Official Languages Bill 2002 [Seanad]: Committee Stage.

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, a oifigigh, agus na Teachtaí O'Dowd agus Ó Snodaigh, a bheidh linn ar an choiste inniu. Pléifimid inniu Céim an Choiste Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht maith, béasach againn. Tá córas aistriúcháin againn agus mar sin is féidir le baill a labhairt trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

I welcome the Minister and his officials to the committee. Deputies O'Dowd and Ó Snodaigh will also join us today to consider Committee Stage of the Official Languages Bill 2002. I hope we will have a constructive, mannerly debate. We do not want contributions to be excessively lengthy, particularly if they involve repetition.

We have set aside a suitable amount of time and I would like us to get through the amendments. We will sit until 2.45 p.m. with a break from 1 p.m. until 1.45 p.m. and resume at 5.15 p.m. until the Bill is finished. The amendment list circulated is provisional, pending finalisation by the printer of the printed version. The provisional list is correct in all material respects and the printed version will be circulated as soon as possible.

SECTION 1.

Amendment No. 1 not moved.
Question proposed: "That section 1 stand part of the Bill."

Ní fheicimid cén fáth go bhfuil tréimhse trí bliana i gceist go dtí go gcuirfí an tAcht i ngníomh. Amendment No. 1, which was ruled out of order, addressed the fact that the Bill was to come into operation within a three year period. We feel a one year period is reasonable. With the present position of the Irish language, and if this Bill is to have any positive effect, the sooner it is put into operation, the better.

I do not know if this was one of the items discussed at the clandestine meeting the Minister held in Spiddal some weeks ago, when he is alleged to have made the appalling remarks that the Irish speakers of the State did not know about the Bill and that, if they did, it would not be possible to put it through. For a Government allegedly committed to openness and transparency, this sorry escapade is a sad reflection on the Government. Will the Minister tell us if the issue was addressed at that meeting or the reason he thinks a period of three years is necessary?

Aontaím leis an Teachta O'Shea, tá trí bliana ro-fhada. Bheinn sásta dá mbeadh an tAire in ann bliain amháin nó dhá bhliain a chur isteach ina ionad. Caithfidh am faoi leith a bheith ann agus ní féidir an Bille a thógáil isteach láithreach maidin amárach ach bheadh níos lú ama níos fearr.

Seard atá ráite sa mBille ná rud ar bith nach bhfuil tagtha i bhfeidhm roimhe sin, agus mura bhfuil teachta ag an Aire faoi cheann trí bliana, tiocfaidh sé isteach go huathoibritheach. Tá i gceist feidhmiú láithreach ag gníomhú faoin mBille ach rud amháin atá foghlamtha agam, ó tharla gurb é atá i gceist leis an trí bliana nó go mbiedh feidhm iomlán leis an mBille, is contúirteach an focal é "iomlán" má chuirtear sprioc-ama ró-ghairid le rud. Beidh orainn treoirlínte a ullmhú dréachtscéim le hullmhú ag comhlachtaí poiblí, rialacháin a ullmhú agus caithfimid oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla a bhunú. Bheadh súil agam go mbeadh go leor díofa sin déanta laistigh de bhliain - 90% b'fhéidir - agus gcás go gcuirfinnse srian san Acht, tá muid ag caint ar 100% a bheith achtaithe laistigh de bhliain. Shamhlóinn go mbeadh fadhbanna leis sin, go mbeadh sé i bhfad ró-ghasta le haghaidh an iomláin. Ar ndóigh tá i gceist againn gníomhú ar an gcuid is mó láithreach.

Maidir le cruinniú sa Spidéal, ní raibh aon chruinniú rúnda sa Spidéal. Mar a tharlaíonn go hiondúil agus Aire ag bualadh le heagraíochtaí, ní raibh na meáin istigh. Ba chruinniú é idir mé féin agus gach eagraíocht Gaeilge a raibh muid in ann teacht orthu, thuaidh nó theas, thoir nó thiar, Gaeltacht agus taobh amuigh den nGaeltacht - ní chruinniú rúnda a bhí ann. Is féidir liom a rá nach bhfuil an tuairisc atá ag an Teachta ar an méid a dúirt mé cruinn agus mar sin níl i gceist agam níos mó a rá faoi.

Ba mhaith liom teacht ar ais chuig an phointe ar theacht i bhfeidhm an Bhille. De réir mar atá sa Bhille, tá gach seans go mbeidh an Rialtas imithe as cumhacht sula mbeidh an Bille ina iomlán i ngníomh. An bhfuil sin sásúil? Tuigim go mbeidh rudaí áirithe níos deacra ná rudaí eile a chur i ngníomh ach cén fáth go dtógfadh sé trí bliana chun an rud go léir a chur i gcrích. Chuala mé an leithscéal a bhí ag an Aire agus tuigim cuid de ach tá trí bliana ró-fhada ar fad.

Ba mhaith liom a bhéimiú nach bhfuil i gceist é a ghníomhú láithreach. An t-aon rud atá i gceist anseo ná an focal "iomlán", sin rud ar bith nach bhfuil déanta ag an sprioc-dáta, tá sé i ngníomh ón lá sin. Ba cheart sin a choinneáil in intinn. Ní bheadh aon chíall go mbeimis ag teacht ar ais anseo faoi seo i gceann bliana mar go raibh 99% den rud réidh le dhul ar aghaidh agus déanta agus nach raibh 1% agus mar sin caithfimid leasú a chur ar an mBille nó ar an Acht. Caithfimid bheith an-chúramach agus sinn ag scríobh an dlí. Nuair a scríobhaimid an dlí, cíallaíonn an rud atá scríofa díreach an rud a deir sé, cíallaíonn trí bliana trí bliana gan lá níos mó agus gan aon eiscíocht. I ngáthchaint is féidir a rá go ndéanfar athrú air seo ach tá Acht criochnúil agus sé mo thaithí gur féidir tarlú go mbeadh 99% den rud déanta agus nach mbeadh ach 1% nach bhfuil déanta agus bheadh trioblóid faoi sin.

Cuir i gcás go mbeadh formhór an Achta curtha i gcríoch tar éis bliana, níl aon fhadhb ann Bille gairid a thógáil isteach leis an am a leathnú ag an am sin. Ba mhaith liom go mbeadh brú ar pé Aire a bheadh ann an tAcht ina iomlán a chur i ngníomh go tapaidh agus go luath.

Ní ghá an brú sin a chur orm.

Ní bheidh an tAire ann go brách.

Tréimhse cúig bhliain a bhíonns ag Rialtas agus níl aon chontúirt nach mbeidh an Rialtas seo ann i geann cúig bhliain so beidh an rud ar fad déanta sula bhfaighfidh an Teachta lámh air.

Aontaím gur chóir go mbeadh bliain i gceist nó ar a laghad tréimhse níos lú ná trí bliana. Thiocfadh leis an Aire post nua a fháil ag deireadh na seachtaine - tarlaíonn a leithéid in aon Rialtas ó am go ham - agus d'fhéadfaí go mbeadh Aire ann nach mbeadh an bá céanna is atá ag an Aire don Ghaeilge. Sa bhealach seo, ar a laghad, dá mbeadh bliain i gceist, bheadh a fhios againn go mbeadh an tAcht i ngníomh i dtréimshe an-ghearr. Léireodh sé don domhan agus do comhghleachaithe an Aire sa Rialtas go bhfuil sé dáiríre fá seo agus gur chóir do na hAirí ar fad tacú leis, go háirithe má tá sé chun leanúint agus iacaill a chur orthu a ndualgais faoin Acht seo a dhéanamh. Mionathrú atá i gceist agus ba chóir glacadh leis. Beidh mé ag tacú leis an Teachta O'Shea má chuirfidh sé seo ar an chéad Chéim eile.

Tá an leasú as ord.

Má théann Teachtaí don Chéad Sceideal tuigfidh siad. Fuair mé comhairle go mbeidh orainn, le bheith taobh istigh den Acht, feidhmiú ar phlean a fháil, le bheith déanta laistigh de thréimhse atá luaite ann, ó chuile aon cheann acu atá sa Sceideal sin. An gceapann na baill coiste go mbeidh sin ar fad déanta? Cuid acu i dtaobh na Gaeilge, ó tharla nach mbeidh plé ag an bpobal leo, níl siad an-tábhachtach ó thaobh úsáid laethiúil na Gaeilge mar beidh mé in ann rialacháin a dhéanamh ó thaobh stáiseanóireacht agus rudaí mar sin. Ní bhíonn mórán plé ag daoine le saotharlann Stáit i gcomparáid leis an Roinn Talamhaíochta agus Bia nó an Roinn Gnóhtaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Ní bheadh sé réalaíoch, áfach, go gcaithfidh gach ceann acu sin bheith réidh láithreach. Tá rial ann a deir go mbíonn plé ag 80% den phobal le 20% de na heagraíochtaí sin ó lá go lá agus déanfar iad sin i dtosach. Tá muid ag caint ar an iomlán agus ní dóigh go bhfuil sé réalaíoch laistigh de bhliain. Nuair a smaoiníonn duine ar an méid oibre atá le déanamh, má tá sé le déanamh i gceart agus ní leithscéal de rud, tá súil agam go dtuigeann an coiste cén fáth go dtógfaidh sé trí bliana seo a dhéanamh.

Rud a thug an-mhisneach dom sa Dáil ná an tacaíocht ó chuile pháirtí do choincheap an Bille agus níl aon amhras orm, agus ní thuigim cén fáth go bhfuil na baill chomh hamhrasach futhu féin, ná is cuma cé bheidh mar Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, le freagrachtaí Gaeltachta agus Gaeilge air, go mbeidh sé chomh díograsach agus atá mé féin ag cur an rud seo i bhfeidhm. Dá mbeadh an Teachta Ó Snodaigh, an Teachta O'Shea nó an Teachta O'Dowd ina nAire, bheidís chomh díograsach liom féin i dtaobh na ceiste seo. Déarfainn an méid céanna leis an dream a bhféadfadh bheith ina nAire Gaeltachta ar an taobh seo den Teach.

Question put and agreed to.
SECTION 2.

I move amendment No. 2:

In page 10, subsection (1), line 2, to delete "the Office of".

Leasú teicniúil é seo chun na focail "Oifig Choimisinéir" a scriosadh agus "Coimisinéir a chur ina n-ionad. Mar a thuigim ó lucht dlí, ba cheart go léifeadh an Bille "Coimisinéir agus ní "Oifig an Choimisinéara" Sé an coimisinéir an duine atá ann. Fuair mé comhairle nach bhfuil na focail mar atá ceart ó thaobh dlí de.

Beidh mé ag moladh leasú Uimh. 74 le go mbeidh teideal níos simplí ag an gcoimisinéir. Shíl mé go raibh "coimisinéir na dteangacha oifigiúla" agus "oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla" beagáinín fadálach. Ní miste dom a rá, maidir le leasú Uimh. 2, go mbeadh sé neamhiomlán ó tharla go mbeadh roinnt leasuithe eile riachtanach chun feidhm a thabhairt don leasú. Tá tagairt d'oifig choimisinéir na dteanga oifigiúla sa teideal fada in alt 20 agus sa Dara Sceideal agus bheadh leasuithe cuí riachtanach le cinntiú go mbeadh brí leanúnach le forálacha an Bhille ó thaobh na hoifige de. Ar an chúis sin, b'fhéidir go mbeadh an Teachta sásta glacadh leis an rud atá mise ag moladh faoi leasú Uimh. 74.

Freagraíonn sin an cheist agus mar sin ní bhrúfaidh mé an leasú anois. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige ar Chéim na Tuarascála.

Amendment, by leave, withdrawn.

Tá leasuithe Uimh. 3 agus 5 gaolmhar agus pléifear le chéile iad.

I move amendment No. 3:

In page 10, subsection (1), line 5, after "includes" to insert "a body exercising functions of a quasi-judicial nature or".

Tá an leasú seo sothuigthe. Cíallaíonn "cúirt" binse fiosrúcháin ach, ina theannta sin, tá quasi judicial tribunals ann cosúil leis an Employment Appeals Tribunal. Níl siad faoi réim an Bhille agus tá mé ag iarraidh go gcuirfí isteach na focail breise "comhlacht a fheidhmíonn feidhmeanna den chineál neamhbhreithiúnach nó" a chur isteach anseo tar éis "cúirt".

Tá leasú Uimh. 5 mar an gcéanna. Tá ceart bunreachtúil ag duine a thaobh féin d'imeachtaí cúirte a riarú go hiomlán as Gaeilge. Níl an ceart sin teoranta d'imeachtaí cúirte agus tá an leasú seo ag moladh i ndiaidh "1998" na focail "agus aon bhinse a bhfuil cumhacht aige de réir dlí ordaithe a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar chearta pearsanta nó ar chearta maoine na bpáirtithe a thagann os a chomhair" a chur isteach.

Tá miniú an-simplí ar an scéal seo de réir na comhairle atá faighte agam. Tá na focail "binsí fiosrúcháin" ann mar ní áiríonn an focal "cúirt" binsí fiosrúcháin - sin an fáth go bhfuil sin luaite go sonrach. I gcás gach rud eile atá luaite sa leasú, tá sin ar fad clúdaithe faoi fhorálacha an Bhille agus sin an fáth nach bhfuil gá leis an míniú seo - toisc go gcíallaíonn an focal "cúirt" na binsí agus na comhlachtaí, gach aon cheann acu, den sórt atá i gceist ag na baill. Sin an comhairle dlí atá faighte agam ón Ard Aigne, go bhfuil gach atá i gceist clúdaithe faoin bhfocal "cúírt" ach nach mbeadh binse fiosrúcháin de bharr an chuige a gcuirtear ar bun é clúdaithe mura mbeadh sé luaite go sonrach. Is ar an ábhar sin go bhfuil na binsí fiosrúcháin luaite agus nach gá na rudaí atá i gceist anseo a lua mar go bhfuil sé cuimsitheach cheana féin sa bhfocal "cúirt".

Tá mé ag glacadh leis an bprionsobal, agus b'fhéidir nach bhfuil sé an-soiléir don té nach bhfuil an comhairle a cuireadh ormsa ar fáil aige, ach tá sé clúdaithe.

Tá mé sásta glacadh leis an gcomhairle a fuair an tAire ach is deacair domsa mar duine nach bhfuil saineolas aige ar an dlí sin a thuiscint mar deir an mhír "folaíonn 'cúirt' bínse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise)". Ní deir sin aon rud faoi na comhlachtaí atá i gceist againn agus ní thagann siad faoi na hAchtanna seo.

Ceist focail atá i gceist - tá difir idir "folaíonn" agus "cíallaíonn". An cíall atá le "cúirt", cuimsíonn sé na rudaí eile ach ní chuimsíonn sé binsí fiosrúcháin. Mar sin, caithfear an focal "folaíonn" a chur isteach chun iad sin a chlúdú. Ceist iontach teicniúil í ach is féidir glacadh leis go bhfuil an comhairle dlí is fearr faighte agam. Ceist focail agus brí focail atá i gceist agus deirtear liom go gcíallaíonn "cúirt" na rudaí ar fad atá i gceist ach nach gcíallaíonn sé binse fiosrúcháin. Tríd an fhocal "folaíonn" a chur leis, áfach, clúdaíonn sé an rud breise nach mbeadh clúdaithe faoin bhfocal "cúirt". An comhairle cinnte atá faighte agam, tá gach atá i gceist clúdaithe mar atá sé. Ní saineolaí dlí mé ach caithfidh mé glacadh leis an gcomhairle a fuair mé. Sin an míniú atá tugtha dom.

Fuair mé comhairle ó dhlíodóir freisin ach tá mé sásta glacadh leis an méid atá ráite ag an Aire.

Má theastaíonn ón dTeachta, seiceáilfimid arís é agus is féidir leis dhul ar ais chuig an comhairleoir dlí leis an míniú atá tugtha agam. Tá Céim na Tuarascála ann agus is féidir linn seo a phlé a thuilleadh. Ar mhaithe leis an gcoiste, léifidh mé amach go díreach an rud atá scríofa os mo chomhair:

De réir na comhairle dlí atá ar fáil dom, tá míniú léiriú ar "cúirt" sa Bhille an-leathan ar fad sa méid is nach bhfuil sé uileghabhálach. I bhfocail eile, níl ráite sa míniú ach go bhfuil bínsí fiosrúcháin nach luaitear de gnáth i gcomhthéacs cúirte san áireamh. Níl cosc curtha ar bhinse nó ar chomhlachtaí den sórt atá i gceist ag an Teachta. Mura go dteastaigh uaim go mbeidh binse fiosrúcháin ar uile clúdaithe faoi fhorálacha an Bhille, ní bheadh gá leis an míniú seo toisc go gcíallaíonn an focal "cúirt" binsí agus comhlachtaí den sórt atá i gceist ag an Teachta chomh maith leis na gnáthchúirteanna. Creideann an dream a dhréacht seo go bhfuil gach rud atá i gceist ag an Teachta clúdaithe.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 4:

In page 10, subsection (1), line 6, to delete "1998" and substitute "2002".

Is leasú teicniúil é seo. De réir comhairle dlí a fuair me, tá Achtanna eile i ndiaidh 1998 go dtí 2002 agus ar bhun theicniúil, ba cheart an leasú seo a chur isteach.

Amendment agreed to.
Amendment No. 5 not moved.

I move amendment No. 6:

In page 12, subsection (1), line 4, after "Constitution" to insert "and any other language recognised for the time being as an official language for any purpose in the State".

Chuir me ceist faoin ábhar seo ar an Aire ar Thráth na gCeisteanna agus ina dhiaidh sin nuair a bhí muid ag plé an Bhille ar an Dára Chéim. Tá teangacha eile sa tír nach dteangacha oifigiúla iad. Nuair a pléadh seo sa Dáil luaigh an Teachta Coveney daoine atá bodhar agus dúirt sé gur cheart ISL a ghlacadh mar theanga oifigiúil. Ar an lámh eile, tá teangacha cosúil leis an Ulster Scots ann agus aon theanga eile ag aon am a bheidh glactha ag an Stát mar theanga oifigiúil. Tá a fhios agam go bhfuil deacracht ann leis an Bhunreacht ach, mar a dúirt mé ar an Dara Chéim, in Alt 8°2 den Bhunreacht deirtear gur dara theanga oifigiúil é an Béarla, ní deirtear gurbh é an Béarla an dara theanga oifigiúil. Ní thuigim cén fáth go bhfuil sin sa mBunreacht ach de réir mo chomhairle, is féidir ISL agus Ulster Scots agus eile a chur isteach. Tá 50,000 Sínigh sa tír nach bhfuil na cearta céanna acu mar shaoránach faoin mBille seo is atá ag na daoine aga bhfuil an Béarla amháin nó an Ghaeilge agus Béarla.

Measaim nach mbeidh an tAire sásta glacadh leis seo. Tá dhá theanga aitheanta sa mBunreacht agus más gá teangacha eile a aithint, go háirithe a leithéid de ISL, ba chóir sin a dhéanamh trid an Bhunreacht. Ní aontaím fá Ulster Scots, áfach, mar níl ann ach canúint cosúil le canúintí eile. D'fhéadfaí a rá gur teanga í Gaeilge Thír Chonaill nó Gaeilge na Mumhan. Tá teanga eile sa tír, cant mar shampla, má chloímid leis an dóigh atá Ulster Scots luaite mar theanga. Ba chóir go mbeidh aitheantas ón Stát do gach uile teanga atá á labhairt ach ní chóir go mbeidh siad ardaithe go dtí stádas teanga oifigiúil, mar a tharlódh dá nglacfaí leis an leasú.

Tá sé mar aidhm ag an mBille seo cur le stádas agus le húsáid na Gaeilge. Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. Tá an Bille ag plé leis na teangacha oifigiúla mar a hionraítear sa mBunreacht iad. Is ceart aithint a thabhairt do theangacha eile agus déantar sin i gcásanna áirithe, mar shamplá i gcás dídeanaithe - tá cearta ag teifigh ó thaobh aistriúcháin. Is Bille seo atá dírithe ar na dá theangÍacha oifigiúla mar a hionraítear sa mBunreacht iad, go mór mór do stádas na Gaeilge go reachtiúil a láidriú. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tuigim sin ach tháinig an Bunreacht isteach i 1937 agus ní raibh teangacha eile ar fud na tíre mar atá anois. Tá teangacha eile ag forbairt - tá níos mó daoine ag teacht go dtí an tír le teangacha eile an t-am ar fad. Tá áit faoi leith ag an Ghaelainn mar chéad theanga oifigiúil. Tá mé ag caint faoin dara theanga oifigiúil agus tá mé ag cur na teangacha eile i gcomparáid leis an mBéarla, ní leis an Ghaelainn. Ó thaobh saoránachais de, ba cheart dúinn a chuimhniú nach raibh na teangacha eile sa tír nuair a tháinig an Bunreacht isteach agus tá eagla orm gur féidir éagóir a dhéanamh ar dhaoine éagsúla. D'fhoghlaimíonn daoine atá bodhar ISL - an féidir a rá nach teanga ó dhúchas atá i gceist anseo?

Bhí an díospóireacht céanna againn nuair a bhí an Bille Craolacháin os comhair na Dála. Ní féidir seo a bhrú i leataobh agus a rá go bhfuil an Bunreacht ann agus seo mar atá sé. D'fhéadfadh an Stát teanga cosúil le ISL a ghlacadh mar theanga oifigiúil ag am éigin. Nach féidir teanga mar sin a chur faoi bhráid an Bhille dá mba rud é go n-aontódh an tOireachtas gur cheart sin a dhéanamh?

Dá nglacfadh daoine leis an méid a dúirt an Teachta O'Shea, bheadh athrú thar a bheith bunúsach ní amháin ar an mBille seo ach ar stádas teangacha sa Stát seo. An comhairle a bheadh agam don Teachta ná go dtógfadh sé an cheist seo leis an gcoiste atá ag déanamh athmheas ar an mBunreacht. Sin an bealach ceart tabhairt faoin gceist má tá uaidh na teangacha oifigiúla a athrú sa Stát mar bheadh sé ag dul isteach sa chúldhoras ag baint úsáid as an Bhille seo sólathar do theangacha oifigiúla eile agus gan aon phlé poiblí air. Bhí an Teachta ag cur rudaí i mo leith níos túisce maidir le plé poiblí. Ní fhéadfainn glacadh leis an leasú. B'fhéidir nach drochsmaoineamh a bheadh ann go bpléfidh ceist na dteangacha i bhfóram oscailte. Tá tuiscint faoi leith agam faoi na daoine atá bodhar.

Dúirt an tAire nach raibh aon phlé i measc an phobail ar an gceist seo ach, mar is eol dó, ní raibh mórán phlé ar an mBille i measc an phobail mar a dúirt sé ag an gcruinniú uafásach sin sa Spidéal.

Ní aontaím leis an Teachta O'Shea sa chás seo. Caithfimid ar meon a dhíriú ar cad atá sa mBunreacht féin - is í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre agus tá Béarla ainmnithe freisin. Tá an córas dlí agus uile ag freastal air sin. Aontaím go gcaithfear ISL a aithint ach má théann sé go dtí an Coiste Uile-Pháirtí ar an mBunreacht, mar a dúirt an tAire, beidh sé sásta baint leis agus sin an áit seo a phlé. Caithfidh an Stát aitheantas a thabhairt d'aon dream a bhíonn ag labhairt teanga eile agus má theastaíonn scoileanna nó seirbhísí uathu, caithfear freastal orthu ach ní hé an Bille seo an áit sin a dhéanamh. We must look at these issues which must be fully discussed because minority languages must be helped in every possible way ó thaobh oideachais agus cúrsaí sláinte.

Níl sé fíor nach bhfuil an Bille seo pléite. Tá mé ag caint faoi le lucht na Gaelainne, Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus le daoine as an Ghaeltacht le tamall. Bhí mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus tá an Bille seo á phlé i ngach áit agus tá daoine sásta leis. There might not be a lot of controversy about it but tá sé an-thábhachtach go bhfuil an Bille seo ann. Seo an chéad Bhille ó thaobh na Gaeilge de óna tháinig an Bunreacht isteach so tá sé iontach tábhachtach.

Níl éinne níos mó agus an cás déanta aige gur leis an bpobal uilig an Ghaeilge. Arís agus arís i bhfóraim poiblí deirim gur le pobal iomlán na tíre an Ghaeilge agus don bpobal iomlán atá an Bille seo - don té gur maith leis ar bhun náisiúnta go n-úsáidtear an Ghaeilge - san amhrán náisiúnta agus in ainm an Taoisigh, na Dála agus an tSeanaid - go dtí an Gaeilgeoir is díograsaí sa tír. Tá an Bille seo do chuile duine agus tá an pointe sin déanta agam go síoraí.

Níl sé fíor nach bhfuil seo an-phléite go hoscailte. Labhair mé i mBéarla agus i nGaeilge faoin mBille seo síoraí seasta le cúig bhliain anuas. Mura bhfuil dreamanna áirithe ag tabhairt aon aird, níl aon neart agam air sin.

Drochmheasach den Teachta bheith ag déanamh go síorthagairt do chruinniú aga raibh gach eagraíocht Gaeilge, cruinniú nach raibh a leithéid ann riamh, go dtáinig an t-uafás daoine chugam ina dhiaidh óna heagraíochta Gaeilge agus Gaeltachta ag cur speise sa mBille seo a rá gur an-chruinniú a bhí ann. Ní cheart don Teachta bheith ag brath ar leagan de rud a dúirt mé a foilsíodh i nuachtán atá bunaithe ar "dúirt bean liom gur dúirt bean léi".

An bhfuil an tAire a rá nach dúirt sé, agus níl ach an aistriú a rinne mé féin don Bhéarla agam, that English speakers do not know about the Bill and if they do, there is a good chance we will not succeed in putting it through?

Níl an leagan cruinn den mhéid a dúirt mé ag an Teachta agus tá an méid atá aige ansin go hiomlán as comhthéacs. Ní amháin go hábharach nach bhfuil mé sásta gur aistriú ceart ar an méid a dúirt mé sin, ach tá an rud ar fad tógtha as comhthéacs. Níl éinne níos mó ag cur béime, nuair a bhí lucht na Gaeilge ag cur an-bhrú orm fá nithe áirithe, go gcaithfinn tógáil san áireamh dearcadh daoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dúirt mé sin míle uair agus ionsaíodh mé mar gheall air sin.

Léigh mé an t-alt sin iFoinse. Níl aon rud curtha amach ag an Aire go dtí an preas ag rá nach dúirt sé na rudaí sin. Tá sé ag rá liom nach bhfuil an comhthéacs agam ach níl a fhios agam an comhthéacs atá aige. Tá sé fíor nach raibh díospóireacht ag Béarlóirí na tíre seo ar an mBille agus níl aon dhul as sin.

Phlé mé an rud agus luaigh mé go minic é i bhfóraim nach bhfóraim do Ghaeilgeoirí iad. Níl aon neart agam ina dhiaidh sin, tar éis cúig bliana, má tá codanna áirithe den phobal nach bhfuil a leithéid de speis acu ann. Is iomaí reachtaíocht a chuirtear frid an Oireachtas nach gcuireann an pobal mórán speise ann so ní scéal nua sin. Is dócha go mbeadh sin fíor faoi formhór na nAchtanna a chuirtear frid an Oireachtas.

Ní raibh an Teachta ag an gcruinniú. Aon iriseoir a rinne teagbháil leis an preasoifig agam, dúradh leis nó léi céard a bhí ráite agus nach raibh mé sásta gur athinsint i gcomhthéacs nó go hábharach a bhí ann. Fágfaidh mé mar é sin ach dá mba rud é go raibh mé ag dul a cheartú gach raibh a deirtear atá míchruinn i nuachtán, chaithfinn cuid mhaith den tseachtain ag scríobh litreacha.

Tá seo thar a bheith tábhachtach, agus tá mé ag rá leis an Aire le fada agus glacann sé liom ar shlí, go bhfuil díospóireacht ag teastáil, ní amháin sa Ghaeltacht ach sa Ghalltacht freisin ar an Ghaelainn. Muna ghlacfaidh an pobal i gcoitinne seilbh ar an nGaelainn, tá deireadh linn agus ní hé cruinniú nach ligeadh isteach na meáin, idir Ghaeilge agus Béarla, agus gan tuairisc ar fáil faoi, an bealach le dhul. Dúirt an tAire gur labhair sé le tuairisceoirí - céard faoi ráiteas a cur amach le taobh an Aire a thabhairt ar an gcúntas?

Bhí na meáin ag an gcruinniú. Tá an Teachta ag cruthú drochmheasach dó féin má tá sé ag tabhairt le fios domsa, má bhíonn cruinniú ag éinne sa tír seo, Aire nó páirtí, le grúpa eagraíochta, go gcaithfidh sé i gcónaí a bheith ina chruinniú poiblí aga mbeidh na meáin. Dhealáil mé leis an méid a bhí sa nuachtán frid mo phreasoifig agus níl i gceist agam níos mó a rá.

Tá muid ag caint faoi leasú Uimh. 6 agus níl baint leis seo ar an leasú.

Ach ní raibh an tAire oscailte.

Bhí mé oscailte.

