Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Feb 2017

Vol. 249 No. 14

Irish Language: Statements

Cuirim fáilte chuig an Seanad roimh an Aire Stáit.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus nithe gaolmhara.

I dtús báire measaim gur gá a aithint gur le linn na géarchéime eacnamaíche is measa a bhuail an Stát riamh a lainseáladh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Go hiondúil, le haon straitéis infheistíochta Stáit mar seo, cuirtear i bhfeidhm í le meascán d'airgead atá ann cheana féin mar aon le hairgead nua a aimsítear ón Státchiste. Mar is eol do chách, ba a mhalairt a tharla i gcás na straitéise 20 bliain mar ní hamháin nár éirigh leis an Rialtas an t-airgead nua sin a aimsiú ach, go deimhin, ar mhaithe le heacnamaíocht na tíre a chur ar thalamh slán, b'éigean don Rialtas nua a tháinig isteach in 2011 ciorruithe a chur i bhfeidhm trasna an bhoird ar bheagnach gach líne bhuiséid a bhí ag an Státchiste.

Ní nach ionadh mar sin go raibh leibhéal suntasach soiniciúlachta le feiceáil i measc an phobail don chéad chúpla bliain de shaolré na straitéise, rud a chuir an tionscadal uaillmhianach seo faoi mhíbhuntáiste ón tús. Tá mise, mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, dóchasach anois go bhfuil ré na gciorruithe curtha dínn agus fianaise de seo le feiceáil leis na buiséid sheasmhachta a aontaíodh do 2016 agus 2017.

In ainneoin na gcúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, aithním go bhfuil éacht déanta acu leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré. Mar is eol don choiste, is naoi réimse gnímh atá leagtha amach sa straitéis: an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach agus luath-idirghabháil, riarachán, seirbhísí agus pobal, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht agus stádas, an saol eacnamaíochta agus tionscnaimh leathana.

Ó thaobh na straitéise 20 bliain, foilsíodh í i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Is ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá an fhreagracht an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Cuirtear é seo i gcrích tríd na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Comhchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an coiste comhairleach do na heagrais Gaeilge, an grúpa idir-rannach agus na grúpaí ardleibhéil éagsúla.

Ón uair gur foilsíodh an straitéis, tá dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla atá luaite inti. Foilsíodh tuarascáil sa bhliain 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le feidhmiú na straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. I mí Mheán Fómhair 2014, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, 12 acu san iomlán agus mo Roinn féin san áireamh, tuarascálacha ar an dul chun cinn a bhí déanta acu ó 2013 faoin straitéis. Anuas air sin, i mí na Nollag 2015, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha tuarascálacha cúig-bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 san tréimhse sin.

Ós rud é go raibh an straitéis cúig-bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don tréimhse cúig-bliana atá romhainn. Mar chuid den phróiseas, reáchtáladh sraith chruinnithe poiblí ag an tráth sin agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.

Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag an am ar mhaithe le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Mar is eol don choiste, d'fhógair mé le déanaí go raibh socraithe agam an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an choiste comhairligh a bunaíodh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise, le breithniú a dhéanamh uirthi. Is mé féin, mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, atá mar chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach. Tá sé socraithe anois go mbeidh an chéad chruinniú eile den choiste comhairleach, atá ionadaíoch ar na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta, ar siúl ar an 15 Feabhra 2016. Agus tuairimí agus moltaí an choiste a bheith faighte ina leith, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2022 á chur i dtoll a chéile ag an Roinn agus á fhoilsiú.

Ó thaobh chur i bhfeidhm na straitéise, tá allúntas breise de €250,000 ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go mbeidh cistíocht ar fiú €1.25 milliúin in iomlán ar fáil i mbliana lena haghaidh. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an phleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus go deimhin le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ní call dom a rá go n-aithníonn mo Roinn an ról lárnach atá ag an teaghlach mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile. Sa chomthéacs sin ba mhaith liom an deis a thapú chun cúpla focal a rá faoin gclár tacaíochta teaghlaigh. Is í aidhm an chláir seo, a ceapadh mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an teaghlaigh de chuid na straitéise, tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Ghaeltachta. Faoin gclár, cuirtear cúnamh ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh faoi leith de chuid mo Roinne ar leasa theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.

Ó thaobh Acht na Gaeltachta 2012, mar is eol don choiste, tugann an tAcht feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tabharfar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Faoin reachtaíocht, is faoin Roinn a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Tá an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga.

Ag an bpointe seo tá an próiseas chun pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail tosaithe i 23 den 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta atá leagtha amach faoin bpróiseas. Tá sé aontaithe ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta go mbeidh an próiseas tosaithe i ngach aon cheann de na limistéir go gairid. Maidir leis an gcéad phunann de limistéir a thosaigh ag ullmhú a gcuid pleananna ag tús an phróisis in 2014, beidh a gcuid pleananna teanga faoi seach á gcur acu faoi bhráid mo Roinne le ceadú thar an achar ama atá romhainn.

Leis an gcistíocht bhreise atá curtha ar fáil, mar a thagair mé dó ar ball, tá súil agam a bheith in ann féachaint chuige go gcuirtear tús le feidhmiú na bpleananna teanga ar bhonn áitiúil i mbliana i gcomhréir le mianta chomhphobail na Gaeltachta. Is dul chun cinn suntasach é seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú inniu chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud fad na Gaeltachta atá i mbun ullmhú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, ar son na Gaeltachta agus ar son an phobail ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin, spiorad na meithile, atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Tá sé beartaithe an ghné seo den phróiseas a fhorbairt tuilleadh sa bhliain atá romhainn agus tús a chur le hullmhú pleananna teanga i mbailte eile, nach iad atá ar an liosta de bhailte a foilsíodh in 2014, a d’fhéadfadh a bheith aitheanta chomh maith faoin bpróiseas mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Ní call dom a rá ar ndóigh go leanfaidh mé orm, mar Aire Stáit do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, le gach iarracht gur féidir agus gur gá a dhéanamh chun an oiread cistíochta agus is féidir a fháil chun tacú leis an bpróiseas tábhachtach seo atá agus a bheidh ag croílár chlár oibre mo Roinne mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht sna blianta atá romhainn.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois faoi Údarás na Gaeltachta. Mar is eol do Sheanadóirí, is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht fhorbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Tá gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta dírithe ar shaol teangeolaíoch, sóisialta agus eacnamaíochta na Gaeltachta. Tá sé tiomanta do phobal agus eacnamaíocht Gaeltachta inmharthana a fhorbairt chun an Ghaeilge a spreagadh mar phríomh-theanga pobail an réigiúin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá cúramaí faoi leith sainithe don údarás maidir leis an gcuid sin den phróiseas pleanála teanga a bhaineann leis an nGaeltacht agus le bailte Gaeltachta faoi leith a d’fhéadfadh a bheith ainmnithe in am trátha mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Faoin Acht, leagtar an fhreagracht ar an údarás tacú le pobail na Gaeltachta agus na mbailte seirbhíse Gaeltachta de réir mar is cuí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

I dtaca le ról fiontraíochta an údaráis, chuir mé fáilte le déanaí roimh dhea-fhigiúirí fostaíochta an údaráis do 2016. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua fós ann le 36 comhlacht nua ag dul i mbun gnó in 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana. Ar ndóigh, tá áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise de €2.4 milliún a chur ar fáil do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le linn 2016. Táim sásta gur chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliant-chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2017. Ní miste dom a lua chomh maith go mbeidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an phlean gnímh do cheantair tuaithe na hÉireann.

Tuigfidh Seanadóirí gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar léiriú breise ar dáiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad polasaí oideachais Gaeltachta faoi leith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an polasaí a bhrú chun cinn. Léiríonn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Ag eascairt as athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá Bille ullmhaithe chun forálacha áirithe den Acht a leasú. I gcomhthéacs na n-éileamh éagsúil atá déanta maidir leis an Acht a láidriú tuilleadh, tá sé socraithe agam an Bille leasaithe a scrúdú go cúramach sula dtéim chuig an Rialtas chun cead a fháil é a fhoilsiú. Go deimhin, go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire Stáit, thapaigh mé an deis labhairt leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a chuideodh le bonn níos láidre a chur faoi sholáthar seirbhísí Stáit i nGaeilge do shaoránaigh an Stáit. Beidh mé ag scrúdú na bhféidearthachtaí seo sna míonna amach romhainn d’fhonn moltaí sonracha a thabhairt chuig an gcoiste Rialtais ar na healaíona, an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin, atá bunaithe faoi chathaoirleacht an Taoisigh.

Tá síneadh cúig-bliana eile go 31 Nollaig 2021 curtha leis an maolú atá i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an 3 Nollaig 2015 rialacháin a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge agus leanúint lena gcur chuige réamhghníomhach i dtaobh eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE a mhéadú.

Tá roinnt céimeanna tógtha anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun tabhairt faoi dheireadh a chur leis an maolú in 2021. Tá ionad náisiúnta barr feabhais bunaithe ag mo Roinn chun oiliúint chuí a chur ar chéimithe le Gaeilge agus chun feidhmiú mar phointe teagmhála d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh más mian leo daoine a fhostú ar chonartha sealadacha. Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí an aontais chun a chinntiú go n-earcófar líon dhóthanach pearsanra le Gaeilge chun deireadh céimniúil an mhaolaithe a bhainistiú. Tá grúpa monatóireachta bunaithe ag an gCoimisiún agus ag Rialtas na hÉireann chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phlean gníomhaíochta atá forbartha agus ar an dul chun cinn maidir leis an méadú incriminteach ar sheirbhísí Ghaeilge atá leagtha síos sna rialacháin. Feidhmíonn an grúpa monatóireachta ar dhá leibhéal, leibhéal stiúrtha agus leibhéal oibríochtúil, agus bíonn oifigigh na Roinne ag tuairisciú don ghrúpa maidir leis an obair atá ar bun. Leis na forbairtí seo uile, táim lán-mhuiníneach go mbeidh ar ár gcumas deireadh a chur leis an maolú in 2021.

