Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 8 Dec 2021

Vol. 281 No. 5

Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chuig an Seanad um thráthnóna. Sula dtosóimid, meabhraím do Sheanadóirí nach bhféadfaidh Seanadóir labhairt ach uair amháin ag Céim na Tuarascála ach amháin tairgeoir leasaithe, a bhféadfaidh freagairt don phlé ar an leasú. Ina theannta sin, ag Céim na Tuarascála, ní mór gach leasú neamhrialtasach a bheith cuidithe.

Tá baint idir leasú Uimh. 1 go 4, go huile, agus is féidir iad a phlé le chéile.

Leasú an Rialtais Uimh. 1:
I leathanach 9, líne 37, “tríd an bhfo-alt” a scriosadh agus “trí na fo-ailt” a chur ina ionad.

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 1 go 4, go huile, le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasú riaracháin atá i gceist le leasú Uimh. 1 atá ag iarraidh an téacs a leasú ó “tríd an bhfo-alt” go dtí “trí na fo-ailt” toisc go mbeidh fo-ailt bhreise curtha isteach tar éis alt 9(3) den phríomh-Acht. Déanfar tuilleadh plé ar na ceisteanna substainteacha a bhaineann leis an bhfo-alt nua agus muid ag déanamh plé ar leasú Uimh. 4, a bheidh á mholadh agam don Teach inniu. Molaim an leasú don Teach.

Maidir le leasú Uimh. 2, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo chomh maith. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “i mBéarla agus i nGaeilge" go dtí “i nGaeilge agus i mBéarla" ar mhaithe le leanúnachas téarmaíochta tríd an mBille. Molaim an leasú seo don Teach.

Maidir le leasú Uimh. 3, gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe ach, toisc go bhfuil mo leasú féin agam, leasú Uimh. 4, a chlúdaíonn an t-ábhar seo, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Is leasú é Uimh. 4 a mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan ar Chéim an Choiste sa Teach seo. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí sin as ucht an leasú seo a mholadh don Teach. Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú nach mbeidh aon chúlú ann ó thaobh na Gaeilge de agus go mbeidh an stádas céanna ag an teanga is atá ag an mBéarla. Tá an leasú seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais foriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Go deimhin, is leasú é seo atá pléite ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. De bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille, i gcás go ndéanfaí gach comhlacht poiblí cumarsáid i nGaeilge agus i mBéarla i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt don phobal nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal, go gcinnteoidh an comhlacht, maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, nach mbeidh sé i gcló níos lú ná an chuid den téacs a mbeidh i mBéarla agus go mbeidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla agus, más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

Cé nach bhfuil gach gné den leasú a mhol na Seanadóirí ag Céim an Choiste clúdaithe sa leasú seo atá curtha síos agam, sílim go ndéanfaidh sé an beart chun stádas cuí a thabhairt don Ghaeilge. Molaim an leasú seo don Teach. B'fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta a leasú féin a tharraingt siar.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus cuirim fáilte ar ais don Chéim seo roimhe. Fáiltíonn Sinn Féin roimhe go bhfuil an tAire Stáit tar éis teacht ar ais maidir leis an leasú seo mar a gheall sé ag Céim an Choiste agus go bhfuil sé ag glacadh leis an méid a bhí le rá againn agus ag Conradh na Gaeilge. Tá rudaí ann a bhí inár leasú nach bhfuil i leasú an Aire Stáit áfach. Chinntigh ár leasú go mbeadh an Ghaeilge ann ar dtús, sa chlófhoireann chéanna leis an mBéarla agus den chló céanna agus den stíl chéanna. Chinnteodh sé nach mbeidh an Ghaeilge in italics, mar shampla, agus go gcuirfeadh an téacs i nGaeilge an fhaisnéis chéanna in iúl agus a chuireann an téacs i mBéarla in iúl. Cén fáth nach bhfuil na forálacha seo i leasú an Aire Stáit? An bhfuil aon rud beartaithe aige chun a chinntiú nach mbeidh fágtha sa chuid Gaeilge i gcumarsáid ach rud suarach nach bhfuil tábhachtach atá i bhfolach i gcló iodálach ar an chúl nó ag an deireadh? In áit an téarma "i nGaeilge" chur roimh "i mBéarla", mar atá déanta i leasú Uimh. 2 - agus tacaíonn Sinn Féin leis sin - caithfear a chinntiú go mbeidh an leagan Gaeilge de chumarsáid chun tosaigh ar an leagan Béarla.

Aontaíodh an leasú.
Leasú an Rialtais Uimh. 2:
I leathanach 11, líne 6, “i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.”.” a scriosadh agus “i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.” a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 3:

I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”:

“I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí:

(a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús;

(b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna;

(c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla;

(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl;

agus

(e) nach ndéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.”.

Cuidím leis an leasú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Leasú an Rialtais Uimh. 4:
I leathanach 11, idir línte 6 agus 7, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—
(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus
(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.”.
Aontaíodh an leasú.

Is oth liom a rá go bhfuil leasú Uimh. 5 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 5.

Tá baint idir leasuithe Uimh. 6 agus 7 agus is féidir iad a phlé le chéile.