Bhí sé ag dul in aghaidh an daonlathais.

Téann lucht an Theachta in aghaidh an daonlathais chuile lá mar bíonn cruinnithe acu le heagraíochta gach lá agus ní bhíonn an preas istigh acu.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 7:

In page 12, subsection (1), lines 21 and 22, to delete all words from and including "such" in line 21 down to and including "provided" in line 22 and substitute "a service offered or provided (whether directly or indirectly)".

Leasú teicniúil é seo le sólathar breis a dhéanamh do bhrí an fhórail áirithe seo. De thoradh an leasuithe ní bheidh gá le rialacháin le feidhm a thabhairt don fhoráil agus beidh sé soléir go mbeidh gach seirbhís de chuid cuideachta Stáit, is cuma ann go díreach no go neamhdhíreach, go cuirtear í ar fáil. Tá súil agam gur féidir aontú leis seo gan díospóireacht.

Amendment agreed to.
Section 2, as amended, agreed to.
SECTION 3.
Question proposed: "That section 3 stand part of the Bill."

Cuireann sé ionadh orm nach bhfuil meastachán déanta ag an Roinn ar chostas an Achta a chur i gcrích. An bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aire ar an cheist seo?

Maidir le costas an Bhille, beidh aonad beag ag teastáil ó mo Roinn le bheith ag plé leis an Bhille agus cosnóidh sé airgead ach ní mórán. Beidh airgead ag teastáil ó oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla. Beidh sé suas, taobh amuigh de sin, do gach comhlacht as a chuid airgid riaracháin féin na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm an Bhille seo a sheasamh. Ní cheart go gcosnóidh sé oiread is pingin ar aon chomhlacht poiblí Stáit mar ba cheart faoi seo go mbeidh treoirlínte curtha i bhfeidhm agus, mar sin, ní shamhlóinn go mbeadh aon chostas ar aon chomhlacht Stáit i gcur i bhfeidhm an Bhille seo.

Question put and agreed to.
SECTION 4.

I move amendment No. 8:

In page 14, subsection (4), line 26, after "with" to insert "the Commissioner and".

Seo leasú sothuigthe. Tá na rialacháin a thógfaidh isteach an tAire le toil an Aire Airgeadais i gceist anseo. In alt 4(4), deir sé "I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoifho-alt (1)(c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile”. Teastaíonn Páirtí an Lucht Oibre go rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an gcoimisinéir freisin. Tá sé tábhachtach go mbeidh stádas ag an gcoimisinéir ó thús agus ní fheicim cén fáth go bhfuil sé ar leataobh nuair a bheartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh. Caithfidh gach aird agus tacaíocht a thabhairt d’oifig an choimisinéara mar tá an oifig thar a bheith tábhachtach ó thaobh cur i bhfeidhm an Bhille agus an Ghaeilge i gcoitinne.

Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. Tá an coimisinéir neamhspleách. Thiocfadh sé salach ar an neamhspleáchas sin dá mbeadh sé nó sí ag tabhairt comhairle d'Aire maidir le rialacháin a bheith ar intinn an Aire a dhéanamh. Tá cead ag an gcoimisinéir tráchtaireachtaí a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta seo ó am go ham faoi alt 29. Beidh fadhb ar dhuine tráchtaireacht neamhspleách a fhoilsiú ar rud tar éis comhairle pearsánta a sholáthar air, go háirithe muna bhfuil an tAire tar éis glacadh leis an gcomhairle.

Is léir ón bhfo-alt seo gurbh é atá i gceist ná deis a thabhairt d'Airí a bhfuil freagracht acu maidir le feidhmeanna áirithe comhairle a sholáthar dom roimh dom rialacháin dhéanamh a rachaidh i bhfeidhm ar na feidhmeanna sin. Níl feidhmeanna den chineál sin i gceist i gcás an choimisinéara. Tá sé i bhfad níos fearr ó thaobh cosanta neamhspleáchais an choimisinéara go mbeidh sé nó sí in ann tráchtaireachtaí a fhoilsiú go poiblí ar aon ní a bhaineannn le cur i bhfeidhm an Achta ach nach mbeidh sealabhóir na oifige sin chomh dlúth le haon Aire agus comhairle phríobháideach a bheith ag tabhairt aige nó aici dó. Má tá an coimisinéir ag tabhairt breithiúnais, ní theastaíonn go mbeidh sé ag tabhairt breithiúnais ar rud a dtug sé nó sí comhairle faoi sa gcéad dul síos. Is separation of powers é.

Téim cuid mhaith den bhóthar leis an Aire. Glacaim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an oifig neamhspleách ach chuirfeadh sé comhairle don Aire. Dá mba rud é go raibh rialacháin nua le tabhairt isteach agus níor chuala an tAire aon chomhairle ón gcoimisinéir, cad a bheadh i gcoinne scríobh chuige ag iarraidh smaointe aige faoin ábhar seo? Tig é a fhágáil mar sin - ligint dó smaointe a chur chuig an Aire. Ní theastaíonn uaim go bhfágfaí as an scéal é nuair a bheadh an tAire ag tabhairt rialacháin nua isteach.

Ba cheart é a fhágáil as an mionobair mar is obair pholaitiúil sin. Is minic a dúirt an tOmbudsman ina thuarascáil bliantúil go raibh sé deacair dealáil le cásanna faoi Ghaeilge de bharr easpa reachtaíochta agus thug sé smaoineamh go mba cheart go mbeadh a leithéid de choimisinéir ann.

Maidir le bheith gafa le mionsonraí, bheadh sin ag meascadh an chórais pholaitiúil agus córas an choimisinéara agus bheadh sin mícheart. Tá go leor deiseanna dá bharr gur féidir leis tuairiscí a fhoilsiú, agus má tá easnamh ann, is féidir linn iad sin a thabhairt chun suntais. Ceist don chóras polaitiúil ansin dealáil leis nó gan dealáil leis.

Más rud é go mbeidh an coimisinéir saor aon cháineadh a chur ina thuairisc bhliantiúil, tá mé sásta an leasú a tharraignt siar.

Feicfimid seo in alt 29:

Féadfaidh an coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraicticiúil agus agus oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe dean Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-airítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóra oifig an choimisinéara i ndáil le himscrúdaithe, agus le fionnachta tar éis imscrúdaithe, de chuid sealabhóirí den sórt sin faoin Acht seo.

Tá sé in ann tráchtaireacht a scríobh agus é a chur os comhair an phobail agus is ceist don chóras polaitiúil an nglacfaidh sé leis nó an ndiúltóidh sé dó. Tá sé fós neamhspleách ach tá sé in ann an rud atá an Teachta ag iarraidh air a dhéanamh agus gan daoine a bheith in ann a rá gur eisean a chur an comhairle agus sin an fáth a rinne an tAire é.

Amendment, by leave, withdrawn.
Question proposed: "That section 4 stand part of the Bill."

Deir sé in alt 4(1) "feádfaidh an Aire le toiliú an Aire Airgeadais". Tá sé deacair dom tuiscint gur chóir go mbeadh gá le toiliú an Aire Airgeadais, mar, in alt 3, tá "a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais" ann. Is é atá tuigthe ansin go bhfuil ról, ar a laghad, ag an Rialtas. Glacaim leis, nuair a dhéanann an Rialtas cinneadh go gceadaíonn an t-Aire Airgeadais go gcuirfear airgead ar fáil fána choinne. B'fhearr na focail, "le toiliú an Aire Airgeadais" a scriosadh. Tá sé ráite cheana féin san mBille go mbeidh na forálacha ag brath ar an méid airgid a bhéas ceadaithe ag an Aire Airgeadais.

D'fhéadfadh sé tarlú amach anseo i gcomhrialtas éigin, go mbeadh Aire Airgeadais ann nach mbeadh báúil don Ghaeilge agus nach mbeadh sásta airgead a chaitheamh ar an nGaeilge. Tá a leithéid ann. Dá mbeadh a leithéid de dhuine ina Aire Airgeadais bheadh sé deacair ar Aire Gaeltachta nó ar Aire Gaeilge an t-Acht seo a chur i réim i gceart.

Is minic a bhíonn míthuiscint ar thráchtairí faoin bpointe seo. Ar an gcéad dul síos, is foráil thar a bheith caighdeánach í seo. An smaoineamh atá taobh thiar di nach féidir rialachán a thabhairt isteach a chosnódh airgead ar an Stát gan a chinntiú go mbeidh an t-airgead ann le híoc as. Dá mba rud é go raibh Airí in ann dul ar aghaidh agus mórchuid caiteachais a tharraingt orthu féin agus gan dul chuig an Aire Airgeadais chaillfeadh an Rialtas - ní an tAire Airgeadais - smacht ar chaiteachas na n-Airí.

Tugaim faoi deara go minic go luaitear an tAire Airgeadais ar nós gur duine é atá neamhspleách ar an Rialtas. Is ball den Rialtas é an tAire Airgeadais. Dá mba rud é go mba toil le Rialtas rud a dhéanamh is féidir leis an Rialtas an cinneadh a dheanamh treoir a thabhairt don Aire Airgeadais an t-airgead a chur ar fáil agus an rud a dhéanamh. Ag deireadh an lae tá an tAire Airgeadais, ach an oiread le haon Aire eile, faoi gheasa cinnidh an Rialtais. Mar sin, sa gcomhthéacs go raibh éagsúlacht tuairime idir aon Aire agus aon Aire Airgeadais agus nach rabhadar in ann teacht ar aon tuairim faoi cheist ar bith ní hé an tAire Airgeadais a dhéanfadh cinneadh i gcás mar sin. Is é an Rialtas a chaithfeadh an cinneadh a dhéanamh. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá sé leagtha síos san mBunreacht gur aon phearsa amháin é an Rialtas agus nach 15 phearsa é, i gcomhthéacs an dlí agus an Bhunreachta. Cinneadh a dhéanann Aire amháin is cinneadh gach uile Aire é. Tá sé sin ráite go soiléir san mBunreacht. Mar sin, ní féidir le hAirí ar aon bhealach dul anonn is anall ag déanamh cinnidh neamhspleách arcorpus on Rialtais ar fad. Sin an míniú atá air seo.

Glacaim leis gur gnáth rud é seo. Ach, má fhéactar ar an líne roimhe feictear gurb é an tAire Airgeadais a cheadóidh an chaiteachais. Más é an Rialtas atá i gceist cén fáth nach luaitear sin san alt? Cén fáth nach ndeirtear go bhféadfaidh an tAire rudaí a dhéanamh, le toiliú an Rialtais in ionad "le toiliú an Aire Airgeadais".

Tá an tAire ag caint faoi chearta amach anseo. Beimid ag braith ar thoil Rialtais chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm.

Tá feidhm ag Aire a ghnó a chur chun cinn ach i gcur chun cinn aon ghnó de chuid an Rialtais caithfear airgead a bheith aige nó aici. Mar sin, tógann sé beirt leis an gcinneadh a dhéanamh, an sparánaí agus an té atá ag iarraidh an rud a chur chun cinn. Ach, sa gcás nach rabhdar in ann teacht ar aontú agus nach raibh an tAire a bhí ag iarraidh an rud a chur chun cinn sásta, mar nach raibh an sparánaí sásta an t-airgead a thabhairt, is féidir dul chuig an Rialtas. Níl an rud seo a braith arveto dhuine amháin. Dá mba rud é go raibh argóint ann, tá sé ag brath sa deireadh ar réiteach an Rialtais. Ba aisteach an rud é dá gcaithfí dul chuig an Rialtas mar, go hiondúil, oibrítear é seo amach idir Airí agus ní chaithfear dul go dtí an Rialtas le gach aon rialachán seachas é a dhéanamh le toil an Aire Airgeadais.

Tá difríocht idir alt 3 agus alt 4. Tá alt 3 ag caint ar an gcaiteachas ó bhliain go bliain, a cheadaítear ar bhonn bhliantúil. I gcás na rialachán tá tú ag caint ar rud, b'fhéidir, a thabharfaí isteach in aon bhliain agus a mbeadh impleachtaí aige do bhlianta amach romhainn agus seans ann go mbeadh na costais ag méadú. Ní mar a chéanna alt 3 agus alt 4. Tá brí éagsúil leo agus caithfidh an dá rud a bheith ann.

An nglacann an tAire leis gurb é an Rialtas atá i gceist seachas an Aire Airgeadais?

An tAire Airgeadais atá i gceist.

Ach dúirt an tAire, "le toil an Rialtais".

Sa gcás nach raibh beirt Aire in ann aontú le chéile tá an Rialtas ann i gcónaí sa deireadh gur féidir rudaí a phlé ann. Ach caithfear toil an Aire Airgeadais a fháil, go teicniúil, ag deireadh an phróiséis. Scaití i dtráchtaireachtaí shílfeá go bhfeidhmíonn an tAire Airgeadais neamhspleách ar thoil an Rialtais. Ní fheidhmíonn. Is cuid decorpus iomlán muid agus caithfimid ar fad feidhmiú fite fuaite trína chéile. Ní féidir le córas an Stáit oibriú muna bhfuil an rud ar fad ina ghréasán iomlán Rialtais. Go bhfóire Dia orainn dá mbeadh comhrialtas ann go mbeadh daoine ag dul bealaí éagsúla. Ní féidir leis oibriú an bealach sin. Caithfidh an Rialtas a bheith aontaithe, mar atá an Rialtas seo.

Question put and agreed to.
Section 5 agreed to.
SECTION 6.

Amendments Nos. 9 to 15, inclusive, are related - amendments Nos. 12 to 14, inclusive, are alternatives - and may be discussed together.

I move amendment No. 9:

In page 14, lines 48 to 50, to delete subsection (1) and substitute the following:

"6.-(1) Irish and English are the official languages of the Houses of the Oireachtas, and every person has the right to use either of those languages in any debates and in any other proceedings of the Houses of the Oireachtas.".

Tá an t-alt seo, mar atá sé, an-lag. Deir sé:

Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile os comhair an Tí sin.

Níl sé sin sásúil. Molaim go ndéarfadh sé seo a leanas:

Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais, agus tá ceart ag gach duine ceachtar den dá theanga sin a úsáid in aon díospóireachtaí agus in aon imeachtaí eile de chuid Thithe an Oireachtais.

Admhaím go bhfuil leasú á mholadh ag an Aire ar an ábhar seo. Tá mé sásta go leor le leasú an Aire ach ní thuigim cén fáth a dhéanann leasú an Aire tagairt do "comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sort sin"? Tá impleacht ag na focail "den sort sin" nó "of that kind" go bhféadfadh fochoiste de shaghas eile a bheith ann.

Beidh mé sásta glacadh le moladh an Aire má mhíníonn sé na focail sin dom, más féidir iad a mhíniú.

Táimid ar fad ar an mbóthar céanna. Fanfaidh mé go gcloisfidh mé a bhfuil le rá ag an Aire.

Is leasaithe teicniúla iad seo atá á mholadh le soiléiriú breise a dhéanamh go mbeidh cead ag duine Béarla nó Gaeilge a labhairt má thagann sé nó si isteach chuig coiste agus deis cainte air nó uirthi. Déanann na leasaithe cinnte de go bhfuil cead ag éinne Gaeilge a úsáid os comhair cheachtar de dhá Theach den Oireachtais nó os comhair aon choiste dá gcuid.

Is é an fáth atá leis na focail, "den sórt sin" i leasú Uimh. a 12, chun go gclúdófar coiste a bunófar nach mbeidh na focail coiste nó comhchoiste ina ainm. Mar shampla, dá mbunófaí coiste amárach agus "an coimisiún um Ghaeilge i dTithe an Oireachtais" air, d'fhéadfadh duine a rá nach coiste nó fochoiste é. Chlúdódh na focail "den sort sin" a leithéid de chás.

Dá gcuirfí an focal "gach" isteach nach gclúdódh sé sin an míniú?

Breathnaimís ar an leagan Béarla. Is ionann na focail "as aforesaid" agus "den sórt sin".

Níl mé ró-shásta leis na focail sin. Measaim nach bhfuil siad cruinn go leor.

Aisteach go leor, is í a mhalairt atá i gceist. Dá mbeifeá an-chruinn agus an-teoranta bheadh an fhaitíos ann dá mbunófá coiste a raibh brí níos leithne leis nach mbeadh sé clúdaithe ag an alt. Má bunófar rud ar bith ag na Tithe, idir choistí agus fo-choistí de chineál ar bith, déanfaidh na leasaithe seo a shoiléiriú go mbeidh siad istigh faoin Acht. Táimid ag iarraidh a bheith uileghabhálach.

Níl mé ag cur i gcoinne an leasaithe ach níl mé ró-shásta leis na focail sin. B'fhéidir go bhfuil siad cruinn go leor don Aire ach níl siad cruinn go leor domsa.

Ní fheicim an buntáiste lena bheith ró-chruinn agus ró-theoranta. Táimid ag iarradh a leathnú amach do choiste ar bith a bunófar sa Teach——

Measaim go bhfuil na focail "den sort sin" teoranta. Ní mar an gcéanna iad agus na focail Béarla, "as aforesaid". There could be a different interpretation on the two versions.

An tuiscint atá agam air ná go gclúdaíonn na focail gach rud. Is é atá sa leagan Béarla, "a committee of either House, a joint committee of both Houses or sub-committee of such a committee or joint committee". Tugann sé le cíall go gclúdaítear gach cineál coiste a d'fhéadfaí a bhunú. Is féidir linn comhairle breise a ghlacadh air. Táimid ag iarraidh gach uile cineál coiste a d'fhéadfaí a bhunú a chlúdach.

Aontaím leis an Aire sa mhéad is atá sé ag iarraidh a dhéanamh.

Ta fadhb agam le leasú Uaimh. a 12. Abair go nglaofaí mise os comhair an tSeanaid nó go raibh Aire, a raibh ina Bhall den Dáil, ag caint sa Seanad——

Deir leasú Uimh. a 15 go mbeidh cead ag Comhalta a bhéadh "ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas". Clúdaíonn sé éinne.

Tá an tAire ag iarraidh rudaí a dhéanamh níos deacra agus níos casta in ionad a bheith níos simplí. Bheadh sé níos simplí a rá gurb iad seo an dá theanga oifigiúla ins na Tithe agus ina mbaineann leo. Dá ndéarfaí sin ní bheadh aon deacracht amach anseo imeasc an phobail nó i gcúirt nó ag an gcoimisinéir. Ba chóir cloí le rud atá simplí agus díreach.

Ní fheadfainn a rá cén fáth go bhfuil fo-alt ann faoi Chomhaltaí agus fo-alt eile ann faoin bpobal ach tá mé cinnte go bhfuil cúis mhaith dlí leis. Is cuma an ndéantar i ndá léim nó i léim amháin é. Seo mar a dhréacht an Dréachtóir Pairliminte é agus go hiondúil bíonn a chuid cúiseanna féin aige.

Is é a chiallaíonn an dá alt le chéile ná gur féidir le héinne, bíodh sé ina Chomhalta, ina bhall den phobal, ina stát seirbhíseach nó rud ar bith, Gaeilge nó Béarla a úsáid ní hamháin os comhair na dTithe ach os comhair aon choiste, fo-choiste nó aon choiste den sórt sin a bhunaítear. Sin an brí a bhí i gceist agam ins na leasaithe ach seo mar a chuir an dréachtóir é agus caithfidh mise glacadh le leagan an dréachtóra. Is dóigh liom go gcuimsíonn sé gach fhéidireacht a d'fhéadfaí a bheith ann maidir le duine ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais.

Ní deirim nach bhfuil gach féidireacht clúdaithe ach go bhfuil sé déanta níos deacra. Seo fadhb a bhaineann leis na dréachtóirí, agus fadhb a luadh sa Teach roimh Nollag nuair a bhíomar ag déileáil le conradh Nice. Ba chóir go mbeadh reachtaíocht an Tí so-léite agus so-thuigthe ag an bpobal. Má glactar le leasaithe an Aire beidh rudaí déanta níos deacra.

Níl me i gcoinne an leasaithe ach tá an ceann eile níos simplí agus níos dírí.

Tá cogar faighte i mo chluais agam gur cosúil gurb é an fáth go bhfuil an dá leasú scoite amach óna chéile ná go dtagann na Comhaltaí faoi Bhuan-Orduithe an Tí agus is rud difriúil é duine den phobal ag teacht isteach. Glacaim leis go mbaineann sé leis an leagan amach atá ag na Buan-Orduithe agus go bhfuil sé ag iarraidh teacht leis sin.

Tá cúis mhaith dlí leis an leagan amach seo ach aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh. Bail ó Dhia ar lucht dlí. Is míorúilteach na bealaí atá acu agus caifhfimid glacadh leo.

Déanaimidne déileáil leis na Buan-Orduithe sa Teach. Ní gá dóibh a bheith istigh ins an Acht.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendments Nos. 10 and 11 not moved.

I move amendment No. 12:

In page 14, subsection (1), line 50, to delete "before that House" and substitute "in that House or of a committee of either House, a joint committee of both Houses or sub-committee of such a committee or joint committee".

Amendment agreed to.
Amendments Nos. 13 and 14 not moved.

I move amendment No. 15:

In page 16, before line 1, to insert the following subsection:

"(2) A person appearing before either House of the Oireachtas or before such a committee, joint committee or sub-committee as aforesaid has the right to use either of the official languages.".

Amendment agreed to.
Amendment No. 16 not moved.
Question proposed: "That section 6 stand part of the Bill."

We have debated the fact that the financial implications of the Bill will be dealt with with the consent of the Minister for Finance.

There is a standing rule that any amendment which would have a call on the public purse must be ruled out of order.

Ní raibh a fhios sin agam.

Nárbh fhearr glacadh leis an leasú agus toil an Rialtais a iarraidh dó. Tá fadhbanna ann maidir lena leithéid de riail. Nuair atáthar ag lorg cearta tiocfaidh costais dá réir. An gcaithfimid fanacht i gcónaí ar thoil an Aire Airgeadais?

Gnáth chleachtadh é i dtíortha dhátheangacha go mbíonn saoráidí ar fáil chun imeachtaí na pairliminte a aistriú go comhuaineach ó theanga amháin go teanga eile. Teastaíonn uaim, uaireanta, éisteacht i nGaeilge le duine atá ag caint i mBéarla ach níl an seans sin agam é sin a dhéanamh sa Dáil nó sa Seanad. Tá sé tábhachtach go mbeadh an seirbhís sin, mar cheart, ag Baill an Oireachtais. Chabhródh sé le Baill feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge dá bhféadfaimís éisteacht le haistriúcháin Gaeilge ar oráid Bhéarla. Tá sé tábhachtach go nglacfadh an tAire leis an bpointe sin.

Ní feidir liom glacadh le moladh an Teachta ach ba mhaith liom seo a rá, go ginearálta, i dtaobh na nithe seo.

Ta an-chomparáid déanta idir an tír seo agus Ceanada, mar shampla. Tá comparáid amháin nach bhfuiltear ag déanamh tagairt dó. Is é sin gur teanga idirnáisiúnta í an Fhraincis agus go bhfuil 25% de phobal Cheanada inniúil ar an teanga sin a labhairt go maith. Nuair a bhíomar ag réiteach an Bhille seo, ceann des na srianta is mó a bhí orm, maidir le rialacháin, le haistriúchán agus le rudaí i gcoitinne, ná an bhfuil na hacmhainní amuigh ansin leis na rudaí atá á mholadh a chur i bhfeidhm. Fiú leis an méid atá san mBille beidh ar a leithéid de Údarás na Gaeltachta agus na hollscoileanna dul faoi dheifir chun aistritheoirí cáilithe a chur ar fáil. Caithfimid a bheith ag caint ar chaighdeán. Tá, mar shampla, deich mbliana de Bhillí agus Achtanna nach bhfuil aistrithe fós.

Dúirt mé liom féin gurb é an rud is fearr a dhéanamh, go ginearálta, ná tosú agus bun-rudaí áirithe a leagan amach agus iad san a bhaint amach. Is é sin, aistriú na reachtaíochta atá achtaithe a thabhairt chun dáta agus déanamh cinnte as seo amach, nuair a fhoilseofar Acht go mbeidh sé foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla. De réir a chéile d'fhéadfaimís leathnú amach uaidh sin agus nuair a bhéas an méid sin déanta is féidir rialachán a dhéanamh go gcaithfear rialacháin, agus mar sin de, a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil na hacmhainní ann le breith ar gach rud. Ghabhfaimís fadhbanna do-sháraithe dúinn fein dá ndéanfaimís iarracht dul ó shiúl go rith ró-sciobtha.

Tá rud eile a thagann i gceist maidir le haistriúchán comhuaineach sa Teach. Caithfimid a bheith cúramach, mar tá sé ráite san mBunreacht go ndéanann na Tithe a gcuid rialacha fein, nach bhfeicfear sin ag cur ár ladair isteach i gnóithe an Tí. Dá mbeadh an rud atá an Teachta O'Dowd ag moladh le déanamh, ba é an bealach ab'fhearr go ndéanfaí é ná trí Bhuan-Orduithe an Tí agus trí choiste na bpribhléidí.

Tuigim na fadhbanna sin. Nach féidir, fiú amháin, na hóráidí móra, cosúil le Ráiteas an Bhuiséid nó le díospóireachtaí stairiúla ar an Tuaisceart a aistriú? Nach féidir aistriúcháin a gcur ar fáil de dhíospóireachtaí on the great affairs of State.

Tuigeann an Teachta go mbeidh ar Thithe an Oireachtais scéim a réiteach faoin mBille seo. Glacaim leis, nuair a bhéas muid ag réiteach na scéime sin, go mbeimid ag éileamh Riar na hOibre a scríobh. Sílim gur cheart an moladh seo a bhrú chun cinn sa gcomhthéacs sin agus tríd na Buan-Orduithe. Thacóinn go hiomlán leis sin.

Tá mé ag iarraidh go mbeadh próiséas leanúnach anseo, go mbeadh na bun rudaí leagtha síos san Acht agus go mbeadh soláthar san Acht le tógáil, de réir a chéile, go céimniúil de réir mar a bhéas acmhainní ar fáil agus glactha ag daoine leis. Má dhéanaimid é sin éireoidh linn. Dá leagfadh an Bille síos go gcaithfeadh gach coiste é seo nó é siúd a dhéanamh ní bhéadh sé indéanta.

Sitting suspended at 11.55 a.m. and resumed at 1.05 p.m.

Tá rud amháin ag déanamh imní dom le tamall anuas. I ndeireadh na dála, an mbeidh mórán daoine ann a bheidh ar a gcumas seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge? Tá ganntanas cainteoirí líofa sa Státseirbhís, go ginearálta, agus sna comhlachtaí poiblí a bheidh faoi réir an Achta. An bhfuil aon iarracht déanta ag an Roinn nó ag an Rialtas chun a fháil amach cé mhéad daoine atá ar fáil sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge líofa acu? An ndearna an tAire caidreamh leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta mar gheall ar scéimeanna a chur ar fáil sa chóras oideachais chun go mbeadh ní ba mhó daoine ar fáil a bheadh an líofacht sin acu? Sin, go beacht, an rud atá ag goilliúint orm ag an am seo.

Bhíomar ag caint mar gheall ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Más rud é go gcaitear a lán airgid ar aistriúcháin i dTithe an Oireachtais nó i gcúrsaí dlí, an é sin an dóigh is fearr airgead, rud a bhíonn gann i gónaí, a chaitheamh? An bhfuil aon scrúdú déanta ag an Aire ar an scéal sin? Is é atá uaim ná nach gcaithfí a lán airgid ar aistriúcháin. Nuair a bhí mé i gCeanada dhá bhliain ó shin, thug mé cuairt ar an bPairlimint, agus bhí mé ag déileáil leis na húdaráis eile a bhfuil cúram Bhille an dátheangachais orthu. Dúirt ball amháin den Phairlimint go raibh fo-choiste den Phairlimint ag dul go Vancouver agus gur bheag an méid Fraincise a bhí ann. Tá i bhfad níos mó Síneach ann ná lucht labhartha Fraincise. Bhí ní ba mhó ná $70 in aghaidh na huaire le híoc as aistriúcháin don turas sin, cé gur bheag aird a thabharfaí air.

Chuir mé suim i rud amháin a dúirt an tAire ar maidin. Dúirt sé nár cheart comparáid dhíreach a dhéanamh idir Éirinn agus Ceanada. Ar an gcéad dul síos, tá daonra de 28 milliún i gCeanada. Tá Béarla agus Fraincis ag 17% den phobal, tá Béarla amháin ag 65%, tá Fraincis amháin ag 4% agus tá 2% den phobal nach bhfuil ceachtar den dá theanga sin acu. Chuir mé ceist mar gheall ar na mionteangacha sin. Dúradh liom go bhfuil obair á déanamh ar na teangacha sin ach, de réir cúntais eile a chonaic mé le déanaí, tá na teangacha sin á gcailliúint ar fud an domhain.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire mar gheall ar a lán airgid a chaitheamh ar aistriúcháin? Bheadh daoine a bhfuil an-líofacht Gaeilge ag teastáil don obair sin, agus b'fhéidir gurbh fhearr leo obair eile a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar son athbheochan na Gaeilge.

