Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Mar 2022

Vol. 283 No. 8

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Cuirim fáilte roimh gach duine go dtí na ráitis maidir le Seachtain na Gaeilge. Is cúis áthais dom mo chomharsa, an tAire, a fháiltiú isteach sa Teach. Tabharfaidh mé cuireadh di labhairt faoin ábhar ar feadh 15 nóiméad.

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt leis na Seanadóirí inniu i Seanad Éireann le linn Sheachtain na Gaeilge 2022. Nuair a bhímid ag caint ar theangacha, labhraímid ar an máthairtheanga. Is iad ár máithreacha agus ár seanmháithreacha a labhair ár dteanga, an Ghaeilge, linn le cinntiú go mbeadh sí againn inniu le roinnt ar ár leanaí féin agus ar na glúnta atá le teacht.

Rinneamar ceiliúradh inné ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí mná an domhain ag ceiliúradh ar lámh amháin agus ag fulaingt ar lámh eile.

Táim ag cuimhneamh go háirithe ar mhná na hÚcráine. Ní féidir linn a chur i bhfocail an sléacht atá ag tarlú inniu in oirthear na hEorpa sa bhliain 2022. Mar bhean, goileann sé orm na tuairiscí atá ag teacht amach as an Úcráin. Tá mná ag teitheadh agus iad ag iarraidh a leanaí a chosaint. Tá mná eile ag fanacht agus ag seasamh ar son an daonlathais, ar son na héagsúlachta agus ar son na síochána. Mar dhuine daonna agus mar bhean, is tuar dóchais dom an daonnacht atá á léiriú ag pobail, go háirithe sna tíortha sin ar theorainn oirthear na hÚcráine agus anseo ag an mbaile. Leanaimis lenár n-iarrachtaí gach tacaíocht ar féidir linn a thabhairt do phobal na hÚcráine agus pobail trí chéile atá ag fulaingt de bharr na sléachta seo.

Táimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre go dtí an Ghaeltacht an samhradh seo. Tá tábhacht faoi leith ag scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Ag croílár an scéil, tá na mná tí Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na mílte scoláirí bliain i ndiaidh bliana. Is é cuspóir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1 milliún foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972. Tá moladh mór ag dul do mhná na Gaeltachta dá bharr inniu, lá tar éis Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Tuigim gur labhair Linda Ervine sa Teach seo an tseachtain seo caite maidir leis an obair atá ar bun aici in oirthear Bhéal Feirste. Is léir go bhfeiceann Linda, agus a cuid oibre cheannródaíochta ar bun aici, gur linne uile ar an oileán seo an Ghaeilge. Molaim í dá bharr agus tapaím an deis seo tréaslú léi as an dul chun cinn atá déanta aici.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge ann, in éindí lé polasaí an Stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht tras-Rialtais ar an straitéis agus ar an bplean gníomhaíochta a thacaíonn léi. Dá réir sin, tá sé de chúram ar Ranna Rialtais, ar fhorais agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm. Tá sé de chúram ar mo Roinn an obair sin a chomhordú chomh maith, dar ndóigh.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig in 2021. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc seo. Den 185 gníomh sa phlean, atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar, bhí 51 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 27 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020 agus tá 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht gcinn acu. Tá an tAcht teanga nua achtaithe agus deireadh curtha leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ó shin. Is péire de na bearta polasaí is mó i saol na Gaeilge a cuireadh i bhfeidhm le fada an lá iad.

Gan amhras, bhí sé dúshlánach feidhmiú le linn na paindéime le cúpla bliain anuas ach, mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta in ainneoin na ndúshlán a chuir an phaindéim romhainn. Anuraidh, d'fhoilsigh an eagraíocht Státmhaoinithe Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, taighde nua ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Gan dabht, is píosa tábhachtach taighde atá anseo a bheidh ina áis do mo Roinn agus d'eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú san earnáil Gaeilge sa Ghaeltacht. Is sampla é den tsárobair atá ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Bhí muidne sa Roinn an-sásta go raibh ar ár gcumas allúntas suas le €1.6 milliún thar an tréimhse 2021 go 2023 a cheadú don eagraíocht. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta, a bhfuil seisear feidhmeannach fostaithe aige anois, cur leis an raon gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla mar thaca breise d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Is léir go bhfuil dúshláin againn maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar a aithnítear sa tuarascáil. Ní féidir le haon duine a shéanadh go bhfuil géarchéim ann sna ceantair Ghaeltachta is laige. Is í an straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, tá raon moltaí á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire sa straitéis a bhaineann leis na naoi réimse seo a leanas: oideachas; an Ghaeltacht; an teaghlach; riarachán; seirbhísí agus pobal; na meáin agus an teicneolaíocht; foclóirí; reachtaíocht agus stádas; agus saol eacnamaíochta agus tionscnaimh leathana. Is tríd an obair sna réimsí éagsúla seo a thabharfaimid aghaidh ar na dúshláin sa Ghaeltacht a shárú.

Ar ndóigh, tá réimse na fostaíochta ar cheann de na réimsí is tábhachtaí ó thaobh na teanga de, agus go háirithe fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta. Anuraidh, cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta de chuid an údaráis. Is é seo an líon is airde post a cruthaíodh in aon bhliain amháin ó bhí 2008 ann. Mar chuid lárnach den phleanáil teanga sa Ghaeltacht, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil athbhreithniú idir lámha aige ar na córais agus an cur chuige atá in áit ag an eagraíocht maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gcliantchomhlachtaí.