Leasú an Rialtais Uimh. 6:
I leathanach 14, líne 14, “and part of the text that is in the Irish language is abbreviated the” a scriosadh agus “where part of the text that is in the Irish language is abbreviated, the” a chur ina ionad.

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 6 agus 7 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo. Leis na leasuithe seo, níltear ach ag iarraidh botúin chló sa Bhille mar atá a cheartú. Molaim na leasuithe don Teach.

Aontaíodh an leasú.
Leasú an Rialtais Uimh. 7:
I leathanach 14, líne 35, “and part of the text that is in the Irish language is abbreviated the” a scriosadh agus “where part of the text that is in the Irish language is abbreviated, the” a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 8:

I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Caighdeáin teanga sa tsainfháil phoiblí agus sa rialáil

9F. I gcás go ngabhfaidh comhlacht poiblí do phróiseas sainfhála poiblí, nó do rialáil ar earnáil seirbhíse ar leith, lena bhféachfaidh an comhlacht poiblí, lena n-áirítear rialálaí Stáit, le conradh nó ceadúnas a dhámhachtain as seirbhís phoiblí a sholáthar, ní foláir don chomhlacht poiblí sin a chinntiú go ndéanfar breithniú cuí ar chumas an pháirtí faoi chonradh na caighdeáin teanga do sheirbhísí pobal-inrochtana a leagtar amach in alt 9E a chomhlíonadh, agus go dtabharfar ualú cuí don chéanna.”.

Cuidím leis an leasú.

Is leasú é seo a bhí curtha ar an gcéad dul síos ag an Seanadóir Higgins chun dul i ngleic leis an bpríobháidiú atá á dhéanamh ar sheirbhísí bunúsacha fud fad an Stáit. Gan seirbhísí bunúsacha a bheith á soláthar ag an Stát, níl aon srian ann chun a chinntiú go mbeidh freastal ar Ghaeilgeoirí. Chuir an Seanadóir Higgins an sampla de na seirbhísí fostaíochta áitiúla in iúl dúinn agus thug mo chomhghleacaí, an Seanadóir Gavan, agus a lán Seanadóirí neamhspleácha agus ó na páirtithe eile tacaíocht di ar an bpointe sin ag Céim an Choiste. In ainneoin gur theip ar an leasú ag an staid sin, rinne muid an moladh seo a leasú ó shin chun go gcuimseoidh sé ceadúnais chomh maith le conarthaí de réir an tsainfháil phoiblí, toisc go bhfuilimid den tuairim go mba cheart go mbeadh cuideachtaí bainc, fóntais agus cumarsáide agus ceadúnaithe atá i gceannas ar an gcrannchur náisiúnta agus ar an chóras Eircode, mar shampla, clúdaithe freisin. Ba chóir go mbeadh dualgas ar Bhainc Cheannais na hÉireann agus na rialtóirí lena mbaineann fóntais, cumarsáid agus na nithe eile seo go léir a chinntiú go gcuirfear dóthain seirbhíse ar fáil do Ghaeilgeoirí agus iad ag dáileadh ceadúnais.

Bhí iontas ar chách nuair a phléigh an Seanad leasú eile de chuid Shinn Féin ag Céim an Choiste chun dualgas a chur ar bhainc i leith na Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit:

Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go mbeidh mé in ann obair as lámha a chéile leis na bainc chun an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí sa chóras baincéireachta.

Caithfidh gurb é sin ceann de na freagraí is Fianna Fáilí atá cloiste i dTithe an Oireachtais le tamall fada de bhlianta. Ní gá aon srian ná dualgas a chur ar bhaincéirí toisc gur sár-leaids iad atá báúil don Ghaeilge. Is cairde muid leis na baincéirí so ní gá dúinn ach obair as lámha a chéile. Is cairde iad. Chonaic muid an phraiseach a rinneadh den tír an uair dheireanach ach níl mé chun dul isteach sa rud sin go léir. Is é an rud is tábhachtaí faoin leasú seo ná, má tá na bainc chomh báúil sin don Ghaeilge, mar atá ráite ag an Aire Stáit cheana féin, bheidís lánsásta glacadh le dualgais sa reachtaíocht agus iad a chomhlíonadh. Is é sin an rud is tábhachtaí. Ní chuirfeadh sé seo an iachall ar bhainc.

Molaim an leasú seo. Ritheann sé le ciall. Sílim go dtiocfadh le gach grúpa sa Seanad agus le gach Seanadóir tacú leis an méid a bhfuil an leasú seo ag iarraidh a bhaint amach.

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as leasú Uimh. 8 a mholadh don Teach. Is leasú é atá pléite go minic.