Thóg an Rialtas cinneadh ar an 30 Deireadh Fómhair 2013 deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh ar oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá ag an gcóras nua ná líon na ndátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, sonraítear i bpleananna fórsa oibre Ranna agus oifigí Rialtais na poist nó réimsí oibre ina bhfuil gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúil. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó atá ag freastal ar na ceantair sin. Ag teacht leis an gcur chuige seo, tá foráil sa teimpléad nua a úsáidtear chun scéimeanna teanga a aontú a thugann deis do chomhlachtaí poiblí na poist ina dteastaíonn cumas Gaeilge a shainiú. Mar gur faoi gach Roinn féin atá sé a gcuid riachtanas Gaeilge a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, tá iarrtha agam ar mo chuid oifigeach plé a thosú lena gcomhghleacaithe cuí sna Ranna Stáit eile agus sna príomh-chomhlachtaí poiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san áireamh, chun an gá atá acu le dátheangaigh fheidhmiúla a scrúdú.

Tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Is í aidhm an chomhaontaithe seo tacú leis an bhfoireann chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na Státseirbhíse seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach, ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúia 2003 agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Faoin gcomhaontú, tá freagrachtaí ar mo Roinn i dtaca le hoiliúint agus measúnú inniúlachta sa Ghaeilge a éascú don fhoireann sa Státseirbhís. Tá réimse leathan de chúrsaí oiliúna sa Ghaeilge á sholáthar ag an gcomhlacht Gaelchultúr chun na críche seo faoi chonradh atá aontaithe le Foras na Gaeilge. Tá curtha in iúl ag Gaelchultúr go bhfuil thart ar 1,200 duine sa bhreis agus 80 eagraíocht Stáit tar éis cúrsaí Gaeilge a dhéanamh ó cuireadh tús leis an scéim áirithe sin in 2011. Lena chois sin, tá níos mó ná 400 fostaí ó bhreis is 20 comhlacht de chuid na hearnála poiblí tar éis tabhairt faoin teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a chuireann Gaelchultúr ar fáil.

Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúdí tríú leibhéal í dtíortha eile. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide i gcéin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Tá ag éirí go han-mhaith leis an tionscnamh seo agus tá méadú leanúnach tagtha ar na hiarratais faoin scéim ó bhliain go bliain. Mar léiriú air sin, tá deontais de €1.8 milliún san iomlán ceadaithe don tréimhse 2016-17 go 2018-19 le os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall an domhain. Tugann an cúnamh seo deis chomh maith d’ollscoileanna Eorpacha, don Choimisiún Fulbright agus don Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada scoláireachtaí a bhronnadh ar mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar Éirinn agus freastal ar chúrsaí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta i rith an tsamhraidh.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana ar na meáin dhigiteacha. Tóg mar shampla na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTE, TG4 agus RTE Raidió na Gaeltachta. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós Tuairisc.ie, Nós.ie agus an iris liteartha, Comhar. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua Foclóir.ie agus an suíomh Téarma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á thabhairt ag mo Roinn d’Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích.

Anuas ar na forbairtí seo go léir, tá córais ríomh-aistriúcháin don Ghaeilge forbartha ag DCU agus TCD agus tá an tionscadal taighde Abair.ie i gColáiste na Trionóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar shintéiseoir Gaeilge, sé sin, córas inar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla. Chun na deiseanna teicneolaíochta seo ar fad a threisiú san am amach romhainn, tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair le tacaíocht mo Roinne agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le seoladh gan mhoill.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is gnéithe fíor-thábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit as seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Táim sásta freisin go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Beidh ocht nóiméad ag gach urlabhraí agus cúig nóiméad ag gach Seanadóir eile. Glaoim ar an Seanadóir Ardagh.

Tá mé an-bhuíoch go bhfuil an tAire Stáit tagtha isteach sa Seanad inniu chun an deis a thabhairt dúinn cúrsaí Gaolainne agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé. Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaíodh an páirtí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar sheoda cultúir na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Seasann Fianna Fáil go deimhin leis an stratéis 20 bliain don Ghaeilge, faoi mar a thug an páirtí chun cinn agus é sa Rialtas, agus lena cur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chomh maith faoina ndearnadh bonn reachtaíochta a chur den chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá ina ndlúthchuid den Bhunreacht. Is trua, mar sin, nach raibh dúthracht maidir leis an teanga ná le cearta teanga a chosaint ag an Rialtas roimhe seo faoi cheannas Fhine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agus cistíocht chun go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a thabhairt i bhfeidhm. B’ábhar mór díomá dúinne a fheiceáil go bhfuil an chistíocht maidir leis an nGaeilge don bhliain 2017 íslithe 9% i gcomórtas leis an mbliain 2016. Chuir an ciorrú sin uafás orainn agus chuir Fianna Fáil feachtas ar bun ag iarraidh ciste breise. D’éirigh linn €1 mhilliún breise a aimsiú don Ghaeilge i rith na bliana 2017 sna Meastacháin Fhorlíontacha.

Cruthaíodh go críochnúil an neamhaird atá ag Fine Gael ar pholasaí maidir leis an nGaeilge nuair nach raibh ar chumas an Aire is sinsearaí atá ceaptha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a cuid ghnó oifigiúla a dhéanamh i nGaeilge. I ndáil leis an sprioc maidir le líon na gcainteoirí a labhraíonn Gaeilge gach lá a ardú ó 83,000 go dtí 250,000, dúirt an tlar-Choimisinéir Teanga sa bhliain 2013 gur deacair duine ar bith a aimsiú a chreideann gur féidir an sprioc sin a thabhairt i gcrích.

Céim síos eile don teanga a bhí i gcinneadh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe deireadh a chur leis an 6% breise don Ghaeilge i scrúduithe iontrála na Státseirbhíse. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Rialtais sa bhliain 2011 smaoineamh ar dheireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht, léiriú eile ar mheon Fhine Gael.

Is é sprioc Fhianna Fáil, mar a leagadh amach sa chlár d'olltoghchán na bliana seo caite, Aire sinsearach leis an nGaeilge agus an nGaeltacht mar príomh-chúram uirthi nó air, coiste Oireachtais a chur i mbun ar a mbeidh freagracht maidir le gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge, tabhairt faoi na deacrachtaí cistíochta atá ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh agus cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i gcónaí ag croí an churaclaim don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht.

It was part of the Fianna Fáil general election manifesto, for which Fianna Fáil campaigned, that it would appoint a senior Minister with primary responsibility for the Gaeltacht and the Irish language, establish a full Oireachtas committee with responsibility for Gaeltacht and language affairs, address the funding difficulties of Foras na Gaeilge and Údarás na Gaeltachta through the provision of additional resources and, ultimately, ensure the Irish language would remain at the heart of the junior and leaving certificate curriculums. Fianna Fáil’s policy is to continue to fulfil these election promises. It will campaign on the points made within the manifesto.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta Kyne, atá anseo linn inniu.

Tá sé an-dearfach go bhfuil sé anseo chun éisteacht le ráitis ar an nGaeilge agus tá mé ag súil go mór le díospóireacht ina leith. Ó bhunú an Stáit seo, tá tacaíocht d'úsáid na Gaeilge ina phríomhthosaíocht. However, our national language is very much at a crossroads, with an unfortunate consistent decline in usage in recent years. The 2011 census of population for the Republic found that about 77,000 people had reported using Irish as a daily language outside the education system. Some 1.2 million people had reported using it at least occasionally in or out of school. A total of 41% had reported being able to speak Irish. We continue to await the results of the 2016 census of population to examine the trend further.

I commend the Minister of State and the Department for their commitment to the national language. It is really positive to see that funding has been increased in key areas in recent years to support the language. In budget 2017, €7.8 million was provided for the Department towards the promotion and maintenance of the Irish language in the Gaeltacht, while a further €3.8 million has been provided for the promotion of the language outside the Gaeltacht.

Irish is the first official language of the nation, but it is much more than just a language. It is very much the hallmark of our national identity. Tugadh aitheantas do thábhacht na Gaeilge mar theanga náisiúnta nuair a tugadh san áireamh go hoifigiúil é mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh le blianta beaga anuas.

The 20-year national strategy for the Irish language was launched in 2010. The strategy provides us with an essential plan to make the use of Irish more visible in society, both as a spoken language and also within areas such as signage, literature and arts. Tá sé riachtanach anois go dtugann an plean seo fíorbhuntáistí do dhaoine. An bhliain seo caite, thug an comóradh 100 bliain fócas athnua ar ár n-oidhreacht. Ní mór dúinn úsáid a bhaint as an bhfócas seo chun an teanga a chur chun cinn. We must set the bar high. We need to set it throughout the country to increase the number of families who use Irish as their daily means of communication. I very much believe the key to achieving this goal is our focus towards using Irish as a language in education. There is a strong need for a change in how we teach Irish in schools. It is very unfortunate that almost every person in the country has spent 13 years learning Irish in school, yet only 41% of us have the ability to speak Irish. The focus must be on primary schools. The early years are key to our learning of languages. Without a solid basis, it will continue to be difficult to gain a greater knowledge. Many young people also have quite a negative perception of Irish as a subject in school. We need to encourage young people to use the language outside the classroom. A new curriculum was introduced into primary schools in September 2014. It has been positive in making the teaching and learning of the language more accessible. However, there is scope to do more and change how we approach Irish as a subject. Tá scóip anseo an teanga a úsáid in ábhair eile cosúil le ealaín agus corpoideachais chun an teanga a mhíniú mar chuspóir praiticiúil agus léiriú dár ndaoine óga conas is féidir an teanga a úsáid ina saolta ó lá go lá.

Tá na fadhbanna den chineál céanna ag an dara leibhéal. Ní mór a rá go raibh méadú ar na marcanna a bhronnadh mar chuid den scrúdú béil don ardteistiméireacht mar chéim an-dearfach. Arís, tá na ceisteanna céanna ann, nach bhfuil ár ndaoine óga in ann ról don Ghaeilge mar theanga a fheiceáil ina saolta laethúla. Faoi láthair, tá teip ar ár gcóras oideachais chun muinín a thabhairt do dhaoine i labhairt na Gaeilge.

