Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

SELECT COMMITTEE on HERITAGE and the IRISH LANGUAGE díospóireacht -
Tuesday, 5 Oct 1999

Vol. 2 No. 4

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 3), 1999: Céim an Choiste.

Aontaíodh Alt 1.
ALT 2

Tá gaol idir leasuithe a1, 20a, 20b, 23a, 23b, 23c, 23d agus 23e agus, mar sin, déanfar iad a phlé le chéile.

Tairgim leasú a1:

I leathanach 7, ar líne 13, "Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin" a scriosadh agus "Príomh-Fheidhmeannach" a chur ina ionad.

Is é atá i gceist anseo athrú an-tsimplí ar fad. San mBille mar a foilsíodh é, úsáideadh na focail, "an príomh-oifeagach feidhmiúcháin" agus, mar is eol do gach uile dhuine, úsáidtear go coitianta an téarma, "príomh-fheidhmeannach" san údarás. Táimid ag iarraidh dul ar ais ag "príomh-fheidhmeannach go hoifigiúil, le nach mbeidh aon mhí-thuiscintí ann. Leasú teicniúil atá ann agus má glactar leis an leasú seo beidh na leasuithe 20a, 20b, 23a, 23b, 23c, 23d, agus 23e ar aon dul leis. Áit ar bith atá na focail “príomh-oifeagach feidhmiúcháin” sa mBille athraítear iad go “príomh-fheidhmeannach”.

Aontaím leis sin.

Aontaíodh an leasú.

Aontaíodh alt a 2 mar a leasaíodh.

ALT 3.

Malairt is ea leasú a 2 ar leasú a 1 agus, mar sin, déanfar leasú a 1 agus leasú a 2 a phlé le chéile.

Tairgim leasú a 1:

I leathanach 7, fo-alt (1), ar líne 23, "agus ar 2 dhuine iad a bheidh arna dtoghadh chun na críche sin ag foireann an Údaráis" a chur isteach i ndiaidh "díobh".

Tá an leasú seo simplí a dhóthain. Mar a sheasann an Bille tá sé de cheart ag an Aire an cathaoirleach agus beirt chomhalta den údarás a ainmniú. Is é atá ag teastáil uaim, go n-ainmneodh an tAire beirt a thagann ó na ceard cumainn a fhreastalann ar na daoine atá ag obair don údarás. Is é atá i gceist anseo ná daonlathas tionsclaíoch, rud atá sa tír go forleathan. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh guth na ndaoine a chuireann polasaithe an údaráis i bhfeidhm le cloisteáil agus go mbéadh an t-údarás in ann eolas agus taithí na fóirne a chlos ag cruinnithe an bhoird.

Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas agus bhí sé mar pholasaí ag gach uile Rialtas le blianta anuas go mbéadh cóimheá inscne i bhfeidhm ar boird Stáit. Ní féidir le Rialtas ar bith nó le páirtí ar bith a rá go gcaithfear mná a ainmniú mar iarrthóirí i dtoghchán do bhord ar bith, mar caithfidh toghcháin a bheith oscailte don phoball ar fad. Ach, ar a laghad, is cóir go dtabharfar spreagadh, do pháirtithe polaitíochta mar shampla, mná a ainmniú mar iarrthóiri i dtoghcháin dá leithéid seo. Is cinnte gur ceart go mbéadh mná i measc na ndaoine a ainmneoidh an tAire mar bhaill de bhord an údaráis.

Ós rud é go bhfuil na hoileáin ar fad, idir oileáin galltachta agus oileáin Gaeltachta, faoi chúram an Aire agus ós rud é gur féidir nach mbeidh sé ar chumas an Aire duine a thoghadh ó thaobh an toghcháin de, ba chóir go mbéadh guth ag Comhdháil Oileáin na hÉireann nó, muna mian leis an Aire é sin, ag na hoileáin ar fad, ar bhord an údaráis. Ba cheart go mbéadh duine ar an mbord a labhródh thar cheann na n-oileán agus a chuirfeadh cúraim na n-oileán faoi bhráid an údaráis. Ba mhaith an rud é sin a dhéanamh agus sin an smaoineamh atá taobh thiar den leasú atá curtha os comhair an rogh-choiste agam.

Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt do na leasuithe seo agus don leasú in ainm an Teachta Uí Shé, ach go háirithe. Ní thuigim cén fáth gur fágadh ionadaíocht na bhfostaithe amach as an mBille. Thar na blianta, is é an chaoi inar éirigh leis an údarás fostaíocht nua a chruthú agus béim fostaíochta a athrú, ná le comh-oibriú ó na fostaithe taobh istigh den údarás agus ins na comhlachtaí atá ag fáil tacaíocht airgid ón údarás ar fud na nGaeltachtaí éagsúla. Má tá an t-Aire Stáit i ndáiríre faoi thábhacht na bpáirtíochtaí agus má tá sé ag iarraidh é a bhrú ar aghaidh, ba chóir go mbéadh sé in-tuigthe go mbéadh ionadaíocht tuilte ag na fostaithe san údarás. Ba cheart go mbéadh ionadaíocht chomh maith ag daoine atá i bhfostaíocht ins na tionscnaimh atá ag fáil airgid ón údarás.

Ón am a bhí mé féin ag plé leis an údarás tá fadhb ann ó thaobh ionadaíocht mná de. Ba chóir go mbéadh, ar a laghad, dhá phost, ceann ar fáil do bhean agus ceann eile d'fhear. Ní smaoineamh réabhlóideach é sin agus ní bhéadh aon rud réabhlóideach á dhéanamh ag an Aire Stáit dá gcuirfeadh sé a leithéid ar fáil. Mar shampla, tá a leithéid i reachtaíocht 1993 i leith RTE. Tá an chaoi ina toghfar na hionadaithe éagsúla leagtha síos sa reachtaíocht sin. Is féidir, mar shampla, ainmnithe a chur ar liosta agus a fhágáil faoin Aire a rogha a dhéanamh idir na hainmneacha a moltar dó.