Mar a luaigh mé ag Céim an Choiste sa Teach seo ar an 24 Samhain, tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé féin agus a glacadh leis ag Céim na Tuarascála sa Dáil. Mar a mhínigh mé le linn na díospóireachta sin, cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh, i gcás ina ndéanann comhlacht poiblí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas soláthar poiblí, nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe teanga ar an soláthraí seirbhíse a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhar don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Chun aon éiginnteacht a sheachaint, tá sainmhíniú ar fáil don téarma “seirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal”, is é sin le rá, seirbhís a sholáthraíonn tríú páirtí don phobal i gcoitinne, nó d'aicme den phobal i gcoitinne, thar ceann comhlacht poiblí. Dar ndóigh, cuirfidh sé seo go mór le feiceálacht na teanga in earnáil an ghnó, rud a bheidh tionchar aige ar úsáid na teanga i measc an phobail. Tá an chuid seo den Bhille scrúdaithe ag oifigigh mo Roinne go domhain agus tá muid muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht sa Bhille mar atá sé cuí. Go deimhin tá an t-ábhar seo pléite ag mo chuid feidhmeannaigh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais le cinntiú go bhfuil alt 9E maidir le seirbhísí pobal-inrochtana in ord. Sílim go bhfuil gach iarracht déanta againn sa Rialtas a chinntiú go mbeidh an teanga á cosaint agus comhlachtaí poiblí ag dul i mbun próiseas soláthar poiblí. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ba mhaith liom a bheith cinnte faoi seo in áit a bheith muiníneach faoi, mar atá ráite ag an Aire Stáit. Má tá sé in ord, ba mhian liom leasú Uimh. 8 a bhrú.

Amendment put:
The Seanad divided: Tá, 8; Níl, 30.

  • Boylan, Lynn.
  • Gavan, Paul.
  • Hoey, Annie.
  • Moynihan, Rebecca.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • Sherlock, Marie.
  • Wall, Mark.
  • Warfield, Fintan.

Níl

  • Ahearn, Garret.
  • Blaney, Niall.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Malcolm.
  • Byrne, Maria.
  • Casey, Pat.
  • Cassells, Shane.
  • Chambers, Lisa.
  • Conway, Martin.
  • Crowe, Ollie.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Paul.
  • Davitt, Aidan.
  • Doherty, Regina.
  • Dolan, Aisling.
  • Dooley, Timmy.
  • Gallagher, Robbie.
  • Garvey, Róisín.
  • Kyne, Seán.
  • Lombard, Tim.
  • Martin, Vincent P.
  • McGahon, John.
  • Murphy, Eugene.
  • O'Loughlin, Fiona.
  • O'Reilly, Pauline.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Ward, Barry.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Lynn Boylan and Niall Ó Donnghaile; Níl, Senators Robbie Gallagher and Seán Kyne.
Tá sé curtha in iúl ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee don Chathaoirleach go bhfuil sí tar éis socrú péireála vótála a dhéanamh leis an Seanadóir Eileen Flynn fad is atá an Seanadóir Flynn ar saoire mháithreachais agus, dá réir sin, níl sí tar éis vóta a chaitheamh sa vótáil seo.
Amendment declared lost.
Leasú an Rialtais Uimh. 9:
I leathanach 17, línte 21 go 23 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d'aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.”.

Tá baint idir leasuithe Uimh. 9 agus 10 agus is féidir iad a phlé le chéile. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Pléifear leasuithe Uimh. 9 agus 10 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna atá siad. Maidir le leasú Uimh. 9, is leasú é seo a mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan ar Chéim an Choiste sa Seanad agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí sin as ucht an leasaithe seo a mholadh don Teach.

Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú go mbeidh 5% d'aon airgid a chaithfidh comhlacht poiblí ar fhógraíocht in aon bhliain caite ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge. Bhí plé tairbheach ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le déanaí ar an ábhar seo. Dá bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille go mbeidh 5% de chaiteachais fhógraíochta arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge. Molaim an leasú don Teach.

Sílim go ndéanfaidh an leasú seo an rud céanna is atá molta ag leasú Uimh. 10. B'fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta an leasú sin a tharraingt siar, dá bharr.

Mar gheall ar an méid atá ráite ag an Aire Stáit agus maidir leis an méid atá leasú Uimh. 9 ag iarraidh a bhaint amach, tá mise sásta leasú Uimh. 10 a tharraingt siar.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 10:

I leathanach 17, líne 22, “d'aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht” a scriosadh agus “d'aon bhuiséad fógraíochta a úsáidfidh an comhlacht” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 11:

I leathanach 19, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(5) Beidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach do Thithe an Oireachtais as feidhmiú agus obair an Choiste Chomhairligh.”.

Cuidím leis an leasú.

Is leasú é seo a mhol an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste ach a tharraing sé siar in ainneoin nach raibh éisteacht ar bith ar an drochuair tugtha ag an Aire Stáit dó. Dúirt sé ag an am nach raibh sé sásta é a tharraingt siar agus go raibh díomá air faoin easpa suime a chur an tAire Stáit sa leasú ag an am fosta. D'iarr sé ar an Aire Stáit a leasú féin a thabhairt isteach ar an staid seo chun freagracht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chinntiú, ach ní dhearna an tAire Stáit tabhairt faoi sin. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú ar Chéim an Choiste, agus táimid á chur arís anois ionas gur féidir plé ceart a dhéanamh ar an ábhar seo.