Tá trí chéim aitheanta ag an údarás san obair athbhreithnithe inmheánach seo atá ar siúl agus ar cuireadh tús leis anuraidh. Bhain an chéad chéim le athbhreithniú ar riachtanais na heagraíochta mar a bhaineann sé le cothú na teanga i gcliantchomhlachtaí agus ar na córais riaracháin agus tuairiscithe inmheánacha atá i bhfeidhm le pleananna teanga a aontú agus le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sin. Fostaíodh an comhlacht comhairleoireachta Meas Media le tabhairt faoin obair seo i gcomhair le feidhmeannaigh an údaráis. Tuigtear dom go bhfuil an chéad chéim den athbhreithniú críochnaithe agus go bhfuil céimeanna tógtha chun tús a chur le moltaí an athbhreithnithe a chur i bhfeidhm.

I measc na moltaí a tháinig as an gcéad chuid den athbhreithniú bhí: an gá atá le pleananna teanga a aontú ag tabhairt san áireamh riachtanais an chliaint féin, an ceantar ina bhfuil siad lonnaithe, an margadh ar a bhfuil siad dírithe agus an earnáil ina bhfuil siad ag feidhmiú; agus an gá atá le tacaíochtaí breise agus nuálaíoch a thairiscint chun na cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó go hinmheánach agus go seachtrach.

Tá tús curtha leis an dara gné den obair le roinnt seachtainí anuas. Tuigtear dom go bhfuil an comhlacht taighde Brioclage fostaithe agus ag tabhairt faoi thaighde a dhéanamh ar na cliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe. Baileofar eolas agus tuairimí uathu a bheidh mar bhunús do chlár tacaíochta nua a bheidh le forbairt. Beidh an clár seo dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina ngnólachtaí go hinmheánach agus go seachtrach.

Bainfidh an tríú gné den obair athbhreithnithe seo le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde seo ar na cliantchomhlachtaí agus le forbairt ábhair agus tacaíochtaí breise a bheidh mar chuidiú leis na spriocanna thuas a bhaint amach.

Agus an obair seo uile curtha i gcrích ag an údarás, tacaíodh sé leis an obair den scoth atá ar bun ag na pobail Ghaeltachta ar mhaithe leis an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile. Tá an próiseas pleanála teanga faoi bhláth sa Ghaeltacht anois de bharr obair mo Roinne, Údarás na Gaeltachta, Fhoras na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta ach go háirithe. Mar atá léirithe in obair an údaráis, osclóidh an próiseas deiseanna eile chun an teanga a fhorbairt i réimsí agus earnálacha nua. Tá muidne sa Roinn ag súil leis an deis tógáil ar an obair atá déanta go nuige seo ar mhaithe leis an leas is mó don Ghaeltacht a fháscadh amach as an bpróiseas.

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí agus tá súil agam go mbainfidh siad sult as Seachtain na Gaeilge.

Gabhaim míle buíochas leis an Aire as ucht an ráiteas dearfach, dúshlánach agus eolasach sin.

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht isteach. Tá an-chuid gnó le déanamh aici so táim fíorbhuíoch di as a chuid ama. Is Acht stairiúil í Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus cuirim fáilte roimhe. Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis na daoine a bhí ag obair ar an Acht seo.

Tá sé uaillmhianach agus beidh orainn oiliúint agus teagasc na Gaeilge a fheabhsú chun na spriocanna atá leagtha amach againn a bhaint amach. Is í an phríomhsprioc ina leith seo ná go mbeidh ar a laghad 20% d'earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh na bliana 2030. Tá sé sin an-tábhachtach mar nuair a bhítear ag iarraidh aon rud nó gnó a dhéanamh trí na seirbhísí poiblí, b'éigean fanacht ar ghlaoch ar ais mar ní bhíonn aon duine ann chun é a dhéanamh. Chaithfí fanacht go dtí go ndéanfaidh an t-aon duine san fhoirgneamh atá in ann Gaeilge a labhairt glaoch ar ais ar an duine sin. Má tharlaíonn an 20% sin, athróidh sé gach rud mar beidh na páistí atá ag freastal ar na Gaelscoileanna ag cloisteáil Gaeilge taobh amuigh den scoil agus b'fhéidir go mbeidh brú ar na tuismitheoirí a chuireann a gcuid páistí ar na Gaelscoileanna agus nach bhfuil an Ghaeilge acu an Ghaeilge a fhoghlaim freisin. Mura bhfeictear rud beo i do cheantar, níl sé tábhachtach don duine. Is é sin an fáth, ar thaobh amháin, gur theipeamar go dtí seo an Ghaeilge a fhorbairt i gceart sna scoileanna.

Uaireanta, bím saghas cúthail an Ghaeilge a labhairt mar mothaíonn gach duine sa seomra díomách agus go bhfuil an locht orthu mura bhfuil an Ghaeilge acu mar bhí Gaeilge acu sa scoil ar feadh 14 bliana ach níor labhair siad í.