Since its foundation, the work of Foras na Gaeilge to promote the Irish language in every aspect of life throughout the country has been very successful, for which the organisation must be commended. I was delighted to see the Minister of State secure increased funding for Foras na Gaeilge in budget 2017. Foras na Gaeilge supports the Irish language through a series of community projects and initiatives in the areas of art, education, business and media. It is this focus that will be the key to ensuring there is a long-term future for Irish as a language through its use in such everyday settings. The work will be underpinned by the action plan for rural Ireland which has specifically recognised the importance of the Irish language. It has set targets, including for investment in the language, the provision of infrastructure in Gaeltacht areas, implementation of Foras na Gaeilge’s development plan for cultural tourism in the Gaeltacht and schemes that support the Irish language community such as summer camps and special youth events. These underpin the key goals set out previously in giving practical application to Irish in people's everyday lives.

Mar fhocal scoir, is léir go bhfuil dúshlán casta amach roimh ár dteanga náisiúnta, ach tá deiseanna ann. Is céim dhearfach í an méadú le déanaí i maoiniú chun an Ghaeilge a chur chun cinn. In 1893, bhí fear ó mo chontae fhéin, Ros Comáin, Dubhghlas de hÍde, lárnach i mbunú Conradh na Gaeilge chun cultúr, ceol, rince agus teanga na tíre a chaomhnú. Tá na haidhmeanna chomh tábhachtach inniu is a bhí siad in 1893 agus is mór dúinn iarracht a dhéanamh ár dteanga náisiúnta a chosaint agus a fheabhsú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht a bheith linn inniu.

Tá céad fáilte roimh an Aire Stáit. Is dóigh nárbh leor a admháil ar dtús go bhfuil sé ag déanamh sár-iarracht ó thaobh a chuid oibre mar Aire Stáit don Ghaeltacht. Ach, fágadh praiseach dó le glanadh suas. Tá sé spéisiúil a bheith ag éisteacht le Fianna Fáil ag caitheamh spallaí leis an Aire Stáit nuair is é Fianna Fáil a ghearr na putóga amach as na buiséid a bhain le hÚdarás na Gaeltachta ó 2008 ar aghaidh agus a d’fhág Údarás na Gaeltachta ar an ngannchuid. Is ar éigean go bhfuil an maoiniú breise atá tugtha don Aire Stáit do chúrsaí Gaeilge le boilsciú. Ní leor ar chor ar bith an méid airgid atá á chur ar fáil. Tá sé ar an rannóg is lú sa Roinn is lú sa Rialtas. Níl sé sách maith ar chor ar bith. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag troid le haghaidh breis airgid. Molaim é as sin a dhéanamh.

Caithfidh an Taoiseach agus an tAire Airgeadais - beirt le Gaeilge - dúiseacht suas. Má tá siad i ndáiríre faoi chúrsaí Gaeilge, caithfidh siad a lámha a chur ina bpócaí agus breis airgid a thabhairt leis na spriocanna atá ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Ó bheith ag éisteacht le hóráid an Aire Stáit agus gach rud a bhí molta ann, tá rudaí maithe déanta ag an Rialtas, ar nós an pholasaí oideachais Gaeltachta, an straitéis, Acht na dTeangacha is araile. Nuair a léann duine tuarascálacha faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí seo, deirtear go bhfuil sé ag brath ar acmhainní. An rud atá gach duine ar an talamh ag rá liomsa ná nach bhfuil na hacmhainní cuí á gcur ar fáil. Mar shampla, deineadh ciorrú 13% ar chiste caipitil Roinn na Gaeltachta sa mbuiséad deireanach. Níl aon trácht á dhéanamh air sin i láthair na huaire.

An rud is tábhachtaí faoin straitéis ná go bhfuil sé ag tógáil píosa fada le cur i bhfeidhm agus níl na hacmhainní cuí ar fáil. Tá dreamanna ann, cosúil leis an gcoiste pleanála teanga i gCois Fharraige, mar shampla, a bhfuil plean ullmhaithe acu agus sár-obair déanta ag an bpobal. Tá an straitéis ag cur an brú ar fad ar na pobail teacht suas le na pleananna agus na straitéisí. Ar bhealach, tá daoine ann a cheapfadh go bhfuil caora á chur thar abhainn maidir le hacmhainní a chur ar fáil le haghaidh imeachtaí óige, imeachtaí aosacha, gníomhaíochtaí pobail agus mar sin de a chur ar bun agus go mbeidh na pleananna réitithe. Tá siadsan anois ag lorg airgid mhór leis an bplean a chur i gcrích. An cheist atá agam ar an Aire Stáit ná an mbeidh na hacmhainní sin ar fáil leis an bplean a chur i gcrích. Níl aon mhaitheas i 26 limistéar pleanála teanga muna bhfuil an Rialtas chun teacht suas leis an maoiniú chun na pleananna teanga sin a chur i bhfeidhm.

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ní thuigim cén moilleadóireacht atá ar bun. Is léir go raibh an próiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Acht uafásach ar fad. Is léir go raibh sé i gceist ag an dream a chuaigh roimh an Aire lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molaim an tAire Stáit as a bheith ag rá anseo go soiléir inniu go bhfuil i gceist aige treisiú agus láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá géarghá le sin. Cén fáth an bhfuilimid ag fanacht chomh fada? Nach bhfuil an Taoiseach, atá ina chathaoirleach ar an gcomhchoiste atá ag cur na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm, lán taobh thiar de láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Nach bhfuil na hAirí eile atá ar an gcomhchoiste sin lán taobh thiar de láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla? Dá bhrí sin, cén fáth an bhfuil sé ag tógáil chomh fada é a thabhairt isteach?

Tá a fhios agam go bhfuil moltaí go leor déanta maidir le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball beag. Ceann de na bunphrionsabal a gcaithfear glacadh leis ná nach bhfuil córas na scéimeanna ag obair. Tá sé iontach soiléir nach bhfuil Ranna Stáit ag cur i bhfeidhm na rialacháin agus an dlí ó thaobh chur i bhfeidhm na scéimeanna de. Tá sé rí-shoiléir nach bhfuil na comhlachtaí poiblí ag cur i bhfeidhm a gcuid dualgas ó thaobh na scéimeanna. Tá cuid mhaith de na scéimeanna imithe in éag le fada an lá. Go deimhin, bhí locht ar chuid mhaith de na Ranna Stáit nár thóg a scéimeanna suas go dáta. Is é sin an méid atá ar pháipéar. Go praiticiúil, má ghlaonn duine suas ag lorg seirbhíse ó rannóg Stáit ar bith, ó chomhairle contae nó ó chomhlacht poiblí, tá sé fíor-dheacair seirbhís chomhchaighdeánach a fháil trí mheán na Gaeilge is a bhfaigheadh duine trí mheán an Bhéarla. Nílimid ag déanamh aon dul chun cinn suntasach ansin. Más tada é, táimid ag cúlú.

Ba náireach an rud é nach raibh sé i dtéarmaí tagartha an cheapacháin do phríomhoifigeach Roinn an Aire Stáit féin go gcaithfeadh líofacht Gaeilge a bheith ag an té a bheadh i gceist. Nílim ag cur aon rud i leith an duine atá ceaptha. Bhí an dualgas ar an Roinn na coinníollacha a leagadh síos ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus ba cheart go mbeadh an duine atá i gceannas ar an rannóg atá i bhfeighil ar chúrsaí Gaeilge in ann an obair a dhéanamh go líofa trí mheán na Gaeilge. Tá ganntanas foirne i rannóg an Aire Stáit féin. Bím ag caint agus ag déileáil le na hoifigigh. Tá daoine fíor-chumasacha agus fíor-oibleagáideacha ag obair i Roinn na Gaeltachta. An rud a thuigim ná go gcuirtear breis dualgas orthu gan breis foirne nó breis acmhainní a chur ar fáil. Tá géarghá breathnú ar na hacmhainní atá ar fáil i rannóg an Aire Stáit maidir leis sin.

Mar a deirtear i mBéarla, is ar life support atá Údarás na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Ní raibh sé ábalta mórán gníomhaíochtaí a dhéanamh ar an talamh le hais mar a bhí sna blianta roimhe de bharr na gciorruithe a rinneadh. Tá an-obair ar bun ag na comharchumann Gaeltachta agus na comhlachtaí pobalbhunaithe. Tá an-obair ar bun sna naíonraí. Is gá breis tacaíocht a thabhairt dóibh sin. Tuigim go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit tacú leis na comharchumann, ach tá géarghá leis an obair fhorbartha phobail sin. Caithfear tacaíocht airgid agus tacaíocht d'áiseanna a thaispeáint.

Tá géarchéim sna naíonraí, ní hamháin maidir leis an nGaeilge agus cúrsaí teanga, ach i gcúrsaí naíonraí i gcoitinne ar fud na tíre mar gheall ar na coinníollacha fostaíochta atá ar chúramóirí leanaí. Sílim gur cheart don Aire Stáit bualadh leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige leis an gceist sin a phlé. Tá géarchéim ann i ndaoine a earcú sna naíonraí Gaeltachta ar fud na tíre mar gheall ar chúrsaí teanga agus fostaíochta.

Tá deacrachtaí againn i gcúrsaí fostaíochta. Níl aon dabht faoi. Fiú tríd na blianta deacra, is léir go bhfuair an IDA Ireland agus Enterprise Ireland ardú as cuimse ina mbuiséid chun fostaíocht a chruthú mar tuigeadh go raibh gá go ndíreofaí ar chúrsaí fostaíochta a fhorbairt. Ní bhfuair Údarás na Gaeltachta an cineál méadú céanna. Tá géarghá aige le breis acmhainní le gur féidir leis postanna a chruthú. Tóg mar shampla Iorras Aintheach, gar do mo cheantar féin. Teastaíonn plean gníomhaíochta faoi leith do cheantracha cosúil le hIorras Aintheach. Tá an áit bánaithe. Tá na scoileanna i mbaol dúnadh. Tá an óige ag imeacht as. Sílim go raibh seachtar a bhí ag imirt ar fhoireann shinsear Charna-Caiseal dhá bhliain ó shin anois imithe thar sáile agus imithe ón bhfoireann. Níl aon duine ag fanacht thiar ann. Ní tharlóidh rudaí díreach astu féin. Dar liomsa, caithfidh an tAire Stáit treoir a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta le plean gníomhaíochta nó task force a chur ar bun do cheantracha sna Gaeltachtaí cosúil le hIorras Aintheach le go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin.