Tá an Teachta ag teacht ar chroílár na ceiste. Cáineadh mé go deimhin as ucht gan soláthar a dhéanamh go ndéanfadh gach rud a deireadh Teachta Dála nó Seanadóir a aistriú ó theanga amháin go dtí an teanga eile, mar shampla, achan rud a deirimid anseo. I bhfo-mhír 2, deir sé nach n-aistreofar caint dhíreach. Tá a fhios againn i dTithe an Oireachtais an méid cainte a dhéantar sa Dáil, sa Seanad, sna coistí agus fo-choistí ar fad anois. Bhí mé den tuairim, agus tá mé den tuairim fós, dá mbeifí ag dul a dh'aistriú chuile shórt mar sin, nach mbeadh na hacmhainní ann, agus chomh maith leis sin, fiú má dhéantar é sin go hiomlán, is beag an duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó Gaeilge. Cuirtear na leabhráin amach, agus tá a fhios againn, mar bíonn na hoifigí lán leo. Níl a fhios agam an bhfoilsítear i gcónaí iad, nó an mbíonn siad ar an Idirlíon, ach tá réimse mór stuife ann. Níor cheart dom tagairt a dhéanamh de seo, ach is dóigh liom go bhfuil an dá rud ceangailte le chéile.

Is é ar an údar céanna nach raibh agus nach bhfuil i gceist agam glacadh leis an leasú go mbeadh na hIonstraimí Reachtála á n-aistriú go Gaeilge. B'fhearr liom teacht chun dáta leis an dualgas bunreachtúil i dtosach - na hAchtanna iad féin. Tá leasú thíos ag an Teachta ag moladh go mbeadh na hIonstraimí Reachtála ar fad á n-aistriú. Níl a fhios agam cé mhéad den ghnáthphobal a léann na rudaí seo. Rinne cinéal magadh fúm agus mé sa Seanad nuair a rinne mé tagairt den rud a dúirt mé fadó maidir leis an mbosca calóga arbhair. Dúirt mé gur mhó an léamh a dhéantar air sin ná ar chuid mhaith de na Rialacháin agus na tuairiscí seo. Tagaim leis an Teachta go hiomlán. Más féidir linn mar Dháil bogadh ar aghaidh ag coinneáil ar n-intinne an t-am ar fad ar an rud atá indéanta, is dóigh liom go ndéanfaimid an-dul chun cinn, agus tá comhthuiscint an-mhór eadrainn faoi na féidearthachtaí praiticiúla.

Tá an ceart ag an Teachta faoin gcostas. Dá mbeadh an méid sin airgid á chaitheamh ar aistriú, nach mbeadh leabhair do ghasúir agus leabhair do dhaoine fásta agus mar sin de i bhfad ní ba thábhachtaí? Thiocfainn leis an Teachta. Ar an taobh eile den scéal - seo é an rud a chuir mé sa taobh eile den chuntas - tá gá le go mbeidh stádas oifigiúil ag teanga agus go gcuirfear rudaí áirithe bunúsacha ar fáil sna teangacha oifigiúla. Sin an fáth, fiú do theanga atá chomh lag leis an Ghaeilge ar leibhéal laethúil, go gcaithfimid seasamh leis an socrú bunreachtúil maidir le hAchtanna. Sin an fáth go bhfuil na buntuairiscí á gcur ar fáil, agus an bunleagan amach - mar a dhéantar sa Dáil, go deimhin - de chaipéisí á dhéanamh go dátheangach. Má labhraimid i nGaeilge, áfach, ní aistreofar go Béarla sa Tuairisc Oifigiúil é, agus má labhraimid i mBéarla, ní aistreofar go Gaeilge é. Dá mbeadh muid lena mhalairt a dhéanamh, ní dóigh liom go mbeadh an costas a bhainfeadh leis ó thaobh an Stáit agus an deacracht a bheadh ann aistritheoirí a fháil réalaíoch ag an bpointe seo. Guím go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh sé sin indéanta, ach is é de réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus seo bunsraith an chaisleáin. Ní thig linn an caisleán iomlán a thogáil.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta. Is dóigh liom go bhfuil an-phointe déanta aige.

An bhfuil an Teachta sásta?

Tá mé fíor-shásta.

Rud beag amháin. Nuair a dúirt muid "caint dhíreach", bhí muid ag caint ar an méid a deirtear sa Dáil. Tá seans go bhfuil fadhb amháin eile ann nár smaoinigh muid uirthi. Le ceist scríofa, bheadh i gceist go mbeadh sí i dtuarascáil na Dála sa teanga inar cuireadh agus inar freagraíodh í. Leis sin a chinntiú, tá seans go mbeidh orainn leasú teicniúil a dhéanamh ag Céim na Tuarascála. Ba mhaith liom na baill a chur ar an eolas go mbeidh mé, gach seans, ag moladh leasú beag teicniúil ansin le go ndéanfar déileáil mar a chéile le ceisteanna béil agus ceisteanna scríofa.

Question put and agreed to.
Sitting suspended at 1.15 p.m. and resumed at 1.35 p.m.
SECTION 7.

Tá leasuithe Uimh. 17 go 19, go huile, as ord.

Amendments Nos. 17 to 19, inclusive, not moved.
Question proposed: "That section 7 stand part of the Bill."

Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach an t-alt seo a neartú, más feidir. Molaim don Aire féachaint ar na leasuithe seo nach bhfuil in ord. Tuigim cad a dúirt an tAire ní ba luaithe: go bhfuil a lán Achtanna ann nach bhfuil ar fáil as Gaeilge faoi láthair agus go bhfuil tuairim is deich mbliana acu ann, ach ó thaobh na n-ionstraimí reachtúla, dúradh liom - caithfidh go bhfuil sé fíor - gur foilsíodh as Gaeilge agus as Béarla iad ag an am céanna ó bunaíodh an Stát go dtí 1986 nó mar sin. Teastaíonn uainn an córas sin a chur i bhfeidhm arís.

Níl fadhb agam leis sin i bprionsabal, ach is dóigh liom go caithfimid é a phleanáil, agus mar sin tá sé deacair é a scríobh isteach sa mBille. Tá dhá mhór-fhadhb ag baint leis i láthair na huaire. De réir mar a thuigim, tá líon na n-ionstraimí reachtúla, formhór acu i gcomhthéacs na hEorpa, méadaithe as cuimse, agus mar sin, ní féidir comparáid a dhéanamh idir an tréimhse sula ndeachaimid isteach sa gComhaontas Eorpach agus an tréimhse ina dhiaidh. Ní hamháin go bhfuil na hionstraimí reachtúla ag titim díreach faoi na hAchtanna. Tá se soiléir ón rud atá á dhéanamh anois go bhfuil muid ag cur deiridh leis an droch-nós sin, agus go bhfoilsítear gach Acht i nGaeilge agus i mBéarla go comhuaineach. Nuair a chuireann siad an tAcht síos in Oifig Dhíolta Fhoilseachán Rialtais lena dhíol mar Acht - caithfidh siad é sin a dhéanamh - beidh sé i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Dá mbeadh an méid sin déanta, b'fhéidir linn, go díreach mar a bhí an Teachta á rá, tosnú le hionstraimí reachtúla áirithe a mbeadh seans mór ann go mbainfí úsáid astu i gcomhthéacs Gaeltachta, mar shampla, ionstraimí a bhaineann le cúrsaí pleanála.

Tá go leor ionstraimí eile, áfach, agus tuigfidh an Teachta é sin. Is cuimhin liom lá amháin agus mé ag dul isteach i Leabharlann an Oireachtais chun fiosrú a dhéanamh faoi na hionstraimí Eorpacha ar fad a cheadaítear nó a nglactar leo. Bhí na freastalaithe in ann leabhar a thabhairt dom nach raibh ann ach uimhreacha. Leabhar mór tiubh a bhí ann, agus bhí leathanach i ndiaidh leathanaigh de na hionstraimí seo. Tá codanna áirithe níos tábhachtaí ná a chéile. Is dóigh liom gurb iad na pleananna an dóigh is fearr le déileáil leis sin. Ní dóigh liom go réalaíoch ag an bpointe seo go bhfuil na hAchtanna ann leis an rud atá á iarraidh nó a bhí á iarraidh sa leasú atá as ord. Tuigim an meon atá ann, ach b'fhearr liom díriú ar an gcuid de na hionstraimí a bhaineann le cúrsaí pleanála a mbeifear ag baint úsáid laethiúil astu i gcomhthéacs Gaeilge nó Gaeltachta.

Deir an chuid sin go dtosnóidh sé "a luaithe agus is féidir". An gciallaíonn sé sin go mb'fhéidir go mbeadh moill ann?

Tá sé cinnte go mbeidh moill ann, mar bhí moill ann go dtí seo. Tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas ag déanamh iarrachta moill a sheachaint. An fhadhb atá agam leis seo ná nach leor go mbeidh Achtanna ar fáil as Gaeilge. Ba chóir go mbeadh na Billí féin ar fáil. Táimid ag déileáil leis an mBille seo faoin nGaeilge, ach tá an t-iomlán scríofa i mBéarla, agus caithfidh mise é a aistriú, mar tá mé ag iarraidh déileáil go mion leis an fhoclaíocht atá os mo chomhair. Tá sé sin ag cur isteach ar chearta ar chóir dóibh bheith agam mar ionadaí tofa. Sin an rud atá á rá agam: ba chóir go mbeadh an Bille as Gaeilge, ní hamháin an tAcht. Tá an tAire á rá nach mbeadh sé réalaíoch. Tá sé sin ceart go leor leis na doiciméid atá ag teacht ón Eoraip. Caithfimid déaleáil leis sin ar shlí eile, ach measaim, má tá an toil ann, gur féidir le gach uile Bille nó ionstraim a thagann os comhair Thithe an Oireachtais bheith dátheangach.

Más féidir é sin a dhéanamh i dtíortha eile, is féidir linn é a dhéanamh anseo. Níor chóir go mbeimis ag úsáid an leithscéil go mbeadh sé deacair orainn nó go mbeadh moill ann nó pé rud. Má tá an toil pholaitiúil ann, is féidir é a dhéanamh. Más gá le tuilleadh caiteachais, measaim gur gá don Aire dul ar ais chuig an Rialtas agus rá go bhfuil an cás ag déanamh cearta, mar sin an rud atá i gceist. Má tá moill ann, tá sé sin ag séanadh cearta atá á lorg againne atá ag lorg doiciméad as Gaeilge. Fiú dóibh siúd nach hbfuil á lorg, ba chóir go mbeadh sé de cheart acu go mbeadh sé os a gcomhair ar eagla go mbeadh sé ag teastáil uathu amach anseo. Ba chóir go mbeadh gach uile rud ar fáil againn sa Teach seo i bhfoirm dhátheangach ó thús, agus ansin, nuair atá sé rite, sula bhfoisítear é, go mbeadh sé ar fáil san dá theanga.

Beidh an tAcht ar fáil go dátheangach go díreach tar éis é a achtú. Tá córas i gceist anseo. Níl an Bille ina Acht nuair a cheadaíonn Tithe an Oireachtais é. Tá sé ina Acht nuair a shíneann an tUachtarán é. An gnáth chleachtadh a bhí ann le deich mbliana anuas ná go bhfoilsítí an tAcht i mBéarla amháin ag an bpointe sin. D'fhéadfá dul síos go Oifig Foilseacháin an Rialtais agus é a cheannach, ach i mBéarla amháin. Caithfear Acht a fhoilsiú. Go dtí an bpointe a shíníonn an tUachtarán é níl ann ach Bille agus níl aon chóip den Acht ar fáil. Dá mba rud é nach raibh Acht ar fáil agus go raibh Aire ag feidhmiú Achta agus gan aon Acht aige, gheofaí ordú cúirte ar an bpointe. Ach, ní bheadh aon éalú ann anois dul agus é a dhéanamh i mBéarla amháin mar deir an leasú seo má déanfar i mBéarla é go gcaithfear é a dhéanamh i nGaeilge. Tá dhá rud, cinnte, uaidh seo. Is é sin go gcaithfear é a dhéanamh gan aon mhoill, mar ní feidir le hAire Acht a fheidhmiú muna bhfuil sé foilsithe; agus go gcaithfidh sé bheith i nGaeilge agus i mBéarla go comhuainneach.

Maidir leis an dara cheist faoi na rialacháin agus faoi na Billí, i dtosach báire bhí mé ag smaoineamh ar Bhillí a chur isteach. Ach, mar is eol do gach Ball, ní hamháin go gcaithfear an Bille a dhéanamh ach go gcaithfear gach leasú ar gach céim den phróiséas a fhoilsiú san dá theanga. Obair an-teicniúil atá i gceist. Ní leor go mbeadh líofacht Gaeilge ag duine ach chaithfeadh sé a bheith inniúil ar Ghaeilge oifigiúil na reachtaíochta agus saineolas a bheith aige, ní hamháin i nGaeilge ach i mBéarla chomh maith. Tá easpa i gcónaí ar dhréachtóirí pairliminte agus ar aistritheoirí oifigiúla.

Mar atá cúrsaí i láthair na huaire ní dóigh liom go bhfuil go leor daoine tréanálta leis an ualach oibre a bheimís ag leagan orthu dá mba rud é go gcaithfí na Billí, agus gach rud a bhaineann le Bille, a aistriú go Gaeilge. Níl na hacmhainní ann faoi láthair. Ba mhaith liom teacht go dtí sin agus ní choscann an Bille muid, ní hamháin dul go dtí é ach é a scríobh isteach i bpleananna nach mbeadh aon éalú uathu. Ach, ní dóigh liom go bhfuil sé réalaíoch é a chur san mbunreachtaíocht faoi láthair, de bharr easpa dhaoine oilte. Ag dul leis an rud a dúirt an Teachta O'Shea ar ball, caithfimid siúil sula thosóimid ag rith.

Tá rud amháin a chuireann imní orm. Uaireanta bíonn fíneálaithe nó tréimhsí príosúin ag baint le hionstraimí reachtúla agus bíonn cuid acu in úsáid go minic ins na cúirteanna. Ar lámh amháin, ní theastaíonn uaim go ndéanfaí aistriúchán nach mbeadh aon chiall leis ach i gcás mar seo, ar ndóigh, bheadh ciall leis. Tá ionstraimí áirithe a bheadh práinneach.

Thiocfaidh leis an Teachta go hiomlán. Nuair a bhí mé ag plé leis an mBille tháinig mé, go han sciobtha, ar an dtuairim nach bhféadfaí gach rud a scríobh san mbunreachtaíocht mar gur próiséas leanúnach atá i gceist. Tháinig mé ar an dtuairim go gcaithfeadh meicníocht a bheith ann a chuirfeadh ar chumas an Aire, ar son an phobail, déanamh cinnte go mbeadh na rudaí a theastódh ón bpobal ar fáil i nGaeilge. Má bhreatnaímid ar na hionstraimí atá i gceist ag an Teachta, is léir nach bhfuil ach idir 10% agus 20% de na hionstraimí reachtúla a mbíonn an gnáth phobal ag iarraidh iad a scrúdú nó breathnú orthu. Luaigh mé ionstraimí pleanála, mar shampla. Is cinnte go mbaineann siad san le Seán agus le Seosaimhín Saoránach. Tá cuid eile a bhaineann le gnóithí coiriúil. An smaoineamh a bheadh agam ná go ndéanfaí forálacha an Bhille seo a úsáid le go dtabharfaí tús áite dos na hionstraimí sin agus fócasáil a bheith i gceist a t-am ar fad maidir le rudaí mar sin. Tagaim go hiomlán leis an Teachta O'Shea ach tá deiseanna san mBille chun é sin a dhéanamh agus sin atá i gceist agam go ndéanfar.

Má thuigim cad atá i gceist, seo rud a dhéanfaidh an tAire go neamh-fhoirmeálta.

Ní go neamh-fhoirmeálta a déanfar é ar chor ar bith. Sin míthuiscint atá ann. An plean atá i gceist againn, is plean reachtúil é. Tá sé ag tíocht ann faoi reachtaíocht. Ceapaim go gceapann go leor den phobal gur pleananna "grá mo chroí" atá i gceist anseo. Is pleananna faoi reachtaíocht iad a bhfuil a dtéarmaí tagartha thar a bheith soiléir. Mar sin, ní ceist an obair a dhéanamh go neamh-fhoirmeálta. Beidh cumhacht ag an Aire a chinntiú, i gcomhthéacs na Gaeltachta mar shampla, go gcaithfeadh an chuid a bheadh in úsáid go coitianta san nGaeltacht a bheith i nGaeilge. Tá cumhacht ag an Aire a rá nach bhfuil leor dóthain ag comhlacht éigin agus go gcaithfear a thuilleadh a dhéanamh faoi threoirlíne áirithe. D'fhéadfaí a rá go gcaithfear plean a bheith ann faoi ionstraimí reachtúla a bhfuil úsáid choitianta ag an bpobal astu. Cén chaoi a mbeadh a fhios agat é sin? Tá sin simplí go maith. Beidh na figiúirí priondála agus díolaíochta ann.

Cé dhéanfadh an rogha idir na hionstraimí reachtúla a gheobhas tús áite agus na cinn eile?

Seo an cineál cur chuige a bhéas i gceist agam. Caithfear foirmeacha dhátheangacha, mar shampla, a chur ar fáil. Abair, sa chéad bhliain, go ndéarfá go gcaithfí gach foirm a n-úsáidtear 1,000 chóip de sa bhliain, a phriontáil i nGaeilge agus sa dara bhliain go gcaithfí gach foirm a n-úsáidtear 700 chóip de a phriontáil i nGaeilge. Tá roinnt foirmeacha go mb'fhéidir nach n-úsáidtear 300 acu sa bhliain. Nach fearr tosú leis na cinn is mó a n-úsáidtear. Is féidir slata tomhais a scríobh isteach ins na treoirlínte, agus na pleananna a dhul dá réir nuair atá siad á réiteach. Tá an rud níos láidre ná mar a cheaptar go ginearálta.

Caithfidh sé a bheith láidir ach so-lúbtha. Is é an rud a mharódh an Bille ná absolutism de bharr easpa fóirne. Tá na pointí ar fad a rinne an Teachta O'Shea go han-mhaith. Dá dtiocfá thar teorainn áirithe réasúnaíochta leis scriosfaí an rud ar fad mar ní bheadh na hacmhainní ann.

Tuigim cad é atá i gceist ag an Aire ach fós, ba chóir go mbeadh sé ins an mBille. Sa deireadh thiar thall táimid ag caint faoi chearta a bhronnadh ar chóir a bheith ag daoine cheana féin ar bhonn an Bhunreachta. Má tá leatrom á dhéanamh ar dhuine amháin toisc nach féidir leis teacht ar Bhillí nó ar ionstraimí Stáit i nGaeilge, ba chóir tabhairt faoi sin ins an mBille seo. Tá sé léirithe cheana féin go bhfuil an tAire toilteanach cur leis an mBille cé nach bhfuil sé sásta an soláthar a chur isteach ins an mBille féin. Ba chóir go mbeadh Billí, leasaithe agus pé rud in aon chor ar fáil, ionas go bhféadfainn féin, nó aon Bhall den Oireachtas, déileáil le reachtaíocht i mBéarla agus nach gá dúinn casadh ar an mBéarla toisc go bhfuil an fhoclaíocht chomh casta sin i mBéarla go bhfuil sé deacair orainn míniú cheart a thabhairt i nGaeilge de bharr botún a dhéanamh ins an aistriúcháin. Ba chóir go ndéanfaí an t-aistriúchán ag duine gairmiúil. Tá teacht ar na daoine sin, cé go bhfuil sé deacair. Bheadh an tAire ag cothú postanna i dTithe an Oireachtais chun gach rud den sórt sin a chur ar fáil.

Déantar tagairt ar Cheanada go minic. Tá fáil ar a leithéid i gCeanada. Ba chóir duinn an cleachtadh is fearr a bheith againn sa tír seo ionas go mbeidh tíortha eile ag féachaint orainn agus ag iarraidh sampla na hÉireann a leanúint. Is é an cuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go mbímid i gcónaí ag féachaint ar thíortha ar nós Cheanada agus an Bhreatain Bhig agus ag iarraidh teacht suas leo.

Ní chuirtear gach seirbhís feadrálach ar fáil i bhFraincís i gCeanada. Caithfear cuimhnigh gur rud difriúil ar fad atá i gceist againn anseo seachas Ceanada. Táimid ag plé le gach gné den Stát. Ní pléitear i gCeanada ach le seirbhísí feadrálacha; ní bhíonn siad ag plé le seirbhísí áitiúla. Ní haon mhaitheas a bheith ag caint ar Quebec, ach oiread, mar gurb í an Fhraincis atá go mór in uachtar i Quebec. Chuaigh mé go Ceanada agus chuir mé ceist an raibh gach seirbhís ar fáil trí mheán na Fraincise i gceantair a bhfuil fíor-bheagán lucht labhartha na Fraincise iontu, fiú amháin ag an rialtas feadrálach? Dúradh liom nach raibh. Tá teorainn acu. Dá gcuirfí an teorainneacha chéanna i bhfeidhm in Éirinn ba bheag seirbhís a bheadh ar fáil i nGaeilge.

Caithfidh mé aontú leis an Teachta O'Shea. Ba bhreá liom nach mbeadh rudaí mar atá siad. Beidh brú ar na hacmhainní atá ar fáil i láthair na huaire lena bhfuil ann a chur i gcrích, ach creidim go bhfuil sé indéanta. Nuair a bhéas sé sin ar fad curtha i gcrích agus slán agus ag feidhmiú i gceart, tá gach deis ag Aire, gan dul ar ais chuig an Dáil, cur leis de réir a chéile. Sílim go mb'fhearr rud teoranta a chur ann agus é a shlánú i gceart ná rud ilmhianach a chur ann agus gan é a shlánú ar chor ar bith. Sin an chaoi a sheasaim leis seo.

Sílim go bhfuil sé thar am an cheist a chur, an nglactar le halt 7.

Ba mhaith liom ceist eile a chur.

Ceist ghairid mar sin. Níl leasú á phlé againn.

Chuirfinn an leasú dá gceadófaí dom. I thought I was being co-operative. If you think I am not, I will have to change my ways. My question is very simple. Bhain an tAire úsáid as na focail "gan mhoill" ach níl na focail sin ins an alt. "A luaithe is féidir" atá san alt. D'fhéadfaí rud a dhéanamh a luaithe is féidir agus é a bheith mall go leor, cé go nglacaim leis nach shin atá i gceist ag an Aire.

An brí dlithiúil atá le "a luaithe is féidir" ná chomh tapaidh agus is féidir. Tá an dlí litriúil. Caithfidh go gciallaíonn sé an rud a deir sé. Cuireann sin i gcuimhne dom scéal a chuala mé faoi rud a bhí scríofa sa dlí. Dúradh go gcaithfear triantán sábháilteacht a choinneáil i leoraí i gcónaí. Chiallaigh sin go gcaithfí péire a bheith ag an tiománaí mar nuair a bheadh triantán taobh thiar den leoraí ag tabhairt foláirimh, chaithfeadh ceann eile a bheith sa leoraí ag an am gcéanna, mar dúirt an dlí go gcaithfí ceann a bheith sa leoraí i gcónaí. Sin a dúirt an dlí ach ní shin a chiallaigh an dlí.

Dá ndéarfaimís go gcaithfí téacs a chló láithreach chiallfadh sé go gcaithfeadh an tAcht a bheith foilsithe díreach ar an bpointe. Ar ndóigh, ní shin a bhí i gceist ag an Teachta.

Dá mba rud é go n-éirímid faillíoch caithfimid éirí faillíoch san dá theanga. Ní féidir a bheith faillíoch i dteanga amháin. Dá rachadh duine chun an Achta a cheannach agus gan a bheith le fáil ach an Bille, agus dá mba rud é go raibh cás cúirte nó aon rud oifigiúil ar bun aige tá a fhios againn cad a déarfaí. Ní bheadh spéis ar bith ar an gcúirt, mar shampla, i mBille. Ní dhéanfadh ach an tAcht cúis. Ní dóigh liom go bhfuil aon seans go sleamhnófaí as an gceann seo.

Question put and agreed to.
SECTION 8.
Amendments Nos. 20 and 21 not moved.

I move amendment No. 22:

I leathanach 17, fo-alt (3), líne 19, i ndiaidh "comhuaineach", "ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile" a chur isteach.

Botún teicniúil atá anseo. Níl na leagain Gaeilge agus Béarla ag teacht lena chéile. Déanfaidh an leasú seo é sin a cheartú. Tá súil agam go nglacfar leis.

Amendment agreed to.

Tá gaol idir leasú a 23 agus leasú a 24. Pléifear iad le chéile, le toil an choiste.

I move amendment No. 23:

In page 16, subsection (4), line 19, to delete "civil proceedings" and substitute "proceedings (both civil and criminal)".

Ó thaobh dlí de, ní hionann imeachtaí sibhialta agus imeachtaí coiriúla. Teastaíonn uaim go mbeadh an dá rud san mBille.

Mar an gcéanna an leasú a mhol mise. Níl sé cóir nó ceart nach féidir le daoine atá ag dul ós comhair na cúirte ar chúis choiriúil a gcás a phlé i nGaeilge chomh maith le daoine a théann ós comhair cúirte ar bhonn sibhialta.

Tá go leor macnaimh agus plé déanta faoi seo. Níl aon chosc ar an té atá ós comhair na cúirte an dá theanga a úsáid. Tá an ceart sin ag gach duine. Tuigim an spiorad ina bhfuil na leasuithe seo á moladh ach ní féidir liom glacadh leo. Is í an chomhairle atá faighte agam ná go mbeidh fadhbanna do-sháraithe ag baint le seo a dhéanamh. Tá difríocht mhór idir imeachtaí sibhialta agus imeachtaí coiriúla sa chás seo. Bíonn foláireamh agus tréimhse ullmhúcháin sách fada i gceist i gcás imeachtaí sibhialta. Tiocfaidh na réamh-pháipéir i nGaeilge nó i mBéarla agus beidh deis ag na húdaráis na socraithe cuí a dhéanamh roimh ré. Is minic nach mbíonn a leithéid i gceist i gcásanna coiriúla. Téann daoine isteach in imeachtaí sibhialta chun cinnidh a fháil, de ghnáth. Is a mhalairt, go hiondúil a bhíonn in intinn an té a bhfuil nithe tromchúiseacha inchúisithe ina leith. Tá gach seans go mbeidh daoine ag éileamh go rithfear cás trí Ghaeilge ar mhaithe le moill a chur air agus ní theastaíonn uaim go dtarraingeofar droch ainm ar an nGaeilge ná ar an lucht atá dílis di i gcónaí de bharr a leithéid.

Bheadh an dá rogha agam leis an bhfadhb seo a shárú. Is iad sin, gan glacadh le leasú ar an bhfo-alt seo nó treiseadh teanga de shaghas éigin a chur isteach sa mBille. Níor mhaith liom dul leis an dara rogha sin.

Tá ceart éisteachta ag aon duine in aon chúirt, idir chúirt shibhialta agus cúirt coiriúil, ina rogha theanga féin agus go bhfuil ceart Gaeilge a úsáid in aon phléideáil nó in aon doiciméad in aon chúirt.

Cén fáth go bhfuil sé seo sa mBille in aon chor má tá sé de cheart ag duine dul ós comhair cúirte agus Gaeilge nó Béarla a úsáid? Cén fáth go bhfuil an cosc sin curtha sa dlí?

Is dóigh liom go bhfuilimid ag leasú fho-ailt 8(4). Is é atá i gceist ansin ná seo. I gcúirt sibhialta, má thógann tú an cheist i nGaeilge beidh dualgas ar an Stát déileáil leat i nGaeilge. Tá fadhb leis an dlí coiriúil. Abair go mbeirtear ar dhuine i lár na hoíche, go dtugtar é ós comhair cúirte agus go n-iarrann sé go n-éistfear an cás i nGaeilge, díreach ar mhaithe le moill a cur ar an gcás. Bheadh fadhb againn dá bhféadfadh a leithéid tarlú. Is leis an gcineál ruda a sheachaint a déantar idirdhealú idir na cúirteanna coiriúla agus na cúirteanna sibhialta. I gcás cáis sibhialta bíonn am le gach réiteach a dhéanamh le go n-éisteofar an cás i nGaeilge. I go leor cúrsaí coiriúla tarlaíonn an chéad éisteacht ar an dtoirt. Bheadh sé deacair a bheith cinnte nach mbainfeadh aon duine aibhleas as an gceart.

Dá mbeirfear ar dhuine gur Gaeilgeoir é tá sé tábhachtach go bhfeicfear chuige, chomh fada agus is féidir go praiticiúil, go dtógfar an cás i nGaeilge.

Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tá cead iomlán ag an té a tugtar ós comhair cúirte, más cúirt choiriúil nó cúirt shibhialta í, Gaeilge a labhairt agus a bheith cinnte go dtuigfeadh sé gach rud a ndeirtear agus go gcuirtear teangeolaí, agus mar sin de, ar fáil. An dtuigeann an Teachta an difríocht?