Mura labhraítear teanga ní fiú í a scríobh nó a léamh mar is teanga bheo í an Ghaeilge. Táim in ann í a labhairt agus is dúshlán mór é í a scríobh ach is é an bhéim is mó a bhíonn ar an nGaeilge i ranganna go minic ná chun í a scríobh. Tá fadhbanna leis sin mar mura bhfuil féinmhuinín ag na múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge, ní bheidh siad ag iarraidh na daltaí a spreagadh chun í a labhairt ach an oiread. Bhí bean amháin i gColáiste Muire, Inis, agus bhí an oiread grá aici don Ghaeilge gur chuma cé a bhí sa rang, d'fhág an duine sin le grá don teanga. Mura bhfuil féinmhuinín ag na múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge, ní éireoidh linn. Bhí mé ag smaoineamh faoi seo mar go minic múintear an Ghaeilge trí mheán an Bhéarla. Tarlaíonn sé sin go minic i scoileanna, ach ní oibríonn sé. Téann na mílte daoine ó Éirinn ag múineadh an Bhéarla ar fud an domhain. Is féidir leo obair mar mhúinteoirí TEFL, nó teaching English as a foreign language, cé nach bhfuil aon fhocal sa teanga ón tír eile acu. Bíonn siad in ann an Béarla a mhúineadh gan fhadhb ar bith. Ní fheadar ach nuair a bheimid ag déanamh na traenála i gcomhair na múinteoirí bunscoile nó meánscoile atá ag múineadh na Gaeilge, ba cheart go mbeadh cúrsa TEFL de shaghas éigin déanta acu freisin. B'fhéidir go mbeadh in-service day nua ann. Tar éis dom cúrsa gearr TEFL a dhéanamh, bhí mé in ann na rudaí a fuair mé amach sa chúrsa sin a úsáid i ranganna Gaeilge do dhaoine fásta. Tá fonn ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt arís. Má tá siad chomh dona ina leith sin gur theip orthu í a labhairt tar éis 14 bliana ar scoil, beidh siad cúthail faoi. Má eagraítear ranganna agus nach úsáidtear ach an Ghaeilge amháin, beifear in ann í a mhúineadh agus beidh daoine in ann í a fhoghlaim. Ní cheapaim go gcreideann a lán daoine sa tír seo go bhfuil sé sin fíor ach féach ar TEFL. Éiríonn leis an t-am ar fad i ngach tír eile.

It is amazing because we all love our language more now than ever but sometimes I am afraid to speak Irish because I end up, by accident, making people feel bad. Those who spent 14 years learning Irish, but cannot speak it now, tend to blame themselves. It is definitely not their fault that they did not learn Irish. I was lucky because my parents brought me to Conamara when I was 11. I was in An Cheathrú Rua, Ros Muc and Gaoth Dobhair on holidays. We went and saw Irish as a living language. It is sad to see so many parents who send their children to Gaelscoileanna, which are brilliant and amazing, never making any attempt to learn Irish or to show their children that Irish is a living language. If one is sending one's children to a Gaelscoil, it is important to make such an attempt. Children need to see things alive.

One can teach Irish, like any other language, fully without speaking a word of English. We do it all the time when we go abroad. We run TEFL courses successfully in Vietnam and Outer Mongolia without a word of the local language. Irish people have been doing this for years, having completed a three-month TEFL course. However, we do not have the same belief about being able to teach Irish without using any English. It is only when I did a TEFL course and acquired some good skills and tools that I had the confidence to start an adult class in Irish without using any English. I was using games, movement and dance and other tools to teach. Everybody learned Irish and it was brilliant and fun. We must take seriously the importance of speaking the language when teaching in the classroom. We need teachers to have the self-confidence and the training to give them the belief that they can speak the language. That is the best way to teach Irish. It is very important to take this seriously because we continue to have people coming through the education system and out at the other end and feeling bad because they cannot speak their beautiful Irish language.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Glaoim anois ar an Seanadóir Ó Broin agus tá sé iarraidh a chuid ama a roinnt leis an Seanadóir Ó Murchú.

Dhá nóiméad an duine, le toil an Leas-Chathaoirligh.

An bhfuil sé sin aontaithe? Tá sé. Ar aghaidh mar sin leis an Seanadóir.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Aire. Aontaím leis an Aire gur cheart dúinn Linda Ervine a mholadh as a cuid oibre. Chualamar óráid spreagúil uaithi an tseachtain seo caite.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le mo chara Paula Melvin, uachtarán nua Chonradh na Gaeilge. Ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi, ar Julian de Spáinn agus ar an bhfoireann sa chonradh as a gcuid oibre. Fáiltítear roimh an gcinneadh gur teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge anois. Le linn dúinn 50 bliain dár mballraíocht ann a cheiliúradh, tá sé an-tábhachtach go n-úsáidimid an teanga agus é sin á dhéanamh againn.

Tá a fhios ag an Aire go mbeimid ag plé go mion an Bille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, the Online Safety and Media Regulation Bill, go luath. Is cuid thábhachtach den reachtaíocht sin é ról na Gaeilge sna meáin chraolacháin seo againne. Tá an-tábhacht ann go mbeadh an Ghaeilge i lár na díospóireachta sin.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, as a gceannaireacht i gcur chun cinn na Gaeilge.

I very much agree with the sentiments expressed by Senator Garvey. I have a personal pride in the language and my understanding of it is reasonably good but there is sometimes a fear, particularly when standing up in the company of na Seanadóirí Garvey, Kyne and Ó Donnghaile who speak Irish quite fluently. Even in this House, a Leas-Chathaoirligh, it would be very important dá mbeadh níos mó seans againn an Ghaeilge a úsáid. For those of us who struggle at times with their speaking of Irish, it is important that we are encouraged to do so.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Aire. Tá sé iontach í a fheiceáil anseo inniu chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Molaim go hard í as an méid oibre atá déanta aici agus ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun ár dteanga dhúchais a chosaint. Fuair an tAire agus an tAire Stáit, Teachta Chambers, níos mó airgid sa bhuiséad 2022, breis is €7 milliún, chun tacú leis an nGaeilge agus is rud iontach é sin. Is céim ollmhór chun tosaigh é Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tugann an tAcht seo tacaíochtaí breise do chainteoirí Gaeilge. Beidh níos mó cainteoirí Gaeilge ag obair sa chóras Stáit de bharr an Achta seo agus níos mó seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Tá súil agam go luath nach mbeidh na fadhbanna céanna ag cainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh seirbhísí a fháil ón Stát a thuilleadh.