Bheadh ceist agam chomh maith maidir le cuid de na comhlachtaí atá ag teacht isteach le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta maidir le na coinníollacha oibre atá ag na fostaithe sna comhlachtaí sin. Táimid ag feiceáil go bhfuil mí-úsáid, dar liomsa, á bhaint as daoine atá ar phá an-íseal in áiteanna nach í Gaeilge teanga oibre na n-ionad agus mar sin de.

Sílim gur fiú iompar a phlé. Tá dul chun cinn á dhéanamh air sin ach bhí deacrachtaí móra ag baint leis. Molaim an tAire Stáit ar chúrsaí aerthaistil. Is cosúil go bhfuil rudaí socraithe beag nó mór ansin, ach tá fadhb fós ann maidir leis na heitiltí neamh-PSO agus an costas atá á ghearradh ar dhaoine. An bhféadfadh an tAire Stáit rud éigin a rá faoi sin? Is gá plé breise a dhéanamh air sin.

Maidir le fostaíocht sa Státseirbhís, caithfear díriú air sin chun i bhfad níos mó daoine le Gaeilge a fháil isteach sa Státseirbhís. Luaigh an tAire Stáit an clár tacaíochta teaghlaigh. Ní chloisim duine, clann nó tuismitheoir ar bith ar an talamh ag caint faoin gclár tacaíochta teaghlaigh. Cé mhéad teaghlach atá páirteach sa scéim sin, céard go díreach a fhaigheann siad mar chuid den scéim agus cén leas nó buntáiste atá ann dóibh?

Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'eagraíocht amháin, Tuismitheoirí na Gaeltachta, atá ag déanamh sár-obair. Go deimhin, tá cuid mhaith de na heagraíochtaí pobail atá luaite go dtí seo, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas agus na dreamanna eile ar fad, ag déanamh an-obair. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag déanamh oibre, agus cuid mhaith acu á déanamh dóibh go deonach. Tá géarghá ansin le breis tacaíochta. Is féidir an toradh a fheiceáil ar an obair a dhéanann sé.

D'fhéadfainn coinneáil orm ar feadh ocht nóiméad eile. Tá súil agam go dtiocfaidh an tAire Stáit ar ais le go mbeidh díospóireacht againn go rialta faoi chúrsaí Gaeilge. Tabharfaidh mise tacaíocht dó chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn, ach beidh mé ina dhiaidh muna bhfuil tacaíocht á tabhairt do na rudaí cuí. Sílim go gcaithfimid dul i ndiaidh gach duine sa Rialtas, go háirid iad siúd atá ag rá go bhfuil siad báúil don Ghaeilge, chun lámh a chur ina bpóca, áiseanna a chur ar fáil agus airgead a chur ar fáil. Ní fiú a bheith ag caint air. Caithfidh siad airgead a thabhairt agus maoiniú a thabhairt chun na rudaí seo a chur i gcrích. Ní féidir leis an Aire Stáit é a dhéanamh leis féin. Tacóimid leis ach, chomh maith céanna, beimid criticiúil muna bhfuil na spriocanna á bhaint amach.

I have been sitting here since 2 p.m. in the dark as to what is being said. It is not the first time I have sat in the Chamber and not had a clue what Members were going on about. This time, it is a language barrier. I want to make a few points about the Irish language and education. Just because I do not speak it does not mean that I am not an advocate of the Irish language. In fact, my daughter who just turned ten years------

Tá pointe eolais agam. Ní maith liom cur isteach ar an Seanadóir. Tá brón orm cur isteach uirthi, ach tá an córas aistriúcháin ag obair. There is a simultaneous translation service available and it is working because we checked it at the beginning.

I have been listening. It is very hard and I was only able to catch bits.

I had the earphones on for a while, but-----

Tá an Ghaeilge go hálainn. Sin fadhb.

Tá sé tábhachtach go bhfuil sé ar fáil agus go bhfuilimid in ann úsáid a bhaint as.

Maith go leor. Ar aghaidh leis an Seanadóir.

I just have a few points to make. My daughter goes to a Gaelscoil, purely because I realised the disadvantage I was at. I would love to be able to speak my native language. When I was running for president of the Trinity College Dublin Students Union, I was very intimidated when I was invited to the Irish hustings, knowing the level and standard of education my fellow candidates had received. I knew their standard of Irish would be much better than mine. I received permission at the time for my daughter to go on the hustings for me. She was seven or eight years of age at the time. I was very proud to watch her in action and that she was able to speak the language so fluently, eloquently and with confidence. My only fear is, when she leaves school, will she be able to continue to speak the language outside the education system, especially since she has a parent who does not speak the language. That is from where my main contribution comes on how we support families for whom Irish is not their first language or who even regularly use it within the house. It is about how we support communities, youth clubs and local sports clubs to be bilingual in order that, when my daughter leaves the classroom or secondary school and is engaging in other activities, there will be other opportunities for her to use the language. The city is really poor at providing such activities.

The level of Irish I attained in school was very poor. It is a shame and something at which we need to look in conjunction with the Minister of State's Department and the Department of Education and Skills to overhaul completely how Irish is taugh in mainstream schools. Not only does it leave a person at a disadvantage but I also see the number of people from working-class and disadvantaged backgrounds who lack Irish. It acts as a barrier for them in being able to become primary or secondary school teachers, act as role models within their communities and go back and teach in schools. I look forward to seeing how we can change the school system in order that people from working class backgrounds will be able to leave school with a decent level of Irish and become teachers, particularly DEIS schools in which generally the level of attainment in the Irish language is of a poor standard.

It also concerned me in recent months when my eldest daughter who unlike her younger sister is in a DEIS school rather than a Gaelscoil came home to inform me that she had not been taught Irish for two months. She is in her leaving certificate year. I was absolutely appalled and very upset because she was obviously getting ready for her leaving certificate examinations. When I brought the issue to the school, I was told about the struggle it had in trying to find substitute Irish language teachers and the fact that there were no substitutes available to come to the school to teach the Irish language.

There is a very poor record in kids moving on to third level education from DEIS schools, but the disadvantage at which she has been left on top of it, in missing out on two months of the Irish curriculum because of the apparent lack of substitute teachers, is of real concern.

The other aspect of the Irish language education system that needs to be addressed is the shortage of non-denominational Gaelscoileanna throughout the country. There is not one non-denominational Gaelscoil in north Dublin, depriving parents whose children have not been baptised of the right to have their children educated through the Irish language. Last year more than 1,500 parents in north Dublin signed a petition calling for the establishment of a non-denominational Gaelscoil, but the patronage was awarded to Educate Together. As Ireland becomes more and more a secular country, we must give parents whose children have not been baptised the option of having their children educated through Irish.

I know that all of my contributions have been heavily focused on the education system, but what concerns me as a member of the Joint Committee on Education and Skills are the moves by some advocates for whom Irish is their first language to give preference within the Gaelscoil system to Irish language speakers. On the one hand, I fully support holding places for those for whom Irish is their first and only language in the home, but some advocates are moving towards preference being given where Irish is spoken in the home, that is to say, households in which a parent attended an Irish school but does not necessarily use the language anymore, perhaps since he or she left secondary school. I have a fear that those children will be placed ahead of children from the locality.

I know that in the Irish schools in Tallaght there has been a massive shift in how our children can progress when taught through Irish. I am not sure why or how the education received in Irish schools is of a better standard than in English language schools next door, but it is and it gives the children a head start. We see some kids from DEIS schools passing through the Gaelscoil and doing a lot better in progressing on to third level education. We need to look at how the Irish language increases access to third level for children from disadvantaged backgrounds and how we can enhance it. We also need to ensure children who are not from the locality do not skip the queue just because a parent happened to attend an Irish school.

That is all I have to say on the issue. I will read the statements made tomorrow and seek a translation of them.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh Gníomhach. Lá breá brothallach a bhí ann. Chuaigh mé féin agus mo chlann go dtí an trá. Bhí an ghrian ag taitneamh sa spéir. D'itheamar uachtar reoite. Chuamar abhaile agus d'inis mé an scéal ar fad do mo Mhamaí.

Dá gcuirfí ceist ar an gnáthdhuine in Éirinn, déarfainn gurb iad sin na príomhabairtí gur féidir leo labhairt trí Ghaeilge tar éis dóibh 14 bliana a bheith ag foghlaim na Gaeilge ar scoil. Ní cúis ionaidh é ach is cúis díoma é sin do mo leithéidse a chaith tréimhse mhaith ag foghlaim na Gaeilge. Idir bhunscoil agus mheanscoil Béarla a bhí mar scoil agamsa ach d'fhreastal mé ar Ghaelscoil ar feadh bliain amháin agus mé sa seú rang. Rinne mé céim sa Ghaeilge sa triú leibhéal. Is í an fhadhb atá ann ná fadhb mheoin nó fadhb dhearcaidh, is é sin an dearcadh atá ag na foghlaimeoirí. Tá siad beag beann ar an nGaeilge mar ábhar.