Tuigim. Tá an tAire ag iarraidh nach mbeadh deis ag duine atá ós comhair cúirte úsáid a bhaint ag an Acht seo chun trioblóide a tharraingt ar na húdaráis. Níor mhaith an rud é dá bhféadfadh coirpeach, agus é tar éis rud uafásach a dhéanamh, in ann dallamullóg a chur ar an gcúirt. De ghnáth ní bhíonn sé sin i gceist in aon chor.

Tuigeann an Teachta an fhadhb. Abair gur tharla rud tromchúiseach, go raibh an chúirt ag suí i lár na hoíche, nach raibh ach breitheamh amháin ar fáil agus nach raibh ach aturnae áirithe ar fáil ag an Stát. Caithfimid smaoineamh timpeall na gcoirnéal anseo. Abair go bhfaigheann aturnaetha amach gurb é an bealach is fearr le déileáil le cás tromchúiseach mar seo ná iarraidh an cás a reachtáil i nGaeilge, bíodh Gaeilge ag an té ar rugadh air nó nach mbíodh. Dá rachadh an scéala thart go bhféadfadh coirpigh fáil saor ar bhonn teanga ní dhéanfadh sé aon mhaitheas don teanga.

Tuigim níos fearr anois céard atá i gceist. Feicim, freisin, go mbeadh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir choirpeach amháin agus duine eile. Idir seo agus Céim na Tuarascála b'fhéidir go bhféadfaimís teacht ar réiteach a dhéanfadh an t-alt seo a láidriú.

Pléadh an fhadhb seo go mion. Dá mb'fhéidir é a dhéanamh bheadh sé déanta. Ní fheictear domsa nó don Stát gur rud praiticiúil atá ann. Tá faitíos orainn go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as, ó thaobh na Gaeilge de, agus ní féidir liom glacadh leis an leasú. Ar ndóigh, beidh deis againn é seo a phlé arís ar Chéim na Tuarascála má chuireann an Teachta leasú síos arís.

Tuigim an fhadhb atá ag an Aire níos soiléire anois. Is rud amháin é nuair atá duine á chúisiú ach is rud eile ar fad é nuair a bhíonn an trial ar siúl. Tuigim go mbíonn práinn i gceist nuair atá duine á chúisiú. Ach nach bhfuil cearta éigin á bhaint de dhaoine nach bhfuil ag iarraidh an dallamullóg a chur ar an Stát agus ar mhian leo go n-éistfear a gcás i nGaeilge.

Tá an ceart ag an Teachta agus tá sé i gceist agam déileáil leis an gceist atá ardaithe aige. Nuair a thosóimid ag plé leis an tSeirbhís Chúirteanna agus leis an Stát faoi na nithe seo beimid in ann cursaí a chinntiú ins na pleananna ó thaobh Gaeilgeoirí taobh istigh den nGaeltacht agus taobh amuigh den nGaeltacht, agus tá beagnach an oiread céanna cainteoirí dúchais taobh amuigh den nGaeltacht agus taobh istigh. Beidh socraithe á dhéanamh ins na pleananna go gcuirfear an cineál seirbhíse atá i gceist ag an Teachta O'Dowd ar fáil.

An rud atáimid ag iarraidh a sheachaint ná go mbainfí mí-úsáid as an Acht i gcásanna fíor-tromchúiseacha. Is dóigh liom go nglacfadh Teachtaí leis, dá mba rud é go raibh éigniú i gceist, mar shampla, agus gur éalaigh duine as a bheith ciontaithe de bharr an Achta seo, bheimís ar fad sa Teach ag rá nár chuige sin an Bille. Caithfimid a bheith cúramach.

Nuair a bhéas na pleananna á gcumadh beidh deis againn déanamh cinnte éileamh réasúnta ó dhaoine a labhraíonn an teanga agus atá dáiríre faoina n-úsáid sa gcúirt a shásamh. Tá mé diongbháilte faoi sin. Ní bheidh aon éalú uaidh sin.

Tuigim a bhfuil á rá ag an Aire. Aontaím nár cheart go n-éalódh aon duine ón dlí de bharr mí-úsáid na Gaeilge. Déanfaidh mé iarracht idir seo agus Céim na Tuarascála teacht ar fhoclaíocht a ligfeadh don Aire glacadh leis an moladh seo i gcásanna coiriúla. Nílimid ag caint ach ar chásanna a chur ar athló go dtí an chéad chúirt eile chun go bhféadfadh an Stát daoine a fháil a bhfuil cumas na Gaeilge orthu. Ba chóir go léireodh an tAcht go bhfuil an ceart ag daoine an Ghaeilge a úsáid i gcásanna coiriúla chomh maith le cásanna sibhialta.

Ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh soiléir. Má beirtear ormsa, mar shampla, níl aon chosc orm Gaeilge a úsáid agus mé ós comhair cúirte agus caithfidh an Stát seirbhís a chur ar fáil dom. An t-aon rud nach gcaithfidh an Stát a dhéanamh ná féachaint go bhfuil Gaeilge ag an té atá am chúisiú ar son an Stáit, i gcás coiriúil.

Bhí mé ag éisteacht le go leor a bhí ráite agus scríofa faoi cheist na gcúirteanna agus faoin méid breithiúna san Ard Chúirt, mar shampla, a bhfuil Gaeilge acu. Is rud an-mhaith é sin. Beifear ag díriú air ins na pleananna go n-úsáidfear na daoine sin a bhfuil Gaeilge acu dos na cásanna Gaeilge. Lena gceart a thabhairt don tSeirbhís Chúirteanna tá cúrsaí feabhsaithe go mór maidir leis sin. De réir mar a thuigim úsáidtear an líon Gaeilgeoirí atá ann le cásanna Gaeilge a éisteacht agus tá cuid des na breithiúna atá an-mhaith ag éisteacht cásanna teicniula trí Ghaeilge. Is rud íontach é sin.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 24 not moved.

I move amendment No. 25:

In page 16. subsection (4), line 19, after "body" to insert "(including the head of a public body)".

Seo leasú teicniúil a mhol dlíodóir dom. De réir mar a thuigim an scéal, tá an sain-mhíniú ar chomhlacht poiblí beagáinín lochtach. Ciallaíonn comhlacht poiblí Roinn Stáit nó eagras Stáit. Ní pearsantacht dlithiúil é a bheadh ariamh páirteach i gcás cúirte é Roinn Stáit. Is é an tAire an duine a bhíonn mar phairtí do chúrsaí atá os comhair na cúirte. Is é an chomhairle a fuair mé ná gur cheart go mbeadh sé sin soiléir sa Bhille agus san Acht.

Ní sin an chomhairle atá curtha ormsa. Is caint dlíodóra atá i gceist anseo, agus cé chomh toilteach is atá sé os ár gcomhair anseo, ní haon dlíodóir mise. Seo an freagra a fuair mé, áfach. Glactar leis go bhfuil ceann comhlachta poiblí freagrach do Aire Rialtais nó do bhord Stáit i gcónaí. Mar sin, bíonn dualgas air nó uirthi feidhmiú i gcomhréir le polasaithe an Aire agus a mboird. Anuas air sin, tá dualgas agus freagracht air nó uirthi gníomhú thar ceann na Roinne Stáit nó an chomhlachta poiblí i gceist seachas as a gcomhairle féin. Níl an difríocht a cheapann an Teachta a bheith ann idir comhlacht poiblí agus a cheann. Ar na cúiseanna sin, ní léir dom go bhfuil gá leis an leasú sonrach atá molta ag an Teachta, ach má theastaíonn muid, le bheith cinnte, is féidir linn ceist a chur ar lucht dlíthe. Má fhágann an Teachta mar sin é, is féidir é a chur síos aríst ag Céim na Tuarascála. Is féidir leis an Teachta dul ar ais le mo fhreagra atá léite isteach sa tuarascáil agus lena fhreagra féin, agus cuirfimid ceist ar dhlíodóir eile.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 26 not moved.

Tá leasú Uimh. 27 in ainm an Teachta O'Dowd. Tá leasú Uimh. 28 agus 29 gaolmhar leis, agus mar sin, tá muid á gcur le chéile.

I move amendment No. 27:

In page 16, subsection (5), line 30, to delete "a person" and substitute "any witness or any party, other than the State or a public body,".

Tá sé soiléir sa Bhille anseo gurb é an bhrí atá leis an moladh seo ná "ar aon fhinné nó ar aon phairtí, seachas an Stát nó comhlacht poiblí," ionas gur féidir le duine a dteastaíonn uaidh Gaeilge a labhairt é sin a dhéanamh, leis an mbrú ar an Stát nó ar an gcóras poiblí freagra a thabhairt sa teanga sin. Ní hionann "duine" agus "na daoine", agus sin an fáth go bhfuil an leasú sin ann.

Tá sé seo teicniúil, mar a dúirt mé faoin gceann eile. Is éard atá i gceist anseo ná pearsa aonair a chur in ionad duine nó "ar dhuine" mar atá se sa Bhille. Is é an chomhairle a fuair mé ón dlíodóir aríst ná nach féidir iachall a chur ar dhuine fianaise a thabhairt as Béarla nó as Gaeilge san áit a mbíonn "finné de chuid an Stáit", ach tá iachall ar an Stát féin Gaeilge nó Béarla a úsáid de réir mar a oireann sé don chás, agus deir an dlíodóir liom gur cheart go mbeadh sé sin soiléir san Acht.

Beidh mé gasta an babhta seo, ach beidh mé ag iarraidh filleadh air chomh maith. Níl leasú agam, ach tá pointe beag agam. Measaim gur chóir go mbeadh sé soiléir nach duine ar leith atá i gceist agus go mbeadh gach duine clúdaithe sa chás seo. Aontaím le leasú an Teachta O'Dowd. Leanfaidh mé ar aghaidh leis an bpointe faoin gcás eile. I línte 29 agus 30 ar an leathanach céanna, deir sé "cibé teanga oifigiúil a úsáid is réasúnach, ag féachaint do na himthosca". Measaim nach cóir go mbeadh sé sin ann, agus an rud atá á rá agam ansin ná: i gcás nach bhfuil réiteach idir an bheirt faoin teanga ar chóir di bheith os comhair na cúirte, gur cheart don chéad teanga náisiúnta bheith ina "default" teanga sa chúirt. Measaim gur chóir go mbeadh sé sin istigh sa Bhille, mar tugann sé aitheantas don stádas atá sa Bhunreacht, agus measaim go luíonn sé leis an stádas a raibh sé de rún ag na daoine a chuir an Bunreacht le chéile a thabhairt don Ghaeilge - le go mba í an bhunteanga do gach rud. Casaimid ar an mBéarla toisc nach bhfuil an Ghaeilge ar fáil, ach is í an bhunteanga í sa deireadh thiar thall.

Tá leasú Uimh. 29 gaolmhar leis seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí as ucht an leasaithe a chur síos. Tá leasú Uimh. 29 á mholadh agam, agus clúdaíonn sé, a bheag nó a mhór, an pointe seo. Tá an ceart ag an Teachta go gcaithfidh an Stát i gcásanna sibhialta an Ghaeilge a úsáid. Bhí contúirt leis an bhrí a bhféadfadh a bhaint as na focail "a úsáid in aon imeachtaí". Caithfidh an Stát Gaeilge a úsáid. Má thógtar cás sibhialta i nGaeilge, caithfidh an Stát aturnae agus abhcóid le Gaeilge agus mar sin de a fháil.

Abair go bhfuil cás mar sin ar bun agus go bhfuil finné ag an Stát, paiteolaí nó oilteoir raicéid nó rud éigin an-teicniúil ar fad nó go bhfuil air saineolaí eile de shaghas ar bith a thabhairt isteach nach bhfuil Gaeilge aige nó aici. Chaithfeadh an Stát bheith saor le go dtabharfadh an duine sin fianaise sa gcúirt i mBéarla - nó go deimhin féin sa bhFraincis nó sa nGearmáinis nó i dteanga ar bith eile dá mba rud é gur roghnaigh sé an duine a thabhairt isteach ón iasacht. Tá difríocht idir an Stát a bheith ag troid i do choinne i nGaeilge agus go gcaithfidh sé a chuid oibre a dhéanamh i nGaeilge agus bheith faoi gheasa má chuireann sé finné suas nach féidir leis an t-aon teanga amháin a bhféadfadh a bheith ar eolas aige a úsáid.

Tá muid ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh anseo idir úsáid agus fianaise a thabhairt. Tá muid ag tabhairt saoirse fianaise, ach ní bheidh cead ag an Stát taobh amuigh de sin Béarla a úsáid in imeachtaí ina bhfuil Gaeilge roghnaithe ag an taobh eile. Sílim féin gur comhréiteach réasúnta ciallmhar stuama é sin. Glacann sé leis an bpointe, ach ní aithnimid é in áit nach dteastaíonn sé ó éinne ar bith. Sa chás sin, agus an saineolaí is fearr ar domhan ar an ábhar áirithe seo ar fáil don Stát ach gan aon Ghaeilge aige, chaithfeadh muid a rá "Tough luck, you cannot do it." Sin é an fhadhb.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 28 not moved.

I move amendment No. 29:

In page 16. subsection (5), line 31, to delete "use" and substitute "give evidence in".

Tá súil agam go nglacfar leis.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 30.

In page 16, subsection (6), line 34, after "put" to insert "by the court or a public body".

Ní raibh sé i gceist againn ariamh go landálfadh an Stát ag íoc costas a bhaineann le Gaeilge daoine eile. Is ceist don chúirt féin é na costais atá ag taobh amháin nó taobh eile ag an deireadh. An rud atá cosctha sa Bhille seo ná nach féidir leis an mbreitheamh a rá go raibh teangaire curtha ar fáil, agus an bille don teangaire a thabhairt dó. Tiocfaidh na costais ar an ghnáth-bhealach, ach má tá costais ag taobh amháin nó taobh eile ag aistriú doiciméid nó ag plé leis an Ghaeilge, níl an Stát faoi gheasa iad a íoc. Pléifear le costais ar an ghnáth-bhealach, agus ní féidir leis an gcúirt costas a chuir ar dhuine mar gur thug sé an cás i nGaeilge. Sin an rud a bhí i gceist ag chuile dhuine ón tús. Is ceann teicniúil é.

Amendment agreed to.

Tá leasuithe Uimh. 31 agus 32 as ord.

Beidh mé ag teacht ar ais le leasú beag eile ag Céim na Tuarascála. Tá fadhb theicniúil ann. Tá caint ar chóras comhuaineach aistriúcháin sna cúirteanna. Is éard a tharlaíonn ná go ndeireann an duine an rud i nGaeilge agus stopann sé. Bhí mé á úsáid seo an tseachtain seo caite ar fad nuair a bhi mé thall ar an Mór-Roinn. Deireann an teangaire an rud díreach ina dhiaidh. Níl sé sin comhuaineach ach "consecutive", mar a deirtear. Le cúnamh Dé, táimid ag dul a thabhairt isteach leasú beag teicniúil ionas go mbeidh an dá chóras aistriúcháin ceadaithe sa gcúirt. Is pointe beag teicniúil é, ach beidh mé ag teacht ar ais le labhairt air.

Amendments Nos. 31 and 32 not moved.
Question proposed: "That section 8, as amended, stand part of the Bill."

Tuigim go bhfuil na leasuithe sin caite amach toisc nach bhfuil siad in ord, ach bhí lucht na Gaeilge a bhí ag caint liom an-imníoch. Tá imní ar dhaoine ón Ghaeltacht faoi na cúirteanna go dáiríre. Cé go n-admhaíonn siad go bhfuil leasuithe maithe tagtha ar an Bhille, ceapann siad nach bhfuil siad soiléir go leor ó thaobh mhuintir na Gaeltachta de, agus bheadh amhras ar chuid acu dul isteach ann faoi láthair faoi mar atá rudaí. That is notwithstanding all the Minister's good work.

Má bhíonn garda ann nach bhfuil Gaeilge aige, agus é ag déanamh "cross examination" i mBéarla sa chúirt, ní bheidh siad sásta.

Chaithfeadh fear teangan a bheith ann.

Sa Chúirt Dúiche, is é an garda a dhéanann é sin in a lán cásanna. The garda who apprehended the person cross-examines too. Caithfidh an fear sin an jab a dhéanamh.

Bheadh teangaire ann sa méid is lú. Is dóigh liom go bhfeicfidh sibh an treo atá muid ag dul ar ball. Mar shampla, tá sé ráite go soiléir sa mBille go gcaithfidh aon oifig sa nGaeltacht feidhmiú trí mheán na Gaeilge in imeacht ama. An fáth nach bhfuil mé an-tógtha le limistéar a shonrú sa mBille ná go mbeadh sé go praiticiúil - mhínigh mé é seo cheana sa Seanad - faoi mar a dheineadh é sin i gcás Mhaigh Eo gur cuireadh iomlán Gael in Acaill sa gCúirt Dúiche, ach níl leath den oileán ina shíor-aisteoir sa nGaeltacht. Fiú tá MFG tar éis briseadh amach ó theorainn oifigiúil na Gaeltachta. Rud a bheadh i gceist a dhéanamh - is dóigh liom go bhfuil sé níos soiléire ná sna treoirlínte atá agam faoi na pleananna anois agus an rud breise a bheidh á chur isteach ann againn - ná go mbeidh ar na cúirteanna sa nGaeltacht feidhmiú sa nGaeilge, breitheanna le Gaeilge a bheith acu agus mar sin de mar chuid den chóras pleanála. Ní ceist roghnach a bheas ann sin. Tá se soiléir ó na pleananna anois go gcaithfidh siad seirbhís iomlán a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar riachtanais áirithe na Gaeilge sa nGaeltacht go reachtúil. Ní bheidh aon éalú as.

Cén fáth nach bhfuil sé istigh?

Tá sibhse ag iarraidh go mbeidh ceantar riaracháin ann. An fhadhb atá lena chur sa mBille ná go bhfuiltear ag daingniú rud atá liteartha. Tuigim an rud atá i gceist ag an Teachta. Prionsabal atá ann, agus i bprionsabal níl fadhb ar bith agam leis. Mar shampla, dá ndeanfainn socrú leis an gCúirt Dúiche i gContae na Mí go ndéanfadh sí cinnte go mbeadh cléireach cúirte agus breitheamh i gContae na Mí le Gaeilge - go hiondúil bíonn cléireach cúirte agus breitheamh dúiche ann - agus sa gceantar sin ar fad a chlúdaíonn Ráth Cairn agus Baile Ghib agus iad ag freastal ar cheantar na Mí seachas duine as Gaillimh, ní thitfeadh sé de réir an Achta má ghlactar le moladh an Teachta, mar ní bheadh an ceantar Chúirt Dúiche ag teacht leis an limistéar atá roghnaithe agat.

B'fhearr liom an tsolúbthacht atá agaibh i bpleanáil. Tá mé díreach tar éis an sprioc céanna atá ag an Teachta a bhaint amach, ach níl mé ag iarraidh mo lámha a bheith ceangailte faoi cén bealach a dhéanfaimid é. An ndéanfaimid é trí Chúirt Dúiche a bheadh ann ar fud na Gaeltachta nó an ndéanfaimid é, b'fheidir in áit i gContae na Mí agus i bPort Láirge? Ba cheart go mbeadh Cúirt Dúiche Dhún Garbháin ag déanamh cinnte go bhfuil breitheamh agus cléireach cúirte le Gaeilge, agus b'fhearr liom an tsaoirse bheag seo a bheith agaibh, mar tá na Gaeltachtaí éagsúil agus scaipthe.

Ní bheidh aon dul as ag an Roinn Dlí, agus céard a bheas ann ansin?

Tá sé soiléir anseo sna pleananna, go mórmhór más rud nua atá ráite agam. Mar shampla, tá oifig Cúirt Dúiche i nDoire an Fhéidh anois. Ó tharla go bhfuil, caithfidh an oifig sin a fheidhmiú trí mheán na Gaeilge laistigh de thréimhse áirithe, mar tá sé sin scríofa isteach sa leasú atá á thabhairt ar aghaidh agam inniu anois. Níl aon éalú as.

Ní bhfuair mé freagra ar an gceist a d'ardaigh mé faoin teanga oifigiúil nó "default" i gcás cúirte nuair nach mbíonn ceachtar den dá phairtí sásta nó in ann teacht ar réiteach maidir le cén teanga a bheidh i gceist sa gcúirt.

Má tá beirt ag tógáil cás in aghaidh a chéile, ar ndóigh, tógann duine le Gaeilge i nGaeilge é agus duine le Béarla i mBéarla é. Má bhíonn cás ag beirt in aghaidh an Stáit, agus duine amháin ag iarraidh go dtógfar i nGaeilge é agus duine eile ag iarraidh go dtógfar i mBéarla é, tógfar é sa teanga a cheaptar a bheith réasúnach. Tá an Teachta ag iarraidh go mbeadh "automatic default" ann. Abair go bhfuil 1,000 duine ag tógáil cáis, enjoined in a case, and one Gaeilgeoir insists on Irish but the other 999 want it the other way. Bheadh sé réasúnach dá dtógfaí an cás sin trí mheán an Bhéarla.

Question put and agreed to.
SECTION 9.

Tá leasú Uimh. 33 in ainm an Teachta O'Dowd, leasú Uimh. 34 in ainm an Teachta O'Shea agus leasú Uimh. 35 in ainm an Teachta O'Dowd as ord.

Amendments Nos. 33 to 35, inclusive, not moved.
Question proposed: "That section 9 be deleted."

Tá ceist agam air sin. Ta an t-alt sin beagnach go díreach cosúil leis an alt atá ag an Aire ar leathanach 4. Tá sé ag caint faoi leathanach 23 sa mhéid sin, ach tá na focail mar an gcéanna. Ní fheicim cén fáth go bhfuil sé as ord. An bhfuil an tAire as ord freisin?

Níl. Tá cead ag an Aire an rud a dhéanamh atá ag teastáil uaidh. Baineann sé le costas. Táimid ar ais ar cheist chostais aríst. Mar atá ráite anseo, b'fhéidir, le cead an Chathaoirligh, go mb'fhéidir liom dul ar aghaidh le leasú Uimh. 35, mar is dóigh liom go gclúdaíonn sé cuid den phointe.

An bhfuil an tAire ag moladh an ailt seo?

Tagaimis ar ais go leasú Uimh. 35. Tá súil agam go nglacann sé le cuid den rud a bhí á iarraidh ag na Teachtaí go praiticiúil. Tá leasú againn anseo. Caithfidh mé é seo a mhíniú. Beidh muid ag baint ailt 9 amach, agus beidh muid ag cur ailt 13 isteach, atá mórán mar a chéile le halt 9, le leasú air, san áireamh an méid atá á mholadh ag na Teachtaí. Shíl mé go mbainfimis alt 9 amach i dtosach, ach is cosúil go molfaidh mé é sin in alt 13. Tá leasú gan uimhir thíos go mbainfidh muid amach an t-alt nua atá molta ag an Teachta O'Dowd i leasú Uimh. 35. Tá muid ag moladh go mbainfear alt 9 amach. Ná bíodh aon imní ar dhaoine. Tá muid ag dul é a chur ar ais aríst in áit éigin eile.

I ngach slí.

Móite go bhfuil muid ag cur píosa breise leis.

Ní thuigim. Tá alt 9 ag imeacht, agus tá alt 13 ag teacht isteach focal ar fhocal exactly the same. Níl aon difríocht eatarthu. Cén fáth ansin go bhfuil sé seo á dhéanamh?

Tá siad cosúil le chéile.

Nach gciallaíonn alt 35 an rud atá i gceist ag an Aire?

Le bheith soiléir, tá muid ag baint ailt 9 as agus ag déanamh ailt 13 as, mar creidimid go bhfuil sé san áit mhícheart sa mBille. Nuair a thiocfaidh sé ar ais mar alt 13, beidh a bhfuil in alt 9 faoi láthair ann ach amháin go mbeidh sé in áit beagáinín difriúil sa mBille. Níl ann ach ceist oird.

Ní scríobhfar aon rud nua.

In alt 13 mar a sheasann sé, beidh an rud faoin nGaeltacht á thabhairt isteach.

Tá sé cosúil leis an Hokey Cokey.

Tá rud nach bhfuil ann faoi láthair ag teacht isteach.

Is alt nua é.

Tá mé ag baint ailt 9 as, agus aistreofar alt 9 go halt 13. Athróidh sé sin altanna huimhreacha 10, 11 agus 12, mar tiocfaidh siadsan ar aghaidh ceann.

Beidh siad ag dul ar ais. Ní bheidh siad ag dul ar aghaidh, mar beidh alt 10 ag teacht siar go dtí alt 9.

Agus ní go halt 8, agus beidh alt 11 ag teacht go halt 10 agus mar sin de. Tá mé ag dul a chur isteach mír faoin nGaeilge in alt 13 mar a sheasann sé ansin. An rud a bheas á mholadh agam ansin ná ag cinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa nGaeltacht tráth nach dtéann nó cibé áit a chinníonn sé le toiliú an Aire. Beidh mé cinnte go mbeidh sé á rá go bhfuil go dtí an oiread seo de laethanta acu le go n-oibreodh na hoifigí i nGaeilge. Tugann sé sin brí dá bhfuil i gceist sa nGaeltacht.

An mbeimid ag plé ailt 13 nuair a thiocfaidh sé suas? Nílimid á phlé faoi láthair. Tuigim anois.

Question put and agreed to.
SECTION 10.

Tá leasuithe Uimh. 36 agus 37 in ainm an Teachta O'Dowd as ord.

Amendments Nos. 36 and 37 not moved.

Cén fáth a bhfuil leasú Uimh. 36 as ord?

Baineann sé le hairgead.

Ní thuigim. Is é aidhm an Bhille gur féidir le haon duine, má scríobhann sé chuig an Stát as Gaeilge nó Béarla, freagra a fháil sa teanga chéanna.

Tá an leasú as ord, agus mar sin, níl mé ábalta caint faoi.

Tá mé ag fiafraí cén fáth go bhfuil sé as ord. Ní thuigim cén fáth.

Tá sé anseo. Baineann sé le hairgead, mar a dúradh sa litir a fuair an Teachta.

Tuigim cad atá scríofa ann, ach tá mé á cheistiú. Más rud é go bhfuil an Bille ag tabhairt comhionannais don——

As we explained earlier, under Standing Orders, there is a precedent. I know that the Deputy is asking where the money implication is.

It is already included in the Bill. In other words——

It has been ruled out of order on the basis that it requires money.

I do not understand the reason.

It is one of those vicious circles.

The whole principle of the Bill is that such a right should be established. Therefore, I cannot see the reason there is a problem with the amendment.

First, it is not for the committee to go through. The Deputy can make a comment to that effect at the end of the debate on alt 10.

It has been ruled out of order.

It has been ruled of order. The Deputy can speak at the end. Tá leasú Uimh. 38 go dtí 45 in ainm na dTeachtaí O'Dowd agus O'Shea cosúil le chéile, agus mar sin, tá muid á gcur le chéile.

An bhfuil sé sin in ord?

Tá leasuithe Uimh. 38 go dtí 45 cosúil le chéile.

Tá muid ag tógaint leasuithe Uimh. 38 go dtí 45 le chéile, ab ea?

Sin ceart.

I move amendment No. 38:

In page 18, subsection (1), line 32, to delete "may" and substitute "shall".

Tá sé so-fheicthe. Is focal níos fearr é "féadfaidh" ná "déanfaidh".

Cad a dhéanfaidh sé?

Caithfear é a dhéanamh.

Tá fadhb a bhaineann leis seo. De réir mar a thuigim leasú Uimh. 38, aontaím leis an Teachta i bprionsabal. Is é an fhadhb a bhaineann le "déanfaidh" seachas "féadfaidh" ná nach bhfuil aon teorainn leis an líon rialachán go bhféadfadh duine a dhéanamh. Má deirtear go gcaithfidh duine é a dhéanamh, caithfear bheith soiléir cad a chaithfear a dhéanamh. Níl a fhios againn cad a chaitfear a dhéanamh, mar níl aon teorainn leis na rialacháin a bheidh á dtabhairt isteach. Is gnáthchaint dhlíthiúil é gur féidir le hAire rud a dhéanamh. Níl aon teorainn le chomh minic agus a dhéanann sé na rialacháin seo amach anseo go brách. Níl aon chríoch lena chuid oibre go deo, agus níl sé déanta go deo.

Ach in áiteanna eile, cuirtear isteach an focal eile.

Más rud sonrach nó "finite" atá ann, cuirtear seal agus teorainn ama leis. Más rud uileghabhálach é ar féidir a dhéanamh aríst agus aríst eile gan teorainn go brách leis, caithfear "féadfaidh" a chur ann, mar níl na rialacháin ar fad déanta ag an Aire, mar déanann sé smaoineamh ar cheann aríst amach anseo. Ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh soiléir anseo: an fáth go bhfuil an focal "féadfaidh" ann seo. Níl an t-údar a cheapann an Teachta a bheith ann, ar mhaithe le nach gá don Aire é a dhéanamh, ceart - is mar nach bhfuil aon srian ama nó ábhair leis an líon rialachán a bhféadfaidh sé a dheanamh.