Tá fadhbanna le réiteach ann fós, áfach. Tá bearna ollmhór ann maidir leis An nGarda Síchána agus gardaí le hardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta. Impím ar an Aire brú a chur ar an Aire Dlí agus Cirt maidir leis an gceist seo.

Tá taifead maith ag ár bpáirtí, Fianna Fáil, maidir le feabhas a chur ar chearta ár dteanga dhúchais ar chearta na Gaeltachta. Is é Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 an tionscnamh is déanaí chuige sin. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge chun go mbeidh sí á úsáid mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta, an Ghaeilge a neartú agus an teanga a fhorbairt san aois dhigiteach.

Before I conclude, I welcome the Minister here. I welcome all the work that she has done, along with the Aire Stáit, an Teachta Chambers. It is great to see such a strong voice in the Cabinet. That has been borne out by the work the Minister and the Minister of State have done in getting a substantial increase in our budget for 2022. That is fantastic.

I am not a fluent speaker. I love Gaeilge. I see how good it was for our children who were fortunate enough to go to the Gaeltacht. It made such a difference to them. They were a bit iffy about going at first, but once they were in it for half a day, they looked to go back every single time. Unfortunately, Covid has hit them a bit.

Tá sé ceart go mbeadh a leithéid de dhíospóireacht againn sa Seanad. Is deas an teanga í. Uair amháin, bhí an teanga an-láidir agam ach níl sé chomh láidir sin anois. However, I hope to get better at it and use more of it. It is right that our Government and its Ministers give such a strong voice to our traditional language. We do not have anything without our culture.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit, freisin. Is deas an rud é an tAire a fheiceáil anseo ag na ráitis. Tapaím an deis seo chun aitheantas a thabhairt agus mo bhuíochas a ghlacadh leis an Roinn, le hÚdarás na Gaeltachta, leis na heagrais Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge as ucht na sároibre atá ar bun acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Chuir an phaindéim Covid cosc ar theacht le chéile an phobail le cúpla bliain anuas. Bhí impleachtaí móra aige seo ar chúrsaí Gaeilge agus ar na coláistí Gaeilge.

Mar Aire Stáit, chuir mé pacáiste cúitimh ar fáil do na coláistí samhraidh agus na mná tí in 2020 chun cabhrú leo teacht tríd an ngéarchéim, mar a rinne an tAire agus an tAire Stáit anuraidh. Tá mé dóchasach, tar éis dhá bhliain, go mbeidh rudaí ar ais mar a bhí agus nach mbeidh impleachtaí fadtéarmacha ag Covid ar an earnáil thábhachtach seo. An gceapann an tAire agus an Roinn go mbeidh aon fhadhb leis an earnáil tar éis dhá bhliain gan cuairteoirí ná scoláirí ó thaobh uimhreacha na mban tí i mbliana? An bhfuil aon phlean aici an deontas do na mná tí a ardú i mbliana?

Beidh daonáireamh 2022 ag dul ar aghaidh i mí Aibreáin. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge mar go meastar go bhfuil ardú sa daonra. In 2016, bhíomar ag teacht amach as drochthréimhse eacnamaíoch sa tír, rud a chur brú ar cheantair Ghealtachta ach go háirithe agus ar dhaoine sna fichidí agus sna tríochaidí. Chuaigh go leor acu siúd ar imirce ach, buíochas le Dia, tháinig go leor acu ar ais.

Cuireann TG4 seirbhís iontach ar fáil agus cuireann sé go mór leis an nGaeilge. Cuireann sé fostaíocht agus deiseanna ar fáil ar fud na tíre agus go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Ar an gcaoi chéanna, cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís riachtanach ar fáil agus léiríonn sé luach den scoth ar airgead poiblí. Go deimhin, beidh Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer an mhí seo chugainn. Is sprioc thábhachtach agus léiriú é ar obair an oiread sin daoine thar na blianta.

Ní mór dúinn cuimhneamh, áfach, gurb é RTÉ an craoltóir náisiúnta. Tá RTÉ freagrach as cainteoirí Gaeilge agus as gach duine a bhfuil suim acu sa teanga. Cé go bhfuil roinnt feabhsuithe déanta, ar nós níos mó nuachta Gaeilge ar raidió RTÉ, ní mór do RTÉ tuilleadh oibre a dhéanamh chun a dhualgas a chomhlíonadh don phobal ar fad, cainteoirí Gaeilge chomh maith le cainteoirí Béarla. Beidh RTÉ in ann tosú le dhá bheart a d'fhéadfadh sé cur i bhfeidhm láithreach.