Dúirt an Seanadóir Kyne coicís ó shin go raibh faitíos air go mbeidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sásta aon cheist a fhágáil faoin gcoiste comhairleach agus cúrsaí earcaíochta laistigh den choiste comhairleach a fhágáil don Aire Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ról láidir agus lárnach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san earcaíocht agus go mbeadh an coiste seo ag feidhmiú go héifeachtach. Dúirt an Seanadóir:

Má táimid chun na spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach, ar nós an céatadán de 20% a bheidh earcaithe a bheith líofa sa Ghaeilge agus a bheith in ann Gaeilge a úsáid sa tSeirbhís Phoiblí roimh 2030, caithfear ról lárnach a bheith ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Mhol sé go gcinnteodh an leasú seo "go mbeadh an tAire ar an eolas agus go mbeadh suim aige nó aici ann toisc go mbeadh sé nó sí freagrach don Dáil as an gcoiste comhairleach seo." Nílimid ag iarraidh nach mbeidh sa choiste chomhairleach seo ach quango nó talking shop eile. Ní bhaineann sé seo le hAire ar leith. Bíonn Airí ann atá suim acu sa Ghaeilge agus Airí ann nach mbíonn suim ar bith acu sa Ghaeilge, ach ba chóir ar a laghad go mbeadh freagracht ag an Aire atá i gceannas ar sheirbhísí Stáit agus earcaíocht as seirbhísí Stáit agus earcaíocht chun freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Impím ar mo chomhghleacaithe an leasú seo a ghlacadh, agus go háirithe go ndéanfaidh an Seanadóir Kyne vótáil ar son a leasú féin.

Is soiléir go bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile ag imirt polaitíochta leis an ábhar seo anois. Phléamar an t-ábhar seo an uair dheireanach coicís ó shin. D'fhreagair an tAire Stáit ceist na moltaí a bhí agamsa agus rinneamar socrú ar an ábhar seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Rialtas freagrach as an gcoiste earcaíochta agus as an gcoiste comhairleach Is é an coiste comhairleach a bheidh ag déileáil leis an ábhar tábhachtach seo - an earcaíocht. Táim sásta go mbeidh an Rialtas freagrach as seo. D’iarr mé ar an Aire Stáit smaoineamh ar an ábhar seo roimh dhíospóireacht an lae inniu. Táim sásta go bhfuil an cheist seo freagartha aige.

Maidir le leasú Uimh. 11, ní bheidh mé á ghlacadh toisc go bhfuilim den tuairim nach bhfuil gá lena leithéid de leasú. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bhille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh agam. I mo thuairimse, tá córas faireacháin den scoth beartaithe agam leis an méid atá sa Bhille cheana féin.

Mar a mhínigh mé ar an Dara Céim, beidh suíocháin ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair thábhachtach a bheidh ar bun. Chomh maith leis sin, beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar. Mar atá ráite agam go minic, is freagracht tras-Rialtais a bhaineann leis an mBille seo agus beidh dualgas ar gach Roinn agus Aire maidir lena fhorfheidhmiú nuair a bheidh sé achtaithe. Tá an Rialtas tiomanta i leith an Bhille seo. Tá an plean earcaíochta a bhfuil foráil déanta ina leith sa Bhille luaite go sonrach i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030 de chuid an Rialtais. Sa phlean sin leagtar amach:

Is deis é neartú reachtaíocht teangacha oifigiúla agus an tiomantas chohórt na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú chun leibhéal seirbhíse feabhsaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.

Faoi alt 18F(4) den Bhille mar a sheasann sé faoi láthair, tá dualgas ar an Aire cóip den tuarascáil réitithe ag an gcoiste comhairleach agus cóip den tuairisc fhaireacháin ullmhaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga a leagan faoi bhráid an Oireachtais. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

I dtaca leis an leasú seo, geallaim do chomhghleacaithe nach bhfuilim ag imirt cluichí polaitiúla leis seo. Is ábhar polaitiúil é nuair nach bhfuil an Rialtas ag déanamh an méid agus is féidir leis agus ba cheart dó a dhéanamh i dtaca leis an ábhar seo. Níl mise ach ag athrá rudaí a bhí ráite ar Chéim an Choiste. Mar gheall ar sin, sílim gur b’fhiú an leasú seo. Neartaíonn sé an reachtaíocht agus beidh mé á bhrú.

Amendment put:
The Seanad divided: Tá, 5; Níl, 27.

  • Boylan, Lynn.
  • Gavan, Paul.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • Sherlock, Marie.
  • Wall, Mark.

Níl

  • Ahearn, Garret.
  • Ardagh, Catherine.
  • Blaney, Niall.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Malcolm.
  • Byrne, Maria.
  • Casey, Pat.
  • Cassells, Shane.
  • Chambers, Lisa.
  • Conway, Martin.
  • Crowe, Ollie.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Paul.
  • Davitt, Aidan.
  • Dolan, Aisling.
  • Gallagher, Robbie.
  • Garvey, Róisín.
  • Kyne, Seán.
  • Lombard, Tim.
  • Martin, Vincent P.
  • McGahon, John.
  • O'Reilly, Pauline.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Ward, Barry.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Lynn Boylan and Niall Ó Donnghaile; Níl, Senators Robbie Gallagher and Seán Kyne.
Tá sé curtha in iúl ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee don Chathaoirleach go bhfuil sí tar éis socrú péireála vótála a dhéanamh leis an Seanadóir Eileen Flynn fad is atá an Seanadóir Flynn ar saoire mháithreachais agus, dá réir sin, níl sí tar éis vóta a chaitheamh sa vótáil seo.
Amendment declared lost.