I bprionsabal, glacaim go hiomlán leis an leasú atá molta ag an Teachta. De réir na comhairle dlí atá ar fáil dom, áfach, is é an gnáthnós maidir le rialacháin á ndéanamh faoi reachtaíocht ná go n-úsáidtear an focal "féadfaidh" sa reachtaíocht féin. Agus an méid sin ráite agam, is féidir liom deimhniú don Teachta go bhfuil i gceist agam gníomhú a luaithe agus is féidir liom chun na rialacháin áirithe seo a dhéanamh. B'fhéidir nach ndéanfaidh mé gach rialachán san áireamh faoin mír seo go brách, ach beidh rialacháin déanta go réasúnta scioptha. Déanfar iad chomh scioptha agus is féidir. Tugaim geallúint don Teachta go dtabharfar tús áite don obair seo ach an Bille a bheith achtaithe. Sin an chéad rud dá ndéanfaidh mé. Má thagann an Teachta mar Aire i mo dhiaidh, áfach, agus dá mba mhaith leis rialacháin nua a thabhairt isteach, beidh an chumhacht sin aige. Ní bheidh mise ábalta an ghníomh a chríochnú, mar beidh sé oscailte go deo do éinne rialachán nua a dhéanamh faoin mír seo. Sin an bhrí atá leis.

An bhfuil an Teachta O'Shea sásta?

Tá mé beagnach sásta.

Agus an Teachta Ó Snodaigh?

Tá an chumhacht aige chomh maith gan é a dhéanamh, agus sin an fhadhb.

Cinnte, ach abraimis go ndúirt an Teachta go gcaithfeadh sé é a dhéanamh. Is é an fhadbh atá ann ná: ar an bpointe go ndeirtear go gcaithfeadh an tAire rud éigin a dhéanamh, caithfear a rá cé mhéad den rud a chaithfeadh sé a dhéanamh agus cén uair. Bheadh an Teachta ag srianú na cumhachta a bheas ag an Aire go deo am ar bith a theastaíonn uaidh rialachán nua a dhéanamh faoin mír seo. Is pointe leathan dlí é. An bhfuil muid lena rá mar gheall ar bhrú ón bhFreasúra atá á rá nach bhfuil an tAire ag dul a ghníomhú? Creid uaimse, bheadh na Teachtaí nó mé féin nó duine eile de mo chuidse nó duine eile dá gcuidsan ann, agus mura bhfuil muid ag dul a ghníomhú, agus más rud é go ndeachaigh muid chomh fada leis seo le gan ghníomhú agus an dubh a chur ina gheal ar dhaoine anseo, ní dhéanfadh reachtaíocht aon mhaith. Is féidir liom capall a thabhairt chuig an uisce, ach ní féidir iachall a chur ar an gcapall a dhul a dh'ól.

Chonaic mé é sin go minic in a lán Billí agus Achtanna eile a ritear gur fhan siad ansin thuas ar an tseilf agus nach ndéarnadh é mar gheall ar "féadfaidh" seachas "déanfaidh". Measaim gur chóir go mbeadh sé dearfach sa chás seo.

Tá fadhb dlí leis an bhfocal "caithfidh", mar níl sé sonrach cad a chaithfear a dhéanamh.

Dúirt mé go raibh mé beagnach sásta, ach má léitear teideal an ailt, feictear "Dualgas comhlachtaí poibli na teangacha oifigiúla a úsáid". Más rud é go bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí, conas is féidir go bhfuil an focal "féadfaidh" sa reachtaíocht seo?

Tá dualgas oraibh ar go leor bealaí rudaí áirithe a dhéanamh. Tá ceisteanna ardaithe, agus beimid ag éileamh, mar shampla, go mbeidh an Ghaeilge níos mó ná an Béarla nó Gaeilge amháin i gcásanna áirithe. Níl i gceist agamsa scríobh taobh amuigh den Dáil "Irish House of Representatives". Beidh "an Dáil" ann, agus sin an méid, agus ní bheidh Béarla ann ar chor ar bith. Caithfear cumhacht a thabhairt don Aire díriú air, ach tóg rud amháin faoi deara. Níl aon chaint ar Bhéarla amháin. Ba mhaith liom deimhniú anseo nach bhfuil an tsaoirse sin fágtha le tús áite a thabhairt don Bhéarla ach le tús áite a thabhairt don Ghaeilge san áit is cuí é sin a dhéanamh. Tá muinín ag teastáil, ach sin an fáth go bhfuil sé mar sin.

Níl sé soiléir go fóill. Sa teideal, tá an focal "dualgas" ann. Sin an focal a úsáidtear, ach sa téacs, ceapaim go bhfuil rogha ann.

Má dhéanann an tAire an rialachán amáireach go gcaithfidh stáiseanóireacht bheith dátheangach nó, mar a bhíodh fadó i dTithe an Oireachtais, go gcaithfear tús áite a thabhairt don Ghaeilge, tá an rialachán sin déanta, agus tá dualgas oraibh é sin a dhéanamh. Má dhéanfar rialacháin, ar ndóigh, níl dualgas oraibh é sin a dhéanamh, ach by dad, ní bheidh i bhfad ansin. Sin an chéad rud dá ndéanfaidh muid. Sin rud idirghabhálach. Déanfar go scioptha é. Beidh stáiseanóireacht dhátheangach ag chuile chomhlacht.

Arbh fhiú an áit sin a bheith ann in aon chor, ansin?

Is fiú. Cuimhin air seo: má fhaightear cuid den pháipéar atá ag cuid de na heagraíochtaí Stáit anois, theastódh i gcásanna áirithe magnifying glass agus i gcásanna eile microscope leis an Ghaeilge a fheiceáil. I gcuid eile, níl sí ann ar chor ar bith. Tá sé an-simplí é sin a rá i rialachán an-simplí agus idirghabhálach ar stáiseanóireacht. Beidh sé dátheangach ar chómhéid agus i gcomháit ar an leathanach sa gcaoi is nach féidir an Béarla a chur ar an mbarr agus mar sin de. Má áiríonn siad bealach eile lena chur ar chúl nó aon bhealach eile, déanfaidh mé rialachán eile. Sin an fáth go bhfuil an "féadfaidh" ann. Tá mé in ann rialachán eile a dhéanamh. Caithfidh na Teachtaí feiceáil gur ar mhaithe le saoirse a thabhairt don Aire gníomhú go láithreach agus go scioptha agus aon mhí-úsáid a bhaint as trí rialachán eile a chur ina áit atá sé déanta.

Tá tamall beag againn anois.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendments Nos. 39 and 40 not moved.

I move amendment No. 41:

In page 18, subsection (1), line 32, after "that" to insert "oral announcements (whether live or recorded) made by a public body,".

Tá súil agam go n-aontófar é sin.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 42:

In page 18, subsection (1), line 33 and 34, to delete "or so much of the contents".

Amendment agreed to.

I move amendment No. 43:

In page 18, subsection (1), line 34, after "advertisements" to insert "(including advertisements in print, mechanical, electronic or pre-recorded form)".

An bhfuil an t-Aire sásta go bhfuil an Bille ag freastal ar an rud atá agam sa leasú sonrach?

Maidir le leasú Uimh. 43 agus 50, feicim go mb'fhéidir go bhfuil rudaí áirithe ag baint leo, agus ba mhaith liom comhairle a ghlacadh fúthu ón dréachtóir pairliminte. Seans go mbeidh mé ábalta teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le leasú arbh fhéidir leis spiorad an leasaithe seo a chur i bhfeidhm.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendments Nos. 44 to 46, inclusive, not moved.

Sílim go bhfuil sos beartaithe againn go dtí 5.15 p.m.

Cathain a bheimid críochnaithe?

"As long as it takes" is the phrase that comes to mind. We can continue as long as we wish.

Seans gur féidir linn féachaint air sin timpeall 6.30 p.m. nó 8 p.m. Níor mhaith liom brú a bheith orainn anocht chun an Bille a chríochnú - muna bhfuil gach rud curtha as ord ag an Chathaoirleach.

Tá a lán daoine ag fanacht leis an Bhille seo.

Sitting suspended at 2.50 p.m. and resumed at 5.20 p.m.
Amendments Nos. 47 to 49, inclusive, not moved.

I move amendment No. 50:

In page 18, subsection (2), line 39, to delete "or by electronic mail" and substitute "(including by electronic mail)".

Is leasú teicniúil an ceann seo. De réir na comhairle a fuair mé, is sórt scríbhneoireachta é "electronic mail". Is ceist fhocail atá ann ar shlí. Deir an Bille mar atá "or by electronic mail", ach an rud atá i gceist anseo ná gur scríbhneoireacht dá chuid féin é an post leictreonach.

Breathnóidh mé air sin aríst, agus tiocfaimid ar ais ag Céim na Tuarascála. Is féidir é a chur síos ag Céim na Tuarascála, agus breathnóidh mé air idir an dá linn. Sílim féin go bhfuil sé clúdaithe, ach seiceálfaidh mé aríst é.

Tá mé sásta leis sin.

Amendment, by leave, withdrawn.

Tá leasú Uimh. 51 in ainm an Teachta O'Dowd as ord.

Caithfidh mé cur suas leis seo, mar seo an dlí anseo. Measaim nach bhfuil aon slí ann nár chóir go mbeadh an t-Idirlíon as Gaeilge sna comhlachtaí agus Rannóga Stáit, agus ba chóir go mbeinnse in ann caint fúthu anois láithreach. Tá mé ag caint faoi rud atá an-bhunúsach. Tuigim go bhfuil sé nua-aimseartha, ach ba chóir go mbeinnse in ann é a chur isteach sa dlí.

Míneoidh mé é sin. An chaoi a bhfuil an Bille seo ag feidhmiú, níl muid ag déanamh idirdhealú ar an mbealach a sheachadaítear eolas scríofa. Sin le rá, is mar a chéile má chuirtear ar pháipéar nó ar an Idirlíon é. De réir mar a thuigimse an scéal - tá mé tar éis comhairle a ghlacadh air seo, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil mé ceart - más rud é go bhfuil an tuarascáil bhliantúil le dul ar an Idirlíon, caithfidh sé a bheith i nGaeilge agus i mBéarla, mar caithfidh tuarascáil bhliantúil a bheith san dá theanga sin. Abair gur shocraigh Roinn éigin go gcuirfeadh sí ceangal leis an Idirlíon mar chuid de sin. Dá gcuirfeadh sí eolas ar an Idirlíon nach gcaithfeadh a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach i bhfoirm páipéir, ní chaithfeadh sé bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá mé ag ceapadh go bhfuil míthuiscint anseo idir an dá chineál eolais, is é sin le rá an gnáth-shuíomh eolais a bheadh ag Roinn Stáit le stuif ghinearálta agus an t-eolas a bhféadfadh sé sin a thabhairt faoin Roinn ar leathanach ag teacht uaidh sin. Go minic, téitear isteach agus faightear suíomh na Roinne le gnáth-eolas faoin Rúnaí agus an tAire agus mar sin de. Deir sé gur cheart cnaipe a bhrú, mar shampla, le teacht chuig an Roinn Comhshaoil. B'fheidir go mbeadh chuile rialachán dá raibh ann ariamh agus go leor eolais eile ann agus mar sin de. Caithfidh muid bheith cinnte nach bhfuil muid á chur faoin Roinn go gcaithfidh eolas a bheith i nGaeilge ar an Idirlíon nach gcaithfidh bheith i nGaeilge ar pháipéar. Mar sin, níl muid ag déanamh idirdhealú idir na bealaí a sheachadaítear an t-eolas go ginearálta. Tá muid á rá gurb é an t-eolas é féin a chaithfidh bheith i nGaeilge agus i mBéarla nó go bhfuil sé ceadaithe an rud a bheith acu i mBéarla amháin.

Mar shampla, dreachtscéim.

Díreach amháin i ndreachtscéim. Smaoinigh ar ais ar an gcás a thug mé. Tá sé ráite sa mBille anseo go gcaithfidh an tuarascáil bhliantúil bheith i nGaeilge agus i mBéarla. Ní dhéanfaidh sé aon difríocht an é ar pháipéar a dhéantar é a sheachadadh nó ar an Idirlíon. Caithfidh an dá leagan a bheith ar fáil. Tá muid á rá nach gcaithfidh gach rialachán a bheadh ag Roinn a bheith i nGaeilge agus i mBéarla faoi láthair. Is cuma an bhfuil sé sin scríofa nó ar an Idirlíon. Baineann an costas céanna leis. Ní theastódh uaim rud a dhéanamh ar an Idirlíon nach ndéanfainn ar pháipéar nóvice versa. Níl mé ag béimiú ar módh seachadta an eolais ach ar an eolas é féin, agus sin a shocróidh mé - go gcaithfidh sé bheith i nGaeilge agus i mBéarla, i nGaeilge amháin nó i mBéarla amháin.

Amendment Nos. 51 and 52 not moved.
Question proposed: "That section 10, as amended, stand part of the Bill."

I would like to protest about a lán de na rudaí seo. Ní uaimse amháin a tháinig na leasuithe ach ó Chonradh na Gaeilge agus Cumann Náisiúnta na nGaeilgeoirí, agus cheap gach duine go dtí inniu go mbeimis in ann caint fúthu anseo. Sin treoirlíne nach bhfuil mé sásta fúithi, agus ba mhaith liom é a bheith on the record. Níl mé sásta ar chor ar bith leis seo, go mórmhór nuair a deirtear go bhfuil impleachtaí airgid ag baint le rudaí mar seo. Ní dóigh liom go bhfuil a lán ann.

Question put and agreed to.
SECTION 11.

Tá leasú Uimh. 53 in ainm na dTeachtaí O'Dowd agus O'Shea.

I move amendment No. 53:

In page 18, lines 43 to 46, to delete all words from and including "(other" in line 43 down to and including "Schedule)” in line 46.

Sin Sceideal 1, fo-mhir (b), is dóigh liom. Tá a lán comhlachtaí ann a dhíolfar as seo amach. De réir mar a thuigim faoi láthair é, tá an tAire ag tabhairt eisceachta dóibh. He is giving them an exception in order that they do not have to conform to what follows. Tá sé an-tábhachtach, nuair a fheictear cad a tharla in Éircom. B’shin comhlacht de chuid an Stáit, ach tá sé príobháideach anois. Tarlóidh sé as seo amach go ndíolfar Aer Lingus agus comhlachtaí eile, agus tá easpa dualgais orthu an Ghaeilge a úsáid, mar tá siad scartha ón Acht seo. Tá sé scríofa anseo go bhfuil eisceachtaí áirithe ann maidir leis na comhlachtaí seo. Níl muid sásta leis an scéal sin. Seans gur féidir leis an Aire é a mhíniú.

Tá mé sásta leis an méid atá ráite ag an Teachta O'Dowd, agus ba mhaith liom an freagra a chloisint.

Tá an freagra casta agus simplí, más féidir le rud bheith casta agus simplí ag an am céanna. Is mian liom a mheabhrú do na Teachtaí aríst gurb é príomhchuspóir an Bhille seo ná cinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos forleithne agus ar chaighdeán níos airde sa Ghaeilge trí dhualgas reachtúil a chur ar na Ranna Stáit agus ar na comhlachtaí poiblí forálacha ar leith a dhéanamh maidir lena leithéid de sheirbhís a sholáthar i nGaeilge i gcaoi aontaithe. Is mian liom cur in iúl freisin go bhfuil oibleagáidí ag comhlachtaí Stáit don phobal de bharr a gcuid tacaíochta ón Stát thar an méid a mbeifear ag súil leis ó chomhlachtaí príobháideacha.

Ba chóir dom lua go bhfuil súil agam go n-aithneoidh comhlachtaí príobháideacha an buntáiste trachtála atá le soláthar seirbhísí san dá theanga oifigiúil, mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bhig, áit a bhfuil scéimeanna deonacha aontaithe ag comhlachtaí trádála leis an mBord Teanga Breathnaise. Cé go bhforálann an Bille sa gcéad Sceideal do leathnú réimse an Achta amach anseo, do earnála sa ghnáthgheilleagar seachas an earnáil phoiblí, níl comhlachtaí príobháideacha san áireamh go sonrach san fhoráil seo ar na cúiseanna atá leagtha amach cheana féin agam agus freisin ag tógáil san áireamh na costais a bhféadfadh a bheith ag baint leis, a d'fhéadfadh ualach airgid míréasúnta a chur ar na comhlachtaí seo.

Go bunúsach, tá an méid atá á mholadh sa mBille seo bunaithe ar an bprionsabal go ndéilfeálfar le hiar-chomhlachtaí Stáit sa chaoi chéanna atá i gceist agam déileáil le haon chomhlacht príobhaideach atá cosúil leis. Mura bhfuil dualgas ar ghnáthmhonarcha doiciméid a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla, mar shampla, ní cóir go mbeadh dualgas mar sin ar mhonarcha áirithe toisc gur iar-chuideachta Stáit é. Beidh aon iar-chuideachta Stáit a bheidh ag feidhmiú faoi reachtaíocht nó faoi cheadúnas clúdaithe faoi fho-mhír (c) agus (d) feasta. Ar na cúiseanna thuas, ní féidir liom glacadh le leasuithe na dTeachtaí.

B'fhéidir gur féidir liom é seo a mhíniú go simplí. Abair go bhfuil comhlacht ann, mar shampla, comhlacht éigin déantúsaíochta. Tá sé ag déanamh rudaí marmair go príobhaideach. Tá chuile chomhlacht príobháideach eile ag déanamh rudaí as marmar agus tá sé in iomaíocht leis na comhlachtaí príobháideacha eile sin. Tar éis an phríobháidithe, déileálfar leis ar nós gach comhlacht príobháideach déantúsaíochta. Áfach, faoin Acht seo, má dhéantar príobháidiú, mar shampla ar Aer Lingus, a luaigh an Teachta, nó ar an Phost, cé nach bhfuil sé i gceist é sin a dhéanamh——

Éist leis na Progressive Democrats.

Níor mhaith leis é sin. Éalóidís - tá an ceart ag an Teachta - faoin mír seo, ach má bhreathnaítear go cúramach sa Sceideal, feicfear go mbéarfar orthu aríst. Beidh orthu seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge mar a bheidh faoin Bhille seo ag aon dream atá ceadúnaithe ag an Stát mar go bhfuil an comhlacht ag cur seirbhís leathan poiblí ar fáil faoi cheadúnas ón Stát. Tá a fhios agam go bhfuil an chosúlacht air, ach ní mar a shíltear a bhítear. Béarfar ar a leithéidí de Éircom agus Esat faoin mBille. B'fheidir gur drochthéarmaíocht é "béarfar", ach beidh orthu cloí leis an mBille.

Cén mhír den Bhille?

Té chuig an Sceideal ag an chúl faoi (d):

Aon chomhlacht, eagraíocht, nó grúpa eile a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme an phobail i gcoitinne, tugtha dó nó di le haon achtachán nó le haon cheadúnas nó údarás arna thabhairt faoi aon achtachán. Tá Éircom i measc na gcomhlachtaí siúd. Tagann sé faoi cheadúnas an Stáit. Go deimhin féin, tagann na bancanna faoi cheadúnas an Stáit. Beidh oraibh siúd cloí le rialacha ginearálta.

Níl an líne nó an leathanach ar a bhfuil an t-Aire ag tabhairt agam.

Tá brón orm. Leathanach 49, líne 5. An rud atá i gceist agam ná, má dhéantar príobháidiú ar chomhlacht mar Éircom, bheadh sé scoilte faoin Acht atá i gceist ag an Teachta, ach bheadh air cloí le rialacha Gaeilge faoi (d) ansin, mar oibríonn sé faoi cheadúnas ón Stát.

Braitheann sé ar an cheadúnas. Tá an tAire ag caint faoi licence.

Sin ceart, ach mar shampla——

Dá mba rud é go raibh comhlacht gan cheadúnas ann, cad a tharlódh ansin?

Caithfimid bheith cúramach. Ní fhéadfaimis bheith ag feidhmiú sa gcaoi sin. Mar shampla, abraimis go raibh dhá chomhlacht ag déanamh——

——luaithreáin mharmair, nó marble ashtrays, agus go raibh ceann amháin tar éis a bheith in úinéareacht SFADCo, agus gur chomlacht príobháideach i gcónaí é an ceann eile. Rinne príobháidiú ar an gceann a bhí in úinéaracht SFADCo. Ní raibh sé poiblí ní ba mho ach príobháideach. Ní bheadh sé faireáilte go deo go caithfeadh ceann cloí le plean Gaeilge agus nach gcaithfeadh an ceann eile. Bheadh coinníolacha Gaeilge ar cheann nach mbeadh ar an gceann eile. Is éard a dhéanfaidh an Bille seo ná: má dhéantar príobháidiú ar Aer Lingus, rud a luaítear, agus má tá sé sin ag obair faoi cheadúnas, ní hamháin go mbeifear in ann a rá le hAer Lingus go gcaithfeadh leanacht ag déanamh rudaí trí mheán na Gaeilge, beifear in ann an coinníol céanna a rá le Ryanair freisin.

Tuigim cad atá á rá ag an Aire, ach ní aontaím leis. Tá an rud atá agat an-tábhachtach. Abair go bhfuil Gaeilge in úsáid ag an bPost. Is cuma cé hiad an dream atá ann, má dhíoltar an comhlacht sin, agus má bhíonn sé i gcoimhlint le comhlachtaí eile nach bhfuil aon bhrú orthu Gaeilge a úsáid, tá an tAire ag caint faoi airgead seachas faoin nGaeilge. Fiú amháin ma dhíoltar comhlacht atá faoi riarú an Stáit, ba chóir go mbeadh an dualgas céanna air maidir leis na cearta atá ann faoi láthair. Muna bhfuil an tAire chun é sin a dhéanamh, níl sé sásúil, agus ní bheidh cearta ag daoine ar mhaith leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Beidh siad caillte ar fad. Is féidir, nuair a bhíonn na comhlachtaí sin á ndíol, rud scríofa a fháil á rá go leanfaidh siad ar aghaidh leis an nGaeilge. Má tá impleachtaí airgid ag baint leis sin, they can be measured so that one can work out what to do about the issue. Níl mé sásta go bhfuil sé i gceart má dhéileáltar go contráilte agus muna mbeidh Gaeilge ann aríst go deo. Ní raibh sé mar sin ariamh.

Is dóigh liom go bhfuil an pointe seo thar a bheith tábhachtach. Bhí Telecom Éireann againn, agus ansin rinneadh príobháidiú air, agus bhí Eircom againn. Deir ceann de na heagrais Ghaeilge go raibh an troid ann aríst chun an caighdeán agus na seirbhísí as Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag Telecom Éireann a chur ar fáil aríst faoi Eircom. Ceapaim go bhfreastalaíonn na leasuithe seo ar an gcás sin. Féach ar mhír 1(5)(b), áit a bhfuilimid ag caint faoi:

Comhlacht, eagraíocht nó comhlacht poiblí é nó í ar an dáta a dtiocfaidh an Sceideal seo i bhfeidhm ach a thagann faoi úinéaracht phríobháideach agus faoi rialú príobháideach ina dhiaidh sin.

Tá mise ag ceapadh go gcaithfidh go bhfuil slí ann chun an méid atá ann ag am an phríobháidithe a chosaint ionas go mbeidh an méid sin ar a laghad ar fáil. Tá seans an-mhaith ann go mbeidh príobháidiú á dhéanamh ar Aer Lingus, mar shampla, nó Bus Éireann nó Bus Átha Cliath. Tá Gaeilge in úsáid ag na comhlachtaí sin. Nach mbeadh sé tubaisteach nuair a tharlóidh an príobháidiú - tá mise glan ina aghaidh ar aon chuma - dá mbeartódh an comhlacht príobháideach gan aon Ghaeilge a bheith aige nó na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair a laghdú?

Míneoidh mé é. Is iad na comhlachtaí atá luaite ag na Teachtaí na comhlachtaí i gcónaí a shamhlaítear leis an earnáil phoiblí. Ní bheidh aon athrú óna dtaobh de, mar béarfar oraibh faoin Sceideal. Beidh chuile cheann acu siúd faoi achtachán nó faoi cheadúnas ón Stát go brách na breithe. Is iomaí comhlacht Stáit a raibh fo-chomhlacht aige. Is cuimhin liom nuair a bhí an Copthorne chain de óstáin ag Aer Lingus, mar shampla. Bíonn go leor comhlachtaí ann a mbíonn fo-chuideachtaí acu ar gnáthchuideachtaí trádála iad, mar shampla, monarchanna nach iad an chuid a shamhlaigh na Teachtaí a bheith in úinéaracht an Stáit. Is iad na comhlachtaí sin an t-aon chineál comhlachta a d'fhéadfadh dul saor ón Acht. Ní dhéanann ach an rud ceanann céanna agus a dhéanann comhlachtaí príobháideacha eile. Ní hamháin go mbeidh ar aon cheann de na comhlachtaí móra a shamhlaíonn na Teachtaí, mar shampla, Bus Éireann agus Aer Lingus, cloí leis an Acht, ach is féidir aon dream atá príobháideach i láthair na huaire agus atá ag obair faoi cheadúnas a thabhairt isteach faoin dlí freisin. Tá na Teachtaí ag samhlú nach samhlaím seo. Tá sé breá go mbeidh sé ann. Dá mbeadh a leithéid ann, ní hamhain go gcaithfeadh sé sin tarlú, ach bheadh Nestor's, Barton's and Lough Swilly buses ag imirt ar an glcluiche céanna, mar bheidís faoi cheadúnas an Stáit. Beidh like with like.

D'fhéadfadh fadhb a bheith ann ó thaobh cúrsaí iomaíochta de le haon rud a chuireann costas mór ar chomhlacht príobháideach amháin gan a chomhionann de chostas a bheith ar chomhlacht eile. Mar is eol do na Teachtaí ón rud a bhí ina Acht ach a rialadh as áit, ní féidir ach oiread i dtaca le comhlachtaí príobháideacha an iomarca costais a chur oraibh, mar d'fhéadfaí é a rialú as áit, agus tharla sé sin sa mBille Míchumais. Dúradh nach féidir an iomarca costais a chur ar dhaoine ó thaobh, mar shampla, seirbhísí dóibh siúd atá ar mhíchumas de.

Ní ghlacaim leis an argóint sin. Ní fhéadfá bheith ag súil go mbeadh Lufthansa faoi réim an Achta seo, agus is féidir an argóint a chur amach ansin nár cheart go mbeadh aon bhrú ar Aer Lingus muna mbeadh an brú céanna ar na haerlínte eile. Ní hé sin go díreach atá i gceist anseo, áfach. Má bhíonn seirbhís á cur ar fáil, níl aon bhrú dlí faoi láthair ar Aer Lingus nó Bus Éireann na seirbhísí seo a chur ar fáil. B'fhéidir go bhfuil brú de shaghas éigin ann, ach ní brú dlí é. Inniu, tá Aer Lingus againn, agus amáireach, níl a fhios agam cén t-ainm a bheidh air tar éis príobháidithe. An stopann gach rud an lá ina dhiaidh sin?

Má bhíonn sé faoi cheadúnas, ní stopfaidh sé. An féidir leis an Teachta aon cheann de na comhlachtaí móra poiblí seo a ainmniú nach bhfuil ceadúnas aige? Tá go leor comhlachtaí beaga atá go teicniúil faoi úinéaracht an Stáit, mar shampla, gnáthchomhlachtaí déantúsaíochta. Bhí siad in úinéaracht Údarás na Gaeltachta. Glacaim leis go bhféadfadh sé tarlú go bhfuil go leor comhlachtaí príobháideacha in úinéaracht SFADCo, mar shampla. Tá comhlacht aige seo agus comlacht aige siúd - gnáthchomhlachtaí trádála. D'fhéadfadh factories a bheith acu. An idea atá ann seo ná gur féidir linn trí (d) é a dhéanamh do na comhlachtaí ar fad atá i gceist ag na Teachtaí. Ag an am céanna, má bhíonn mion-factory éigin thíos i gContae an Chláir a tharlaíonn a bheith in úinéaracht phoiblí a phríobháidtear ach atá in iomaíocht le duine eile síos an bóthar sa ghnó céanna, nach mbeidh ceann amháin ceangailte le coinníolacha nach mbeidh ar an duine eile? Sin an méid atá á rá ag an mBille. D’fhéadfaimis dul ar ais air seo idir seo agus Céim na Tuarascála. Má smaoiníonn na Teachtaí air, sílim go bhfeicfidh siad go bhfuil an rud a bhí siad ag iarraidh a chinntiú cinntithe cheana féin sa mBille ach nach bhfuil sé an-fheiceálach. Tá údar leis go bhfuilimid á dhéanamh ar an mbealach seo, mar scaoileann sé dreamanna ó dhualgas nach raibh i gceist ag na Teachtaí greim a fháil oraibh ach oiread.

Tuigim cad atá á rá ag an Aire. An féidir leis cinntiú go bhfuil sé sásta smaoineamh air seo aríst agus teacht ar ais ag an chéad chéim eile den Bhille?

Tá mé sásta, má theastaíonn ón Teachta an leasú a chur síos aríst.

Measaim go bhfuil prionsabal ann anseo, agus níl sé 100% soiléir dom.

