Tá áthas orm bheith anseo chun Vóta 42 - An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta - a chur faoi bhráid an choiste don chéad uair.
Seo an chéad bhliain iomlán don Roinn nua seo a bheith ag feidhmiú, Roinn a bunaíodh chun comhordaithe níos fearr ó thaobh an Stáit a chothú le pobal agus a bhforbairt a chur cinn acu.
Ba mhaith liom cur síos gairid a dhéanamh ar na réimsí caiteachais atá faoi mo chúram go sonrach sula chuirfidh sibh ar aghaidh chuig mo chomhleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Noel Ahern, a labharfaidh leis an gcoiste maidir le hearnálacha pobail agus deonach agus cúrsaí a bhaineann le drugaí. Labharfaidh an tAire Stáit freisin faoi Vóta 24 - Tabhartais agus Tiomnochtaí Carthanachta.
Is é €18.158 milliún an soláthar againn don bhuiséad riaracháin don bhliain seo. Soláthraíonn seo go príomha do thuarastal le haghaigh 247 mball foirne, oiliúnt foirne, chóiríocht, ar a n-áiritear athchóiriú a dhéanamh ar cheann ceathrú na Roinne ag Bóthar Mespil agus do theicneolaíocht eolais, trealamh oifige agus costais comhairleoireachta ar a n-áirítear na costais a bhaineann le creatlach faisnéise bainistíochta a chur ar fáil. Táim sásta gur leor an soláthar sa bhuiséad riaracháin le haghaidh 2003 chun an éilimh a shásamh.
Maidir leis An bhForas Teanga ^ fo-mhírcheann B, faoi mar is eol don roghchoiste - is é an socrú atá déanta maidir le maoiniú an dá Ghníomhaireacht den Fhoras Teanga ná go seasfaidh an Stát seo 75% den chostas bliantúil aontaithe i gcás Fhoras na Gaeilge agus go seasfaidh an Tuaisceart an 25% eile, agus is a mhalairt de shocrú airgeadais atá déanta maidir leis an nGníomhaireacht Albainise Uladh, i.e. 75% den chostas bliantúil aontaithe le n-íoc ag an TuaiscÍeart agus 25% ag an Stát seo.
Suim €12.416 milliún atá luaite i Vóta mo Roinne i mbliana don Fhoras Teanga roinnte mar a leanas idir an dá ghníomhaireacht: Foras na Gaeilge - €11.887 milliún; An Ghníomhaireacht Albainise Uladh - £0.529 milliún.
Agus é sin ráite, ní miste dom a lua go bhfuilim sásta anois go ndéanfar méadú de €1.6 milliún ar ranníocaíocht mo Roinne do bhuiséad an Fhorais Teanga i 2003. Ar ndóigh, chun gur féidir é seo a chur i gcrích, tá gá go mbeadh comhaontú ann ón dá Roinn urraíochta agus ó na Ranna Airgeadais, Thuaidh agus Theas. Tá teagmháil á déanamh leis na húdaráis chuí chun na críche sin, agus táim ag súil leis go mbeifear in ann laistigh d'achar gearr an cheist maidir leis an mbuiséad a mhéadú a chur faoi mo bhráidse agus faoi bhráid mo chomhAire ó Thuaidh, Angela Smith, MP, i gcomhréir leis na socruithe idir-ama atá aontaithe do ghnóthaí dá leithéid.
Maoinítear Ciste na Gaeilge ón bhfo-mhírcheann seo a airgeadaítear ó fhaltais an Chrannchuir Náisiúnta. Suim €2.4 milliún atá i gceist i mbliana. Maoinítear Bord na Leabhar Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Taibhdhearc na Gaillimhe, chomh maith le tionscadail ilghnéitheacha Gaeilge, as Ciste na Gaeilge.
Cé go raibh méadú ar líon na n-iarratas tithíochta le cúpla bliain anuas, meastar go mbeidh laghdú ar na hiarratais i mbliana agus go mbeifear ábalta freastal ar an éileamh ar dheontais leis an Meastachán de €4 mhilliún atá curtha ar fáil do thithe Gaeltachta i mbliana. I 2002, críochnaíodh 209 teach nua mar aon le 889 cás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin, sláintíochta agus méadaithe tí le cabhair deontais ó mo Roinn.