B'fhéidir go bhfuil fadhb ann ó thaobh an mhodha mhúinte atá againn sa chóras. É sin leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ruane ó thaobh múinteoirí de ó áiteanna faoi mhíbhuntáiste. Aontaím go huile is go hiomlán léi. Ba mhaith liom a rá leis an Aire Stáit, ó thaobh scéim atá curtha ar bun agamsa, ag Marino Institute of Education agus ag Northside Partnership i mo cheantar féin, go bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh seans ag daltaí faoi mhíbhuntáise agus atá ag freastal ar scoileanna DEIS a bheith mar mhúinteoirí bunscoile. Tá an Ghaeilge ag feidhmiú mar chonstaic dóibhsean. Ní fhaigheann siad an deis uaireanta sna scoileanna sin Gaeilge ardleibhéil a dhéanamh toisc nach bhfuil na múinteoirí ann chun an leibhéal sin a thabhairt dóibh. Ní hamháin sin ach ní bhíonn an bhéim curtha ar chursaí Gaeilge sna gnáthbunscoile faoi míbhuntáiste, mar is iad an litríocht agus an Béarla na rudaí is tábhachtaí. Tá an Ghaeilge curtha síos an liosta ó thaobh na rudaí atá tábhachtach. Tá sé mar mhíbhuntáiste ag na daltaí sin agus iad ag dul ar aghaidh má tá siad ag iarraidh a bheith mar mhúinteoirí bunscoile. Mar sin, an fhadhb atá ann i láthair na huaire ná go bhfuil gnáthdaoine meanaicme atá againne mar mhúinteoirí bunscoile. Tá an ról sin agus an ionsparáid sin, go bhféadfadh páistí ó na scoileanna sin a thabhairt do pháistí eile i scoileanna DEIS, caillte againn. Sin í an fhadhb atá ann. Tá scéim curtha ar bun againne i Marino ceachtanna Gaeilge a thabhairt do dhaltaí meanscoile ionas go mbeidh siad in ann Gaeilge ardteistiméireachta a dhéanamh ar ardleibhéal ionas go bhféadfadh siad dul ar aghaidh sna coláistí traenála.

Tá meon eile atá tábhachtach a athrú maidir leis an gceist seo agus sin meon na nGaeilgeoirí. Má chuirtear smaoineamh eile chun cinn ó thaobh an dóigh gur féidir an córas sin a athrú, faightear teachtaireachtaí ó fud na tíre go bhfuil Cromwell eile tagtha ar an bhfód a bhfuil ag iarraidh cosc a chur ar ghluaiseacht na Gaeilge. Is é an caighdéan atá ag múinteoirí agus iad ag fágáil na coláistí traenála atá i bhfad níos tábhachtaí ná an caighdeán Gaeilge a bheadh acusan agus iad ag dul isteach sna coláistí sin. Sin an pointe atá mé ag iarraidh é a dhéanamh.

Níl an cheist faoi chúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí Gaeilge. Is é an ról atá ag an Aire Stáit, is dócha, an Ghaeltacht a chur chun cinn, tionscail a tharraingt chun na Gaeltachta agus fostaíocht a aimsiú don Ghaeltacht agus mar sin de. Is sórt forbartha réigiúnaí atá i gceist ag an Aire Stáit. Is ceist iomlán difriúil cur chun cinn na Gaeilge. Má táimid chun bheith dáiríre faoin teanga is teip mhór mhillteach í múineadh na Gaeilge agus múineadh teanga i gcoitinne inár gcóras. Tá smaoineamh agam don Aire Stáit faoin ngnáthscoil bunleibhéal. Dá ndéanfaimis rang a dó agus rang a trí go huile is go hiomlán trí Ghaeilge as seo amach i ngach aon scoil, cén sórt caighdeán Gaeilge a bheadh ag gach dalta scoile agus iad ag fágáil na scoile? Nó b'fhéidir rang a haon agus rang a dó. In ionad dream ag fáil caighdeáin mhaith sna Gaelscoileanna agus dream eile ag fáil drochchaighdeáin sna gnáthscoileanna. B'fhéidir go bhfuil sé ró-réabhlóideach mar smaoineamh. Ach má táimid dáiríre faoi cheist na Gaeilge, dá mbeadh seans ag gach aon dalta gach uile ábhar a dhéanamh trí Ghaeilge i rang a dó agus rang a trí, bheadh caighdeán iontach níos fearr agus níos saibhre Gaeilge acu agus iad ag dul ar aghaidh chuig an cúigiú rang, an séú rang agus an meánscoil. Téann sé ar aghaidh go dtí na ceisteanna ó thaobh fhoghlaim teangacha i gcoitinne, ar nós Fraincís, Spáinis agus Gearmáinis. Is teip mhór mhillteach í sin inár gcóras chomh mhaith ó thaobh na dteangacha eile sin. Ritheann sé liom nach bhfuilimid dáiríre faoi theangacha a mhúineadh i gceart.

Tá mé chun críochnú anois. Tá dhá rud gur maith liom a rá arís, go bhfuil constaic agus teorainn, nó balla más maith leat, ansin atá curtha i dtreo páistí bochta atá ag iarraidh a bheith mar mhúinteoirí bunscoile. Is í an Ghaeilge chuid den bhalla sin agus caithfimid bheith ionraic agus macánta faoi sin. Agus sa chóras i gcoitinne, caithfimid bheith i bhfad níos réabhlóidí. B'fhéidir dá ndéanfaimis an rud ar fad trí Ghaeilge i rang a dó, rang a trí agus rang a ceathair nó cibé rang ar feadh bliana go mbeadh seans i bhfad níos fearr ann an fhadhb seo a réiteach.

Caithfidh lucht na Gaeilge gan a bheith chomh ardnósach sin agus gan teachtaireachtaí a chur chugamsa agus chuig daoine eile. Tá fáth ann go nglaoitear an Taliban orthu. Is cuma cén sórt plé a bhíonn ag duine faoi chúrsaí Gaeilge, mura n-aontaíonn sé nó sí go huile is go hiomlán leis na tuairimí atá acusan ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge, is ionann an duine sin agus Cromwell. Faighimse na e-mails seo. Tá an meon atá acu dochreidte. Is féidir leo fanacht mar sin, is féidir leo leanúint leis an meon sin, ach ní chabhraíonn sé le gluaiseacht na Gaeilge. É sin ráite, is beag seans go mbeidh mé ag dul go dtí an trá inniu, toisc go bhfuil an lá chomh uafásach sin, ach beidh mé ag insint an scéil seo ar fad de mo Mhamaí ar ball.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh Gníomhach. Ar dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Is seanchara liom é agus tá an-mheas agam ar a chuid oibre díograisí ar son na teanga mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht. Is fiú Gaeilge a labhairt agus a choimeád beo. Tá ár n-oidhreacht, ár stair, ár litríocht, ár mbéaloideas, ár gcultúr agus, ar ndóigh, ár n-anamacha measctha inár dteanga. Mar a deireann an Aire Stáit, is í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní nadúrtha is luachmhara atá againn. Tá dualgas faoi leith orainn mar Bhaill den Oireachtas iarracht a dhéanamh triail a bhaint as an nGaeilge agus dea-shampla, agus cineál ceannaireachta, a thabhairt maidir le labhairt na teanga. Tá dualgas orainn níos mó iarracht a dhéanamh go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta.

Ar dtús ba mhaith liom dea-obair Fhoras na Gaeilge agus an príomhfheidmeannach díograiseach atá ansin, Éamonn Ó hArgáin, a mholadh. Cabhraíonn Foras na Gaeilge le Gaelscoileanna Teoranta, Gael Linn, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Cummann na bhFiann, tá foclóir nua agus polasaí oideachais Gaeltachta á gcur amach ag an bhforas agus tugann sé tacaíocht do scoileanna. Tá sé ag déanamh sároibre agus is maith an rud é go bhfuilimid ag tabhairt níos mó tacaíochta agus acmhainní dó.

Molaim don Aire Stáit an-bhéim a chur ar aos óg na Galltachta chun iad a mhealladh don Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Sílim go bhfuil sé sin iontach tábhachtach. Ba ar mo chuairteanna féin don Ghaeltacht, nuair a bhí mé óg, a bhfuair mé mo ghrá don teanga agus molaim don Aire Stáit an-bhéim a chur air sin. Sílim go bhfuil níos mó le déanamh ansin, b'fhéidir deontais níos fearr a dhíriú ar na daltaí, níos mó fógraíochta agus daoine ag teacht isteach sna scoileanna. Molaim don Aire Stáit an iarracht sin a chur i bhfeidhm agus is fiú é a dhéanamh.

Is cúis áthais dom go bhfuil athrú sa bhuiséad. Tá beagnach €8 milliún ann don Ghaeltacht agus €4 mhilliún ann chun an Ghaeilge a chruthú i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Is cúis áthais orm go bhfuil an Aire Stáit dóchasach go bhfuil na ciorruithe thart. Aontaíom go hiomlán leis an Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-2030 agus na haidhmeanna atá ann agus í á cur i gcrích. Caithfimid an méid daoine a labhraíonn Gaeilge a mhéadú, fiú amháin sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fócas an Rialtais dírithe air sin. Tá béim ar an teanga labhartha ann in Acht na Gaeltachta 2012. Tá níos mó áiseanna agus tacaíocht do scoileanna chun na haidhmeanna sin a chur i bhfeidhm agus is fiú é sin a dhéanamh.

Táim féin sásta go bhfuil 40% de mharcanna san ardteistiméireacht ag dul don teanga labhartha anois agus is fiú é sin a choimeád. Aontaím le Seanadóir Ó Ríordáin go bhfuil athruithe sa chóras oideachais, sa mhodhanna múinteoireachta agus sa churaclam riachtanach. Is fiú an cheist sin a ghrinnscrúdú agus molaim é sin don Aire. Sílim go bhfuil RTE, TG4 agus Ráidío na Gaeltachta ag déanamh sárobair chun an Ghaeilge a chruthú agus a fhorbairt. Tá na cláir den chéad scoth ag déanamh an jab sin agus tá siad riachtanach. Tá TG4 an-cháiliúil agus baineann cuid mhaith daoine triail as sin anois.

Mar fhocal scoir, is fiú an dhíospóireacht seo, agus táim iontach sásta go bhfuil sé ar siúl. Tar éis an dhíospóireacht seo tá dualgas orainn go léir sa Teach seo níos mó iarrachtaí a dhéanamh ag dul ar aghaidh, Gaeilge a labhairt aon uair is féidir linn go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta taobh amuigh den seomra seo. Tá Conradh na Gaeilge ag déanamh jab maith ag cruthú Gaeilge ina maidneacha caife agus a leithéid agus ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt dó sin. Is iontach an dhíospóireacht seo. Tá a lán le déanamh, go háirithe sa chóras oideachais, le daoine óga ón nGalltacht a mhealladh don Ghaeltacht i rith an tsamhraidh agus níos mó triail a bhaint as an teanga sa ghnáthlá.

