Irish Language: Statements

Cuirim fáilte chuig an Seanad roimh an Aire Stáit.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus nithe gaolmhara.

I dtús báire measaim gur gá a aithint gur le linn na géarchéime eacnamaíche is measa a bhuail an Stát riamh a lainseáladh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Go hiondúil, le haon straitéis infheistíochta Stáit mar seo, cuirtear i bhfeidhm í le meascán d'airgead atá ann cheana féin mar aon le hairgead nua a aimsítear ón Státchiste. Mar is eol do chách, ba a mhalairt a tharla i gcás na straitéise 20 bliain mar ní hamháin nár éirigh leis an Rialtas an t-airgead nua sin a aimsiú ach, go deimhin, ar mhaithe le heacnamaíocht na tíre a chur ar thalamh slán, b'éigean don Rialtas nua a tháinig isteach in 2011 ciorruithe a chur i bhfeidhm trasna an bhoird ar bheagnach gach líne bhuiséid a bhí ag an Státchiste.

Ní nach ionadh mar sin go raibh leibhéal suntasach soiniciúlachta le feiceáil i measc an phobail don chéad chúpla bliain de shaolré na straitéise, rud a chuir an tionscadal uaillmhianach seo faoi mhíbhuntáiste ón tús. Tá mise, mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, dóchasach anois go bhfuil ré na gciorruithe curtha dínn agus fianaise de seo le feiceáil leis na buiséid sheasmhachta a aontaíodh do 2016 agus 2017.

In ainneoin na gcúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, aithním go bhfuil éacht déanta acu leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré. Mar is eol don choiste, is naoi réimse gnímh atá leagtha amach sa straitéis: an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach agus luath-idirghabháil, riarachán, seirbhísí agus pobal, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht agus stádas, an saol eacnamaíochta agus tionscnaimh leathana.

Ó thaobh na straitéise 20 bliain, foilsíodh í i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Is ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá an fhreagracht an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Cuirtear é seo i gcrích tríd na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Comhchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an coiste comhairleach do na heagrais Gaeilge, an grúpa idir-rannach agus na grúpaí ardleibhéil éagsúla.

Ón uair gur foilsíodh an straitéis, tá dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla atá luaite inti. Foilsíodh tuarascáil sa bhliain 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le feidhmiú na straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. I mí Mheán Fómhair 2014, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, 12 acu san iomlán agus mo Roinn féin san áireamh, tuarascálacha ar an dul chun cinn a bhí déanta acu ó 2013 faoin straitéis. Anuas air sin, i mí na Nollag 2015, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha tuarascálacha cúig-bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 san tréimhse sin.

Ós rud é go raibh an straitéis cúig-bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don tréimhse cúig-bliana atá romhainn. Mar chuid den phróiseas, reáchtáladh sraith chruinnithe poiblí ag an tráth sin agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.

Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag an am ar mhaithe le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Mar is eol don choiste, d'fhógair mé le déanaí go raibh socraithe agam an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an choiste comhairligh a bunaíodh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise, le breithniú a dhéanamh uirthi. Is mé féin, mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, atá mar chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach. Tá sé socraithe anois go mbeidh an chéad chruinniú eile den choiste comhairleach, atá ionadaíoch ar na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta, ar siúl ar an 15 Feabhra 2016. Agus tuairimí agus moltaí an choiste a bheith faighte ina leith, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2022 á chur i dtoll a chéile ag an Roinn agus á fhoilsiú.

Ó thaobh chur i bhfeidhm na straitéise, tá allúntas breise de €250,000 ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go mbeidh cistíocht ar fiú €1.25 milliúin in iomlán ar fáil i mbliana lena haghaidh. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an phleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus go deimhin le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ní call dom a rá go n-aithníonn mo Roinn an ról lárnach atá ag an teaghlach mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile. Sa chomthéacs sin ba mhaith liom an deis a thapú chun cúpla focal a rá faoin gclár tacaíochta teaghlaigh. Is í aidhm an chláir seo, a ceapadh mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an teaghlaigh de chuid na straitéise, tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Ghaeltachta. Faoin gclár, cuirtear cúnamh ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh faoi leith de chuid mo Roinne ar leasa theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.

Ó thaobh Acht na Gaeltachta 2012, mar is eol don choiste, tugann an tAcht feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tabharfar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Faoin reachtaíocht, is faoin Roinn a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Tá an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga.