Molaim é seo. Is féidir leis an Teachta an leasú a chur síos aríst ar an Tuarascáil. Caithfidh mé a rá go bhfuil muid tar éis dul tríd an cheann áirithe seo agus cros-léamh a dhéanamh agus mar sin de idir (b) agus (d). Beidh deis ag na Teachtaí smaoineamh air, agus is féidir leo an leasú a chur síos aríst ag Céim na Tuarascála. Idir an dá linn, déanfaidh mise machnamh air, agus is féidir leis na Teachtaí machnamh a chur air. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé cinnte, má léann siad (d) sa Sceideal nuair a bheidh am acu, go bhfeicfidh siad nach bhfuil aon bhob nó aon rud scioptha á dhéanamh anseo ach go bhfuil an rud a bhfuil imní orthu faoi clúdaithe faoi (d).

Ba cheart dóibh ceist a chur orthu féin ansin cén fáth a bhfuil muid á dtabhairt amach agus á dtabhairt isteach seachas iad a choinneáil istigh. An fáth atá leis sin ná go bhfuil, mar shampla, tiddlywink factory ann. Níl muid ag iarraidh go mbeidh tiddlywink factory príobháideach a tharla gur leis an Stát é an chéad lá á dhéanamh go deo agus é ag iarraidh comórtas a dhéanamh le tiddlywink factory eile. Tá an-difríocht idir é sin agus leithéidí CIE, Aer Lingus agus iad siúd, dá dtarlódh sé.

Tá freagra gairid amháin uaim. Níl a fhios agam go beacht céard go díreach a tharla nuair a cuireadh Éircom ar fáil, ach más rud é go raibh sé ag laghdú na seirbhísí a bhíodh á gcur ar fáil trí mheán na Gaeilge, ní raibh sé ag déanamh rud ar bith a bhí in aghaidh a cheadúnais ag an am sin.

Ní raibh mo Bhille ann, ach dá mbeadh an Bille ann, ní hamháin go mbeadh dualgas ar Éircom, bheadh an dualgas céanna ar Esat. Smaoinigí air seo go ceann soicinde. Caithfear na rudaí a bhí ag déanamh imní dúinn a scríobh isteach sa mBille. Tá seirbhísí as an nua ar fad nach ó Éircom nó Esat iad, mar shampla ó NCT, a dhéantar comhlacht príobháideach. Caithfimid bheith cinnte, go díreach agus go hindíreach agus ar gach bealach, go bhfuil dualgas ar na dreamanna atá faoi cheadúnas ón Stát i leith na Gaeilge. Is é (d) an bealach lena dhéanamh sin. Níor tharla sé nuair a rinneadh príobháidiú ar Éircom. Ní hamháin go mbeidh orainn déileáil le hÉircom, ach caithfimid déileáil le gach comhlacht eile go comhionann, mar shampla, Esat agus Meteor. Caithfimid déileáil leo siúd ar an gcaoi chéanna, agus beidh sé cothrom. Beidh deis againn dul chuig an earnáil phríobháideach maidir leis na cinn mhóra náisiúnta atá faoi cheadúnas sa Stát.

Amendment, by leave, withdrawn.

Tá leasuithe Uimh. 54 agus 55 gaolmhar, agus mar sin, tógfaidh mé le chéile iad.

I move amendment No. 54:

In page 18, between lines 47 and 48, to insert the following:

"(a) any form that has to be completed by any person including the directions for completing the form;”.

Ceapaim go bhfuil sé fusa a fheiscint céard atá i gceist anseo. Ba cheart go mbeadh aon fhoirm atá le comhlánú ag duine den phobal nó ag comhlacht eile agus na treoracha a ghabhann leis an fhoirm sin as Gaeilge. Tá mé ag déileáil anseo le any document setting out public policy proposals. Teastaíonn uainne cur isteach roimhe sin "aon fhoirm a bheidh le comhlánú ag aon duine lena n-áirítear na treoracha chun an fhoirm a chomhlánú;". Tá muid ag déileáil anseo le dualgas comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach san dá theanga oifigiúl. Ní dóigh liom go bhfuil sé ag iarraidh an iomarca má tá gach rud chomh maith leis na treoracha ar fáil as Gaeilge freisin.

Tá muid ag iarraidh go mbeadh na foirmeacha agus na treoracha a bhaineann leis na foirmeacha sin as Gaeilge, agus tá sé sin so-fheicthe.

Ní hamháin na foirmeacha ar cheart do dhaoine a chomhlánú, ach foirmeacha eile atá eisithe ag na húdaráis, mar shampla, fíneáil pháirceála a fuair mé le déanaí i dTír Chonaill. Bhí sé go huile is go hiomlán i mBéarla. Ba chóir go mbeadh dualgas ar na húdaráis áitiúla nó na gardaí na foirmeacha seo a dhéanamh dátheangach ar a laghad. Ba chóir go mbeadh sé sin istigh ansin le go mbeadh gach uile fhoirm, mar shampla, foirm suirbhé nó a leithéid, ar fáil go dátheangach nó ar a laghad as an teanga náisiúnta. Ina dhiaidh sin, más gá, bheadh sé ar fáil san darna teanga oifigiúil. Agus mé ag féachaint ar an Sceideal ar a raibh na Teachtaí ag labhairt, ba léir gur scríobhadh as Béarla ar dtús é, mar tá sé in ord aibítear an Bhéarla seachas aibítear na Gaeilge. Caithfidh muid ár meon a athrú i gcónaí chun tús áite a thabhairt don Ghaeilge toisc gurb í an teanga náisiúnta í. Ba mhaith liom go mbeadh gach uile shórt foirme ar dtús as Gaeilge. Níl mé ag lorg go mbeadh gach uile dhoiciméad teicniúil ag teacht ó thír eile go huile is go hiomlán i nGaeilge, ach na doiciméid ar gnách linn déileáil leo mar phobal. Is gá dúinn iad a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig na cigirí cánach nó a leithéid, agus ba cheart go mbeidís dátheangach nó ar fáil as Gaeilge.

I bprionsabal, glacaim go hiomlán leis an rud atá an Teachta ag iarraidh a bhaint amach. Sílim féin, áfach, nach sin an bealach ceart leis an rud a dhéanamh. Beidh orm déileáil le ceist na bhfoirmeacha, ach ar bhealach an-chuimsitheach ar fad. Dá mba rud é go ndúirt mé go gcaithfeadh chuile fhoirm a aistriú nó a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, bhreathnódh sé sin simplí. Ar an gcéad dul síos, áfach, chuile sheans go gcuirfí leagan Gaeilge agus leagan Béarla ar fáil ach go bhfágfaí an leagan Gaeilge faoin deasc agus nach léifí go brách é. Mar Theachta, má theastaíonn uait an fhoirm a líonaimid chuile bhliain ag liostáil na leasanna ar fad atá againn a chomhlánú i nGaeilge, bíonn ort fios a chur air. Rinne mé an chéad bhliain i nGaeilge é agus chuir mé ar fáil é. Nuair nach mbím faoi bhrú, líonaim i nGaeilge i gcónaí é. Ní líonaim i mBéarla é, ach líonaim an fhoirm Béarla i nGaeilge. Teastaíonn uainn déileáil leis an gceist seo go cuimsitheach trí rialacháin agus trí phleanáil. Ceann de na rudaí atá lárnach do fhíor-úsáid, ní hamháin go mbeidh na foirmeacha dátheangach, ach gur nós é go mbeidh an Béarla agus an Ghaeilge taobh le taobh nó ar an aon bhosca amháin, más foirm atá ann. Tá an leagan amach fíor-thábhachtach má tá i gceist go n-athróidh daoine an nós bheith ag líonadh foirmeacha Béarla amháin go foirm Gaeilge agus Béarla. Mar a dúirt cuid de na daoine anseo - tuigim é seo - de bharr nach n-úsáidtear Gaeilge go hoifigiúil chomh rialta agus a úsáidtear an Béarla go hoifigiúil, bíonn fadhbanna ag daoine le focail nua nach bhfuil tógtha ón gcaint agus nach bhfuil daoine, fiú gur Gaeilgeoirí líofa iad, i dtaithí orthu mar nach bhfuileadar in úsáid ar chláracha ar an raidió.

An fhadhb eile a bhaineann leis seo ná - ag teacht ar ais ar fhadhbanna rialacháin - ná go bhfuil roinnt áirithe foirmeacha a úsáidtear go laethúil, mar shampla, an fhoirm chun ceadúnas tiomána a fháil. Tá roinnt áirithe foirmeacha eile sa Stát seo atá an-fhada agus an-chasta. Béarla nó Gaeilge, b'fhéidir nach n-úsáidtear ach trí chóip díobh. Chuala mé caint faoi cheann VAT in áit éicint, ach níl a fhios agam cé mhéad leathanach a bhí ann. Úsáidtear b'fhéidir trí nó ceathair de lucht iompórtála sa mbliain é. Aríst, tá muid ar ais ag an dualgas a bhaineann leis sin. An rud a bhí agus atá i gceist agam a dhéanamh anseo ná díriú ar na foirmeacha atá in úsáid go coitianta ar fud na tíre, an fhoirm cánach, go mórmhór uimhir 12, an ceann PAYE a úsáideann beagnach gach duine, an fhoirm do cháin bhóthair, na foirmeacha ceadúnais agus foirmeacha faoi iarratais pleanála.

D'ainneoin sin, caithfidh muid déanamh cinnte go ndéanfar an obair seo de réir spec a leagaimid síos go sonrach i dtaobh an chaoi go mbeadh leagan amach na bhfoirmeacha in oiriúint don phobal agus go gcothódh sé nós na Gaeilge. Beidh orm plé le saineolaithe ar an gceist seo le fáil amach go díreach cé acu an leagan amach de fhoirm is mó a chinntíonn go mbainfeadh daoine le Gaeilge úsáid as an leagan Gaeilge den Bhille ag dul don fhoirm agus go líonfaidís an fhoirm i nGaeilge.

Tá sé deacair é sin a scríobh isteach i mBille. Mar sin, tá na cumhachtaí agam faoin mBille na rudaí seo ar fad a dhéanamh, ach bheadh sé ró-fhadálach gach ceann de na specs sin a scríobh isteach sa mBille, agus sin an fáth go bhfuilimid ag fágáil na cumhachta againn an rud a dhéanamh seachas mion-chur síos a dhéanamh i mBille ar an mbealach a ndéanfaidh muid é. Bhí rud eile a bheadh i gceist agam a dhéanamh - is dóigh liom ceann de na rudaí ar éirigh linn a dhéanamh. D'ardaigh an Teachta O'Shea ceist ag tús an lae inniu. Sílim gur ceann de na fáthanna go bhfuil glactha go ginearálta leis an mBille seo ná nár éirigh leo siúd a d'fhéadfadh bheith ina choinne breith ar rudaí a bhí áiféiseach agus nach raibh aon dearbh leo, mar go bhfuil muid in ann an próiseas a thabhairt ar aghaidh céim ar chéim.

Mar sin, an rud a bheadh i gceist a dhéanamh, mar go bhfuil acmhainní teoranta ag daoine maidir le pearsanra agus mar sin de, ná rá leis na grúpaí agus comhlachtaí éagsúla go gcaithfidh siad tosnú agus i dtosach báire na foirmeacha is mó úsáide ag an bpobal a aistriú go Gaeilge. Laghdaimid an teora de réir a chéile, agus sa deireadh thiar thall, tiocfaimid go dtí pointe nuair a bhíonn gach ceann i nGaeilge agus i mBéarla. Má tá 90% den phobal 90% den am ag baint úsáide as líon réasúnta teoranta foirmeacha, b'fhearr tosnú leo sin agus slacht a dhéanamh orthu agus ar bhealach a n-úsáide. Sin an teoiric atá agamsa, ar aon bhealach. Tuigfidh an Cathaoirleach má thugaim sampla. Tá aithne agam ar dhream amháin cois teorainne a bhfuil foirm acu. Tá 58 leathanach sa bhfoirm sin, ach b'fhearr liom tosnú leis na foirmeacha dhá leathanach a bhfuil an-úsáid laethúil astu, mar is beag gnáthdhuine atá ag líonadh foirme 58 leathanach. Sin anraison d’être don gcur chuige seo.

Glacaim le rud amháin atá ráite ag an Aire, ná go bhfuil foirmeacha ann go fóill atá ró-chasta. Ní gá dóibh bheith chomh casta is atá siad. Rith sé liom, más rud é go mbeimid ag déanamh aistriúcháin ar na foirmeacha sin, nach dóigh liom gur bóthar maith é sin le taisteal. Maidir le feabhsú na bhfoirmeacha Béarla agus Gaeilge, caithfear leanúint ar aghaidh leis an obair. Glacaim freisin leis an méid atá á rá ag an Aire gurb iad na foirmeacha a bhíonn i ngnáth-úsáid ag daoine na cinn tosaigh ar cheart dúinn a aistriú. Bíonn treoracha thar a bheith tábhachtach, go mórmhór le seandaoine, agus tá an-chuid daoine sa tír seo go fóill, mar is eol dúinn go léir mar Theachtaí Dála, a bhfuil eagla orthu roimh fhoirmeacha, agus bíonn cabhair de dhíth ar dhaoine i gcónaí. Glacaim leis an méid atá ráite ag an Aire faoi na cinn atá i ngnáth-úsáid a aistriú i dtosach báire, ach céard faoi na treoracha a chur isteach leosan?

Níl aon mhaith i bhfoirm gan treoir. Aon fhoirm a aistreofar, cathfear an treoir a théann leis, mura bhfuil sé ar an bhfoirm féin, a aistriú in éinneacht leis. Dá mbeadh bileog ann le treoracha agus bileog le foirm, go deimhin féin, níor mhaith liom agus lucht na feilméireachta anseo é sin. An bhfaca sibh ariamh na treoracha a bhaineann le cuid de na scéimeanna, an scéim bád sheoil, mar shampla? Tá leathanach i ndiaidh leathanaigh de mhion-treoracha Eorpacha. Bíodh sé mar atá, beidh oraibh í a aistriú go Gaeilge, mar is foirmeacha iad sin atá in úsáid an-choitianta. Beidh oraibh an treoir a dhéanamh má chaitear an fhoirm a dhéanamh. Níl aon cheist faoi sin. An t-aon rud nach bhfuil mé ag glacadh leis ná any form, mar ciallaíonn sé sin gach foirm dá bhfuil ann in áit ar bith sa tír, is cuma a laghad úsáide, agus go gcaithfear é a dhéanamh go láithreach. Níl sé indéanta ach de réir a chéile. Tá dearmad déanta freisin go bhfuil sé ráite maidir le seirbhís agus pleananna go bhfuil soláthar ann le rudaí áirithe a dhéanamh trí Bhéarla amháin ag an tús ach gur gá don gcomhlacht bheith ag pleanáil roimhe leis na seirbhísí a leathnú go leanúnach, agus tá sé sin scríofa isteach sa mBille. Deir an t-Ard-Aighne gur riachtanas bunreachtúil é sin, go caithfear é sin a dhéanamh agus nach bhfuil aon éalú uaidh. Ní féidir liom rá go ndearna muid ceithre fhoirm agus gur sin é. Caithfidh siad i gcónaí bheith ag pleanáil le seirbhísí a leathnú amach go dtí go mbeadh chuile sheirbhís dátheangach.

Agus ó thús báire, ba mhaith leis an Aire go mbeadh an leagan Gaeilge de na foirmeacha ní b'fhearr nó ní ba sho-thuigthe ná an leagan Béarla. Is féidir é sin a bhaint amach. B'fhéidir go bhféadfaimis sampla a thabhairt.

Thiocfainn leis an Teachta go mór. Bím i gcónaí á rá gur cheart go mbeadh foirmeacha i gcaint na ndaoine. Tugaim roinnt samplaí den rud a dúirt an Teachta go simplí i nGaeilge, agus ansin cuirtear focal amháin Gaeilge air nach bhfuil i ngnáth-chaint an phobail. Ceapaim féin freisin go bhfuil an leagan amach dátheangach an-úsáideach do dhaoine, mar tá seandaoine ann, go mórmhor sa nGaeltacht, atá níos cleachtaithe ar an mBéarla a léamh ná an Ghaeilge de bharr cúrsaí staire. Tá a fhios agam ó bheith ag déanamh oibre ar an talamh, gur maith leo é a léamh i nGaeilge ach bheith cinnte go bhfuil cross-reference acu leis an dá theanga taobh le taobh. Sílim féin nuair a bheidh sé seo achtaithe go mbeidh go leor oibre le déanamh againn, agus glacaim leis go mbeidh cruinniú coiste ag plé rudaí mar seo. Cén bealach is fearr é seo a dhéanamh tarraingteach? Cén bealach is fearr foirmeacha a leagan amach? Cén chaoi is fearr? Tuigeann na Teachtaí féin na rudaí a bhíodh ag tarlú. Bíonn na foirmeacha ar fad ar an deasc i mBéarla, agus má bhítear ag iarraidh foirme as Gaeilge agus muna mbíonn a leithéid acu, deir siad go bhfuil ceann anseo, ach ní bhíonn sé os do chomhair. Dá mbeadh an ceann suas as Gaeilge agus Béarla, go deas, an bheirt acu mar a chéile ar chomhchaighdeán agus mar sin de, bheadh sé an-éasca tosnú i nGaeilge.

Tá focal amháin deiridh air seo. Bhí sé an-spéisiúil obair dáilcheantair a dhéanamh i gConamara. Ar an gcéad dul síos, beidh tú ag caint leo, agus beidh foirm, abair de chuid an chomhairle contae, le líonadh, agus ceann don Ghaeltacht. Is é an traidisiún atá ann go dtí seo ná go bpioctar suas ceann na Gaeltachta agus go líontar i nGaeilge í. Is é Pádraigín Ní Mhurchú nó Pádraig Ó Murchú atá agat. Ansin piocfar an fhoirm Bhéarla den chomhairle condae suas agus go tobann Patrick Murphy agus Patricia Murphy atá ann. Tá ceann amháin acu i nGaeilge agus ceann amháin i mBéarla agus nuair a líonann siad foirmeacha, deir siad an síneofar i nGaeilge nó i mBéarla é? Caithfimid imeacht ón nós sin. Beidh próiseas le dhul fríd agus sílim gur aistriú na bhfoirmeacha agus iad a dhéanamh go deas, dearfa eochar na ceiste seo.

Dá mba rud é nach mbeadh Aire ann agus suim aige sa rud seo, ní bheadh aon fhoirm ann.

Faoin mBille, ní fhéadfadh sin a tharlúint.

Más rud é nach féidir, má tá easaontas idir an Aire agus an Rannóg Stáit nó an comhairle condae, cad a tharlóidh ansin?

Caithfidh an comhlacht sa gcás sin dhul de réir na treoirlínte a deir go gcaithfear seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá siad réasúnta sonrach cad é a chaithfidh a dhéanamh, go mór mór i gcomhthéacs na Gaeltachta - caithfidh seirbhísí bheith ar fáil.

Ach cad má tá easaontas ann?

Caithfear é a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh easaontas idir an Aire agus an comhlacht, go raibh sé soiléir nach raibh an comhlacht ag dul de réir na treoirlínte reachtúla atá san Acht agus go raibh ar an Aire dhul chuig an Dáil a fhógairt go raibh comhlacht ag diúltú an rud atá san Acht a d'achtaigh muid a chomhlíonú, tá a fhios againn cad a dhéanfadh an Freasúra. Sheasfadh ball de suas sa Dáil agus chuirfeadh sé ceist ar an Aire a bheadh freagrach as an chomhlacht sin an bhfuil sé ag seasamh le comhlacht atá ag briseadh an dlí.

Ní féidir, áfach, an dualgas a chur ar an chomhlacht an fhoirm a éisiú i nGaeilge.

Tá muid ag dul ar strae.

Tá ceisteanna mór le plé ar an ábhar seo.

Caithfidh an comhlacht é seo a dhéanamh.

Cosúil lena lán rudaí eile, tá an tAire ag cur constaicí os ár gcomhair. Is féidir déileáil le ceist foirmeacha go simplí. Sa lá atá ann inniu, tá a lán foirmeacha ar ríomhaire agus ní dhéanann duine ach cnáipín a bhrú agus tá na foirmeacha ann i nGaeilge, i mBéarla nó aon teanga eile. Muna bhfuil siad fiú in úsáid go laethúil, tá siad fós ar an ríomhaire ag fanacht ar pé duine atá ar a lorg, is cuma an bhfuil leathanach amháin iontu nó 200 leathanach. Tá siad ann do dhuine amháin fiú atá ar a lorg chun iad a líonadh as Gaeilge agus tá faill aige nó aici láithreach sin a dhéanamh. Ró-mhinic, chuaigh mise ar lorg foirmeacha i nGaeilge agus bhí siad thíos faoin gcúntóir nó ní féidir teacht orthu, go háirithe i stáisiúnaithe Garda, áit a sílfeadh duine go mbeadh an Stát chun tosaigh.

Tá an tAire ag caint faoi phleanáil ach tá seo in ainm is a bheith déanta ó bunaíodh an Stát ach níl na foirmeacha ar fáil. Muna tógfaimid go bhfuil an ceart ann ó thús, sin é, beimid ag déanamh iarracht teacht ar an cheart seo de shíor, beimid ar lorg billeoga agus ní bheidh ach seans beag ann go mbeidh fiú leath díofa aistrithe. Is féidir leagan amach comhthreomhar a dhéanamh. Sin dóigh phraiticiúil ar féidir déileáil leis tríd na treoirlínte.

An cheist anseo ná go bhfuil muid ag rá go díreach do na comhlachtaí Stáit go gcaithfidh siad, agus más gá tabharfaimid tréimhse cúig bliana dóibh, na foirmeacha a chur ar fáil i nGaeilge. Más mian leis an Aire go bhfuil na leaganacha ar an doiciméid céanna, tá sin fine ach ba cheart go mbeadh saoránach, agus an ceart aige de réir an Bhunreachta seo a bheith aige, in ann sin a fháil. Muna bhfuil sin ann, tá muid ag rá go bhfuil sé sa dara háit ach má tá go leor daoine ar a lorg, beidh siad in ann iad a fháil láithreach.

Ní theastaíonn uaim dhul chomh fada leis seo. Tá an t-uafás uafásach foirmeacha agus treorachaí ar fhoirmeacha sa Stát. Beidh job ollmhór chuile cheann acu a aistriú láithreach ach baintear i bhfad níos mó úsáide as cuid acu ná an chuid eile.

Ní aontóinn leis an Teachta faoi rud eile. Ní díreach le seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí atá á n-éileamh atá an Bille seo - ní leor go bhfuil an rud ar fáil don duine a chuireann de dhua air féin dhul ar a thóir. Tá an Bille seo ann leis an nGaeilge a láidriú i measc an phobail agus é a dhéanamh eascaí don phobal. Tá rud amháin foghlamtha agam i gConamara le blianta fada agus seans nach dtaitníonn sé le daoine - an gnáthphobal amuigh ansin ar cainteoirí dúchasacha Gaeilge iad, déanann siad an rud eascaí. Más é an rud eascaí an fhoirm le haghaidh deontas tithíochta Gaeltachta a líonadh trí Ghaeilge agus deontas labhairt na Gaeilge a líonadh trí Ghaeilge, déanann siad sin, agus má tá sé níos eascaí an ceann Béarla a líonadh le ceadúnas tiomána a fháil, déanann siad sin. Má tá muid i ndáiríre ag iarraidh na nósanna a athrú, seachas go mbeidh an fhoirm ar fháil don díogroiseoir, caithfimid díriú ar an chur i láthair.

Eochar na ceiste ó thaobh na Gaeltachta de ná go mbeidh cainteoirí dúchasacha ag cur seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge in oifigí Gaeltachta - na comhairlí condae agus an Roinn Talmhaíochta agus Bia mar shampla. Feicim nuair a thagann sé d'Údarás na Gaeltachta agus mo Roinn go bhfuil sé de nádúr iad a líonadh trí Ghaeilge mar tá na heagrais ag feidhmiú trí Ghaeilge ach is é an nós é a dhéanamh trí Bhéarla le Comhairle Condae na Gaillimhe mar tá an eagraíocht go bunúsach ag feidhmiú trí Bhéarla agus beidh go ceann i bhfad mura dtiocfadh míorúilt sa tír.

Tá an Bille seo an-dírithe ar nósmhaireacht na héascaíochta a chothú. Sna 15 bliana atá caite isteach agam mar ionadaí poiblí tá m'oifig dháilcheantar rite go hiomlán ag dream atá inniúil sa dá theanga. Níl a fhios agam cé mhéad duine a bhaineann triail as sin ach an toradh atá air sin ná the default language becomes Irish nuair a thagann daoine isteach. Dá mbeadh an oifig rite trí Bhéarla, the default language becomes English. Níl muintir na Gaeltachta ag dul as a mbealach ar lorg foirmeacha nach bhfuil ar fáil go héascaí, intuigthe agus leagtha amach go breá. Sin mo thaithí de 15 bliana ag plé leo. Má ta muid ag iarraidh go n-úsáidfí foirmeacha Gaeilge, caithfimid dul an bóthar atá á moladh agam.

Tá an ceart ag an Aire, caithfear na foirmeacha a úsáid. Muna bhfuil siad ann ó cheart, áfach, níl an Bille ag láidriú na Gaeilge. Níl an ceart agam aon fhoirm a fháil láithreach i nGaeilge.

Tá an ceart ag an dream a deir nach bhfuil an ceart sa mBille seo do chuile sheirbhís Stáit trí mheán na Gaeilge. An fáth nach bhfuil mé ag iarraidh an ceart sin a bhronnadh ná mar níl na hacmhainní teangan sa Stát lena bhronnadh, is cuma cén reachtaíocht a dhéanaimid. Sin í an fhírinne agus muna dtuigimid sin, ní thuigimid stádas na teanga sa tír seo.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 55 not moved.
Section 11 agreed to.
NEW SECTION.

Amendment No. 59 is an alternative to amendment No. 56 and amendments Nos. 60, 64, 68, 69 and 72 are consquential on amendment No. 56. The amendments may be discussed together by agreement.

I move amendment No. 56:

In page 20, before section 12, to insert the following new section:

12.-(1) For the purpose of promoting the use of the Irish language for official purposes in the State, the Minister may, by notice in writing to the head of the public body, require the public body to prepare and present to him or her for confirmation within such time (not being more than 6 months from the date of issue of the notice) as is specified in the notice a draft scheme specifying-

(a) the services which the public body proposes to provide-

(i) exclusively through the medium of the Irish language,

(ii) exclusively through the medium of the English language, and

(iii) through the medium of both the Irish and English languages,

and

(b) the measures the body proposes to adopt to ensure that any services that are not provided by the body through the Irish language will be so provided.

(2) (a) A draft scheme referred to in subsection (1) shall specify the means of communication that are to be provided exclusively in the Irish language, exclusively in the English language and in both the Irish and English languages.

(b) In this section ’means of communication’ means the means of communication between the body concerned and the public generally or groups or individual members of the public in relation to the services concerned, the provision of the services and information relating to the services or such provision.

(3) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance, in relation to those of its services delivered exclusively through the medium of the English language, direct a public body to draw up a plan for the delivery of those services in addition through the medium of the Irish language toghether with an estimate of the period of time required to implement the plan.

(4) A notice undersubsection (1) shall be accompanied by a copy of the current guidelines issued by the Minister under section 12.

(5) Different notices may be given to the head of a public body under this section in respect of different services.".

Tá muid ag athrú alt 9 isteach in alt 13. Maidir leis an cheist Ghaeltachta, aontaím i bprionsabal leis an leasú Uimh. 57 ag an Teachta O'Dowd. Tá mé sásta nach bhfuil gá leis an bhforáil ar leith sa Bhille atá molta aige mar bhí ceann de na saincheisteanna á tabhairt san áireamh ag comhlachtaí poiblí i gcomhthéacs ullmhú dréacht-scéime dóibh faoi alt 13.

Bhí ceann de na saincheisteanna chomh maith ar féidir liomsa mar Aire a thógáil san áireamh sna treoirlínte atá i gceist agam a ullmhú agus a eisiúint do chomhlachtaí poiblí maidir le hullmhú dóibh de dréacht-scéimeanna faoi alt 12 den Bhille maidir le dréachtú scéimeanna. Forálann alt 13(2)(d) go sainiúil go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta.

Tá leasú idir lámha agam inniu le treise a dhéanamh ar na forálacha sa mBille maidir le leibhéal agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé de cheart agam mar Aire, agus do mo chomharbaí, rialacháin a dhéanamh faoi alt 4 an Achta chun lán-éifeacht a thabhairt don Acht seo.

Ar na cúiseanna sin, ní féidir liom glacadh le leasú an Teachta ach is féidir liom é a dheimhniú dó go mbeidh an bunphrionsabal atá taobh thiar de le feiceáil sna treoirlínte agus, más gá, i rialacháin a ullmhófar faoin Acht.

An bhfuil an tAire ag caint faoi leasú Uimh. 57?

Tá muid ag glacadh na leasuithe le chéile.

Níl leasú Uimh. 57 gaolmhar le leasú Uimh. 56.

Tá an ceart ag an Teachta, níl leasú Uimh. 57 ag baint leis seo.