Faoi na scéimeanna feabhsúcháin a riarann mo Roinnse, bíonn deontais chaipitil ar fáil chun muiroibreacha sa Ghaeltacht a fhorbairt, chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú, agus chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile a chur ar fáil nó a fheabhsú. Trí fheabhsú an bhonneagair, tá sé de chuspóir ag na deontais seo cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na gceantar Gaeltachta chomh maith leis an Ghaeilge a neartú mar theanga phobail iontu.
Tá soláthar de €10.294 milliún ar fáil dom i mbliana le caitheamh ar na scéimeanna seo. Tá i gceist agam an soláthar sin a dháileadh mar seo a leanas: bóithre, €5.5 mhilliún; muiroibreacha, €3 mhilliún; hallaí, coláistí samhraidh agus áiseanna chaitheamh aimsire, €1.7 milliún; agus uisce agus séarachas, €50,000.
Tá €654,000 curtha ar fáil sna Meastacháin do scéim labhairt na Gaeilge i mbliana. Sa scoilÍbhliain seo caite, d'íoc mo Roinn cúnamh i leith 3,076 theaghlach Gaeltachta faoin scéim seo. Tá athbhreithniú bunúsach á dhéanamh ar éifeacht na scéime seo, agus, chuige sin, lorgaíodh tuairimí agus moltaí ón bpobal agus ó shaineolaithe Gaeilge. Cuirfear na tuairimí agus moltaí sin san áireamh san athbhreithniú, agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe níos déanaí sa bhliain.
D'íoc mo Roinn cúnamh i leith 24,387 bhfoghlaimeoir faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i 2002 - 1,043 duine fásta san áireamh. D'fhan a bhformhór ar iostas le 660 teaghlach scaipthe ar fud na Gaeltachta. I mbliana bhí áthas orm go raibh ar mo chumas an deontas a íoctar le mná tí faoin scéim a ardú ó €7 go €8 in aghaidh an lae do gach foghlaimeoir, agus tagann sé sin anuas ar mhéaduithe i 2000 agus 2001. Cosnóidh an méadú €500,000 i mbliana, agus tá soláthar déanta dó sin sna Meastacháin de €3,950,000 atá curtha ar leatÍaobh don scéim i 2003.
Tá an cúnamh bliantiúil a chuireann mo Roinnse ar fáil d'eagraíochtaí atá ag obair le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht méadaithe go mór le blianta beaga anuas. Tá €2.001 mhilliún ar fáil dom i mbliana do na scéimeanna seo. TaisÍpeánann se seo, sílim, an díograis atá sa Ghaeltacht inniu maidir leis an nGaeilge, go dtuigeann na pobail gur acmhainn luachmhar dóibh an teanga agus go bhfuil cinneadh déanta acu í a chaomhnú ar gach bealach ar féidir leo. Ní féidir luach a chur ar an obair a dhéanann coistí deonacha agus eagraíochtaí eile sa Ghaeltacht ar mhaithe leis an teanga.
Beidh deontais á n-íoc chomh maith i leith imeachtaí cultúrtha ina bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge nó a rachaidh chun tairbhe na Gaeilge agus do shaol cultúrtha agus sóisialach na gceantar Gaeltachta - mar shampla, duais scoláirÍeachtaí ag feiseanna agus irisí aitiúla Gaeltachta. Íoctar cúnamh freisin chun trealamh áirithe a chur ar fáil d'eagraíochtaí eagsúla, scoileanna, agus mar sin de.
Maidir leis an scéim champaí samhraidh trí Ghaeilge d'aos óg na Gaeltachta, is é cuspóir na scéime seo ná cabhrú le caomhnú, leathnú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go háirithe í a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta. Tá athbhreithniú iomlán á dhéanamh ag comhairleoir neamhspleách ar an scéim seo faoi láthair, agus tá súil agam an tuarascáil a fháil go luath.
Is fiú a lua go bhfuil athbhreithniú ar siúl freisin ar scéim na gcúntóirí teangan, atá á hairgeadú ag mo Roinnse trí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Is é cuspóir na scéime sin ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge.
Íoctar deontas bliantúil leis an Oifig Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana ón bhfo-mhírcheann seo. Is mar chabhair chun costais riaradh na hoifige, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a ghlanadh a thugtar an cúnamh sin. Tá deontas €51,000 ar fáil i mbliana don bhiúro. De bharr nár ath-osclaíodh an oifig - a bhí dúnta ar feadh tréimhse - go dtí mí Iúil 2002, níor íocadh ach leath den deontas léi anuraidh.