Ar dtús, ní mór nasc a chur ar an leathanach nuachta ar rte.ie a mbeadh díreach taobh le nasc an leathanaigh news. Ar an gcaoi chéanna, ar an aip RTÉ News, ba cheart go mbeadh an leathanach nuachta mar rogha, díreach tar éis an leathanaigh news. Faoi láthair, caitear dul ar clé seacht n-uaire chun é seo a bhaint amach agus ní comhionannas é sin. Is athrú beag é an dara rud a mbeadh tionchar aige ar an RTÉ News channel ar an teilifís. Tá sé tábhachtach go mbeadh cainéal nuachta agus cúrsaí reatha ag Éirinn a chuireann eolas úsáideach ar fáil don phobal.

D'fhéadfaí é seo a fheabhsú, áfach, tríd an nuacht is déanaí in aghaidh na huaire a chur ar fáil as Gaeilge. D’fhéadfaí nuacht a bheith i mBéarla ar bhuille na huaire agus an nuacht Ghaeilge is déanaí leathuair ina dhiaidh sin. Tá sé ríthábhachtach úsáid na Gaeilge a spreagadh and líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú. Cabhróidh an dá bheart seo a d’fhéadfar iad a chur i bhfeidhm go héasca agus go tapa. D'fhéadfadh an tAire dul i dteagmháil le RTÉ maidir leis an dá smaoineamh sin.

Maidir le ceist phleanála sa Ghaeltacht, bhí an tAire, an Teachta Darragh O'Brien, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le déanaí maidir le cúrsaí tithíochta. Tá na treoirlínte náisiúnta le bheith ar bhord an Aire Stáit, an Teachta Peter Burke, go luath agus beidh siad ag dul amach ag lorg aighneachtaí ina dhiaidh sin. Is í an cheist mhór ná go bhféadfar rialacha níos réchúisí a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí le hais áiteanna eile agus gach rud eile a bheith mar an gcéanna.

Ó thaobh cheist an oideachais de, caithfimid níos mó a dhéanamh maidir le múinteoirí atá líofa sa Ghaeilge. B'fhéidir go dteastaíonn múinteoirí ar cuairt chun cabhrú leis an nGaeilge in áiteanna a bhfuil na múinteoirí buana sách lag sa Ghaeilge. Tá a fhios agam go n-oibríonn scéim na gcúntóirí teanga go han-mhaith sna scoileanna Gaeltachta. B'fhéidir go bhfuil deiseanna taobh amuigh den Ghaeltacht freisin.

Molaim an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta. Bhí níos mó post cruthaithe aige an bhliain seo caite ná mar a raibh ó 2008. Is rud tábhachtach é sin agus is luach maith é don airgead agus infheistíocht atá curtha isteach in Údarás na Gaeltachta.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire agus leis an Aire Stáit as ucht Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a thabhairt trí na Tithe tar éis próisis fhada ón am a foilsíodh é in 2019. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag an Aire, ag an Aire Stáit agus ag na feidhmeannaigh sa Roinn ar an reachtaíocht thábhachtach sin.

Fanfaidh mé féin agus an tAire Stáit sa Teach.

Tá sé sin láncheart.

Is é sin an suim atá againn sa Ghaeilge.

Tá sé sin iontach. Tá fáilte roimh an mbeirt acu. Tá na ráitis seo an-tábhachtach agus táimid lán-dáiríre faoin ábhar seo.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá cuma mhaith ar an Aire Stáit sa suíochán sin agus an bearradh gruaige aige fosta. Is minic a bhím istigh anseo ag gearáin faoi chúrsaí Gaeilge agus tá a lán gearán agam fós. Díreoidh mé isteach anocht ar an ngné de Sheachtain na Gaeilge atá ina cheiliúradh, áfach, mar is ceiliúradh í Seachtain na Gaeilge, mar is eol dúinn. Guím beannachtaí ar gach duine ach go háirithe na daoine óga atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge sna Gaelscoileanna fud fad na tíre. Tá sé sin luaite ag cainteoirí romham.

Agus mé á dhéanamh, cuireann sé i gcuimhne dom gurb é seo 30ú breithlá Choláiste Feirste, seanscoil agam féin. Bhí sé ar an gcéad mheánscoil Ghaeilge sna Sé Chontae. Faoi láthair, is í an Ghaelscoil dhara leibhéal is mó in áit ar bith in Éirinn í le breis agus 800 scoláire ag freastal uirthi. Nuair a smaoiním siar ar an dóigh ar thosaigh an scoil, gan deontas, faoi a lán bagartha, gan mórán spáis ná foirgnimh fhairsinge ag an scoil agus nuair a smaoiním ar an eiseamláir ina bhfuil sí anois, tógann sé sin mo chroí. B'fhéidir gur féidir leis an Aire agus leis an Aire Stáit scríobh chuig an scoil le beannachtaí breithlae a ghuí ar Choláiste Feirste le linn na tréimhse seo.

Ba cheart go raibh ceiliúradh ann anuraidh le linn na paindéime de 50 bliain phobal Bhóthar Seoighe ach chuir an phaindéim bac air sin ar an drochuair. Tá súil agam go mbeimid in ann ceiliúradh ceart agus fairsing a dhéanamh don phobal ansin agus an dea-shampla a thug siad do Ghaeilgeoirí fud fad na tíre agus níos faide arís.

É sin ráite, bheadh spéis liom cloisteáil ón Aire cad é an gníomhú is déanaí atá déanta ag an Rialtas le Rialtas na Breataine maidir le heaspa reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh. Dar ndóigh, ba choimitmint é den chomhaontú New Decade, New Approach, go mbeadh Acht na Gaeilge curtha i bhfeidhm. Táimid ag fanacht go fóill. Bhí mé ag agóid i mBéal Feirste an tseachtain seo caite mar tá ciorruithe déanta ó Thuaidh ar na seirbhísí óga Gaeilge.