Tairgim leasú Uimh. 12:

I leathanach 25, líne 14, “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” a chur ina ionad.

Tacaím leis an leasú.

Arís, is leasú é seo a mhol an Seanadóir Seán Kyne. Tá súil agam, i ndáiríre, nach bhfuil sé chun vótáil in éadan a chuid moltaí go léir díreach toisc go bhfuil neamhaird déanta orthu ag an Aire Stáit ar an drochuair. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú seo an uair dheireanach. Is leasú iontach simplí é chun a chinntiú go ndéanfar eolas a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an phlean náisiúnta agus an sprioc 20% faoi 2030 ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Mar a dúirt an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste:

Níl ann ach rud a chinnteodh go mbeadh níos mó eolais againn faoi conas mar atá rudaí ag dul agus go mbeadh monatóireacht níos fearr ar fáil. Tar éis cúig bliana, beidh leath an ama idir seo agus 2030 imithe.

Dúirt sé ag an am go raibh díomá air nár glacadh leis an leasú. Beidh díomá ormsa agus ar a lán daoine eile mura nglactar leis ag an bpointe seo.

Is leasú thar a bheith réasúnta é agus bheadh sé ar dóigh dá dtig leis an Aire Stáit léiriú inniu go mbeadh sé sásta glacadh leis.

Arís, tá an Seanadóir ag imirt polaitíochta. Tá an cheist seo socraithe. Thug an tAire Stáit a chuid tuairimí ar an ábhar seo agus dúirt sé nach raibh sé chun glacadh leis an leasú. Sin an fáth gur tharraing mé siar é an uair dheireanach. Tá an cheist seo pléite agus freagartha so níl anseo ach polaitíocht agus cur amú ama.

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo agus, dar liom, tá an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Mar is eol don Teach, tá sá i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag féachaint lena chinntiú go mbeidh formhaoirsiú níos fearr ann tríd an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a thabhairt isteach agus tríd ionad tiomnaithe a bhunú laistigh den Roinn a chuirfidh cur i ngníomh an bheartais ar a bhfuil an tAcht fothaithe chun tosaigh. Meastar go mbeidh cur chuige níos dinimiciúla ann mar thoradh ar na bearta seo maidir leis an líon cainteoirí Gaeilge agus maidir leis na seirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú. Táim muiníneach go gcuirfidh bunú an choiste chomhairligh go mór leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Léirítear leis sin freisin sprioc an Rialtais chun an cion cainteoirí Gaeilge a earcófar chuig comhlachtaí poiblí a mhéadú go 20%, a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an gcumas a bheidh ag comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta.

Rinne mé tagairt don phlean náisiúnta níos túisce. Faoin bplean sin déanfar taighde chun bonnlíne a bhunú agus cinnteoidh staidéar breise gur féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn le himeacht ama. Seans nach mbeadh dul chun cinn le feiceáil i dtréimhse ghearr ama, áfach, ach is togra fadtéarmach é seo agus beidh dul chun cinn le feiceáil sa staidéar a bheidh déanta síos an bóthar.

Glacaim leis an bpointe atá á dhéanamh ag an Seanadóir sa chás seo ach caithfimid a bheith réalaíoch faoin fhad a thógann sé comórtas earcaíochta a chur ar bun agus a reáchtáil. Sílim go bhfuil cúig bliana níos réadúla ná trí bliana. Má thógann muid an comórtas d’ardoifigigh fheidhmiúcháin idir-rannach a ritheadh in 2020 mar shampla, tá iarrthóirí fós á earcú ón bpainéal sin agus muid ag druidim ar 2022. Creidim go láidir go mbeidh na céimeanna thuasluaite ríthábhachtach chun sprioc an Rialtais a bhaint amach agus is ar an mbonn sin nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ar mhian leis an Seanadóir an leasú a tharraingt siar?

Níor mhian. Tá díomá orm. Mar a dúirt mé, tá an leasú seo thar a bheith réasúnta agus sílim gur féidir linn é seo a dhéanamh. Tá sé ráite ag an Seanadóir Kyne cúpla uair maidir le leasuithe atá molta agam go bhfuil siad réitithe nó socraithe. Níl siad socraithe go dtí go bhfuil siad socraithe. Sin an fáth go bhfuil an próiseas parlaiminte seo againn. Dá mbeadh siad réitithe agus socraithe thiocfadh deireadh leis an bpróiseas sin ar Chéim an Choiste. Tá sé de dhualgas orainne cinntiú maidir leis na leasuithe seo, a mhol Seanadóirí eile chun an reachtaíocht seo a neartú, gur féidir linne mar Sheanadóirí agus mar chuid den Oireachtas teacht ar ais acu ar an gCéim seo, mar atá sé i dteideal againn a dhéanamh, chun an reachtaíocht seo a fheabhsú agus cur léi. Go dtí seo, tá sé réitithe ag na Seanadóirí Rialtais gan an seal sin a ghlacadh agus is mór an trua é sin. Mar gheall go gcreidim sa leasú seo, beidh mé á chur chun vóta.