Íoctar deontais le hÚdarás na Gaeltachta chun geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chomh maith le caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail a spreagadh. Chun an chuspóra seo a bhaint amach, cothaíonn an t-údarás scéimeanna táirgiúla fostaíochta trí acmhainní nadúrtha áitiúla, scileanna agus cumas gnó-eagraithe a fhorbairt agus trí infheistíocht shoghluaiste i raon leathan fiontar tionsclaíoch a mhealladh chun na Gaeltachta.
I mbliana tá €8.72 mhilliún ar fáil i bhfo-mhír-ceann H1, go príomhá chun cabhrach a thabhairt don údarás costais riaracháin na heagraíochta a ghlanadh. Tá €24 mhilliún ar fáil don údarás bhfomhírceann H2 i ndáil le: deontais chaipitil; deontais fhostaíochta do thionscail chun forbairt thionsclaíoch a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus chun fostaíochta a chothú agus a chruthú; deontais oiliúna; monarchana a thógáil agus a athchóiriú; infheistíocht a dhéanamh i scaireanna; agus sócmhainní dochta a cheannach.
Cruthaíodh 910 bpost lánaimseartha i 2002 i ngnóthaí a fuair cúnamh on údarás, rud a chiallaionn go raibh 7,571 duine fostaithe go lánaimseartha i ngnóthaí faoi scáth an údaráis ag deireadh 2002 - titim de 522 ar líon na bliana roimhe sin.
Cé go bhfuil laghdú 30% i soláthar caipitil don údarás i mbliana, i.e. ó €34.3 mhilliún i 2002 go dtí €24 mhilliún i 2003, táim sásta go mbeidh an soláthar sin leordhóthanach ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis. Chomh maith leis sin, tá an t-údarás ag brath ar ioncam de €5 mhilliún a fháil i mbliana as sócmhainní a dhíol - €4 mhilliún i leith chaiteachas caipitil agus €1 mhilliún i leith chaiteachas reatha - mar chabhair chun a chlár oibre a chur i gcrích. Ní miste dom a lua freisin go bhfuil treoir tugtha i mbliana don údarás go gcaithfidh 20% ar a laghad den chaiteachas caipitil agus deontais a bheith dírithe ar chruthú postanna i bhfiontair theanga-bhunaithe.
I mí Iúil 1997, tháinig an fhreagracht i leith na n-oileán faoi mo chúram mar Aire Stáit ag an am, agus is cúis shásaimh dom gur mhéadaigh an maoiniú i leith na n-oileán ó tuairim is €2.5 mhilliún i 1997 go €8.5 mhilliún i 2003.
Is í an ardtosaíocht is mó atá ag na hoileánaigh ná bealaí isteach agus amach go dtí na hoileáin a bheith ar fáil ar bhonn sabháilte agus rialta. Tá an-fheabhas go deo curtha ar na seirbhísí ó 1997, nuair nach raibh ann ach cúig chinn de sheirbhísí farantóireachta Stát-mhaoinithe. Inniu tá 14 sheirbhís ag freastal ar 12 oileán á maoiniú ag an Stát, anuas ar sheirbhís aeir go dtí na hOileáin Árann agus seirbhís ingearáin go Toraigh i rith an gheimhridh.
Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh infheistíochta fhiúntacha ar fhorbairt infrastruchtúr na n-oileán, go háirithe céanna. Tá a lán oibre curtha i gcrích cheana ar chéanna ar na hoileáin éagsúla, mar shampla, Toraigh, Árann Mhór agus Oileán Chléire. Tá muid ag súil le hoibreacha a chur i gcrích i mbliana ar Inis Tuirc, Cliara agus Roonagh, chomh maith le dreideáil ar Inis Bó Finne.
An chéad dúshlán eile atá ann na fostaíocht bhuan inmharthana a chruthú ar na hoileáin. Le deireanaí d'fhógair mé scéim nua fiontair d'Údarás na Gaeltachta a fhreastalaíonn ar na hoileáin Ghaeltachta. Faoin scéim seo beidh fiontair ar oileáin Ghaeltachta i dteideal deontais suas go €90,000 thar thréimhse trí bliana a fháil i bhfianaise na gcostas breise a bhaineann le gnó a bhunú ar oileán. Tá muid i gcomhairle leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir lena mhacasamhail de scéim i leith na n-oileán taobh amuigh den Ghaeltacht.