Go raibh céad míle maith agat a Chathaoirligh Gníomhach. Tá tú ag déanamh jab fíor-mhaith. Is mór an trua gur ghlac an tAire Stáit an méid sin ama chun teacht os ár gcomhair ach, ar aon nós, ba mhaith liom fáilte a chur roimhe. Táimid fíor-bhuíoch go bhfuilimid in ann na cúrsaí seo a phlé leis inniu, mar a dúirt an Seanadóir Reilly. Tá súil agam go mbeidh an seal againn é a dhéanamh níos minice ó seo amach. Ar dtús báire, bhí mé ag breacadh síos cúpla nóta ansin de réir agus a bhí an dhíospóireacht ag dul ar aghaidh agus a bhí níos mó ionchuir ag na Baill anseo. Ní aontaím le roinnt a dúirt Seanadóir Ó Ríordáin ní ba luaithe. Caithfidh mé a rá, má bhain duine ar bith eile úsáid as a leithéid sin de théarmaí, cosúil le Taliban, le cur síos ar phobal áirithe, bheadh an Seanadóir céanna istigh anseo ag bualadh a dhruma le dul viral ar an Idirlíon ag seasamh suas ina éadan. Chuir sin iontas orm agus baineadh geit asam nuair a chuala mé a leithéid de Sheanadóir ag cur síos ar Ghaeilgeoirí mar sin. Ní sin an pobal a aithním. Aithním pobal thar a bheith spraoiúil, spreagtha, fáiltiúil agus tiománta ó thaobh feabhas a chur ar-----

Gabh mo leithscéal. Caithfimid fanacht. Tá vótáil ag teastáil sa Dháil. An bhfuil an tAire Stáit ceart go leor? Tá. Ar aghaidh leis an Seanadóir.

Déanfaidh. Ach ar aon nós, tá sin ráite agam cheana féin. Rud eile a dúirt an Seanadóir ná an ról atá ag an Aire Stáit. Is Aire Stáit é le freagracht as níos mó ná an Ghaeltacht amháin. Tá sé sa Roinn is atá sé. Is léir ón ráiteas a rinne sé inné go bhfuil sé dírithe ar i bhfad níos mó ná cursaí réigiúnacha agus Gaeltachta amháin. Níl a fhios agam ar chuala sé uaim riamh ar Fhoras na Gaeilge. Tá tosaíochtaí agus freagrachtaí ar leith ag a Roinn ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na comhlachtaí tras-Teorainn. Is é Foras na Gaeilge, dár ndóigh, an ceann acu is tábhachtaí sa chás seo. Bhí cineál díoma orm nár luaigh sé ról an fhorais agus an tábhacht a bhaineann leis na grúpaí tras-Teorainn sin. Mar is eol dó, ní aithníonn an Ghaeilge, nó aon teanga eile, teorainn ar bith. Tá sé ag bláthú agus ag fás, tá súil againn, níos leithne ná istigh sa Ghaeltacht amháin. Sílim go bhfuil dea-shampla d'athbheochan agus dul chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart agus gur féidir le grúpaí Gaeilge, agus iad siúd atá sáite i saol na Gaeilge, roinnt mhaith a fhoghlaim ó na Sé Chontae maidir leis an méid atá ráite agus na hábhair ar luaigh Seanadóirí eile roimh ré.

Tá cúpla rud gasta eile le chur chuig an Aire ó thaobh an ábhair sin. Luaigh roinnt daoine an thábhacht a bhaineann leis an Ghaeloideacheas agus líon na múinteoirí. Ó Thuaidh tá cúrsa ollscoile ann i gColáiste Mhuire atá tiomanta agus dírithe isteach ar mhúinteoirí a thraeneáil chun dul isteach san earnáil Gaeloideachais, chun cur le Gaeloideachas agus foghlaim trí mheán na Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil amhlaidh ó Dheas.

Chomh mhaith leis sin tá ciste infheistíochta againn ó Thuaidh, rud a chuireann deontais dhíreacha caipitil isteach chun cultúrlanna agus ionaid phobail a thógáil, áiteanna a chuireann le saol cultúrtha na Gaeilge agus a chuireann béim ollmhór ar fhorbairt an teanga agus a chuidíonn léi. Caithfidh mé a rá nach raibh mórán airgid i gceist leis an chiste sin ar dtús báire, ach le cuidiú roinnt chomhairlí cathrach agus comhairlí áitiúla tá an ciste sin ann. Is léir go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach agus gur cineál game changer é in athbheochán na Gaeilge ó Thuaidh. Tá cultúrlanna spreagtha in airde anois anuraidh i nDoire, in Ard Mhácha agus san Iúr agus sílim gur dea-shampla é sin chomh mhaith.

Rud eile atá againn ó Thuaidh, agus seans gur féidir leis an Aire Stáit smaoineamh faoi seo, ná an tionscadal Líofa. Tá sé glactha ag an gCumann Lúthchleas Gael agus tá sé ag rith leis ar bhonn uile-Éireann. Tháinig an tionscadal ar an saol in 2011 chun 1,000 daoine a chlarú chun a bheith líofa roimh 2015. Anois sílim go breis agus 15,000 daoine cláraithe leis an tionscadal. Bhí giota conspóid faoi seo, ag tá sé ag cur spárantachtaí ar fáil chun daoine óga a chur chun na Gaeltachta. Seo uilig dea-shampla. Níl sé foirfe. Is féidir linn cur leis, ach sílim go bhfuil sé ina dhea-shampla.

Maidir leis an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas - agus tá fhios agam go bhfuil Airí ann faoi láthair ach tá an toghchán os ár gcomhair ó Thuaidh - nuair a thagann na hinstitiúidí ar ais, an mbeidh an tAire Stáit ag comhoibriú leis an Fheidhmeannacht ionas gur féidir linn an cineál dea-chleachtadh seo a roinnt, gur féidir linn foghlaim óna chéile agus, dar ndóigh, gur féidir linn seasamh le chéile chun aithint go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach agus gur ceart dúinn uilig seasamh chun meas a léiriú don teanga sin agus chun seasamh in éadan dímheasa nó ionsaithe ar bith, is cuma cén cuid nó píosa den tír ina bhfuilimid?

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh Gníomhach. Cuirim céad fáilte chuig an ócáid seo roimh an Aire Stáit. Tá múinteoirí na tíre fíorbhródúil as an nGaeilge agus an cultúr Gaelach. Tá dualgas orainn uile tacú lenár dtraidisiúin. As my colleague referred to, according to the 2011 census of population, more than 77,000 people speak the Irish language daily. Of these, approximately 23,000 speak it in Gaeltacht areas and one in every four people in Ireland never speaks it. Funding is provided for Irish language courses in third level institutes here and 43 colleges abroad. In fact, more funding goes abroad than stays in Ireland, with the majority going to America, Canada and Britain but also to France, Slovenia and Sweden.

The demand for Irish in technology is growing. That Google, Facebook and all of the social media services now have apps is very much to be welcomed. The use of the Irish language is something with which we have struggled for many years and it seems that for every step forward in encouraging it, our dependence on English pushes us back. I know from my experience that I am able to understand Irish a lot more than I am able to speak it, which stems from a lack of practice. It is incumbent on all of us to try to practise it and use a few words of Gaeilge every day. Thankfully, it is still very much a living language in some areas of the country and flourishing in new ways we could not have predicted ten years ago. Now we have the help of technology. There is an app which teaches a person to speak it, whether he or she is in Ireland or abroad. I recently downloaded the app and have started to practise some of the lines. It is a very good tool in giving someone an ear for the Irish language.

There is also a marked interest in Gaeilge abroad, with many foreign universities offering Irish language courses which are popular with those who have Irish ancestry. It is very important that we continue to offer funding where we can support these initiatives and encourage the involvement of the diaspora and second and third generation Irish in our culture. Although many carry enthusiasm and a love for the Irish language, we cannot ignore those who believe Irish has no real use beyond the education system. It is important that we do not let this attitude continue among younger generations. The utmost support should be given in providing funding, developing new initiatives and ways of teaching the language and maximising student engagement from a young age in both the spoken and written word.

How do we increase the use of the Irish language? There is a proven demand for places in Gaelscoileanna and Gaelcholáistí. I have been chairperson of a Gaelcholáiste in Limerick in recent years. There are five Gaelscoileanna but only two all-Irish schools. One is an all girls school, while the other is a co-educational school. Certainly, we need to see greater encouragement of second level schools to meet the demands of those in primary schools. Senator Lynn Ruane spoke about the fact that not many Irish teachers applied for the jobs available. We have had the opposite experience in that there is an oversubscription of teachers applying for the jobs available, which is good. Like anything in life, encouraging people at a young age is the way to go.

I have some suggestions to make on ways to aid promotion of the Irish language. Perhaps we might supplement Irish language advertising costs on radio. Some 80% of adults listen to the radio. We should encourage the development and use of apps in Irish. There are Irish language translators in the European Parliament and it is great to hear Irish members using the language on the floor of that institution. This shows that there are jobs which could be created. We should encourage the transmission of Irish language cartoons on non-Irish channels. Folk tales in Irish for children is possibly a way to go.

According to the 20-year strategy for the Irish language, the aim of Government policy is to increase the number of families who use Irish as a daily language, to provide linguistic support in the Gaeltacht, to ensure that in public discourse and public services the use of Irish or English will, as far as practical, be a choice for the citizen to make and to ensure the use of Irish will become more visible in our society, both as a spoken language by itizens and also in areas such as signage and literature.