Tá an cheist seo an-thábhachtach. Tá an Bille iomlán ait, ar bhealach. Níl rud ar bith réabhlóideach ann ó thaobh cur chun cinn na teanga de nó ó thaobh cumhacht a thógáil ó na comhairlí contaetha agus a thabhairt go dtí an údarás de, rud a bhaineann leis an reachtaíocht bunúsach, ar ndóigh. Níl aon rud sa mBille faoin bhrú tithíochta atá ag déanamh dochair mór do na Gaeltachtaí éagsúla. Má táimid, fiú amháin, chun na hathraithe cúnga atá ar intinn ag an Aire a chur chun cinn, bhéadh sé in-tuigthe go mbeimid ag iarraidh comhoibriú a fháil ó na daoine atá i bhfostaíocht. Tá sin bunúsach. Tá sé ar intinn ag Páirtí an Lucht Oibre seasamh ar an bpointe sin. Tá sé mar bunphrionsabal againn go mbéadh ionadaíocht ag na fostaithe agus go mbéadh sin i gcló sa reachtaíocht.

Taispeánann na leasuithe atá curtha síos ag an bhFreasúra cuid de na deacrachtaí atá ag an Aire sa gcás seo. Dá nglacfaí leis an dá leasú, chaithfeadh trí shuíochán a bheith ann. Mura mbéadh, bhéadh ball de Chomhdháil Oileán na hÉireann á fhostú ag an údarás.

Rinne mé dianmhacnamh air seo agus d'éist mé leis an méid a bhí le rá ag foireann an údaráis. Is éard a dúradh ná dá mbéadh an bord tofa go hiomlán nach mbéadh siad ag súil le ballraíocht fóirne ar an mbord. Glacaim leis go ndúirt siad freisin muna mbéadh an bord tofa go hiomlán — agus go mórmhór nuair a bhí scéala a chur thart go raibh státseirbhíseach curtha ar an mbord — bhí siad ag iarraidh ionadaíochta agus mar sin bhí siad féin idir dhá cheann na mbá.

Is fearr gan lámha an Aire a cheangal. Nuair a bhéas an bord tofa, beidh roinnt rudaí ann a ba mhaith le hAire a dhéanamh, b'fhéidir, agus luadh cuid acu ar an Dara Chéim. Tá cuid acu ag teacht leis an rud atá á rá ag an bhFreasúra. Mar shampla, tá feachtas ar siúl ag muintir na n-oileán go gcuirfí duine daoibh ar an mbord agus tá gach seans ann nach dtoghfar oileánach. Tá caint ann faoi fhostaí a chur ar an mbord agus nílim ag rá nach bhféadfaí é sin a dhéanamh. D'fhéadfadh go dteipfeadh ar cheantar éigin, is cuma cé mhéad suíocháin atá ar an mbord, ionadaí a thoghadh agus d'fhéadfadh an tAire an deis a thapú le hionadaí a cheapadh as ceantar atá scoite amach agus nach bhfaigheadh ballraíocht go deo. Is féidir leithéidí Oileán Chléire, deisceart Chiarraí agus GaeltachtaI Thúr Mhic Éide, Anagaire agys Ros Ghoill a lua sa mhéid seo.

Tá leasú eile curtha síos ar ball ag iarraidh go gcuirfí le líon na mball i dTír Chonaill mar go bhfuil an fhadhb seo ann. B'fhéidir go bhfuil na smaointe seo mícheart agus nach bhfuil gá le hionadaíocht bhreise ach is fearr é seo go léir a fhágáil faoi dhiscréid an Aire ag an am. Tá mé cinnte go mbeidh Airí amach anseo buíoch go bhfuil an tsaoirse seo acu. Feicim an Teachta Ó Cionnigh ag gáire agus an ceart aige mar tá súil aige a bheith sa spota seo am éigin amach anseo agus beidh sé ag rá go bhfuil sé an-bhuíoch díomsa gur fágadh an tsaoirse seo aige.

Tá mé báúil le cothromaíocht ghnéis agus an fáth nár cuireadh isteach é ná go bhfuil gráin agam ar tokenism. Beidh fiche ball ar an mbord seo agus muna bhfuilim chun glacadh le leasú eile réabhlóideach atá molta — rud a ba mhaith liom a thriáil i dtoghchán Dála am éigin agus a bhéadh thar a bheith spéisiúil — ach muna bhfuilim chun a rá leis an dtoghlach go gcaithfidh siad vótaí a chaitheamh de réir ghnéis ní féidir liom tionchar a imirt ach ar dhuine amháin agus a rá go gcaithfidh ar a laghad bean amháin nó fear amháin a bheith ar an mbord. Dúirt mé liom féin go mbreathnódh sé aisteach muna mbéadh sé de chumhacht agam, ó thaobh cothromais ghnéis ann, ach a rá go gcaithfeadh ar a laghad bean nó fear amháin a bheith ar an mbord. Ní bhéadh aon chumacht agam ar an 17 a bhéas tofa ag an bpoball. Ní bhéadh srian ar bith ar an bpoball cé a thoghfadh siad. É sin ráite, ar eagla go gcuirfinn na comharthaí míchearta amach, tá mé sásta breathnú ar an gceist agus teacht ar ais chuige arh Céim na Tuairisce.

Dá mbéadh gach uile dhuine á ainmniú, bhéadh an córas céanna i bhfeidhm is atá i ngach reachtaíocht eile, sé sin, 40 faoin gcéad den bhord ó gach gnéas. Ach sa gcás seo níl ach cathaoirleach agus beirt eile á ainmniú agus mar sin ní mar an gcéanna é. Ach muna gceaptar gur údar áigéise é, bheinn sásta leasú éigin a dhéanamh.