Ag an bpointe seo tá an próiseas chun pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail tosaithe i 23 den 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta atá leagtha amach faoin bpróiseas. Tá sé aontaithe ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta go mbeidh an próiseas tosaithe i ngach aon cheann de na limistéir go gairid. Maidir leis an gcéad phunann de limistéir a thosaigh ag ullmhú a gcuid pleananna ag tús an phróisis in 2014, beidh a gcuid pleananna teanga faoi seach á gcur acu faoi bhráid mo Roinne le ceadú thar an achar ama atá romhainn.

Leis an gcistíocht bhreise atá curtha ar fáil, mar a thagair mé dó ar ball, tá súil agam a bheith in ann féachaint chuige go gcuirtear tús le feidhmiú na bpleananna teanga ar bhonn áitiúil i mbliana i gcomhréir le mianta chomhphobail na Gaeltachta. Is dul chun cinn suntasach é seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú inniu chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud fad na Gaeltachta atá i mbun ullmhú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, ar son na Gaeltachta agus ar son an phobail ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin, spiorad na meithile, atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Tá sé beartaithe an ghné seo den phróiseas a fhorbairt tuilleadh sa bhliain atá romhainn agus tús a chur le hullmhú pleananna teanga i mbailte eile, nach iad atá ar an liosta de bhailte a foilsíodh in 2014, a d’fhéadfadh a bheith aitheanta chomh maith faoin bpróiseas mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Ní call dom a rá ar ndóigh go leanfaidh mé orm, mar Aire Stáit do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, le gach iarracht gur féidir agus gur gá a dhéanamh chun an oiread cistíochta agus is féidir a fháil chun tacú leis an bpróiseas tábhachtach seo atá agus a bheidh ag croílár chlár oibre mo Roinne mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht sna blianta atá romhainn.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois faoi Údarás na Gaeltachta. Mar is eol do Sheanadóirí, is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht fhorbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Tá gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta dírithe ar shaol teangeolaíoch, sóisialta agus eacnamaíochta na Gaeltachta. Tá sé tiomanta do phobal agus eacnamaíocht Gaeltachta inmharthana a fhorbairt chun an Ghaeilge a spreagadh mar phríomh-theanga pobail an réigiúin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá cúramaí faoi leith sainithe don údarás maidir leis an gcuid sin den phróiseas pleanála teanga a bhaineann leis an nGaeltacht agus le bailte Gaeltachta faoi leith a d’fhéadfadh a bheith ainmnithe in am trátha mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Faoin Acht, leagtar an fhreagracht ar an údarás tacú le pobail na Gaeltachta agus na mbailte seirbhíse Gaeltachta de réir mar is cuí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

I dtaca le ról fiontraíochta an údaráis, chuir mé fáilte le déanaí roimh dhea-fhigiúirí fostaíochta an údaráis do 2016. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua fós ann le 36 comhlacht nua ag dul i mbun gnó in 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana. Ar ndóigh, tá áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise de €2.4 milliún a chur ar fáil do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le linn 2016. Táim sásta gur chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliant-chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2017. Ní miste dom a lua chomh maith go mbeidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an phlean gnímh do cheantair tuaithe na hÉireann.

Tuigfidh Seanadóirí gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar léiriú breise ar dáiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad polasaí oideachais Gaeltachta faoi leith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an polasaí a bhrú chun cinn. Léiríonn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Ag eascairt as athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá Bille ullmhaithe chun forálacha áirithe den Acht a leasú. I gcomhthéacs na n-éileamh éagsúil atá déanta maidir leis an Acht a láidriú tuilleadh, tá sé socraithe agam an Bille leasaithe a scrúdú go cúramach sula dtéim chuig an Rialtas chun cead a fháil é a fhoilsiú. Go deimhin, go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire Stáit, thapaigh mé an deis labhairt leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a chuideodh le bonn níos láidre a chur faoi sholáthar seirbhísí Stáit i nGaeilge do shaoránaigh an Stáit. Beidh mé ag scrúdú na bhféidearthachtaí seo sna míonna amach romhainn d’fhonn moltaí sonracha a thabhairt chuig an gcoiste Rialtais ar na healaíona, an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin, atá bunaithe faoi chathaoirleacht an Taoisigh.