Mar a deireann an seanfhocal, ní neart go cur le chéile.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh Gníomhach. I welcome the Minister of State. Like so many Irish people of my generation who grew up in the 1960s, 1970s and 1980s, my level of Irish is very poor. Similar to Senator Lynn Ruane, if I was to try to even read this statement in Irish, I would have my fellow Senators rolling around the floor laughing. As much as that would be great fun, I might lose the points I want to make. It is highly embarrassing for me, as an Irish citizen and passport holder, to have no great ability to speak our language. I speak Dutch and Spanish and have lived abroad. Like many of my generation, I went away at the age of 20 years and came back fluent in Dutch and Spanish. At home my children who have grown up in the Irish system speak Spanish fluently and have very good Dutch but only have a cupla focal of Irish. It is such an embarrassment.

I support what my Civil Engagement colleague, Senator Lynn Ruane, said. She made a number of suggestions. The way Irish is taught in school leaves a lot to be desired. I implore the Government and the Minister of State who I know is learning Irish to do whatever they can to have Irish taught as a conversational language.

We really are losing out as a nation. Since my election as a Senator earlier last year, I have been working on learning the language. I attended the Fleadh Cheoil in Ennis this year where I enjoyed a conversational Irish course which was absolutely brilliant. The event was organised by volunteers. Not only was it about teaching the language, it was also about cultural appreciation. It was ceol, caint agus craic. The pubs were thriving and the atmosphere was brilliant. That is really good and encourages the use of Irish on the streets and in the cities. It also enables tourists to see the beauty of our culture.

The Green Party is a proud supporter of the Irish language and has been since its foundation. We have always considered the approach that Irish is a living language as the way to go. We recently established an Irish version of our website and have been nominated for an Irish language web award. We are proud of our tradition in the Green Party as Gaeilgeoirs. There are other people like me who have a long way to go.

I have messages from members of the Civil Engagement group. Senator Alice-Mary Higgins who is from Galway asked me today to state she would like to see greater support in Gaeltacht areas. I am from County Waterford and ask that greater support be given in the areas of Helvick and An Rinn. Senator Frances Black is from County Donegal and would like to see more support for the Gaeltacht areas there.

It is my hope that reintroducing Irish as a conversational language will be promoted as best as possible by the Minister of State and the Government and that whatever resources are needed in that regard will be provided. Let us set a target for a few years’ time for people like me and other Senators who lack confidence in order that, with the Minister of State’s support, we will to be able to make a better stab at use of the language than I have just made.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí uile a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Aithníonn muid uile go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis agus ní mór dúinn a aithint chomh maith go bhfuil go leor déanta againn cheana féin. Mar a dúirt mé níos túisce, bhí an tionscadal uaillmhianach seo faoi mhíbhuntáiste ón tús. Tá mise, mar Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, dóchasach anois go bhfuil ré na gciorruithe thart agus go bhfuil breis airgid le feiceáil sna buiséid sheasmhacha a aontaíodh do 2016 agus 2017. Tá sé ráite ag chuile dhuine go dteastaíonn níos mó airgid, agus aontaím leo. Tá mé ag déanamh mo dhícheall breis airgid agus breis acmhainní a fháil don teanga. Is é sin an príomhrud gur mhaith liom a rá.

Maidir le smaointe na Seanadóirí, cuirim fáilte roimh an Seanadóir Ardagh, an t-aon Sheanadóir amhain ó Fhianna Fáil a labhair. Aontaím léi go bhfuil Fianna Fáil, Sinn Féin agus chuile pháirtí go leor i bhfabhar ár dteanga náisiúnta. An príomhrud a rinne muidne don teanga nuair a tháinig muid isteach in 2011 leis an Páirtí Lucht Oibre ná go rabhamar in ann eacnamaíocht na tíre a shábháil, cé go raibh sé chomh dona sin in 2011. Bhí ar chuile Aire agus Roinn laghdú a dhéanamh ar a mbuiséid. Tá ceist agamsa. Chuir mé an cheist seo ar dhaoine sinsearacha i bhFianna Fáil ach ní bhfuair mé freagra riamh. Nuair a bhí an Celtic Tiger againn, nuair a bhí ardú suntasach sa mhéid daoine a bhí ag obair sa tseirbhís poiblí agus nuair a bhí airgead ann, cén fáth nach raibh níos mó daoine líofa le Gaeilge sa Státseirbhís? Ní bhfuair mé freagra ar an gceist agus nílim ag cur milleáin ar an Seanadóir Ardagh. Ní bhfuair mé freagra riamh ó aon duine i bhFianna Fáil ar an gceist sin. Aontaím léi go dteastaíonn níos mó a dhéanamh ionas go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge sa Státseirbhís.

Tá an Seanadóir Hopkins ceart go raibh ardú ar na buiséid do, mar shampla, Údarás na Gaeltachta ina bhuiséad caipitil agus buiséad reatha agus i mbuiséad reatha na Roinne freisin. Bhí laghdú sa bhfigiúr iomlán agus tá an Seanadóir Ardagh ceart faoi sin. An príomhfháth go raibh laghdú ann ná go bhfuaireamar €6 mhilliún sa bhuiséad caipitil ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil i rith 2016 agus fuaireamar an t-airgead sin do thogra amháin do chéibh Inis Oírr. Tháinig an t-airgead sin isteach in 2016 agus ní rabhamar in ann é a chaitheamh sa bhliain sin. Is airgead mór é a bhfuaireamar ón Roinn eile. Seachas sin, bhí ardú ar chuile bhuiséid laistigh de mo Roinn in 2017. Bhíomar in ann breis airgid de €2.4 milliún a fháil, mar a dúirt mé, d'Údarás na Gaeltachta agus €750,000 d'Fhoras na Gaeilge sna Meastúcháin Athbhreithnithe in 2017. Freisin, chuireamar €250,000 ar fáil do chur i bhfeidhm na straitéise. Is torthaí maithe iad sin.

Maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, bhí laghdú sa bhuiséad caipitil don údarás ar feadh blianta ó 2008, ó €26 mhilliún go €16 mhilliún go €10 milliún go €6 mhilliún. Tá ardú anois mar go rabhamar in ann é a ardú. Teastaíonn breis airgid agus tá an an t-údarás ag iarraidh breis airgid. Beidh an brú ormsa agus ar an Aire sinsearach breis airgid a fháil arís in 2018. Caithfidh mé a rá go raibh an bord, an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach sásta go raibh ardú ann agus go bhfuair an t-údarás breis airgid in 2016. Beidh siad in ann é sin a úsáid in 2017. Tá plean teanga amháin foilsithe.

Níor tháinig an plean ó Chois Fharraige os mo chomhair fós agus mar sin ní fhaca mé an dréacht. Tá an Seanadóir ceart go dteastaíonn acmhainní chun an plean sin a chur i bhfeidhm. Beidh suas go deich gcinn foilsithe roimh 2017. Go mórmhór i mbuiséad 2018, teastaíonn breis acmhainní chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Is rud é sin a theastaíonn breis airgid. Tá sé pléite agam le feidhmeannaigh mo Roinne agus caithfimid an próiseas a thosnú go luath chun an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a chur ar an eolas faoi sin agus chuile dhuine eile laistigh de mo Roinn féin a chur ar an eolas freisin.

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, bhí Bille réidh le foilsiú roimh Nollaig 2015. Ní raibh an t-iarAire Stáit sásta agus ní raibh mise sásta é a fhoilsiú. Phléigh mé é seo le daoine sinsearacha ó Chonradh na Gaeilge agus leis an gCoimisinéir Teanga. Thóg mé comhairle uaidh. Tá a fhios agam nach raibh Sinn Féin nó Fianna Fáil sásta leis freisin nuair a bhí siad sa bhFreasúra faoin Rialtas deireanach. Mar sin, ní rabhamar sásta é a fhoilsiú. Mar a dúirt mé, tá mé ag fáil comhairle chun Bille níos láidre a ullmhú agus beimid á dhéanamh sin agus ag dul ar aghaidh leis an bpróiseas.

Tá Ard-Rúnaí nua againn sa Roinn, Katherine Licken, agus cuirim fáilte roimpi. Tuigim as a bheith ag caint leis an Ard-Rúnaí nua go bhfuil neart Gaeilge aici. Feicfidh mé é sin amach anseo. Tuigim go bhfuil i gceist aici cuairt a thabhairt ar oifigí na Roinne agus ar Údarás na Gaeltachta sna Forbacha. Táim lán-mhuiníneach go bhfeicfidh daoine ina dhiaidh sin go bhfuil Gaeilge mhaith aici. Tá ceangal aici le na hOileáin Árann. Chaith a seanathair, sílim, 12 bhliain ar Inis Mór. Chaith sí cúpla seachtain i rith an tsamhraidh ar Inis Oírr nuair a bhí sí mar dhéagóir í fhéin. Tá grá aici don Ghaeilge agus tá sé ráite liom go mbeidh sí ag dul ar aghaidh chun í a fhoghlaim.

Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag labhairt faoi easpa foirne. Tá daoine sinsearacha nua againn sa Roinn. Tá Aodhán Mac Cormaic, an stiúrthóir Gaeilge nua anseo, chomh maith le Micheál Ó Conaire, an príomhoifigeach nua.

Tá daoine sinsearacha nua againn faoi láthair a bheidh ag brú ar aghaidh leis an teanga, le hAcht na Teangacha Oifigiúla agus leis an straitéis. Ó thaobh na smaointe faoi Iorras Aintheach, labhair mé leis an gcathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach faoi sin agus má theastáionn treoir uathu beidh mé sásta é sin a dhéanamh más rud é gur cheapann siad gur ghá dúinn rud éigin a dhéanamh. B'fhéidir go labhróimid arís faoi Aer Arann. Bhí sé an-chasta ó thaobh an chonartha i rith an tsamhraidh seo caite. Bhí an-obair déanta ag na feidhmeannaigh sa Roinn agus san Oifig um Sholáthar Rialtais ó thaobh an chonartha. Is é an rud is tábhachtaí anois ná go mbeidh cinnteacht go bhfuil seirbhís ó seo amach go dtí deireadh 2020.