Amendment put:
The Seanad divided: Tá, 7; Níl, 27.

  • Boylan, Lynn.
  • Gavan, Paul.
  • Moynihan, Rebecca.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • Sherlock, Marie.
  • Wall, Mark.
  • Warfield, Fintan.

Níl

  • Ahearn, Garret.
  • Ardagh, Catherine.
  • Blaney, Niall.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Maria.
  • Casey, Pat.
  • Cassells, Shane.
  • Conway, Martin.
  • Crowe, Ollie.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Paul.
  • Davitt, Aidan.
  • Dolan, Aisling.
  • Dooley, Timmy.
  • Gallagher, Robbie.
  • Garvey, Róisín.
  • Kyne, Seán.
  • Lombard, Tim.
  • Martin, Vincent P.
  • McGahon, John.
  • O'Loughlin, Fiona.
  • O'Reilly, Pauline.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Ward, Barry.
  • Wilson, Diarmuid.
Tellers: Tá, Senators Lynn Boylan and Niall Ó Donnghaile; Níl, Senators Robbie Gallagher and Seán Kyne.
Tá sé curtha in iúl ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee don Chathaoirleach go bhfuil sí tar éis socrú péireála vótála a dhéanamh leis an Seanadóir Eileen Flynn fad is atá an Seanadóir Flynn ar saoire mháithreachais agus, dá réir sin, níl sí tar éis vóta a chaitheamh sa vótáil seo.
Amendment declared lost.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 13 agus 14 le chéile agus is féidir iad a phlé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 13:

I leathanach 27, línte 34 go 38 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí do Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, ach ní bheidh an dáta níos déanaí ná an 31 Nollaig 2030.”.

Seo an leasú is tábhachtaí a bheas os ár gcomhair inniu. Táimid ag iarraidh a chinntiú sa leasú go mbeidh gach seirbhís phoiblí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta faoi 31 Nollaig 2030. Tá leasú Uimh. 14 an-chosúil le leasú Uimh. 13 ach níl aon spriocdháta ann agus is ábhar imní é sin. Impím ar an Aire Stáit glacadh le leasú Uimh. 13 toisc go bhfuil sé níos láidre agus go dtugann sé cinnteacht do mhuintir na Gaeltachta. Tá gá le cinnteacht agus le spriocdháta mar sin.

Seo leasú eile a bhí molta ag an Seanadóir Kyne, ag Seanadóirí Shinn Féin agus ag an Seanadóir Clifford-Lee fosta, bunaithe ar mholadh ó Chonradh na Gaeilge. Tá áthas orm go bhfuil ainm an tSeanadóra Clifford-Lee leis an leasú seo fós agus fáiltím roimh an méid atá ráite aici inniu. Ar an drochuair, feicim go bhfuil an Seanadóir Kyne tar éis a ainm a bhaint den leasú. Tá súil agam nach ndéanfaidh na Seanadóirí sin casadh i gcoinne an chonradh ag an staid seo. Bhi oifigigh pleanála teanga fud fad na Gaeltachta ag lorg spriocdháta faoina mbeadh seirbhísí Gaeilge cinntithe sa Ghaeltacht, rud a bhí molta ag an Stát sa bhliain 1926 ach nár tharla ariamh. Bhí sé suntasach ar Chéim an Choiste go ndúirt an tAire Stáit: "Tá mé muiníneach go mbeidh an dáta roghnaithe i bhfad roimh an dáta a roghnaigh na Seanadóirí.” Is maith an rud é go n-aontaíonn an tAire Stáit nár chóir do phobal na Gaeltachta a bheith ag fanacht go dtí 2030, ach cén dáta mar sin? Má tá sé le bheith bainte amach i bhfad roimh 2030, cén fáth nach bhfuil sé sásta 2030 a chur sa reachtaíocht?

B'ait an rud é gur tharraing an Seanadóir Kyne siar an leasú seo ar an mbunús go raibh leasú nua geallta ag an Aire Stáit don Chéim seo maidir le seirbhísí a dhéantar taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastail ar phobal na Gaeltachta. Tá an leasú sin tábhachtach, agus cuireann Sinn Féin fáilte roimhe, ach ní bhaineann sé le spriocdháta daingean a chur sa reachtaíocht, mar a bhí á lorg ag an bpobal sa leasú seo. Mar sin, tá gá le soiléiriú faoi cén fáth nach féidir an sprioc 2030 a chur isteach sa reachtaíocht anseo. Tá ocht mbliana againn go dtí 2030; ní chóir go mbeadh solúbthacht ag teastáil go dtí sin ón Aire Stáit, seachas má tá sé ag admháil nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tabhairt faoi sheirbhísí tri Ghaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Faoin am sin beidh os cionn 100 bliain caite ag pobal na Gaeltachta ag fanacht ar a gcuid bunsheirbhísí Stáit a bheith curtha ar fáil dóibh ina dteanga féin. Ní haon ionadh go bhfuil meath tarlaithe ar an nGaeltacht idir an dá linn.