Tá síneadh cúig-bliana eile go 31 Nollaig 2021 curtha leis an maolú atá i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an 3 Nollaig 2015 rialacháin a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge agus leanúint lena gcur chuige réamhghníomhach i dtaobh eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE a mhéadú.

Tá roinnt céimeanna tógtha anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun tabhairt faoi dheireadh a chur leis an maolú in 2021. Tá ionad náisiúnta barr feabhais bunaithe ag mo Roinn chun oiliúint chuí a chur ar chéimithe le Gaeilge agus chun feidhmiú mar phointe teagmhála d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh más mian leo daoine a fhostú ar chonartha sealadacha. Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí an aontais chun a chinntiú go n-earcófar líon dhóthanach pearsanra le Gaeilge chun deireadh céimniúil an mhaolaithe a bhainistiú. Tá grúpa monatóireachta bunaithe ag an gCoimisiún agus ag Rialtas na hÉireann chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phlean gníomhaíochta atá forbartha agus ar an dul chun cinn maidir leis an méadú incriminteach ar sheirbhísí Ghaeilge atá leagtha síos sna rialacháin. Feidhmíonn an grúpa monatóireachta ar dhá leibhéal, leibhéal stiúrtha agus leibhéal oibríochtúil, agus bíonn oifigigh na Roinne ag tuairisciú don ghrúpa maidir leis an obair atá ar bun. Leis na forbairtí seo uile, táim lán-mhuiníneach go mbeidh ar ár gcumas deireadh a chur leis an maolú in 2021.

Thóg an Rialtas cinneadh ar an 30 Deireadh Fómhair 2013 deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh ar oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá ag an gcóras nua ná líon na ndátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, sonraítear i bpleananna fórsa oibre Ranna agus oifigí Rialtais na poist nó réimsí oibre ina bhfuil gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúil. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó atá ag freastal ar na ceantair sin. Ag teacht leis an gcur chuige seo, tá foráil sa teimpléad nua a úsáidtear chun scéimeanna teanga a aontú a thugann deis do chomhlachtaí poiblí na poist ina dteastaíonn cumas Gaeilge a shainiú. Mar gur faoi gach Roinn féin atá sé a gcuid riachtanas Gaeilge a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, tá iarrtha agam ar mo chuid oifigeach plé a thosú lena gcomhghleacaithe cuí sna Ranna Stáit eile agus sna príomh-chomhlachtaí poiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san áireamh, chun an gá atá acu le dátheangaigh fheidhmiúla a scrúdú.

Tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Is í aidhm an chomhaontaithe seo tacú leis an bhfoireann chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na Státseirbhíse seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach, ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúia 2003 agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Faoin gcomhaontú, tá freagrachtaí ar mo Roinn i dtaca le hoiliúint agus measúnú inniúlachta sa Ghaeilge a éascú don fhoireann sa Státseirbhís. Tá réimse leathan de chúrsaí oiliúna sa Ghaeilge á sholáthar ag an gcomhlacht Gaelchultúr chun na críche seo faoi chonradh atá aontaithe le Foras na Gaeilge. Tá curtha in iúl ag Gaelchultúr go bhfuil thart ar 1,200 duine sa bhreis agus 80 eagraíocht Stáit tar éis cúrsaí Gaeilge a dhéanamh ó cuireadh tús leis an scéim áirithe sin in 2011. Lena chois sin, tá níos mó ná 400 fostaí ó bhreis is 20 comhlacht de chuid na hearnála poiblí tar éis tabhairt faoin teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a chuireann Gaelchultúr ar fáil.

Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúdí tríú leibhéal í dtíortha eile. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide i gcéin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Tá ag éirí go han-mhaith leis an tionscnamh seo agus tá méadú leanúnach tagtha ar na hiarratais faoin scéim ó bhliain go bliain. Mar léiriú air sin, tá deontais de €1.8 milliún san iomlán ceadaithe don tréimhse 2016-17 go 2018-19 le os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall an domhain. Tugann an cúnamh seo deis chomh maith d’ollscoileanna Eorpacha, don Choimisiún Fulbright agus don Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada scoláireachtaí a bhronnadh ar mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar Éirinn agus freastal ar chúrsaí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta i rith an tsamhraidh.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana ar na meáin dhigiteacha. Tóg mar shampla na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTE, TG4 agus RTE Raidió na Gaeltachta. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós Tuairisc.ie, Nós.ie agus an iris liteartha, Comhar. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua Foclóir.ie agus an suíomh Téarma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á thabhairt ag mo Roinn d’Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích.