Tá na céadta daoine óga i mBéal Feirste ag imeacht ón scoil agus ag dul trí na seirbhísí seo. Tá a fhios againn go léir, cé go bhfuil buntábhacht le foghlaim na Gaeilge sa seomra ranga, go bhfuil tábhacht ar leith le bheith in ann an Ghaeilge a úsáid, a labhairt agus a chloisteáil taobh amuigh den seomra ranga fosta. Is cúis imní í sin dúinn i mBéal Feirste. Tá súil agam go bhfuil dlúthpháirtíocht ó gach grúpa sa Seanad do na daoine óga agus na grúpaí óga sin atá amuigh ar na sráideanna i mbun agóide faoi láthair.

Mar a dúirt mé ag an tús, tá a lán le ceiliúradh againn. Thug Linda Ervine, comharsa de mo chuid in oirthear Bhéal Feirste, óráid spreagúil inspioráideach dúinn. Chuir sí i gcuimhne dúinn sa Seanad an tseachtain seo caite cé chomh sáite agus measctha is atá an Ghaeilge sa stair agus sna pobail atá againn ar fad. Is cuimhin liom an méid a dúirt an craoltóir de chuid an BBC, William Crawley, ag imeacht i Halla na Cathrach nuair a lainseáladh an tionscadal Líofa ó Thuaidh. Bhí sé ag freastal ar ranganna Gaeilge é féin. Is ó chúlra Protastúnach é fosta. Dúirt sé faoin teanga that it just bubbles up from the earth all around us. D'fhan sé sin liom. Bhí sé sin breis is deich mbliana ó shin. Tá sé iomlán fíor.

Tá cásanna eile le ceiliúradh, mar is eol don Aire. Tréaslaím leis an tionscadal Baile Átha Cliath le Gaeilge. Is dea-shampla é sin dúinn in achan chuid den tír agus is féidir linn an múnla sin a úsáid i gcathracha agus sráidbhailte eile. An bhfuil plean ar bith ann tionscadal Corcaigh le Gaeilge nó Port Láirge le Gaeilge a chur ar bun nó a leithéid a chur ar bun i cibé baile atá ag iarraidh é sin a dhéanamh?

Críochnóidh mé ar leasú a mhol mé nuair a bhí an Bille teanga á phlé againn. Cosúil le comhghleacaithe eile, tá áthas orm go ndeachaigh an Bille trí na Tithe. Bhí fear óg i dteagmháil liom inniu, Cian Ward, atá i mbun tionscadal mar gheall ar phacáistiú dátheangach. Tá sé ag iarraidh go mbeidh ar chomhlachtaí an pacáistiú iomlán ar na táirgí atá acu a bheith léirithe go dátheangach. Ar an drochuair, níor glacadh leis an leasú a mhol mé ag an am. Sílim gur rud é sin gur féidir linn a bhaint amach.

Luaigh an Seanadóir Kyne an tábhacht a bhaineann leis na meáin Ghaeilge. Bhí roinnt mhaith ionadaithe ó na meáin os comhair an choiste inniu. An bhfuil plean ar bith le cur leis an infheistíocht sna meáin Ghaeilge mar gheall ar an bhagairt ar na meáin ina iomláine faoi láthair?

Táim buíoch den Seanadóir as a chomhoibriú mar tá an Seanadóir Mullen ag fanacht go foighneach. Tá cúig nóiméad fágtha dó.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus an Aire Stáit. Tá áthas orainn go bhfuil an bheirt acu anseo. Mar a dúirt siad féin, léiríonn sé sin an meas atá acu ar an teanga agus ar thábhacht a ról maidir le cur chun cinn agus caomhnú na teanga. Is seachtain an-tábhachtach í Seachtain na Gaeilge. Ní hamháin Seachtain na Gaeilge atá i gceist ach seachtain an Ghaelachais.

Is bliain chinniúnach do chearta teanga in Éirinn atá ann agus Acht teanga nua rite i dTithe an Oireachtais agus sínithe ag an Uachtarán. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit, leis na feidhmeannaigh a luaigh an Seanadóir Kyne agus le gach duine a chuir an Bille sin chun cinn agus a thóg muid go dtí an pointe áirithe seo. Ciallaíonn an reachtaíocht nua go bhfuil cearta nua ríthábhachtacha ag lucht na Gaeilge, mar is eol dúinn uilig. Cuirfidh sé go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí Stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cé gur eol dúinn, is fiú a mheabhrú do dhaoine cé chomh tábhachtach is atá sé go leagtar síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d'earcaithe nua don tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030. Is príomhsprioc an Bhille nua é sin. Is fíorthábhachtach é sin i bhfianaise na céime ar chúl a bhí ann sna 1970idí nuair a fuarthas réidh le riachtanas na Gaeilge sa Státseirbhís.

Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísí poiblí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo. Tá na forálacha maidir le fógraí a bheith i nGaeilge agus 5% den bhuiséad a bheith ar fáil dóibh siúd atá ag obair in earnáil na teanga Gaeilge fíorthábhachtach. Maidir le seirbhísí ón earnáil phoiblí a bheith ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht trí Ghaeilge, níl aon spriocdháta go fóill. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh spriocdháta ann amach anseo. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile, tá an-chuid déanta ach tá bealach le dul go fóill.