Ba chóir do gach Seanadóir agus don Aire Stáit an tuarascáil a scríobh Coimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925 a léamh. Cuireann sé in iúl bunús na faidhbe a bheidh ann go dtí go mbeidh cinnteacht ag baint le seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Maíodh sa tuarascáil:

In order fully to understand it, one has only to visualise a Garda Síochána barracks of English Speaking Gardaí in the centre of an Irish Speaking district; or a Post Office, in which no one speaks Irish, in an Irish Speaking village; or a non-Irish Speaking official of the Department of Agriculture, or of the Land Commission, or of the Customs and Excise, operating amongst an Irish Speaking population. These officials are direct agents in the spreading and establishment of English.

This Government is a direct agent in the spreading and establishment of English until it sets down a clear deadline for services to be delivered in Irish in the Gaeltacht. Sin a scríobhadh in 1925. Mar sin, tá sé riachtanach go dtacóidh an Rialtas agus na páirtithe Rialtais leis an leasú seo.

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 13 agus 14 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 13 a mholadh. Tá mo leasú féin, leasú Uimh. 14, á mholadh agam don Teach a chlúdaíonn an t-ábhar úd, agus mar sin ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 13.

Mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan leasú Uimh. 14 ar Chéim an Choiste sa Seanad agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí sin as ucht an leasaithe seo a mholadh don Teach. Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le chinntiú go mbeidh seirbhísí a ghintear taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh sna seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Bainfear an aidhm seo amach leis an leasú atá curtha síos ag an Rialtas. Ba dheas an rud é dá mbeadh dáta i leith seo á shonrú faoin mBille. Mar atá ráite agam cheana, áfach, caithfidh an dáta sin a bheith bunaithe ar fhianaise, fianaise a bheidh á bailiú ag an gcoiste comhairleach sa tréimhse amach romhainn. Molaim leasú Uimh. 14 don Teach dá réir.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an méid a chuir sé in iúl dúinn. Nílim chun an leasú a bhrú mar táim sásta leis an méid a dúirt sé.

An bhfuil an Seanadóir ag iarraidh é a tharraingt siar?

Cuireadh an cheist: "Go dtugtar cead leasú Uimh. 13 a tharraingt siar."
Question put: "That leave be given to withdraw amendment No. 13."
The Seanad divided: Tá, 26; Níl, 7.

  • Ahearn, Garret.
  • Ardagh, Catherine.
  • Blaney, Niall.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Maria.
  • Casey, Pat.
  • Cassells, Shane.
  • Conway, Martin.
  • Crowe, Ollie.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Paul.
  • Davitt, Aidan.
  • Dolan, Aisling.
  • Dooley, Timmy.
  • Gallagher, Robbie.
  • Garvey, Róisín.
  • Horkan, Gerry.
  • Kyne, Seán.
  • Lombard, Tim.
  • McGahon, John.
  • O'Reilly, Pauline.
  • O'Sullivan, Ned.
  • Ward, Barry.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Boylan, Lynn.
  • Gavan, Paul.
  • Moynihan, Rebecca.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • Sherlock, Marie.
  • Wall, Mark.
  • Warfield, Fintan.
Tellers: Tá, Senators Robbie Gallagher and Seán Kyne; Níl, Senators Lynn Boylan and Niall Ó Donnghaile.
Tá sé curtha in iúl ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee don Chathaoirleach go bhfuil sí tar éis socrú péireála vótála a dhéanamh leis an Seanadóir Eileen Flynn fad is atá an Seanadóir Flynn ar saoire mháithreachais agus, dá réir sin, níl sí tar éis vóta a chaitheamh sa vótáil seo.
Question declared carried.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis an gceist.
Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Leasú an Rialtais Uimh. 14:
I leathanach 27, línte 35 agus 36, “i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:
“i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí ó áit lasmuigh den Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta)”.
Aontaíodh an leasú.
Glacadh an Bille, mar a leasaíodh é, chun an bhreithniú deiridh a dhéanamh air.

Cathain a mbeartaítear an Chéim Dheiridh a thógáil?

Tairgeadh an cheist: "Go rithfear an Bille anois."

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Teach seo. Is mian liom an deis a thapú chun buíochas speisialta a chur in iúl don Seanadóir Kyne, iar-Aire Stáit le freagreacht as an nGaeltacht, a d'fhoilsigh an Bille seo dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir go leor oibre isteach sa Bhille agus ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt don obair sin.

Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas sin roimh dheireadh 2018. Ba mhór an chabair í tuarascáil an chomhchoiste d'oifigigh mo Roinne agus an Bille á dhréachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an ionchur luachmhar sin sa phróiseas.