An bhfuil na Baill sásta leis sin?

Maidir leis an méid a dúirt an tAire Stáit faoi tokenism, is cuimhin liom nuair a bhí mé im' Aire agus sa i gcomh-Rialtas lena Pháirtí féin i 1993, bhí siad sásta leis an bprionsabal sin i gcás reachtaíocht RTÉ. Agus ní tokenism a bhí i gceist an uair sin.

Bhí gach uile bhall á ainmniú don bhord sin ach níl ach triúr á aimniú an uair seo. Ba mhaith liom deis a fháil machnamh ar an rud agus teacht ar ais chuige ar Chéim na Tuairisce. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin míréasúnta.

Ní raibh mé críochnaithe. Bhí toghchán ann i measc fostaithe RTÉ agus thogh siad bean agus fear agus tá ag éirí go maith leis an gcóras sin. Ní tokenism é sin.

Tá fíordheacracht ag an údarás de bhrí go bhfuil ag teip ar na mná — agus tá uimhir mhór ban ag obair ann — dul thar pointe áirithe agus poist shinsearacha a fháil. Má tá an tAire Stáit dáiríre faoi, is féidir foráil a chur isteach san mBille chuige sin.

Tá mé ag éisteacht leis an seantuairimíocht seo faoi tokenism le blianta fada. Sin a bhí á rá ag lucht ceannais na hAfraice Theas le fada.

Tá dhá phrionsabal ann, ceann i leith ionadaíocht ag fostaithe agus ceann i leith cothromaíocht ghnéis agus ní aontaím leis an Aire Stáit sa mhéid atá ráite aige ná go bhfuil aon rud á dhéanamh aige don chothromaíocht.

Luadh discréid an Aire. B'fhéidir go bhfuil i bhfad níos mó muiníne ag an bpobal as an Aire Stáit ná mar a bhí acu asamsa, ach is cuimhin liom an méid a bhí le rá aige féin sa Dáil i 1993 faoi dhiscréid an Aire. Ní bhéadh sé féin sásta le socrú mar sin dá mbéadh sé sa bhFreasúra. Is maith an rud go bhfuil sé ag teacht ar athrú meoin ach níl mé féin athraithe. Ba chóir go mbéadh ionadaíocht fostaithe agus cothromaíocht ghnéis sa reachtaíocht mar phrionsabal agus mar cheart agus ní faoi dhiscréid nó mar bhronntanas ó Aire ar bith. Táimid ag caint faoi ionadaíocht bunaithe ar chearta. Sin bunús an an leasú seo agus seo an fáth a bhfuilim féin chun cloí leis.

Nílim féin sásta ach oiread le freagra an Aire maidir le hionadaíocht ar an údarás a thiocfadh ó na ceardchumainn agus óna fostaithe. Bunphrionsabal é go mbéadh an daonlathas tionsclaíoch mar chuid de bhord an údaráis. Nílim sásta glacadh leis an méid a dúirt an tAire Stáit, go mbéadh sé de cheart ag an Aire daoine ón bhfoireann a chur ar an údarás nó gan iad a chur. Caithfear daoine ón bhfoireann a chur ar an údarás ó cheart agus beidh mé ag lorg vóta ar an leasú seo muna dtagann athrú aigne ar an Aire Stáit.

Tá dhá cheist anseo agus ba chóir iad a choimeád scartha ó chéile. Níl i gceist agam glacadh le leasú a leagfaidh síos go gcaithfidh an triúr a ainmneoidh an tAire ar an mbord a bheith bainteach le haicme ar bith. Tá mé i bhfábhar é sin a fhágáil oscailte mar beidh bearnaí le líonadh ag Airí ó am go chéile agus tá ceann de na bearnaí sin luaite i leasú an Teachta Uí Chionnigh. Sin rud a mbeinn báúil leis agus muna bhfuiltear chun cur go mór le méid na mball ainmnithe, ní féidir freastal ar chuile mhian le beirt. Bhí orainn breathnú ar chóimheá an bhoird agus an Bille seo a réiteach. Theastaigh uainn go mbeadh an oiread ab fhéidir de tofa ach thuigeamar dá mbéadh sé tofa go hiomlán go raibh roinnt aicmí agus áiteanna a d'fhéadfaí a fhágáil as de bharr iad a bheith scaipthe óna chéile nó ar oileáin. Mar sin níl mise ag dul ag ceangal láimhe aon Aire a thiocfaidh i mo dhiaidh agus tá mé cinnte go mbeidh siad buíoch díom amach anseo.

Tá roinnt fadhbanna ann leis an gcothramaíocht gnéis agus ba mhaith smaoineamh air agus teacht ar ais ar Chéim na Tuairisce. Mar shampla, mar atá sé molta faoi láthair dá dtoghfaí fir nó mná go hiomlán ar an mbord d'fhéadfadh an tAire triúr den ghnéas eile a ainmniú chun an chothromaíocht a chur i bhfeidhm. Mar sin is féidir leis an Aire an méid cothromaíochta agus is féidir a thabhairt isteach. Ar an dtaobh eile de, ag glacadh leis go bhfuil gach seans ann go dtoghfar níos mó de inscne amháin ná an inscne eile, ceann de na laigí leis an leasú seo ná go mbéadh ar an Aire fiú den dream a bhfuil forlámhas mór acu mar nach bhfuil aon srian againn ar an mórchóir a thoghfar, cur leis an líon mór sin agus duine amháin ar a laghad a chur leis. Ní dóigh liom gur tokenism atá i gceist agus níor mhaith na comharthaí míchearta a thabhairt. Ní bheidh aon Aire in ann mórthionchar a imirt ar chomhdhéanamh an bhoird — is faoin toghlach é sin — agus táthar ag laghdú an chumais atá ag Aire daoine de ghnéas amháin a ainmniú má cheapann sé go bhfuil sé míchothrom go mór. Bhéadh an leasú seo ag laghdú an cumas sin ag an Aire agus sin an áit a bhfuil an buille.