Mar a dúirt an Seanadóir freisin, b'ócáid fhíorthábhachtach é nuair a raibh Linda Ervine os ár gcomhair an tseachtain seo caite. Tréaslaímid uilig léi siúd, mar a rinneamar ar an lá sin. Léirigh sí agus chruthaigh sí arís nach rud é an teanga a bhaineann le grúpa amháin laistigh den tsochaí ach gur le gach duine í. Is le Caitlicigh agus le Protastúnaigh í. Is le náisiúnaigh agus le haontachtaigh í. Caithfimid teacht le chéile chun fáil réidh le gach rud atá ina bhac le cur chun cinn na teanga ó Thuaidh agus ó Theas. Caithfimid uilig amharc ar chur chun cinn na teanga mar rud ar féidir linn a roinnt le chéile agus rud nach mbeidh aon duine thíos leis má chuirtear chun cinn í sa tsochaí.

Céard is fiú teanga? Céard is fiú an Ghaeilge? Cén fáth go mbacaimid léi? Ní modh cumarsáide amháin atá sa teanga, ach modh smaoinimh agus modh beatha. Nuair a bhí Linda Ervine anseo an tseachtain seo caite, thug mé an nath sin "duine le Dia" di, nath a úsáidtear sa Ghaeilge le cur síos a dhéanamh ar dhuine le míchumas intinne. Léiríonn sé bealach le breathnú ar an duine. Is bealach a thagann ó shaibhreas na Gaeilge a léiríonn dínit an duine sin. Nuair a amharcaimid ar na rudaí uafásacha atá ag tarlú san Úcráin agus sa tSín agus nuair a smaoinímid ar fhulaingt na nUigiúrach agus ar an dímheas agus an chos ar bholg atá orthu toisc teanga dhifriúil agus creideamh difriúil a bheith acu agus ar an easpa mheas ar dhínit an duine agus ar dhaoine atá difriúil atá ann, léiríonn sé sin chomh tábhachtach is atá sé dúinn meas a bheith againn ar ár modh beatha féin, ar ár dteanga féin agus ar ár gcultúr féin. Arís, i gcás na hÚcráine, tá easpa mheas ar chultúir éagsúla á léiriú ag na húdaráis sa Rúis. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid an nasc sin i gcónaí. Céard is fiú teanga speisialta dár gcuid féin a bheith againn? Ní caitheamh aimsire í an Ghaeilge. Níl sé cosúil le cúrsaí spóirt ná rudaí eile atá tábhachtach. Tá níos mó i gceist. Ná déanfaimid dearmad air sin riamh. Tá mo chuid ama istigh. Is é sin an méid atá le rá agam. Gabhaim míle buíochas arís leis an Aire agus an Aire Stáit.

Táim buíoch den Seanadóir as a chomhoibriú. Tá am gairid againn. Cuirim fáilte roimh an Aire agus an Aire Stáit arís. De réir riar an Tí, tá cúig nóiméad acu. Is féidir iad a roinnt, más mian leo.

Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt anseo i Seanad Éireann le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid é dúinn sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr atá ag croílár an phobail anseo in Éirinn.

Maidir le pobal labhartha na Gaeilge, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh sa teanga chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúinte atá le teacht. Tá an Rialtas seo tiomanta tacú leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an chistíocht mhéadaithe atá curtha ar fáil agam don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, ar fiú €85.6 milliún í, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Is ardú de €7 milliún ar chiste na bliana seo caite é seo.

Bhí áthas orainn sa Roinn ardú de €4.2 milliún ar bhuiséad TG4 a fhógairt i mbliana. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú seo freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Ba mhaith liom a lua chomh maith gur fhógair mé níos túisce inniu go bhfuil ciste nua de €150,000 curtha ar fáil agam do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt sa phobal arís d'imeachtaí Gaeilge agus le daoine nua a mhealladh leis an teanga a bhlaiseadh i rith Sheachtain na Gaeilge agus sna seachtainí agus sna míonna beaga os ár gcomhair.

D'fhógair mé le déanaí go mbeidh mo Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí lá mar bheart eisceachtúil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gcoláistí Gaeilge agus chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí trí seachtaine de dheasca na paindéime. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mo Roinn in ann deontais scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo. Le linn na paindéime, bhunaigh mo Roinn cúig chiste faoi leith idir anuraidh agus arú anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú thart ar €8 milliún ina iomláine iad.

Cuireadh tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na coláistí samhraidh féin, do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí agus do hallaí pobail a bhíonn in úsáid ag coláistí samhraidh. Nil aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Caithfidh mé a rá go bhfuilimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tire ar na ceantair Ghaeltachta an samhradh seo.

I measc bhuaicphointí mo chuid oibre mar Aire Stáit atá freagrach as an nGaeilge le bliain anuas, tá achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 - Acht a phléamar sa Teach seo, dár ndóigh. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimnitheach curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Tá scríofa ag mo Roinn cheana féin chuig comhlachtaí poiblí ag meabhrú dóibh faoin Acht nua agus na príomhspriocanna atá san áireamh ann. Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt plean náisiúnta um sholáthar seirbhísí poiblí tri mheán na Gaeilge ina chroílár. Chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú. Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú chun an teanga a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit chun tacú leis an nGaeilge agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Níor mhiste a lua gur togra uile-rialtais é seo agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mbuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúine amach anseo. Tá sé an-tábhachtach don Rialtas go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh anois mar gur tháinig deireadh leis an maolú ar a húsáid ag deireadh na bliana seo caite. Thug mé féin agus oifigigh mo Roinne cuairt ar an mBruiséil díreach an Déardaoin seo caite, áit a chasamar leis an gCoimisinéir Eorpach atá freagrach as an ilteangachas san Aontas, Johannes Hahn, le hard-stiúrthóir EPSO agus leis an ard-stiúrthóir atá freagrach as seirbhísí ateangaireachta. Ba léir dom agus mé ag caint leis na daoine seo an tábhacht a chonaic siad san éacht atá déanta deireadh a chur leis an maolú le 200 teangeolaithe a bheith ag obair sna hinstitiúidí anois. Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ard-stiúrthóireacht an aistriúcháin le blianta anuas chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas agus leanfaimid orainn ag obair leis na hinstitiúidí sna blianta amach romhainn.