I mí na Nollag 2019, foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Cuireadh tús leis an Dara Céim agus thug an Seanadóir Kyne léargas cuimsitheach ar an mBille do na Tithe ag an tráth sin. Rinneadh an-obair ar an mBille atá faoinár mbráid inniu agus ar na leasuithe a rinne mé chun é a neartú. Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin comhlíonta agam anois. Bhí oifigigh mo Roinne an-choinsiasach ina leith agus cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara agus ionchur faighte acu ó réimse leathan de gheallsealbhóirí, an Coimisinéir Teanga san áireamh. Táim muiníneach go n-aontóidh na Seanadóirí liom nuair a deirim go bhfuil an toradh seo ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus go gcabhróidh an Bille seo leis an Ghaeilge a láidriú agus a neartú sa státchóras ionas go mbeidh seirbhísí Gaeilge d'ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is lá suntasach é seo ach níl ann ach tús na hoibre. Caithfimid tosú le gníomh ceart agus forálacha an Bhille a chomhlíonadh. Ní mór dúinn an Bille a fhaomhadh go críochnaitheach sa Dáil roimh dó bheith sínithe ag an Uachtarán, ach beidh oibleagáidí orainn go léir maidir lena fhorfheidhmiú. Tá muid ag tosú ó áit mhaith mar gur oibríomar i gcomhar lena chéile ar an mBille seo le cúpla bliain anuas. In éineacht le hAcht na Gaeltachta, 2012 agus an próiseas pleanála teanga a eascraíonn as, leagann an Bille seo bunsraith síos dúinn, mar Stát, chun fíor cheannaireacht a léiriú i dtaobh na teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis na Seanadóirí uilig as ucht a bheith rannpháirteach sa díospóireacht agus plé fiúntach a bheith againn ar an mBille sa Teach seo. Gabhaim buíochas le m'oifigigh sa Roinn as an tsárobair a rinne siad ar an mBille agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht a chomhoibrithe ar an ábhar tábhachtach seo.

Is céim chun tosaigh ollmhór í an reachtaíocht seo. Is lá mór é seo do phobal labhartha na Gaeilge agus don tír; tá sé sin cinnte. Molaim gach aon duine as an méid oibre a rinneadh chun an reachtaíocht a neartú, lucht an Fhreasúra san áireamh. Táim ag súil go mór le reachtaíocht cosúil le seo ó Thuaidh freisin chun na cearta céanna a thabhairt do dhaoine trasna na Teorann. Impím ar an Aire Stáit a dhícheall a dhéanamh ar an ábhar sin.

Gabhaim buíochas agus comhghairdeas leis an Aire Stáit, stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, an Dr. Aodhán Mac Cormaic, agus feidhmeannaigh na Roinne as ucht na hoibre atá déanta acu le cúpla bliain anuas chun an Bille seo a thabhairt trí Thithe an Oireachtais. Bhí orthu é a ullmhú ar dtús báire agus ansin na leasuithe go léir a thógáil isteach agus na tuairimí a bhí ag Teachtaí agus Seanadóirí a thógáil san áireamh freisin. Is céim thábhachtach í seo don Bhille. Beidh ar an Aire Stáit dul ar ais chuig an Dáil leis chomh luath agus is féidir agus ansin beidh deis ag an Uachtarán é a shíniú. Is céim chun tosaigh agus céim chun críche í seo. Táimid ag súil le críoch an Bhille agus an rud is tábhachtaí ná go gcuirtear an Bille i bhfeidhm agus go mbeidh níos mó cearta curtha ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge.

Fáiltím roimh an chéim seo agus fáiltím go bhfuil an reachtaíocht seo aontaithe againn. Tacaím leis an mBille. Aithním fosta go bhfuil an Bille mar atá sé anois i bhfad níos fearr ná mar a bhí nuair a tosaíodh an próiseas parlaiminte anseo san Oireachtas. Tá díomá orainn nach raibh muidne sa Seanad in ann cur leis an neartú agus an feabhsú sin ach aithním an obair atá déanta ag comhghleacaithe fud fad an Oireachtais, ag an Aire Stáit, agus ag na hoifigigh ina Roinn. Aithním cé chomh tábhachtach a bhí siad siúd amuigh ón institiúid seo, sna grúpaí stocaireachta ar nós Conradh na Gaeilge agus sa phobal Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar atá ráite, is céim shuntasach chun tosaigh í seo. Tá mé sásta go bhfuil an chéim seo bainte amach againn ach, mar atá ráite agus aitheanta ag comhghleacaithe eile, an rud is tábhachtaí ná go gcuirtear an reachtaíocht seo i bhfeidhm go fiúntach, go héifeachtach agus go hiontach gasta.

Tá súil ag gach duine sa Seomra seo go dtarlóidh sé sin. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht a chuid ama. Tháinig sé isteach sa Teach seo go minic agus táim an-bhuíoch dó. Is onóir mhór dom a bheith anseo agus rud a phlé go hiomlán trí Ghaeilge. Táim ag súil go mór le níos mó Gaeilge a chloisteáil sa Seanad seo, sa Dáil agus san Oireachtas ar fad. Lean oraibh.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
Chuaigh an suí ar fionraí ar 3.06 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.45 p.m.
Barr
Roinn