Ach bhí an tAire ag caint faoi.

Tá muid ag labhairt ar leasuithe Uimh. 56, 59, 60, 64, 68, 69 agus 72.

Is leis an Aire iad go léir.

Is leis an Teachta O'Dowd leasú Uimh. 59.

I understood that these amendments were tabled by the Minister. Seo alt 9 ag teacht ar ais?

Má dhéanfaidh an tAire na athruithe eile, beidh stádas an Bhéarla éiginnte. Ó thaobh an Bhunreachta de, cuireann Airteagal 8°3 dualgas ar an Stát an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga agus dúradh liom má chuirfear na leasuithe seo isteach, beidh deireadh le hathbheochan na Gaeilge fosta. Sin tuairim daoine áirithe agus ba mhaith liom fáil amach caidé a shíleann an tAire faoi sin.

Tosaíonn seo ar bhonn phraiticiúil. Má théann duine isteach in aon Roinn Stáit agus tá an gnáthphobal ag obair ann, is féidir glacadh leis nach bhfuil ach 5% chomh líofa sa Ghaeilge is go bhféadfadh seirbhís sásúil trí Ghaeilge a chur ar fáil. An té a déanfadh gur cheart dom a rá go simplí sa mBille go mbeidh gach seirbhís Stáit ar fáil ar chomhchaighdeán ag an am céanna, bheadh sin mar an gcéanna le rud nach féidir fiú a dhéanamh le seirbhísí cónasctha i gCeanada. Tá sé ag éileamh rud nach féidir a dhéanamh nuair nach bhfuil ach céatadán an-bheag den phobal leis an ábaltacht sa Ghaeilge leis an tseirbhís sin a chur ar fáil. Is cuma cén reachtaíocht a teastiódh uainn, ní athródh sé fíric an tsaoil amuigh anseo gur mar sin atá.

Faoi Airteagal 8°3 den mBunreacht, ar chomhairle an Ard-Aighne, tá rudaí áirithe ar féidir a dhéanamh. Is féidir a rá go sonrach cad iad na seirbhísí a chuirfear ar fáil i nGaeilge amháin, a chuirfear ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus a chuirfear ar fáil i láthair na huaire i mBéarla amháin. Tá sin ag déileáil leis an réaltacht amuigh ansin ach, maidir le seirbhísí a chuirfear ar fáil i mBéarla amháin, caithfear na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar iad. Deir an Bille faoi na seirbhísí atá ar fáil i mBéarla amháin a bheartaíonn a chur ar fáil faoi láthair i mBéarla amháin, caithfidh na bearta a bheartaíonn comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar na seirbhísí nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.

Tá dynamic i gceist. Caithfimid déileáil leis an staid atá sa Stát faoi láthair nach féidir gach seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge ach tá constitutional imperative ó tharla gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga náisiúnta, go gcaithfidh na comhlachtaí ar fad feacháint chuige cad é dhéanfaidh siad le leathnú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirfear ar fáil trí Ghaeilge de réir a chéile mar gurb í an phríomhtheanga oifigiúil í.

Ag tús an díospóireachta sa Seanad, ní raibh an chuid seo ann agus is é an tuairim a cuireadh in iúl dom ná nach maith an rud atá á dhéanamh againn. Cén fáth ar athraigh an tAire a mheon idir an Seanad agus inniu, cé gur rud an-bhunúsach é ó thaobh stádas na Gaeilge sa mBunreacht?

Má léann duine seanaltanna 8 agus 9 go cúramach, dúirt siad go bhfuil ceart ag duine seirbhís a fháil trí Bhéarla nó trí Ghaeilge de réir aon phleananna a bheadh ar fáil. Ní dúirt siad go raibhcarte blanche ceadaithe gach seirbhís a fháil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, dúirt siad go raibh cead ag duine de réir aon phlean a bheadh ar fáil. Treoraíonn sin ar an bpointe duine go dtí na pleananna agus na rialacháin.

An dara ceist ná go bhfuil daoine ag déanamh idirdhealú idir sinn á rá go gcaithfear seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus cearta an duine don tseirbhís sin. Ní fhéadfaimis mar lucht reachtála a rá go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ón oifig ar an gCeathrú Rua. Bheadh cead acu diúltú an tseirbhís sin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus mar sin ní bheadh an ceart ag an duine don tseirbhís. Is é an chomhairle atá agam nach seasódh argóint den chineál sin leath-shoicind i gcúirt mar cíallaíonn "an tseirbhís a chur ar fáil" go bhfuil an ceart agam an tseirbhís a úsáid. Tá difríocht anseo idir an ceart agus an tseirbhís a bheith ar fáil. Má deir an Stát go cuirfear seirbhís X ar fáil trí Ghaeilge, ní fhéadfadh an duine a rá go bhfuil an doiciméad ar fáil trí Ghaeilge ach ní thabharfaidh mé dó é. Tá sé de cheart ag duine é a fháil agus dá ndiúltófaí é a thabhairt dó, bheadh an duine a rinne sin os comhair na cúirte láithreach. Tá an ceart ag dul leis an tseirbhís.

Bhí an prionsabal sin an-tábhachtach do na daoine a labhair liom ach tuigim cad a dúirt an tAire.

Tá muid ag cur teorainne ar an méid ar féidir a sholáthar. Is féidir na seirbhísí Stáit a sholáthar fiú má théann duine isteach i mBaile Shéamuis Dhuibh ar lorg seirbhísí i nGaeilge, sa lá atá inniu ann, leis an chóras gutháin. Ní gá ach guthán a phiocadh suas agus bheadh duine ar deireadh na líne le Gaeilge in achan chomhlacht Stáit agus Rannóg Stáit agus dualgas ag an duine sin déileáil le hiarratais ó phobal na Gaeilge go dtí go mbeadh gach Rannóg Stáit in ann déileáil le duine ar bhonn pearsanta. Ní deir sé in aon áit go gcaithfidh an tseirbhís bheith díreach pearsanta, is féidir labhairt ar an nguthán nó úsáid a bhaint as ríomhaire. Ba cheart dúinn a rá gur sin an aidhm atá againn seachas bheith ag rá go bhfuil scéim againn a mhairfidh cúig bliana agus bainfimid deireadh na scéime amach am éigin.

Tá mé buartha gur féidir le comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí mheán an Bhéarla amháin. Níor chóir go mbeadh aon chomhlacht phoiblí ag tabhairt aon seirbhís trí mheán an Bhéarla amháin. B'fhéidir gur fearr sin a athrú do "nach bhfuil fáil air trí mheán na Gaeilge". Tá difríocht bunúsach ann mar an dóigh seo beidh níos mó stádas ag an Bhéarla agus tá muid ag ligint do chomhlacht phoiblí a rá go mbeidh roinnt seirbhísí ar fáil as Béarla go hiomlán, roinnt ar fáil as Gaeilge agus roinnt acu ar fáil go dátheangach. Caithfimid bheith cúramach nach bhfuil a leithéid míbhunreachtúil toisc go bhfuil an dualgas ar chomhlachtaí poiblí an tseirbhís a thabhairt i dteanga oifigiúil agus tá dhá cheann acu ann agus nach mbeadh ceann amháin chun tosaigh.

Tá seo bunreachtúil. Fuair muid comhairle nach raibh an seanleagan a bhí ag alt 8 agus alt 9 bunreachtúil agus go bhfuil constitutional imperative ann go leathnófar na seirbhísí a bheidh ar fáil trí Gaeilge agus nach gcest reachtaíochta é ach ceist bhunreachtúil.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Snodaigh faoi ghutháin agus tá sin i gceist sa Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - go mbíonn oifig eolais ann le heolas ginearálta a thabhairt don phobal agus bheinn ag súil go mbeadh daoine ann i gcónaí le heolas a thabhairt faoi chearta daoine trí mheán na Gaeilge.

Cás eile, áfach, comhairle condae i Longfort a bhfuil tréidlia fostaithe aige gan Gaeilge a bheith ag an tréidlia sin agus tháinig sé amach chun cigireacht a dhéanamh ar áit agus ansin bhí an duine ar leis an áit ag iarraidh labhairt leis, níl aon mhaith ann a rá gur féidir leis glaoch ar dhuine éigin eile mar sin an duine lena bhfuil sé ag iarraidh labhairt. Tá a fhios againn nach gcuirtear an tseirbhís ar fáil i gcás mar sin.

An fhadhb atá ann ná de bharr nach raibh muid sásta riamh roimh an chéim mhór atá á tógáil agam anseo agus an seans mór a thóg mé ag dréachtú an Bhille seo le bheith macánta faoi cad tá ar fáil i nGaeilge agus cad i mBéarla, ní raibh mórán ar fáil trí Ghaeilge dáiríre. I mBaile Átha Cliath faoi láthair, dá siúlfadh duine isteach in oifig mhótorchánach, ainneoin an méid Gaeilge atá sa gcathair seo, bheadh sé deacair seirbhís trí Ghaeilge a fháil ag an gcuntar. Beimid a rá go mbeidh se de cheart ag bardas na cathrach a rá go mbeidh cuntar ann ar nós Aonad 88 le cúrsaí cánach agus má théann duine isteach nó má dhéanann sé teagmháil leis ar an ngúthán, cuirfear an tseirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Má insistálann duine dhul do chuntar an Bhéarla, ní bheidh dualgas ar an duine ag an gcuntar sin freastal air i nGaeilge, sin seirbhís trí Bhéarla amháin.

Níl mé ag rá, áfach, nach bhfuil seirbhís comhthreomhar trí Ghaeilge ar fáil. Tá cíall leis an gcur chuige sin leis na hacmhainní teangan atá ann. Má tá condae ann nach bhfuil ach 100 ag labhairt na Gaeilge go laethail inti, b'fhéidir go mbeadh duine in ann na foirmeacha ar fad a fháil agus go mbeadh sé in ann é a dhéanamh chuile bhealach seachas bheith in ann siúl isteach chuig an gcuntar agus é a fháil.

Sin an cineál roghnaigh a bhí orm a dhéanamh. Sular thóg mé an cinneadh seo, chuaigh mé go Ceanada agus chuir mé ceist ar an dream cónasctha ag a bhfuil réimse seirbhísí i bhfad níos mó i gceist cad a dhéanann siad ansin. Dúradh liom nach bhfuil sé uileghabhálach, fiú i gCeanada. Tá áiteanna ann nach féidir le duine seirbhís trí Fhraincís a fháil má thiteann sé faoi líon áirithe daoine. Ní fheicim gur féidir linne níos mó a dheánamh ná an tír sin.

Cad faoi na leasuithe a bhí leis an alt seo nuair a bhí sé ann mar alt 9?

Tá mise caillte leis an fhírinne a rá. Tá muid ag cur isteach rud faoin nGaeltacht a bhí á iarraidh ag go leor daoine agus atá thíos mar leasú ag an Teachta. De bharr go bhfuil mé tar éis an méid sin rudaí a leasú, an féidir linn glacadh leis gur féidír le daoine teacht ar ais chuig aon cheann de na leasuithe seo ar Chéim na Tuarascála nuair a chlófar an Bille arís? Idir an dá linn, beidh Teachtaí in ann dhul fríd le fáil amach céard tá fós in easnamh, leasuithe a chur síos ansin agus iad a phlé arís. Déanfaimid iarracht go mbeidh níos mó fógra againn leis na leasuithe sa dóigh is go mbeimid in ann iad a scrúdú.

B'fhearr liom déileáil leis na leasuithe a bhí ann d'alt 9 anois.

Chuir muid le chéile iad agus bhí díospóireacht fhada againn fúthu.

Bhí ceann amháin agamsa - leasú Uimh. 34, is dóigh liom - agus ba é an chomhairle dlí a fuair mé mar gheall ar alt 9 mar a bhí ná go raibh an t-alt mar instrument for different treatment agus nach raibh sé ceart dá bharr sin. Tá an leasú seo ag déileáil le rud atá sách casta, agus caithfear dul trí alt 9 mar a bhí. Bím caillte ag iarraidh déileáil leis an cheann atá ag an Aire agus dul ar ais le féachaint, ach ba é an chomhairle dlí a fuair mé ná go raibh an freastal éagsúil agus nach raibh sé sin ceart in alt 9 mar a bhí.

Tá mé tar éis an ceann sin a fhreagairt ar dhá bhealach. Mhínigh mé cás, mar shampla, don tréidlia i gcontae éigin ina bhfuil Gaeilge agus mar sin de. Nuair a deir an Teachta an rud sin, tá sé á rá rud nach féidir a dhéanamh. An dara rud: tá mé á rá go soiléir anseo, go mórmhór ar na codanna seo den Bhille, go bhfuileadar á scrúdú go géar i gcomhthéacs fhorálacha an Bhunreachta agus go bhfuileadar bunreachtúil. Tá mé 100% sásta go bhfuil sé seo bunreachtúil, mar go bhfuil soláthar faoi leith an Bhunreachta don reality seo.

Le nach mbeidh mé ag cur moille ar an díospóireacht seo, agus ós rud é go bhfuil an t-Aire sásta, de réir mar a chuala mé, gur féidir linn dul ar ais ag Céim na Tuarascála go dtí Céim an Choiste le halt 12, is féidir é sin a dhéanamh.

Is féidir na leasuithe a bhaineann leis an alt a fógraíodh inniu nach bhfuiltear ag glacadh leo a chur síos aríst ag Céim na Tuarascála.

Ní bhíonn an díospoireacht chomh leathan sin ag Céim na Tuarascála. Sin an rud atá ag goilliúint orm.

Muna gcuirtear amach iad ag Céim na Tuarascála, beidh siad ann go brách.

Tá mé ag dul ar ais ar leasú Uimh. 56.

Amendment agreed to.
SECTION 12.

I move amendment No. 57:

In page 20, between lines 15 and 16, to insert the following subsection:

"(2) It shall be ensured that the guidelines mentioned insubsection (1) shall include guidelines for the Gaeltacht as a separate administrative area.”.

Tá sé simplí go leor an fo-alt nua a leanas a chur isteach: "Féachfar chuige sna treoirlínte ibhfo-alt (1) go mbeidh treoirlínte don Ghaeltacht mar limistéar riaracháin ar leith.”

Labhair mé faoi sin, ach beidh mé ag teacht, agus beidh leasú Uimh. 63 ann a dhéanann déileáil sásúil le ceist na Gaeltachta.

Is féidir é a phlé ansin.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 58:

In page 20, subsection (2), line 18, after "shall" to insert "lay a copy of the draft before each House of the Oireachtas and shall".

Is seift atá agam anseo le go ndéanfaí an leasú seo ar alt 12, a thosnaíonn "Eiseoidh an tAire treoirlínte". Is éard a theastaíonn uaim, nuair a bheidh an t-Aire ag foilsiú na dtreoirlínte, ná go gcuirfí cóip díobh os comhair an Oireachtais. Dá bhrí sin, beidh sé foilsithe.

Is é an gnáth-rud a dhéantar ná, nuair atá na treoirlínte réidh, iad a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní bheadh i gceist iad a leagan roimh ré nó ag an am céanna ós rud é go mbeinn ag glacadh comhairle ó mo chomh-Airí nó ó dhaoine eile. Mar sin, ní nós é a dhéanann aon Aire doiciméid nach bhfuil ach i bhfoirm dréachta inmheánach a leagan os comhair an Oireachtais. Sin le rá, cuirfear na rialacháin nó treoirlínte os comhair an Oireachtais nuair a bheidh siad réidh. Ní dhéanfar i bhfoirm dréachta é. Chuirfeadh sé sin céim eile leis an bpróiseas, agus táthar ag gearán go dóite amuigh ansin go bhfuil an iomarca céimeanna leis an bpróiseas mar atá sé.

Tuigim cad atá á rá ag an Aire. Beidh sé ag cur na dtreoirlínte os comhair an Oireachtais nuair a bheidh siad críochnaithe. Ar an láimh éile, áfach, más rud é go bhfoilseofaí iad nuair is dréacht-treoirlínte iad, b'fhéidir go mbeadh tuairimí agus comhairle ag teacht ón Oireachtas nó ón bpobal i gcoitinne. B'fhéidir go dtabharfadh sé sin cabhair don Aire. Beidh a fhois ag an bpobal cad atá ar siúl, agus cá háit óna bhfuil an t-Aire ag teacht agus mar sin de. Ní rud an-mhór é iad a chur os comhair an Oireachtais nuair a bheidh dréacht-treoirlínte ag an Aire. Beidh seans ag daoine scríobh chuig an Aire, ceisteanna a chur síos sa Dáil agus mar sin de. Tá i bhfad níos mó daoine sa tír seo atá bádhúil don Ghaeilge ná iad siúd atá istigh san Oireachtas nó na hAirí.

Faoi alt 12, deir sé:

(2) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo, ullmhóidh an tAire dréacht d'aon treoirlínte a bheartaíonn sé nó sí a eisiúint faoi fho-alt (1) agus cuirfidh sé nó sí cóipeanna den dréacht-

(a) chuig gach Aire eile den Rialtas; agus

(b) chuig cibé daoine eile (lena n-áirítear aon cheann eile) is cuí leis nó léi.

Tá an-oscailteacht, mar a dúirt mé, sa bpróiseas atá á mholadh, agus má léitear cuid de na haltanna atá scríofa faoin Acht, feictear go bhfuil daoine á rá go bhfuil an próiseas ró-oscailte, ró-fhadálach agus ró "dul i gcomhairle le chuile dhuine ar an mbealach a chreideann go bhfuil gá leis sin". Tá rud amháin a gcaithfimid glacadh leis. Nuair a bheidh an rud sin ar fad thart, cuirfear na treoirlínte atá urraithe ag an Rialtas os comhair an Oireachtais, agus sin an rud a dhéantar i gcónaí. Ní leagtar dréacht-treoirlínte faoi bhráid Thithe an Oireachtais in am ar bith, agus níl sé i gceist agam an nós sin a bhriseadh.

Ach má aontaíonn an t-Aire gur cheart daoine a mhealladh isteach le bheith páirteach i rudaí atá ag tarlú mar gheall ar an nGaeilge sa tír, b'fhéidir nach an gnáth-rud nó an gnáth-bhóthar an bóthar is fearr an uair seo. B'fhéidir nach n-aontófar le rudaí a bheadh á rá ag daoine, ach an rud atá uaimse i gcónaí ná go nglacfadh daoine páirt i gcúrsaí Gaeilge le go mbeidís ag smaoineamh ar an teanga. Sin an rud is mó a chuireann imní orm. Ní bhíonn daoine ag caint mar gheall ar an teangain sa Ghalltacht. Ní bhíonn siad ag smaoineamh mar gheall uirthi. Aon rud a aistreodh an meon sin, caithfidh gur rud maith é.

Má bhreathnaíonn an Teachta ar alt 12, feicfidh sé go ndeireann sé:

(2) As soon as practicable after the commencement of this section the Minister shall prepare a draft of any guidelines that he or she proposes to issue undersubsection (1) and shall send copies of the draft to——

(a) every other Minister of the Government, and

(b) such other persons (including any other head) as he or she considers appropriate.

(3) The Minister shall, after considering any representations made to him or her about the draft guidelines, confirm the draft guidelines either without amendment or with such amendments as he or she considers appropriate.

Muna bhfuil dóthain dul i gcomhairle i gceist ansin, ní lá go maidin é. Caithfidh mé a rá go bhfuil casaoid dóite á déanamh go bhfuil an iomarca dul i gcomhairle i gceist sa bpróiseas ró-fhada. Creidim go bhfuil gá leis ar mhaithe le trédhearcacht agus le deis a thabhairt don bpobal agus do dhaoine atá gaolmhar don ábhar a bpointí a dhéanamh.

Ní iarrfaidh mé aon rud thar seo. Bheadh na usual suspects i gceist maidir leis na daoine a gcuirfidh an t-Aire cóip de na dréacht-treoirlínte chucu. An rud atá uaimse ná daoine eile a mhealladh isteach.

Cuirfidh mé chuig an Teachta iad, agus tabharfaidh seisean dóibh siúd iad.

An mbeidh seans agam é sin a dhéanamh?

Beidh, cinnte. Tá mé á gcur chuige.

Amendment, by leave, withdrawn.
Section 12 agreed to.
SECTION 13.

Is alt nua é leasú Uimh. 59 in ainm an Teachta O'Dowd. Tá sé pléite cheana féin le leasú Uimh. 56.

Amendment No. 59 not moved.

I move amendment No. 60:

In page 20, subsection (1), line 34, to delete "section 9” and substitute “section 12”.

Amendment agreed to.

Tá leasuithe Uimh. 61 agus 62 in ainm an Teachta O'Dowd as ord.

Tá siad as ord cosúil le gach rud.

Amendments Nos. 61 and 62 not moved.

I move amendment No. 63:

In page 22, subsection (2), between lines 6 and 7, to insert the following:

"(e) ensure that the Irish language becomes the working language in its offices in the Gaeltacht not later than such date as may be determined by it with the consent of the Minister.”.

Tá leasuithe Uimh. 61 agus 62 as ord. Is iarracht é leasú Uimh. 63 an rud a teastaíodh a dhéanamh. Tá muid ag moladh go gcuirfear abairt isteach "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.". Beidh ar na comhlachtaí rá céard atá siad a dhul a dhéanamh leis na hoifigí Gaeltachta ar fad atá acu a chur ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ní bheidís in ann dáta a shocrú nach n-aontódh an t-Aire leis.

Molaim don Aire éisteacht leis na heagrais Ghaeilge ach go háirithe. Tá cúpla ceist agam. Conas is féidir é "a chinntiú" nuair nach bhfuil spriocdháta ann? Níl aon am luaite - bliain nó sé mhí nó rud éigin. Tá a fhios agam go dtógfaidh sé trí bliana go dtí go mbeidh an t-Acht ar fad i bhfeidhm, ach nuair a bheidh an t-Acht i bhfeidhm, measaim gur chóir go mbeadh am teoranta chun é seo a chur i bhfeidhm.

Aríst, níl aon rud anseo chomh simplí agus a bhreathnaíonn sé. Mar shampla, tá oifigí poist ann atá andúlach dá gconradh. Má tá bean nó fear poist ann gan Ghaeilge, b'fhéidir go gcaithfimis beagán ama breise a thabhairt don duine. B'fhéidir nár cheart gur mar sin a bheadh sé. B'fhéidir gur cheart iallach a chur ar dhuine éirí as. Ar an dtaobh eile den scéal, is féidir le fo-oifig Stáit de chuid an chomhairle contae é a dhéanamh i bhfad níos scioptha, mar tá a lán daoine ag bogadh anonn is anall, agus tá a lán oifigí nua ann, agus mar sin de. Is dóigh liom go mbeadh sé contráilte sa mBille spriocam a lua. Má tá ceann de na comhlachtaí ag tarraingt a chos, tá an t-Aire in ann a rá nach n-aontaíonn sé leis sin.

Measim gur chóir go mbeadh tréimhse trí bliana ann sa dtreo is nach mbeadh aon dul as sa deireadh thiar thall ag an gcomhlacht.

B'shin ceann de na rudaí a bhí mé ag iarraidh a bhaint amach sa mBille seo. An rud ba mheasa dár féidir linn a dhéanamh ná 90% nó 99% a dhéanamh indéanta. Dhéanfaí mairtíreacht den gcéadú duine mar nár fhag muid aon bhealach éalaithe i gcás eisceachtúil. Sílim féin go gcaithfimid bheith cúramach nach gcuirimid muid féin suas cul-de-sac. Mar sin, beidh an t-Aire in ann leagan síos - leagfar síos do na comhlachtaí - go gcaithfear an rud a dhéanamh. Cuirfear spriocam réasúnta leis. Is féidir liom cásanna áirithe a shamhlú nach mbeadh an oiread sin práinne leo agus ina mbeadh sé deacair an rud a bhaint amach. B'fhéidir nach mbeadh ann ach duine amháin i seirbhís amháin - aon duine amháin ag obair as oifig sa nGaeltacht. Bheadh sé an-deacair an rud a chur i bhfeidhm i gcás mar sin.

Aríst, tógfaidh muid na cineáil rudaí atá i gceist anseo, mar tá an rud seo réasúnta láidir. Má tá speisialtóir ag obair in oifig Gaeltachta - duine amháin in oifig amháin a tharlaíonn a bheith sa nGaeltacht - agus más speisialtóir de chuid an Stáit é, b'fhéidir go dtabharfaí breis ama i gcás mar sin thar mar a thabharfaí sa ngnáth-oifig atá i gceist ag na Teachtaí, mar shampla, an chomhairle contae, an bord sláinte, an t-ionad sláinte agus mar sin de. Fágann sé seo beagán discréide, agus ní mór discréid sa gcás seo. An faitíos a bhí orm ná go bhfaighimis 99% den rud atá ó chuile dhuine an bealach seo, ach le 1% mar mhairtírigh a scriosfadh an rud ar fad.

Dá gcuirfí isteach trí bliana i ndiaidh an dáta ar a dtagann an Bille isteach——

Smaoineoidh mé air sin.

Sé bliana, ansin.

Smaoineoidh mé air.

Ba mhaith liom caint ar an leasú seo. B'fhéidir go bhfuil dul amú orm anseo, ach is é an rud a deirtear anseo "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire". Beidh ar an gcomhlacht an dáta a choinneáil. Tá sé sin ag teacht ar choinne agus le toiliú an Aire. Muna dtagann sé ar choinne, cad a tharlóidh?

Caithfidh sé é sin a chinntiú. Le linn dréacht-scéim a ullmhú, caithfidh comhlacht poiblí é sin a chinntiú. Léann tú an chéad abairt a deir "Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí" agus deireann sé ansin "a chinntiú" go ndéanfar é seo. Caithfidh sé cinntiú go ndéanfar na seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. An t-aon rud atá á rá againn ná go gcaithfidh sé a bheith déanta ach nach féidir leis cinneadh a dhéanamh gan é a dhéanamh. An t-aon chinneadh ar féidir leis a dhéanamh ná cén uair a ndéanfar é, agus, leis sin a dhéanamh, caithfidh sé toiliú an Aire a fháil. Ní féidir leis rá go ndéanfaidh sé é ach i gceann deich mbliana. Caithfidh an t-Aire aontú leis an dáta sa bplean.

Amendment agreed to.

Tá leasú Uimh. 64 in ainm an Aire pléite cheana féin le leasú Uimh. 56.

I move amendment No. 64:

In page 22, subsection (3), line 8, to delete "section 9” and substitute “section 12”.

Amendment agreed to.
Section 13, as amended, agreed to.
SECTION 14.
Amendment No. 65 not moved.

Amendment No. 67 is an alternative to amendment No. 66. Amendments Nos. 70 and 71 are related and mutually alternative. Therefore, I propose that amendments Nos. 66, 67, 70 and 71 be discussed together. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 66:

In page 22, subsection (1), lines 12 and 13, to delete ", and with the consent of the head of the public body concerned,".

Beidh mé sásta éisteacht lena bhfuil le rá ag an Aire faoi sin. Tá muid ag déileáil anseo le halt 14. Daingníonn an t-Aire dréacht-scéimeanna. An t-athrú atá uainn ná na focail "le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí" a scriosadh as an téacs. Más rud é go bhfuil cead an chomhlachta phoiblí le fáil, ní fiú é. Cad is féidir leis an Aire a dhéanamh muna mbíonn ceann an chomhlachta phoiblí sásta cead a thabhairt dó?

Aontaím leis an Teachta O'Shea. Ní cóir go mbeadh sé mar sin. Tá muid ag teacht ar ais ar an rud seo go bhfuil dream éigin eile ann a bhfuil a dtoil i gceist anseo. Is féidir leo lán-stad nó moill a chur ar dhaingniú an Aire atá i gceist anseo. Má tá an t-Aire chun scéim a chur chun tosaigh nó scéim a athrú, agus é cinnte faoi tar éis dul i gcomhairle leo, measaim gur chóir don scéim sin teacht i bhfeidhm. Ní cóir go mbeadh toiliú cheann an chomhlachta phoiblí de dhíth, ach go háirithe má tá an t-Aire ag caint faoi chomhlachtaí poiblí a bheadh príobháidithe faoin am sin, mar a bhí sé ní ba luaithe. Bheidís cosúil le Vodafone nó a leithéid faoin am seo. Ní dóigh liom go mbeadh sean-Éircom ró-shásta toiliú le cinneadh an Aire maidir le pé athruithe ar mhaith leis a dhéanamh ar scéim.

Measaim gur chóir glacadh leis an leasú atá luaite ag an Teachta O'Dowd. Ba cheart don Aire dul i gcomhairle le gach duine a shíleann sé nó sí bheith oiriúnach. Ansin, b'shin scéim an Rialtais do chomhlacht Rialtais nó comhlacht poiblí. Ba chóir go mbeadh an Rialtas in ann cur ar na comhlachtaí seo scéim chur chun cinn na Gaeilge a sholáthar agus a chur i bhfeidhm sa chaoi is nach mbeidís in ann a rá nach bhfuil siad sásta le rud agus gur mhaith leo athrú eile nó teacht ar ais chun moill a chur ar an bpróiseas. Sin mar a tharlaíonn sé de ghnáth in aon rud atá ag déanamh athruithe ar an Stát-chóras nó a leithéid de chomhlachtaí.

Bhreathnaigh muid ar dhá rud. Ní féidir scéimeanna gan dearbh a chur isteach, mar tá na treoirlínte, fiú amháin an méid san Acht, gan trácht ar na treoirlínte breise a bheidh ann, sách daingean. Mar sin, caithfidh an comhlacht plean dá réir a chur chuig an Aire. Sin uimhir a haon, mura gcuirfidís é, bheidís féin as alt. Uimhir a dó, cuireann siad chuig an Aire é, nó diúltaíonn siad é a chur chugat, nó cuireann siad plean gan dearbh nach dtagann leis na treoirlínte chuig an Aire. Mar sin, níl an t-Aire in ann aontú leis an bplean. Cad a tharlaíonn ansin? Ar ndóigh, tiocfaidh an t-Aire go dtí an Dáil agus an Seanad agus déarfaidh sé nach bhfuil sé in ann aontú a fháil. Is dóigh liom go mbeadh lá iontach ag an bhFreasúra an lá a dtarlódh sé sin, mar bheadh na Teachtaí ar an taobh eile á rá leis an Aire a bheadh freagrach as an gcomhlacht áirithe sin gur cheart dó no di breathnú, mar ní bheadh an comhlacht ag comhlíonadh an dlí. Is dóigh liom go dtuigeann na Teachtaí an bronntanas iontach a bheadh ann ina leithéidí de chás don bhFreasúra.

Abair go raibh cumhacht ag Aire pleananna a chur i bhfeidhm gan aontú nó toil cheann an chomhlachta. Is dóigh liom go bhfaigheadh sé chuile leithscéal faoin spéir faoi cén fáth nach bhféadfaí an rud seo a fheidhmiú. Ní fheidhmeofaí é as ucht fadhbanna. Nuair a thiocfaimid chuig an gCoimisinéir, rud a bhfuil dualgas reachtúil air aontú leat faoi, muna gcuireann an comhlacht ann é, táthar in ann a rá go bhfuil sé ag briseadh an dlí, mar nach bhfuil sé á chomhlíonadh. Ansin, má bhriseann sé é, cuirtear lámh i bhfad níos láidre chuig an gCoimisinéir, ar féidir leis a rá go ndearna an comhlacht an plean agus go bhfuil achan gheallúint a bhí tugtha faoi briste.

Mar sin, creidim féin go bhfuil sé lárnach don Bhille seo go gcaithfidh toil cheann an chomhlachta a bheith ann. Sa gcás sin, bheadh an-chuid leithscéalta ann. Léigh mé rud sa bpáipéar faoi dhuine le Gaeilge nach raibh istigh ar an lá. Sa gcás seo, bheadh an comhlacht tar éis aontú go mbeadh an duine le Gaeilge ann, bíodh nó ná bíodh an duine sin tinn nó bíodh go raibh malartán ann, mar bheadh sé sa bplean agus aontaithe. Creidim féin go bhfuil sé lárnach don Bhille seo.

Sa deireadh thiar thall, mar a dúirt mé faoin uisce, mura bhfuil sé sin ann, tá duine in ann an capall a thabhairt don uisce, ach beidh sé i bhfad níos deacra an capall a chur a dh'ól. Má tá ceann an chomhlachta tar éis é sin a shíniú, áfach, beidh sé i bhfad níos éasca ansin an cur i bhfeidhm a dhéanamh, mar beidh lámh i bhfad níos láidre ag an gCoimisinéir. Beidh sé in ann a rá gur aontaigh duine leis seo ach go bhfuil sé ag briseadh an ruda ar aontaigh sé leis. B'fhearr liom dul ar an mbóthar fada an chéad lá ag aontú an phlean, mar creidim go láidir go gcabhróidh sé go brách na breithe ina dhiaidh sin le cur i bhfeidhm an phlean. Tuigeann na Teachtaí féin, dá n-iarrfaí, mar shampla, sa Dáil amáireach, gur dhiúltaigh comhairle contae plean a aontú agus go raibh an rud a bhí á iarraidh againn ag teacht de réir na dtreoirlínte agus nach raibh an rud a bhí á iarraidh ag an gcomhairle ag teacht de réir na dtreoirlínte, nach mbeadh na Teachtaí sa mullach ar an bpointe ar an Aire nár thug sé rabhadh don chomhlacht an dlí a chomhlíonadh? Mura mbeadh, ní bheadh aon mhaith sa bhFreasúra.

Más rud é go bhfuil comhlacht ann nach féidir leis an gCoimisinéir déileáil leis, agus má chuirtear an scéal faoi bhráid na Dála, cad a dhéanfaidh an Dáil? D'fhéadfaimis go léir a rá go raibh an comhlacht dána, ach cad eile?

Mhínigh mé an chuid seo. Tá súil agam, an lá a dtarlódh sé sin, go mbeimis sa bhFreasúra.

Le cúnamh Dé.

Má tá an t-Aire agus comhghleacaí dá chuid mar sin gan chur faoin fhear rá lena chomhlacht Stáit an dlí a chomhlíonadh, bheadh fadhbanna ann. Ní bheadh nóiméad scíthe nó sosa ná suaimhnis ag an Aire. Ní hé an cheist a bheadh ann an bhfuil an Ghaeilge ina hualach ach cén fáth nach bhfuil an t-Aire ag cur faoin gcomhlacht an dlí a chomhlíonadh.

Aontaím leis an Aire gurb é bóthar an chomhoibrithe an tslí is fearr. Tá sé sin fíor. Muna mbíonn sé sin ann, beidh deacrachtaí de gach sórt ann. Bhí mé ag magadh nuair a dúirt mé é seo, ach cad é a tharlódh dá mba rud é go mbeadh comhlacht ann nach raibh an Coimisinéir sásta leis, dá gcuirfeadh an scéal faoi bhráid na Dála agus dá bhfeicfeadh comhlachtaí eile go ndearna mo dhuine é seo gan rud ar bith a tharlú dó? Níl aon phionós ar féidir leis an Dáil a chur air, de réir mar a léim an reachtaíocht seo.

Tá sé ag druidim ar 6 p.m. anois. Más féidir an Bille a chríochnú anocht——

Tá muid ag plé na mbun-phointí, agus ní mór é sin a dhéanamh, ach creidim ag an deireadh go mbeidh muid in ann. Tá muid ag teacht ar chroí na ceiste.

Muna mbíonn daoine toilteanach, cad is féidir a dhéanamh? Ar an láimh eile, cén ceart a bheadh á thabhairt do chomhlacht dul os comhair na cúirte muna n-aontódh sé le cinneadh an Choimisinéara?

Smaoinigh air seo aríst. An mbeinn in ann mar bhall den Fhreasúra dul ar chuile chlár raidió, Béarla agus Gaeilge, ar fud na tíre á rá nach raibh an t-Aire a bheadh freagrach as an gcomhlacht sin - tá Aire freagrach as chuile chomhlacht sa tír - sásta agus nár chuir sé iachall ar chomhlacht faoina chúram an dlí a chomhlíonadh? Nach gceapfadh an Teachta gurbh é sin an bronntanas ab fhearr polaitíochta a d'fhéadfaí a thabhairt dom? Mar sin, bheadh brú damánta, dár liom, ar an bpolaiteoir a bheadh os cionn an chomhlachta. Bheadh sé ar an fón á rá gur cheart don gcomlacht plean a aontú leis an Aire in ainm Dé na glóire. Cuimhnigh go mbeadh sé ag diúltú. Tá an struchtúr seo cineál casta.

Abair go raibh an Teachta O'Shea mar Aire chomhairle agus an Teachta O'Dowd mar Aire na Gaeltachta agus níl an comhairle condae sásta plean a aontú leis an Teachta O'Dowd. Beidh ar an Teachta O'Dowd dhul chun na Dála agus a fhógairt go bhfuil air dualgas a chur ar an Aire comhshaoil a chuireann dualgas ar an chomhairle condae an plean a aontú. Tá an Rialtas mar sin. Dá mbeadh an tAire eile ag cosaint dreama, bheadh ar an Aire Gaeltachta dhul chuige agus a rá leis go mbeadh air dhul os comhair na Dála agus é a fhogairt agus dá ndéanfaí sin beidh an tAire comhshaoil i dtrioblóid mar chuirfí ceist ar an Aire Gaeltachta cén fáth nach raibh an tAire comhshaoil sásta dhul chuig an chomhairle condae leis an phlean a aontú. Bheadh Aire amháin ag rá nach bhfuil an chomhairle condae ag comhlíonadh an dlí agus bheadh an tAire eile ag cosaint séanadh an dlí.

Cad é a tharlódh dá mba rud é go raibh an tromlach ar an chomhairle chondae ina mball de pháirtithe an Fhreasúra agus theastaigh uathu raic a thabhairt don Rialtas?

Chuirfeadh an tAire comhshaoil fios ar an mbainisteoir condae le rá gur cás an-thromchúiseach é go raibh an bainisteoir ag diúltú teacht ar rud a raibh dualgas reachtúil air a dhéanamh. Bheadh an tAire Gaeltachta ag rá nach raibh sé sásta leis an bplean. Chaithfeadh sé a rá leis an Aire comhshaoil nach féidir leis a dhul isteach sa Dáil agus an tAire sin ag diúltú a cur ar bhainisteoir chondae plean a shocrú agus an tAire ag rá nach raibh sé sásta leis an bplean.

Má théann an próiseas go dtí deireadh an bhóthair, beidh sé thar a bheith casta.

Ní thiocfaidh sé go dtí sin. Tá a fhios ag an Teachta cad é a dhéanfadh sé féin agus é ina Aire. Rachadh sé chuig a chomhleacaí agus déarfadh sé leis go gcaithfeadh sé déanamh cinnte go gcuirfí plean ar fáil mar, muna ndéanfar, beidh air a thuairisciú don Dáil agus má thuairiscítear don Dáil, bheadh sé ag tabhairt an iomarca de bhronntannas don bhFreasúra go mbeadh air glaoch ar an mbainisteoir le rá go gcaithfidh sé an plean a aontú.

Dá mbeadh Michael O'Leary i gceannas ar an chomhlacht phoiblí, an Teachta Joe Higgins mar Aire Gaeltachta agus an Teachta Harney mar Aire comhshaoil, cad é a tharlódh ansin? Cé tá freagrach ó thaobh an dlí de? Má tá easaontas idir Airí agus an chomhairle condae, níl aon mhaith ann ag dul os comhair na Dála chun seo a chríochnú. Tá an leasú ag tabhairt na cumhachta don Aire.

Má dhéanfaidh na Teachtaí tuilleadh smaoinimh air seo, feicfidh siad gan toiliú cheann na gcomhlachtaí, beidh sé sciopthaí agus eascaí ach gan éifeacht - fast, easy and without effect because if the companies and the heads of the bodies do not agree with what is being done, it will not happen.

This deals with that point when there is conflict.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 67 not moved.
Section 14 agreed to.
SECTION 15.

I move amendment No. 68:

In page 22, subsection (3), line 32, to delete "Sections 9” and substitute “Sections 12”.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 69:

In page 22, subsection (3), line 34, to delete "section 9” and substitute “section 12”.

Amendment agreed to.
Section 15, as amended, agreed to.
Amendments Nos. 70 and 71 not moved.
Section 16 agreed to.
SECTION 17.

I move amendment No. 72:

In page 24, paragraph (a), line 8, to delete “section 9” and substitute “section 12”.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 73:

In page 24, line 16, after "Oireachtas" to insert "and the Minister shall, after consultation with such other persons, including such other Minister (if any) of the Government, as the Minister deems proper to consult, impose the scheme or amended scheme (as appropriate) on the public body concerned and so confirm it".

Má thuigim an tAire i gceart, tá sé ag rá go mbeidh an brú chomh láidir sin ar na daoine atá páirteach sa reachtaíocht - Airí agus comhlachtaí - go dtiocfaidh sásamh éigin as ach ní hionann sin le finality of the law. Cad a tharlóidh nuair a bheidh raic ann idir Michael O'Leary agus an Teachta Joe Higgins más iad a bheidh mar cheannasaí an chomhairle chondae agus mar Aire? Ní freagra é a rá go bhfágfar faoin Dáil é. Sin an fáth a ndeir sé sa leasú go mbeidh an cumhacht ag an Aire, i ndiaidh achan rud, an gníomh a dhéanamh.

Níl aon mhaith a bheith ag caint faoi chomhlacht príomháideach.

Tá mé ag caint faoi Michael O'Leary bheith i gceannas ar chomhairle chondae.

I gcás mar sin, bheadh sé dodhéanta ón tús muna mbeadh iad siúd ceangailte isteach sa bpróiseas. Ní bheadh an Bille leath chomh héifeachtach ina dhiaidh sin.

The law is in place for the exceptions. D'fhéadfadh seo a tharlúint agus ní bheadh freagra iomlán ar an cheist. Tá a fhios agam go mbeidh an-bhrú ar fad ann ach ní bheidh freagracht ann ó thaobh an dlí de.

Beidh mar beidh sárú dlí i gceist sa méid is go bhfuil dualgas ar na comhlachtaí seo na pleananna seo a réiteach de réir na treoirlínte. Má réitíonn siad de réir na treoirlínte níl an chúis nach n-aontódh an tAire leo. Muna bhfuil siad réitithe de réir na dtreoirlínte, beidh cúis dlí ann.

Níl aon dlí ann chun an cheist a fhreagairt.

Tá. An áit a bhféadfadh fadhb a bheith ann ná dá mba rud é go raibh an tAire ag iarraidh rud éigin breise sna treoirlínte nach raibh an comhlacht ag aontú leis agus go raibh an rud a rinne an comhlacht de réir an dlí. Sa gcás sin, ní bheadh aon chás dlí ann. Caithfidh an comhlacht, áfach, dhul de réir na treoirlínte a bheidh mar pháirt den dlí.

An bhfuil an tAire sásta machnamh eile a dhéanamh air sin?

Tig leis an Teachta é a chur síos arís ar Chéim na Tuarascála agus déanfaidh mé machnamh ar an rud.

Amendment, by leave, withdrawn.
Section 17, as amended, agreed to.
SECTION 18.
Question proposed: "That section 18 stand part of the Bill."

I gcás ina ndaingneoidh an tAire scéim faoin Acht, níl rud ar bith ansin a thugann an cumhacht don Aire nó don choimisinéir iachall a chur ar an chomhlacht an scéim a chur i gcríoch.

Caithfidh an comhlacht é a dhéanamh agus sin deireadh leis. Muna bhfuil an comhlacht sásta é a dhéanamh, tiocfaidh uallach iomlán an choimisinéara anuas air.

An dtiocfaidh sé ar ais go dtí an Dáil arís sa dóigh is go ndéarfaí go bhfuil an comhlacht ina chomhlacht dána? Tá an chuid seo den Acht lag.

Feicfidh an Teachta nach bhfuil.

Question put and agreed to.
Section 19 agreed to.
SECTION 20.

I move amendment No. 74:

In page 24, lines 26 to 32, to delete subsection (1) and substitute the following:

"(1) There is established an office to be known as Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla and the holder of the office shall be known as An Coimisinéir Teanga and is referred to in this Act as the Commissioner.".

Tá an leasú seo á mholadh agam chun go mbeidh teideal níos simplí agus níos eascaí ag an gcoimisinéir, go háirithe i gcomhthéacs dul i bhfeidhm ar an bpobal. Bhí leasuithe eile molta ag Teachtaí mar tá daoine cheana ag tabhairt "an coimisinéir teanga" ar an té a cheapfar. Tá "coimisinéir na dteangacha oifigiúla" beagáinín fadálach agus b'fhearr liom go mbeadh an úsáid i gcoitinne agus an t-ainm oifigiúil ag teacht le chéile. Bheadh súil agam go nglacfaí leis seo. Níl me ag cur leagan Béarla air ó tharla go bhfuil an focal "comhionannas" bainte as.

Amendment agreed to.
Amendment No. 75 not moved.
Section 20, as amended, agreed to.
Section 21 agreed to.
SECTION 22.

Is malairt é leasú Uimh. 77 do leasú Uimh. 76 agus glacfar le chéile iad.

I move amendment No. 76:

In page 28, lines 26 to 31, to delete subsection (9).

Chuir Páirtí an Lucht Oibre an leasú seo mar tá an chuid seo den alt i gcoinne fo-alt (2). Deir alt 22(2), "Subject tosubsection (3), no enactment or rule of law prohibiting or restricting the disclosure or communication of information shall preclude a person from furnishing to the Commissioner any such information or record as aforesaid”. Deir alt 22(9), áfach, “Nothing in this section shall . . . (b) affect any obligation as to secrecy or other restriction upon the disclosure of information imposed by statute or otherwise”. De réir an chomhairle dlí a fuair me, téann an dá fho-alt díreach in aghaidh a chéile.

I leasú Uimh. 77 tá muid ag scriosú leathanach 9, línte 28 go dtí 31 agus bainfidh sin alt 22(9)(b) as an Bhille ach tá muid ag fágáil alt 22(9)(a) ann mar tá gá dlíthiúil leis.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 77:

In page 28, subsection (9), lines 28 to 31, to delete all words from and including ", and" in line 28 down to and including "otherwise" in line 31.

Amendment agreed to.
Section 22, as amended, agreed to.
SECTION 23.

I move amendment No. 78:

In page 30, subsection (3)(b)(iv), line 24, after “Act” to insert “or of any other enactment relating to the status or use of an official language”.

Is leasú teicniúil é seo le soiléiriú breise a dhéanamh do bhrí na forála áirithe seo agus le cinntiú go mbeidh forálacha alt 21(f) agus an fo-alt seo mar an gcéanna. Bhí tagairt in áit amháin a chaithfidh a bheith san áit eile.

Amendment agreed to.
Section 23, as amended, agreed to.
Sections 24 to 26, inclusive, agreed to.
SECTION 27.
Question proposed: "That section 27 stand part of the Bill."

Tá muid i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte maidir le ceist theicniúil a bhaineann leis an alt seo. Pointe dréachtúla atá i gceist chun a léiriú gur faoin gcoimisinéir a bheidh freagairt riartha na scéime seo. Tiocfaidh mé ar ais dó seo ar Chéim na Tuarascála lena mholadh.

Question put and agreed to.
SECTION 28.

I move amendment No. 79:

In page 34, subsection (2), line 6, to delete "4 weeks" and substitute "6 months".

Tá oifigigh na Roinne i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte maidir leis an tréimhse ama a bhaineann leis an alt seo. Níl aon fhadhb agam leis an bpointe atá ardaithe ag an Teachta agus beidh mé ag glacadh tuilleadh comhairle dlíthíúil agus tiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 80:

In page 34, lines 20 and 21, to delete subsection (5).

Nuair a bhí an tAcht um Shaoráil Faisnéise os comhair na Dála le déanaí, tógadh cuid mhaith den tseanreachtaíocht siar. Tá muid ag rá anseo gur cheart go mbeadh an ceart ag duine dul go dtí an Chúirt Uachtarach lena chás más rud é nach bhfuil sé sásta leis an mbreithiúnas ar phointe dlí ag an Ard-Chúirt.

De réir na comhairle a fuair mé, tá an fhoráil sa mBille cosúil leis an bhforáil atá san Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. Mar sin, níl mé ag glacadh leis inniu ach má theastaíonn ón Teachta, breathnóidh mé air arís agus gheobhaidh mé comhairle eile.

Rinneadh an rud céanna don Acht um Shaoráil Faisnéise.

Más fíor sin, ní bheidh fadhb leis agus is féidir leis an Teachta glacadh leis go mbeidh leasú á mholadh ar Chéim na Tuarascála.

Amendment, by leave, withdrawn.
Section 28 agreed to.
Sections 29 to 31, inclusive, agreed to.
SECTION 32.
Amendment No. 81 not moved.
Question proposed: "That section 32 stand part of the Bill".

Ní thuigim cén fáth go bhfuil leasú Uimh. 81 as ord. Cén fáth nach féidir liom cuid den Bhille a bhaint as? Níl aon impleachtaí airgid leis, cé go bhfuil impleachtaí bunreachtúla ann. Tá na heagraíochtaí Gaeilge go mór i gcoinne an chuid seo den mBhille agus má tá sé rialaithe nach féidir liom an leasú a chur, cuirfidh mé vótáil ar an alt.

Tá an leasú as ord.

Tá mé go mór i gcoinne an ailt.

Tá oifigigh mo Roinne i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte maidir leis an alt seo. Cloisim an méid atá ráite ag an Teachta O'Dowd agus tá mé ar lorg tuilleadh comhairle dlíthiúil ina thaobh. Tá gach seans go mbeidh mé ag teacht ar ais le leasú a thabhairt isteach ar an alt ar Chéim na Tuarascála mar fhreagra ar na pointí atá ardaithe le linn na díospóireachta. B'fhéidir go mbeidh an Teachta sásta glacadh leis sin inniu.

Beidh mé ag teacht le halt nua atá á chur idir an alt seo agus an Chéad Sceideal. Tá muid i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte maidir le ceist theicniúil a bhaineann leis an stádas atá ag leagan Gaeilge de logainmneacha na tíre.

Ceadaíonn an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973 domsa mar Aire a dhearbhú, tar éis chomhairle a ghlacadh ón gCoimisiúin Logainmneacha, agus an comhairle sin a bhreathnú, gurbh é iontaomhail i nGaeilge de logainm a bheith sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonrófar. Níl na leaganacha Gaeilge oifigiúil. Tá muid in ann iad a úsáid mar mhacasamhail don cheann Béarla ach níl siad oifigiúil iontu féin. Beimid ag teacht ar ais le rud a dhéanfaidh na leaganacha Gaeilge oifigiúil le bheith mar mhalairt don Bhéarla. Ní ceart go mbeadh díreach glactha leis gur féidir Gaillimh nó Baile Átha Cliath a lua ach nach é an t-ainm oifigiúil é.

An bhfuil liosta d'achan logainm ar fad ann d'achan chontae?

Aon logainm atá deimhnithe faoi Achtanna éagsúla a bhaineann le logainmneacha, beidh siad go uathoibríoch ina logainm Gaeilge uaidh sin amach. Tá liosta mór fada gur ionann an leagan oifigiúil Gaeilge agus an ceann Béarla ó thaobh úsáide i gcúirt ach go hoifigiúil níl sé ina ainm oifigiúil Gaeilge.

Question put and agreed to.
FIRST SCHEDULE.
Amendment No. 82 not moved.

Tá leasuithe Uimh. 84 agus 85 gaolmhar le leasú Uimh 83 agus glacfar le chéile iad.

I move amendment No. 83:

In page 44, between lines 45 and 46, to insert the following:

"the Council of the Bar of Ireland".

Tá seans go bhfuil míthuiscint ar an Teachta maidir le forálacha alt 1 agus 2 den Chéad Sceideal a leagann amach na comhlachtaí poiblí a bheidh aitheanta mar chomhlachtaí poiblí chun críche an Achta. Ní thagann na comhlachtaí atá luaite faoin bhforáil seo ach, in ionad sin, tá siad clúdaithe faoi alt 1(5) den Chéad Sceideal.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendments Nos. 84 and 85 not moved.

I move amendment No. 86:

In page 46, subparagraph (5)(a), line 50, after “organisation” to insert “, political party”.

Tá seo soiléir. Faigheann na páirtithe polaitiúla cuid mhaith airgid ón Stát agus ní fheicim cad chuige nach gcuirfí isteach iad mar, gan sin a dhéanamh, ní bheadh na páirtithe polaitiúla ag tabhairt dea-shampla. Is ceart glacadh leis an leasú.

Tá dea-scéal agam don Teachta. Más rud é go bhfaigheann páirtí polaitiúil níos mó ná 50% den airgead ón Státchiste, agus tá an méid airgid atá á fháil acu ón Státchiste ag méadú, beidh sé ag teacht faoi alt 1(5)(a) den Chéad Sceideal.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 87:

In page 46, subparagraph (5)(a), line 52, to delete “or the Central Fund” and substitute “, the Central Fund or a public body specified in subparagraph (2), (3) or (4) of this paragraph”.

Is leasú teicniúil é seo.

Amendment agreed to.
Amendment No. 88 not moved.
Question proposed: "That the First Schedule, as amended, be the First Schedule to the Bill."

Tá muid i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte maidir le ceist theicniúil a bhaineann leis an alt seo. Pointe dréachtúil atá i gceist a bhaineann le soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar cuideachtaí Stáit nua a ainmniú le haghaidh fhorálacha an Bhille seo amach anseo. Bíonn cuideachtaí nua á mbunú an t-am ar fad agus sin atá i gceist.

Question put and agreed to.
SECOND SCHEDULE.

I move amendment No. 89:

In page 53, paragraph 7(3), line 18, to delete "and 1958" and substitute "to 1996".

Seo leasú teicniúil. Ba cheart go mbeadh 1996 in ionad 1958 nuair a dhéantar tagairt d'Achtanna Rialaithe na Stát-Seirbhíse 1956 agus 1958.

Amendment agreed to.
Second Schedule, as amended, agreed to.
TITLE.

I move amendment No. 90:

In page 8, line 16, after "STATE" to insert "WITHOUT PREJUDICE TO THE STATUS OF THE IRISH LANGUAGE AS THE NATIONAL LANGUAGE AND AS THE FIRST OFFICIAL LANGUAGE AND WITHOUT PREJUDICE TO RIGHTS UNDER THE CONSTITUTION TO USE THE IRISH LANGUAGE".

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre agus ba mhaith liom a chinntiú nach mbeidh aon rud sa mBille a chuirfeadh isteach air sin.

Ní féidir seo a chur isteach sa mBille. Dá mba rud é go raibh aon cheist go raibh an Bille míbhunreachtúil, bheadh sé míbhunreachtúil agus ní fhéadfadh an tUachtarán é a shíniú nó, dá ndéanfadh sí sin, d'fhéadfadh éinne a dhul chun na cúirte chun é a scriosadh. Caithfimid glacadh leis nach ndéanfaimis aon rud anseo a achtú a bheadh míbhunreachtúil agus, ar ndóigh, go bhfuil an tUachtarán ann le déanamh cinnte go ndéanfaimid amhlaidh agus, sa deireadh, tá na cúirteanna ann. Mar sin, is bunphrionsabal dlí é nach scríobhfadh isteach ariamh i mBille go raibh rud gan dochar do stádas bunreachtúil mar, dá mba rud é go raibh aon cheist go raibh, bheadh sé míbhunreachtúil agus ní fhéadfadh sé bheith ina dhlí sa tír seo de réir an Bhunreachta. Ní gá mar sin é a rá.

Freagra cuimsitheach sin. Ceapann daoine amuigh ansin go bhfuil na seanaltanna den mBille míbhunreachtúil agus sin an fáth ar chuir mise an leasú seo.

D'éirigh fadhbanna, agus sin an fáth gur leasaíodh alt 8 agus 9. Bhí an tArd Aighne den tuairim go bhféadfadh sé tarlú go raibh na seanaltanna míbhunreachtúil. Tá foráil sa mBunreacht a deir gur féidir teanga amháin nó teanga eile a úsáid in imeachtaí an Stáit. Deir an tArd Aighne freisin ó tharla gurb í an Ghaeilge an teanga oifigiúil agus, ag iarraidh as an mbreithiúnais a tugadh, go bhfuil gá bunreachtúil leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Sin an fáth go bhfuil sé scríofa sa mBille go bhfuil gá ag na pleananna bheith ag cur na Gaeilge amach agus ag cur tuilleadh agus tuilleadh seirbhísí ar fáil - ní féidir le comhlacht poiblí bheith static nó ag tarraingt siar ón nGaeilge.

Tá an tArd Aighne cinnte go bhfuil an dá bhunphrionsabal bunreachtúil ann. An ceart atá bronnta sa mBunreacht ceann den dátheanga a úsáid chun críche an Stáit ach tá an riachtanas ann freisin, de bharr gurbh í an teanga náisiúnta í, go gcaithfear an Ghaeilge a leathnú amach.

Amendment, by leave, withdrawn.
Title agreed to.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Teachtaí, don Aire agus d'oifigigh na Roinne.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach as ucht na hoibre a rinneadh inniu. D'éirigh linn a chríochnú i bhfad níos luaithe ná a cheap mé. Gabhaim buíochas fosta leis an Aire mar gheall ar na hathruithe atá le déanamh aige.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach, an Aire agus na hoifigigh leis inniu. Lá fada ach torthúil a bhí againn agus tá mé ag súil anois le Céim na Tuarascála.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as jab an-mhaith a dhéanamh. Tréaslaím léi, leis na hoifigigh a bhí ag obair anseo agus leis na haistritheoirí. Tá go leor oibre ag baint leis na cáipéisí seo ar fad a réiteach. Gabhaim an-bhuíochas leis an bhFreasúra. Bhí díospóireacht oscailte, mhacánta anseo inniu agus d'éirigh linn go leor rudaí a phlé go hoscailte. Tá roinnt mhaith rudaí a gcaithfimid a theacht ar ais chucu agus, as seo go Céim na Tuarascála, breathnóimid ar na pointí ar gheall muid go mbreathnóimis orthu arís le féachaint cá seasfaimid.