Nílim soiléir faoin méid a dúirt an tAire Stáit mar gheall ar na bearnaí a bhéas le líonadh ag Aire ar bith tar éis an toghcháin. Is é atá i gceist agamsa ná go mbéadh duine éigin ag freastal ar an mbord seo ó na hoileáin — chuir mé síos Comhdháil Oileán na hÉireann ach is féidir go bhfuil duine níos oiriúnaí ann ná baill an chomhdhála sin ina chónaí ar oileán. Ar smaoinigh an tAire Stáit ar na hoileáin mar limistéar toghchánaíochta don údarás, Gaeltacht agus Galltacht?

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil monarchana á dtógáil ar imeall chathair na Gaillimhe atá faoi chúram an IDA ach atá taobh istigh de limistéar na Gaeltachta. Tá fadhb ag an Aire faoi na limistéir seo agus faoi chúram an IDA agus an údaráis faoi seach.

Bhí an tAire Stáit ar chuile oileán i rith na bliana agus chuala mé é ag caint go minic ar an raidió áitiúil mar gheall ar infrastruchtúr na n-oileán agus infheistíocht iontu. Tá seans againn anseo duine ó na hoileáin a chur ar an mbord in ionad a bheith díreach ag caint futhu ach ag taispeáint go bhfuilimid dáiríre futhu.

Ag éirí as seo, maidir le mná ag seasamh mar iarrthóirí, ní heol dom cé mhéid acu a sheasfaidh ach ba mhaith liom go mbéadh bean ag freastal ar an mbord ar son na mban agus go ndéarfadh an tAire Stáit go ndéanfar gach iarracht chun an méid ban is féidir a chur ar an mbord.

Tá dhá phointe réasúnta déanta ansin. Smaoinigh mé ar thoghlacht do na hoileáin agus bhí fadhb leis ó thaobh na n-oileánach de. Go minic bíonn gaol níos gaire idir na hoileáin agus an contae lena mbaineann siad ná le hoileáin eile. Cuireann sé na tacair a bhíodh á dhéanamh ar scoil i gcuimhne dom. Baineann na hoileáin lena chéile mar oileáin ach baineann siad lena gcontaetha dúchais freisin. Má thógaim an t-aon oileán i nGaeltacht Mhuigh Eo mar shampla, má thoghtar duine as Acaill is mó an luí a bheadh ag muintir Inis Bhigill leis an duine sin ná le duine a thoghfaí as Árainn. An dara fadhb a bhí ann ná má bhreathnaítear ar an daonra bhéadh buntáiste ag muintir Inis Móir, Inis Meáin agus Inis Oírr thar na hoileáin eile ar fad. Tá thart ar 1,800 duine ann agus is as na hoileáin seo a thoghfaí an duine gach uile uair.

Ar an mbord réigiúnach, tá go leor fadhbannna ann. Cén bord réigiúnach lena mbainfeadh an t-ionadaí ó na hoileáin dá mba thoghcheantar iad? Ar deireadh, shíl mé gurb é an bealach ab fhearr ná fanacht go mbéadh an toghchán thart agus má tá gá le duine a roghnú ó na hoileáin is féidir breathnú air ansin. Ag an am céanna, beidh na hoileánaigh lánpháirteach sa phróiséas toghchánaíochta ina gceantair féin agus ina gcontaetha féin. I dTír Chonaill is fíor go bhfuil dlúthbhaint idir mhuintir Árainnmhóir agus an ceantar Gaeltachta máguaird agus an-bhaint acu leis na hionadaithe poiblí sa cheantar sin. An rud céanna i gConamara. Tá an Ghaeltacht chomh scaipthe go mbeidh bearnaí ann is cuma cad a déantar agus sin an tuairimíocht taobh thiar de. Ba mhaith go mbéadh sé oscailte don Aire déanamh mar atá á mholadh ach an toghchán a bheith thart.

Nílim ag iarraidh go mbéadh sé scríofa san Acht ar raon cúiseanna. B'fhearr é a fhágail faoin Aire ag an am. Tá ar a laghad trí spéisghrúpa ag dul a bheith ag troid don dá shuíochán, sé sin, ceantair nár éirigh leo duine a thoghadh agus atá scoite amach ó na ceantair eile, fostaithe an údaráis agus na hoileánaigh. Agus níl ach dhá shuíochán ann. Beidh sé deacair teacht ar chomhréiteach anseo ach ní dóigh liom gurb é réiteach na faidhbe é lámha an Aire a cheangal.

Maidir le ceist cothromaíocht ghnéis nó insnce de, ba mhaith liom breathnú air agus moltaí a dhéanamh ar Chéim na Tuairisce. Tá pointe réasúnta á dhéanamh ansin ach ní theastaíonn uaim é a chur i bhfeidhm ar an dream a thoghfar. Ach má táimid dáiríre faoi seo, caithfear é a thógáil i gcomhthéacs an dreama a thoghfar agus bhéadh sé níos ciallmhaire na hainmniúcháin a úsáid chun an rud a chothromú. Bhéadh sé níos fearr treoir ghinearálta a thabhairt faoi na hainmniúcháin a dhéanfaí nuair a bheidh an bord tofa. Tá mé oscailte don smaoineamh an fhad is is féidir rud praiticiúil a dhéanamh.