Bhí an Seanadóir Ruane ag caint faoin gcaighdeán oideachais agus an chaoi ina bhfuil an Stát ag múineadh na Gaeilge. Tá an méid a dúirt sí faoin scoil DEIS sin a bhí gan múinteoir Gaeilge ar feadh dhá mhí an-aisteach. Ba cheart nach dtarlaíonn é sin. Bhí an Seanadóir O'Sullivan freisin ag caint faoin gcaoi a mhúintear an Ghaeilge. Tá fhios agam go raibh athrú maidir le marcanna don Ghaeilge san ardteistiméireacht agus táimid ag dul sa treo ceart. Sílim go bhfuil fadhb ó thaobh an líon múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu. Tarlaíonn sé sa bhunscoil agus sa mheánscoil freisin.

Ó thaobh an phlean Gaeltachta, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna chun breis acmhainní a chur isteach chun caighdeán Gaeilge na múinteoirí a ardú. Seo rud atá fíorthábhachtach agus tá sé lárnach sa straitéis sin. Is é sin an príomhrud a bheidh an Stát in ann déanamh. Beimid in ann níos mó acmhainní a chur isteach agus níos mó a dhéanamh leis na múinteoirí chun go mbeidh caighdeán níos fearr acu as seo amach. Cheap mé go raibh smaointe maith ag Seanadóir Ó Ríordáin faoin gcaighdeán Gaeilge atá ar fáil sna scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste, scoileanna DEIS. Tá siad ag déanamh jab maith ó thaobh na ranganna Gaeilge ansin ina cheantar féin. Tá an-obair déanta le mo Roinn i gcomhar leis na coláistí oiliúna ar mhaithe le mic léinn a thabhairt go dtí an Ghaeltacht ar feadh tréimhse, coicís nó trí seachtaine le linn a gcúrsaí oiliúna. Táim dóchasach go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim sin ar chaighdeán Gaeilge an chéad ghlúin eile de mhúinteoirí Gaeilge sna scoileanna.

Maidir le ceist Sheanadóir Ó Donnghaile, tá a fhios agam go bhfuil Foras na Gaeilge ann. Tá €750,000 faighte againn dóibh i mbliana. Tá príomhfheidhmeannach nua ansin, Seán Ó Coinn, agus cathaoirleach nua ar an mbord, Pól Ó Gallchóir, agus sílim go bhfuil an bheirt acu ag tosnú amach ag an am céanna agus ag brú ar aghaidh. Tá a fhios agam go raibh siad sásta leis an breis airgid ach arís go mbeidh níos mó ag teastáil agus go mbeidh siad ag iarraidh níos mó. Tá ról lárnach ag an bhForas Teanga ar bunaíodh in 1999. Bhí mé ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ó Thuaidh agus chas mé leis an Aire Hazzard agus leis an Aire Givan a bhfuil ról lárnach aige i gcúrsaí Gaeilge.

Nach mbíonn ar an Aire Stáit.

Maidir le comhoibriú ó Thuaidh, tá an Rialtas seo tiománta don chur chuige tras-Teorann a chur i bhfeidhm. Mar is eol don Sheanadóir, déileálann Foras na Gaeilge agus a chuid comheagraíochtaí leis an bpobal Gaeilge, a fhaigheann tacaíocht uathu le roinnt blianta anuas. Tá mise den tuairim go bhfuil siad uile sásta anois le hallúntas breise de €750,000.

Dúirt an Seanadóir Reilly go bhfuil an straitéis fíorthábhachtach agus gur chaithfimid chuile rud a dhéanamh chun é a chur i bhfeidhm. Labhair an Seanadóir Byrne faoin gcaighdeán Gaeilge, faoi na múinteoirí agus rudaí mar sin freisin. Tá siad sin lárnach sa pholasaí oideachais atá foilsithe ag an Rialtas. Caithfimid é a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di freisin.

Ag deireadh an lae, ní mór aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach cheana féin ag na Ranna, ag na heagrais Stáit agus ag an earnáil dheonach, i gcúinsí fíor-dhúshlánacha, faoin naoi réimse den straitéis 20 bliain, agus ba mhaith liom iad seo a chur ar an taifead. In earnáil an oideachas - an polasaí d'oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm, gníomhaíochtaí Gaeloideachais in earnáil na Gaelscolaíochta, straitéis náisiúnta litearthachta agus uimhearthachta a chur i bhfeidhm, tacaíochtaí d'earnáil na réamhscolaíochta ó mo Roinn agus ón Údarás, an córas Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, cothaithe ag Ollscoil Mhaigh Nuad le maoiniú na Roinne, an tionscnamh ardscileanna Gaeilge á mhaoiniú ag mo Roinn go dtí 2021, dioplóma i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta á sholáthar ag Ollscoil Mhaigh Nuad, scéim na gcúntóirí teanga a riaradh ag mo Roinn, obair an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, chun téacsleabhair agus tacaíocht don Ghaeloideachas a sheachadadh agus teagasc na Gaeilge i thart ar 40 ollscoil idirnáisiúnta maoinithe ag mo Roinn.

I dtaobh reachtaíochta agus stádais - Acht na Gaeltachta 2012 a chur i bhfeidhm agus deireadh a chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021. Sa Ghaeltacht - próiseas na pleanála teanga, an comhrá is mó sa Ghaeltacht maidir leis an Ghaeilge ó aimsir fheachtas na gcearta sibhialta faoi lán seoil, scéimeanna pobail na Roinne agus na scéimeanna atá ag an údarás chun fostaíochta a chruthú do mhuintir na Gaeltachta á gcur i bhfeidhm.

I réimse an teaghlaigh agus na luath-idirghabhála - clár tacaíochta teaghlaigh mo Roinne dírithe ar dhaoine atá ag súil le páistí nua agus a bhfuil gasúir óga acu cheana féin, ionad tacaíochta teaghlaigh ag gníomhú i gCois Fharraige agus i gCorca Dhuibhne, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Tuismitheoirí na Gaeltachta ag feidhmiú le tacaíocht ón Stát, agus scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ag tacú le daoine atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.

Mar a bhaineann sé le riarachán, seirbhisí agus pobal - clár cuimsitheach oiliúna Gaeilge a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí, Ionad Gaeilge Thamhlachta a fhorbairt le tacaíocht mo Roinne, tacaíocht mo Roinne, an Údaráis agus an Fhorais don earnáil dheonach. Faoin teanga bheo - páirt lárnach ag an teanga in imeachtaí an chomórtha ar 1916, Féile Oireachtas na Samhna, Féile Sheachtain na Gaeilge ag tabhairt na teanga do phobal níos leithne faoi stiúir Chonradh na Gaeilge, agus Glór na nGael, Cumann na bhFiann agus Gael Linn ag tacú le pobail Gaeilge ar fud na tíre. Na meáin agus an teicneolaíocht - plean Gaeilge agus gníomh digiteach RTE á gcur i bhfeidhm, plean digiteach don Ghaeilge a fhorbairt, aip Raidió Ghaeilge RTE forbartha, seirbhísí d’ardchaighdeán á dtabhairt ag Raidió na Gaeltachta, TG4, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte, tuairisc.ie ag feidhmiú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, abair.ie á fhorbairt ag Coláiste na Tríonóide, agus córas aistriúcháin uathoibríoch don Ghaeilge forbartha.

Ó thaobh foclóirí - an tAcht um Thithe an Oireachtais (Leasú) 2011 i bhfeidhm, gníomh a chuir an caighdeán oifigiúil faoi chúram Thithe an Oireachtais agus dhá athbhreithniú déanta air ó shin, an foclóir ar líne foclóir.ie forbartha ag Foras na Gaeilge, LEX, togra a ghineann téarmaíocht don Aontas Eorpach, faoi lán seoil, téarma.ie ar fáil ar líne agus foclóir stairiúil na Gaeilge á fhorbairt ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Ó thaobh an tsaol eacnamaíochta - Údarás na Gaeltachta ag cruthú 500 post in aghaidh na bliana agus Foras na Gaeilge, Gael-Taca i gCorcaigh, Gaillimh le Gaeilge agus Gnó Mhaigh Eo ag cur an Ghaeilge chun cinn san earnáil ghnó. Ó thaobh na tionscnaimh leathana - suíomh tairsí na Gaeilge, PEIG, faoi lán seoil agus bailiúchán na scoil de chuid Chnuasach Béaloideas Éireann ar fáil ar líne mar chuid den chomóradh ar Eirí Amach na Cásca 1916.

Is cúis bhróid don Rialtas é go bhfuil an méid seo bainte amach agus á bhaint amach faoin straitéis 20 bhliain faoi na cúinsí ina raibh muid ag feidhmiú le seacht mbliana anuas. Is mian liom a threisiú nach straitéis seacht mbliana ach straitéis 20 bliain atá i gceist. Beidh mise agus an fhoireann atá taobh thiar dom sa Roinn, le tacaíocht go príomha ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ceanneagraíochtaí an fhorais, ag cur ár gcuid fuinnimh isteach sa tasc atá romhainn leanúint leis an obair thábhachtach sna blianta atá amach romhainn.

Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a ghabháil le chuile dhuine as ucht páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Bhí mé sásta teacht isteach agus beidh mé sásta teacht isteach arís chun na hábhair seo a phlé. Gabhaim buíochas arís le chuile dhuine atá i láthair. Tá a fhios agam go bhfuil formhór na ndaoine sa Teach seo, sa Dáil agus trasna na tíre i bhfabhar ár dteanga náisiúnta. Tá chuile dhuine ag iarraidh breis acmhainní a fháil don teanga agus dóibh siúd a labhraíonn í. Tá a fhios ag go leor daoine go bhfuil fadhbanna ann ó thaobh ár dteanga a mhúineadh. Mar a dúirt an Seanadóir Hopkins, tagann daoine amach ón scoil tar éis blianta a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge gan a bheith in ann nó sásta an teanga a úsáid. B'fhéidir go mbíonn faitíos orthu an Ghaeilge a labhairt. Is é an ról atá agam ná breis acmhainní a fháil chun rudaí a dhéanamh níos éasca. Tá sé de dhualgas orm freisin oibriú leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus na hAirí eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá mé an-bhuíoch don Seanad as ucht an deis seo a thabhairt dom teacht os comhair an Tí.

The Seanad adjourned at 3.40 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 7 February 2017.
Barr
Roinn