Tá go leor bainte amach ag an Rialtas seo maidir le neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga pobail agus leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach.

Má tá cúpla nóiméad eile agam, tagróidh mé don Seanadóir Garvey a bhí ag labhairt níos luaithe anseo agus geallaim di go mbeidh an Rialtas seo ag déanamh gach is féidir linn chun an Acht teanga nua a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn. Beidh sé dúshlánach ach, le gach eagraíocht Stáit le bheith ag tarraingt le chéile, táim muiníneach go mbainfear na spriocanna amach.

Maidir le hóráid an tSeanadóra Uí Mhurchú, luaigh sé féin na seirbhísí poiblí i nGaeilge agus, go háirithe, An Garda Síochána. Cuirim fáilte roimh an tionscnamh nua amháin atá curtha ar fáil ag Coimisinéir na nGardaí Harris.

Luaigh an Seanadóir Kyne na mná tí agus na hiarrachtaí atá ar bun na scoláirí a mhealladh ar ais agus a choinneáil sna coláistí Gaeilge an samhradh seo. Táim ag obair le Comhchoiste na gColáistí Samhraidh, CONCOS, faoin bhfadhb sin faoi láthair agus táimid ag déileáil leis na fadhbanna atá ag an earnáil seo i mbliana.

Tá m'oifig fós ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chomh maith agus táim ag súil le toradh dearfach air sin amach anseo. Bhí mé síos i gContae Chiarraí cúpla lá ó shin agus bhí siad ag caint ann faoi na fadhbanna seo agus tuigimid dóibh. Táimid i dteagmháil le CONCOS maidir leis na rudaí a dúirt an Seanadóir Kyne.

Maidir le Seanadóir Ó Donnghaile, tá éacht déanta ag Coláiste Feirste agus tréaslaím féin agus an tAire, an Teachta Martin, le gach duine ansin as an sárobair atá ar bun acu le blianta fada anuas. Is cinnte go dtabharfadh Acht teanga spreagadh don phobal sin agus do phobail eile nach iad sa Tuaisceart agus beidh an Rialtas seo ag brú chun an tAcht sin a fheiceáil gan mhoill. Mar eolas, tá an buiséad is mó riamh ag TG4 anois.

Luaigh an Seanadóir Mullen an gá le spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh seirbhísí Stáit i nGaeilge á gcur ar fáil sa Ghaeltacht. Mar eolas don Seanadóir, tá foráil san Acht nua le spriocdháta a leagan síos chuige sin i gceann dhá bhliain, nó mar sin, agus an taighde don phlean náisiúnta a bheith déanta. Bhí mé i nGaelscoil i mo Dháilcheantar maidin inniu, agus tá siad ag spreagadh agus ag iarraidh gach rud a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge. Bhí siad ag caint ann faoin státseirbhís ach bhí siad an-sásta an plean nua Baile Átha Cliath le Gaeilge a fheiceáil freisin. Bíonn daltaí óga timpeall na háite seo ag iarraidh i gcónaí an teanga a chloisteáil agus a fheiceáil. Leis an Acht nua, beidh níos mó daoine ag obair tríd an gcóras Stáit agus beidh nasc níos fearr idir cúrsaí oideachais, an córas Stáit agus na daoine a bheidh ag obair ann freisin. Tá gach duine ag iarraidh an teanga a fheabhsú agus a úsáid tríd an bpobal.

Creidim féin go spreagann an Ghaeilge, agus na traidisiúin a ghabhann léi, comhoibriú agus spioraid na meithle i measc daoine i ngach gné dá saol. Bíonn comhoibriú leanúnach idir an clár Éire Ildánach de chuid mo Roinne, ár rannáin Gaeltachta agus TG4 chomh maith. Is cur chuige é seo a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite in obair gach rannóg de chuid mo Roinne.

Anuas air sin, shínigh Tourism Ireland agus Údarás na Gaeltachta comhaontú le déanaí ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe a chur ar bun maidir le forbairt tograí Gaeltachta in earnáil na turasóireachta.

Táim féin, an tAire, an Teachta Martin agus an Rialtas seo tiomanta gealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin le linn na bliana atá amach romhainn. Go raibh míle maith agat, a Leas-Chathaoirligh, mar gur úsáid mé cúpla nóiméad sa bhreis ansin. Bainigí uile sásamh as Seachtain na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an ráiteas sin agus na freagraí cuimsitheacha. Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Martin, a chuir tús leis an díospóireacht agus leis na ráitis. Is é sin deireadh leis na ráitis faoi Sheachtain na Gaeilge agus gabhaim buíochas leis na Comhaltaí go léir as a gcuid comhoibrithe maidir le ham agus a leithéid.

Barr
Roinn