Cuireann an fo-mhírcheann K1 - Forbairt Áitiúil agus Bearta um Chuimsiú Sóisialta - cistiú ar fáil don chlár forbartha áitiúil agus cuimsithe sóisialta, a bhfuil mar aidhm aige cur i gcoinne míbhuntáiste agus cothromas agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn trí thacaíocht a chur ar fáil do pháirtíochtaí ceantair agus do ghrúpaí pobail.
Cuirtear an clár - a riartar ag ADM Teoranta thar ceann na Roinne - i gcrích faoi na trí fho-bhearta seo - seirbhísí do dhaoine atá dífhostaithe, forbairt pobail agus tionscnaimh óige bunaithe ar an bpobal. Tá suim iomlán de €44.6 mhilliún san fhomhírcheann le haghaidh 2003 a chlúdaíonn suimeanna do pháirtíochtaí agus do ghrúpaí pobail agus costais thacaíochta a bhaineann le clár RAPID.
Tá laghdú de 6% san airgead atá ar fáil san fho-mhírcheann seo i 2003 - €44.6 mhilliún - i gcomparáid leis an tsuim a bhí ar fáil i 2002. Tá riar a dhéanamh ar an laghdú, áfach, ar scála aistritheach de idir 4% agus 7% ag brath ar bhuiséad bliantúil an pháirtíochta/an ghrúpa pobail. Tá ADM ag obair leis na páirtíochtaí agus leis na grupaí pobail chun aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an laghdú sa chistiú i mbliana a íosmhéadú a mhéid is féidir.
Baineann fo-mhírcheann K3 le clár le haghaidh síochána agus athmhuintearais. Tá freagracht fhoriomlán ar mo Roinnse, trí ADM Teoranta agus tríd an nGníomhaireacht um Chur i gCoinne na Bochtaineachta - CPA, chun 13 bhearta de chuid an chláir speisialta tacaíochta comhphobail um shíocháin agus athmhuintearas a chur i gcrích i réigiúin na Teorann agus dhá bheart trasTeorann a chur i gcrích i bpáirtíocht leis an Community Foundation of Northern Ireland and Co-operation Ireland, chomh maith le comhbhainistíocht a dhéanamh ar bheart chun athmhuintearas pobail trasTeorann a chur chun cinn in éineacht leis an Northern Ireland Voluntary Trust.
Is clár sonrach cistí struchtúrtha de chuid an Chomhphobail Eorpaigh é an clár seo atá dírithe ar bhonn a chur faoi dhul chun cinn i dtreo sochaí shíochánta agus sheasmhach agus ar athmhuintearas a chothú. Beidh ionchur tábhachtach ag na bearta atá i gceist sa phróiseas fadthréimhseach seo agus léirítear an difríocht a bhaineann leis an gclár tríd a dhá phríomhchúspóir - aghaidh a thabhairt ar iarmairt na coimhlínte agus glacadh leis na deiseanna a eascraíonn ó shíocháin.
Cé go bhfuil sé a chur i gcrích trí chúig phríomhthosaíochtaí, tá láimh ag mo Roinnse maidir le trí chinn díobh a chur i gcrích trí bhainistíocht a dhéanamh ar bhearta atá dírithe ar athnuachán eacnamaíoch, comhthathú sóisialta, cuimsiú agus athmhuintearas agus comhoibriú trasTeorann. Áirítear daoine a d'fhulaing foréigean/iarphríosúnaigh, mná, daoine dífhostaithe agus daoine tearcfhostaithe agus grúpaí soghonta eile ar nós Lucht Siúil agus mionlaigh mar spriocghrúpaí tábhachtacha de chuid an chláir.
Is obair fhadthréimhseach í cothú na síochána agus caithfear a bheith ag súil le go leor deacrachtaí ar an mbóthar ach tá muid dóchasach go gcabhróidh na tionscnaimh atá muid á bhforbairt tríd an gClár Síocháin II go suntasach leis an obair.