Anuas ar na forbairtí seo go léir, tá córais ríomh-aistriúcháin don Ghaeilge forbartha ag DCU agus TCD agus tá an tionscadal taighde Abair.ie i gColáiste na Trionóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar shintéiseoir Gaeilge, sé sin, córas inar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla. Chun na deiseanna teicneolaíochta seo ar fad a threisiú san am amach romhainn, tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair le tacaíocht mo Roinne agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le seoladh gan mhoill.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is gnéithe fíor-thábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit as seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Táim sásta freisin go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Beidh ocht nóiméad ag gach urlabhraí agus cúig nóiméad ag gach Seanadóir eile. Glaoim ar an Seanadóir Ardagh.

Tá mé an-bhuíoch go bhfuil an tAire Stáit tagtha isteach sa Seanad inniu chun an deis a thabhairt dúinn cúrsaí Gaolainne agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé. Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaíodh an páirtí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar sheoda cultúir na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Seasann Fianna Fáil go deimhin leis an stratéis 20 bliain don Ghaeilge, faoi mar a thug an páirtí chun cinn agus é sa Rialtas, agus lena cur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chomh maith faoina ndearnadh bonn reachtaíochta a chur den chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá ina ndlúthchuid den Bhunreacht. Is trua, mar sin, nach raibh dúthracht maidir leis an teanga ná le cearta teanga a chosaint ag an Rialtas roimhe seo faoi cheannas Fhine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agus cistíocht chun go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a thabhairt i bhfeidhm. B’ábhar mór díomá dúinne a fheiceáil go bhfuil an chistíocht maidir leis an nGaeilge don bhliain 2017 íslithe 9% i gcomórtas leis an mbliain 2016. Chuir an ciorrú sin uafás orainn agus chuir Fianna Fáil feachtas ar bun ag iarraidh ciste breise. D’éirigh linn €1 mhilliún breise a aimsiú don Ghaeilge i rith na bliana 2017 sna Meastacháin Fhorlíontacha.

Cruthaíodh go críochnúil an neamhaird atá ag Fine Gael ar pholasaí maidir leis an nGaeilge nuair nach raibh ar chumas an Aire is sinsearaí atá ceaptha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a cuid ghnó oifigiúla a dhéanamh i nGaeilge. I ndáil leis an sprioc maidir le líon na gcainteoirí a labhraíonn Gaeilge gach lá a ardú ó 83,000 go dtí 250,000, dúirt an tlar-Choimisinéir Teanga sa bhliain 2013 gur deacair duine ar bith a aimsiú a chreideann gur féidir an sprioc sin a thabhairt i gcrích.

Céim síos eile don teanga a bhí i gcinneadh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe deireadh a chur leis an 6% breise don Ghaeilge i scrúduithe iontrála na Státseirbhíse. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Rialtais sa bhliain 2011 smaoineamh ar dheireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht, léiriú eile ar mheon Fhine Gael.

Is é sprioc Fhianna Fáil, mar a leagadh amach sa chlár d'olltoghchán na bliana seo caite, Aire sinsearach leis an nGaeilge agus an nGaeltacht mar príomh-chúram uirthi nó air, coiste Oireachtais a chur i mbun ar a mbeidh freagracht maidir le gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge, tabhairt faoi na deacrachtaí cistíochta atá ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh agus cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i gcónaí ag croí an churaclaim don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht.

It was part of the Fianna Fáil general election manifesto, for which Fianna Fáil campaigned, that it would appoint a senior Minister with primary responsibility for the Gaeltacht and the Irish language, establish a full Oireachtas committee with responsibility for Gaeltacht and language affairs, address the funding difficulties of Foras na Gaeilge and Údarás na Gaeltachta through the provision of additional resources and, ultimately, ensure the Irish language would remain at the heart of the junior and leaving certificate curriculums. Fianna Fáil’s policy is to continue to fulfil these election promises. It will campaign on the points made within the manifesto.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta Kyne, atá anseo linn inniu.