Seanadóir Ó Murchú faoin ról atá ag Conradh na Gaeilge agus Gael Linn. Luadh Gael Uladh chomh maith. Labhair an Seanadóir D'Arcy faoi An tUltach. Tá mórán dreamanna ann ag obair go crua agus go dian dícheallach ar son na teanga. Tá mise leo. Aontaím go bhfuil ról tábhachtach acu chun an teanga a bhogadh chun tosaigh.

Chuala mé an teachtaireacht faoin mhaolú. Níl an cinneadh déanta fós. Tá an Rialtas freagrach as an gcinneadh agus tá sé le déanamh ag deireadh na bliana seo.

Bhí na trí fhocal céanna a bhí agamsa sé nó seacht mí ó shin ag an Seanadóir Moran. Is iad sin, "Tá brón orm." Tá brón orm nach bhfuil mé ábalta an Ghaeilge a labhairt. Sin na trí fhocal is diúltaí atá ann. D'éirigh liomsa. Tuigim an deacracht atá ann sa tír seo do dhaoine nach bhfuil ábalta an Ghaeilge a labhairt. Tá mise leosan freisin. Níl le déanamh ach cúpla focal a úsáid gach lá, mar a dúirt an Seandóir Brennan, fiú "Gaidé mar atá tú?" nó "Conas atá sibh?" nó "Cén chaoi a bhfuil sibh?" Níl gá ach cúpla focal gach aon lá. Gabhaim mo bhuíochas agus déanaim mo chomhghairdeas leo siúd atá ag obair i dTeach Laighean, idir na ushers agus na hoifigigh a bhíonn ag an gcruinniú "cupán tae agus cúpla focal" gach aon Céadaoin anseo. Is le cúpla focal gach lá an bealach ceart chun é seo a dhéanamh.

Tá an ceart ag Seanadóir Ó Murchú go bhfuil ról mór ag na daoine sna ceantair Ghaeltachta. Is iad na ceantair Ghaeltachta tobar na teanga Gaeilge agus na daoine le Gaeilge. Táim i mo chónaí béal dorais leis an Ghaeltacht agus bíonn an deis agam, gach aon lá a théim go dtí an siopa áitiúil nó a chasaim le daoine as mo cheantar, casadh le daoine ó cheantar na Gaeltachta. Anois tá siad ag labhairt Gaeilge liom. Sin an bealach is dearfaí agus sin an fáth go bhfuilimse ábalta Gaeilge a labhairt. Chuala mé daoine eile ag labhairt Gaeilge.

Iarraim ar na daoine le Gaeilge, go háirithe seandaoine a bhfuil focail deasa acu, í a roinnt. Mar shampla, labhair an Seanadóir Brennan faoi Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill, ach i nGleann Cholm Cille, Fanad, Conamara, Ciarraí agus Gaeltacht Mhúscraí, tá seandaoine le nathanna éagsúla acu. Deirimid "Fáilte romhat" ach ní usáidtear "Fáilte romhat" i dTír Chonaill. Deirtear "Go ndéana a mhaith duit". Úsáidtear inniu na focail, "Tá mé ag déanmh mo dhícheall". I dTír Chonaill, deirtear "Tá mé ag déanamh mo sheacht ndícheall" meaning "I am doing my best seven times over". Is é seo an Ghaeilge atá fós ag seandaoine. Tá ról mór ag na daoine le Gaeilge í a labhairt, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu.

Mar fhocal scoir, tá tuairisc.ie ag déanamh jab fíor-mhaith agus mar an gcéanna le dreamanna eile. Bhí an ceart ag an Seanadóir Keane maidir leis na ceantair atá taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe iadsan sa Tuaisceart, Clondalkin agus a leithéid. Tá Foras na Gaeilge freagrach as na líonraí Gaeilge. B'fhéidir go ndéanfar cinneadh amach anseo. Níl fios agam cé hiad na ceantair atá i gceist ag an bhForas maidir le seo ach chuala mé go bhfuil sár-obair ar siúl i gceantair éagsúla ar nós Clondalkin. Cífimid cad a tharlóidh amach anseo.