Faoi fomhírcheann M, tá Uiscebhealaí Éireann. Is é €32.494 mhilliún an soláthar iomlán le haghaidh Uiscebhealaí Éireann, atá ar an eagraíocht is mó Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. San áireamh sa soláthar de €19.415 mhilliún do chaiteachas reatha, tá pá do thart ar 370 ball foirne. Áirítear mar chuid d'obair na foirne seo clár cuimsitheach cothabhála atá fíor-riachtanach chun bunstruchtúr nan-uiscebhealaí a chothú agus chun áiseanna bádóireachta agus áiseanna eile a fhorbairt.
Is chun forbartha leanúnacha a dhéanamh ar shaoráidí agus ar chinn scribe áineasa ar feadh na n-uiscebhealaí atá an soláthar caipitil de €11.079 milliún. Tá críoch curtha ar oibreacha chun sínidh a chur leis na leapacha ancaire ag Droichead na Sionainne agus ag Béal Átha Conaill. Osclaíodh na calafoirt nua ag Béal Átha na Sluaighe agus ag Mainistir na Buille le haghaidh tráchta i rith na bliana seo caite. Is sócmhainní ollmhóra iad na háiseanna breise seo don bhunstruchtúr bádóireachta. Críochnófar forbairtí breise ag caladh na Scairbhe i mbliana agus ag Béal Átha Liag faoi Aibreán na bliana seo chugainn. Tá muid ag súil leis go dtosófar ar oibreacha níos déanaí i mbliana ag An Cloichreán Mor, ag Port Reanna agus ag Garraí Uí Chinnéide.
Is faoi fhomhírcheann N1 atá Coimisiún Forbartha an Iarthair. Is iad feidhmeanna an choimisiúin forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, a chothú agus a ghríosú i réigiún an iarthair a shainmhínítear mar na seacht gcontaetha iartharacha - Dún na nGall, Liatroim, SligÍeach, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh agus An Clár. Ina chuid gníomhaíochtaí cuimsítear anailís agus forbairt pholasaí, eochairthionscnaimh réigiúnda a ghabháil air féin agus bainistiú a dhéanamh ar chiste infheistíochta an iarthair.
Is é €1.385 mhilliún an Meastachán le haghaidh 2003 do Choimisiún Forbartha an Iarthair. Go dtí seo i 2003 tá an coimisiún tar éis 13 thionscadal nua a cheadú de luach €2.5 mhilliún in iomlán. Go hiomlán, tá tionscadail ceadaithe no íocaíochtaí déanta ina leith leis an gcumas chun breis is 650 post a chruthú nó a chothabháil.
Faoi fho-mhírcheann N2 tá Ciste Infheistíochta an Iarthair. Is cuid fhíorthábhachtach í ciste infheistíochta an iarthair de straitéis Choimisiún Forbartha an Iarthair chun forartha eacnamaíocha agus shóisialta a thapú i réigiún an iarthair agus is gléas maoinithe sainiúil é don réigiún sin. Cuireann sé caipiteal riosca ar fáil trí iasachtaí agus scaireanna, ach ní cúnamh deontais, ar bhonn tráchtála le haghaidh tionscadal tráchtála agus sóisialta agus le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha a chuirfeadh bonn faoi fhorbairt an réigiúin nó earnáil ansin.
Chun bolscaireachta a dhéanamh ar an gciste, thug taispeántas bóthair cuairt ar 15 bhaile ar fud an iarthair i bhfómhar na bliana seo caite agus cuireadh feachtas sna meáin ar siúl sna nuachtáin agus sna staisiúin raidió áitiúla go léir. Bhí méadú suntasach i méid na bhfiosrúchán agus ag deireadh 2002 bhí 28 n-iarratas ar láimh le deis infheistíochta de €11.6 mhilliún do chiste infheistfochta an iarthair.
Scéimeanna forbartha tuaithe atá i bhfo-mhírceann O1. Déantar maoiniú ar thrí thionscnamh ón bhfo-mhírcheann seo. Tá an tionscnamh forbartha tuaithe bunaithe ar cheantair ann, soláthar de €9.457 milliún, a mhaoinítear i bpáirt ag an AE agus go bunusach is a mhacasamhail de thionscnarnh é seo agus Leader+ sna codanna den tír nach gcuimsítear ag Leader+. Clúdaíonn sé tionscadail thurasóireachta don tír ar fad. Fosta tá seirbhísí fhaoiseamh feirme, soláthar de €0.549 milliún, ann agus sin deontais le haghaidh oiliúna, pleanála agus feabhsúchán struchtúrtha agus maoinítear iad freisin ón bhfo-mhírcheann seo. Is í an chuid dheireannach den fho-mhírcheann seo an chiste forbartha tuaithe, soláthar de €950,000, a thacaíonn le taighde forbartha tuaithe agus le gníomhaíochtaí piolotacha chun forbairt pholasaí a éascú.