Cad is féidir leis an Aire nó le hAire ar bith a dhéanamh tar éis an toghcháin muna bhfuil duine ann ó na hoileáin? Beidh beirt eile le hainmniú agus is cuma liom conas a roghnófar an t-oileánach, ag an Aire nó go daonlathach. Táimid go léir ag caint faoi na hoileáin — rochtain, infheistíocht agus eile — agus ba mhaith dá bhféadfaimís a rá leo go mbeidh oileánach ar an mbord. Tar éis an toghcháin, ní bheidh duine tofa ó na hoileáin agus cad is féidir a dhéanamh?

Dá mbéadh toghlach ag na hoileáin bhéadh fadhbanna ann ó thaobh na n-oileán féin de agus ó thaobh an bhoird réigiúnaigh de. An rud atá á mholadh ag an Teachta — agus tá ciall leis — ná go gcaithfeadh an t-oileánach a bheith ar an mbord lárnach mar go mbéadh sé nó sí ag freastal ar thrí réigiún. Chiallódh sé sin go gcaithfí é a ainmniú, seachas é a thoghadh, chun freastal ar na hoileáin ar fad. Ag an am céanna, ag an leibhéal réigiúnach bhéadh daoine tofa thar cheann mhuintir na n-oileán — mar beidh vótaí acu — in ann freastal thar a gceann.

Níl aon amhras ann an uair seo, má bhíonn vótáil ard ar na hoileáin, go mbeidh níos mó tionchair acu ar chúrsaí agus go mbeidh an vóta i bhfad níos tábhachtaí — mar go bhfuil ballraíocht níos mó i gceist — ná mar a bhí cheana. B'fhéidir nach mbeidh aon bhall ag cónaí ar oileán ach caithfear aird a thabhairt ar na hoileáin nó d'fhéadfadh siad díoltas a bhaint amach ag an gcéad toghchán eile. Beidh an-tionchar acu ar thoradh an toghcháin ach oiread le mo cheantar féin.

Leis an bhforbairt mhór atá ag teacht ar chúrsaí cumarsáide, tá an oiread céanna daoine ina gcónaí ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr agus atá ina gcónaí i nDúiche Sheoghaidh, agus níl muide fágtha as an áireamh. Cinnte, d'fhéadfaí duine a thoghadh ar bhord an údaráis as ceantar Dhúiche Sheoghaidh. Ní thoghfar ar vótaí Dhúiche Sheoghaidh amháin é, ach oiread go dtoghtar mise go Dáil Éireann ar vótaí mhuintir Dhúiche Sheoghaidh agus go gcaithfear vótaí a fháil taobh amuigh. Ní chreidim nach féidir le hoileánach vótaí a fháil ar an mórthír. É sin ráite, b'fhéidir go mba chóir go mbéadh oileánach ar an údarás mar tá tosca faoi leith ann agus mar sin beidh mé a chur san áireamh nuair a bheidh na ceapacháin á dhéanamh. Agus muna ndéantar an t-ainmniúchán, is féidir le lucht an fhreasúra a rá go ndéanfadh siadsan é agus cur ina choinne. Is féidir le gach páirtí sa bhfreasúra a ghealladh go ndéanfaidh siadsan amhlaidh nuair a bheidh siad sa Rialtas ach ní fhéadfadh éinne an rud atá molta ag Páirtí an Lucht Oibre agus an Teachta Ó Cionnigh a ghealladh, mar bhéadh triúr ainmniúchán ag teastáil chuige sin, móide an cathaoirleach.

Tuigim go bhfuil fadhb ag an Aire Stáit agus go bhfuil sé deacair. Tá sé ag díriú an t-am ar fad ar thorthaí an toghcháin chun na bearnaí a bhéas ann a leigheas. Má bhreathnaítear ar thaobh eile de — agus feicim go bhfuiltear ag iarraidh ionadaíocht a thabhairt do ghnáthmhuintir na Gaeltachta — agus má ghlactar leis mar phrionsabal go gcaithfear ionadaíocht a thabhairt do leasa áirithe — fostaithe agus eile — tá sé i bhfad níos fusa uimhir na mball a athrú agus líon na n-ainmniúchán a athrú. Má ghlactar leis go gcaithfidh fostaí a bheith ann agus ball eile chun discréid Aire an lae a shásamh agus mar sin de, tá sé níos fusa dul ar ais go dtí na bunphrionsabail agus líon na mball a athscrúdú. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil seo agus siúd scríofa, go bhfuil an cinneadh déanta, agus ag cur ionadaíocht na n-oileán in iomaíocht le hionadaíocht na bhfostaithe. Is féidir an deacracht sin a sheachaint ach a bheith sásta dul ar ais go dtí na bunprionsabaill agus líon na mball a athrú.

Tá leasú eile curtha síos agamsa maidir leis an gcoimheá inscne — leasú 34 — agus is é atá i gceist ansin go mbeidh ceithre thoghlach ann le níos mó ná ball amháin — beirt i gContae Mhuigh Eo, beirt i gCiarraí, ceathrar i nDún na nGall agus seisear i gContae na Gaillimhe. Sna toghlaigh sin ba chóir go mbéadh dhá fo-phainéal ann — ceann do na fir agus ceann do na mná — agus d'fhéadfaí an chothromaíocht a bhaint amach ar an gcaoi sin. Sin an córas atá ag na hollscoileanna agus tá an ArdChúirt sásta leis, ar feadh m'eolais. Níor tharraing mé é sin as an aer.

Rinne mé féin tagairt dó sin ar ball.

Sin modh eile chun an cheist seo a réiteach. Mar a dúirt an Teachta Ó hUiginn, ní chóir go mbéadh iomaíocht ann idir lucht na n-oileán agus an fhoireann do shuíocháin ar an mbord. Tá sé de cheart ag an Aire teacht ar ais chugainn agus uimhir na ndaoine ar an mbord a mhéadú. Beidh foireann oibre an údaráis ann i gcónaí agus beidh an-taithí acu ar obair an údaráis. Saineolaithe isea iad ar pholasaithe an údaráis agus ar an chaoi ina n-oibríonn na polasaithe sin. Tá mé lán-chinnte go mbeidh an t-údarás i bhfad níos measa as muna bhíonn an taithí san ar fáil ag cruinnithe an bhoird. Beidh tuarascáil á fháil ón bpríomh-fheidhmeannach agus, comh maith leis sin, beidh an mion-eolas atá ag an bhfoireann oibre le fáil ag an údarás. Ach ag fágáil na buntáistí sin ar fad ar leataobh, seo bun-phrionsabal an cheard chumannachais agus tá an-bhrón orm nach bhfuil an tAire Stáit sásta an t-ionadaíocht seo a chur ar fáil. De mo réir féin agus de réir Pháirtí an Lucht Oibre, sin deireadh an scéil.

Ní raibh mise riamh ar bhord an údaráis ach tharla gur fhreastail mé ar chúpla cruinniú nuair a bhíodh toscaireachtaí istigh ag an údarás. Téann an príomh-fheidhmeannach agus na leas príomh-fheidhmeannaigh isteach ag cruinnithe den údarás agus tógtar isteach daoine le saineolas faoi leith ag na cruinnithe. Molaim an fhoireann mar bíonn gach uile duine acu sásta a shaineolas a roinnt le comhaltaí an bhoird. Comh maith leis sin, freastalann baill eile den fhoireann, bainisteoirí réigiunacha agus mar sin de, ar na boird réigiúnacha agus mar sin, tar éis nach bhfuil aon vóta ag an daoine seo ag bord an údaráis bíonn siad ann, bíonn a saineolas le fáil agus bíonn foireann an údaráis i gcónaí sásta a saineolas a roinnt go fial agus go flaithiúil leis an mbord mar is ceart dóibh a dhéanamh agus mar a dhéanann siad. Níor mhaith liom go gceapfadh éinne go bhfuil deighilt mar sin idir an bord and foireann an údaráís. A mhalairt ar fad atá ann agus is dóigh go ndéarfadh na baill ar fad den bhord gur mar sin atá.

Ní shin atáimid ag plé anseo. An rud atáimid ag plé, an cheart an bord a mhéadú tuilleadh. D'fhéadfaí a rá i gcónaí duine amháin agus duine amháin eile, agus mar sin de, a chur ar an mbord. Tá go leor a rá go bhfuil an bord ag dul a bheith ró-mhór mar atá sé. Nochtaíodh an tuairim sin. Táimid ar imeall an mhéid a d'fhéadfaí cur leis an mbord. D'fhéadfainn dul síos an bóthar sin agus duine nó beirt a ainmniú ó na hoileáin agus beirt ón bhfoireann agus mar sin de. Tá iarratas istigh duine breise a ainmniú as Contae Thír Chonaill. I gcomhréir leis sin, caithfimid daoine breise a chur air as Contae Mhuigheo mar níor mhaith leis an Teachta Ó Cionnigh go ligfí síos Muigheo agus ansin duine breise as Gaillimh agus mar sin de. Ní bhéadh deireadh go deo agus bheimís suas ag 21 go gairid agus d'aontódh gach uile dhuine go mbéadh sin ró-mhór.

Beidh mé in ann míniú ar ball cén fáth, go straitéiseach, a thángthas ar an bhfigiúir 17 comhalta tofa agus an bunús ar a bhfuil sin oibrithe amach. Baineann sé cuid mhaith leis na coistí réigiúnacha agus le rudaí an bhí an Teachta Ó hUigínn a rá ar an Dara Chéim. Tá an bord seo chomh mór agus is féidir le bord a bheith. Más mar sin é agus ag glacadh leis go bhfuil údar leis an 17 — agus tá údar leis, sé sin nach féidir le haon réigiún níos mó ná ceathrar a bheith aige agus go gcaithfidh cóimheá a bheith ann de réir daonra — feicfidh an coiste go bhfuil srianta móra ar an méid daoine gur féidir a ainmniú. Sin an fáth go bhfuil mé fós ag seasamh leis go mba cheart don Aire an t-ainmniú a dhéanamh. Maidir le cothramaíocht ghnéis, tá mé sásta breathnú ar an gceist sin ar Chéim na Tuairisce.

Glacaim leis go dtagann daoine ón bhfoireann os comhair cruinnithe den bhord ach ní hé sin atá i gceist sa leasú seo. Is é atá á moladh, go mbéadh baill den fhoireann in ann a ladar a chur isteach sa scéal nuair atá an t-údarás ag socrú polasaí agus mar sin de agus go mbeidís in ann pointí a chur os comhair an údaráis nach gcloisfear ó na comhaltaí eile nó ón bpríomh-fheidhmeannach, agus níl mé ag rá aon rud faoin bpríomh-fheidhmeannach, go pearsanta. Bíonn mion-tuiscint ag an bhfoireann ar obair an údaráis agus ar an chaoi ina gcuirtear polasaithe i mbun agus sin atá i gceist sa leasú seo. Ach is léir nach bhfuilimid chun aontú agus is fearr an cheist a chur anois.

Ba mhaith liom sin a fhreagairt. Níl éinne ag moladh, mar shampla, go mbéadh baill foirne curtha ar chomhairlí contaetha.

Níl aon rud mícheart leis sin.

Nil mé ag rá go bhfuil ach beidh mé ag súil le moladh.

B'fhéidir go gcuirfeadh sé smacht ar an mbainisteoir contae.

Ceann de na rudaí a chuireann íontas orm go raibh deis an an iar-Aire leasú aon líne a chur sa tsean Acht agus a rá go mbéadh duine as an bhfoireann sa tseisear a bhéadh ainmnithe. Ní dhearna sé riamh é, ainneoin is go raibh sé ina Aire le ceithre bliana.

Bhí sé i reachtaíocht RTE agus an Chomhairle Oidhreachta.

Ach ní raibh sé sa reachtaíocht don údarás agus bhí seans ag an Rialtas, ar feadh ceithre bliana, é a chur isteach ann. Ní thógfadh sé ach leasú aon line.

Cén ceann atá i gceist ag an Aire Stáit?

An tAcht um Údarás na Gaeltachta. Níor leasaigh an t-iar Aire é a fhad is a raibh sé ina Aire.

Ní raibh mé ag plé le hionadaíocht an uair sin.

Ach d'fhéadfadh sé plé leis dá dteastódh uaidh.

Bhuel, tá mé chun cabhrú leis an Aire Stáit inniu. Agus cabhróidh mé leis a aigne a athrú.

Níl a fhios agam cén dearcadh a bhéadh ag daoine go ginearalta, ach níor mhol éinne riamh, go bhfios domsa, go mbéadh baill foirne ar na comhairlí contaetha. Dúirt foireann an údaráis go rabhdar sásta glacadh leis go hiomlán — agus chuireadar i scríbhinn chugam é — dá mba rud é go raibh an bord ar fad tofa, gur ghlac siad leis nach mbéadh aon ball foirne air. Ghlac siad féin — na ceard cumainn — leis nach mbéadh aon ball foirne ar an mbord. Tá sé beagnach ar fad tofa. An fáth nach bhfuil sé ar fad tofa, i ngeall ar an gcineál faidhbe atá an Teachta Ó Cionnigh ag árdú. Mar sin, tá an leasú seo, ar a laghad, ar leath-thuiscint faoi na fadhbanna atá ann. Tá foireann an údaráis an-tuisceanach faoin rud seo ar fad ó thús.

Beidh leasú eile á phlé ar ball, maidir le cothromaIocht ghnéis, go roinnfí an toghchchán i ndáil leis. Bhéadh seo áiféiseach spéisiúil i leith toghchán Dála, sin an méid atá mise ag dul a rá faoi sin. Beidh mé ag súil le leasú ar an Electoral Bill ar ball chun teacht i líne leis sin. Labhraim mar dhuine, ach an oiread leis an iar Aire, go raibh go traidisiúnta bean mar chomhleacaí agam agus ní raibh fadhb ar bith agam leis sin. Ach rud an-nua a bhéadh ann i dtoghchán.

An bhfuil an tAire ag rá, ó thaobh duine ag freastail ar an mbord ó na hoileáin de, go smaoineoidh sé ar an moladh seo agus go dtiocfaidh sé ar ais ar Chéim na Tuairisce le moladh éigin a socróidh an cheist sin?

Ní shin atá mé a rá. Tá an-bhá agam leis na hoileáin.

Tá a fhios sin agam.

Agus tá roinnt fadhbanna ag baint leis an rud. Mar shampla, níl an chomhdháil ann go statúideach. Beidh comhairlí oileán ann, le cúnamh Dé, ar ball. Táimid ag plé sin leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus mar sin, ba mhaith liom-sa cur go mór le daonlathas ar na hoileáin. B'fhearr liom dul i muinín Airí faoin gceist seo ná é a leagan síos sa dlí mar d'fhéadfadh fadhb a bheith ann, fiú faoin chaoi ina roghnófaí an duine sin agus faoi chóimheá ionadaíochta do na hoileáin Galltachta agus Gaeltachta agus mar sin de. Feicim fadhbanna ann dá rachainn an bealach sin. Ní droch rud saoirse a thabhairt don Aire agus saoirse a thabhairt don bhfreasúra an tAire a cháineadh má cheapann an freasúra go ndearna an tAire rud mícheart. De ghá sin, níl i gceist agam teacht ar ais le leasú ar Chéim na Tuairisce.

Ar ndóigh, beidh fós an deis ann oileánach a cheapadh má cheaptar gur gá é agus ní rialóinn-se é as an áireamh ach oiread go dtoghfaí oileánach ar bhord an údaráis. I gcás go dtoghfaí oileánach ar bhord an údaráis, tá gach seans go gceapfaí nárbh fhiú an t-ainmniúchán a úsáid chun na críocha sin agus go mba cheart duine eile a fháil. Ní maith liom an smaoineamh nach bhféadfaí oileánach a thoghadh ar bhord an údaráis. Ní fheicim cén fáth nach bhféadfaí, mar shampla as an seisear i gContae na Gaillimhe, go dtoghfaí duine as Árainn, agus an méid Árannaigh agus bunadh an oileáin atá ina gcónaí i gCois Fharraige agus i Ros a' Mhíchil, an ceangal atá ag na háiteanna sin leis na hoileáin agus an meas atá ag muintir na mórthíre ar mhuintir an oileáin. Ní fheicim, ach an oiread — agus muid dóchasach go bhféadfaí duine a thoghadh as Dúiche Sheoighe — nach dtoghfaí duine as na hoileáin.

B'fhearr liom, nach mbéadh sé go léir bunaithe ar thír eolas. Tá mé ar aon fhocal leis an Aire Stát faoi sin. Táimid ag caint faoi geography an t-am go léir. Ba mhaith liom go mbéadh bun achmhainn ag na hiarrthóiri. Nílim chun leanúint leis seo ach amháin i dtaca leis an sampla a thug an tAire Stát faoi na comhairlí contaetha. Ní roghnaíonn an tAire cathaoirligh na gcomhairlí contaetha. Tá prionsabal i gceist. Níl an tAire Stát sásta glacadh leis agus níl muid-ne sásta an leasú a tharraingt siar.

Mar fhocal scor, tá tábhacht ag stádas 'objective one' i gcás na n-oileán sa deisceart. Ní bheidh seans ag Oileán Cléire aon duine a roghnú ins na toghcháin.

Tá 165 duine ina gcónaí ar Oileán Cléire. Níl aon réiteach ar an bhfadhb ach amháin go bhféadfaí duine a ainmniú ó thráth go chéile. Ina choinne sin, faoi láthair tá beirt ag freastail ar thuaisceart Chiarraí, sé sin Corca Dhuíbhne agus ar Uíbh Ráthach. An dtiocfadh le beirt freastail ar Mhúscraí, ar Oileán Cléire agus ar Ghaeltacht na Rinne, atá thar a bheith scaipthe óna chéile? Anois tá beirt i gCiarraí a fhágann sin maith go leor, déarfainn. An té a roghnófar go Corcagh, ní bheidh ann ach Múscraí agus Cléire agus ansin beidh duine ón Rinn. Sin an fáth go bhfuil an ionadaíocht á thabhairt do gach uile chontae ina bhfuil Gaeltacht. Pé ar bith seans a bhéas ag beirt freastail ar mhór-cheantar, is mó i bhfad an seans a bhéas ag duine amháin freastail ar Chorcaigh as féin agus díriú ar an gcuid sin ó thaobh na tíreolaíochta de agus ó thaobh ionadaíochta ar an mbord de. B'fhéidir nach bhfuil sé idéalach ach níl aon bhealach idéalach chun é a dhéanamh nuair atá poball beag bídeach chomh scaipthe amach ó na pobaill eile ar fad agus nach ann ach 165 duine. Creidim go mbeidh an-luach ar na vótaí agus mar sin go dtabharfar an-aire do Chléire.

Maidir le 'objective one', tá an cheart agat faoi sin. Ó thaobh soláthar infrastruchtúir de, ní chuirfidh sé as do Oileán Cléire nó do na hoileáin i gCorcaigh nach bhfuil 'objective one' acu. Go dtí seo, an t-airgead ar fad atá caite, mar shampla, le dhá bhliain anuas — agus tá suas le £2 mhilliún caite ar chéanna agus ar infrastruchtúr ar Oileán Cléire — is ó airgead Rialtais a tháinig sé. Níl aon airgead Eorpach i gceist ar chor ar bith. Mar sin, is féidir liom geallúint a thabhairt anseo nach bhfágfar Corcaigh siar, ó thaobh na n-oileán, de bharr nach bhfuil stádas sprioc a haon aige. An áit go mbéadh an fhadhb ann, ná i ndeontais tionsclaíochta ach sin fadhb eile agus admhaím go bhfuil an fhadhb sin ann. Ó thaobh gach uile short eile, ní dhéanann sé aon difríocht mar gur as airgead Rialtais atá an fhorbairt ar fad ag teacht faoi láthair.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit go mbeidh na Gaeltachtaí roghnaithe mar réigiúin sprioc a haon?

Ní shin atá i gceist. Tá a fhios ag gach uile dhuine na réigiúin atá sa tír.

Má roghnaíonn an t-Aire Stáit an limistéar atá ag an údarás agus má bhíonn na hoileáin istigh ann cén fáth nach mbéadh stádas sprioc 1 acu?

Ní bheidh 'objective one' ag na hoileáin i gCorcaigh. Beidh sé ag an gcuid eile ach ní chuirfidh sé isteach nó amach mar tá mé in ann na forbairtí sin a mhaoiniú trí airgead an Stáit agus beidh formhór airgead forbartha náisiúnta sna blianta atá romhainn ag teacht as an gciste náisiúnta agus ní ó cistí Eorpacha. Rud ar bith atá ag teastáil, idir chéanna agus na rudaí sin ar fad, cuirfear ar fáil iad le hairgead as an gciste náisiúnta agus ní chuirfidh sé isteach nó amach, ó thaobh an chineáil seo forbartha, na hoileáin nach bhfuil Objective One acu.

Cuireadh an leasú.

Rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Nil, 8.

  • Carey, Donal.
  • Higgins, Michael D.
  • Kenny, Enda.
  • Mitchell, Olivia.
  • O’Shea, Brian.

Níl

  • Brady, Martin.
  • Carey, Pat.
  • Collins, Michael.
  • Hanafin, Mary.
  • Kenneally, Brendan.
  • Moynihan, Donal.
  • Moynihan, Michael.
  • Ó Cuív, Éamon.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Tairgim leasú a 2:

I leathanach 7, fo-alt (1), ar líne 23, "agus beidh ionadaí de chuid Chomhdháil Oileáin na hÉireann san áireamh ann agus a mhéid is féidir go mbeidh feidhm ag cóimheá inscne maidir leis an líon a bheidh ag fónamh ar an mBord" a chur isteach i ndiaidh "díobh".

Níl mé chun an leasú seo a tharraingt siar. Bhí Baill ó Pháirtí an Lucht Oibre ag caint faoi bhun-phrionsabal. Ba mhaith liom go mbéadh duine éigin ó na hoileáin ag freastail ar bhord an údaráis.

Cuireadh an leasú.

Rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 8.

  • Carey, Donal.
  • Higgins, Michael D.
  • Kenny, Enda.
  • Mitchell, Olivia.
  • O’Shea, Brian.

Níl

  • Brady, Martin.
  • Carey, Pat.
  • Collins, Michael.
  • Hanafin, Mary.
  • Kenneally, Brendan.
  • Moynihan, Donal.
  • Moynihan, Michael.
  • Ó Cuív, Éamon.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.
Cuireadh an Roghcoiste ar athló ag 4.25 p.m. go dtí 3.30 p.m. Dé Céadaoin, 6 Deireadh Fomhair 1999.
Barr
Roinn