Baineann fo-mhírcheann 02 le Leader, INTERREG agus An Clár um Shíocháin. Tá dhá chuid i gclár Leader - tionscnamh Leader+ de chuid an chomhphobail agus an tionscnamh forbartha tuaithe bunaithe ar cheantair a chuirtear i gcrích trí Chláir Ghníomhaíochta na Teorann Lár-Tíre agus an larthair agus an Deiscirt agus an Oirthir. Cuirtear clár Leader i gcrích trí 35 ghrúpa gníomhaíochta aitiúla agus trí chomhchomhlacht. Cuirtear an tionscnamh Leader+ i gcrích i 22 cheantar. Maoiníonn an dá chlár Leader tionscnaimh forbartha tuaithe ach maoiníonn an tionscnamh forbartha tuaithe bunaithe ar cheantair níos mó gníomhaíochta sruthlínithe, turasóireacht tuaithe/talmhaíochta ach go háirithe. Clúdaíonn na grúpaí gníomhaíochta áitiúla gach limistéar sa tír lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Port Láirge, Gaillimh agus Luimneach.
Is é CLÁR ábhar fho-mhírchinn O3. Thug me isteach an Clár do Cheantair Laga árd-Riachtanais - CLÁR - i mí Dheireadh Fómhair 2001 chun aghaidh a thabhairt ar bhánú na tuaithe agus ar an meath agus ar an easpa seirbhísí sna ceantair sin, na limistéir sin ach go háirithe a d'fhulaing an titim is mó daonra ó 1926 go 2002 le cailliúint daonra ar an meán de 50%. Léiríonn na bearta atá tugtha isteach agam faoin gclár seo na tosaíochtaí a d'aithin na pobail sna limistéir roghnaithe lena ndeachaigh me i gcomhairle ag an tús. Maoiníonn CLÁR - nó cómhaoiníonn sé in éineacht le Ranna, gníomhaireachtaí Stáit agus údaráis áitiúla - infheistíocht i bhforbairt tosaíochtaí roghnaithe, agus tacaíonn sé le bunstruchtúr fisiciúil, pobail agus sóisialta.
Baineann fo-mhírcheann P le sochaí an eolais agus tionscnaimh de chuid an Chomhphobail. Is í seo an bhliain dheireannach do thionscnamh CAIT, sceim phiolótach chun iad siúd atá i mbaol eisiata ó shochaí an eolais a ghríosú chun dul i ngleic ar bhealach fiúntach leis na teicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide. Meastar go gcríochnófar an tionscnamh ag deireadh mhí an Mheithimh, agus is le haghaidh thráinse dheiridh maoinithe tionscnamh a ceadaíodh faoin mbabhta CAIT II caiteachas na bliana seo.
Is é an chead cheann eile ná fo-mhírcheann Q, oiliúint forbartha tuaithe agus comhordú. Mar chríoch, tacaíonn an fo-mhírcheann seo le cúrsa le haghaidh chéim bhainistíochta i bhforbairt tuaithe a chur ar fáil ag na coláistí de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i gcomhphairt le chéile, agus tá cúnamh á chur ar fáil dóibh ó 1996 i leith. Is cúrsa é seo atá dírithe ar dhaoine a bhfuil baint mhór acu cheana fein le forbairt tuaithe agus ba chun céimithe speisialta le hardeolas agus le sárscileanna fhorbairt tuaithe, comhairlithe agus bainistíochta a chur ar fáil a dearadh an cúrsa.
Tá súil agam go bhfuil cur síos réasúnta tugtha agam don choiste san imlíne ghairid seo maidir le príomhthosaíochtaí agus réimsí caiteachais mo Roinne i mbliana. Ar ndoigh, beidh me sásta aon cheisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt feadh mo chumais. Cuirfidh mé na comhaltaí ar aghaidh anois chuig mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an tUasal Noel Ahern, a labhróidh maidir leis na réimsí forbartha pobail agus deonach a thagann faoi chúram na Roinne, mar aon le cúrsaí drugaí. Faoi mar a luaigh me, labhróidh sé freisin faoi Vóta 24 - Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanacha.